Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin

Deirdre Ní Chonghaile

1 Ag machnamh dó ar shaothar iomlán John Millington Synge, thug Yeats uaidh an duanmholadh cáiliúil seo: ‘He loves all that has edge, all that is salt in the mouth, all that is rough to the hand, all that heightens the emotions by contest, all that stings into life the sense of tragedy’ (1911: 20). Ceithre scór bliain ina dhiaidh sin, mhol Breandán Ó hEithir Synge as fírinne shearbh an tsaoil chomhaimseartha in Árainn a nochtadh: ‘Only in the writings of Synge do we find any impression of the frequent assaults, maiming of horses and cattle, boycotts, victimizations, evictions and allegations of forced conversions that arose constantly in the history of the period’ (1991: 61). Maolaíonn sé a mholadh, áfach, nuair a mheasann nár nocht Synge a dhóthain, nár theann sé le ‘the frank, often scathing realism of the novels of Liam O’Flaherty’ (1991: 62). San umhlú seo do bhua a uncail, tugann Ó hEithir deis athbhreithniú a dhéanamh ar chlaonadh straitéiseach Synge i leith Árann; claonadh a cheileann nithe nár fheil do sprioc Synge fiú agus na hoileáin á nochtadh go glinn aige ina dhrámaí agus ina leabhar The Aran Islands (1907).

2 Déantar anailís ghrinn san alt seo ar dhán a chum Árannach eile, Máirtín Ó Direáin: a dhuanmholadh do Synge. Pléann an dán an tionchar a bhí ag Synge ar chanóin iomráiteach liteartha Árann agus, dá bharr sin, ar an oileánra féin. Mar a ghlac Synge seilbh ar Árainn, glacann an saoi file seilbh ar shealbhú Synge agus labhraíonn ar son Árann. Fógraíonn sé gurb ionann neamhaird a thabhairt ar an nguth áitiúil agus leithcheal a dhéanamh air. Áitíonn sé go ngníomhaíonn Synge sna hiarrachtaí éagsúla ar mhaithe le cothrom na féinne a bhaint amach d’Árainn i leith na sochaí, an chultúir, agus na teanga.

An Taibhdhearc

3 Sa phasáiste fada dorcha trína dtagann an lucht féachana isteach in amharclann athchóirithe na Taibhdheirce, tá sraith grianghraf dubh is bán crochta ar an mballa; íomhánna a iarrann ar dhaoine moilliú beagán. Ina measc, tá grianghraf a glacadh sa bhliain 1931, íomhá ó chéad-léiriú na Taibhdheirce den dráma Déirdre an Bhróin, aistriúchán Liam Uí Bhriain ar shaothar Synge Deirdre of the Sorrows (1932). I gcuideachta Bhríd Uí Ghríofa, a ghlac ról Dheirdre, feictear malrach óg soineanta i ról Naoise, Máirtín Ó Direáin (1910–1988) in aois a scór bliain. Níorbh é a chumas aisteoireachta a cheap dósan an ról úd ach a dhathúlacht, a dhordghuth agus a dhúchas. D’ionchollaigh an Direánach — an cainteoir dúchais a bhog as Árainn go Gaillimh i 1928 ar mhaithe le post a ghlacadh in Oifig an Phoist agus a bheadh, níos deireanaí, ina cheannródaí iomráiteach d’fhilíocht na Nua-Ghaeilge — d’ionchollaigh sé na nithe is mó a spreag Synge: an Ghaeilge, Oileáin Árann, agus an traidisiún béil. Aithníodh cheana an ról a bhí ag luath-thréimhse na Taibhdheirce i saol an Direánaigh, gur spreag sí a shuim sa litríocht (Breathnach agus Ní Mhurchú 2019), ach tugtar suntas anseo do léiriú 1931 de Déirdre an Bhróin mar gur dóigh gurb é is túisce a thug deis don Direánach aithne a chur ar shaothar Synge, más trí aistriúchán Uí Bhriain féin é. Is iondúil go leagtar ar Chomhlacht Drámaíochta Druid gurbh iad an chéad chompántas a chuir dráma de chuid Synge i láthair in Árainn; i 1982, go gairid i ndiaidh dó bean as Inis Meáin a phósadh, ghlac Mick Lally páirt Christy Mahon in The Playboy of the Western World (Cnuasach Chomhlacht Drámaíochta Druid, T2, Leabharlann Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh). D’fhéadfadh, áfach, gur thug Taibhdhearc na Gaillimhe drámaí Synge go hÁrainn roimhe sin sna 1940idí agus sna 1950idí (Aiken 2018: 204–205). Cibé, is mó seans gur léadh drámaí Synge agus a leabhar The Aran Islands go háitiúil roimhe sin. Tuigtear dúinn nár leasc le hÁrannaigh ar deoraíocht teacht ar ábhar clóite faoi na hoileáin agus na scéalta céanna a sheoladh abhaile, mar a tharla nuair a d’fhoilsigh Synge litreacha Mháirtín Deanaigh in The Gael i 1901 (Ní Chonghaile 2016: 88).

Figiúr

Figiúr 1

Léiriú 1931 de chuid na Taibhdheirce den dráma Deirdre an Bhróin, aistriúchán Liam Uí Bhriain ar shaothar Synge Deirdre of the Sorrows; Bríd Ní Ghríofa a ghlac ról Dheirdre agus Máirtín Ó Direáin a ghlac ról Naoise. Cnuasach Thaibhdhearc na Gaillimhe, T1/E/1, Leabharlann Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

4 Níos deireanaí, i 1953, d’fhoilsigh an Direánach a fheartlaoi ‘Ómós do John Millington Synge’ san iris Comhar, arbh ionann é agus dán ómóis, paeán, agus tuireamh d’aon iarraidh do Synge. Sa dán, déanann sé cur síos beacht ealaíonta, más moltach den chuid is mó é, ar mar a ghlactar go fabhrach forleathan in Árainn le saothar Synge. Níos deireanaí arís eile, i 1957, foilsíodh leagan leasaithe den dán sa chnuasach Ó Mórna agus Dánta Eile. Tagraítear anseo don dá leagan éagsúil seo a foilsíodh le linn Uí Dhireáin, leaganacha atá curtha ar fáil in Aguisíní I agus II faoi seach, ar mhaithe le léargas a thabhairt ar na difríochtaí beaga eatarthu — difríochtaí atá suntasach caolchúiseach mar sin féin — agus, leis sin, ar phróiseas cumadóireachta Uí Dhireáin.

Mír fuaime 1

‘Ómós do John Millington Synge’ (Ó Direáin 1969).

5 Is minic a shamhlaítear saothar sainiúil Uí Dhireáin le cumha an oileánaigh i gcéin, ach tá, ar ndóigh, géire agus doimhneacht freisin ina thréanmhachnamh ar chruacheisteanna éagsúla (Mac Craith 1993; Ní Riain 2002). In ‘Ómós do John Millington Synge’, ina bhfuil léirmheas moltach ar mar a chuir Synge le canóin Árann, tá géarchritic shaibhir ar shaothar Synge chomh maith, ar a oidhreacht liteartha agus mar a chuireann sí le canóin Árann. Meabhraíonn mórthéamaí an ionchollaithe, na hionadaíochta, agus an aistriúcháin atá fite fuaite in ómós Uí Dhireáin dúinn léiriú 1931 na Taibhdheirce de Déirdre an Bhróin. Shamhlófaí, b’fhéidir, gur oidhreacht de chuid an léirithe sin iad na téamaí seo, go háirithe mar gur athghabhálacha ar ghabhálacha Synge iad an dán agus an dráma aistrithe (de Paor 2016).

