Tírdhreach, Teanga agus Taise Chríostaí: Gné na hInsinte i bhFilíocht Derry O’Sullivan

Máirín Nic Eoin

Réamhrá

1 Is é cuspóir na haiste seo ná aird a tharraingt ar ghné thábhachtach amháin de shaothar an fhile Derry O’Sullivan (1944–), Corcaíoch atá ag cur faoi i bPáras na Fraince ó dheireadh na 1960idí agus a bhfuil sé leabhar filíochta Gaeilge foilsithe aige, chomh maith le gearrshraitheanna Fraincise agus Béarla. Tá cáil faoi leith ar dhán amháin le O’Sullivan, an dán corraitheach ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’ ar ghlaoigh Louis de Paor ‘one of the most achingly beautiful Irish poems of the twentieth century’ air (2006: 349). Ba é an t‑aon dán le O’Sullivan a roghnaíodh don díolaim thábhachtach Coiscéim na hAoise Seo (Ó Tuama agus de Paor 1991: 73–74); athfhoilsíodh ó shin i ndíolaimí éagsúla é agus tarraingíodh aird idirnáisiúnta air nuair a bhuaigh an t‑aistriúchán Béarla a rinne Kaarina Hollo air, ‘Stillborn 1943: Calling Limbo’, Duais Stephen Spender an Sunday Times sa bhliain 2012 (Power 2012; 2013; Stephen Spender Trust 2013). Tá an dán aitheanta go forleathan mar cheann de na saothair is géire ar thraidisiún na heaglaise i nualitríocht na Gaeilge, cé, mar a deir Máire Ní Annracháin, ‘nach chuige sin an dán go príomha. Gníomh comhbhá atá ann lena mháthair as an mbriseadh croí a d’fhulaing sí nuair a chaill sí a leanbh, agus gur cloch bhreise san ualach sin teagasc agus cleachtas na heaglaise’ (2000: 112). Díol suntais an chaoi a bhfuil an comhthéacs stairiúil fite fuaite i dtéacs an dáin féin (scéal marbhghine ar leith; gné de scéal na hEaglaise Caitlicí in Éirinn aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus scéal na diagachta Caitlicí sa tréimhse i ndiaidh Vatacáin II). Cur chuige eile ar fad atá i gceist sa saothar eile le O’Sullivan atá tar éis aird lucht léite agus critice na Gaeilge a fháil, an dán ilchodach, An Lá go dTáinig Siad (2005). An t‑eispéireas Giúdach le linn fhorghabháil na Naitsithe ar Pháras is comhthéacs don dán seo, agus fócas ar leith ar oidhe chailín óig a bhíodh ina cónaí san árasán ina bhfuil an file féin ag cur faoi. In áit an reacaire lárnaigh atá le cloisteáil in ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’, tá an dán ilghuthach, ag gluaiseacht ó ghuth aonair an chailín go dtí, i bhfocail Michael Davitt, ‘ollghuth éigin, cnuasghuth, cinethaibhse gan cheangal aoise, inscne, ama ná áite’ (2005: 26). Cuirtear clabhsúr ar an leabhar An Lá go dTáinig Siad leis an dán scéaltach ‘Cúlra an Dáin’, a chuireann fráma tagartha stairiúil agus dírbheathaisnéiseach ar fáil don saothar ina iomláine. Ina léirmheas ar an leabhar, tugann Michael Davitt ‘aguisín’ ar an dán clabhsúir sin, ach tá an dán san áireamh agus breithiúnas á dhéanamh aige ar an leabhar mar aonad ealaíne:

Saothar é seo atá ar maos i meafair agus i siombalachas: an tseanbhean, comharsa an fhile, adeir gur ‘athchasadh síoraí é ár saol’, an sraithdhán féin á chiorcalú féinig, guth aonair ag glacadh iliomad eile guthanna chuige as guairneán na staire, an staighre bíse, an rópa scipeála, fiú ainm an nuachtáin a thugann an file chun an bhruscair. Tá againn, ar shlí, in An Lá go dTáinig Siad leathchúpla an dáin iomráitigh ag Derry, ‘Marbhghin: Glaoch ar Liombó’ agus teastas báis dóibhsean a dumpáladh go neamhthrócaireach ar charn aoiligh na staire (2005: 27).

2 Más í an ghné pholaitiúil den saothar atá chun tosaigh i léirmheas Davitt, is ar theanga theimhneach an dáin ilchodaigh a dhíríonn Pádraig de Paor ina anailís siúd ar An Lá go dTáinig Siad. Áitíonn de Paor gur léiriú paiteanta an sraithdhán rúndiamhrach ar mhianach neamh-mhiméiseach na nua-ealaíne: ‘Thar rud ar bith, ní athláithriú na réaltachta atá sa nuafhilíocht, ach tarraingt siar ón réaltacht, nó an réaltacht a bheith á cur ar stad’ (2011: 122). Luaitear tionscadal nuafhilíochta Mallarmé, agus radacachas teanga Mallarmé, mar fhráma oiriúnach léirmhínithe:

Is éard a bhí sa nuafhilíocht, dar le Mallarmé, ná teanga íonghlan: teanga a bheadh saor ar dhualgas an churtha in iúl agus an athláithrithe. Is éard a bhí sa nuafhilíocht, dar le Mallarmé, an teanga i ndiaidh di a bheith fuascailte ó ghnáthualach na gcoincheap, na mbríonna, na mothúchán, agus na dtuairimí i leith an tsaoil; is éard a bhí sa nuafhilíocht, dar leis, an teanga a bheith 'fuascailte' ón réaltacht (Pádraig de Paor 2013: 54).

3 Cé go bhfeileann tuiscint seo Mallarmé go paiteanta don sraithshaothar osréalaíoch An Lá go dTáinig Siad, ba dheacair a áiteamh go mbíonn corpas filíochta Derry O’Sullivan i gcoitinne, ní áirím an nuafhilíocht ina hiomláine, ag tarraingt siar ón réaltacht. Ní gnách le O’Sullivan an réaltacht shóisialta ná stairiúil as ar tháinig an dán ar leith a cheilt ar an léitheoir, mar shampla. Go deimhin, is amhlaidh a bhíonn an scéal — ‘Cúlra an Dáin’, más maith leat — ina dhlúthchuid chomh lárnach sin den aonad ealaíne go minic go mbeadh sé rídheacair neamhshuim a dhéanamh de. Is é cuspóir na haiste seo gné sin na hinsinte d’ealaín Derry O’Sullivan a chíoradh trí anailís a dhéanamh ar dhánta dá chuid atá bunaithe ar eilimintí sa timpeallacht fhisiciúil. Áiteofar gurb é an gaol idir tírdhreach agus teanga (gaol a bhfuil tuiscintí Críostaí ar a chúl go minic) a spreagann samhlaíocht an fhile, agus gurb é a acmhainn scéalaíochta a mheallann an léitheoir isteach i mbomaiteacht agus i ndrámatúlacht an dáin ar leith.

4 Sula dtugaim aghaidh ar na dánta féin, b’fhéidir nár mhiste cúpla focal a rá i dtosach faoi choincheap na hinsinte i gcomhthéacs na filíochta. Is fada fairsing an litríocht chriticiúil ar choincheapa na miméise agus na reacaireachta, agus ar chastachtaí an ghaoil eatarthu. Más iad Platón, in An Phoblacht, Leabhar III (Plato 1974), agus Arastatail, in Ealaín na Filíochta (Aristotle Horace Longinus 1965), a leag síos dúshraith léann na reiceolaíochta gona n‑idirdhealú tábhachtach idir aithris nó miméis (mimesis) agus insint nó reacaireacht (diagesis), ba líonmhar le lua na scoláirí de chuid an fichiú haois a chuir comaoin ar an ábhar taighde seo. Ar na saothair ba thábhachtaí ar fad, ba ghá ríshaothar an fhocleolaí Erich Auerbach, Mimesis: The Representation of Reality in Western Literature (2003 [1953]), a lua, áit a ndéantar anailís mháistriúil ar straitéisí reacaireachta údar éagsúil ó Hóiméir go dtí Virginia Woolf agus Marcel Proust; nó mórshaothar an struchtúraí Gérard Genette, Narrative Discourse (1980), a thóg fráma mionchúiseach anailíse timpeall ar struchtúir reacaireachta Proust in À la recherche du temps perdu (do ghearrchuntais ar an bhfearann taighde san fhichiú haois, féach: Hawkes 1984; Eagleton 1983; Miller 1995). Seánraí próis na scéalaíochta atá chun tosaigh i gcuid mhaith den phlé teoiriciúil ar chúrsaí insinte agus reacaireachta (féach: Propp 1970; Greimas 1983, mar shamplaí), ach tá aitheantas tugtha ag criticeoirí freisin do raon na seánraí a bhfuil an insint mar ghné thábhachtach díobh. Maíonn J. Hillis Miller, mar shampla, gur cuid dhílis den chumarsáid dhaonna trí chéile í insint scéalta, agus go bhfuil gné na hinsinte le haithint dá bharr sin i gcineálacha éagsúla cumadóireachta liteartha:

Even within ‘literature proper’ the range of narrative is wide and diverse. It includes not only short stories and novels but also dramas, epics, Platonic dialogues, narrative poems and so on. Many, if not all, lyric poems have a narrative dimension (1995: 66).

