Béal Bocht an bhéaloidis: Myles na gCopaleen agus a luath-chritíc ar an bhailiú ghairmiúil

Aisling Ní Churraighín

1 Sa léacht iomráiteach dar teideal ‘Béaloideas’ a thug Máirtín Ó Cadhain do Chumann na Scríbhneoirí sa bhliain 1950, scaoil sé lena racht faoi thionscadal bailithe Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) agus faoi idé-eolaíocht stiúrthóir an Choimisiúin, Séamus Ó Duilearga (1899–1980) go háirithe (1990: 127–169). Toisc go raibh tionscadal bailithe an Choimisiúin faoi lán seoil nuair a thug sé an chaint, ní haon iontas é gur tarraingíodh an oiread sin achrainn ar an oíche ‘gur dhóbair don léacht iompó ina círéib’ (Briody 2009: 25) agus gur spreagadh díospóireacht bhríomhar ar an bhailiú ghairmiúil ina diaidh. I measc an chomhfhreagrais a lean foilsiú na léachta san iris Feasta, bhí litir le Niall Ó Domhnaill inar nocht sé an tuairim nach raibh locht aige féin ar bhailiú an bhéaloidis ‘ach ar an dearcadh aisteach atá ag an dream a bhailíos é’ (1990: 169). Ach cén ‘dearcadh aisteach’ a bhí i gceist ag Ó Domhnaill agus, dar ndóigh, nár bhailitheoir neamhspleách é an Cadhnach chomh maith? Bíodh is gur minic a thagraítear do léacht seo an Chadhnaigh i gcomhthéacs na dóighe ar cháin sé dearcadh rómánsach bhéaloideasóirí a linne, léiríonn taighde Ríonach uí Ógáin gur fearr ár dtuiscint ar an léacht nuair a chuirtear a shaothar féin mar bhailitheoir a bhíodh ag bailiú béaloidis óna mhuintir féin agus ó dhaoine i bhfad ó bhaile san áireamh (2007a: 148). Go deimhin, bhí sárthuiscint ag an Chadhnach ar an bhéaloideas, agus thuig sé go rímhaith an chómhalartacht a bhaineann le próiseas an bhailithe (uí Ógáin 2007a: 144). Critíc a bhí sa léacht a nocht an chastacht a bhain le tuairimí an Chadhnaigh i leith an bhéaloidis mar scríbhneoir cruthaitheach agus mar bhailitheoir araon.

2 Ba trí mheán na haoire a rinne Brian Ó Nualláin, agus é ag scríobh faoin ainm cleite Myles na gCopaleen, a chritíc féin ar thionscadal bailithe an bhéaloidis agus ar ghort na heitneagrafaíochta in Éirinn nuair a foilsíodh An Béal Bocht (BB) sa bhliain 1941, naoi mbliana sular thug an Cadhnach an léacht iomráiteach úd. Nuair a cuireadh an saothar scigbheathaisnéisneach seo i gcló, bhí deireadh tagtha le ré Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930–1935) agus bhí tionscadal bailithe a chomharba, Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) go fóill ina luathbhlianta. Dá thairbhe seo, bhíodh bailitheoirí de chuid an Choimisiúin le feiceáil go rialta sna ceantair Ghaeltachta, gan trácht ar na bailitheoirí neamhspleácha agus na scoláirí idirnáisiúnta de chuid na teangeolaíochta agus an Léinn Cheiltigh a bhíodh ag tarraingt fosta ar na ceantair chéanna. Saothar ab ea An Béal Bocht a thóg ceisteanna eitice faoi thionscnamh na heitneagrafaíochta sa Ghaeltacht agus a dhírigh aird ar an bhearna shocheacnamaíoch idir na daoine a bhí i mbun obair an bhailithe agus iad siúd a raibh an t‑ábhar béaloidis á bhailiú uathu.

3 Is díol suntais é go dtéann Ó Nualláin go smior na gcnámh maidir le cuid de mhórcheisteanna an bhéaloidis agus na heitneagrafaíochta tríd an saothar ar fad ach is sa tríú caibidil sa leabhar a thógtar na ceisteanna eitice is crua faoin obair ghoirt. Cé nach bhfuil sa chuntas seo ach sliocht an-ghearr nach gcuimsíonn ach ceithre leathanach san úrscéal ar fad, tugann an reacaire, Bónapárt Ó Cúnasa, éachtaint shoiniciúil dúinn ar an bhailitheoir béaloidis ‘uasal’ i measc na dtuathánach agus é ag iarraidh saibhreas mhuintir Chorca Dhorcha a thaifeadadh. San alt seo, díreofar ar an sliocht áirithe seo san úrscéal le hathléamh a dhéanamh ar luathchritíc Bhriain Uí Nualláin ar thionscadal gairmiúil bailithe an bhéaloidis. Féachfar ar ghnó na heitneagrafaíochta go ginearálta leis an phlé seo a shuíomh i gcomhthéacs a linne. Déanfar scagadh ar thuairimí an Nuallánaigh i leith an bhéaloidis agus díreofar ar an léiriú a thugtar ar na tuairimí sin san úrscéal, go háirithe ó thaobh phróiseas agus thorthaí an bhailithe agus an chartlannaithe de.

Idéalú ar an Ghaeltacht sna dírbheathaisnéisí agus i mbailiú an bhéaloidis

4 Toradh amháin a bhí ar thionscnamh bailithe an bhéaloidis ná go ndearnadh idéalú ar na scéalaithe agus ar na cainteoirí Gaeilge ab fhearr (O’Rourke agus Walsh 2015: 66–67) sa dóigh chéanna a ndearna gluaiseacht na hAthbheochana i gcoitinne idéalú rómánsach ar chainteoirí dúchais Ghaeilge na Gaeltachta agus ar chultúr agus ar thírdhreach na gceantar tuaithe go ginearálta (O’Leary 1994: 19–90; Ó Cadhla 2011: 76–88). Ba é an cúlra cultúrtha seo, chomh maith le hidé-eolaíochtaí an tSaorstáit, Chonradh na Gaeilge agus, go deimhin, idé-eolaíochtaí leithéidí an Chumainn le Béaloideas Éireann, Institiúid Bhéaloideas Éireann agus Choimisiún Béaloideasa Éireann, i leith an ‘fhíor-Ghaeil’ ba chás le critíc Uí Nualláin in An Béal Bocht agus, ar ball, le léacht an Chadhnaigh i 1950. Bíodh is gur minic a thagraítear do thuairimí Uí Chadhain i dtaobh an bhéaloidis (féach Briody 2009; 2014), tá cosúlachtaí nach beag idir a sheasamh siúd agus seasamh Uí Nualláin ó thaobh thábhacht an traidisiúin bhéil agus fhorbairt na nualitríochta de. Mar a deir Philip O’Leary: ‘Like Ó Cadhain, Ó Nualláin was outraged by what he saw as an obsession with the past and the dead precisely because they were past and dead’ (2010: 459). Agus cúlra litríocht na Gaeltachta i mblianta tosaigh an stáit á ríomh aici, luann Máirín Nic Eoin an bhearna shuntasach idir athbheochanóirí agus pobal na Gaeltachta: ‘Bhí siad meallta ag an nGaeltacht agus níor thuig ach corrdhuine mar Niall Ó Domhnaill, Myles na gCopaleen agus Máirtín Ó Cadhain an mearbhall a bhí orthu i dtaobh shaol na Gaeltachta’ (1982: 38).

5 Is gá paradacsa seo an idéalaithe a aithint chun bunteachtaireachtaí chritíc Uí Nualláin a thuiscint. Ba iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta, agus An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain go háirithe, foinsí aoir an Nuallánaigh. Thit tionscadal na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta go deas néata faoi scáth seo an idéalaithe agus le saothair Uí Chriomhthain (1929), Mhuiris Uí Shúilleabháin (1933) agus Pheig Sayers (1936), rinneadh saibhreas na Gaeilge, saol traidisiúnta na Gaeltachta agus slí bheatha shoineanta mhacánta (in ainneoin an chruatain) a bhrú chun tosaigh mar shamplaí eiseamláireacha i measc phobal liteartha na Gaeilge. Faoi mar a áitíonn Sarah McKibben: ‘A primary genre for the nation’s symbolic embodiment was the Gaeltacht autobiography’ (2003: 106). Ba bhéaloideasóirí go minic iad na daoine a spreag na húdair Ghaeltachta le scéalta a mbeatha a ríomh, agus d’fheidhmigh cuid acu mar eagarthóirí fosta (Nic Eoin 1983: 107). Feiniméan cultúrtha a bhí sna dírbheathaisnéisí a nocht gnéithe d’fhíorstaid na Gaeltachta don phobal léitheoireachta ach, ag an am chéanna, a chruthaigh nasc i súile an phobail sin idir an bhochtaineacht, an béaloideas agus féiniúlacht Ghaelach na Gaeltachta.

6 Thuig an Nuallánach a dhualgas mar scríbhneoir cruthaitheach aghaidh a thabhairt ar an ghné aicmeach seo trí scagadh a dhéanamh ar an bhearna idir pearsana na ndírbheathaisnéisí agus na daoine a raibh spéis acu iontu, nó go deimhin, idir na scéalaithe Gaeltachta, ‘faisnéiseoirí’ thionscnamh an bhailithe, agus iad siúd a bhí i mbun an bhailithe:

Because of the importance of Irish to cultural nationalism, and the impoverishment of remaining vestigial communities of Irish speakers, what counted as authentic literature in Irish overwhelmingly concerned the harsh ‘traditional’ life of the western, coastal poor, seen as unselfconscious, heroic and doomed. In a postcolonial riposte, The Poor Mouth lays bare the servitude of the Gael and his language to the ideological demands of the linguistic majority in the new state — something arguably continuing to this day (McKibben 2003: 96).