6 In aon líne is fiche — ceithre cheathrú agus véarsa deiridh ina bhfuil cúig líne — labhraíonn an file go díreach leis an té atá faoi chaibidil. Tagraíonn an Direánach do shaothar Synge agus dá oidhreacht, leagann béim ar ghnéithe atá, dar leis, suntasach, agus roinneann a bhreithiúnas féin ar an méid sin. Tá cur chuige mar é le fáil i ndánta eile de chuid an Direánaigh, dánta ina bhfuil pearsana áirithe, idir bheo agus mharbh, faoi chaibidil. Ina measc siúd, tá: ‘Do Niamh Nic Gearailt’ (2010: 26); ‘Do Bhernadette Naofa Soubirous’ (54); ‘Do Mhnaoi Ar Bith Mar Í’ (55); ‘Do Mháire Nic Giolla Mhártain’ (94); ‘Do Dharach Ó Direáin’ (110); ‘Do Aint Liom’ (149); ‘O’Casey’ (180); ‘Focalrabharta (do Chaitlín Maude ó bheith ag éisteacht léi ag léamh a dáin)’ (204); ‘Do Risteard de Paor’ (213); ‘Do Mhac Pheaits Sheáin’ (217); ‘Bile a Thit (ómós do Mháirtín Ó Cadhain)’ (220); ‘Do Sheán Ó Ríordáin’ (241); ‘Éamon de Valéra’ (270–1); ‘Seán Mac Héil Ardeaspag’ (287); ‘Do Threasa Ní Mhiolláin’ (290); ‘Do Chearbhall Ó Dálaigh’ (291); ‘Don Ollamh Dáithí Ó hUaithne, R.I.P.’ (292); agus ‘Do Eoghan Ó Tuairisc’ (296).

7 Díobh seo thuasluaite, is fiú dhá cheann a lua anseo: is iad sin ‘Bile a Thit’ agus ‘O’Casey’. San fhoclaíocht agus sna híomhánna a tharraingíonn an Direánach chuige féin, tá cosúlachtaí suntasacha idir an dá dhán seo agus ‘Ómós do John Millington Synge’. Tá meafar na cré sna trí cinn acu. In ‘Bile a Thit’, tá idirdhealú ábharthach idir ‘ár gcleacht’ agus ‘do chleacht’ chomh maith le tagairtí stairiúla do mhórchathanna na nGael, Cionn tSáile agus Eachroim. In ‘O’Casey’, tá an t‑éamh taobh le taobh leis an daonnacht, le cearta, agus le slánú. B’fhiú grinnstaidéar a dhéanamh ar na dánta seo i gcuideachta a chéile, ach tá anailís dá leithéid ag dul thar theorainn an ailt seo. Is éard a thairgítear anseo ná mionléamh ar ‘Ómós do John Millington Synge’ amháin.

‘Culaith eachtrainn’

8 Is iad an dá fhocal dheireanacha den dán a nochtann dúinn a mhór-sprioc: is í sin, ceisteanna a ardú faoin oidhreacht agus freisin faoin aistriúchán, beart de chuid Synge a theastaíonn ón Direánach a mholadh agus a fhiosrú. Meabhraíonn na ceisteanna seo ‘Ceist na Teangan’ le Nuala Ní Dhomhnaill (1990: 154) chomh maith le leabhar Louis de Paor, Ag Caint leis an Simné? (2018). Mar sin, is leis na focail dheireanacha sin a thosóidh an anailís anseo. Is spéisiúil an rogha samhla é a thugann an chéad leagan den dán chun críche: ‘culaith eachtrainn’. Ní hamháin go spreagann na focail sin an íomhá shainiúil den oileánach óg neamhshuaimhneach agus é gléasta mar Naoise, ach meabhraíonn siad freisin bua áirithe na culaithe agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin, bua an chochaill dhraíochta a cheadaíonn, de réir an bhéaloidis, cleasaíocht, ceilt, nochtadh, malartú, éalú, faoiseamh nó saoirse (Hand 1981: 145; O’Connor 2005: 75; Garry agus El-Shamy 2005: 160–165). Tá greim maith ag an tsamhail áirithe seo ar mhothúchán míshocair an aistriúcháin go háirithe, greim a mbainfeadh Nuala Ní Dhomhnaill leas as níos deireanaí (Ní Dhomhnaill 1992; Kidd 2003: 40–42; Ní Fhrighil 2008: 228–232). Mar a thugann Michael Cronin faoi deara, baineann baol mór míchompoird leis mar bheart: ‘Tig linn, ar bhealach, próiseas an aistrithe a shamhlú mar chasóg a chaithfear a iompú taobh istigh amach agus muid ag iarraidh téacs a thiontú ó theanga go teanga eile agus an bealach abhaile go dtí an sprioctheanga a aimsiú’ (2008: ix).

9 Agus an focal ‘culaith’ á fhágáil ar lár ag an Direánach as an dara leagan den dán ar chúis a mhíneofar in am trátha, ní mhaolaítear an choimhlint a bhraitear sa dán ná ní chúlaíonn an iarracht ar theacht ar údaracht. Cruthaítear an teannas cuí tríd síos sa dán nuair a dhéantar malartú ar leaganacha dearfacha agus leaganacha diúltacha de bhriathra agus, ar deireadh ar fad, leis an bhfocal scoir ‘eachtrainn’. Tugann breithiúnas fileata Uí Dhireáin deis dúinn chomh maith cor in aghaidh an chaim a thabhairt do Synge. Sa dán seo, ardaítear guth údarásach Árannach, guth a bhfuil ceisteanna áitiúla ag déanamh imní dó, chun freagra a thabhairt ar an ionadaíocht a rinne Synge ar son an oileánra. B’fhiú an ionadaíocht úd a mheas le hais ionadaíocht an Direánaigh féin ar son an oileánra, ionadaíocht atá pléite ag údair eile (Mac Craith 1993; Ní Riain 2002). B’fhiú freisin foclaíocht an dáin a mheas le hais fhoclóir iomlán Uí Dhireáin (Ó hAnluain 2002). Is ceisteanna iad sin nach dtagann faoi raon an phlé san alt seo, áfach, áit arb é an dán ar leith an t‑aonad anailíse.