5 Ba ghá taighde cuimsitheach a dhéanamh chun an ‘narrative dimension’ sin a phlé i gcomhthéacs na nuafhilíochta i gcoitinne, nó fiú i gcomhthéacs nuafhilíocht na Gaeilge féin. B’fhéidir gur leor domsa a dhearbhú anseo go mbraithim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le gné sin na hinsinte i bhfilíocht Derry O’Sullivan. Creidim freisin gurbh fhearr nach ndéanfaí coincheap na hinsinte a dhealú go hiomlán ó cháilíochtaí eile de chuid na nuafhilíochta, mar a rinne Seán Ó Ríordáin nuair a mhaígh sé, i réamhrá cáiliúil Eireaball Spideoige, nach ‘insint é dán ach bheith’ (1952: 11). Bhí béim á leagan ag an Ríordánach ansin ar an dán mar bheith theangeolaíoch, a shaolaítear as ‘beo-gheit’ agus a mhaireann mar aonad neamhspleách ealaíne (1952: 13). Mhaígh sé, i gcás a dháin féin ‘Malairt’ (1952: 63), mar shampla, gurb éard atá ann: ‘Domhan beag…ná fuil aon eolas le fáil ann ar chúrsaí lasmuigh dhe féin’ (1952: 24). Tá glactha go forleathan le bailíocht na codarsnachta a dhéanann an Ríordánach idir ‘insint’ agus ‘bheith’, agus idir an dán agus an réaltacht lasmuigh de, ach is dóigh liom gur chóir idirdhealú a dhéanamh idir teicníocht agus cuspóir ealaíne an tsaothair atá faoi chaibidil má táthar chun ról na hinsinte i gcúrsaí filíochta a thuiscint i gceart. Cé gur cinnte nach í an insint is cuspóir don fhilíocht liriciúil, an nuafhilíocht go háirithe, d’aontóinn le Miller thuas agus d’áiteoinn gur dlúthchuid de theicníocht na filíochta liriciúla go minic í, modh léirithe trína mealltar an léitheoir isteach i ndomhan samhlaíoch an dáin. Creidim go bhfuil fianaise dá leithéid le fáil i saothar an Ríordánaigh féin. Fiú munarb í an insint ar ócáid shochraide a dhéanann sárshaothar filíochta den dán iomráiteach ‘Adhlacadh mo Mháthar’ (1952: 56–58), mar shampla, mar sin féin, ba dheacair gaol an dáin sin le scéal pearsanta an fhile ná le réaltacht fhisiciúil agus mhothálach na ndeasghnáth iarbháis a shéanadh. Is amhlaidh atá an réaltacht sin (atá so-aitheanta don léitheoir) ar chúl na haigne suaite arb í ábhar lárnach an dáin í. Is dóigh liom go saibhríonn an léamh atá déanta ag Tríona Ní Shíocháin ar ghné eispéireasach na filíochta ár dtuiscint ar a raibh i gceist ag Ó Ríordáin i réamhrá Eireaball Spideoige (1952: 9–25). Tarraingíonn Ní Shíocháin go torthúil ar thuiscintí an smaointeora Ghearmánigh de chuid an naoú haois déag, Wilhelm Dilthey, ar ealaín na filíochta agus a gaol leis an réaltacht: ‘The work does not aim at being an expression or representation of our actual life. It isolates its object from the actual context of life and treats it as a totality in itself’ (Dilthey 1985: 250; luaite ag Ní Shíocháin 2019: 30). Nó, i bhfocail Ní Shíocháin féin agus ráiteas Uí Ríordáin á léirmhíniú aici, ní ‘athrá ná aithris ar an saol a bhíonn sa bhfilíocht, ach cruthú nuálach siombalach atá fréamhaithe san eispéireas: mar nach insint dán ach bheith’ (2019: 31). B’fhéidir go mbeidh mianach an ghaoil idir eispéireas an dáin (an dán mar ‘bheith’ i dtéarmaí an Ríordánaigh), agus an t‑eispéireas ar leith a spreag é, ina ábhar díospóireachta i gcónaí ag criticeoirí, ach is minic gurb í an insint (ar ócáid, ar eachtra, ar shuíomh ar leith) a sheolann an léitheoir isteach i dturas fionnachtana na léitheoireachta. Maidir le dánta Derry O’Sullivan, is minic a sholáthraíonn suíomh litriúil nó timpeallacht ábhartha ‘eachtraí’ an dáin ardán d’aistear cruthaitheach an fhile, comhthéacs nithiúil inar féidir leis scód a scaoileadh lena shamhlaíocht bhisiúil. Cé go dtarraingíonn sé ar ábhar dírbheathaisnéiseach, ní hí an mhiméis ná an fhéinfhaisnéis is feidhm don fhilíocht aige. Ina ionad sin, is amhlaidh a bhíonn a chur chuige cumadóireachta ag claonadh go láidir i dtreo an osréalachais, an t‑eispéireas comónta á chlaochlú ina eachtra mhéaldrámata nó ina bhraistint aduaine. Tá gné láidir fhísiúil ina chuid dánta, agus bíonn idir shúgradh agus dáiríre ag baint leis an spraíúlacht teanga a chleachtann sé: ‘Imeartas focal ag uainíocht ar imreas braistinte’ (O’Sullivan 1988).

6 Sa chuid eile den aiste seo, scrúdóidh mé feidhm na hinsinte i roinnt dánta ó na cnuasaigh Cá bhfuil do Iúdás? (1987), Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? (1994), “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” (2009), Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh (2014) agus Siúlóir Tine is Dánta Eile (2019) a bhfuil gné den tírdhreach nó den timpeallacht fhisiciúil ina bunspreagadh ag an bhfile.

