Ar mo chéad fhéachaint isteach dom in Sáirséal agus Dill

Tadhg Ó Dúshláine

1 Magna est veritas et praevalet
(Bíonn an fhírinne tréan agus bíonn an bua aici).

Dá mbáidhthí an dán, a dhaoine,

Gan seanchas, gan seanlaoidhe

Go bráth, acht athair gach fhir,

Rachaidh cách gan a chluinsin (Knott 1934: 78).

2 Freagra pearsanta atá san alt seo ar an múscailt meanman a bhraitheas ar léamh an leabhair Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora (2014, SDSF) dom. Ba dhóigh leat ar an gcéad fhéachaint ar theideal agus ar chlúdach deannaigh an bhailc chóirithe seo de leabhar go mba thráchtas iarchéime ar shaintréimhse de stair na foilsitheoireachta Gaeilge i ndara leath an fichiú haois é. Gan gléas, ná maisiú, ná spiacaíocht, ach íomhánna cuid den cháipéisíocht sheanchaite a ceadaíodh, caite ar muin marc a chéile, faoi mar a thitfeadh amach as comhad cartlainne. Ach tá ní cheana: ainm an chomhlachta, ‘Sáirséal agus Dill,’ faoi mar a bheadh sé ag meabhrú an chumaisc chruthaithigh sin faoi deara aon ní le dealramh i litríocht na Gaeilge riamh anall, ó chéadteacht na scríbhneoireachta: fuaimint an dúchais le ‘Sáirséal’; gile agus slacht le ‘Dill,’ ar mór idir é agus scéim an Rialtais lena theideal, ‘An Gúm,’ teideal a mhíníonn de Bhaldraithe mar seo a leanas:

Tionscadal nó scéim chun leasa a dhéanamh a bhíodh i gceist ag na scríbhneoirí Gaeilge leis an bhfocal, ach tabhair faoi deara gur cúrsaí cleasaíochta nó scéiméireachta le bob a bhualadh ar dhaoine atá i gceist sna samplaí ón nGaeltacht — rud atá ag freagairt go binn d’úsáid amháin de chuid an Bhéarla: ‘... a scheme, trick, plot’; ‘... scheme, intrigue ...’ (OED); ‘any plan or scheme pursued particularly with the design of surpassing or defeating others’ (Funk and Wagnall’s New Standard Dictionary of the English Language, 1959) (1982-1983: 168).

3 Agus tabhair do d’uídh fathaigh na litríochta a bhfuil macasamhla a sínithe le léamh ar an gclúdach: Ó Direáin agus Ó Flaithearta, Ó Cadhain agus Ó Ríordáin; agus ritheann chun cuimhne clasaicí ónár n-óige a d’fhág ar ár gcumas dúshlán ár gcairde Gallda a thabhairt lena Penguins agus a livres de poches — toirtín slim slíoctha Rogha Dánta agus Brosna (1964), snoiteacht phioctha bhearrtha Dúil (1953) agus rógaireacht dhuibheagánta Cré na Cille (1949), faoina gclúdaigh avant-garde nua-aoiseacha le Nano Reid agus Paul Funge, Anne Yeats agus Charles Lamb — seoda ealaíne, iomais ar ábhar na leabhar féin, faoi chosaint ag meamraim phlaisteacha a chuir cigilt inár méara agus cíocras chun blaiseadh dóibh, faoi mar a dhéanfadh an clúdach ceallafáin ar bhosca Sweet Afton. Agus mar fhaobhar ar ár bhfiosracht, an bheirt údar Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, mac agus iníon na n-úinéirí ina reacairí, faoi mar a bheadh ó bhéal an chapaill féin, scéal na tubaiste a bhuail saol na foilsitheoireachta Gaeilge nuair a tháinig deireadh le Sáirséal agus Dill. Mura mbeadh ann ach pietas, cloch ar charn a muintire, cumha i ndiaidh na laethanta glórmhara agus an chloch sa mhuinchille do státseirbhíseach nó beirt, níor bheag san d’fhonn fiosracht léitheoirí a mhúscailt.