7 Cé go raibh an Saorstát go mór faoi anáil idé-eolaíocht na hAthbheochana, ba é an mórábhar íoróine go ndearnadh neamhaird de riachtanais shoch-eacnamaíocha mhuintir na Gaeltachta. Trí áibhéil as cuimse a dhéanamh ar ghnéithe de shlí mhaireachtála an reacaire agus an phríomhcharachtair, Bónapárt Ó Cúnasa, nochtann An Béal Bocht an chaoi a ndearnadh rómánsú ar na ceantair Ghaeltachta ab iargúlta ar nós an Bhlascaoid, ach nach ndearnadh dóthain bearta praiticiúla le dul i ngleic leis an bhochtaineacht agus an imirce mar sin féin.

8 Leag fealsúnacht an rómánsachais agus na híonghlaineachta béim ar shaol traidisiúnta na tuaithe agus ar ársaíocht na sibhialtachta agus treisíodh an imní roimh an nua-aoiseachas dá bharr. Bhain gné seo na híonghlaineachta le gluaiseacht smaointeoireachta an Darwineachais, gluaiseacht a raibh tionchar nach beag aige ar an smaointeachas maidir le cúrsaí cine, cultúir agus teanga (Ó Conchubhair 2009: 6). Bhain an tuath, nó i gcás nualitríocht na Gaeilge, an Ghaeltacht, leis an saol nádúrtha orgánach a raibh a chuid fréamhacha lonnaithe sa tsibhialtacht Cheilteach, san áit ar bhain an chathair leis an nua-aoiseachas agus le meath an tsaoil thraidisiúnta. I gcás na teanga agus an traidisiúin bhéil, rinneadh ‘idéalú ar mhuintir na Gaeltachta mar ba leo fós oidhreacht ár sean agus ár sinsear — an teanga agus an béaloideas’ (Nic Eoin 1982: 15). Leagann Gearóid Denvir béim ar an pharadacsa shocheacnamaíoch a bhain leis an idéalú seo, áfach, agus ar an bhearna idir lucht spéise na teanga a rinne idéalú ar an Ghaeltacht agus iad siúd a bhí ag maireachtáil sna ceantair iargúlta chéanna, a bhíodh go minic faoi leatrom eacnamaíochta (1997: 60).

9 Is féidir cosúlachtaí suntasacha a aithint idir an t‑idéalú a rinneadh ar chainteoirí dúchais na Gaeltachta le linn na hAthbheochana agus comhthéacs idé-eolaíoch an bhéaloidis. Agus é ag cur síos ar chúlra socheacnamaíoch chultúr an bhéaloidis, meabhraíonn Diarmuid Ó Giolláin an méid seo dúinn: ‘In fact poverty and isolation were necessary to the specificity of folklore since prosperity and integration of necessity involved the assimilation of modern values inimical to it’ (2000: 142). Siocair go raibh an bhochtaineacht fite fuaite leis an teanga agus leis an bhéaloideas, creideadh gur bagairtí a bhí sa nua-aoiseachas agus sa dul chun cinn pearsanta don teanga agus don litríocht bhéil i gcoitinne. B’idé-eolaíocht í seo a cheil gur thraidisiún beo bríomhar a bhí sa bhéaloideas a bhíodh ag athrú de shíor. Is éard a bhí á chur ina luí ar dhaoine ina ionad sin ná gur rud a bhí ag fáil bháis a bhí sa bhéaloideas, agus gurbh iarsmaí a bhí sna scéalaithe a raibh an oidhreacht thraidisiúnta sealbhaithe acu.

Bailitheoirí ag saothrú sa ghort

10 Sa cheathrú caibidil in An Béal Bocht, scaoileann an reacaire lena chuid smaointe i dtaobh phróiseas an bhailithe faoi mar a thiteann an eachtra amach ar a theallach féin agus tugann sé léargas criticiúil ón taobh istigh, mar dhea, dúinn ar an ghnó — fiú más léargas áiféiseach féin é. Ach thar aon rud eile, tá sé ríspéisiúil go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir cuntas ficseanúil Bhónapáirt Uí Chúnasa ar bhailiú an bhéaloidis agus gnéithe den scoláireacht atá ag teacht chun cinn ar dhialanna na mbailitheoirí gairmiúla de chuid an Choimisiúin le blianta beaga anuas (cuir i gcás: uí Ógáin 2007b; Lysaght 2007; Lysaght 2008; Ó Catháin 2012; Ó Laoire 2013).

11 In ainneoin an phléisiúir a bhíodh ag baint leis an obair sa ghort go minic, bhain cruatan agus anró le próiseas an bhailithe chomh maith. Is minic a luaitear i ndialanna goirt na mbailitheoirí a bhíodh fostaithe ag an Choimisiún go mbíodh drochaimsir agus dúshláin taistil ag cur isteach ar an obair agus luaitear fosta na deacrachtaí a bhíodh ann faisnéiseoirí a aimsiú ó am go chéile. I gcuntas de chuid Shéamuis Mhic Aonghusa, agus é ag tabhairt cuairte ar Jack Donnellan ó Uachtar Ard na Gaillimhe sa bhliain 1942, deir sé go raibh an faisnéiseoir ‘imithe a chodladh go dtí am tae’ (luaite in uí Ógáin 2007a: 48). Thuig Mac Aonghusa go raibh gar á dhéanamh ag an cheoltóir dó agus bhí drogall air a bheith ag cur isteach ar an fhaisnéiseoir: ‘Ó ba rud nach raibh dinnéar go fóill agam, ní raibh mé in ann fanacht go n‑éireodh sé, agus ní iarrfainn orthu é a dhúiseacht, ar fhaitíos go gcuirfinn i mo choinne é feasta’ (luaite in uí Ógáin 2007b: 48). I Maigh Eo dó, sa bhliain 1944, chuir an drochaimsir deireadh le hobair an lae: ‘Báisteach ó aréir go hanocht, an-trom. Gan seans dul in áit ar bith’ (Mac Aonghusa, in uí Ógáin 2007b: 181). Agus í ag trácht ar chuntas Thaidhg Uí Mhurchú agus é ar an Dún Bheag i gContae an Chláir sa bhliain 1943, pléann Lysaght an dóigh nach raibh lóistín ar fáil ag an bhailitheoir siocair go raibh an bhean lóistín tinn (2007: 134). Dar ndóigh, bhíodh na bailitheoirí ag brath go tréan ar charthanacht na bpobal ina raibh siad i mbun bailithe go minic, go fiú na bailitheoirí a bhíodh ag bailiú ina bpobal féin. I gcuntas de chuid Sheáin Uí Eochaidh agus é ag obair ina cheantar dúchais (Teileann, Contae Thír Chonaill) i 1935, luann sé go raibh air an t‑éideafón trom a iompar trasna an chuain ar bhád a fhad leis an chéad pharóiste eile (Cill Chartha) ach ar an bhealach ar ais dó, bhí deacrachtaí aige an bád a chur amach ar ais ar an fharraige, dúshlán a sháraigh sé trí chuidiú a fháil óna chol seisear Conall Ó Beirn:

Fá dheireadh thiar thall nuair a bhí muid chomhair a bheith i ndeireadh na péice fuair muid fhad leis an uisge í. Agus níor anas ariamh aghainn é go dtí seo. Bhí an gaineamh bog agus bhí an bád ag suncáil ann (178).

12 Leoga, go fiú agus an t‑ábhar ó bhéal curtha ar taifead ag na bailitheoirí, b’iomaí dúshlán tras-scríbhneoireachta a bhí le sárú acu i dtólamh. Tugann tuairisc Sheosaimh Uí Dhálaigh ar a chuid tras-scríbhneoireachta ar ábhar Mháire Ruiséal (Arda Mór, Corca Dhuibhne) sa bhliain 1937 leid mhaith dúinn den chúram a thugtaí don tras-scríbhneoireacht chruinn: ‘thosnaíos ag scríobh seanachuis a bhí breacuithe síos agam ó Mháire Ruiséal. Ní rabhas ró-chruínn maidir le cuid aca agus ní dhineas aon rud ach dul go dtí Máire féin’ (52–53). Bíodh is nach bhfuil luaite anseo ach cúpla sampla ionadaíoch a léiríonn cuid de na dúshláin éagsúla a bhíodh ag bailitheoirí an Choimisiúin, is cinnte go mbeireann na cuntais seo ar fad greim ar shamhlaíocht an léitheora faoin dóigh ar tugadh faoi bhéaloideas mhuintir na tuaithe a bhailiú.

13 I bhfianaise na n‑ábhar atá tagtha chun tosaigh sna saothair scoláireachta ar chomhthéacs an bhailithe ghairmiúil in Éirinn le blianta beaga anuas, is ríshuimiúil na ceisteanna faoi dhinimic an phróisis bhailithe a mhúsclaíonn an Nuallánach in An Béal Bocht. Cén dearcadh atá ag ‘gnáthphobal’ Chorca Dhorcha i leith an bhailithe sa téacs, mar shampla? Cén t‑eolas a nochtar maidir le cúrsaí eitice sa phróiseas? Cad é a thiteann amach tar éis don ábhar a bheith bailithe? Ar an taobh eile den scéal, b’fhéidir gur fearr a thuigfear tábhacht agus ceannródaíocht chritíc an Nuallánaigh nuair a léitear an t‑úrscéal iomráiteach trí lionsaí léann an bhéaloidis agus na heitneagrafaíochta.