Tírdhreach, Teanga agus Taise Chríostaí

7 Téama lárnach i dtraidisiún liteartha na Gaeilge is ea gaol an duine leis an tírdhreach, agus le talamh na hÉireann go háirithe. Tá leanúnachas an ghaoil sin rianaithe ag Máire Ní Annracháin in ailt ar nuafhilíocht na Gaeilge, agus samplaí éagsúla pléite go mion agus go máistriúil aici (2000, 2003). Más fúinn tábhacht an taobh tíre a phlé i bhfilíocht O’Sullivan, áfach, níor mhór dúinn a aithint gurb í cathair Pháras, ina bhfuil sé lonnaithe le fada, an timpeallacht is mó a spreagann a shamhlaíocht agus a ghríosaíonn chun pinn é, rud a shonraigh sé féin sa bhliain 1998: ‘Depuis plus d’un quart de siècle, Paris fournit le cadre de mes recherches, me livrant tour à tour ou simultanément à une dénudation des procédés d’écriture et à la « densification » du regard porté sur le monde et le moi’ (O’Sullivan 1998: 7). Mar a deir Proinsias Ó Drisceoil faoi thábhacht Pháras ina léirmheas ar an gcnuasach “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?”: ‘The city is at once a geographical reality and a source for sustained metaphor’ (2010: 100). Is le súil fhiafraitheach íorónta a fhéachann pearsa na ndánta ar dhreach fisiciúil agus ar chleachtais shóisialta na cathrach sin, agus é á mbreithniú go minic ó phointí féachana an áitritheora agus an imircigh araon. Cuid dhlúth den íoróin i gcás O’Sullivan is ea an earraíocht a bhaintear as tuiscintí de chuid na Críostaíochta le gnéithe de shaol tuata na cathrach comhaimseartha a scrúdú. Ní haon rún é gur iarshagart de chuid an oird Chaipisínigh é O’Sullivan agus tá sé ráite aige féin gurbh é a chéadbhlaiseadh de shaol Pháras, áit ar thuirling sé sa bhliain 1969, a spreag é leis an tsagartóireacht a fhágáil, go gairid tar éis a oirnithe. Agus é ag tagairt do thionchar ‘évenements’ 1968 ar an gcathair, deir sé: ‘I remember coming out of the Metro for the first time and smelling the air and the first word that came to my mind was “freedom” ’ (luaite in Power 2012). Má shaor sé é féin ón mbeatha chrábhaidh, ní hionann é sin agus a rá gur fhág sé trealamh meafarach, stórchiste samhlaíoch ná bunteagasc sóisialta na Críostaíochta ina dhiaidh. Is amhlaidh a bhíonn earraíocht á baint go rialta ag O’Sullivan as teanga agus meafair na Críostaíochta sa chaoi is go bhfeileann ráiteas Mháire Ní Annracháin faoin bhfilíocht chomhaimseartha go grinn dó: ‘Tá rian na Críostaíochta infhillte san fhilíocht chomh domhain sin gur fánach dúinn iad a shamhlú gan a chéile’ (2000: 104). Féachfar le tionchar sin na Críostaíochta a rianú sa phlé ar dhánta áirithe thíos.

8 Cur chuige feiniméaneolaíoch atá ag O’Sullivan agus cathair Pháras á breithniú aige agus díríonn sé go minic ar ghnéithe ailtireachta agus ar fheidhm shiombalach mioneilimintí den timpeallacht fhisiciúil: sráideanna agus foirgnimh, margaí, caiféanna, siopaí agus institiúidí cultúir. Faightear sárléamh ar shaol comhaimseartha an duine i suíomh mórchathrach i dteidealdán a chéad chnuasaigh, ‘Cá bhfuil do Iúdás?’, atá bunaithe ar ghné bheag bhídeach amháin de thimpeallacht fhisiciúil an fhile i bPáras (‘Iúdás’ a thugtar ar an ngloine bheag chiorclach i ndoras tí nó árasáin trínar féidir leis an áitritheoir breathnú amach ar dhuine atá taobh amuigh den doras). Is minic a mhíníonn O’Sullivan an comhthéacs sóisialta don léitheoir i dteanga neamhtheimhneach na tuairiscíochta, agus is mar sin a osclaíonn an dán seo:

I gcathair go mbíonn tosaíocht
ag amhras ar mhuinín
go minic bíonn an chéad teagmháil
ar sceabha faoi scrúdú
leathshúile dofheicthe:
gloine chuasach leathorlach trasna
ar gach doras árasáin
trína scrúdaítear cuairteoirí,
liopa stáin sobhogaithe air
ón taobh istigh,
iniúchtar
leath íochtarach ceannaithe formhéadaithe,
leath uachtarach ag cúlú
go scigphictiúir aitheantais amuigh.

tugtar Iúdás air (‘Cá bhfuil do Iúdás?,’ 1987: 52).

9 Tá eachtra ar leith á ríomh anseo: mearbhall agus líonrith phearsa an dáin agus é ag iarraidh árasán carad i bhfoirgneamh ilstórach a aimsiú ach uimhir an dorais agus uimhir ghutháin an duine a bheith fágtha ina dhiaidh aige. Téann sé ó dhoras go doras go dtí go n‑éiríonn sé as an iarracht ‘ag an tríochadú doras’ (53). Tá an dán seo tipiciúil de chur chuige scéaltach agus pictiúrtha O’Sullivan. Tá pearsa an dáin i ngleic le timpeallacht ábhartha ina bhfeidhmíonn an pointe teagmhála idir daoine mar phointe cosanta agus mar bhac ar chumarsáid, i bhfocail Eiléan Ní Chuilleanáin, ‘its perfect account of urban panic… sharpened to a hysterical edge… the metropolitan eye recreating man as alien’ (2013: 60). Trí úsáid chliste an dara pearsa, tarraingítear an léitheoir isteach go dlúth i ndráma an dáin, a chríochnaíonn le ceist atá bunaithe ar an gcomhthuiscint Chríostaí/ iar-Chríostaí gur údar drochamhrais agus sceimhle ann féin an t‑ainm dílis ‘Iúdás’:

anois,
fanaim
go nglaofá ar ais;
cén fáth ná deinir?

an bhfuilir,
tusa freisin,
leathshúil dhofheicthe
brúite led Iúdás,
ag scrúdú dorchadais réamhghiorraithe,
do mhuinín ionam ag cúlú,
duine mé a thréig thú,
mé Iúdás eile?

th’anam ’on diabhal
cá bhfuil do Iúdás? (‘Cá bhfuil do Iúdás?,’ 1987: 53).

10 Sa dán seo feictear an tús áite a thugtar do chéadfaíocht na súl i bhfilíocht O'Sullivan, agus is sampla cruthanta é den úsáid a bhaineann sé as íomhá na gloine mar scáthán agus mar scagaire ar eispéireas an duine. Feictear teanga na matamaitice in úsáid aige anseo freisin, agus fisiciúlacht na teagmhála trí mheán an chuarghloine mhéadaithe á cur i bhfriotal a bhfuil cuma na hoibiachtúlachta air.

11 Luann Louis de Paor tuin chomhráiteach na filíochta ag O’Sullivan agus an spraíúlacht intleachta ‘that seems to rejoice in the collisions between concrete imagery and metaphysical abstractions’ (2016: 411). Tá na tréithe sin le feiceáil arís sa dán ‘An Duine Ilstórach’ ina scrúdaítear gné eile de shaol na n‑árasán cathrach: an chaoi a múnlaíonn an ailtireacht caidrimh shóisialta an duine, agus saol na n‑árasán á bhreithniú trí shúile duine a raibh taithí aige ar leagan amach cothrománach. Tá greann agus géarchúis O’Sullivan le brath ar an dán seo ó thús deireadh, agus acmhainní na Gaeilge á gcur i gcion aige ar radharc comónta a thiontaíonn ina eachtra histéireach roimh dheireadh an dáin. Éilíonn an leagan amach fisiciúil athmhachnamh ar choincheap na comharsanachta mar a thuigtear sa Ghaeilge é (comh-ursa) agus leagtar béim ar iltaobhacht agus sobhristeacht na dteorainneacha fisiciúla idir daoine:

dá chothrománaí
ár leathnú amach
is ingearaí é
ár gcúngú isteach.
inné
comharsa béal dorais;
inniu
comharsa urláir,
síleála
is taobhmhúir.
téitear suas
nó síos
nó trén múr
ar fios.
abhaile Beethoven,
anuas Rolling Stones,
aníos B.B.C.,
aniar is anoir
buillí chos scuaibe
ar urlár, síleáil, is ballaí.
corr uair
braon
anuas ortsa
síos uaitse
nó druilire láimhe niúmaitiúil
ag polladh
cúl do Phicasso
— macasamhail, ar ndóigh!
an t-ardaitheoir
— má tá sé agat —
ó ghléas,
na leanaí istigh ann
teanntaithe
ar an Domhnach,
na leictreoirí uilig as baile
nó ag scaoileadh leanaí eile.
go minic
ritear chun an ghutháin
nuair is thuas nó thíos nó in aice é.
ceilim ort an spórt
le deich mbáb ag gol
nó sé theaghlach ag troid
san am céanna ...
sea,
inné ba ísle
ach inniu an uaisle? (‘An Duine Ilstórach,’ 1987: 54-55).

