Ceannairí Éirí Amach 1916 agus gnéithe d’eitic agus d’aeistéitic na codarsnachta i ndánta le Máirtín Ó Direáin

Marie Whelton

Réamhrá

1 Is é cuspóir an pháipéir seo ná grinnanailís a dhéanamh ar theicníc na codarsnachta i dtrí dhán le Máirtín Ó Direáin ina bpléann sé ceannairí 1916. Is iad na dánta a bheidh i gceist ná: ‘Séamus Ó Conghaile’ (Aiséirighe 1941a; Coinnle Geala 1942); ‘Ár Laochra’ (Feasta 1960; Ár Ré Dhearóil 1962) agus ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (Deirdre 1958; Ár Ré Dhearóil 1962). Ar ndóigh, tá go leor dánta eile le Máirtín Ó Direáin faoi imeachtaí 1916 a d’fhéadfaí a chur san áireamh — ‘Don Phiarsach’ (Ó Direáin 1941b: 6), ‘Mná na hAiséirí’ (Ó Direáin [1957] 2010: 121) agus ‘Cúirt na Saoirse’ (Ó Direáin [1970] 2010: 200) ina measc — ach roghnaíodh na dánta a phléifear thíos mar gheall ar a lárnaí agus atá an chodarsnacht iontu. Is éard a bheidh á áitiú ná go bhfuil na dánta á stiúradh go háirithe ag an gcodarsnacht idir dhá dhualgas fhileata thraidisiúnta. Sa chéad áit, tá dualgas an fhile i leith na haoire, is é sin oibleagáid an fhile labhairt amach go criticiúil faoi laigí na sochaí agus ceannairí na sochaí sin a mheas. Sa dara háit, tá dualgas an mholta; is é sin, oibleagáid an fhile éachtaí na gceannairí a chomóradh agus a chaomhnú. I ngach ceann de na dánta, tugann Ó Direáin an aoir agus an moladh le chéile. Ag an leibhéal is simplí, molann sé ceannairí 1916 agus cáineann sé ceannairí na haoise ina maireann sé. Ag leibhéal níos doimhne, ámh, cuireann Ó Direáin ceannairí 1916 i láthair mar phearsana nach bhfuil muintir a linne féin ag teacht lena chéile maidir lena dtábhacht agus éiríonn leis seasamh cinnte a thógáil ar son ghníomhaithe 1916 agus in aghaidh an dearmaid agus na fuarchúise. Cé go ndéanann na dánta ceap milleáin (de Paor 2013) de na ceannairí reatha, tá dóchas sna dánta go léir as muintir na hÉireann agus, go háirithe, as a cumas fís shóisialta cheannairí 1916 maidir leis an gceartas a chur i gcrích. Cuirfidh an páipéar seo i gcás go sábhálann an dóchas sainiúil sin na dánta ón taobh is diúltaí d’éadóchas na haoire agus go méadaíonn sé, dá réir, ar a n‑éifeacht eiticiúil agus ar a n‑éifeacht aeistéitiúil. Bainfear úsáid as lionsa teoiriciúil ar leith do na cás-staidéir — is é sin an léargas a thugann teoiricí liteartha an struchtúrachais agus an iar-struchtúrachais ar fheidhmeanna na codarsnachta. Ina theannta sin, toisc ceangal suntasach a bheith ann idir bunchodarsnacht na ndánta (an moladh agus an aoir) agus caomhnú na gcuimhní, agus toisc dánta faoi naoi déag a sé déag a bheith i gceist, dathófar an lionsa critice leis an scoláireacht idirnáisiúnta atá á déanamh le níos mó ná fiche bliain ar eitic na cuimhne agus an chuimhneacháin. Sa chéad chuid den pháipéar, imlíneofar an lionsa critice agus a shain-impleachtaí d’fhilíocht Uí Dhireáin.

An chodarsnacht mar theicníc liteartha agus gnéithe d’eitic na smaointeoireachta dénártha

2 Faightear tagairtí don chodarsnacht sa tráchtaireacht liteartha chomh fada siar le scríbhinní Arastotail. Is éard atá i gceist leis an gcodarsnacht ná malairtí curtha le hais a chéile agus más í an chosúlacht bunchloch an mheafair mar a deir Máire Ní Annracháin (1998: 37), is í an difríocht bunchloch na codarsnachta. Cuimsíonn sí go leor teicnící liteartha éagsúla: tá an fhritéis, an paradacsa, an íoróin agus an t‑ocsamórón, mar shampla, bunaithe ar mhalairtí a bheith curtha taobh le taobh (Spencer 1997: 2). Lasmuigh den litríocht, aithníonn teoiriceoirí sóisialta, freisin, go bhfuil go leor de smaointeoireacht fhealsúnach an domhain thiar tógtha ar chodarsnachtaí dénártha (anam / corp; baineann / fireann; maith / olc agus araile) agus aithníonn siad, freisin, go n‑úsáidtear na codarsnachtaí sin chun féiniúlachtaí, struchtúir pholaitiúla agus idé-eolaíochtaí a dhaingniú agus chun dlúthpháirtíocht a chruthú idir grúpaí ar leith (feic, Kramer 1990: 270, mar shampla).

3 Ba iad smaointeoirí an struchtúrachais (Ferdinand de Saussure, Claude Lévi-Strauss agus Roland Barthes go háirithe) ba mhó a d’áitigh go bhfuil an caidreamh idir dhá cheann na codarsnachta péire ina bhunphrionsabal den teanga agus den chomharthaíocht theangúil i gcoitinne. Mar a deir Culler (1975: 14): ‘Whatever else the linguistic model may have done, it has undoubtedly encouraged structuralists to think in binary terms, to look for functional oppositions in whatever material they are studying’. De réir na teangeolaíochta struchtúraí, tá an litríocht tógtha ar chodarsnachtaí péire agus ar dhiaid éagsúla. Sa chruinneshamhail struchtúrach, aon phíosa litríochta a léiríonn claonadh suntasach aontaithe i dtreo na codarsnachta agus na smaointeoireachta dénártha, tá sé i dtiúin ar bhealach ar leith le struchtúr na teanga féin agus le struchtúr na samhlaíochta daonna. Is é gnó na critice struchtúraí, dá bhrí sin, ná an chodarsnacht sin a thabhairt chun léire agus an cliathán den chodarsnacht lena dtaobhaíonn an téacs litríochta a aithint. I bhfocail Culler (1975: 15) arís: ‘when two things are set in opposition to one another the reader is forced to explore qualitative similarities and differences, to make a connection so as to derive meaning from the disjunction’. Ní haon ionadh é, sa chomhthéacs sin, go luaitear an rangú soiléir réasúnaíoch a dhéanann an chodarsnacht ar eilimintí den téacs agus an aontacht théacsach a eascraíonn as sin; chomh maith leis an tslí a n‑aibhsíonn sí taobh amháin den phéire codarsnachta ar na feidhmeanna is mó a chomhlíonann an chodarsnacht i dtéacsanna.

4 Ach is iad an dá ghné sin den chodarsnacht phéire is mó a cheistíonn agus a ndiúltaíonn smaointeoirí an iarstruchtúrachais dóibh. Jacques Derrida ba mhó a rinne critíc ar impleachtaí eiticiúla na smaointeoireachta déscartha (de Paor 1997: 229). Bíonn d’aidhm ag scríbhneoirí an iarstruchtúrachais, dúshraith theoranta nó bhréagach na codarsnachta péire a thaispeáint. Uaireanta, tugann an chritic iarstruchtúrach pribhléid don dara leathcheann (bean / olc mar shampla) thar an gcéad leathcheann (fear / maith, mar shampla) chun an leathcheann sin a léiriú mar ghné ‘eile’ den téacs atá coiscthe nó smachtaithe ach atá ann go láidir sa téacs mar sin féin. Is é an toradh a bhíonn ar an ‘díchonstruáil’ (de Paor 1997: 296) sin ná go léirítear an bhrí mar rud neamhbhuan, neamhshocair, claochlaitheach, nó mar shnaidhm nach féidir a scaoileadh go hiomlán (Barry 2009: 75). Is iad an t‑easaontas agus an ilbhrí seachas an aontacht agus an bhrí chinnte an toradh. I bhfocail Barry: ‘… the meanings words have can never be guaranteed one hundred per cent pure. Thus, words are always “contaminated” by their opposites — you can’t define night without reference to day, or good without reference to evil.’ (2009: 62).