4 Más ea, dá mba é sin amháin ba dhóigh leat air, bheadh breall ort. Níl an rian is lú d’olagón ná caoineadh ná cnáimhseáil, ná cúinse ná táinseamh ann, mar ní dualgas clainne amháin atá á chomhlíonadh leis an leabhar seo, ná scéal pearsanta foilsitheora, ach nochtadh ar lomchlár na fírinne ar an mbuille tubaisteach d’oidhreacht agus d’fhéiniúlacht Gael le turnamh Sháirséal agus Dill, sa tslí nárbh áibhéil ón gCadhnach an tíolacadh a dhréachtaigh sé do An tSraith ar Lár (1967), tíolacadh nár cheadaigh na foilsitheoirí le barr umhlaíochta, b’fhéidir, ag an am, ach a cuireadh le An tSraith dhá Tógáil ina dhiaidh sin, agus nár mhiste a cheadú anseo:

Sraith ár n-éigse a bhí ar lár

Ba í do lámh fheartach a thóg í,

A Sheáin Sháirséal Uí Éigeartaigh (1970).

5 Ní cás a rá ná gur chuir Sáirséal agus Dill comaoin ar an náisiún trí fhriotháil ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, ar shlí a gcuireann lenár n-aibíocht agus ár bhféinaithint. Matthew Arnold a dúirt, breis agus céad bliain ó shin: ‘To know the Celtic case thoroughly, one must know the Celtic peoples; and to know them, one must know that by which a people best express themselves — their literature’ (1908: 10). Agus dáileann na húdair gach cor agus gach casadh sa scéal san chomh slachtmhar, chomh healaíonta, chomh tarraingteach san orainn gur fada i ndiaidh gach sólaiste sinn ag blaisínteacht orthu agus ag cogaint na círe ina ndiaidh.

Modheolaíocht

6 Osclaíonn agus dúnann an scéal le grianghraif ghleoite allabhracha: pictiúr dubh agus bán den lánúin óg ag tabhairt a n-aghaidhe le lán muiníne ar an saol rompu amach, mar oscailt; mar chlabhsúr, portráid aonair de Bhríghid, í dínitiúil stuama, gan mustar gan mórtas; agus eatarthu istigh breis is ceithre chéad leathanach d’aistear saoil, micrea- de mhacra-scéal na Gaeilge, agus seoda de chlocha míle ag déanamh ardú meanman dúinn feadh na slí.

7 Oscailt phléascach, aduain, atá anseo, chomh húrtarraingteach le hoscailt ‘Adhlacadh mo Mháthar’ an Ríordánaigh. Gach abairt ghonta ina geit arraingeach péine: ‘Lár an Mheithimh. An samhradh fada rompu amach. Féar á ghearradh. Laethanta saoire ag teacht. Plib plib na liathróidí leadóige’ (SDSF: 1). Macallaí ón Direánach (‘Ní tusa domsa mí an tséin’ (Ó Direáin 1957: 75)) san oscailt sin; agus ag Ó Súilleabháin ó thús Caoin Tú Féin: ‘Cliotar-cleatar gloine in aghaidh shreanganna na n-eangbhoscaí’ (1967: 8). I bhfocal, is é atá anseo againn cruthú suímh (compositio loci a thugann lucht míúine air), láithriú céadfaíoch timpeallachta, a fhágann an léitheoir i lár an aicsin in ionad a bheith taobh le tuairisc shocair theibí. Agus is í éifeacht atá léi seo mar mhodheolaíocht inste ná go gcuireann sé ar chumas an léitheora blaiseadh den scéal ó laistigh ar fearrde a thuiscint é: ‘For to understand the culture is to understand the people, and this means an imaginative understanding,’ faoi mar a dúirt T.S. Eliot (1958: 41). Mór idir coimhthíos na hoscailte sin agus dúchas an Phaidrín Pháirtigh agus greann doscúch an adhlactha ina dhiaidh:

Tháinig na sluaite, gaolta agus comharsana, maithe agus móruaisle na Gaeilge, comhleacaithe ón obair, páirtithe spóirt. Duine nó dhó nach raibh aon mhórfháilte ag an gclann rompu. Roinneadh tae agus cístí ar chách. Dúradh rudaí deasa. Rinneadh gol go ciúin. Chaith an scríbhneoir Diarmaid Ó Súilleabháin oíche go maidin ag faire an choirp (292).