12 Éiríonn le O’Sullivan dul faoi chraiceann an tsaoil áitiúil trí dhíriú ar láithreacha fisiciúla a iompraíonn scéal an phobail ach a ardaíonn ceisteanna freisin faoin gcóras sóisialta a bhfuil saol na cathrach bunaithe air. Ainm institiúide is ea a spreag an dán ‘Príosún na Sláinte’ a bhfuil an fotheideal ‘Prison de la Santé i bPáras’ air:

an “canna”
a thug mo chara Meiriceánach air,
an “tsláinte”
mo chara Francach;
istigh ann daoine
gan channa
gan sláinte.

i mbéarlagar póilíní
“iascúil” iad,
boladh frithshóisialta orthu
pacáilte isteach
i gcanna cruach
sairdíní iad
go dearfa (‘Príosún na Sláinte,’ 1987: 50).

13 Pictiúr uafar d’institiúid ghéibhinn atá sa dán seo, agus íomhá an éisc á réaladh i radharc d’áitritheoirí an phríosúin mar chimí agus den eisfhearradh mar an t‑aon mhodh éalaithe atá acu. Meabhraíonn tagairt do na camraí modh éalaithe na nGiúdach le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus tá idir íoróin agus chritic shóisialta san athscríobh ar líne ó Phaidir an Tiarna a chruthaíonn íomhá uafar d’uirísliú agus d’uirísleacht an duine:

mar sin
taibhríd ar na camraí:
gach lá laghdaíd iad féin
— fir athghiortaithe dhochreidte —
go cac go mún,
a nguí:
“ár n‑arán laethúil tóg uainn inniu,”
go sleamhnaíd síos trí pholl leithris
isteach sa tsruth fothalún
amach isteach sa tsruth mór
sa tsruth ollmhór saoránach is príosúnach
faoin gcathair isteach
sa tSéin
amach isteach san aigéan
ar snámh i measc na sairdíní
saor (‘Príosún na Sláinte,’ 1987: 51).

14 Ní diúltach ná criticiúil atá léirithe O’Sullivan ar chathair Pháras i gcoitinne, áfach. Go deimhin, is léir go bhfuil sé go mór i dtiúin le gnéithe de shaol sóisialta na cathrach. Feidhm shóisialta an chaifé atá á léiriú sa dán drámatúil ‘Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers?’, dán eile a raibh ainm dílis allabhrach agus eachtra ar leith (dúnadh caifé cathrach) mar bhunspreagadh aige. Arís tá an dán mionsonraíoch seo tipiciúil de chur chuige scéaltach O’Sullivan mar tá bail an duine á ríomh aige sna miontagairtí do chleachtais chultúrtha comharsanachta áirithe:

Is maith an cuan don gcoitiantacht
An caifé ar an gcúinne sa chathair.
Is ann a thugann Tromdháimh na comharsanachta
A n‑anaithe intinne isteach leo
Ionas go scarfaidís le hualach a dteipe laethúla
Mar a ndáiltear ort buanna saothair na tuaithe,
Torthaí próiseálta an fhómhair ó chearnaí na cruinne:
Caifé, fíon, beoir, uiscí beatha, bainne,
Arán, uibheacha, feoil is cáis,
Mar aon le beár taca nó stól scéalaíochta,
Cluichí vidéó, pinball, ceirníní ceoil chrua,
Snúcar, cártaí, leithreas is teileafón.
Gnáthaím féin l’Univers ar Boulevard Raspail,
Ach inné bhí fógra ar an ndoras
Go mbeadh l’Univers dúnta ar feadh na Cincíse
Le haghaidh nua-chóirithe.
Thógas caifé, mar sin, i Le Météor.
Bhí sean-bhacach-an-bhus istigh
Lena mhaide croise ag an gcúntar romham;
Ainm ceana a thugas air
Mar go gcaitheann sé an lá
Ón gcéad bhus 86 ar a fiche cúig chun a seacht
Ag taisteal na cathrach ar phas pinsin
Ar teitheadh ón mbaintreachas is ó uaigneas a sheomra.
I gcaitheamh an gheimhridh bailíonn lucht a chomhaimsire isteach ann,
Pinsinéirí idir fhir is mhná,
Ag dul i dteirce in aghaidh na bliana,
Mar mhalairt ar fhuacht, ar chócaireacht, ar chluichí teilifíse,
Ar ghuthán ina thost, ar cheanastar callánach an chloig.
D’éisteas le scéalta clainne is scannail
Is le dréimeanna dochta an chrannchuir
Lena gcóireofaí a gcosmas giorraithe.
Amuigh ar an sráid,
Chonac seanbhean ar a balcón ag scaipeadh grabhróga aráin
Is scuaine colúr úr na Cincíse
Ina scamall durdála ag tuirlingt ón ndíon uirthi:
Í i gcomhrá leo i dteanga aduain.
D’fhágas teangacha tíosacha Le Météor
Is, ar an mbus abhaile,
Thugas cúlfhéachaint ar L’Univers dúnta (‘Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers?,’ 1994: 7-8).

15 Díol spéise sa dán seo arís is ea an chaoi a bhfuil gnéithe den bheatha shaolta á samhlú mar dheasghnátha reiligiúnda, ‘L’Univers’ mar thearmann (‘cuan don gcoitiantacht’) ach é dúnta anois, go híorónta, ‘ar feadh na Cincíse’, tréimhse rí-thábhachtach san fhéilire Críostaí. Is féidir deasghnáth an chothaithe a léamh mar chomaoineach thuata, ach cuirtear treise leis an ngné reiligiúnda den radharc nuair a dhíríonn pearsa an dáin a shúil ar an tseanbhean ag scaipeadh grabhróga aráin óna balcóin, ‘scuaine colúr úr na Cincíse’ ag tuirlingt uirthi, agus í i gcomhrá leo ‘i dteanga aduain’. Más é an ‘Dia as láthair’ sa chathair chomhaimseartha atá á chomharthú i dteideal saoithiúil an dáin, mar a áitíonn Caoimhín Mac Giolla Léith (2021: 410–411), léiríonn an siombalachas Críostaí a bhfuil an dán ar maos ann go maireann an mhothálacht reiligiúnda in aigne an té atá ag caint, agus go bhfuil a rian fós le haithint ar láithreacha agus ar chleachtais shóisialta an phobail.

16 Pléitear láithreacha agus ócáidí cultúir de chineálacha éagsúla i ndánta eile. ‘Ba dheacair Páras a shamhlú/ Gan taispeántas ná dánlann’, a deirtear sa dán ‘Dathanna Anama gan Dath’ (1994: 30) a cumadh don ealaíontóir Reginald Gray, an duine a rinne an obair ealaíne do na cnuasaigh Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers?, “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” agus An Lá go dTáinig Siad. Feictear spéis O’Sullivan sa ghaol idir ealaín agus miméis sa dánphortráid d’ealaíontóir i mbun féinphortráide arb é teidealdán an chnuasaigh “An bhfuil Cead Agam Dul Amach, más é do Thoil é?” é. Arís sa dán seo, feidhmíonn an scáthán mar fhinné bréagach nó mar dhromchla a shaobhann an réaltacht inmheánach arb é cuspóir an ealaíontóra foirm a thabhairt di. Tá an ceistiú céanna — ach é dírithe ar reacaire an dáin féin — le fáil sa dán ‘I gCaife “Le Saint Placide” i bPáras’ ón gcnuasach céanna, dán a mhachnaíonn ar na toisí éagsúla den ‘mise’ agus iad ag luascadh de shíor idir an nóiméad reatha, an t‑eispéireas céadfaíoch san aimsir láithreach, agus an aimsir chaite a bhrúchtann aníos trí mheán na gcuimhní. Seo ceann de na dánta cathrach ina mbriseann cuimhní óige isteach ar mhachnamh an fhile ar a gharthimpeallacht. Bogann an dán ón athláithriú réalaíoch ar radharc caifé agus pearsa an dáin á bhreithniú féin ‘Ar bhrat gloine tréshoilseach na fuinneoige’ go dtí íomhá chlaochlaithe ag an deireadh. Idir tús agus deireadh, machnaítear ar láthair eile (‘scamaill Bheanntraí’ agus ‘clocha Chnoc na bhFiach’) agus ar ghaol an duine leis an am atá caite: ‘An mé an malrach úd i gcéin fadó / A bhuaileadh clog an aingil?’ Níl réiteach ar an gceist sin aige, ach amháin gur ‘Cúpla Siamach i mbroinn ghloine’ an fear atá ag cur na ceiste agus an íomhá den iar-chléireach cloig a shamhlaíonn sé nuair a fheiceann sé scáth a chumraíochta féin. Sa dán seo léirítear mórbhua O’Sullivan nithiúlacht suímh a athchruthú, ach ag an am céanna láthair don mhachnamh diamhair ar bhuneisint na beatha a dhéanamh den áit ar leith sin:

Duine frithchaite tréshoilseach,
Teanga spúnóige i bpluc phoircealláin
Ag dúiseacht cuimhní cloigthí i mo chloigeann.
Scrúdaím bánú mo mhalaí gloine sa phána sráide,
A n‑áirsí ar scaradh gabhail os sruth gorm mo shúl —
Nach gaineamh téite í gloine na fuinneoige?
Nach carraig mheilte i gcraos na gaoithe é gaineamh?
Nach scáth gainimh agus gaoithe mé anois?
Cúlaím siar iarracht bheag ón bhfuinneog scátháin,
Cúlaíonn siar uaim mar aithris orm
Mo leasaingeal gainimh,
Síneann mar a bheadh leaistic ghloine eadrainn,
Claonaim chuige, claonann seisean ar ais chugam,
Imrímid yóyó scátháin ar a chéile,
Isteach amach istigh amuigh,
Beirt iaraingeal a ardaíodh anallód guth miotail,
Anois greadaimis gléas INOX spúnóige
I gCaife “Le Saint Placide”,
Cúpla Siamach i mbroinn ghloine (‘I gCaife “Le Saint Placide” i bPáras,’ 2009: 25).

17 Má tá machnamh ar imeacht an ama á shamhlú mar ghníomh féininiúchta agus claochlaithe i gcaifé cathrach sa dán seo, léirítear saol na cathrach mar phróiseas ídithe agus athnuachana i ndánta eile. Scrúdaítear cleachtadh agus coincheap an tomhaltais sna dánta ‘Bruscarú’ agus ‘Osmhargaíocht’ (1987: 58–9, 62), mar shampla. Spreagann radharc trí ghaothscáth an ghluaisteáin ar ‘reilig mhótair cois bhóthair’ samhail de cháca bainise trí shraith: ‘Leathanaigh chruais iad / Ná léifí go deo / Ach réidh le hathchúrsáil / Mar chóistí nua’ (‘Breith ar Eireaball Stáin,’ 2009: 64). Is í an áit féin atá ag labhairt i ndánta áirithe, ar nós ‘Passage de la Bonne Graine, Páras’, ina bhfeictear stair na cathrach, teacht agus imeacht an duine (‘an pór daonna/ A shileann tríom gan sos’) trí shúile an lána chaoil seo, a shamhlaítear mar chainéal sceite na daonnachta, mar fhaighean (2009: 43).

18 Tá íomhá lárnach den chathair mar ionad mór athchúrsála le fáil freisin sa dán ‘A gCiúnas i gCallán Mhargaidh Phárais’, ach sa chás seo tagann pearsa an dáin ar iarsmaí liteartha, cuimhneacháin luachmhara ina gcuimlíonn stair na hEorpa agus saol an duine ar leith le chéile ar bhealach nithiúil a thugann sólás agus inspreagadh dó. Arís, tá toise na scéalaíochta chun tosaigh sa dán seo: scéal ar leith na cuairte ar an margadh, na scéalta ar chúl na n‑earraí atá ar díol, ina measc scéalta leabhar agus a n‑údar cáiliúil:

Lorgaím seoideanna i mbréagriocht bhruscair
Ar ardfheis athláimhe Aligre;
Ransaím margadh na dtorthaí úra
Ar thóir earraí caite.
Tugaim cluas bhodhar
Do scol mhangairí
Ar chúl a gcnocáin oráistí,
Mar is mó liom
Stór suite na sean,
An t‑am ag buíochan
Ar ghúna bainise,
Ar ghrianghrafanna
D’ógfhir nua-bhearrtha
Ná feicfeadh rásúr,
Nó gallúnach choíche arís
Ar mhachairí maraithe Fhlóndrais;
Ar an dachadú eagrán
De “Slán le hAirm” Hemingway.
I mbosca ar an dtalamh
Faoi sheastán cuitléireachta,
“Ciúnas na Marbh ar Fhronta an Iarthair”
Remarque — An chéad eagrán Béarla;
Thíos faoi, clúdach crua glas crón,
“Portráid den Ealaíontóir mar Ógfhear”,
Tríú h-eagrán, Preas Egoist,
Nua Eabhrach;
Ag a fhordhuilleog, ámh,
Pléascann gealacháin mo shúl orm —
Lámh Joyce féin:
“To Arthur Laubenstein,
James Joyce”!
Guth mhangaire na sceana:
“Síniú beag — fiche franc …”
Trí euro inniu!
Ag an nóiméad sin,
Idir ógfhir bhuí Verdun
Agus ógfhear crón glas Bhaile Átha Cliath,
D’oscail geata aiséirithe ionam
Agus thugas aghaidh
Trí challán daoineach,
A gciúnas neamhbhalbh páipéir
Im’ chuideachtain (‘A gCiúnas i gCallán Mhargaidh Phárais,’ 2009: 2-3).

19 Má tá bá á léiriú le híobartaigh na cogaíochta sa dán seo, is é saol na ndaoine atá ar imeall an phobail sa chathair chomhaimseartha a bhíonn á nochtadh ag O’Sullivan i ndánta eile. Is minic íomhánna simplí so-aitheanta á n‑úsáid aige, ar nós ‘sac siopa Monoprix’ sa dán ‘Oíche Nollag in Amiens’, áit a bhfeidhmíonn an sonra beag comónta sin mar léiriú ar an mbochtanas agus an dearóile. Tá dúshraith Chríostaí faoin dán Nollag seo, ina ndéantar codarsnacht idir ‘Bean ag iompar naí’ agus fear siúil le ‘Naí bruscair ar a ucht’: ‘Reonn Oíche Chiúin ar bheola,/ Gabhann pobal Dé chun luí,/ Sa ghaoth ag damhsa romhainne/ Mála plaisteach Monoprix(2009: 69).

20 Agus tionchar na Críostaíochta ar shaothar O’Sullivan á bhreithniú, is í an taise Chríostaí ina hiliomad gné, an léiriú is suntasaí ar leibhéal an ábhair féin: an luí atá aige leis an duine bocht comónta, leis an mbacach sráide, le daoine ar bheagán acmhainne. Cé go bhfuil an spraíúlacht fós le brath ar theidealdán an chnuasaigh Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh — ainm comhlacht ollmhargaidh é Dia, a bhfuil siopaí lascaine acu ar fud na Fraince — léiríonn an dán an chomhbhá is dual dó leis an duine beag, sa chás seo an duine atá ag brath ar shiopaí sladmhargaidh Pháras:

Feicim Dia ag stad bus 86
Mar a ndúnann sé gach Dé Domhnaigh.
Ní mholfá inniu é ach ó bhéal,
Na soilse múchta aige,
Poll dorcha ina lár, a ghuth meicniúil
Ag monabhar as an stóras fuar ina chroí.
Íslíonn sé caille chruach ar a ghnúis.
Déarfá gur buaileadh síos leis na scoilteacha é!
Sé lá sa tseachtain é ag dáileadh
Bia ar shladmhargadh ar na Párasaigh;
Acrainm é Dia:
Dáileoir Idirnáisiúnta Anlainn
É ag neartú sparán lag ár bpinsin.
Baintear Dia dá chothrom ar Lá an Tiarna,
Lá nach gcaitheann sé solas.
Gabhaim bus 86 thar B.I.A., acrainm eile:
Bialann, Breakfast In America,
Go dtí Séipéal Naomh Pádraig.
Ag an Aifreann, cúpla paidir Ghaeilge,
Ach cloisim Dia dúnta ag crónán im’ cheann:
“Ligim mo scíth ar an 7ú lá,
Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh
mé faoiseamh daoibh amárach Dé Luain
Ag stad bus 86 (‘Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh,’ 2014: 38).