5 Is léir go n‑aithníonn teoiriceoirí an struchtúrachais agus teoiriceoirí an iarstruchtúrachais go mbíonn cumhacht ar leith ag an smaointeoireacht dhénártha agus gur cumhacht í sin atá bunaithe ar an úsáid stairiúil, liteartha agus shóisialta atá bainte aisti le cianta i ndearbhú féiniúlachtaí. Is léir, freisin, áfach, go bhfuil cleachtaí léitheoireachta an struchtúrachais maidir leis an gcodarsnacht agus cleachtaí léitheoireachta an iarstruchtúrachais ina leith go mór in achrann lena chéile agus go bhfuil dearcadh an iarstruchtúrachais bunoscionn, ar bhealach radacach, le go leor den smaointeoireacht fhealsúnta iarthardhomhanda i gcoitinne (de Paor 1997: 242–243). Sin ráite, soláthraíonn an t‑iarstruchtúrachas léargais thábhachtacha don staidéar seo. Ar na léargais is tábhachtaí, tá gur uirlis gharbh shimplí í, ach uirlis tharraingteach, mar sin féin, do scríbhneoirí, an chodarsnacht dhénártha atá bunaithe ar an milleánú agus ar sceilpín gabhair a chruthú. Mar a deir LaCapra:

One of the most potent institutional implications of the post-structuralist critique of binary oppositions is a critique of the scapegoating mechanism. Scapegoating on a discursive level is itself essential to the constitution of pure oppositions insofar as internal alterity, perceived as guilty or fallen, is purged, and all “otherness” is projected onto the discrete other. In social life scapegoating provides instant purification and the ability to localize the source of contamination in an individual or group bearing the most recognizable difference from the ingroup. It is also operative in the crucial conversion of absence into loss — in the assumption that what is missing in the present (identity, totality, plenitude) must have existed in the past and must be recaptured in the future. Scapegoating has of course had a blatant historical role in generating solidarity and sociocultural identity (1989: 24).

6 Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar an anailís liteartha thíos dul i ngleic leis an ról atá ag an gceap milleáin i ndánta Uí Dhireáin agus ní gnó furasta é sin. Sa chéad áit, tá aitheanta le fada, mar shampla, gur mar choimhthíoch díphréamhaithe, seachas mar bhall den ‘ingroup’ (i dtéarmaí LaCapra) a chuir Ó Direáin é féin i láthair mar fhile agus tá impleachtaí ag an méid sin do dhinimic na cumhachta agus do cheist an cheartais sna dánta. Sa dara háit, tá aitheanta, ag Alan Titley, mar shampla, go bhfuil an t‑asláithreachas agus an chailliúint ina ngnéithe lárnacha de shaothar Uí Dhireáin trí chéile (Titley 2010: 88). Is féidir go léiríonn an claonadh sin i dtreo an ama atá caite i bhfilíocht Uí Dhireáin, go bhfuil sceilpín gabhair á dhéanamh aige den am láithreach agus go bhfuil sé ag iarraidh athghabháil a dhéanamh ar dhlúthpháirtíocht shoch-chultúrtha a shíleann sé a bheith in easnamh ar an am i láthair. Ach, tá aitheanta, freisin, go bhfuil bonn íorónta faoin gceap milleáin áirithe sin ina chuid dánta toisc claonadh nua-aimseartha, indibhidiúil a bheith faoi chodanna suntasacha dá shaothar (Ní Riain 2002: 126). Níl amhras faoi ach go léiríonn an dá shampla sin nádúr achrannach an mhilleánaithe i bhfilíocht Uí Dhireáin i gcoitinne agus go léiríonn siad cuid de na dúshláin atá roimh aon chriticeoir a dhéanann iarracht dul i ngleic leis an gcodarsnacht mar ghaireas liteartha ina chuid filíochta.

7 Mar a dúradh sa réamhrá thuas, beidh an léamh a dhéanfar sa pháipéar seo faoi chomaoin ag teoiricí an struchtúrachais agus ag teoiricí an iarstruchtúrachais. Seachas taobhú le ceann amháin de na teoiricí sin, áfach, déanfar iarracht bogadh céim ar aghaidh uathu chun cúrsaí ceartais a chur san áireamh. Is gaire an léamh a dhéanfar don chur chuige a dtagraíonn Lawrence Rothfield dó anseo agus é ag déanamh achoimre ar leabhar le Dominick LaCapra (1989):

Once deconstruction has made evident that a text, or culture, or history involves a plurality of differences at odds with each other … one then ought to face, and work through, the problem of determining “the relation between modes of difference or otherness that are to be actively tolerated, perhaps even affirmed, and those that call for criticism and transformation” … Ultimately, then … the constraint deconstruction places on criticism is to ensure that difference is itself linked to obligation and solidarity … Properly practiced [sic], criticism poses and puzzles over “the problem of justice and liberality” (Rothfield 1992: 635).

An aoir, an moladh agus filíocht Uí Dhireáin

8 I gcomhthéacs an léargais sin ar an gcodarsnacht, agus sula bhféachfaimid go mion ar na dánta is fiú roinnt pointí a dhéanamh faoin mbunchodarsnacht atá le sonrú iontu, is í sin an chodarsnacht idir an aoir agus an moladh. Is cleachtais thraidisiúnta fhileata iad sin, ar ndóigh, atá agus a bhí ceangailte riamh anall i dtraidisiún liteartha na Gaeilge le cúrsaí cumhachta (Ní Annracháin 1998: 58), le cúrsaí polaitíochta agus le cúrsaí ceartais (Williams agus Ní Mhuiríosa 1979: 181). Is foirm liteartha í an aoir, dar le Padraig de Paor, a chlaonann i dtreo an fhoréigin agus a dhéanann sceilpín gabhair dá hábhar (2013: 124). San am céanna, áfach, is uirlis í ag ealaíontóirí chun ráitis láidre a dhéanamh laistigh de thearmann na healaíne chun luachanna áirithe a shéanadh agus cinn eile a dheimhniú. Ní gá, ámh, ach sampla nua-aimseartha amháin agus an iris aorach, Charlie Hebdo, a lua le léiriú go mbaineann teorainneacha eiticiúla, i gcónaí, le húsáid na haoire agus go mbíonn freagrachtaí ar an ealaíontóir tuiscint a fháil ar eileachas an ghrúpa atá á cháineadh. Ina theannta sin, is féidir leis an nguth aorach a éifeacht pholaitiúil agus shóisialta a laghdú, chomh maith le coimhthíos an ealaíontóra a ghéarú, má chlaonann sé an iomarca i dtreo an lochtaithe éadóchasaigh.

9 Maidir le filíocht Mháirtín Uí Dhireáin, sonraíonn Louis de Paor gur bhain Ó Direáin úsáid as an gcritic fhileata chun dul i ngleic leis an díphréamhú (2006: 320). Tá Máirín Nic Eoin den tuairim chéanna, agus áitíonn sí gur ‘treisíodh ar ghné na critice polaitiúla’ (2005: 140) de shaothar Uí Dhireáin le foilsiú an chnuasaigh Ár Ré Dhearóil (1962). Féachann sí ar an gcritic pholaitiúil sin i bhfilíocht Uí Dhireáin, agus i saothair scríbhneoirí eile a linne, mar fhreagra na suibiachta díláithrithe ar an gcoimhthíos domhain a bhí á fhulaingt acu agus iad ag dul i ngleic leis an gcoimhlint idir a ndílseacht féin don teanga agus fuarchúis cheannairí a linne ina leith (Nic Eoin 2005: 124). Ach, is mar seo a chuireann sí síos ar an dainséar atá san aoir, go háirithe do scríbhneoirí atá ag iomrascáil leis an gcoimhthíos:

Is é an baol is mó atá ann do scríbhneoirí a bhraitheann iarmhairtí an choimhthithe cultúir ná go rachaidh a saothar i bhfastú i bhfáinne fí an lochtaithe arb é domlas agus mórdhoirbhíochas na féinchritice a thoradh sa deireadh (Nic Eoin 2005: 242).