Comhthéacs na heitneagrafaíochta sa bhéaloideas

14 Amhail mar a bhí i gceist i gcás cartlanna béaloidis ar fud na hEorpa, ba faoi anáil an rómánsachais agus an náisiúnachais chultúrtha a bunaíodh an Cumann le Béaloideas Éireann (1927), agus ba í an smaointeoireacht chéanna a spreag bunú Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930–1935) agus, ina dhiaidh sin, Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971). Níor mhair Institiúid Bhéaloideas Éireann ar feadh i bhfad, i gcomparáid leis an Choimisiún a bhí faoi stiúir ag Séamus Ó Duilearga, mar gheall ar an easpa maoinithe a cuireadh ar fáil chun aidhmeanna na hInstitiúide a bhaint amach go héifeachtach (Ó Catháin 2005: 103–108). De thairbhe choinníollacha an deontais ón Roinn Airgeadais fosta, ba mhó an bhéim a leagadh ar chúrsaí foilsitheoireachta ná ar bhailiú an bhéaloidis, rud a chuir srian le bunú cartlainne (Ó Catháin 2005: 90). Mar sin féin, leagadh amach na fréamhacha do Choimisiún Béaloideasa Éireann faoin bhliain 1935, agus ba mhór an cuidiú é an maoiniú cuí a bheith aimsithe ag Ó Duilearga an iarraidh seo a bhuí lena chairdeas le hÉamon de Valera (Ó Catháin 2005: 104–107).

15 Go deimhin, agus é ag trácht ar bhunú an Choimisiúin, leagann Mícheál Briody béim ar chomhthreomhaireacht idé-eolaíoch de Valera agus Shéamuis Uí Dhuilearga maidir le tábhacht na gceantar tuaithe:

Their views of rural life were very similar and were rooted in nineteenth-century Romanticism, involving an idealisation of a ‘changeless’ peasantry. For both men, as indeed was the case for many of their contemporaries, the real Ireland was situated in the countryside (Briody 2007: 109).

16 Tuigtear sa chomhthéacs seo an ról a bhí ag an náisiúnachas chultúrtha i mbailiú an bhéaloidis agus stiúrthóirí an Choimisiúin ag iarraidh cartlann náisiúnta a thógáil sna blianta tar éis bhunú an tSaorstáit a bheadh ar aon chéim le cartlanna na hEorpa, agus í bunaithe ar shaothar deonach chosmhuintir na tuaithe. Chuir sé seo brú nach beag ar na bailitheoirí a bhí fostaithe ag an Choimisiún. Tchítear fosta an dóigh ar glacadh leis na dírbheathaisnéisí mar mhúnla eiseamláireach do lucht foghlama agus lucht léitheoireachta nualitríocht na Gaeilge i dtrátha na tréimhse seo. Agus é ag trácht ar chinniúint na gcarachtar in An Béal Bocht, áitíonn O’Leary, áfach:

Myles’s characters are not people; they are Gaels. Accordingly, they do what Gaels do — or rather are expected to do — which is to suffer in abject and malodorous poverty in remote, dreary and sodden places, all to assuage the guilt of their more comfortable countrymen by preserving a linguistic and (debased) cultural legacy that the ancestors of those countrymen were for quite logical reasons eager to renounce (2010: 460).

17 In ainneoin na bochtaineachta agus an anró, tagann crógacht an duine aonair, carthanacht i measc na comharsanachta agus bunluachanna an phobail thraidisiúnta chun tosaigh sna dírbheathaisnéisí ar fad, na tréithe céanna a bhí in ainm agus a bheith ag scéalaithe na tuaithe, nó na ‘humble carriers of an ancient culture’ faoi mar a ghlaoigh Ó Duilearga orthu ina léacht iomráiteach ‘The Gaelic story-teller’ sa bhliain 1945 (1969: 4). Dála na ndírbheathaisnéisí, ba ar ársaíocht an ábhair, caighdeán na teanga agus seasmhacht na luachanna traidisiúnta a bhí aird na mbailitheoirí béaloidis dírithe. Go deimhin, bhí na dírbheathaisnéisí Gaeltachta agus bailiú an bhéaloidis lonnaithe sa chruinneshamhail chultúrtha chéanna — cruinneshamhail a chíortar go mion in An Béal Bocht trí údarás an bhailitheora béaloidis agus lucht spéise na teanga a cheistiú go hoscailte.

18 Déanann Linda Dégh cur síos macánta ar na deacrachtaí a bhain lena cuid taighde eitneagrafaíochta féin ar thraidisiún na scéalaíochta san Ungáir (1995: 11). Leagann sí béim ar dhaonnacht na scéalaithe agus ar an chaidreamh chasta idir na bailitheoirí béaloidis agus a gcuid ‘faisnéiseoirí’ mar chuid den phróiseas seo:

Fieldwork, following intensive preparation in theory and method, is a long-term enterprise based on a personal involvement with people, not a series of weekend-visits with questionnaire in hand. Ortutay hated the word ‘informant’ and hated the concept of ‘collecting’ because of their implied callousness and arrogance. […] It is not the collector who does the favour by asking questions but the tired sharecropper, the hungry beggar, the sleepless night watchman who generously give time to answer the questions we ask (Dégh 1995: 11).

19 Cé gur obair ghairmiúil le spriocanna taighde atá i gceist le hobair ghoirt sa réimse seo, meabhraíonn Dégh go mbaineann daonnacht leis an obair. Is é/í an bailitheoir a dhéanann dul chun cinn mar gheall ar thorthaí an bhailithe agus, de ghnáth, is beag a fhaigheann an té a roinneann a c(h)uid eolais ach, i gcásanna áirithe, go mbeadh saothar s’acu foilsithe ar deireadh mar alt nó mar shaothar acadúil. Baineann scileanna idirphearsanta agus straitéisí faoi leith le hábhar béaloidis a mhealladh siocair na dinimice seo.

20 Bíodh is go raibh an Coimisiún thar a bheith cúramach sa dóigh ar roghnaíodh bailitheoirí cuí a mbeadh tuiscint acu ar an ghort ón taobh istigh (Briody 2007: 231) ionas nach mbeadh scoilt aicmeach idir iad agus an gnáthphobal, bhain cúrsaí údaráis leis an ghairm mar sin féin. Ba ghá bailitheoirí a roghnú a bhí a bheag nó a mhór ar comhchéim lena gcuid faisnéiseoirí ó thaobh cúlra chultúrtha agus stádais socheacnamaíochta de ach a raibh na scileanna scríbhneoireachta cuí acu chomh maith. Meabhraíonn John Walsh ina chuid taighde sochtheangeolaíochta ar Nioclás Breathnach gurbh idirghabhálaithe iad na bailitheoirí idir an Stát agus muintir na háite i ndáiríre (2016: 423). Bhí sé ríthábhachtach go mbeadh dea-chaidreamh idir na bailitheoirí agus na daoine ar bhailigh siad ábhar uathu siocair nach bhfuair na seanchaithe pá ar bith as a gcuid saothar. Is í íogaireacht na ceiste seo a tharraing aird Bhriain Uí Nualláin agus a chuir faobhar ar a chumas aoire. Cé nárbh ionann stádas bailitheoirí ar de bhunadh an phobail iad agus bailitheoirí ón taobh amuigh, b’fhéidir, mar sin féin bhí údarás áirithe ag baint le bailitheoirí de chuid an Choimisiúin fiú agus iad ag obair i measc a bpobal agus a ndaoine muinteartha féin siocair dul chun cinn áirithe a bheith déanta acu sa saol agus baint a bheith acu leis na húdaráis i mBaile Átha Cliath.

21 Is díol spéise an meon a bhí ag scéalaithe iomráiteacha maidir leis na cuairteoirí a thagadh chun ábhar a bhailiú uathu. Bhí dáimh faoi leith ag Peig Sayers (1873–1958) le bailitheoirí béaloidis agus leis na scoláirí éagsúla a bhíodh ag tarraingt ar na Blascaodaí lena linn. Cé gur mó clú atá ar Sayers de thairbhe a dírbheathaisnéise a foilsíodh i 1936, sárscéalaí agus seanchaí a bhí inti fosta. Agus é ag trácht ar na taifeadtaí a rinne sí do Raidió Éireann agus don BBC, tugann Bo Almqvist suntas do líon na mbailitheoirí béaloidis agus scoláirí a tháinig a fhad le Sayers (2009: 17–31). Ina dírbheathaisnéis, tugann Sayers ómós do na cuairteoirí éagsúla a bhíodh ag teacht chomh fada léi. Comrádaithe a bhí sna cuairteoirí a raibh an spéis chéanna acu i gcúrsaí teanga agus a bhí aici féin:

Ba mhór an t‑éadromú ar mo chroí a bheith ag caint leo agus ag stealladh Gaeilge. Ba lúcháir lem chroí iad a bheith ag teacht agus ag imeacht uaim gach tráthnóna. Bhíos im shórt múinteora acu (Ní Mhainnín agus Ó Murchú 1998: 170).

22 Chomh maith leis sin, tugann sí le fios gur thuig sí tábhacht náisiúnta an traidisiúin a bhí ina seilbh aici:

Do dheineas mo chion beag féin don nGaeilge ar feadh mo bheatha. Fé mar a dúrt cheana, bhí a lán stróinséirí ag tabhairt cuaird ar an Oileán ó am go ham [.…]

Thugas gach cabhair do lucht na Gaeilge d’fhoghlaim. Anois táim i ndeireadh mo laethanta, agus is dócha ná beidh seanabhean chomh Gaelach liom ar an Oileán so go deo arís. Sé bheartaíos i m’aigne beagán saothair a dhéanamh sara bhfaighinn bás is go mbeadh san do shásamh aigne agam sara sínfí mo chnámha fén gcréafóig (Ní Mhainnín agus Ó Murchú 1998: 183).