Sochraid gan gnás na heaglaise a bhí ann, mar ba dhual muintire do Sheán, ach ní bhfuair éinne locht ar Sheosamh, uncail Bhríghid, as tosú ar an gCoróin Mhuire... (311).

Sular dúnadh an chónra ar Sheán Ó hÉigeartaigh, chuir Bríghid leabhair de chuid Sháirséal agus Dill isteach leis. Nach rómánsúil, a dúradh, na leabhair a scaoileadh ar bhóthar na síoraíochta leis. Ní mórán den phobal a thuig go raibh searbhas fite leis an rómánsaíocht, ach thuig an file Seán Ó Ríordáin é (thagair sé dó i gcomhrá le Bríghid i bhfad ina dhiaidh sin). Bhí a fhios aige, i gcúinne d’intinn Bhríghid, gur síos sa talamh a ba mhaith léi na leabhair chéanna agus gach ar bhain leo a dhíbirt, toisc gurbh iad a sciob uaithi grá a saoil (299).

8 Briseann a ndúchas trí mhodheolaíocht na n-údar agus dhealródh sé gur thugadar cumas cruthaitheach a muintire leo: san oscailt, ar aithris mholadh Bhríghde go dtabharfaí caibidil dheiridh Maraíodh Seán Sabhat Aréir (1964) chun tosaigh, ar mhaithe le héifeacht dhrámatúil (162, 227) agus an blurba ar chúl anseo, leis na trí cheist reitriciúla, ar aithris, b’fhéidir, ar an athscríobh drámatúil a dhein Bríghid ar leagan Shiobhán Ní Shúilleabháin den bhlurba do Triúr Againn (303). Go deimhin, is é a dhéanann eachtra phléisiúrtha de scéal lán d’fhigiúirí, staitisticí agus meamraim stáit, ná cumas samhlaíochta na n-údar, faobhar a chur ar ghoile an léitheora mar chlabhsúr caibidle. Cad é mar réiteach agus mar réamhbhlaiseadh dá bhfuil le teacht an clabhsúr seo lán dóchais leis an gcéad lasta leabhar ó Sháirséal agus Dill, leanúnachas na n-‘agus’ ag cur faobhair ar ár bhfiosracht:

Agus bhíothas ag obair ar úrscéal mór, cumhachtach, corraitheach, ceann a bhainfeadh croitheadh agus suaitheadh as litríocht na Gaeilge, agus a leanfadh caint air go ceann i bhfad, bestseller a chaithfi a chur os comhair an phobail pé méid a chosnódh sé: Cré na Cille (39).

9 Nó, an chodarsnacht d’fhonn uafáis mar chríoch le caibidil a deich. Bíodh is go raibh cúrsaí dona go leor, níor chlaon Seán Ó hÉigeartaigh óna fhís, in ainneoin síordheacrachtaí maoinithe: ‘Ní raibh cúrsaí ródhona. B’shin sular éirigh ceist na dtéacsleabhar (68). Agus mar bharr ar an donas, é seo mar chríoch le caibidil 24: ‘Faoi Mhárta 1964, bhí Sáirséal agus Dill i gcruachás arís, agus b’in sular foilsíodh an leabhar a chuir deireadh le pé dea-thoil a d’fhan idir Sáirséal agus Dill agus an Club Leabhar, Maraíodh Seán Sabhat Aréir’ (222). Deacair, ba dhóigh leat, ar na húdair, guaim a choimeád orthu féin ar uairibh, i bhfianaise ar fhulaingíodar:

D’fhan drochamhras agus drochbhlas ag an Roinn Oideachais ar Sheán Ó hÉigeartaigh, ní raibh lá saor ó imní airgeadais ag Seán féin as sin amach, agus níor tháinig an comhlacht as an gcruachás agus an easpa airgid go dtí go bhfuair Seán é féin bás (113).

Greann

10 Is minic féith an ghrinn, mar phurgóid in aghaidh chora crua an tsaoil nuair ba dhóbair don fhrustrachas agus don fhearg leis an nuaidí neáidí de chóras stáit ag cur gruaime orthu, á sábháil ón mbinb. Aithnítear nótaí éagsúla na féithe sin tríd síos sa scéal: ón ngreann éadrom i dtuairisc scoile Sheáin Uí Éigeartaigh in aois a sé dó sa bhliain 1923:

a iompar, a chuid áirimh agus a chuid Gaeilge ‘excellent,’ a chuid eolais ar an gcreideamh ‘improving steadily,’ go raibh feabhas mór ag teacht ar a chuid peannaireachta, ach nach raibh a chuid amhránaíochta ach ‘fair’ (27).