10 Cosúil le Tomás Mac Síomóin, áfach, feiceann Máirín Nic Eoin nóta dóchais i saothar Uí Dhireáin. Is dóchas é as slánaitheoir a thagann ‘faoi thionchar choincheap Nietscheach an tsárfhir’ (2005: 143). Cé go n‑aithníonn sí gur dóchas saonta simplí é, tá sé spéisiúil don staidéar seo go dtagraíonn sí do ghné an mholta thraidisiúnta anseo:

D’aithin Tomás Mac Síomóin go maith tóir an Direánaigh ar shlánaitheoir, ceannaire láidir a mbeadh fíoradh a aislinge mar fhile Gaeilge ar a chumas. Más é cineál na pátrúnachta stáit a bhí ar fáil do scríbhneoirí ba chúis le seirfean Mhic Grianna, ba é an ní ba mhó a ghoill ar an Direánach ná nár tháinig aicme cheannais a bheadh inmholta ag file Gaeilge chun cinn ó baineadh saoirse pholaitiúil amach. D’aithin Mac Síomóin go cruinn an ghéarchéim a d’eascair as féiníomhá Uí Dhireáin mar rí-éigeas na Gaeilge. D’aithin sé freisin nárbh aon smaointeoir radacach é agus gur bhain saontacht lena léamh ar pholaitíocht is ar pholaiteoirí (Nic Eoin 2005: 144–145, liomsa an bhéim).

11 Tá sé cuí, sa chomhthéacs sin, gnéithe den mholadh fileata sin a thaiscéaladh. Más foirm liteartha í an aoir a chlaonann i dtreo an fhoréigin, is foirm liteartha é an moladh, dar le Pádraig de Paor (2013: 124, 201) arís, a úsáideann teanga na féiníobartha agus an ghrá. Aimsir na scol, mholadh an file a cheannaire i dtéarmaí idéalacha agus scaipeadh sé agus bhuanaíodh sé a chlú agus a chuimhne mar laoch traidisiúnta i measc an phobail (Williams agus Ní Mhuiríosa 1979: 147–200). Cuimhneachán de chineál is ea foirm an mholta agus is feiliúnach, ar an ábhar sin, féachaint anseo ar chuid den scoláireacht idirnáisiúnta agus den scoláireacht Ghaeilge atá á ndéanamh, le níos mó ná fiche bliain anuas, ar eitic na cuimhne agus an chuimhneacháin agus ar impleachtaí na scoláireachta sin don staidéar ar dhánta faoi 1916.

12 Is iondúil go bhféachtar ar dhualgas an chuimhneacháin mar dhualgas a bhaineann le caomhnú fhéiniúlacht an phobail do na glúnta atá le teacht. Luann Ziya Meral, mar shampla, gur iarracht dhaonna é an comóradh ‘to make sense of reality and place ourselves within a group, society, nation, and people … in short; it is the drive to establish an “identity” (Meral 2012: 32; feic, freisin, Barash 1999: 33).

13 I measc na gcriticeoirí is tábhachtaí atá tar éis plé a dhéanamh ar an ábhar, tá Paul Ricoeur (1999: 9). Áitíonn sé, in aiste cháiliúil leis, go bhfuil dualgas eiteapholaitiúil ann comóradh a dhéanamh ar an aimsir chaite agus cuimhní a bhuanú ar cheithre chúis éagsúla:

The first reason … is surely as a means of fighting against the erosion of traces; we must keep traces, traces of events, because there is a general trend to destroy …

There is, however, a second and more specifically ethical reason to cherish this duty to remember … To forgive is basically to be liberated from the burden of the past, to be untied or unbound, while promising enjoins the capacity to be bound by one’s own word …

I would advance a third reason for cherishing this duty to remember. In preserving the relation of the present to the past, we become heirs of the past. So the notion of ‘heritage’ is privileged here …

Finally, I would say that a basic reason for cherishing the duty to remember is to keep alive the memory of suffering over against the general tendency of history to celebrate the victors … To memorise the victims of history — the sufferers, the humiliated, the forgotten — should be a task for all of us … (Ricoeur 1999: 10–11).

14 Is fiú a thuilleadh a rá, i gcomhthéacs dhánta Uí Dhireáin, faoin gceithre ghné sin de dhualgas an chuimhneacháin. Mar a fheicfear san anailís ar na dánta thíos is cinnte go n‑éiríonn le Ó Direáin an chéad ghné thuas a chomhlíonadh; is é sin ‘traces’ a chaomhnú, agus mar a luaitear sa tríú gné thuas, go n‑éilíonn Ó Direáin ar mhuintir a linne féin féachaint orthu féin mar ‘heirs’ ar íobairt agus ar fhís na ndaoine a fuair bás.

15 Is deacra, áfach, de bharr na béime ar an idéal sa mholadh traidisiúnta, a rá go gcinntíonn na dánta thíos nach ndéanfar dearmad ar fhulaingt na n‑íospartach go léir a dtagraíonn Paul Ricoeur di sa cheathrú gné thuas. Sa chéad áit, ní leagan íonghlanta idéalach den aimsir chaite a éilíonn dualgas na cuimhne ach leagan a chuireann an fhulaingt agus tionchar fadtéarmach an fhoréigin san áireamh (Meral 2012: 42). Sa dara háit, mar atá sonraithe ag Máirín Nic Eoin ina luath-alt faoi Éirí Amach 1916 agus litríocht na Gaeilge (1985: 59–60), is féidir leis an gclaonadh i dtreo an idéil (claonadh a bhí coitianta i bhfilíocht Ghaeilge na tréimhse iar-réabhlóide go háirithe) aird an léitheora a dhíriú ar an aimsir chaite seachas ar ghnó na todhchaí. Seachas adhmholadh áibhéalach na gceannairí, bhí gá, dar le Nic Eoin, le filíocht a thabharfadh dúshlán choinsias na tíre trí cheisteanna bunúsacha a ardú faoi nádúr na saoirse féin agus a spreagfadh an pobal chun fís chultúir na réabhlóidithe a fhíorú.

16 Tugann sé sin sinn chuig an t‑aon ghné amháin de dhualgas an chuimhneacháin in achoimre Ricoeur thuas nach bhfuil pléite go dtí seo: is í sin gné an mhaithiúnais agus scaoileadh le hualach na haimsire caite. Feicfear, thíos, mar shampla, nach léir aon chlaonadh i dtreo an mhaithiúnais sa dán ‘Ár Laochra’ don ‘dream léir / A d’fhan go claon ag faire, / Sna cuasa féin i bhfolach’ (Ó Direáin 1996: 94) agus, go deimhin, sa trí dhán thíos, ní léir aon oscailteacht d’eileachas na gceannairí reatha — ní théann na dánta i ngleic, mar shampla, le hinspreagadh na gceannairí reatha maidir lena seasamh i dtaobh na réabhlóide agus ní phléann na dánta le haon ghné den chaidreamh Angla-Éireannach comhaimseartha.

17 Más léiriú é sin go léir ar an tsaontacht pholaitiúil ar tagraíodh di thuas agus a luaitear go minic sa chritic maidir le filíocht Uí Dhireáin, ní hé sin le rá nach léiríonn na dánta a phléifear thíos domhain-tuiscint ar ghnéithe de pholaitíocht na huaire. Ba dheacair, mar shampla, gan suntas a chur sa tslí a n‑éiríonn le Ó Direáin an teannas fadtéarmach polaitiúil a chomharthú; is é sin an teannas a mhair idir iad siúd a chuir luach ar idéil cheannairí 1916 agus iad siúd nár chuir luach ar na hidéil chéanna. Is teannas é sin a thaiscéalann go leor scríbhneoirí Gaeilge eile sa chéad bliain a lean Éirí Amach na Cásca. Tar éis suirbhé úr (2019) cuimsitheach a dhéanamh ar nualitríocht na Gaeilge faoi Éirí Amach 1916, mar shampla, tagann Máirín Nic Eoin go dtí an chonclúid spéisiúil go mbogann an litríocht Ghaeilge, trí chéile, faoi 1916, go mall ó cheiliúradh ‘ómósach’ (2019: 304) sa chéad chaoga bliain tar éis na réabhlóide go ‘critic’ (2019: 268, 300) ó na 1960idí ar aghaidh, ach, go bhfeictear téama leanúnach eile inti, leis:

Is féidir téama leanúnach eile a aithint freisin, áfach: is é sin an bhearna — a bhí ann ag an am agus atá ann i gcónaí — idir an aisling agus an réaltacht, idir idéil phoblachtacha ghlúin na réabhlóide agus patuaire nó cloíteacht nó easpa cumais nó easpa físe a gcuid oidhrí polaitiúla. Féachtar ar thréimhse na réabhlóide mar ré órga agus caointear éagumas an stáit neamhspleách idéil uaillmhianacha na Poblachta, mar a léiríodh san Fhorógra iad, agus aislingí ilghnéitheacha na hathbheochana cultúrtha a bhí mar bhunspreagadh ag glúin na réabhlóide, a réaladh. (Nic Eoin 2019: 304)

18 Sonraíonn Philip O’Leary an teannas freisin idir fórsaí contrártha, ina alt ar Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisc, agus tagraíonn sé don choimhlint a bhíodh ann go minic sa chúig bliana is fiche tar éis na réabhlóide idir grúpaí a chuir béim ar thábhacht Éirí Amach na Cásca agus iad siúd a bhí ag iarraidh an t‑am a bhí caite a chur díobh chun díriú ar an am i láthair agus ar an todhchaí. Luann sé sliocht as eagarfhocal le Seán O’Faoláin a foilsíodh roimh chomóradh cúig bliana is fiche Éirí Amach na Cásca in The Bell sa bhliain 1941:

Our dilemma, to-day, is surely this — that we are living in a period of conflict between the definite principles of past achievement and the undefined principles of present ambition. We are living, that is to say, to a great extent experimentally, and must go on doing so. That experimentation is not, as yet, producing any clear result that we can analyse, except this drag in opposite directions — adventure going one way, traditionalism pulling the other. For contradiction is everywhere (O’Faoláin 1941: 6, luaite in O’Leary 2011: 253).