23 Fearacht Thomáis Uí Chriomhthain, b’fhéidir gurbh í an imní go rachadh scéal a beatha agus cuid de stair an oileáin chun na cille léi a spreag Sayers chun a dírbheathaisnéis a chur á scríobh. Tá sé suimiúil go raibh an dearcadh céanna á nochtadh ag Sayers agus Ó Criomhthain i leith mheath an traidisiúin bhéil agus a bhí ag Ó Duilearga ina léacht ‘The Gaelic story-teller’ (1969: 3–4). D’fhéadfaí a mhaíomh gur spreagadh a bhí san ardú stádais phearsanta do na húdair fosta agus scoláirí léannta ón taobh amuigh ar nós Mháire Ní Chinnéide agus Léan Connellan ag tabhairt uchtach do Sayers, mar shampla (Nic Eoin 1983: 108). Tugann Pádraig Ua Maoileoin le tuiscint in Na hAird ó Thuaidh go bhfáiltíodh pobal Chorca Dhuibhne roimh chuairteoirí a chuir spéis sa teanga: ‘Rud ab ea é a thug ardú meanman dúinn, agus a mhúscail ár meas ar an oidhreacht uasal a bhí fágtha againn’ (1970: 132). Téama lárnach de chuid na ndírbheathaisnéisí agus an bhéaloidis a bhí sa tuiscint a chuir An Seabhac in aigne an Chriomhthanaigh agus atá le fáil sa nath ‘ná beidh ár leithéidí arís ann’ (Ó Coileáin 1992: 254–255), nath cainte íocónach a ritheann tríd An Béal Bocht mar ábhar aoire ó thús deireadh. Ba í móitíf seo na himní ba mhó a spreag na bailitheoirí béaloidis agus lucht spéise na Gaeilge le heolas stairiúil, nathanna cainte, seanchas, seanscéalta agus amhráin a bhailiú agus iad faoi thionchar an ‘past-oriented Weltanschauung,’ mar a thug Alan Dundes air (2007: 167).

Myles na gCopaleen agus a dhearcadh ar an bhéaloideas

24 Cad chuige ar chuir an Nuallánach suim sa bhéaloideas agus i ndinimic phróiseas a bhailithe? Ina mhórshaothar Myles na Gaeilge, áitíonn Breandán Ó Conaire gurbh ‘é an tuiscint a bhí aige [Ó Nualláin] ar na scéalta béaloidis ná go mba scéilíní beaga tuaithe gan mórán dealraimh iad, agus chreid sé go raibh tionchar róláidir acu ar dhearcadh liteartha na hAthbheochana agus ar an “luath-nua-litríocht”’ (1986: 92). Shílfí i bhfianaise an mhéid seo go raibh seasamh frithbhéaloideasúil ag an Nuallánach. Dar ndóigh ba é ceann de mhórdhíospóireachtaí critice na hAthbheochana an cheist faoi ar cheart na seanscéalta béaloidis a úsáid mar mhúnla liteartha nó nár cheart (O’Leary 1994: 91–162). Deir O’Leary: ‘To many nativists, with their dread of foreign contamination of the view of new literature, folktales seemed to offer safely indigenous models to link the increasingly Anglicized present with the pristine Gaelic past’ (1994: 102).

25 Bhí an béaloideas, agus bailitheoirí béaloidis go háirithe, i measc na n‑ábhar a chíor Ó Nualláin ina chuid iriseoireachta Gaeilge. Chomh luath leis an bhliain 1934 in alt aorach dá chuid dar teideal ‘Ceist na Gaedhilge / Béal-Idiots / Sean-Scéal ó Sean- Lad,’ a foilsíodh ina iris Blather (1934–1935) faoin ainm cleite Count O’Blather, tugann an Nuallánach cuntas áiféiseach ar bhailitheoirí béaloidis agus ar an fhaisnéiseoir Labhraidh Mac Lupracháin, ‘nach rabh scéal aige,’ á bhuaileadh acu go dtí gur chum sé scéal ar an spota (1934: 32–33). Nuair a chuireann an scéalaí an píosa cumadóireachta seo i gcrích (scéal áiféiseach a léiríonn cur amach an Nuallánaigh ar na seanscéalta idirnáisiúnta mar sin féin), leagann Ó Nualláin béim ar an scoilt aicmeach idir Labhraidh Mac Lupracháin agus na bailitheoirí béaloidis: ‘Nuair a chruthaigh an seanduine daobhtha, ámhthach, go rabh a phócaí folamh agus nárbh fhiú tráithnín na h-éadaigh de glaisín caorach a bhí ar a dhruim, léig siad dó dul abhaile’ (1934: 33). Tugann Ó Nualláin rabhadh dá léitheoirí ag deireadh an chuntais fhicseanúil agus é ag comhairliú dá léitheoirí scéal a bheith ar bharr a dteanga acu do na bailitheoirí siúd. Is léir, áfach, nárbh iad na faisnéiseoirí féin a bhí á gcáineadh ag an Nuallánach ach dearcadh na ndaoine a bhí i mbun ábhar a bhailiú.

26 I measc na n‑ábhar a bhíodh á bhfoilsiú aige sa cholún ‘Cruiskeen Lawn’ in The Irish Times, colún a scríobhadh sé faoin ainm cleite Myles na gCopaleen, bhí cnuasach ‘seanfhocal’ nuachumtha aige dar teideal ‘Béaloideas Nua’ — seanfhocail ar nós ‘cara sa chuairt leath na h-oibre’ agus a leithéid agus é geallta aige iad a fhoilsiú ‘comh luath agus gheibhim faill cluas a thabhairt do na seanchaidhthe óga’ (1941). Ba nós leis fosta tagairtí a dhéanamh do charachtair de chuid bhéaloideas na hÉireann, Fionn Mac Cumhaill, Conán Maol agus Cú Chulainn san áireamh.

27 Bliain tar éis dó An Béal Bocht a fhoilsiú, dhírigh Ó Nualláin ar chomórtas scéalaíochta an Oireachtais i gcuntas ficseanúil a foilsíodh sa cholún ‘Cruiskeen Lawn’. Agus é ag trácht ar scéalaí ficseanúil as ‘Corca Dhorcha,’ scríobh sé:

Nuair a bhí sé óg léigh sé ‘Séadna’ agus chuir sé an t‑iomlán de ghlan-mheabhair le súil go mbuadhfadh sé duais cúig scillinge ar an Oireachtas a tionóladh sa Rotunda i mBaile Átha Cliath i nUibh Faeláin i Laighnibh sa bhliain 1898. Acht an uair sin ní raibh gluaiseacht na Gaedhilge láidir go leor le ‘Séadna’ ’na iomlán a fhulaing ó bheola meisciúla an Réicigh, agus ní bhfuair an fear bocht acht tarcuisne de bharr a chuairde go dtí an baile mór s’againne. Tá an ‘Séadna’ céadna uilig ina chloigeann críonna go dtí an lá indiu agus é truaillighthe lobhtha neamh-chruinn aige ar bhealach a chuirfeadh gliondar glé Órdha ar chroidhe aon thiomsuightheoir bhéaloideasa. Ní mhairfidh sé go deo agus ní foláir don Institiút bheith go díoghraiseach deifreach uime. Dóirtfidh sé an t‑iomlán ar cúpla gloine fuiscí agus is fiú ag an náisiún ar an luach sin na seoda Gaedhilge atá aige (1942).

28 Tarraingíonn an reacaire ar an choincheap ‘booklore’ ina nascann an scéalaí an traidisiún scríofa leis an traidisiún béil, ar luachanna chomórtais an Oireachtais agus ar imní Institiúid Bhéaloideas Éireann, is cosúil, d’aon ghnó. Cé go raibh stíl an úrscéil Séadna go mór faoi anáil mhúnla na litríochta béil, a mhalairt atá i gceist sa chuntas thuas agus an scéalaí ficseanúil ag cur an úrscéil de ghlanmheabhair — gníomh a léiríonn bua an scéalaí mar dhuine a bhfuil léamh agus scríobh na Gaeilge aige. Sa sliocht céanna, tugann sé amharc géar ar dhearcadh na hInstitiúide i leith bhás an bhéaloidis: ‘Ba cheart go mbeadh cúraimí agus costaisí an Institiúit ag dul i laighead gach bliain toisc gur ag dul i nganntannas a bhíonn a bhfuil de bhéaloideas againn agus gur ag meath go deo a bíos na seandaoine’ (1942). Is suimiúil go nasctar an bheocht leis an bhás, áfach, agus práinn ar lucht bailithe an bhéaloidis an scéal a mhealladh ón scéalaí le ‘cúpla gloine fuiscí’ ar mhaithe leis an ‘náisiún’ sula bhfaigheadh an béaloideas ‘bás’ (1942). Tógann Brian Ó Nualláin ról an eitneagrafaí air féin agus béim á leagan aige ar an teannas idir na bailitheoirí agus an scéalaí.

29 Léiríonn Ó Nualláin cuid de thuairimí comhaimseartha a linne i leith ról an bhéaloidis i saothrú na Gaeilge agus na litríochta. Díreach sular bunaíodh Institiúid Bhéaloideas Éireann bhíodh gearrscéalta á scríobh a rinne ábhar aoire de bhailiú an bhéaloidis chomh maith. Pléann Philip O’Leary, mar shampla, réimse gearrscéalaíochta a dhírigh ar ghné seo bhailiú gairmiúil an bhéaloidis, gearrscéalta a cumadh idir 1929 agus 1935. Ina measc, luann sé ‘Iarsma an Uile’ (1929) le Seán Ó Ciarghusa, gearrscéal faoi scoláire óg a bhailíonn ábhar béaloidis ó sheanbhean a imríonn cleas air; dhá ghearrscéal le Micheál Ó Siochfhradha, ‘An Turas’ agus ‘An Corp’ (1930), agus an scéal ‘An Bailightheóir Béaloidis’ (1935) le Seán Ó Conchubhair (O’Leary 2004: 117). Mar sin de, cé go raibh tionscadal an bhailithe ghairmiúil ag fás agus ag forbairt faoi dheireadh na bliana 1935, agus, go deimhin, ionad tábhachtach á bhaint amach ag an dírbheathaisnéis Ghaeltachta mar sheánra litríochta i gcaitheamh na tréimhse céanna, bhí ficsean áirithe á shaothrú a phléigh go soiniciúil leis an ghaol idir na bailitheoirí léannta agus a gcuid faisnéiseoirí Gaeltachta. Chruthaigh an iris Blather, an colún ‘Cruiskeen Lawn,’ agus carachtar Bhónapáirt in An Béal Bocht modh ealaíonta don Nuallánach lena chuid féin a dhéanamh de dhíospóireachtaí éagsúla na Gaeilge, na Gaeltachta agus an bhéaloidis.