An Guth Áitiúil

10 Ag cloí leis na teorainneacha a bhí le cuairt Synge ar Árainn — ar na trí oileán: Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr — meabhraíonn milieu an dáin dúinn an spás agus an aimsir ina bhfuil leabhar Synge, The Aran Islands, suite. Ní ómós cronatópach amháin don údar agus dá shaothar síolaitheach atá anseo. Is mian leis an Direánach an chaint ar Synge a athrú ó bhonn; an chaint ar stádas canónach a leabhair agus ar a ghuth. Déanann sé é seo trí fhéachaint ar Synge trí pheirspictíocht eile, go háirithe trí shúile na n‑oileánach a casadh air: mar fhear a tháinig ar cuairt agus ar éirigh leis filleadh arís agus arís eile; a d’iompair leis leabhair ar nós leis tarraingt orthu — ‘An leabhar ba ghnáth id’ dhóid / As a chuiris bréithre ar marthain’ — nó ina scríobhadh sé na focail a bhailigh sé ansiúd — ‘na bréithre a chnuasaís tráth’ — agus a d’fhág le huacht ag Árainn, ar deireadh, rud níos mó ná oidhreacht liteartha. Tá an treoshuíomh úr seo ríthábhachtach don Direánach. Arís agus arís eile sa dán, baineann sé leas as marcanna farraige chun cúrsa an dáin a choinneáil. Is é an guth áitiúil, cuir i gcás, a scaoileann an chéad líne ina mbaintear leas as briathar agus as réamhfhocal chun an t‑éileamh a dhéanamh: ‘An toisc a thugchun mo dhaoine’ [liomsa an bhéim]. Is macalla í an líne seo den chéad abairt i leabhar Synge, The Aran Islands, agus freagra uirthi freisin: ‘I am in Aranmor, sitting over a turf fire, listening to a murmur of Gaelic that is rising from a little public-house under my room’ (1907: 5). Leis seo, tugann Ó Direáin deis dúinne éisteacht leis an ‘murmur of Gaelic’ trí urlár Synge, cogar mogar a mhéadaíonn sé in aon turas chun na reacaireachta suntasaí. Méadaíonn an Direánach ar an reacaireacht seo trí sheift eile a ghabháil: leis an bhfrása ‘mo dhaoine’ sa chéad líne, frása a fhaightear arís sa véarsa deireanach, scarann an Direánach é féin óna phobal dúchais de bheagán ar mhaithe lena údarás mar fhile a mheabhrú, údarás a cheadaíonn tábhacht bhreise dá thuairimíocht agus dá bhreithiúnas.

11 Is léir nach í an phribhléid a theastaíonn ón Direánach a dheonú don pheirspictíocht áitiúil ach tosaíocht a thabhairt di ionas go bhfaigheadh sí aitheantas. Nuair a admhaíonn sé go bhfuil bua áirithe aigesean mar fhile áitiúil cuidiú leis an treoshuíomh úr seo, déanann sé file pobail agus urlabhraí de féin. Is rogha in aon turas freisin é labhairt ar son oileánaigh uile Árann sa teanga a chruinnigh agus a mhúnlaigh Synge. Leagann sé béim ní hamháin ar cheart na n‑oileánach iad féin a chur in iúl ina dteanga dhúchais ach freisin ar luach an fhriotail shainiúil úd, luach a luaitear sa réamhaiste dar teideal ‘Mise agus an fhilíocht’, aiste a cuireadh i gcló sa chnuasach dánta inar foilsíodh an dán leasaithe i 1957. Ionas gur féidir leis an fhilíocht agus a log áitiúil á fhí go dlúth ina chéile, tarraingíonn an Direánach aird ar inbhraiteacht na peirspictíochta áitiúla, ar na mothúcháin a théann go fíorchuas an ionathair ionainn. Agus an chúis seo ag dul go cnámh na huillinne, is ar mhuintir na háite go príomha a leagann sé an aeistéitic áitiúil seo agus a huigeacht shaibhir, iad araon préamhaithe go doimhin san áit:

Bhí an charraig oileánda ar ar tógadh mise ar mhuin na filíochta, gan bealach ag duine uaithi dá mb’áil féin leis é. Bhí sí sna brachlanna cúrbhána a d’éiríodh de dhroim na mara glaise, i nglór na dtonn a bheireann dúshlán carraige is trá, agus bhí sí arís sa monabhar ciúin síoraí a níodh mallmhuir samhraidh is í ag súgradh go lách le ciumhais an chladaigh. Ach thar aon ní eile bhí sí i gcaint na ndaoine. Nárbh é Monsieur Jourdain i ndráma de chuid Molière a chaith cuid mhór dá shaol ag labhairt próis agus gan a fhios sin aige. Chaith mo dhaoine féin formhór a saoil ag labhairt filíochta i ngan fhios dóibh (1957: 11).

12 Is ionann an réamhaiste, a aithnítear go forleathan mar fhorógra, agus an bailiúchán ina bhfoilsítear é, agus rosc catha; ‘clochmhíle i bhforás pearsanta an Direánaigh agus i bhfóras na nuafhilíochta araon’ a thugann Mícheál Mac Craith orthu (2010: 12). Is dá bharr seo a thuigtear do chriticeoirí áirithe gurb í an chúis atá le moladh fileata Uí Dhireáin ó cheart ná údarás Synge a cheistiú mar gur lú a thaithí siúd ar Árainn. Maíonn Mac Craith, cuir i gcás, go bhfuil an Direánach ag tarraingt airde ar an déscaradh idir údarás an ghutha áitiúil agus soibealtacht ghuth seachtrach an chuairteora, guth an strainséara Synge: ‘tá sé ag tabhairt le fios os íseal… gur ceap andúchasach é Deirdre of the Sorrows(2010: 15). Dar le Mac Craith: ‘Dá ionraice é ionracas Synge mar ealaíontóir, tá ionracas eile ann is ionraice fós. Is ón taobh amuigh a rinne Synge ceiliúradh ar Árainn ach is ón taobh istigh a cheiliúrann an Direánach a mhuintir féin — ‘mo dhaoine’ — ina dteanga féin. Cuimhnímis freisin nár chaith Synge ach ocht seachtaine déag ar fad in Árainn, fad is nach raibh ach Gaeilge le cloisteáil ag an Direánach ar feadh seacht mbliana déag dá shaol’ (Mac Craith 2010: 14).

13 Is léamh é seo ar thuairim an Direánaigh i leith Synge agus a oidhreacht Árannach a d’fhéadfadh a bheith neamhchríochnaithe, áfach, léamh ar cosúil go dtáinig sé faoi scáth ní ba pharóistiúla: scáth na díospóireachta comhaimseartha ar mar a bhraitheann údarás na bhfilí Gaeilge ar a gcumas teanga. Chuir an Direánach féin leis an díospóireacht úd, go háirithe lena aiste ‘Mise agus an fhilíocht’. Feictear don údar seo go bhfuil tuiscint eile ar an dán ar fáil dúinn, tuiscint a léiríonn gurb éard atá i gceist ná imreas: treascairt ar ghuth Synge agus ar stádas canónach a shaothair The Aran Islands ar mhaithe le hómós reitrice a dhéanamh don ghuth áitiúil agus do bhua Synge araon. Tugann Ó Direáin tús áite don ghuth áitiúil trí aird a tharraingt ar chásmhaireacht Synge i leith na cainte áitiúla ar an bpointe boise tar éis dó tuirlingt in Árainn. Is é bua seo na héisteachta, le guthanna áitiúla go háirithe, bua ar thug an Direánach suntas áirithe dó ina apologia — ‘ní hionann cuairt mhíosa, cuairt ráithe ná cuairt bhliana féin ar cheantar áirithe Gaeltachta, agus do chluas a bheith agat le béal an chine ar feadh an achair a raibh sí amhlaidh agamsa’ (1957: 14) [liomsa an bhéim] — is é an bua seo a cheiliúrann an dán, mar a dhéanann sé buanna eile Synge a cheiliúradh, ina measc, a shaoirse intinne, ionracas a chuid ealaíne, agus a dhaonnacht. Méadaítear ar bhuanna Synge sa dara líne ‘ón gcéin bhoig / mhéith don Charraig dhanartha / charraig gharbh’: cé is moite de na hathruithe idir an chéad leagan agus an dara ceann, arbh ionann iad agus maolú de bheagán ar theanga an fhile, leagann an líne seo béim ar an gcodarsnacht idir Árainn agus áiteanna nach í, codarsnacht nárbh aon bhac ar Synge í.