19 B’fhéidir, sna cúinsí sin, gurbh í an chodarsnacht idir an aoir agus an moladh an uirlis liteartha ab fheiliúnaí chun an t‑easaontas a chomharthú agus chun seasamh a thógáil maidir le tábhacht na réabhlóide agus a ceannairí. Is seasamh é sin nár thóg The Bell féin, dar le Alan Titley, mar shampla, a cheistíonn an polasaí a bhí ag an iris a bheith ‘uileghabhálach’ agus a áitíonn faoina chuid scríbhneoirí ‘go mba lag leo anois an réabhlóid a chuir an stát ar bun agus gach ar bhain léi go hidéalach, go samhlaíoch is go spioradálta’ (1984: 92). Sa chomhthéacs sin, agus ag cur san áireamh a bhfuil ráite ag Nic Eoin (2019: 296–298) maidir le leitheadúlacht na codarsnachta idir ‘scothaicme pholaitiúil’ na réabhlóide agus ‘lucht gnó agus fiontraíochta’ na comhaimsearthachta i nualitríocht na Gaeilge faoi 1916, b’fhiú tuilleadh taighde a dhéanamh ar úsáid na codarsnachta mar ghaireas liteartha i dtéacsanna eile faoi 1916 le húdair Ghaeilge eile. Casaimid anois ar na cás-staidéir ar na bunchodarsnachtaí i dtrí dhán le Máirtín Ó Direáin.

Na téacsanna

‘Séamus Ó Conghaile’

20 Dán luath de chuid an Direánaigh is ea ‘Séamus Ó Conghaile’ a foilsíodh cúig bliana is fiche tar éis Éirí Amach na Cásca (1941). Cé go n‑aithnítear nach bhfuil an dán seo ‘ar scothdhánta an Direánaigh’ (Mac Giolla Léith 2014: 29), glactar go coitianta leis go léiríonn an dán go leor faoi na luachanna eiticiúla a dtugann filíocht Uí Dhireáin guth dóibh. Agus iad ag tagairt dó, deir Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy, mar shampla, gurb é an dán seo an dán is mó a léiríonn ‘a sense of solidarity with the working class’ (1992: 130), agus deir Caoimhín Mac Giolla Léith gurb é ‘comhbhá an fhile le coinsias sóisialta an Chonghailigh is mó a chuirtear in úil’ ann (2014: 29; feic, freisin, Prút 1982: 94; Mac Craith 1993: 23). Déanann Síobhra Aiken (2018a agus 2018b) léamh beathaisnéiseach spéisiúil ar an dán agus í ag plé, le déanaí, le haistear polaitíochta Mháirtín Uí Dhireáin. Sonraíonn sí go mbíodh Ó Direáin féin gníomhach i mbrainse Chonradh na Gaeilge de Chraobh na hAiséirí — an grúpa a d’fhoilsigh ‘Séamus Ó Conghaile’ ar dtús san iris Aiséirighe, iris a cuireadh amach, mar ‘pháipéar cuimhneacháin’, cúig bliana is fiche tar éis Éirí Amach na Cásca — agus ar an ábhar sin, áitíonn Aiken gur chóir an dán a léamh mar chuid de ghníomhachas sóisialta agus polaitiúil Uí Dhireáin (2018b: 17).

21 Ó thaobh na codarsnachta de, feictear gluaiseacht sa dán a théann siar agus aniar idir an moladh agus an cáineadh: moltar Ó Conghaile agus cáintear na ceannairí reatha. Aibhsíonn an chodarsnacht an deighilt atá ann idir fís an laoich agus staid reatha na tíre agus an difríocht shuntasach atá idir na haicmí sóisialta éagsúla. Is féidir na codarsnachtaí a léiriú i dtábla mar seo:

Tábla 1: An chodarsnacht in ‘Séamus Ó Conghaile’. Sleachta ón dán: Ó Direáin 2010: 33.

Moladh an laoich
‘…a fhir mhóir an mhisnigh …
Bhéarfar onóir chóir duit…’
Cáineadh cheannairí na haoise seo
‘Iad seascair, caomhnaithe i dtithe teolaí;’
Véarsaí 1–4Fís Uí Chonghaile
‘Is só is sonas i ndán do gach aon díobh …’
Staid Reatha na Tíre
‘… bocht is nocht … is iad beo ar dhéirce.’
Véarsaí 5–7Íosaicme
‘Leanbhaí óga ar gheall Dia saol dóibh; …
In aithrí ag eitinn roimh theacht i méid dóibh …
Fir luath láidre ag fágáil na tíre …’
Uasaicme
‘Lucht maoine is rachmais …
A gcoinsias maolaithe is gan carthanacht ag gabháil leo …’
Véarsaí 8–9Córas Nua
‘Acht caithfidh Gaeil feasta choíche
… Is córas nua a chur in uachtar i nÉirinn.’
Córas Reatha
‘An córas mallaithe'

22 Tríd síos sa dán, déanann Ó Direáin comhbhá leis na híospartaigh agus cáineann sé éagóir na n‑údarás. Ach cé go gcáineann sé taobh amháin den phéire codarsnachta ní cháineann sé an nua-aois ina hiomláine riamh. Dá bhrí sin, ní thiteann an cáineadh in umar an lochtaithe neamhshrianta ghinearálta. Cé go moltar an laoch i dtéarmaí idéalacha, is moladh é atá dírithe i dtreo na todhchaí (‘caithfidh’ / ‘bhéarfar onóir chóir duit’) agus is moladh é a chuireann béim ar ábharthacht shóisialta fhís an laoich don aois seo. Ag deireadh an dáin, léiríonn an guth fileata dóchas as muintir a linne féin. Tá an tsaontacht pholaitiúil a luadh thuas le léamh ar an gcuid sin den dán, gan amhras, lena gríosadh uaillmhianach chun réabhlóide; a muinín as an bhfilíocht féin chun dul i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann agus tá réiteach róshimplí á thairiscint inti, ach tá dóchas ag an bhfile go bhfuil mianach fós sna híospartaigh chun an éagóir agus an chodarsnacht phéire shóisialta éagórach a shárú:

Acht caithfidh Gaeil feasta choíche

An córas mallaithe a bhriseadh is a réabadh;

A chreach ó thús is a chuir in ísle bhrí sinn

Is córas nua a chur in uachtar i nÉirinn.

Ar theacht an lae sin a fhir mhóir an mhisnigh,

Bhéarfar onóir chóir duit is díbh go huile,

A thit gan staonadh is fós gan cliseadh,

Le bánú an lae ghil anseo cois Life (Ó Direáin 2010: 33).