Bailiú an ábhair: ‘an duine uasal’ i measc ‘scoth an bhochtanais’

30 Sa cheathrú caibidil in An Béal Bocht feictear dearcadh criticiúil an Nuallánaigh maidir le feiniméan na ndaoine uaisle agus iad sa tóir ar an rud a dtugann Hirsch an ‘idealized peasant’ air (1991: 1128). Léiríonn an carachtar Bónapárt an teannas socheacnamaíoch idir muintir Chorca Dhorcha agus na ‘daoine uaisle’ a thugann cuairt ar an cheantar ar mhaithe leis an teanga a fhoghlaim:

Bhí daoine uaisle le feiceáil anois go minic ar na bóithre, cuid acu óg is cuid acu aosta, ag cur Gaeilge ciotaí dothuigthe ar na Gaeil bhochta agus ag cur moille orthu agus iad ag dul faoin ngort. Bhí an Béarla gallda go líofa ó dhúchas ag na daoine uaisle ach ní ní chleachtaídis an teanga uasal sin i láthair na nGael, ar eagla, dar liom, go bpiocfadh na Gaeil corrfhocal di suas mar dhíon ar dheacrachtaí an tsaoil (BB 1999: 40).

31 Tarraingíonn Bónapárt aird ar an chaoi a mbíodh na cuairteoirí ag súil go mbeadh muintir an cheantair ag freastal ar a gcuid riachtanas foghlama ar bhonn deonach in ainneoin go mbíodh siad ‘ag cur moille orthu agus iad ag dul faoin ngort’ (BB 1999: 40). Ní de thimpiste a tharlaíonn sé go dtiteann an eachtra seo sa scéal amach i ndiaidh don reacaire saol contúirteach an oileáin, anró an phobail agus an tábhacht a bhí ag baint leis an obair, a threisiú roimhe sin san úrscéal. Rud eile de, luann Bónapárt gur bhain truailliú leis an Bhéarla go sonrach fiú más ‘teanga uasal’ é (BB 1999: 40). Cuireann an sochtheangeolaí Siobhán Ní Laoire traidisiún an ghearáin faoi ‘eilimintí Béarla’ sa Ghaeilge i gcomhthéacs an teannais a bhaineann le coincheap na híonghlaineachta i measc phobail dhátheangacha an domhain (2000: 35). Go deimhin, ba é coincheap an truaillithe namhaid na canúineolaíochta agus an bhéaloidis. Ba é/í an scéalaí nó an faisnéiseoir idéalach an té nach raibh mórán Béarla aige/aici agus nach raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ar a t(h)oil, leithéid Sheáin Uí Chonaill (1853–1931) nár fhág an baile le linn a shaoil agus nár chaith ‘oiread agus lá amháin i mbothán na scoile’ (Ó Duilearga 1977: xx). Is íorónta go bhfuil an easpa scolaíochta ina bua ag an fhaisnéiseoir gan Bhéarla. Arís eile, treisíonn an Nuallánach an bhearna shocheacnamaíoch idir lucht spéise na teanga agus muintir Chorca Dhorcha.

32 Is cosúil go bhfuil cuid de chritíc an Nuallánaigh bunaithe ar chuimhní Uí Chriomhthain ar chuairt Carl Marstrander, teangeolaí de chuid na hIorua a tháinig chuig an Bhlascaod Mhór sa bhliain 1909: ‘I dtosach mí Iúil, lá Domhnaigh, do thug naomhóg ó Dhún Chaoin duine uasal go dtí an Blascaod. Fear lom ard gealchroicinn glas-shúlach dob ea é. Ní raibh aige ach blaiseadh na Gaelainne, ar a theangain pé scéal é’ (Ó Criomhthain 2002: 296). Léiríonn muintir an oileáin iontas nár fhan Marstrander i bParóiste an Fheirtéaraigh, áit nach raibh chomh hiargúlta céanna, ach míníonn an Criomhthanach an chúis a bhí leis sin:

Cuireadh ceist air cad é an réasún nár fhan sé i bParóiste an Fheirtéartaigh, mar do thug sé coicíos ann, ach dúirt sé go raibh an iomarca Béarla thríd an nGaelainn acu, agus ná raibh san ag oiriúint do féin: go raibh mar dhualgas air scoth cheart na teangan d’fháil amach, agus gur anso a bhraith sé an Ghaelainn dob fhearr (Ó Criomhthain 2002: 296).

33 Tar éis do Marstrander an t‑oileán a fhágáil, tráchtann Ó Criomhthain ar an cheistneoir theangeolaíoch a bhí air a líonadh:

’Sé seo an t‑am díreach do tháinig an leitir chúm ón Lochlannach lán do pháipéir chuin ainm gach ainmní ar an dtalamh, ainm gach éin sa spéir, ainm gach éisc sa bhfarraige, agus ainm gach luibh ag fás do chur chuige anonn go Lochlainn, agus ordú agam gan baint le cabhair as aon leabhar, ach iad do leitriú insa bhlas do bhí agam féin (Ó Criomhthain 2002: 297–298).

34 Bhraith léann na canúineolaíochta agus an bhéaloidis ar shaothar deonach a gcuid faisnéiseoirí. Cuireann Ó Criomhthain síos ina dhírbheathaisnéis ar a mhíshástacht nuair nár thug an tAthair Seoirse Mac Clúin an t‑aitheantas cuí dó sa saothar Réilthíní Óir (1922), i ndiaidh dóibh ocht ‘n-uaire a’ chloig suite síos gach aon lá againn, dhá théarma insa ló, cheithre huaire ar maidin agus cheithre huaire tráthnóna, ar feadh an mhí’ (2002: 321). Agus é ag cur síos ar an bhuille, deir Ó Criomhthain: ‘’Sé seo an mí ba mhó do ghoill riamh orm ar muir ná ar talamh agus, farais sin, is mó do chuir paiseon agus fearg orm, an uair do chonac an té gur thugas an aimsir chruaidh ina theannta, nár luaigh sé go raibh mo leithéid riamh ina chabhair’ (2002: 321). Ba é an gaol míchothrom seo idir cuairteoir agus faisnéiseoir Gaeltachta a bheir greim ar aird an Nuallánaigh, ní foláir.

35 Más amhlaidh gurbh é cuntas Uí Chriomhthain ab údar d’aoir Bhriain Uí Nualláin sa chuid thuasluaite den leabhar, cén fhoinse a bhí aige dá chur síos ar an bhailitheoir béaloidis i gcaibidil a trí? Tá a dhóthain fianaise ó na mionsonraí comhthéacsúla a roinneann carachtar Bhónapáirt faoi phróiseas an bhailithe a thabharfadh le tuiscint gur ag tagairt do leithéidí an Choimisiúin atá sé. Cé gur ‘duine uasal as Baile Átha Cliath’ atá i gceist seachas gnáthbhailitheoir tipiciúil de chuid an Choimisiúin, a mbeadh aithne aige ar an phobal nó ar chúlra an phobail ina raibh sé i mbun bailithe, déanann Bónapárt cur síos grinn air a chuirfeadh cur chuige an Choimisiúin i gcuimhne don léitheoir. Tarraingíonn Bónapárt ar thróp a bhí go mór i réim i dtrátha an ama seo, is é sin go raibh luach faoi leith le hábhar a bhailiú nach raibh ar fáil i gceantair eile:

Thuig an fear uasal seo go raibh mórán ina mbeatha i gCorca Dhorcha nach raibh a macasamhail le fáil in aon áit eile, agus fós ‘ná beadh a leithéidí arís ann.’ Bhí gléas leis ar a dtugtaí gramafón agus an té a dhéanfadh scéalaíocht nó seanchas i láthair an ghléis seo, chuirfeadh an gléas ar chuala sé de ghlanmheabhair, agus bhí ar a chumas na briathra céanna go díreach a stealladh amach arís aon uair ba mhian le haoinne. B’iontach an gléas é. Chuir sé eagla ar a lán de mhuintir na háite agus d’fhág a lán eile acu balbh, agus is amhrasach an mbeidh a leithéid arís ann. De bhrí gur cheap na daoine go raibh mírath ag baint leis an ngléas, bhí obair achrannach ag an duine uasal an seanchas béaloidis a chruinniú uathu (BB 1999: 35).

36 Cé gur cuntas aorach atá i gceist, tagann an cuntas ar an ghramafón go mór leis na tuiscintí reatha ar an éideafón i gcomhthéacs an bhailithe sa chéad seo caite. Is iomaí sampla atá le fáil i ndialanna oibre na mbailitheoirí de chuid an Choimisiúin de sheanchaithe a bhí den tuairim go raibh cumhacht osnádúrtha ag baint leis an éideafón siocair bua na teicneolaíochta nua-aimseartha seo an t‑ábhar a bhailiú focal ar fhocal uathu. Luann Briody go mbíodh Peig Sayers faiteach roimh an éideafón: ‘However, some informants did not like the Ediphone, and in such cases even longer items of tradition had to be dictated. The accomplished narrator Peig Sayers was one such person: the Ediphone used to frighten her’ (2007: 247). B’údar amhrais an t‑éideafón mar gheall ar easpa taithí na seanchaithe ar an ghléas, go háirithe i luathbhlianta an Choimisiúin sna 1930idí.