‘Éamh’

14 Tarraingíonn an chéad dá cheathrú den dán aird ar an gcodarsnacht idir Synge, a dhírigh ar an mbeo, agus na hársaitheoirí ar cuairt, a dhírigh ar an neamhbheo, is é sin, clocha agus fothracha. Sa pholarú fíréanta seo, teipeann ar an ngéarchoimhlint. Is mian leis an Direánach comhghairdeas a dhéanamh go díreach le Synge as tosaíocht (agus ní haon phribhléid) a thabhairt don ghuth áitiúil a bhfuil a údaracht tuillte go maith aige: ‘an leid a scéith as léan is peannaid / danaid’. Daingnítear tábhacht na fulaingthe mar théama lena rogha focail ‘éamh’, focal a bhaineann in amanna leis an slua sí agus le caointeoireacht ach a fheictear freisin i gcomhthéacsanna eile, ina measc Soiscéal Lúcáis (Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926). Anseo, meabhraíonn ‘éamh’ dúinn na gártha pearsanta corpartha ó Mhaurya in Riders to the Sea, ó Phegeen Mike in The Playboy of the Western World, agus ó Dheirdre in Deirdre of the Sorrows chomh maith leis an éamh a tháinig as broinn a máthar sular rugadh Deirdre mar a insíonn Longes Mac nUislenn: ‘ro-gréch in lenab inna broinn’ (Hull 1971: 43). Is ábhar molta don Direánach éacht Synge, a rug leis go snasta dínit na mban ag gol faoi thrombhuairt (Bourke 2000). Is éacht í sin ar mian leis aithris a dhéanamh uirthi. Mar mhacalla ar chleas Synge, roghnaíonn Ó Direáin tús áite a thabhairt don ghuth baineann agus leagann béim ar a bhua chun treascartha, bua as a mbaineann sé féin leas anseo agus ar ball. Cothaíonn ‘éamh’ codarsnacht shuntasach idir imeallú ghuth na mban agus ócáidí nuair a bhíonn an guth sin lárnach, chun tosaigh agus gan sárú, más guth ón saol eile é ag fógairt uafáis, nó guth in airde le linn sochraide, guth dheasghnátha an bháis. Mar sin, méadaíonn ‘éamh’ bua treascartha an ghutha áitiúil trí ghuth baineann a dhéanamh de. Baintear leas arís as an mbua seo ag deireadh an dáin nuair a scaoileann Ó Direáin a chaoineadh féin.

15 Ar chúiseanna éagsúla, is díol suntais é an líne ina iomlán, ‘Ní thig éamh as an gcré mhairbh.’ Ar lámh amháin, shamhlófaí gur aistriúchán díreach é ar líne a leagtar ar Antaiginé agus í ag sárú ar an rí Créón, líne a fhaightear in aistriúchán Béarla a chruthaigh Sir George Young: ‘The dead clay makes no protest’ (1888: 16). Sa bhunleagan Gréigise, áfach, ní cosúil go mbaineann Sophocles leas as meafar na cré, rud a fhágann gur scaoilte samhlaitheach é aistriúchán Young. Cá bhfios, mar sin féin, nár fheil an tsamhail agus an líne féin don Direánach agus é ag tarraingt ar ghuthanna treascartha idir bhunáiteach agus bhaineann. Cá bhfios nach nod don eolach é a mheabhraíonn dúinn tionchar na drámaíochta Gréagaí ar shaothar Synge; a bhaineann adhmad dá réir as feidhm na drámaíochta sa tsochaí Ghréagach, agus as feidhm dhrámaí na Téibe go háirithe, chun cruacheisteanna a phlé ar stáitse poiblí; agus a mhéadaíonn, dá bharr sin uilig, tábhacht na ceiste a ardaítear sa dán i dtaobh bhua an ghutha.

16 Ar an lámh eile, meabhraíonn an líne chéanna agus an t‑idirdhealú a dhéantar sa chéad dá cheathrú idir an chré bheo agus an chré mharbh ábhar na léachta conspóidí dar teideal ‘Oideas agus eile’ a thug Máirtín Ó Cadhain do Chumann na Scríbhneoirí ar 11 Feabhra 1950 (Ó Laighin 1990: 129–169; Briody 2009: 21). Ina léacht, baineann an Cadhnach leas loiscneach as meafar na cré, meafar a bhí tugtha chun beatha go neamhbhalbh aige ina mhórshaothar gradamach Cré na Cille a foilsíodh sa tréimhse chéanna: mar shraith in Scéala Éireann idir Feabhra agus Meán Fómhair 1949 and mar leabhar i mí an Mhárta 1950 (Briody 2009: 21). Feicfear go molann siad beirt, an Direánach agus an Cadhnach, spéis Synge sa chré bheo; tagraíonn an Cadhnach do dhán Yeats ‘The Municipal Gallery Revisited’: ‘John Synge, I and Augusta Gregory thought / All that we did, all that we said or sang / Must come from contact with the soil […]’ (Ó Laighin 1990: 155). Más ionann macalla Uí Dhireáin agus tagairt dhíreach don Chadhnach, deimhníonn sé nach í an stair is ábharthaí don fhile ach cúrsaí reatha agus an todhchaí, mar a nochtar ag deireadh an dáin. Má tá an bás ina thaibhse tríd síos, tugann an bheocht agus an bhrí a leagtar ar phearsana éagsúla an dáin a dhúshlán. Tá fuinneamh an chomhraic úd le brath ó thús deireadh.