‘Ár Laochra’

23 Foilsíodh ‘Ár Laochra’, ar dtús sa bhliain 1960 in Feasta, nach mór fiche bliain ar aghaidh ó fhoilsiú ‘Séamus Ó Conghaile’. Ó thaobh an chomhthéacs de, bhí an tírdhreach polaitiúil athraithe idir an dá linn — sa bhliain 1941, bhí Éamon de Valera ina Thaoiseach (1932–1948) agus bhí Dubhghlas de hÍde ina Uachtarán (1938–1945); sa bhliain 1960, agus an tír ar an tairseach idir duairceas na 1950idí agus fás eacnamaíochta na 1960idí (Daly agus O’Callaghan 2014), ba é Seán Lemass a bhí ina Thaoiseach (1959–1966) agus bhí Éamon de Valera ina Uachtarán (1959–1973). In ainneoin na n‑athruithe polaitiúla agus sóisialta suntasacha a bhí tar éis titim amach in Éirinn, áfach, roghnaíonn Ó Direáin cur chuige fileata den chineál céanna, a bhfuil an chodarsnacht chun tosaigh ann arís, chun ráiteas eile a dhéanamh maidir le ceannairí 1916. Mar a deir Mac Giolla Léith:

Má rinneadh dul chun cinn ó thaobh ceansú na heitinne tamall ina dhiaidh seo [i ndiaidh 1941], agus má bhí casadh taoide ann tamall ina dhiaidh sin arís i gcúrsaí daonáirimh, bhí an dearcadh duairc céanna i leith oidhreacht na staire réabhlóidí agus aisling na Cásca á léiriú ag an Direánach scór bliain níos deireanaí i ndornán dánta sa chnuasach Ár Ré Dhearóil ar an ábhar seo. Ag cuimhneamh atá mé ar na dánta ‘Ár Laochra’ … ‘Éire Ina bhFuil Romhainn’ … (2014: 30).

24 Gné eile den chomhthéacs polaitiúil is gá a chur san áireamh faoin mbliain 1960 ná go raibh an bhliain 1966, agus ceiliúradh caoga bliain ó Éirí Amach na Cásca, ar íor na spéire agus ina dlúthchuid den dioscúrsa dioplómaitiúil. Is mar seo a chuireann Diarmaid Ferriter síos ar na tuairimí éagsúla a bhíodh coitianta ag an am maidir leis an gcomóradh sin:

Unsurprisingly, there were a variety of different views as to what should and should not be done and who should and should not be involved. More surprisingly, given the tendency to believe that commemoration only became difficult after the supposedly glorious, triumphant and retrospectively embarrassing fiftieth anniversary celebration in 1966, it seems that well in advance of 1966 there was a growing resentment about commemoration of the Rising, which evolved into a general indifference (2014: 199).

25 Agus san alt céanna:

The tone of correspondence emanating from the Department of the Taoiseach suggests Lemass was not keen on vigorous debate on the Rising or Pearse in the 1960s, particularly in the context of his determination to promote ‘the building of Anglo-Irish good will’ (2014: 215).

26 Sa chomhthéacs neamhaontaithe sin, b’fhéidir nach aon ionadh é go bhfuil an chodarsnacht chun tosaigh arís i bhfilíocht Uí Dhireáin agus é ag plé le 1916. Tá an chodarsnacht sin tugtha faoi deara ag go leor tráchtairí eile agus iad ag tagairt don dán ‘Ár Laochra’. Is dán é, i bhfocail Mhic Chraith, atá ‘tiomnaithe go hiomlán do laochra na Cásca ina ndéanann an file codarsnacht idir a ngaisce siúd agus “an chlann shlítheach fhaillí” a tháinig i dtreis ina ndiaidh’ (1993: 89). I bhfocail Nic Eoin, is dán é ‘ina mórtar trodairí na saoirse ach a léiríonn díomá an fhile leis an dream a tháinig i dtír ar a n‑íobairt’ (2005: 140; feic freisin, Ó hAnluain 2009: 193). Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil an dán á stiúradh arís ag bunchodarsnacht idir an moladh agus an cáineadh agus gur féidir na codarsnachtaí sin a léiriú i léaráid mar seo:

Tábla 2: An chodarsnacht in ‘Ár Laochra’. Sleachta ón dán: Ó Direáin 1996: 94–95.

Moladh na laochraCáineadh cheannairí na haoise seo
Véarsaí 1–3Laochra buaiteacha geala
(Fórsa an traidisiúin agus an Bhíobla faoin moladh)
‘Mochean díbh go daingean,
Bhur nglóir agaibh
Bhur ngaisce,
Bhur gcoróin …
Gan smál ar bhur n‑éide chailce,’
Ceannairí cáinteacha dubha
(Fórsa an traidisiúin faoin aoir de bharr macalla ó Aogán Ó Rathaille)
‘Is dingtear an focal i mbráid
An té déarfadh dá bhfágtaí ar tuar
Go ndéanfadh grán dubh le haimsir.’
Véarsaí 4–8Naoimh / Mairtírigh
(Santaíonn siad an fhéiníobairt — agus tuilleann siad beannacht an fhile agus beannacht mhuintir na hÉireann)
‘Ach libh féin bhur nglóir
Bhur gceart bhur gcóir
Libh go deo ár mbeannacht’
Blaisféimeoirí
(Santaíonn siad an meas coitinn — agus tuilleann siad mallacht / bagairt / aoir an fhile)
‘Is an liacht eile
Atá ar na lucha
A chreimeann an abhlann
A thit as bhur lámha;
Loitiméireacht is obair dá laethe.’

27 Mar a tharla in ‘Séamus Ó Conghaile’, taobhaíonn an guth fileata le taobh amháin den chodarsnacht phéire tríd síos sa dán agus ní fhágann Ó Direáin aon amhras ar an léitheoir faoin mbearna atá ann idir luachanna sóisialta na laochra agus luachanna brabaigh na gceannairí nua.

28 Tá an úsáid a bhaintear as an aidiacht shealbhach sa chéad phearsa iolra (‘ár’), sa teideal, ‘Ár Laochra’, spéisiúil. Sa chéad áit, ligeann an aidiacht shealbhach do Ó Direáin muintearas a mhaíomh leis na laochra agus ligeann sí dó an léitheoir a tharraingt isteach sa chaidreamh sin. Ach ina theannta sin, scarann an teideal na daoine atá sa chumann iolrach sin ó na daoine nach bhfuil i bpáirt ann. I bhfocail eile, sainmhíníonn agus deimhníonn Ó Direáin féiniúlacht an ghrúpa a ghlacann leis na laochra mar rólmhúnlaí. Déanann sé é sin i dtéarmaí dearfacha — is féiniúlacht í atá bunaithe ar idéil na laochra don cheartas sóisialta — agus i dtéarmaí diúltacha — ní féiniúlacht í atá bunaithe ar luachanna na gceannairí nua (feic Graff-McRae 2014; do phlé ar an tslí ar féidir leis an gcomóradh an comhaontú agus an deighilt a chothú ag an am céanna). Sa dara háit, cuimsíonn an teideal na laochra ar fad (fir agus mná) a fuair bás sa réabhlóid agus cuireann sé na laochra go léir ar aon chéim. Ar ndóigh, tá uileghabhálacht an Direánaigh maidir le ról na mban i 1916 le feiceáil ar bhealach níos sonraíche i ndán cáiliúil eile dá chuid — ‘Mná na hAiséirí’ (Ó Direáin 2010: 121) — dán eisceachtúil sa mhéid is nach bhfuil mórán dánta Gaeilge ar marthain faoi mhná 1916.

29 Sa mholadh foirmiúil anafarach ‘míleata’ (Mac Craith 1993: 89) ag tús ‘Ár Laochra’, cuireann Ó Direáin béim ar an nglóir, ar an ngaisce, ar an gcrógacht agus ar an óige shíoraí atá bainte amach ag na laochra. Tá siad á moladh, ní hamháin mar laochra traidisiúnta Gaelacha ach mar laochra Críostaí freisin, is é sin mar naoimh nó mar mhairtírigh. Tríd an moladh, tá taobh amháin den chodarsnacht curtha i láthair agus tá an tslí réitithe chun cáinteoirí na laochra a chur i láthair, níos déanaí sa dán, mar fhrithlaochra agus mar bhlaisféimeoirí:

Bhur nglóir agaibh

Bhur ngaisce,

Bhur gcoróin ina dteannta,

Bhur n‑óige agaibh go seasta (Ó Direáin 1996: 94).

30 Tagann an moladh agus an cáineadh le chéile sna tagairtí d’éadaí na laochra. Mar atá mínithe cheana ag Mac Craith, is siombailí iad na héadaí geala don bhua atá bainte amach ag na laochra ar neamh. De ghnáth, seasann na héadaí geala sna scrioptúir don ghlaineacht, don ghlóir agus don saol síoraí. Is é an ní is spéisiúla i ndán Uí Dhireáin, áfach, ná go mbaineann an file úsáid as siombalachas Críostaí sin na n‑éadaí, i gcomhar le casadh ar líne ón dán ‘Is fada liom oíche fhírfhliuch’ le hAogán Ó Rathaille, chun codarsnacht a dhéanamh idir na laochra agus focail a gcáinteoirí; cáinteoirí a d’fhéadfadh nádúr buan suthain éachtaí na laochra a cheistiú trína rá go raibh ‘grán dubh’ ar a n‑éadaí geala:

Gan smál ar bhur n‑éide chailce,

Is dingtear an focal i mbráid

An té déarfadh dá bhfágtaí ar tuar

Go ndéanfadh grán dubh le haimsir (Ó Direáin 1996: 94).