37 Dúshlán a bhí san éideafón a bhí ar bhailitheoirí an Choimisiúin agus a gcuid faisnéiseoirí a shárú. Mar shampla, ba mhinic a bhíodh ar an bhailitheoir Seán Ó hEochaidh duine dá chuid seanchaithe, Mícheál Ó hIghne, a thaifeadadh faoi dhó mar go raibh an scéalaí den tuairim go raibh adharca an éideafóin ag cur isteach ar a chuid geáitsíochta (Ó hEochaidh 1109: 280). I gcuntas a scríobh sé sa bhliain 1946, meabhraíonn Ó hEochaidh dúinn go raibh daonnacht ag baint leis an bhród a bhíodh ar scéalaithe as a gceird:

Cuireann sé an-chruaidh ar Mhicí a bheith a cainnt ar an ‘ediphone,’ agus ’sé an t‑ádhbhar sin, siocair nach dtig leis go leór féidhme a bhaint as na lámha nuair a bhíonn sé a cainnt, agus sin leath innse an scéil ag Micí. Cuireann sé i bhfad níos mó bríogh ina chuid seanchais le n‑a lámha agus a ghnúis nó a gnidh sé le n‑a ghlór cinn. Tá na fiacla caillte aige, agus tá sin a cur meathlodh mór ar a chuid cainnte, agus ag an t‑é atá cleachtuighe leis níl moill á thuigbheáil (Ó hEochaidh 1109: 280).

38 Chomh maith leis sin meabhraíonn an sampla seo dúinn cé chomh cruinn is a bhí an cur síos seo in An Béal Bocht. Mar a deir Stiofán Ó Cadhla: ‘Ba é an meaisín an eilifint sa seomra go minic’ (2011: 200) agus, siocair go raibh an gléas féin daor, ba bheag taithí a bhí ag cosmhuintir na tuaithe air. Agus é ag plé chuairt an fhir uasail in An Béal Bocht, áfach, leagann Ó Cadhla béim ar an náire a bhí ag baint leis an ghramafón i dtuairisc Bhónapáirt siocair eagla mhuintir an tí ina leith agus gan aon rogha ag an fhear uasal ach an t‑ábhar a bhailiú sa dorchadas (2011: 206). Ceanglaítear an nuatheicneolaíocht le rúndacht na hoíche ach cuirtear gliceas an fhir uasail as a riocht nuair a nochtann Bónapárt gur mhuc é an reacaire ar cuireadh a ghlór á thaifeadadh (BB 1999: 37).

39 Mar a pléadh cheana anseo, thuig bailitheoirí de chuid an Choimisiúin go raibh siad ag bailiú ó ‘scoth an bhochtanais’ (BB 1999: 77). Mar sin féin, tuigeadh na rialacha sóisialta a bhain leis an chómhalartacht. Ba mhinic do bhailitheoirí alcól nó tobac a bhronnadh ar scéalaithe mar chomhartha buíochais nó mar straitéis chun ábhar a mhealladh uathu. Ina chuntas ar a thuras in Éirinn sa bhliain 1951, nocht an béaloideasóir clúiteach Stith Thompson a thuairimí faoin nósmhaireacht seo agus é i gcuideachta Sheosaimh Uí Dhálaigh agus Shéamuis Uí Dhuilearga i dteach Pheig Sayers:

July 23 — Late morning Séamus, Joe Daly, and Angus came in the car to take us to visit storytellers in the region. First, was Peig Sayers, the most famous person in the district. […] The son who cares for her has not her charm nor strength. Their peasant cottage is typical, with a small farm surrounding it [….] The four of us waited outside a few minutes while Séamus went in to pave the way, which he did by taking a pint of whiskey as gift. The country folk love this way of ‘breaking the ice’. I think, however, Peig would have been delighted to see us anyway. She kissed my hand in parting (Thompson 1996: 279).

40 Mar is léir, dar le Thompson, nósmhaireacht a bhí ann nach raibh riachtanach sa chás seo (1996: 279), ach níor mhór a chur san áireamh gur bhéaloideasóir é féin a bhí ag teacht isteach ón iasacht. Ina alt ar mhodhanna bailithe Phroinsiais de Búrca, luann Ian Ó Catháin go mbíodh ar an bhailitheoir gar a dhéanamh do na scéalaithe in amanna chun an t‑ábhar a mhealladh uathu, turas báid san áireamh (2012: 29). Is i gcomhthéacs stádas socheacnamaíoch an bhailitheora a luaitear bronntanas an bhiotáille in An Béal Bocht, áfach. Siocair cumas an bhailitheora biotáille a cheannach do ghrúpa mór daoine — acmhainn nach bhfuil ag aon duine i gCorca Dhorcha, is cosúil — treisítear an bhearna idir an bailitheoir agus muintir an tí: ‘Is cosúil gur duine saibhir a bhí ann óir chaitheadh sé a lán airgid ar bhiotáille gach oíche leis an gcrapaltacht agus an chúthaileacht a bhaint as teanga na seandaoine’ (BB 1999: 35). Ní raibh cead ag bailitheoirí an Choimisiúin airgead a thabhairt dá gcuid seanchaithe agus ba óna bpócaí féin a cheannaídís biotáille agus tobac. Cé gur bronntanais a bhí i gceist, is furasta a thuiscint fós gur comhartha de stádas socheacnamaíoch an bhailitheora a bhí sa nós seo.

41 Cé go raibh an bhearna seo ag teacht chun solais agus dul chun cinn sóisialta á dhéanamh ag na bailitheoirí gairmiúla de thairbhe a mbailiúchán, thuig na bailitheoirí go raibh ról tábhachtach idirghabhála acu idir an chosmhuintir agus na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus is minic a léiríonn a gcuntais an-tuiscint ar dhroch-chúinsí maireachtála na seanchaithe agus na scéalaithe a mbídís ag bailiú uathu. Is téama é seo a phléann Lillis Ó Laoire ina chuid taighde ar thréimhse Sheáin Uí Eochaidh sna Cruacha Gorma i dTír Chonaill:

He frequently comments on their often extremely meagre circumstances, their poor housing, their lack of medical services, and the ill-health and other infirmities they suffered. Paradoxically, however, ill-health can be seen as something of a boon to him, as it left his informants at home and kept them relatively free from the duties of heavy work so that they welcome the arrival of someone to relieve the tedium (2013: 82).

42 Dar ndóigh, sa tréimhse atá i gceist, ní raibh na tuiscintí céanna i réim is atá sa lá atá inniu ann maidir le cúrsaí eitice ó thaobh an bhailithe. I gcás Uí Eochaidh, bhí sé ábalta a thuairim a nochtadh trí mheán na scríbhneoireachta ina chuid dialann. Mar a chéile leis sin, tugann carachtar Bhónapáirt Uí Chúnasa deis don Nuallánach scaoileadh lena racht ar na ceisteanna eitice céanna, ach trí mheán na haoire.

43 Cé gur thionscadal nua a bhí i mbailiú náisiúnta an bhéaloidis in Éirinn sna 1930idí, níorbh fhada go ndeachaigh an pobal i dtaithí ar na bailitheoirí. Glacadh leo mar a bheadh institiúid iontu féin ar nós fhear an phoist nó sagairt (Dorson, in Briody 2007: 256–257; O’Leary 2004: 117). Is maith mar a aithníonn an Nuallánach an feiniméan seo agus an carachtar Bónapárt ag trácht ar an dóigh a nglacann pobal Chorca Dhorcha leis an fhear uasal:

Bhí an t‑ainm sin amuigh air ar fud na dúiche agus nuair a chloistí scéala go raibh sé ag tabhairt cuairde tígh Shéamais nó tígh Sheáin, b’eo chuig an tigh sin gach seanduine a chónaigh i ngiorracht fiche míle mórthimpeall ag iarraidh scaoilte a dteangach ón deoch leighis theasmhach sin; ní miste a rá go raibh go leor den aos óg lena gcois (BB 1999: 35).

44 Nochtann Bónapárt go raibh céad seanduine ‘ar a laghad’ bailithe sa teach an oíche seo agus stór mór biotáille ar fáil do lucht an airneáil a bhuí leis an bhailitheoir (BB 1999: 35). Tugann an Nuallánach le tuiscint gur airgead amú atá san airgead a caitheadh ar an bhiotáille nuair a sháraíonn an t‑alcól an baicle atá i láthair ar an oíche. Éiríonn lucht an airneáin róshúgach agus gan aon ábhar bailithe ag an bhailitheoir: ‘Ní raibh aon cheann de sheoda ár sean cruinnithe an oíche sin aige agus bhí luach cúig phunt de bhiotáille caillte gan tairbhe’ (BB 1999: 36). Meabhraítear nach raibh fiú na scéalaithe ab fhearr nó, go deimhin, muintir na Gaeltachta slán ón mheisciúlacht mar, in ainneoin an idéalaithe, bhí laigí saolta orthu.

45 Cothaíonn an áiféis spás leis na gnéithe seo i bpróiseas an bhailithe a cheistiú go hoscailte. Déanann Bónapárt cur síos drámatúil ar an dóigh a n‑éiríonn leis an bhailitheoir a chuid spriocanna oibre a bhaint amach in ainneoin mheisciúlacht mhuintir an tí. A bhuí le ‘seanduine bocht fliuch báite,’ de réir cosúlachta, éiríonn leis ábhar seanchais a thaifeadadh agus gnó na hoíche a chur i gcrích:

Cailleadh an créatúr gan mhoill i ndorchadas an tí, ach pé áit ar an urlár a raibh sé ina luí bhíog croí an duine uasail nuair a mhothaigh sé go raibh sruth mór cainte ag teacht as an áit sin. Caint thapaidh chasta ghruama a bhí ann go fírinneach — cheapfá gur ag eascainí go meisciúil a bhí an seanfhear — ach níor fhan an duine uasal le ciall a bhaint aisti. Léim sé aníos agus shocraigh sé an meaisín éisteachta láimh leis an té a bhí ag stealladh amach na Gaeilge. Cheap an duine uasal go raibh ródheacracht sa Ghaeilge sin agus bhí ardlúcháir air go raibh an meaisín úd ag sú isteach. Thuig sé go mbíonn an dea-Ghaeilge deacair agus an Ghaeilge is fearr beagnach dothuigthe (BB 1999: 36).