17 Ceiliúrann an chéad dá cheathrú eile cumas Synge agus é ag dul i ngleic le gnéithe daonna Árann — is iad sin na hoileánaigh a mhaireann agus carachtair a gcuid scéalta, a gcuid miotaseolaíochta, a gcuid béaloidis agus amhrán — gnéithe daonna a sháraíonn am, spás, miotas, agus réaltacht. Trí aithris eile a dhéanamh ar mhaithe lena chúiseanna féin, aithris a cheiliúrann an uair seo bua Synge chun beatha a thabhairt don duine daonna ar ardán na hamharclainne, déanann an file athshamhlú ar chuid de cholainneacha drámatúla Synge ar mhaithe lena sprioc filíochta féin. Éilíonn sé an briathar neamhchoitianta ‘duinigh’ chun brí agus beatha a bhronnadh ar na pearsana clúiteacha in Deirdre of the Sorrows agus The Playboy of the Western World, rogha focail a mhínigh sé féin níos deireanaí (Ó hAnluain 2002: 55). Ansin, agus am, spás, agus miotas á fhuineadh aige, ionchollaíonn sé na pearsana úd go ndéantar díobh oileánaigh de chuid ré Synge, daoine a casadh air, d’fhéadfaí a rá. Sula dtugann siad faoina n‑éalú cinniúnach, siúlann Deirdre bóithre Inis Meáin agus, ag dul thar Cheann Gainimh dó sa churach, ní ligeann Naoise de na maidí. Freisin, spréachann Pegeen Mike agus tugann faoina leannán Seán Keogh: ‘chaith Peigín le Seáinín aithis.’ Ní ligfimid tharainn an deis a lua anseo go ndeirtear san oileánra féin gur bean as Inis Meáin a bhí in Pegeen Mike ach go bhfuil béim leagtha ag scoláirí roimhe seo ar bhean as an mBlascaod Mór, Mary Pheats Mhicí Uí Ghuithín née Ní Chatháin (1882–1970) (Kanigel 2012: 22). Ní taibhsí doláimhsithe iad na neacha ionchollaithe seo ach daoine daonna a mhaireann agus ní gan locht é. San áit a bhfuil dúshlán áirithe roimh ghuthanna údaracha áitiúla ar mian leo go gcloisfí iad in éadan an chlampair ‘ón gcéin bhoig / mhéith’, ceapann Ó Direáin éacht eile: bronnann sé gradam ar an ionchollú a dhéanann sé féin, ní hamháin ar an ionchollú a dhéanann Synge. Is iad ioncholluithe éagsúla na beirte a thugann ‘léim ghaisce de na leathanaigh.’ Dearbhaítear an t-ionchollú seo leis an bhfocal ‘cló’ a cheadaíonn beatha nua, beatha eachtrainn más ea, don bhriathar agus é á aithris ó bhéal. Ag deireadh an dáin, baineann an Direánach leas níos iomláine as an ionchollú.

Mac Bheatha

18 Giorraítear an paeán sa véarsa deireanach, ar ghéim galltrumpa é a chuireann dealramh eile ar fad ar an dán. Déantar duanmholadh de, ní hamháin do Synge ach freisin d’Árainn agus don saol a spreag Synge chun pinn. Ionas go dtiocfaidh an léitheoir leis an bhfile, ionas go n‑aithneofar gur tragóid é an bás mínádúrtha atá, de réir an Direánaigh, i ndán d’Árainn, baineann sé leas as stair na hAlban mar a insítear i ndráma Shakespeare, Macbeth, í, scéal faoi chaimiléireacht a chreim agus a chniog ríocht. Déanann an Direánach a chuid féin d’íomhá an uafáis, is í sin, Coille Bhiornam ag gluaiseacht i dtreo Dhùn Seunain, eachtra dhochreidte a fhógraíonn turnamh Mhic Bheatha. Is ar mhaithe le foláireamh a thabhairt é sealbhú seo Uí Dhireáin, foláireamh faoi bhás do-éalaithe Árann a thiocfas le tuile na nua-aimsearthachta ón iasacht, tuile nach bhfáiltíonn Synge roimpi ach oiread (1907: 69). Sa chéad leagan den dán, eisítear an foláireamh faoi dhó ach, in ionad Dhùn Seunain a tharraingt chuige féin arís, samhlaíonn an Direánach gurb ionann Árainn agus Teamhair, sean-ríocht na hÉireann a bhíodh: ‘Tá Teamhair mo dhaoine ag lobhadh’. Déantar an líne seo a mhalartú sa dara leagan, áfach — ‘Tá cleacht mo dhaoine ag meathadh’ — malartú a mhaolaíonn an bhinib a bhain leis an gcéad rogha, agus scaoileann le ‘Teamhair,’ nach bhfuil sách pearsanta ná cuí. Leis seo, seoltar an léitheoir ar ais i dtreo an phobail áitiúil, a saoil agus a saothar: an ‘cleacht’. Tugann tairngreacht seo Shakespeare teannas agus drámaíocht don duanmholadh, is cinnte, ach tá cúis eile, cúis níos suntasaí, ar intinn ag an Direánach. Is é macalla seo Mhic Bheatha, macalla ina dhá chuid, bunchloch na hargóna uaidh ar an tábhacht agus ar an luach a bhaineann le Synge agus a shaothar Árannach.

19 I dtús báire, ar mhaithe leis an tábhacht stairiúil a bhaineann leis na hathruithe atá i ndán do theanga agus do chultúr Árann a chur in iúl, baineann Ó Direáin leas as bunús stairiúil an dráma: is é sin, stair na cúirte ríoga in Albain san aonú haois déag. Cuideoidh léiriú beacht ar an gcomhthéacs stairiúil úd le míniú an cháis. I 1040, i ndiaidh dó Donnchadh Ó Maolchoilm (Duncan I) a dhúnmharú, ceapadh Mac Bheatha Mac Fhionnlaigh (Macbeth d. 1057) ina rí (Broun 2004). I 1045, thug athair Dhonnchadh Uí Mhaolchoilm, Crinán, dúshlán Mhic Bheatha ach maraíodh eisean chomh maith. I measc chlann Dhonnchadh, a theith go Sasana, bhí duine a bhainfeadh díoltas amach ar bhás a athar agus ar bhás a sheanathar. B’é sin mac Dhonnchadh, Maolchoilm Ceann Mór (Malcolm Canmore (d. 1093), a mharaigh Mac Bheatha — le cabhair na Sasanach — agus, tamall ina dhiaidh sin, comharba Mhic Bheatha, a leas-mhac siúd Lulach (Barrow 2004). Ceapadh Maolchoilm ina rí (Malcolm III) i 1058. Cé nach luaitear í go sonrach sa dán, is í bean Mhaolchoilm III an phearsa is mó díobh seo ar fad a mheallann aird Uí Dhireáin mar gheall ar an lorg cinniúnach a d’fhág sise, go háirithe, ar stair na hAlban. B’í sin Mairéad Wessex (c.1045–1093), ball de chlann ríoga Shasana a rugadh san Ungáir agus a ndearnadh naomh di ar ball, bean a tháinig chun na cúirte thart ar 1070. Bhí tionchar mór aicise ar stair na hAlban, mar a mhíníonn Barrow: ‘the marriage of Malcolm and Margaret initiated and inspired a drastic reorientation of Scottish society. The way was opened up for continental and English influences of every kind to pour into Scotland, most conspicuously in the life of the church but by no means confined to religious faith or ecclesiastical organization’ (1981: 29). Freisin, scríobh Barrow: ‘Although no significant innovator, Malcolm III, by his vigorous rule and his remarkable second marriage, left Scotland a very different kingdom from what it had been before 1050. It was more clearly defined territorially and more decisively within the orbit of an English kingdom conquered by the Normans, and was appreciably less oriented towards the Scandinavian north. Malcolm and Margaret may be said to have put Scotland on the European map’ (2004). Ag machnamh dó ar na hathruithe ollmhóra teanga agus cultúrtha seo, athruithe ó bhonn a rinne dochar go fadtéarmach do chultúr na nGael thall go háirithe, beagnach míle bliain níos deireanaí i lár an fichiú haois cloiseann Ó Direáin macalla de in Árainn. Léiríonn an rogha íomhá sa chéad leagan — ‘Teamhair’, ríocht Ghaelach a briseadh — chomh trom tubaisteach an buille é an t‑athrú seo, dar leis; gurb ionann Árainn agus tearmann a scriosadh. Is é toradh an mhachnaimh seo ná go gceaptar Synge ina shlánaitheoir ar an gcultúr dúchasach.