11 Tá an cur síos ó Phádraig Ó Drisceoil, an bainisteoir ar The Mayo News, chomh maith sin de fhronsa lena cheadú mar chuid de théacs Cré na Cille féin:

Tháinig Máirtín annso tráthnóna Máirt. D’oibríomar ar aghaidh i rith na hoíche. Níor shroiseas féin an leabaidh go dtí 11. a.m. maidin Céadaoine. D’éiríos ar 4.30 agus leanamar go dtí 1 a.m. an oíche sin nuair a bhí na ceartúcháin deireannacha déanta. Ansan theastaigh ó Mháirtín deoch a bheith aige leis na lino-men. Lean an ‘seisiún’ go dtí 5. 30 an mhaidin sin. Ansan an tráthnóna sin bhí cúpla deoch ag Máirtín le Seán Ó Cochláin [stiúrthóir na clólainne]. I ndeireadh na dála bhí gach duine idir clódóirí agus údar agus mé féin leath-mharbh nó leath ar meisce …. Ní hé an t-ionadh nach raibh ‘Cré na Cille’ i gceart, ach nach rabhamar nó cuid againn i gcré na cille éigin fan am seo (46).

12 Seanstábla a bhí mar chlólann acu ar dtús ina raibh ‘meascán mealltach de bholaithe’ roimh an té a rachadh isteach ann: ‘móin ar chlé, úlla ón ngáirdín ar lataí ar dheis, agus blúire beag de na ceimiceáin chlóchuir anuas ón áiléar’ (52). Uaireanta sáthadh géar na haoire, faoi mar atá i gcás Mo Leabhar ABC (1976) ar ‘dhiúltaigh Bord na Leabhar Gaeilge aon deontas a íoc ina leith: ní raibh, dar leo, dóthain focal ann. Nach breá an rud rialacha!’ (136). Tá deisbhéalaí Bhríghde le léamh ar an litir uaithi chuig leabharlannaí Choláiste na Tríonóide faoi chlúdach eagrán 1970 de Eireaball Spideoige:

I’m glad you like Eireaball Spideoige. I’ve just had a letter from a correspondent in Japan to say the bird in the cover is not a Spideog (robin) but a Colm (pigeon). I have a horrible feeling she is right. The cover was done by Paul Funge, and his Irish is fairly good, so that we do not provide an English synopsis for him as we do for Anne Yeats — but he is not infallible. I had an uneasy feeling myself that the nest was not a robin’s, and I missed the red breast, but Anne Yeats often laughs at us for wanting ‘representational’ covers and so, as the picture was so good I swallowed my misgivings, in the hope that they were merely old-fashioned. Ó Ríordáin is not a dove of peace, and I am anxiously awaiting his comments (155-156).

13 Is deacair a thomhas cad a cheap an Ríordánach den chlúdach ach ní róthógtha a bhí an slua i gcoitinne an uair sin le leimhe na ndathanna, uaithne agus liath. Measadh nárbh é an ceann ab fhearr de chlúdaigh Paul Funge é. Is í an deisbhéalaí chéanna atá le haithint ar bhreithiúnas na n-údar ar alt de chuid an Chadhnaigh, ‘Do na Fíréin’ (1962): ‘A very palpable hit’ (269). Ar an gcuma chéanna, tugtar ‘scríbhneoir macánta nár fhág aon rian suaithinseach ar litríocht na Gaeilge’ (275) ar Mháirtín Ó Corrbuí, a thug an svae leis ón gCadhnach ag Oireachtas na bliana 1964. Munar damning with faint praise é sin, n’fheadar cad é.