31 Is fiú féachaint ar an mbundán le Ó Rathaille as a dtarraingíonn Ó Direáin chun leibhéal eile den chodarsnacht seo a thabhairt chun léire. Sa dán sin labhraíonn an file le tonn atá á chiapadh leis an bhfuaim olagónach atá á déanamh aici; fuaim a dhéanann comhbhá, ar ndóigh, leis an tír ina hanchás. San apastróf dírithe ar an tonn, tugann Ó Rathaille guth dá smaointe foréigeanacha agus geallann sé, dá mbeadh rath ar an tír arís, go ndéanfadh sé ionsaí díoltasach ar an tonn; is é sin ar an ní a chomharthaíonn an ciapadh agus an drochshaol dó:

A thonnsa thíos is aírde géim go hard,

meabhair mo chinn go cloíte ód bhéiceach tá;

cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,

do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid (Ó Buachalla 2007: 12).

32 Tá fórsa céanna an fhoréigin le léamh, freisin, ar dhán Uí Dhireáin (Ní Úrdail 2014: 233). In ionad an foréigean a dhíriú ar thonn phearsantaithe, áfach, déanann Ó Direáin, mar oidhre ar Ó Rathaille, ionannú idir cáinteoirí na laochra agus ‘glam’ na toinne; glam a chráigh a réamhtheachtaí. Is ar na cáinteoirí sin a dhíríonn sé bagairt an fhoréigin. Má sheasann an tonn do cháinteoirí na laochra is féidir a rá gur ionann na laochra agus an chabhair a bhí á lorg ag Ó Rathaille. Níl amhras, dar liom, ach go ngéaraíonn an macalla ó fhilíocht Uí Rathaille an chodarsnacht idir na laochra agus a gcáinteoirí. Samhlaítear an oíche fhírfhliuch, an ciapadh, an chloíteacht agus an easpa binnis leis na cáinteoirí, agus samhlaítear an chabhair agus cosaint an traidisiúin fhileata leis na laochra.

33 Forbraítear an chodarsnacht dhénártha de réir mar a théann ‘Ár Laochra’ ar aghaidh. Ar thaobh amháin, tá na laochra agus ar an taobh eile tá ‘an dream léir’ agus ‘a n‑ál’ nach raibh d’uaisleacht ná de chrógacht iontu páirt a ghlacadh sa chath ach a d’fhan mar sheallaigh ar an taobhlíne. Ina bhfuarchúis i leith na n‑íospartach, tá na seallaigh sin ciontach dar le Ó Direáin. Sroicheann an cúiseamh feargach a bhuaic in íomhánna na luch agus na habhlainne:

Is an liacht eile

Atá ar na lucha

A chreimeann an abhlann

A thit as bhur lámha,

Loitiméireacht is obair dá laethe (Ó Direáin 1996: 95).

34 Tá léamha éagsúla déanta ag criticeoirí eile ar na híomhánna sin (feic go háirithe, Mac Craith 1993: 89–90) ach, pé léamh a dhéantar orthu, níl amhras faoi ach go bhfuil codarsnacht an-ghéar á comharthú acu idir bronntóirí na habhlainne agus scriostóirí na habhlainne, idir naofacht agus diabhlaíocht, idir geal agus dubh, idir comhionannas agus neamhionannas, idir slánú na féiníobartha agus creimeadh na sainte. Is codarsnacht í a dhéanann díotáil neamhthrócaireach orthu siúd a rinne beag is fiú agus ionsaí ar an bhfís a bhí ag na laochra don chomhionannas sóisialta agus don tsaoirse shlánaitheach i gcoitinne.

35 Is ríléir go gcosnaíonn Ó Direáin clú na laochra in aghaidh a gcáinteoirí, le fórsa foréigeanach na haoire agus le trealamh traidisiúnta an mholta. Ach é sin go léir ráite, cé go ndaorann an guth fileata na daoine nach raibh dílis d’idéil na laochra, agus cé go ndéanann sé ceap milleáin de na daoine sin, léiríonn sé go bhfuil áit fós sa chomóradh do mhuintir chomhaimseartha na hÉireann. Déanann sé é sin go háirithe tríd an úsáid a bhaineann sé as an aidiacht shealbhach sa teideal, ‘Ár Laochra’, agus arís sa bheannacht seo ag deireadh an dáin:

Ach libh féin bhur nglóir

Bhur gceart bhur gcóir

Libh go deo ár mbeannacht (Ó Direáin 1996: 95).

36 Is cinnte nach sásaíonn ‘Ár Laochra’ na critéir go léir a shamhlaíonn Paul Ricoeur leis an gcuimhneachán eiticiúil. Ba dheacair, áfach, gan suntas a chur sa tslí a n‑éiríonn leis an dán béim a chur ar an bhféiniúlacht chomhchoiteann oidhreachtúil, ar fhréamhacha na féiniúlachta sin in eachtra a raibh an foréigean agus an íobairt ina ngnéithe lárnacha di agus ar luachanna na n‑íospartach don chomhionannas. Ar an ábhar sin, cosúil le ‘Séamus Ó Conghaile’, d’áiteoinn, i bhfianaise na hanailíse, nach aoir í seo a dhaorann an nua-aois ina hiomláine. In ainneoin ghéire a critice ar na ceannairí reatha, tá dóchas fós sa dán go gcoinneoidh muintir na hÉireann ‘loirg’ na laochra — go háirithe a n‑idéil don cheartas sóisialta — agus go ndéanfaidh cáilíocht adhmholtach an dáin féin amhlaidh.

‘Éire ina bhFuil Romhainn’

37 Casfaimid anois ar dhán níos casta, is é sin ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ a cumadh arís ar thairseach na 1960idí (Ó Direáin 1958; Ó Direáin 1962) agus ina gcuireann Ó Direáin an chodarsnacht in iúl trí theicníc na híoróine. Is leagan casta den chodarsnacht í an íoróin sa mhéid gur malairtí ar a chéile iad an bhrí litriúil agus an bhrí íorónta. I bhfocail eile, san íoróin, deir an scríbhneoir rud amháin chun a mhalairt a chur in iúl (feic Ní Annracháin 1998: 40). Go bunúsach, éiríonn leis an íoróin sa dán seo, leaganacha malartacha a chur i láthair den Phiarsach agus de mhóitíf thraidisiúnta na meirdrí, móitíf ina seasann an bhean do mhuintir na hÉireann (Prút 1982: 79; Mac Craith 1993: 95; Ó hAnluain 2009: 192). Is féidir na codarsnachtaí a léiriú i léaráid arís:

Tábla 3: An chodarsnacht in ‘Éire ina bhFuil Romhainn’. Sliocht ón dán: Ó Direáin 1996: 111.

An rud a deirtear / Ciall litriúil An rud atá i gceist / Ciall íorónta
An fhoirm apastrófach ag tús an dáinMuintir na hÉireann:
Cúléisteoir nó Asláithreacht
Muintir na hÉireann:
Éisteoir
Línte 1–6File saonta bocht (An té):
Ag cáineadh an Phiarsaigh ar bhealach maolaisnéiseach
File cliste torthúil (An Piarsach):
Ag cáineadh chriticeoirí an Phiarsaigh ar bhealach cliste indíreach
Línte 7–18Striapach:
Comhairle áibhéalach do mhuintir na hÉireann
Éire a dhíolfaidh í féin ar go leor airgid — meirdreach, ní hí céile na laochra í
Bean Uasal:
Mian muintir na hÉireann a mholadh
Éire nár chóir di í féin a dhíol — aisling uasal a choinníonn a glóir, céile na laochra
Línte 19-20‘A shearc na bhFiann’
(Cé go bhfuil an líne briste anseo agus cé gurb ionann an chiall litriúil agus an chiall íorónta, tá an fhoirm agus an t‑ábhar i gcodarsnacht lena chéile fós.)