20 Tá macalla eile de scéal Mhic Bheatha sa dán, ceann a bhaineann leas eile as scéal Dheirdre, anuas ar an tagairt i lár an dáin. In ionad Choille Bhiornam, ainmnítear Coill Chuain, an áit inar mhair Deirdre agus Naoise in Albain, áit a luaitear i bhfilíocht Dheirdre féin, go deimhin (Ó hAnluain 2002: 55). Éiríonn leis an Direánach an beart seo a chur i gcrích trí mhacalla Mhic Bheatha, macalla a bhfuil buille trom stairiúil agus cultúrtha aige, a chur i mbéal Dheirdre. Thar aon áit eile a luaitear i bhfilíocht Dheirdre — ina measc, Gleann Laoidh, Gleann Masáin, Gleann Éitche, Gleann Orchaoin, Gleann Dá Ruadh, agus Inis Droighean — is furasta Coille Bhiornam agus Coill Chuain a mhalartú (O’Rahilly 1927: 123–4); ach is í príomhsprioc an Direánaigh anseo ná aiséirí iomlán Dheirdre a chur i gcrích. Sna ceathrúna a chuaigh roimhe seo, ionchollaíodh Deirdre ar bhóithre Inis Meáin mar ionadaí do shaothar Synge agus mar phearsantú balbh ar ghuth ceansaithe Árann. Anseo, glacann sí seilbh ar deireadh thiar ar an ionad atá tuillte aici, ardán an fhile, i gcuideachta a comhfhilí Ó Direáin agus Synge, ionas go labharfaidh sí ar son Árann. Ag buaicphointe an dáin, shamhlófaí gurb ise a scaoileann le rún Uí Dhireáin. Cloíonn sí le seánra na tairngreachta a mhúnlaigh a saol féin agus saol Mhic Bheatha agus leagann brat bróin ar chónra Árann. Ag cruthú cleamhnais de shaghas idir mórphearsana tragóide seo na nGael, Deirdre agus Mac Bheatha, méadaíonn Ó Direáin tragóid an dáin. Ag daingniú daonnacht a gcuid scéalta trína lonnú in Árainn a linne féin, treisíonn Ó Direáin a iarrachtaí croí tragóideach an dáin a nochtadh agus a fhíordheimhniú. I ndiaidh dó Synge a cheapadh ina shlánaitheoir ar an gcultúr dúchasach in Árainn, deimhníonn an Direánach tionchar Synge ar an duine daonna féin, sna hoileáin go háirithe — tionchar a bhfuil toradh eisceachtúil air, áfach.

Teanga

21 Nuair a luann Ó Direáin an focal ‘culaith’ sa bhreithiúnas ag deireadh bhunleagan an dáin, meabhraítear dúinn an íomhá as an dráma The Playboy of the Western World a tharraing an oiread sin cainte — an ‘shift’. Más téarma nó tagairt in aon turas a bhí anseo nó munarb ea, breathnaíonn sé gur athraigh an Direánach a intinn faoin téarma. Scaoil sé leis sa dara leagan ionas go soiléireofaí ceann de phríomhchúiseanna an dáin. Ina áit, roghnaíonn sé téarma níos dírí, ‘teanga’, a mheabhraíonn dúinn an bhéim ó thús go deireadh an dáin ar bhua teanga Synge — ‘scéal an teallaigh’, ‘éamh’, ‘aithis’, ‘bréithre ar marthain’ — bua a spreag agus a cheadaigh a bheart éachtach: is é sin, ardán a chur ar fáil do ghuthanna oileánda. Ar an gcaoi seo, dírítear an dán an athuair ar oidhreacht Synge. Ag ceann cúrsa, léiríonn ‘teanga’ mór-íoróin an dáin: má chruthaíonn Synge stáitse don phobal oileánda, ní leosan teanga an stáitse sin. Sa deireadh, le macalla na comhfhuaime ag aisfhuaimniú tríd an véarsa deireanach, slánaíonn ‘teanga’ tairngreacht eile, tairngreacht theileagrafach, coup de maître ar chniogbhuille é ar son fo-théacs an dáin. Is coup de grâce é cniogaide cnagaide seo na dtairní cónra: ‘cleacht’, ‘meath’, ‘feasta’, ‘teanga’, ‘eachtrainn’. Tugann Mícheál Mac Craith suntas don fhocal ‘eachtrainn’ go háirithe agus míníonn straitéis an fhile, straitéis ar baineadh leas arís aisti i ndán eile a d’fhoilsigh sé den chéad uair i 1958, ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (Ár Ré Dhearóil 1962; Deirdre 1958): ‘[Tá] buaicfhuinneamh an dá dhán faoi seach ag pléascadh amach san fhocal deireanach, teanga “eachtrann” agus “dollar”. Sa dá chás tagann an focal deiridh aniar aduaidh orainn ach [tá] i bhfad níos mó domlais, searúis agus binbe ag baint leis an bhfocal “dollar”’ (Mac Craith 2010: 16). Sa chríochdhúnadh seo, ‘eachtrainn,’ tá aisfhreagra tábhachtach ar chríoch dhánfhoclach an dráma Riders to the Sea (Kiberd 1979: 61) — agus, go deimhin, The Playboy of the Western World agus Deirdre of the Sorrows — aisfhreagra a bhaineann meabhair áirithe as olagón caointeach Mhaurya. Is minice a leagtar ar a holagón‑sa srianadh agus plúchadh na mothúchán, ach leagann an t‑aisfhreagra seo béim ar spréachadh na mban, ar an racht. B’éasca a scaoil Pegeen Mike agus Deirdre a rachtanna siúd uathu. In Riders to the Sea, is iad na mná caointe a chuireann guth corraitheach le racht Mhaurya.