21 Luann Louis de Paor an ‘forensic examination of memory, both private and public’ (2016: 411) mar ghné leanúnach d’fhilíocht O’Sullivan. Tagann an ghné seo go mór chun tosaigh sa dá chnuasach is déanaí uaidh, amhail is go bhfuil pearsa scothaosta na ndánta ag dianfhaire feidhmiú na cuimhne aige féin. Tá éifeacht an dáin fós ag brath ar chumas an fhile an íomhá láidir, an meafar nó an radharc neamhghnách a chruthú, ach is é guth anailíseach an scéalaí príomhghuth agus pointe fócais fhormhór na ndánta. Sampla den scoth is ea an dán ‘Caife Beatha’, athchuairt gheanúil ar scéal an dearthár nach bhfaca éinne dath a shúl (‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó,’ 1987: 18–19) ina saothraítear agus ina sáraítear an bhearna ama agus spáis idir an aimsir chaite agus an aimsir láithreach:

Éiríonn mo dheartháirín mar osna ón uaigh
I gcaidhp chréafóige, gan libhré cnis,
Gan ghruaig, gan bhlaosc, gan chnámh.
Gabhann chuige tiús na gaoithe,
Croí na toinne i mo chluais,
Gáire na mbéithe ag snámh
Faoin a leaba chré ar bharr an chnoic cois Chuan Baoi.

I gcathair Voltaire is Wilde
Crannlaoch mé i gcúrsaí cosáin,
Ag ól caife is peann i mo láimh,
Ag éisteacht le torann gluaisteán,
Ag lorg a ghnúise ar fán.
Tugaim dó blaosc, gruaig is cnámh,
Líonann tiús gaoithe mo chorp
Is suímid le chéile arís
Ar shuíochán seirce caifé (‘Caife Beatha,’ 2014: 4).

22 Sa dán ‘Mo Thuismitheoirí Idirnáisiúnta’, feictear pearsa an dáin ‘i mbéal na sráide i bPáras,/ Cupán caife, gloine uisce ar an mbord romham’ ag breithniú pobal iltíreach na sráide agus a mhuintir féin á aithint aige iontu:

A n‑anamacha ag imeacht ar malairt tríom,
Gnúis mhalartach m’athar is mo mháthar orthu
Ó chliabhán go cróchar,
Bróga linbh, bróga aosánaigh, bróga pósta
Á gcaitheamh acu arís,
Eorpaigh, Áisigh, Afracaigh, Meiriceánaigh, Astrálaigh,
Idir Mhol Thuaidh is Theas,
Beireann a n‑abhainn barr éirime uaim.
Cuardaím an tsráid ina codanna beaga
Is bisíonn oll-anam ionam
Is cuireann an pobal
Cuibhreach pubaill orm
Ar thaobh na sráide
Mar a n‑iolraítear mé (‘Mo Thuismitheoirí Idirnáisiúnta,’ 2014: 3).

23 D’fhéadfaí samplaí a iolrú ina bhfeictear an mheabhair agus an tsamhlaíocht in aontíos, agus meafair ón dúlra agus ón gcathair féin á gcumascadh i bhféinphortráid dhlúth: ‘Blíonn an tSéin glaise na scamall / Is mo shúil bogha ceatha siúlóirí’ (‘Tuile is Trá na Meabhrach,’ 2014: 5). Is iad na rithimí daonna a thugann beocht don chathair sa dán ‘Páras Istoíche’, in ainneoin an léirithe ar an gcathair féin mar ainmhí codlatach:

Gráinneog í an chathair anocht
A dheineann ceirtlín di féin,
Cuachta i bpóca na hoíche
Ag siúl ar uisce na Séine,
Ag péinteáil na dtaibhreamh
Ar lucht an mhochóirí,
Ar eaglaisí neoin an Champs Élysées,
Ar shodar na gcapall trí chloigeann gan chodladh,
Ar thuirse na leomhan ar a bpinsean i sú,
Ar choimhlint na dtíogar in allas an chleamhnais,
Ar dhaoine gan teach i mboscaí gan ghliú
Caithim catsúil ar a hata gealaí
Is gléasaim mo chosa i mbróga tairní (‘Páras Istoíche,’ 2014: 8).

24 Is ag labhairt go comhfhiosach mar iarshagart atá pearsa an dáin i ndánta áirithe, ‘Caipisíneach ós na seascaidí …. an manach ab ea mé/ Iar-shagart ag bord cosáin i bPáras …’ (‘Bláth Reo ar Shliabh Eargail,’ 2014: 15). I ndánta eile, feictear é á bhreithniú féin, fad is atá glórtha eile ag briseadh isteach ar a mhachnamh:

Suím anseo ar leithligh,
Agus dhá chéad ciliméadar
De shráideanna Phárais
Á ngléasadh ag bláthfheasca
Leis an Nollaig a cheiliúradh
Ar an sean nós.

Mar sin féin, ar ball beag,
Chuala ceoldán callánach na dtonn
Ar thóin mo chathaoireach chosáin
Agus ghluais mé le Matt amach
Béal Chuan Baoi —
Ní scéal i mbarr bata é! (‘Féatas an tSéasúir,’ 2014: 39).

25 Is gné shuntasach de chnuasaigh Derry O’Sullivan an obair ealaíne a ghabhann leo. Ba é a bhean chéile Jean a rinne an léaráid don chéad chnuasach Cá bhfuil do Iúdás?, sceits a léiríonn an mhionghné atá i gceist sa teidealdán. An t‑ealaíontóir, agus cara leis an bhfile, Reginald Gray, a rinne an cholláis, a bhfuil portráid den fhile mar chuid de, atá ar chlúdach Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? Sa chás sin, is léiriú pictiúrtha ar an teidealdán atá i gceist arís. I gcás An Lá go dTáinig Siad, is eilimint riachtanach a bhronnann aontacht ar an saothar í an íomhá chlúdaigh den chailín óg Giúdach ag scipeáil ar an staighre bíse. Tá an íomhá chéanna le feiceáil mar phictiúr dubh-agus-bán ar gach uile leathanach den chnuasach, cés moite de na leathanaigh ag deireadh an chnuasaigh ar a bhfuil an dán, ‘Cúlra an Dáin’. Reginald Gray arís a rinne an pictiúr atá ar chlúdach “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” agus an sceits atá mar thulmhaisiú taobh istigh, ‘Étude de Derry O’Sullivan’ agus Le Monde á léamh aige i gcaifé i bPáras. Grianghraf le Derry O’Sullivan féin den siopa atá i gceist sa teidealdán atá ar chlúdach an leabhair Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh, agus tá sonra as portráid den fhile le Reginald Gray ar an gclúdach cúil. I ngach uile cheann de na cnuasaigh seo, tá gaol dlúth idir an obair ealaíne agus ábhar an chnuasaigh féin. Bheifí ag súil, más ea, nuair a roghnaíodh grianghraf bainise mar íomhá lárnach do chlúdach an leabhair is déanaí, Siúlóir Tine is Dánta Eile (2019), go mbeadh dán nó dánta sa chnuasach a thagródh ar bhealach éigin don íomhá sin. Agus bean chéile an fhile, Jean, imithe ar shlí na fírinne ón mbliain 2017, bheifí ag ceapadh go mb’fhéidir go mbeadh dán grá nó dán cuimhne nó caoineadh pearsanta faoi chlúdaigh an leabhair. Is í an fhírinne é, áfach, nach bhfuil aon cheann de na seánraí sin á saothrú sa leabhar. Ina n‑áit sin, tá dánta, ar nós ‘Scinnim uaithi’ (2019: 4–5) agus ‘Siúlóir Tine’ (2019: 14–15) a nochtann anam suaite sáraithe agus dánta eile, ar nós ‘Cré véarsaí’ (2019: 2–3), ina bhfeidhmíonn an tírdhreach nádúrtha mar thaibhléiriú ar an doilíos daonna. Críochnaíonn an cnuasach le dán scéaltach, ‘Ligeas i ndearmad mé féin i bPáras inniu’, ina dtagtar chun réitigh leis an easnamh agus leis an uaigneas tríd an tuiscint gur comhrá inmheánach an comhrá leis an duine eile anois agus gur leathbhádóirí iad an chuimhne agus an dearmad. Is geall le dán oilithreachta an dán seo ina dtiontaíonn aistear bus ina thuras spioradálta agus guth busóstaigh ina liodán paidreoireachta:

Ligeas i ndearmad mé féin i bPáras inniu
Is chuimhníos ortsa amháin
A bheadh am’ ligint i ndearmad.