14 Is fearrde a gcumas téarnamh ó ghoin na héagóra an greann sin agus is éifeachtaí a mhúsclaíonn sé comhbhá an léitheora agus meas ar dhínit na clainne nár dheineadar scéal chailleach an uafáis dá mbuille tubaisteach féin. Is leor nod don eolach agus is móide ár dtuiscint ar íobairtí agus ar éacht Sháirséal agus Dill an chodarsnacht idir a bhfís sin agus aidhmeanna na ngligíní eile sin a dhein a mbuillín ar airgead stáit, ag cruachadh chucu féin gan bheann ar chaighdeán. Is ar mhaithe leis an leas coiteann a thugtar deontais stáit ach beidh daoine i gcónaí a thiocfaidh i dtír air sin ar mhaithe leo féin. Déantar caracatúr den sórt sin paidhseáin anseo — caracatúr míofar, suarach i gcodarsnacht le Sáirséal agus Dill. Ina gcás san ní gá faic a rá: molann an saothar an duine:

Fear a mbeadh ciall aige, fear gnó, fear a raibh saol suaimhneach uaidh agus brabús beag as a chuid oibre, fear nach mbeadh aisling á leanacht aige, thabharfadh sé amach leabhar nó dhó gach bliain go raibh margadh éasca ann dó ón gClub Leabhar agus go ndíolfaí na cúig chéad cóip a theastaigh do dheontas Bhord na Leabhar Gaeilge go tapaidh. Gheobhadh sé iasacht bheag chun an clódóir a íoc, agus nuair a thiocfadh seic an deontais, d’aisíocfadh sé an t-iasacht agus chuirfeadh airgead an díolacháin ina phóca go dtí go mbeadh an méid a chaill sé sna chéad bhlianta ar ais aige. Tháinig foilsitheoirí nua ar an bhfód a rinne é sin, agus d’éirigh maith go leor leo (63).

15 Spreagadh agus cothú na litríochta ba chás le Sáirséal agus Dill, agus ghoill sé ar Sheán Ó hÉigeartaigh nach mar sin a bhí foilsitheoirí eile, faoi mar a thuigtear ó litir chuig an gCadhnach sa bhliain 1965:

Tá daoine ann, cinnte, atá ag déanamh airgid ar fhoilsitheoireacht Ghaeilge — iad siúd nach bhfoilsíonn ach leabhair do chlubanna agus corrleabhar taighde, nach ndéanann aon iarracht leabhar a phoibliú ná a dhíol — ach dá mba orthu siúd a bheadh Gaeilgeoirí ag brath ní bheadh aon ghluaiseacht litríochta ann (295).

16 Caithfidh gur ghoin sé a mhuintir go hae, blianta beaga tar éis bháis dó, go rabhthas fós ag teacht i dtír orthu, agus is intuigthe go gcuirfidís an fhírinne lom os ár gcomhair ina thaobh. Ní spáráiltear, dá bhrí sin, ar an ollamh le Gaeilge a dhein suim dheas bhreise dó féin ar théacsleabhar, ach na figiúirí a chur os comhair an léitheora: ‘Ansin, i 1969, cuireadh Scothscéalta ar chúrsa na hArdteiste. Sna blianta 1970, 1971, 1972 agus 1973, íocadh suimeanna de mheán £11,200 sa bhliain le ….’ (382).

17 Is discréidí in áiteanna eile iad: ní deirtear linn cérbh iad na daoine a chuir ina leith go raibh Sáirséal agus Dill ‘ag iarraidh greim a fháil ar scríbhinní uile Uí Ríordáin’ tar éis bháis dó (404); ná cérbh é an duine a chuir Bríghid ‘i mbun an chéad rogha a dhéanamh as na hocht n-imleabhar, roinnte de réir ábhair, a bhí curtha le chéile ag Seán Ó Coileáin’ (405) de phrós an Ríordánaigh.

Cumas critice

18 Tá an chuma ar an scéal go raibh na húdair gar go maith don aicsean agus gur ó bhéal a dtuismitheoirí a chualadar na samhlacha abartha seo a leanas a mhúnlaigh a ndearcadh agus a gcumas deiscríofa féin:

Ní raibh stiúrthóirí Sháirséal agus Dill róthógtha ach oiread leis an tuairim go bhféadfaí gnó foilsitheoireachta a airgeadú le scéim bunaithe ar chóras costas aonaid amhail is dá mba uibheacha nó scriúanna a bheadh á dtáirgeadh, agus gurbh ionann leabhar amháin agus leabhar eile (327).