38 Is léir ón léaráid go n‑aibhsíonn an íoróin an deighilt atá ann idir fís an Phiarsaigh agus fuarchúis mhuintir na hÉireann i leith na físe sin agus cé go ndeir Ó hAnluain gurb é ‘an searbhas éadóchasach a thiomáineann’ (2009: 193) an dán seo, d’áiteoinnse nach gcealaíonn an íoróin an dóchas ná an taobh dearfach den mhóitíf thraidisiúnta riamh. Sa chéad áit, in ainneoin go bpléann ábhar an dáin le fuarchúis mhuintir na hÉireann maidir le hoidhreacht an Phiarsaigh, léiríonn foirm apastrófach an dáin go bhfuil dóchas ag an gcainteoir go bhfuil muintir na tíre aige mar éisteoir ar a dhán Gaeilge.

39 Sa dara háit, in ainneoin na cainte maolaisnéisí a úsáidtear ag tús an dáin, trí mhacalla a bhaint as dán cáiliúil leis an bPiarsach féin (‘Níor cruinníodh liomsa ór’), éiríonn leis an bhfile an Piarsach a mholadh as a uirísleacht neamhábharach, agus, éiríonn leis criticeoirí an Phiarsaigh a cháineadh ar bhealach neamhdhíreach as a luachanna malartacha:

An té a nocht a chlaíomh go hard

I do pháirt um Cháisc na lasrach,

Má shíl gur shaor tú ón iomad náire

Nach cuma, óir ní raibh ann ach fear saonta

Is file laochta nár cruinníodh leis stór,

Is nár fhág ina dhiaidh ach glóir (Ó Direáin 1996: 111).

40 Agus, sa tríú háit, cé go labhraítear sa dara cuid den dán le pearsantú baineann den tír go dímheasúil áibhéalach i dteanga an mheirdreachais agus na heacnamaíochta santaí, tá sé intuigthe i gcónaí go bhfolaíonn an áibhéil íorónta a mhalairt de mhian: is é sin an mhian Éire a uaisliú agus a cheiliúradh mar leannán neamhábharach dílis na laochra. Tá an mhian sin an-fhollasach ag deireadh an dáin nuair a bhaineann an file úsáid as teideal sa ghairmeach in éineacht leis an ‘tú’ apastrófach (‘Agraim thú a shearc na bhFiann’). Sa chuid sin, tá an fhoirm agus an t‑ábhar i gcodarsnacht lena chéile. Ar leibhéal an ábhair, tá an cainteoir ag diúltú gurb í an bhean searc na laochra, ach ar leibhéal na foirme tá sé ag labhairt léi go muirneach mar leannán na bhFiann. Is é a thoradh ná go mbristear an teorainn idir an chiall litriúil agus an chiall íorónta agus go dtugtar guth oscailte do mhian an chainteora a chomhchainteoir a uaisliú agus a mholadh. In ainneoin na cainte dímheasúla go léir, agus in ainneoin an fhéidearthacht atá ann i gcónaí nach bhfuil a chomhchainteoir ag éisteacht, tá léaró measa sa ghairmeach anseo a chruthaíonn teannas idir an t‑idéal agus a mhalairt, agus a léiríonn claonadh i dtreo an mholta agus an dóchais don todhchaí. Cé go ndéantar ceap milleáin de mhuintir na hÉireann sa dán, léirítear mian iad a uaisliú agus a mholadh ag an am céanna:

Cuirfear iallach ort a ghlóir a dhíol …

A bheith i do thráill ag gach bodach anall,

Is má thugtar meas méirdrí arís ort

Bí i do mhéirdrigh mhóir dáiríre,

Is díol a ghlóir is tabhair a sháith

Do gach bodach aniar chun éilimh,

Reic fós a mhian is beir i do threo

Céile nua is a stór chun leapan,

Mar ní tú feasta céile Choinn ná Eoghain,

Céile an Phiarsaigh ná rún na laoch,

Ach más éigean an cumann a chur i gcrích

Agraim thú a shearc na bhFiann,

Gan ceangal leo gan raidhse dollar (Ó Direáin 1996: 111).

41 D’áiteoinn gurb é an teannas sin idir dhá cheann na codarsnachta a shábhálann an dán ó éadóchas dochma na haoire agus a mhéadaíonn, dá réir, ar éifeacht eiticiúil agus ar éifeacht aeistéitiúil an dáin. Mar a mhaíonn Eoghan Ó hAnluain:

Thug an Direánach féin a dhílseacht do na hidéil ba shiocair le bunú an Stáit dúchais ach ar nós go leor dá ghlúin bhraith sé go ndeachthas ar seachrán ar chuma éigin. As an imreas, as an teannas seo idir na hidéil a facthas do ghlúin Uí Dhireáin agus an caitheamh a bhíothas, lena linn féin, á chur sna hidéil chéanna sin, á n‑oiriúnú do pholaitíocht na huaire, as seo a chum sé cuid de na dánta is cumasaí dá chuid (2009: 194).

Conclúid

42 Cén tátal is féidir a bhaint as an spléachadh sin ar an gcodarsnacht i ndánta Uí Dhireáin faoi cheannairí 1916? Ar leibhéal amháin, is uirlis liteartha shimplí gharbh go leor í an chodarsnacht a dhéanann catagóiriú éasca agus deighilt chruinn phaiteanta idir grúpaí sa tsochaí agus a dhéanann sceilpín gabhair de thaobh amháin den chontrárthacht, gan cead a thabhairt don taobh sin a bheith difriúil — molann Ó Direáin ceannairí 1916 agus cáineann sé ceannairí a linne féin. Is féidir, dá bhrí sin, gur cruthú eile é an páipéar seo ar ghné d’fhilíocht Uí Dhireáin atá tugtha faoi deara le fada ag criticeoirí eile. Tagraíonn Mícheál Mac Craith agus Michelle MacLeod do ‘the polarized opposition of the earlier works’ (2001: 75) agus mar a deir Louis de Paor: ‘Ó Direáin has been criticised for his failure to develop beyond the primary contradiction articulated in his work between the communal values of traditional rural society and the deracinated individualism of the modern urban industrial world’ (2006: 320).

43 Ar leibhéal eile, is féidir an claonadh i dtreo na contrárthachta sna dánta a léamh mar airí den chomhthéacs sóisialta ina raibh an Direánach ag scríobh. Sochaí pholaraithe a bhí inti a raibh neamhréiteach inti maidir le tábhacht an traidisiúin, maidir le tábhacht cheannairí 1916 agus maidir leis an nua-aoiseachas i gcoitinne. Ba shochaí nua í a bhí fós ag iarraidh a féiniúlacht shainiúil a shainmhíniú: bhíodh coimhlintí éagsúla ann sa tréimhse 1941–1962 idir iad siúd a chuireadh béim ar thábhacht Éirí Amach na Cásca agus iad siúd a bhíodh ag iarraidh an t‑am a bhí caite a chur díobh chun díriú ar an am i láthair agus ar an todhchaí. Níl amhras faoi ach go gcuireann teicníc na codarsnachta sna dánta a scrúdaíodh sa pháipéar seo leis an léiriú a thugtar iontu ar na saincheisteanna freasúracha, agus ar an teannas a eascraíonn maidir le heachtraí stairiúla múnlaitheacha, i sochaí atá i lár phróiseas a deilbhithe.

44 Ach ní hamháin sin, sílim, de thoradh na hanailíse, go bhfuil Ó Direáin ag dul i muinín chumhacht stairiúil na smaointeoireachta dénártha chun seasamh cinnte a thógáil maidir le tábhacht cheannairí 1916 d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann. Is seasamh polaitiúil láidir dóchasach go bunúsach é, seasamh ón imeall in aghaidh na héagóra sóisialta agus an rachmais neamhionainn, ach, thar aon rud eile, is seasamh é in aghaidh an dearmaid. Sna dánta a scrúdaíodh sa pháipéar seo, síneann Ó Direáin samhlaíocht an léitheora idir dhá cheann na codarsnachta chun ceannairí 1916 agus a bhfíseanna don cheartas a aibhsiú. Cé nach sásaíonn na dánta na critéir go léir a shamhlaítear, sa lá atá inniu ann, leis an gcuimhneachán eiticiúil, agus cé go ndéanann siad ceap milleáin de na ceannairí reatha, tá dóchas á léiriú, freisin, as cumas mhuintir na hÉireann í féin a athrú chun sochaí níos cothromaíche a chur ar bun. Is é seasamh Uí Dhireáin ar son an cheartais shóisialta, a dhóchas go mbuanóidh muintir na tíre fís cheannairí 1916, agus a mhuinín go dtiocfaidh ceannairí eile chun cinn sa todhchaí a bheidh, i bhfocail Mháirín Nic Eoin, ‘inmholta ag file Gaeilge’ (2005: 144–145), a shábhálann na dánta ón taobh is diúltaí den mhilleánú agus den smaointeoireacht dhénártha.