Uafás agus Agóid

22 Ní haon ghotha indíreach urraime do shaothar Synge é an léargas seo ar roinnt dá chuid tableaux íocónacha ach iarracht dúshlán na tuisceana coitianta a thabhairt. Ní iarthagairtí ómóis do Synge amháin iad seo a chloistear i marbhna Uí Dhireáin, ach macallaí na gcaointe ó Phegeen Mike agus ó Dheirdre agus dúshlán agus cinniúnachas Mhaurya a dúirt ‘They’re all gone now, and there isn’t anything more the sea can do to me…’ (Saddlemyer 1968: 23): ‘Tá cleacht mo dhaoine ag meathadh / Ní cabhair feasta an tonn mar fhalla.’ Tá iontu freisin uafás Uí Dhireáin faoin mbás mínádúrtha atá i ndán d’Árainn. Trí sheilbh a ghlacadh ar leithghabhálacha Synge, fágann an Direánach íoróin thragóideach an dáin ina dhiaidh agus nascann a chuid iarthagairtí éagsúla ar mhaithe le hagóid a sheoladh. Tá ceannteideal na hagóide sin sa líne ‘Ní thig éamh as an gcré mhairbh’ — is é sin, gurb ionann neamhaird don ghuth áitiúil agus buille marfach leithcheala. Scaoiltear an racht seo trí chuimhne na gcaointe, traidisiún saibhir ina raibh tábhacht bhunúsach leis an agóid, agus freisin trí ghuthanna na mban imeallaithe lenar bhain an traidisiún cumhachtach sin go príomha. Trí aitheantas a thabhairt don údarás atá saothraithe go maith ag Árainn, tugann Ó Direáin le fios go bhfuil sé féin agus Synge ag foirgniú ardáin d’Árainn agus, leis sin, deis a cuid gearán a eisiúint.

23 Ina ómós, mar sin, aithníonn Ó Direáin an fhíochmhaire mhí-mhúinte (‘impolite ferocity’) a fheiceann Ben Levitas (gan dáta) i ndrámaí Synge chomh maith le hionracas agus umhlaíocht an ealaíontóra (‘honesty and humility of his [Synge’s] main motivation’) a mholann Declan Kiberd (2012), agus déanann aithris ar na gnéithe seo. Ach tá freisin, is dóigh liom, ina dhíriú i ndeireadh na dála ar mhór-chúis Synge, ar thuin agus ar uigeacht a shaothair, tá saighdeadh in aon turas. Ag léiriú imní na beirte — é féin agus Synge — do cheartas sóisialta Árann, dá cothromas cultúir agus dá cothromas teanga, agus ag tarraingt airde ar iarrachtaí na beirte na cothromais úd a chinntiú trí fhilíocht an choinsiasa phoiblí (‘a poetry of public conscience’) (Mac Giolla Léith 2014: 121), tugann Ó Direáin le fios gur féidir Synge a aithint mar agóidí. Is leis an tuiscint seo a aithníonn Nicholas Grene tuairisc Synge sa Manchester Guardian, ‘Among the Relief Works,’ mar ‘nationalist declaration against the constructive unionism of the CDB [Congested Districts Board], for all his cautious praise of their work’ (2009: xlii). Deir Grene: ‘Both article and drawing [le Jack B. Yeats] express a protest against the system of relief, with miserable pay for the workers and oppressive authority by the bosses’ (2009: xli). Spreagann breithiúnas Uí Dhireáin muid chun machnamh a dhéanamh ar thuairiscí Synge ar phobail mhuirí an Iarthair agus sinn ag féachaint, cuir i gcás, ar Riders to the Sea. In Inis Meáin i bhfómhar na bliana 1901, d’fhreastail Synge ar shochraid fir óig a bádh agus nár tháinig a chorp i dtír go ceann cúpla seachtain, ócáid a luigh go trom ar an scríbhneoir: ‘As they talked to me and gave me a little poteen and a little bread when they thought I was hungry, I could not help feeling that I was talking with men who were under a judgment of death. I knew that every one of them would be drowned in the sea in a few years and battered naked on the rocks, or would die in his own cottage and be buried with another fearful scene in the graveyard I had come from’ (1907: 114). D’fhéadfadh muid, mar sin, meabhair eile a bhaint as an dráma Riders to the Sea, a scríobhadh an samhradh dar gcionn i 1902: gurb ionann é agus cáineadh drámatúil ar an rialtas ar theip air an tionscal muirí a chothú go háitiúil ar bhealach sásúil buan, cáineadh a scaoiltear trí mhná an oileáin a ionchollú go dlúthréalaíoch ar stáitse, na baintreacha agus na máithreacha ag caoineadh agus ag olagón arís i ndiaidh bá eile. Ag scríobh dó sa Manchester Guardian i Meitheamh 1905, beagán le cois bliana i ndiaidh chéadléiriú Riders to the Sea, scaoil Synge cáineadh níos dírí uaidh; cáineadh ó ghuth áitiúil gar do Chasla i gConamara, fianaise shoiniciúil an eisimircigh a d’fhill as Sasana: ‘there’s little fishing in it at all, for we have no good boats. There is no one asking for boats for this place, for the shopkeepers would rather have the people idle, so that they can get them for a shilling a day to go out in their old hookers and sell turf in Aran and on the coast of Clare’ (Grene 2009: 44). Chinntigh Synge go mbeadh gearáin dá leithéid ag croílár an ailt dheireanaigh a scríobh sé don nuachtán, ‘Possible Remedies’: ‘it is important to remember that the whole moral and economic condition of Ireland has been brought into a diseased state by prolonged misgovernment and many misfortunes’ (Grene 2009: 98). Cá bhfios, mar sin, nach ionann focal scoir Mhaurya — ‘we must be satisfied’ (Saddlemyer 1968: 27) — agus imreas eile, inbhéartú íorónach ar mhí-shástacht Synge.

24 D’fhéadfadh sé nach bhfuil i sealbhú polaitiúil seo an Direánaigh ach iarracht eile racht pearsanta a scaoileadh, mar a rinneadh níos deireanaí in ‘Ár Ré Dhearóil’ (2010: 129) agus ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (155), ach d’fhéadfadh sé freisin gurb é seo an t‑ómós is mó a thug sé riamh do Synge agus dá mhórchúiseanna siúd. Pé scéal é, is cinnte gur rí-oiriúnach an t‑ómós é, athghabháil shofaisticiúil ar shaothar agus ar oidhreacht Synge, athghabháil a mheabhraíonn tábhacht Synge i gcanóin Árann ach a fhógraíonn freisin go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh, ní hamháin ar bhronntanais Synge, ach ar chanóin Árann féin. Is duan caithréime é an dán seo a mbeadh bród ar Synge as, is dóigh liom. I dtuairim an údair seo, bhainfeadh sé pléisiúr as, agus bhainfí deoir as, b’fhéidir, mar gheall ar dhíomuaine an tsaoil ar cheadaigh seisean síoraíocht áirithe dó, saol atá go fóill sa bhearna bhaoil.

Focal buíochais

25 Gabhaim mo bhuíochas le Adrian Paterson a thug cuireadh chun cainte dom i Roinn an Bhéarla, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cuireadh a spreag mé chun an t‑alt seo a fhorbairt. Roinn sé moltaí agus léargas liom freisin, mar a rinne Lillis Ó Laoire, Pádraig Ó Cíobháin, Caitlín Myron, David Clare, Thomas Conway, Rióna Ní Fhrighil, Laoighseach Ní Choistealbha, Anne Sofia Karhio, Declan Kiberd, Anna Pilz, Howard Peacock, Mícheál Briody, Síobhra Aiken agus Louis de Paor. Is liomsa amháin aon dearmad. Gabhaim mo bhuíochas chomh maith le hInstitiúid de Móra um Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, as Comhaltacht Taighde a thabhairt dom, comhaltacht a chuidigh liom an t‑alt seo a chríochnú.