46 Is léir nach dtuigeann an bailitheoir Gaeilge an fhaisnéiseora agus, go deimhin, nach dtuigeann muintir an tí cad é go díreach atá ar bun ar an chéad dul síos:

Tar éis uaire nó mar sin stop an sruth cainte. Bhí an duine uasal sásta le gnó na hoíche. Mar chomhartha buíochais chuir sé píopa bán, leadhb tobac agus buidéilín biotáille i bpóca an tseanduine, a bhí anois i dtoirchim meisce ar an bhfód ar thit sé (BB 1999: 37).

47 Tugann an méid a bhronnann an fear uasal ar an fhear bhocht fhliuch bháite le fios don reacaire agus do mhuintir an tí go mbaineann luach neamhghnách leis an ‘sruth cainte’ dhothuigthe seo a thaifead an bailitheoir. Is é an mórábhar íoróine gurb í an mhuc a d’aithris an saothar luachmhar siúd (BB 1999: 37). Mar sin féin, brúitear mianta an bhailitheora chun tosaigh agus dealraítear gur beag tuiscint atá ag muintir an tí ar an mhéid a thiteann amach. Tugann tráchtaireacht shoineanta Bhónapáirt le tuiscint, áfach, gurb é an bailitheoir agus an lucht léinn atá aineolach seachas muintir Chorca Dhorcha agus caint na muice mar ábhar léinn idirnáisiúnta aige. Thar aon rud eile, tugann an Nuallánach cuireadh dúinn lionsaí níos criticiúla a úsáid agus anailís á déanamh ar phróiseas an taifeadta.

Toradh an bhailithe: cé a thuilleann an gradam?

48 Is é an mhórcheist a thagann chun tosaigh anseo i ndiaidh do bhailitheoir ficseanúil an Nuallánaigh imeacht ná cad é a thiteann amach ina dhiaidh sin? Leagann Myles na gCopaleen a mhéar ar cheann de na mórábhair achrannacha a bhaineann le taifeadadh agus cartlannú a dhéanamh ar théacs ó bhéal. Bíodh is go bhfuil mianta an bhailitheora chun tosaigh i dtráchtaireacht Bhónapáirt, tógtar ceisteanna maidir le ról an fhaisnéiseora (nó sa chás seo, ról na muice) sa phróiseas tar éis an taifeadta fosta. Cén tairbhe a bhaineann pobal Chorca Dhorcha as an mhéid seo? Nuair a fhágann an fear uasal an teach i ndiaidh dó a dhóthain ábhair a bhailiú ó bhéal na muice, tosaíonn muintir Chorca Dhorcha ag cur agus ag cúiteamh faoi thoradh an bhailithe. Tugann Bónapárt léargas dúinn ar na ráflaí áitiúla seo i measc an phobail:

Bhí sé ráite sa chomharsanacht ina dhiaidh sin go bhfuair an seanduine ardmholadh as ucht an phíosa seanchais sin a bhí curtha i dtaisce aige sa ghléas éisteachta an oíche sin. Chuaigh sé go cathair Bherlin na Gearmáine agus d’aithris sé a raibh cloiste ag an ngléas i láthair lucht ardléinn an Chaintinint (BB 1999: 37).

49 Cé nach síleann Bónapárt ná muintir an tí go bhfuil suntas faoi leith ag baint leis an ‘sruth cainte’ úd, tchítear an t‑ionadh i measc na gcomharsan go bhfuil luach idirnáisiúnta ag baint leis an ábhar. Go deimhin, bhain gné láidir idirnáisiúnta le hobair an Choimisiúin ón tús agus tagann tuiscintí an Nuallánaigh ar scoláireacht an bhéaloidis chun tosaigh sa tráchtaireacht seo. Mar shampla, pléann Henry Glassie an tábhacht a bhí leis an nasc idir foireann an Choimisiúin agus an scoláireacht idirnáisiúnta:

Part-time, full-time, staff: from Alex McConnell to Michael J. Murphy, to Caoimhín Ó Danachair and Seán Ó Súilleabháin, the lineaments of energy in the Irish Folklore Commission trace gracefully from the local, through the regional, through the national, to the international study of folklore (2010: 6).

50 Is éard is cás le Brian Ó Nualláin, nó a urlabhraí, Bónapárt, áfach, ná an dóigh nach bhfaigheann an faisnéiseoir ach aitheantas teoranta don ábhar taifeadta ach gurb é an bailitheoir a dhéanann dul chun cinn gairmiúil agus a bhaineann ardú céime amach dá bharr:

Bhaisteadar go ceanúil céim bhreá léannta ar an duine uasal agus, ní ba shuimiúla, chuireadar coiste beag dá mbaill féin ar bun le mionstaidéar a dhéanamh ar chaint an ghléis féachaint an bhféadfaí aon chiall a bhaint aisti (BB 1999: 37).

51 Cé gurb é an conradh idir an bailitheoir agus an faisnéiseoir (an mhuc) is údar don chuntas fhicseanúil, tugtar ábhar machnaimh don léitheoir faoin mhéid a tharlaíonn don ábhar bailithe agus don fhaisnéiseoir i gcoitinne.

52 Critíc ghéar, fhadradharcach a bhí i gceist ag an Nuallánach i 1941. D’éirigh le hÓ Dálaigh agus le hÓ hEochaidh éacht a bhaint amach tríd an mhéid a bhailigh siad i gcaitheamh a dtréimhsí mar bhailitheoirí gairmiúla ina bpobal féin agus bhronn Ollscoil na hÉireann céimeanna dochtúireachta oinigh orthu beirt sna 1980idí (Briody 2007: 429). D’éirigh leis na scoláirí agus leis na bailitheoirí éagsúla a bhíodh ag tarraingt ar leithéidí an Bhlascaoid tairbhe áirithe a bhaint as saothar deonach a gcuid faisnéiseoirí fosta. Léirítear in An Béal Bocht an tuiscint bheacht a bhí ag an Nuallánach ar dhinimicí bhailiú an bhéaloidis agus ar an léann acadúil i dtólamh. Ní hamháin go ndearna Ó Nualláin critíc ar na castachtaí eitice a bhain leis an phróiseas, ach bhí sé in ann tionscnamh an bhailithe a chur i gcomhthéacs léann an bhéaloidis go hidirnáisiúnta chomh maith le tuiscint a léiriú ar mhórcheist an aitheantais a thug an tionscnamh don traidisiún béil ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

Conclúidí

53 Tá sé suimiúil gur ghlac an Nuallánach an dualgas air féin an radharc seo ar eitneagrafaíocht an bhéaloidis a chur san áireamh i mórshaothar cruthaitheach a bhí bunaithe ar ábhar agus ar fhoirm na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta. An é nár aontaigh sé le tionscadal an bhailithe ghairmiúil agus é ag díriú a airde ar an choimhlint shóisialta idir lucht na hAthbheochana agus gnáthmhuintir na Gaeltachta? D’fhéadfaí a mhaíomh, siocair go raibh ról chomh lárnach sin ag an bhéaloideas i ndíospóireachtaí liteartha na hAthbheochana agus i ndioscúrsa na Gaeilge i gcoitinne, gur dheacair don chriticeoir shoch-chultúrtha ceist an bhéaloidis a fhágáil ar lár. Chomh maith leis sin, má chuimhnítear ar an ghaol idir próiseas cruthaithe na ndírbheathaisnéisí ó thaobh cúrsaí aitheantais (an scríobhaí nó an t‑eagarthóir versus údar nó insteoir an scéil), d’fhéadfaí a rá go n‑ardaíonn tionscnamh bailithe an bhéaloidis (an bailitheoir versus an t‑insteoir nó an faisnéiseoir) cuid de na ceisteanna céanna aitheantais. Cé leis an t‑ábhar ar deireadh?

54 Is léir óna iris Blather agus óna cholún ‘Cruiskeen Lawn’ go raibh suim faoi leith ag an Nuallánach i gceisteanna cultúrtha agus socheacnamaíochta a linne, agus thit an béaloideas agus obair na hInstitiúide agus an Choimisiúin faoina scáth seo. Chruthaigh na scríbhinní seo deis dó amharc criticiúil a thabhairt ar an bhearna idir an dearcadh rómánsach a bhí go mór chun cinn maidir le tábhacht an bhéaloidis agus réaltacht an tsaoil dóibh siúd ar bailíodh ábhar uathu. Cé gurbh í an áiféis an cur chuige ab ansa leis an Nuallánach chun na tuairimí siúd a nochtadh, is ríléir go raibh sárthuiscint aige ar an traidisiún béil agus ar a dhá mhóreilimint: an téacs ó bhéal féin agus comhthéacs sóisialta an láithrithe.

55 Is suimiúil go meabhraíonn Mícheál Briody ina chuid taighde ar Choimisiún Béaloideasa Éireann dúinn gur beag atá ar eolas faoi dhearcadh na ndaoine ar bailíodh ábhar uathu faoin mhéid a shíl siad féin faoin tionscadal i ndáiríre (2007: 258–259). Nuair a dhéantar athléamh ar chuntas Uí Nualláin ar chuairt an bhailitheora in An Béal Bocht i gcomhthéacs léann an bhéaloidis, cuireann an scig-charachtar Bónapárt i gcuimhne dúinn gur guth in easnamh is ea dearcadh na seanchaithe ar na bailitheoirí agus ar an tionscadal bailithe féin. Leoga, cén tairbhe a bhain na faisnéiseoirí as an tionscadal bailithe seo go fírinneach i gcomparáid leis na scoláirí agus na bailitheoirí a chuir an t‑ábhar i dtaisce? Tugtar ábhar machnaimh dúinn faoin cheist seo sa leabhar.

