Béal Bocht an bhéaloidis: Myles na gCopaleen agus a luath-chritíc ar an bhailiú ghairmiúil

Ní Churraighín, Aisling

Béal Bocht an Bhéaloidis: Myles na gCopaleen’s early critique of professional folklore collection

Abstract

In 1941, Brian Ó Nualláin published An Béal Bocht under one of his many pseudonyms, Myles na gCopaleen. Although An Béal Bocht is primarily recognised as a parody of the Gaeltacht autobiographies, Ó Nualláin’s satirical critique of professional folklore collection and the field of ethnography is also of significant interest. At the time of the novel’s publication, the Irish Folklore Commission (1935–1971) was gaining momentum and the era of the Irish Folklore Institute (1930–1935) was within recent memory. This article focuses on the brief account given by the main character of the novel, Bónapart Ó Cúnasa, in which he depicts a folklore collector as he attempts to record oral material from ‘scoth an bhochtanais’ (the very best of poverty). Comprising a mere four pages within the novel, this satirical account nonetheless raises numerous questions about the dynamic between collector and ‘informant’ and indeed, about the ethics of collecting and archiving oral material.

Drawing on folkloristic and ethnographical perspectives, this article explores some of the most interesting questions that Ó Nualláin raises concerning fieldwork in An Béal Bocht. By utilizing sources from both folklore scholarship and the Gaeltacht biographies, Ó Nualláin’s critique is situated within its ideological context in terms of literature and folklore. Accounts of professional folklore collectors employed by the Irish Folklore Commission, as well as Ó Nualláin’s Irish-anguage journalism, are also drawn upon to better understand the national and international context of Ó Nualláin’s critique.

 

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
19/10/2017

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
eitneagrafaíocht, Institiúid Bhéaloideas Éireann, dírbheathaisnéisí Gaeltachta, Coimisiún Béaloideasa Éireann, bailitheoirí béaloidis, An Béal Bocht, Myles na gCopaleen

DOI:
10.18669/ct.2017.03

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Sa bhliain 1941, d’fhoilsigh Brian Ó Nualláin a úrscéal scigbheathaisnéisiúil An Béal Bocht faoin ainm cleite Myles na gCopaleen. Bíodh is gur scigaithris is ea An Béal Bocht ar na dírbheathaisnéisí Gaeltachta go príomha, díol spéise is ea an chritíc a dhéanann an Nuallánach ar thionscadal bhailiú an bhéaloidis agus ar léann na heitneagrafaíochta san úrscéal fosta. Dar ndóigh, foilsíodh an t-úrscéal nuair a bhí Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) ina luathbhlianta agus deireadh tagtha le hInstitiúid Bhéaloideas Éireann (1930–1935). Dírítear san alt seo ar an chuntas ghearr a thugann príomhcharachtar an úrscéil, Bónapart Ó Cúnasa, ar an bhailitheoir ‘uasal’ sa cheathrú caibidil den leabhar, agus an bailitheoir ar a dhícheall ábhar béil a mhealladh agus a thaifeadadh ó ‘scoth an bhochtanais’. Cé nach maireann an cur síos ach ar feadh ceithre leathanach san úrscéal ar fad, tógann an cuntas aorach iliomad ceisteanna faoin chaidreamh chasta idir an bailitheoir agus an ‘faisnéiseoir’ agus faoi na cúinsí eitice a bhaineann le hábhar ó bhéal a bhailiú agus a chartlannú.

Baintear feidhm san alt mar sin as lionsaí de chuid an bhéaloidis agus na heitneagrafaíochta le scagadh a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna is spéisiúla a thógann an Nuallánach faoin bhailiú ghairmiúil agus faoi ghort na heitneagrafaíochta in An Béal Bocht. Suitear critíc seo an Nuallánaigh i gcomhthéacs idé-eolaíoch a linne, ag tarraingt ar fhoinsí éagsúla de chuid an bhéaloidis agus na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta. Tarraingítear fosta ar iriseoireacht Ghaeilge an Nuallánaigh agus ar chuntais na mbailitheoirí a bhí fostaithe ag an Choimisiún chun go dtuigfear ceannródaíocht a luathchritíce i gcomhthéacs léann an bhéaloidis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

© Aisling Ní Churraighín, 2017

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Churraighín, Aisling

Teagmháil:

a.nichurraighin2@nuigalway.ie

Beathaisnéis:

As Teileann in iardheisceart Thír Chonaill í Aisling Ní Churraighín. Bronnadh scoláireacht de chuid Chomhairle Taighde na hÉireann (IRC) uirthi sa bhliain 2015 le tabhairt faoi chéim dochtúireachta le Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Díríonn a tráchtas dochtúireachta ar bhailiú gairmiúil an bhéaloidis i dTeileann idir 1935 agus 1976, agus ar an tionchar a bhí ag an bhailitheoir áitiúil Seán Ó hEochaidh ar chomhthéacs na hinsinte agus ar an ábhar a bailíodh agus é ag bailiú ina phobal féin. Tá spéis faoi leith ag Aisling sa scéalaíocht, i bpróiseas an láithrithe, agus i ndinimicí an bhailithe ghairmiúil.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.