Ceannairí Éirí Amach 1916 agus gnéithe d’eitic agus d’aeistéitic na codarsnachta i ndánta le Máirtín Ó Direáin

Whelton, Marie

The leaders of the 1916 rising and aspects of the ethics and aesthetics of contrast in poems by Máirtín Ó Direáin

Abstract

This paper examines three poems by Máirtín Ó Direáin in which he discusses the leaders of 1916. The poems in question are: ‘Séamus Ó Conghaile’ (Aiséirighe 1941, Coinnle Geala 1942); ‘Ár Laochra’ (Feasta, 1960; Ár Ré Dhearóil 1962) and ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (Deirdre 1958; Ár Ré Dhearóil 1962). It is argued that contrast, as a literary technique, has a central place in the poems and that they are being directed, in particular, by the contrast between two traditional poetic duties (praise and satire). In each of the poems, Ó Direáin brings both praise and satire together. At the most simplistic level, he praises the leaders of 1916 and censures the leaders of his own era. At a deeper level, though, Ó Direáin uses contrast to present the leaders of 1916 as figures about whose significance his own contemporaries are not in agreement, and he succeeds in taking a strong assured stance in their favour against indifference and forgetting. Even though the modern leaders are scapegoated, the poems demonstrate a confidence in Ireland’s ability to fulfil the vision of the 1916 leaders in relation to social justice. By situating the poetic analysis within a discussion on the functions of contrast and commemoration, this article posits, that it is Ó Direáin’s confidence in Ireland’s ability to accomplish the justice and equality goals of the 1916 leaders which saves the poems from the worst effects of satirical despair, and, which increases their overall ethical and aesthetic import.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Máirtín Ó Direáin, ceannairí 1916, an cuimhneachán, an aoir, an moladh, an ceartas sóisialta, an chodarsnacht

DOI:
10.18669/ct.2020.12

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déanann an páipéar seo iniúchadh ar thrí dhán le Máirtín Ó Direáin ina bpléann sé le laochra 1916. Is iad na dánta atá i gceist ná: ‘Séamus Ó Conghaile’ (Aiséirighe 1941, Coinnle Geala 1942); ‘Ár Laochra’ (Feasta 1960; Ár Ré Dhearóil 1962) agus ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (Deirdre 1958; Ár Ré Dhearóil 1962). Is éard a áitítear ná go bhfuil áit lárnach ag an gcodarsnacht mar theicníc liteartha sna dánta agus go bhfuil siad á stiúradh go háirithe ag an gcodarsnacht idir dhá dhualgas fhileata thraidisiúnta (an aoir agus an moladh). I ngach ceann de na dánta, tugann Ó Direáin an aoir agus an moladh le chéile. Ag an leibhéal is simplí, molann sé na laochra agus cáineann sé ceannairí na haoise ina maireann sé. Ag leibhéal níos doimhne, ámh, cuireann Ó Direáin ceannairí 1916 i láthair mar phearsana nach bhfuil muintir a linne féin ag teacht lena chéile maidir lena dtábhacht agus éiríonn leis seasamh cinnte a thógáil ar a son agus in aghaidh na fuarchúise agus an dearmaid. Cé go ndéanann na dánta ceap milleáin de na ceannairí reatha, tá dóchas sna dánta go léir as muintir na hÉireann agus go háirithe as a cumas fís shóisialta cheannairí 1916 maidir leis an gceartas a chur i gcrích. Tríd an anailís a shuíomh laistigh de chíoradh ginearálta ar fheidhmeanna na codarsnachta agus an chuimhneacháin, cuireann an t-alt seo i gcás go sábhálann an dóchas sainiúil sin na dánta ón taobh is diúltaí d’éadóchas na haoire agus go méadaíonn sé, dá réir, ar a n-éifeacht eiticiúil agus ar a n-éifeacht aeistéitiúil.

Údar:
Whelton, Marie

Teagmháil:

marie.whelton@mie.ie

Beathaisnéis:

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Bhain sí dochtúireacht amach ó Ollscoil Mhá Nuad faoi stiúir Mháire Ní Annracháin. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino agus is údar í ar: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart 2008); Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2013 2015); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2017) agus Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR 2018). Tá sí ina cathaoirleach ar choiste aistriúcháin An Leabhar Aifrinn Rómhánach, leagan altóra nua (Veritas 2017). I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2009). Ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.