Inniu thógais bus camchuairte ag ‘La cour de la maison brulée’,
D’éistis le guth suaimhneasach an bhusóstaigh ar théip
Ag ríomh deichniúir na n‑iontaisí ar phaidrín na stopanna:
Les Filles du Calvaire’, ó thuaidh ó ‘Notre Dame’, ó dheas ó ‘Sacré coeur’.

Líonais isteach 60 bán id’ ‘Sudoku’ is d’fhágais an bus —
Cá raibh mise?
Nár dheinis dearmad díom?
Chonacais baintreacha mná is fir ar thóir ‘leathbhádóirí’
Faoi na h-aingil chloiche i reilig ‘Père Lachaise’.

Ansan ag fánaíocht thar fhuinneog an tsiopa ‘Verreglas’,
rue de Charonne’,
Chonaic tú mé mar scáil frithchaite sa phána mór —
Lorgaís in aisce do shamhail féin ann, ach chuimhnigh tú
Gur agatsa m’aghaidhse is agamsa d’aghaidhse —
Nach leathbhádóirí a chéile sinn? (‘Ligeas i ndearmad mé féin i bPáras inniu,’ 2019: 38).

Conclúid

26 Chun clabhsúr a chur ar an aiste seo, ba mhaith liom aird a dhíriú ar dhá dhán ón gcnuasach deireanach seo atá bunaithe ar shaothair amharcealaíne agus a thugann léargas iontach dúinn ar fheidhm na scéalaíochta i bhfilíocht mhachnamhach O’Sullivan. Tá an dán ‘Bíobla péinteáilte mé i bpictiúr le Van Gogh’ (2019: 17–21) foilsithe taobh le grianghraf den phictiúr áirithe atá i gceist (16). Sa phictiúr sin tá seanbhíobla oscailte agus é suite ar thaca leabhair ar bhord, agus taobh leis cóip chaite den leabhar le Zola La joie de vivre. Sa mhéid gurb é pointe féachana an leabhair bheannaithe atá á ghlacadh ag an bhfile, is léiriú é an dán ar an nós atá ag O’Sullivan an chéad phearsa a úsáid mar chiúta drámatúil seachas mar mhodh inste féinfhaisnéiseach. Is dán scéaltach ó thús deireadh atá i gceist anseo, a chuimsíonn: ábhar leabhar Zola, teachtaireacht an scéil in Íseáia 53 (an leathanach ar a bhfuil an bíobla oscailte, áit a bhfuil ‘Adhmholadh féinmheallaidh / Ar shuáilcí diaga an dealúis’) agus scéal athair an ealaíontóra arbh é an bíobla céanna a ‘Leabhar ceanáin’. Is i scéal Van Gogh féin atá spéis an fhile, áfach, agus an gaol idir ábhar an phictiúir seo agus saol agus bás tragóideach an ealaíontóra á iniúchadh aige:

Ar le olc orm
Gur bhain sé
A chluas de féin?

Nár déanadh talamh slán de
Go raibh a shaibhreas
Sa daibhreas,
Go mba Créasas leis
Suthaire prátaí?

Theastaigh uaidh
Bheith tuilleamaíoch
Le gach duine ach
Ní raibh sé aige féin
Mar ba cheart
Nuair a chuir sé lámh
Ina bhás féin.

Fear rua
Gan pingin rua
Go mba dhoicheallach an fháilte
A cuireadh roimhe.

Dá seasfadh sé romham anois,
Bheadh a ghardaí cosanta
Ag baint tuisle as a chéile!
Mise a lámh,
Mise eisean.

Máirseálann mo ghardaí tharam
Gan féachaint ormsa
Ach ar an slua
A dhéanann greas giústála
Roimh mhaoin ola bhochtáin
Nach raibh an t-ádh
Ina chaipín aige (‘Bíobla péinteáilte mé i bpictiúr le Van Gogh,’ 2019: 20-21).

27 Ceistítear an gaol idir ábhar na healaíne agus scéal an ealaíontóra arís sa dán ‘Suspiria: Rudolf Reiber: PayneShurvell Gallery Shoreditch’ (2019: 37), atá bunaithe ar thaispeántas leis an ealaíontóir coincheapúil Gearmánach Rudolf Reiber a bhí ar siúl i Londain sa bhliain 2012. Bhí dhá phríomhghné sa taispeántas: urlár coincréiteach ardsnasta nach bhféadfaí siúl air ná teagmháil a dhéanamh leis, agus cliathbhosca dúnta a raibh pictiúr rúnda istigh ann a cuireadh ina shuí i lár an urláir:

Upon reaching the back door of the gallery a sealed wooden crate stands by itself in the centre of the space. The crate houses a mysterious painting, a painting no one has seen except for the artist. What is on the 32x39cm board is unknown in every aspect except its name, ‘Secret’. Even directors Joanne Shurvell and James Payne are in the dark regarding the painting’s content. ‘Secret’ challenges the viewers’ expectations by making the art object completely inaccessible (Sack 2012).

28 Is éard atá i ndán Derry O’Sullivan ná a fhreagairt phearsanta féin ar an taispeántas seo agus machnamh ar an ngaol diamhair a bhíonn ann go minic idir an saothar ealaíne, rún an ealaíontóra agus an pobal (léitheoirí nó cuairteoirí dánlainne) a bhfuil an saothar dírithe orthu:

Cuireann sé le báiní mé
Do bhosca dúnta
Ar urlár snasta
Faoi sholas lasta
I seomra glasta
Ar chúl an bhalla ghloine!
An féirín nó nathair nimhe atá ann,
Nó cliabhán nó cónra?
Nó scámhóg ag osnaíl?
Gíogann fáinleog i mo chroí:
An mbeadh an samhradh i ndorn leac oighir ann?
Féach: boscaí bána crosfhocail eile — dúnta!
Ár súil gan leid,
Cluas orainn le ceolchoirm do chiúnais gan ghléas,
Rosc gan radharc, cluas gan chloisint
Roimh do bhosca dorchadais i mbroinn an tsolais?
An mbfhearrde sinn thú a oscailt?
An sárófaí Pandóra is an scaoilfí chugainn
An tsíocháin faoi dheireadh?
An é an t‑aineolas an sonas? (‘Suspiria: Rudolf Reiber: PayneShurvell Gallery Shoreditch,’ 2019: 37).

29 Cé go sílfeá ar dtús go bhfuil mífhoighne le cur chuige Reiber á nochtadh anseo, is é éirim an dáin an tuiscint gur ‘bheith’ neamhspleách é an saothar nua-ealaíne a mhúsclaíonn fiosracht, a bhíogann samhlaíocht, a chuireann, ach nach bhfreagraíonn, ceisteanna. Agus é saor go hiomlán ó chúram na hinsinte agus an athláithrithe, feictear go bhfeidhmíonn saothar Reiber mar láthair chruthaitheach theagmhála a éilíonn gníomh samhlaíochta agus freagairt phearsanta mhothála agus intleachta. Sílim go dtéann an dán gearr seo go croílár ábhar na haiste seo sa mhéid is gur trí mheán na scéalaíochta (trí mheán na heachtra ar leith atá á ríomh) is ea a sheolann O’Sullivan an léitheoir isteach in eispéireas an dáin; sa chás seo, machnamh ar an ngaol idir an réaltacht agus an ealaín.