56 Luathchritíc chomhaimseartha a bhí in An Béal Bocht nuair a bhí Coimisiún Béaloideasa Éireann fós faoi bhláth. Tá ceisteanna fós á gcíoradh maidir leis na modhanna bailithe agus an próiseas a bhain leis an obair ghoirt a bhíodh ar bun ag na bailitheoirí gairmiúla béaloidis (O’Connor 2010: 80–98). Tógann an scigbheathaisnéis fhicseanúil ceisteanna crua, bunaithe ar fhírinne a linne. Cé nach mbaineann an cur síos ar an bhailitheoir béaloidis ach le ceithre leathanach san úrscéal ar fad, léirítear bua an Nuallánaigh agus an dóigh ar éirigh leis na ceisteanna seo a shníomh isteach ar bhealach lom, gonta, ach ag an am chéanna ar bhealach a chuaigh go smior na gcnámh i gcuid de na fadhbanna eitice a bhain leis an phróiseas. Tá ceachtanna fós le foghlaim ó An Béal Bocht ó thaobh cúrsaí eitice i bpróiseas bhailiú an bhéaloidis agus i mbrainsí éagsúla de chuid na heitneagrafaíochta. Cé gurb é an greann is dual don aoir agus don aithris, tagann daonnacht na hoibre sa ghort chun cinn ar bhealach a spreagann athléamh tuisceanach ar An Béal Bocht agus ar fhoinsí de chuid na heitneagrafaíochta i gcoitinne.

Saothair a ceadaíodh

Ábhar Cartlainne

Baile Átha Cliath

Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile

Ó Dálaigh, S. Cinnlae. Imleabhar 421.

Ó hEochaidh, S. Cinnlae. Imleabhar 422.

Ó hEochaidh, S. Cinnlae. Imleabhar 1109.

(Sleachta foilsithe le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann)

Foinsí Foilsithe

Almqvist, B. (2009) ‘Réamhrá’. In: Almqvist, B. agus Ó hÉalaí, P. (eag.) Peig Sayers: Labharfad Le Cách. Baile Átha Cliath: New Island: 3–47.

Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, Ideology, Methodology. Helsinki: Finnish Literature Society.

Briody, M. (2009) ‘“Is Fearr an tAighneas ná an tUaigneas”: Máirtín Ó Cadhain agus Bailiú an Bhéaloidis’. In: Bliainiris 9: 7–49.

Briody, M. (2014) “‘Dead Clay and Living Clay”: Máirtín Ó Cadhain’s criticisms of the work of the Irish Folklore Commission’. In: The Legacy of Lauri Honko: Contemporary Conversations, Approaching Religion 4 (1): 55-65.

Count O’Blather [Brian Ó Nualláin]. (1934) ‘Ceist na Gaedhilge / Béal-Idiots / Sean-Scéal ó Sean-Lad’. In: Blather 1 (2): 32–33.

Cronin, A. (1989) No Laughing Matter: The Life and Times of Flann O’Brien. London: Grafton Books.

de Paor, L. (1998) ‘Myles na gCopaleen agus Drochshampla na nDealeabhar’. In: The Irish Review 23: 24–32.

Denvir, G. (1997) ‘Decolonizing the Mind: Language and Literature in Ireland’. In: New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua 1 (1): 44-68.

Dégh, L. (1995) Narratives in Society: A Performer-Centered Study of Narration. Helsinki: FF Communications.

Dundes, A. (2007) ‘The Devolutionary Premise in Folklore Theory’. In: Bronner, S. J. (eag.) The Meaning of Folklore: The Analytical Essays of Alan Dundes. Utah: Utah State University Press: 164–178.

Glassie, H. (2010) ‘The Irish Folklore Commission: International Scholarship, National Purpose, Local Virtue’. In: Béaloideas 78: 1–18.

Hirsch, E. (1991) ‘The Imaginary Irish Peasant’. In: PMLA 106 (5): 1116–1133.

Lysaght, P. (2007) ‘Folklore Collecting in County Clare: Tadhg Ó Murchú’s Second Visit (1943)’. In: Béaloideas 75: 109–169.

Lysaght, P. (2008) ‘Folklore Collecting in Co. Clare: Tadhg Ó Murchú’s Third Visit (1950)’. Béaloideas 76: 139–192.

Mac Aonghusa, C. (1972) ‘Mar a chuaigh an Conradh i bhfeidhm ar an nGaeltacht’. In: Ó Tuama, S. (eag.) The Gaelic League Idea. Corcaigh agus Baile Átha Cliath: The Mercier Press: 76–86.

Mac Clúin, S. (1922) Réilthíní Óir. Baile Átha Cliath: Comhlucht Oideachais na h-Éireann.

McKibben, S. (2003) ‘An Béal Bocht: Mouthing Off at National Identity’. In: Éire-Ireland 38 (1–2): 37–53.

Myles na gCopaleen [Brian Ó Nualláin]. (1941) ‘Cruiskeen Lawn’. In: The Irish Times, 21 Deireadh Fómhair 1941.

Myles na gCopaleen [Brian Ó Nualláin]. (1999 [1941]) An Béal Bocht. Baile Átha Cliath: Mercier Press.

Myles na gCopaleen [Brian Ó Nualláin]. (1942) ‘Cruiskeen Lawn’. In: The Irish Times, 19 Bealtaine 1942.

Ní Laoire, S. (2000) ‘Traidisiún an Ghearáin: An Díospóireacht faoi Ghaeilge na Gaeltacha Inniu’. In: Mac Mathúna, L., Mac Murchaidh, C. agus Nic Eoin, M. (eag.) Teanga, Pobal agus Réigiún: Aistí ar Chultúr na Gaeltachta Inniu. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 33–47.

Ní Mhainnín, M. agus Ó Murchú, L. (1998) Peig: A Scéal Féin. An Daingean: An Sagart.

Nic Eoin, M. (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Nic Eoin, M. (1983) ‘Is Maith is Cuimhin Liom. . .’ In: Sinsear 1982–1983: 107–116.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Cadhain, M. (1990 [1950]). ‘Béaloideas’. In: Ó Laighin, S. (eag.) Ó Cadhain i bhFeasta. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta: 127–168.

Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800–2000. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Catháin, I. (2012) ‘Proinsias de Búrca — Bailitheoir Béaloidis ag Foghlaim na Ceirde’. In: Béaloideas 81: 23–37.

Ó Catháin, S. (2005) ‘Institiúid Bhéaloideas Éireann, 1930–1935’. In: Béaloideas (73): 85–110.

Ó Conaire, B. (1986) Myles na Gaeilge. Baile Átha Cliath. An Clóchomhar Tta

Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnacht.

O’Connor, A. (2010) ‘Deconstructing the Archive? A Reflection on Collection-Centred Ethnology in the Irish Context’. In: Béaloideas 78: 80–98.

Ó Coileáin, S. (eag.) (2002) An tOileánach. Baile Átha Cliath: Cló Talbóid.

Ó Coileáin, S. (1992 [1979]) ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’. In: Ó Conaire, B. (eag.) Tomás an Bhlascaoid. Indreabhán: Clo Iar-Chonnachta: 233–265.

Ó Domhnaill, N. (1951) Forbairt na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Domhnaill, N. (1990 [1950]) Comhfhreagras ar ‘Béaloideas’. In: Ó Laighin, S. (eag.) Ó Cadhain i bhFeasta. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta: 169–172.

Ó Duilearga, S. (1969 [1945]) The Gaelic story-teller: with some notes on Gaelic folk-tales. Chicago: University of Chicago Press.

Ó Duilearga, S. (eag.) (1977) ‘Réamhrá’. In: Leabhar Sheáin Í Chonaill: Sgéalta agus Seanchas ó Íbh Ráthach. Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann: ix–xxvi.

Ó Giolláin, D. (2000) Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.

Ó Laoire, L. (2013) ‘ “The Gaelic Undertow”: Seán Ó hEochaidh’s Field Trip to the Bluestacks in 1947’. In: Potts, D. (eag.) This Landscape’s Fierce Embrace: The Poetry of Francis Harvey. Newcastle: Cambridge Scholars Publishing: 73–89.

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival 1881-1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press.

O’Leary, P. (2004) Gaelic Prose in the Irish Free State 1922–1939. Dublin: University College Dublin Press.

O’Leary, P. (2010) Irish Interior: Keeping Faith with the Past in Gaelic Prose 1940–1951. Dublin: University College Dublin Press.

O’Rourke, B. agus Walsh, J. (2015) ‘New speakers of Irish: shifting boundaries across time and space’. In: International Journal of the Sociology of Language 231: 63 – 83.

Thompson, S. (1996). ‘Norway: 1951-1952’. In: McDowell, H., Gale Carpenter, I., Braid, D. agus Peterson-Veatch, E. (eag.) A Folklorist’s Progress: Reflections of a Scholar’s Life. Indiana: Indiana University Press: 276–295.

Ua Maoileoin, P. (1970 [1960]). Na hAird ó Thuaidh. Baile Átha Cliath: Sairséal agus Dill.

uí Ógáin, R. (2007a). ‘Máirtín Ó Cadhain agus Saol an Bhéaloidis’. In: Ní Annracháin, M. (eag.) Saothar Mháirtín Uí Chadhain: Léachtaí Cholm Cille xxxvii. Maigh Nuad: An Sagart: 131–156.

uí Ógáin, R. (eag.) (2007b) ‘Mise an Fear Ceoil’: Séamus Ennis — Dialann Taistil 1942–1946. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Walsh, J. (2016) ‘“Chuireag na smóilíní a’ Sclimpireacht istig in mo chroí”: Athrú Teanga agus Idé-eolaíocht Teanga i mBreac-Ghaeltacht na nDéise’. In Walsh, J. agus Ó Muircheartaigh, P. (eag.) Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR: 414–449.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626