Aguisín I

'Ómós do John Millington Synge,' Comhar (Iúil 1953), 26.

Aguisín II

'Ómós do John Millington Synge,' Ó Mórna agus Dánta Eile (1957), 42.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí neamhfhoilsithe

Cnuasach Thaibhdhearc na Gaillimhe, T1/E/1, Leabharlann Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cnuasach Chomhlacht Drámaíochta Druid, T2, Leabharlann Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Foinsí clóite

Aiken, S. (eag.) (2018) An Chuid Eile Díom Féin: Aistí le Máirtín Ó Direáin. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Barrow, G.W.S. (1981) Kingship and unity: Scotland, 1000–1306. Toronto / Buffalo: University of Toronto Press.

Barrow, G. W. S. (2004) ‘Malcolm III (d. 1093)’. Oxford Dictionary of National Biography [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.oxforddnb.com/view/article/17859 [faighte 16 Nollaig 2013].

Bourke, A. (2000) ‘Keening as Theatre: J.M. Synge and the Irish Lament Tradition.’ In: Grene, N. (eag.) Interpreting Synge. Dublin: Lilliput: 67–79.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (2019) ‘Máirtín Ó Direáin (1910–1988)’ [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1662 [faighte 4 Bealtaine 2015].

Briody, M. (2009) ‘“Is Fearr an tAighneas ná an tUaigneas”: Máirtín Ó Cadhain agus Bailiú an Bhéaloidis’. In: Bliainiris 9: 7–49.

Broun, D. (2004) ‘Macbeth (d. 1057)’. In: Oxford Dictionary of National Biography [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.oxforddnb.com/view/article/17356 [faighte 16 Nollaig 2013].

Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600–1926. (2019) ‘éamh’ [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_word=eamh [faighte 20 Márta 2019].

Cronin, M. (2008) ‘Brollach.’ In: Dillon, C. agus Ní Fhrighil, R. (eag.) Aistriú Éireann. Béal Feirste: Cló Ollscoile na Banríona: ix–xi.

de Paor, L. (2016) Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession: 20th Century Poetry in Irish. Hexham / Indreabhán: Bloodaxe Books / Cló Iar-Chonnacht.

de Paor, L. (2018) Ag Caint leis an Simné? Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Garry, J. agus El-Shamy, H. (eag.) (2005) Archetypes and Motifs in Folklore and Literature: A Handbook. New York / London: Armonk / M.E. Sharpe.

Grene, N. (eag.) (2009) J.M. Synge Travelling Ireland: Essays 1898–1908. Dublin: Lilliput Press.

Hand, W.D. (1981) ‘European Fairy Lore in the New World.’ In: Folklore 92 (2): 141–148. Ar fáil ag https://www.jstor.org/stable/1259466 [faighte 17 Márta 2019].

Hull, V. (eag. aistr.) (1971) Longes Mac n-Uislenn: The Exile of the Sons of Uisliu. New York: Kraus Reprint Co. Ar fáil ag: https://celt.ucc.ie/published/G301020B.html [faighte 12 Márta 2019].

Kanigel, R. (2012) On an Irish Island. New York: Random House.

Kiberd, D. (1979) ‘J. M. Synge: “A Faker of Peasant Speech?”’ In: The Review of English Studies 30 (117): 59–63.

Kiberd, D. (2012) ‘Review: Between Two Shores: Idir Dhá Chladach — Writing the Aran Islands 1890–1980 (2011)’. In: Estudios Irlandeses 7: 188–189. Ar fáil ag: http://www.estudiosirlandeses.org/reviews/between-two-shores-idir-dha-chladach-writing-the-aran-islands-1890-1980-2011/ [faighte 5 Meitheamh 2014].

Kidd, H. (2003) ‘Cailleachs, Keens and Queens: Reconfiguring Gender and Nationality in the poetry of Eiléan Ní Chuilleanáin, Nuala Ní Dhomhnaill and Eavan Boland.’ In: Critical Survey 15 (1) Anglo-Irish Writing, 34–47. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/41549283 [faighte 25 Márta 2019].

Levitas, B. (gan dáta) ‘Synge and the Dublin of his Time’ [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.druid.ie/druidsynge/synge/synge-and-the-dublin-of-his-time [faighte 5 Meitheamh 2014].

Mac Craith, M. (1993) An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin. Baile Átha Cliath: Comhar Tta.

Mac Craith, M. (2010) ‘Coigil Aithinne d’Aislinge: Máirtín Ó Direáin, Rí-Éigeas Éireann.’ In: Comhar 70 (12): 9–16.

Mac Giolla Léith, C. (2014) ‘Yeatsian shades in the poetry of Ó Direáin and MacGill-Eain.’ In: Scottish Studies 37: 121.

Ní Chonghaile, D. (2016) ‘“Listening to this rude and beautiful poetry”: John Millington Synge mar Bhailitheoir Amhrán in Árainn.’ In: Béaloideas 84: 84–103.

Ní Dhomhnaill, N. (1990) Pharaoh’s Daughter. Oldcastle: Gallery Press.

Ní Dhomhnaill, N. (1992) The Astrakhan Cloak: Poems in Irish. Aistrithe ag Muldoon, P. Oldcastle: Gallery Press.

Ní Fhrighil, R. (2008) Briathra, Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Riain, I. (2002) Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Briain, L. (1932) Déirdre an Bhróin. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

O’Connor, A. (2005) The Blessed and the Damned: Sinful Women and Unbaptised Children in Irish Folklore.‬ Bern: Peter Lang.‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬‬

Ó Direáin, M. (1957) Ó Mórna agus Dánta Eile. Baile Átha Cliath: Cló Morainn.

Ó Direáin, M. (1958) ‘Éire 1958.’ In: Deirdre 5 (1): 18.

Ó Direáin, M. (1962). Ár ré dhearóil, agus dánta eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Direáin, M. (1980) Dánta 1939–1979. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Direáin, M. (2010) Máirtín Ó Direáin: Na Dánta. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó hAnluain, E. (eag.) (2002) Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ar chúlra saoil cuid dá dhánta. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó hEithir, B. agus Ó hEithir, R. (eag.) (1991) An Aran Reader. Dublin: Lilliput Press.

Ó Laighin, S. (eag.) (1990) Ó Cadhain i bhFeasta. Baile Átha Cliath: Clódhanna Tta.

O’Rahilly, T.F. (eag.) (1927) Measgra Dánta / Miscellaneous Irish Poems Part II. Baile Átha Cliath / Corcaigh: Cork University Press / Educational Company of Ireland.

Saddlemyer, A. (eag.) (1968) J.M. Synge Collected Works III: Plays Book I. London: Oxford University Press.

Synge, J.M. (1907) The Aran Islands. London: Penguin Books.

Yeats, W.B. (1911) Synge and the Ireland of his Time. Dublin: Cuala Press.

Young, G. (1888) [1906] The Dramas of Sophocles Rendered in English Verse, Dramatic and Lyric. London: Dent.

Foinsí fuaime

Ó Direáin, M. (1969) [2010] Dánta: á léamh ag an bhfile. Baile Átha Cliath: Gael Linn.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626