30 Is éard a chuir mé romham san aiste seo ná gné na hinsinte, nach samhlaítear an oiread sin tábhachta léi sa tráchtaireacht chriticiúil ar nuafhilíocht na Gaeilge (go háirithe ó aimsir Sheáin Uí Ríordáin i leith), a iniúchadh mar ghné thábhachtach de theicníocht an fhile Derry O’Sullivan. Sílim go léiríonn na samplaí a pléadh thuas cur chuige fileata ina ndéantar eachtra dhrámatúil nó teagmhas aduain a ríomh mar a bheadh scéal ann: ansin, tríd an suntas a chuireann an file i sonraí timpeallachta agus teanga, spreagtar an t‑imeartas focal, cothaítear agus saothraítear an t‑imreas braistinte, agus tiontaíonn an eachtra ar leith ina dhán.

31 Agus an aiste seo á scríobh agam, dhírigh an t‑eagrán speisialta seo de COMHARTaighde m’aird ar théamaí critice ar leith atá saothraithe thar na blianta ag Máire Ní Annracháin: an gaol idir tírdhreach agus teanga sa litríocht, an mheafaracht agus an teanga fhíortha, íomháineachas agus tuiscintí na Críostaíochta sa nualitríocht. Smaoinigh mé ar cheist na canóna freisin, ábhar spéise eile de chuid Mháire. Is duine é Derry O’Sullivan de bhuíon líonmhar filí Gaeilge nár éirigh leo mórán aitheantais a bhaint amach i gcanóin na nualitríochta. Tá súil agam go spreagfaidh an aiste seo daoine eile le haird chriticiúil a dhíriú ar ghnéithe eile dá shaothar allabhrach.

Saothair a ceadaíodh

Saothair liteartha

O’Sullivan, D. (1987) Cá bhfuil do Iúdás? Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (1987) The King’s English and other poems translated from the Gaelic. Paris: First Impressions.

O’Sullivan, D. (1988) ‘Tobar Eagna’. In: Graph 5 (Autumn): 21.

O’Sullivan, D. (1994) Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (1998) ‘En Mal de Fleurs’. In: Lèvres Urbaines 30 (1998): 7–24.

O’Sullivan, D. (2005) An Lá go dTáinig Siad. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (2009) “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (2014) Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

O’Sullivan, D. (2019) Siúlóir Tine is Dánta Eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Saothair chritice

Aristotle Horace Longinus. (1965) [aistr. T.S. Dorsch] ‘Aristotle: On the Art of Poetry’. In: Aristotle Horace Longinus: Classical Literacy Criticism. Harmondsworth, Middlesex: Penguin Books: 29–75.

Auerbach, E. (2003) [1953] [aistr. Willard R. Trask] Mimesis: The Representation of Reality in Western Literature. Princeton, N.J.: Princeton University Press.

Davitt, M. (2005) ‘Staighre Bíse na Staire: An Lá go dTáinig Siad le Derry O’Sullivan’. In: Feasta (Bealtaine): 26–27.

de Paor, L. (2006) ‘Contemporary poetry in Irish: 1940–2000’. In: Kelleher, M. agus O’Leary, P. (eag.). The Cambridge History of Irish Literature: Volume II: 1890–2000. Cambridge: Cambridge University Press: 317–356.

de Paor, L (eag.) (2016) Leabhar na hAthghabhála / Poems of Repossession. Hexham, Northumberland/ Indreabhán: Bloodaxe Books/ Cló Iar-Chonnacht.

de Paor, P. (2011) ‘Cúpla smaoineamh i dtaobh na nuafhilíochta agus i dtaobh An Lá go dTáinig Siad (2005) le Derry O’Sullivan’. In Ó Dúshláine, T. agus Ní Chléirchín, C. (eag.) Filí INNTI go hiontach: Léachtaí Cholm Cille 41: 112–124.

de Paor, P. (2013) Áille na hÁille: Gnéithe de Choincheap na hÍobartha. An Daingean: An Sagart.

Dilthey, W. (1985) [eag. Rudolf A. Makkreel agus Frithjof Rodi] Wilhelm Dilthey Selected Works Vol. V: Poetry and Experience. Princeton: Princeton University Press.

Eagleton, T. (1983) ‘Structuralism and Semiotics’. In: Literary Theory: An Introduction. Oxford, UK/ Cambridge, USA: Blackwell: 91–126.

Genette, G. (1980) [aistr. Jane E. Lewin] Narrative Discourse. Oxford: Basil Blackwell.

Greimas, A.J. (1983) [aistr. Daneile McDowel, Ronald Schleifer agus Alan Velie] Structural Semantics: An Attempt at a Method. Lincoln, Nebraska: University of Nebraska Press.

Hawkes, T. (1984) ‘3 Structures of Literature’. In: Structuralism and Semiotics. London: Methuen & Co. Ltd: 59–122.

Mac Giolla Léith, C. (2021) ‘Cian agus Cóngar i bhFilíocht Chomhaimseartha na Gaeilge’. In: Markus, R., Nic Eoin, M., Nic Mhathúna, D., Ní Mhuircheartaigh, É., Ó Conchubhair, B. agus Ó Liatháin, P. (eag.) Ar an Imeall i Lár an Domhain: Ag Trasnú Tairseacha Staire, Teanga, Litríochta agus Cultúir. Indreabhán: Leabhar Breac: 406–415.

Miller, J.H. (1995) ‘Narrative’. In: Lentricchia, F. agus McLaughlin, T. (eag.) Critical Terms for Literary Study. Chicago/ London: University of Chicago Press: 66–79.

Ní Annracháin, M. (2000) ‘An creideamh eaglasta agus nuafhilíocht na Gaeilge’. In: Aimsir Óg 2000: Cuid a Dó: 104–118.

Ní Annracháin, M. (2000) ‘Biddy agus an Bandia’. In: Riggs, P, Ó Conchúir, B. agus Ó Coileáin, S. (eag.) Saoi na hÉigse: Aistí in ómós do Sheán Ó Tuama. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 339–357.

Ní Annracháin, M. (2003) ‘An Talamh agus an Teanga Fhíortha’. In: McLeod, W. agus Ní Annracháin, M. (eag.) Cruth na Tíre. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 136–165.

Ní Chuilleanáin, E. (2013) Léirmheas ar: The Government of the Tongue by Seamus Heaney; Road, with Cypress and Star by John F. Deane; Mary by Brendan Kennelly; The King’s English by Derry O’Sullivan. In: Poetry Ireland Review 24 (Winter): 56–60.

Ní Shíocháin, T. (2019) ‘Ní Insint Dán ach Bheith: Fís na Filíochta agus Smaointe Eispéireasacha na Nua-aimsire’. In: Ní Churtáin, R. agus Ní Shíocháin, T. (eag.) Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh. An Daingean: An Sagart: 23–42.

Ó Drisceoil, P. (2010) ‘Poetry and Pietas’. Léirmheas ar Derry O’Sullivan, An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é? (Coiscéim, 2009) agus Bríd Ní Mhóráin, Pietas (An Sagart, 2010). In: Poetry Ireland Review 102 (December): 100–103.

Ó Ríordáin, S. (1952) ‘Réamhrá’. In: Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill: 9–25.

Ó Tuama, S. agus de Paor, L. (eag.) (1991) Coiscéim na hAoise Seo. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Plato. (1974) [aistr. Desmond Lee] The Republic. Harmondsworth, Middlesex: Penguin Books.

Power, C. (2012) ‘Boulevard of Broken Dreams’. In: Sunday Times 2 Nollaig.

Power, C. (2013) ‘An Irish Poet in Paris’, tootlafrance 9 Eanáir 2013. Ar fáil ar líne: http://www.tootlafrance.ie/features/an-irish-poet-in-paris (ceadaithe 16 Deireadh Fómhair 2020).

Propp, V. (1970) [aistr. Laurence Scott] Morphology of the Folktale. Austin: University of Texas Press.

Sack, E. (2012) ‘Rudolf Reiber’s Suspiria Mundane Most Beautiful’. In: Latest London Art Review, 29 May. Ar fáil ar líne ag: https://www.artlyst.com/reviews/rudolf-reiber-s-suspiria-mundane-most-beautiful/ (ceadaithe 23 Deireadh Fómhair 2020).

Stephen Spender Trust. 2013. ‘The Times Stephen Spender Prize 2012’. In: Stephen Spender Trust. Ar fáil ag: https://www.stephen-spender.org/wp-content/uploads/2021/05/Stephen_Spender_Prize_2012.pdf.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626