19 Bhí súil láithreach ghéar ag Seán Ó hÉigeartaigh don earra fónta. I litir chuig an Athair Ceallach Ó Briain, ag tathant air leabhar a scríobh faoin Afraic Theas sa bhliain 1951, mar seo a deir sé:

Deirim ‘first impressions’ mar gur mhaith liom go gcuirfeá in iúl dod léitheoirí an t-iontas sin a tháinig ort fhéin, ní foláir, i dtaobh a lán rudaí san Aifric nuair a bhuail tú ar dtúis leo. Le cleachtadh imeoidh an t-iontas, tuigfidh tú níos fearr an chúis atá le rudaí, sílfidh tú ar deireadh gur gnáthrudaí iad (60).

20 Ná ní bheadh géarchúis chritice a máthar gan seilbh orthu ach an oiread. Ba mhaith mar d’aithin Bríghid ardchumas próis an Ríordánaigh, mar shampla: ‘Níl aon duine ag scríobh inniu a bhfuil an míneadas agus an ghéire ina chuid próis atá i do chuidse, agus an ghoimh chomh cúirtéiseach, chomh lách sin aige’ (400). Agus i gcás na n-aistriúchán ar fhilíocht an Ríordánaigh, ba mhaith mar a bhí sí in ann an chruithneacht a aithint thar an gcogal:

Fuair mé sraith aistriúcháin Béarla ar chuid de do dhánta ón mbean san Seapáin, Éilín Kato. D’iarr sí cead iad a thabhairt do roinnt daoine san Seapáin. Mheas mé go raibh cuid de na haistriúcháin ar fheabhas …. Níl na haistriúcháin go léir chomh maith leis an gcuid is fearr díobh — agus cuid de na cinn is éasca, dar liomsa, is measa, ach tá cuid díobh go han-mhaith (Aircív Sheáin Uí Ríordáin, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath).

21 Foilsíodh cuid de na dánta sin sa bhliain 1979 sa Denver Quarterly. Is trua i bhfianaise chaighdeán éagothrom na n-aistriúchán in Seán Ó Ríordáin — Selected Poems (2014) nár ceadaíodh cuid de na haistriúcháin sin a raibh glactha ag an bhfile féin leo. Tá idir ghéarchúis chritice agus diongbháilteacht sa chosaint a dhéanann siad ar dhán Chríostóra Uí Fhloinn, ‘Maraíodh Seán Sabhat Aréir,’ agus an fheannadóireacht a dhéanann siad ar fheidhmeannach an Ghúim a mhol é a fhágáil ar lár:

Is é seo an dán is fearr sa leabhar, ceann de na dánta Gaeilge is fearr den tréimhse. Saothar máistriúil is ea é, ó thaobh mhíneadas na foclaíochta, ar geall le comhrá é, ó thaobh rithim an dáin, ó thaobh meáchan agus dínit na línte deiridh. Pé duine a shocraigh gurbh fhearr an leabhar dá uireasa, ní foláir go raibh sé dall ar fad ar fhilíocht (353).

22 Tá máistreacht a gceirde agus muinín dá réir le haithint ar an mbreithiúnas critice go minic: ón moladh soiléir simplí ar Dialann Oilithrigh (1972): ‘cuntas éadrom taitneamhach Dhonncha Uí Chéileachair ar thuras chun na Róimhe, leabhar a léifeadh duine fós le fonn’ (64), agus an suimiú stuama ar an díospóireacht ar fad timpeall ar Eireaball Spideoige, mar a léiríonn siad gur urchar iomrallach a bhí i léirmheas Mháire Mhic an tSaoi: ‘níor fhéach Seán Ó Ríordáin le bheith ina fhile traidisiúnta. File nua-aoiseach ab ea é, file a bhain leis an ré nua sna healaíona ar a dtugtar “the modern movement,” agus chuaigh urchair Mhic an tSaoi amú’ (73).