Saothair a ceadaíodh

Aiken, S. (eag.) (2018a) An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Aiken, S. (2018b) ‘Máirtín Ó Direáin agus ‘An Dá Aicme”. In: Comhar, 78 (2): 16–19.

Barash, J. (1999) ‘The Politics of Memory: Reflections on Practical Wisdom and Political Identity’. In: Kearney, R. agus Dooley, M. (eag.) Questioning Ethics: Contemporary Debates in Philosophy. London & New York: Routledge: 33–44.

Barry, P. (1995, 2009) Beginning Theory: An Introduction to Literary and Cultural Theory. Third Edition. Manchester & New York: Manchester University Press.

Bower, K. M. (2000) Ethics and Remembrance in The Poetry of Nelly Sachs and Rose Ausländer. New York & Suffolk: Camden House.

Culler, J. (1975) Structuralist Poetics: Structuralism Linguistics and the Study of Literature. London: Routledge & Kegan Paul.

Daly, M. E. agus O’Callaghan, M. (2014) ‘Introduction: Irish Modernity and ‘The Patriot Dead”. In: Daly, M. E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 In 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 1–17. Leagan leictreonach [faighte ar Kindle Cloud Reader: https://read.amazon.ca/, 17 Márta 2021].

de Paor, L. (2006) ‘Contemporary Poetry in Irish: 1940–2000’. In: Kelleher, M. agus O’Leary, P. (eag.) The Cambridge History of Irish Literature Vol 2: 1890–2000. Cambridge: Cambridge University Press: 317–356.

de Paor, P. (1997) Tionscnamh Filíochta Nuala Ní Dhomhnaill. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

de Paor, P. (2013) Áille na hÁille: Gnéithe de Choincheap na hÍobartha. An Daingean: An Sagart.

Ferriter, D. (2014) 'Commemorating the Rising, 1922–65: ‘A Figurative Scramble for the Bones of the Patriot Dead’?’. In: Daly, M. E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 In 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 199–219. Leagan leictreonach [faighte ar Kindle Cloud Reader: https://read.amazon.ca/, 17 Márta 2021].

Graff-McRae, R. L. (2014) ‘Forget Politics! Theorising the Political Dynamics of Commemoration and Conflict’. In: Daly, M. E. agus O’Callaghan, M. (eag.) 1916 in 1966: Commemorating the Easter Rising. Dublin: Royal Irish Academy: 220–240. Leagan leictreonach [faighte ar Kindle Cloud Reader: https://read.amazon.ca/, 17 Márta 2021].

Kramer, L. S. (1990) ‘Soundings in Critical Theory (LaCapra): Review’. In: Criticism 32 (2): 265–271.

LaCapra, D. (1989) Soundings in Critical Theory. Ithaca, New York: Cornell University Press.

Mac Craith, M. (1993) Oileán Rúin agus Muir an Dáin. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.

Mac Craith, M. agus MacLeod, M. (2001) ‘Home and Exile: A Comparison of the Poetry of Máirtín Ó Direáin and Ruaraidh Mac Thomáis’. In: New Hibernia Review 5 (2): 72–81.

Mac Giolla Léith, C. (2014) ‘Cloch agus Céir: Luachanna an Direánaigh’. In: Ní Úrdail, M. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart: 27–52.

Mac Síomóin, T. agus Sealy, D. (eag.) (1984, 1992) Máirtín Ó Direáin: Selected Poems/Tacar Dánta. Kildare: Goldsmith Press.

Margalit, A. (2002) The Ethics of Memory. Cambridge, Massachusetts & London: Harvard University Press.

Meral, Z. (2012) ‘A Duty to Remember? Politics and Morality of Remembering Past Atrocities’. In: International Political Anthropology 5 (1): 29–50.

Ní Annracháin, M. (1998) ‘An Teanga Fhíortha’. In: Ní Annracháin, M. agus Nic Dhiarmada, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí: 34–63.

Ní Riain, I. (2002) Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ní Úrdail, M. (2014) ‘Cion an éigis’. In: Ní Úrdail, M. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart: 225–254.

Nic Eoin, M. (1985) ‘Éirí Amach 1916 agus Litríocht na Gaeilge’. In: Irisleabhar Mhá Nuad: 38–61.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Nic Eoin, M. (2019) ‘Ó Cheiliúradh Go Critic: Nualitríocht na Gaeilge agus Éirí Amach 1916’. In: Éigse XL: 267–304.

Ó Buachalla, B. (eag.) (2007) Aogán Ó Rathaille. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Field Day.

Ó Direáin, M. (1941a) ‘Séamus Ó Conghaile.’ In: Aiséirighe: Páipéar Cuimhneacháin Aiséirighe 1916. Baile Átha Cliath: Craobh na hAiséirighe: 9. Luaite in: Aiken, S. (2018) ‘Máirtín Ó Direáin agus ‘An Dá Aicme”. In: Comhar, 78 (2): 19.

Ó Direáin, M. (1941b) ‘Don Phiarsach.’ In: Aiséirighe: Páipéar Cuimhneacháin Aiséirighe 1916. Baile Átha Cliath: Craobh na hAiséirighe: 6. Luaite in: Aiken, S. (2018) ‘Máirtín Ó Direáin agus ‘An Dá Aicme”. In: Comhar, 78 (2): 19.

Ó Direáin, M. (1942) Coinnle Geala. Baile Átha Cliath: Brún agus Ó Nualláin.

Ó Direáin, M. (1957) Ó Mórna agus Dánta Eile. Baile Átha Cliath: Cló Morainn.

Ó Direáin, M. (1958) ‘Éire 1958’. In: Deirdre 5 (1): 18. Luaite in: Ní Chonghaile, D. (2019) ‘Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin’. In: COMHARTaighde 5. DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2019.01 [faighte 23 Márta 2021].

Ó Direáin, M. (1960) ‘Ár Laochra’. In: Feasta (Aibreán). Luaite in de Grás, M. (1984) ‘Máirtín Ó Direáin: Clár Saothair’. Comhar 43 (10): 43 [faighte ar JSTOR, www.jstor.org/stable/23233290, 30 Márta 2021].

Ó Direáin, M. (1962) Ár Ré Dhearóil agus Dánta Eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Direáin, M. (1970) Crainn is Cairde. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Direáin, M. (1996) [1980] Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939–1979. Ó hAnluain, E. (eag.) Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Direáin, M. (2010) Máirtín Ó Direáin: Na Dánta. Ó hAnluain, E. (eag.) Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

O’Faoláin, S. (1941) ‘1916–1941: Tradition and Creation’. In: The Bell 2 (1): 5–12.

Ó hAnluain, E. (2009) “File Laochta nár cruinníodh leis Stór’: An Piarsach agus Máirtín Ó Direáin’. In: Higgins, R. agus Uí Chollatáin, R. (eag.) The Life and After-Life of P.H. Pearse. Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht. Dublin: Irish Academic Press: 188–194.

O’Leary, P. (2011) ‘Reasoning why after Fifty Years: The Easter Rising in Eoghan Ó Tuairisc’s Dé Luain (1966)’. In: Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 31: 253–281.

Prút, L. (1982) Máirtín Ó Direáin: File Tréadúil. Maigh Nuad: An Sagart.

Ricoeur, P. (1999) ‘Memory and Forgetting’. In: Kearney, R. agus Dooley, M. (eag.) Questioning Ethics: Contemporary Debates in Philosophy. London & New York: Routledge: 5–11.

Rothfield, L. (1992) ‘Soundings in Critical Theory (LaCapra): Review’. In: Modern Philology. 89 (4): 632–635.

Spencer, R. A. (1997) Contrast as Narrative Technique in Ovid’s Metamorphoses. Lewiston/Queenston/Lampeter: The Edwin Mellen Press.

Titley, A. (1984) ‘An scríbhneoir agus an stát 1922–1982’. In: Ó Mórdha, S. (eag.) Scríobh 6. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 72–104.

Titley, A. (2010) Scríbhneoirí Faoi Chaibidil. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Williams, J. E. C. agus Ní Mhuiríosa, M. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626