Tírdhreach, Teanga agus Taise Chríostaí: Gné na hInsinte i bhFilíocht Derry O’Sullivan

Nic Eoin, Máirín

Landscape, Language and Christian Compassion: The Narrative Dimension in the Poetry of Derry O’Sullivan

Abstract

This essay addresses the importance of narrative in the work of poet Derry O’Sullivan, by analysing a range of poems from the collections Cá bhfuil do Iúdás? (1987), Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? (1994), “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” (2009), Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh (2014) and Siúlóir Tine is Dánta Eile (2019). The essay acknowledges the distinction made by Seán Ó Ríordáin when he insisted that a poem is ‘a being not a telling’, but argues nevertheless for a recognition of the narrative component in modern lyric poetry, and for its importance in the work of Derry O’Sullivan. By examining poems that focus on physical details or landscape elements, the essay discusses how the concrete environment in which the ‘events’ of a particular poem are situated serves as a platform for the poet’s vibrant imagination. Though often drawing on autobiographical material, the poetry does not set out to be mimetic or self-descriptive. On the contrary, it often tends towards the surreal, as everyday experience becomes transformed into a melodramatic episode or a feeling of strangeness. The strong visual element in the poems is discussed, as is the poet’s use of Christian imagery and concepts. The essay concludes with a reminder that O’Sullivan is one of a number of Irish-language poets on the margins of the canon who are worthy of more critical attention than they have received to date.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
an Chríostaíocht, an tírdhreach, athláithriú, réaltacht, Derry O’Sullivan, Páras, insint, Nuafhilíocht

DOI:
10.18669/ct.2020.07

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Is é cuspóir na haiste seo gné na hinsinte d’ealaín an fhile Derry O’Sullivan a chíoradh trí anailís a dhéanamh ar raon dánta as na cnuasaigh dá chuid: Cá bhfuil do Iúdás? (1987), Cá bhfuil Tiarna Talún L’Univers? (1994), “An Bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é?” (2009), Dúnann Dia a Dhoras Dé Domhnaigh (2014) agus Siúlóir Tine is Dánta Eile (2019). Aithnítear luach an idirdhealaithe a rinne Seán Ó Ríordáin nuair a mhaígh sé nach ‘insint dán ach bheith’, ach áitítear san aiste seo gur gné thábhachtach den nuafhilíocht í an insint mar sin féin, agus gur modh léirithe atá lárnach go maith i saothar Derry O’Sullivan í. Trí dhíriú ar dhánta a bhfuil an fócas ar shonraí fisiciúla nó ar ghnéithe den tírdhreach, feictear gur minic gurb í timpeallacht ábhartha ‘eachtraí’ an dáin an t-ardán a chuireann ar chumas an fhile scód a scaoileadh lena shamhlaíocht bhisiúil. Tarraingíonn O’Sullivan ar ábhar dírbheathaisnéiseach go minic, ach ní hí an mhiméis ná an fhéinfhaisnéis is feidhm don fhilíocht aige. Ina ionad sin, is amhlaidh a bhíonn a chur chuige cumadóireachta ag claonadh go láidir i dtreo an osréalachais, agus an t-eispéireas comónta á chlaochlú ina eachtra mhéaldrámata nó ina bhraistint aduaine. Pléitear an ghné láidir fhísiúil sna dánta agus an earraíocht a bhaintear as íomhánna agus tuiscintí Críostaí. Críochnaíonn an aiste le háiteamh gur mhithid a thuilleadh airde a thabhairt ar fhilíocht O’Sullivan, duine de bhuíon filí Gaeilge atá ar imeall na canóna.

© Máirín Nic Eoin, 2020

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International (CC BY-NC 4.0).

Údar:
Nic Eoin, Máirín

Teagmháil:

mairin.niceoin@dcu.ie

Beathaisnéis:

Scoláire litríochta í Máirín Nic Eoin atá ina hOllamh Emerita le Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is í údar na leabhar: An Litríocht Réigiúnach (1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (1998) agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (2005). Tá go leor aistí agus caibidlí leabhar foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de nuascríbhneoireacht na Gaeilge. Bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar dhíolaimí litríochta agus ar chnuasaigh aistí critice, ina measc an foilseachán dhá imleabhar Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (2015). Foilsíodh an leabhar Cumadóireacht Uí Chadhain, a chuir Mícheál Briody agus í féin in eagar, sa bhliain 2020. Tá sí ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.