23 Ní fás aon oíche ná ní ón spéir a thug a muintir a dtréithe ná a luachanna san leo, ach an oiread: an cheardaíocht, eitic na hoibre, an neamhspleáchas, an éirim, an misneach. Ceardaithe slachtmhara ornáideacha ab ea na hÉigeartaigh ar thaobh a n-athar: John Hegarty, a raibh gnó plástrála ornáidí aige in Cambridge, Massachussets, agus ansin i gCorcaigh go dtí gur theip a shláinte air. Hallahan ab ea seanmháthair Sheáin ar thaobh a athar, treabh atá láidir fós i dtionscal na hadhmadóireachta i gceantar Mhaigh Chromtha; agus bhí gaol sínte trí phósadh ag uncail aige leis an Athair Peadar. Níorbh ionadh dúchas san na ceardaíochta ag briseadh amach ann i gcás na dtéacsleabhar, i gcodarsnacht le hoifigí soláthair eile:

Ní shásódh aon rud nach mbeadh foirfe Seán Ó hÉigeartaigh; níor aontaigh sé riamh gur gá uaireanta fuineadh de réir na mine agus glacadh le rud nach raibh ach ‘maith go leor’ toisc gá a bheith go práinneach leis. D’fhéach sé i gcónaí lena fheabhsú, ach ba ghá cuid mhaith ama agus airgid le leagan foirfe, deimhnithe, críochnúil, tarraingteach, maisithe de théacsleabhar a chur le chéile (102).

24 Ná ní ‘ón aer a thóg Bríghid Uí Éigeartaigh an charthanacht agus an fhéile’ (340), an diongbháilteacht ná an neamhspleáchas (345) ach óna sinsir ón dá thaobh.

Aisling

25 Tosnaítear amach anseo i gcaibidil a dó le ‘Aisling an Eolaí’ agus ní théann aon staonadh ar a n-iarrachtaí ‘a n-aisling, agus aislingí na muintire ar díobh iad, a chur i gcrích’ (474). Faoi mar a bhí ag scríbhneoirí na Lováine sa seachtú haois déag, agus scríbhneoirí na hAthbheochana ag deireadh an naoú haois déag, ba é aidhm Sháirséal agus Dill neamhspleáchas an náisiúin a chothú, trína bheith ‘Gaelach agus Idirnáisiúnta’:

Chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe litríocht na Nua-Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn: b’in é a chloch ar charn na hÉireann, a pháirt siúd sa ghluaiseacht i dtreo saoirse agus féinseasmhacht. Ní ar mhaithe leis an litríocht amháin a rinne sé sin ach ar mhaithe leis an náisiún i gcoitinne. B’fhacthas dó go raibh neamhspleáchas eacnamaíoch agus polaitiúil bainte amach ag sé chontae fichead na hÉireann ach nár mhór ab fhiú é sin gan neamhspleáchas aigne, agus gur uirlis an-tábhachtach chuige sin ár dteanga agus ár gcultúr dúchais (173).

26 Tá faghairt fháidhiúil ag spreagadh na haislinge seo ó thús deireadh. Le hathbhunú an Oireachtais (1939) agus bunú Comhar (1942), bhí glúin nua Gaeilgeoirí ag teacht chun cinn agus in alt in Comhar 1946, cuireann Seán Ó hÉigeartaigh an creideamh sin aige síos don spreagadh a fuair sé óna chomhghleacaithe ollscoile sa Chomhchaidreamh: ‘an chinnteacht go dtig leis an aos óg ollscoile cuid mhór a dhéanamh le tír a thógáil ar fiú a bheith beo inti’ (31).

27 Tá mífhoighne le brath anseo le patuaire agus sleamchúis agus trudaireacht na linne i leith na hAthbheochana agus cíocras chun athghabháil na féiniúlachta trí chothú na litríochta arb í taifead ár bhféinchogúsachta agus glór ár n-uathúlachta í: ‘Ba é aisling Sheáin Uí Éigeartaigh sruth leabhar dea-scríofa, dea-chumtha, dea-dheartha, taitneamhach as Gaeilge a chur ar fáil agus iad a bheith á léamh agus á bplé ag pobal fairsing’ (8).

28 Ceo Meala Lá Seaca (1962) le Micheál Mac Liammóir an chéad leabhar a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill faoi scéim Bhord na Leabhar Gaeilge a bhunaigh an tAire Oideachais an bhliain sin. Bhí náire ar Sheán as droch-chaighdeán na clódóireachta, faoi mar a dúirt sé i litir chuig an údar, ach é de shólás acu, faoi mar a dúirt sé, ‘gur le leabhar fónta atá an réabhlóid chlódóireachta seo á thionscnamh — agus is réabhlóid í’ (61). I litir eile go luath ina dhiaidh sin faightear éachtaint bhreise ar an bhfís sin aige d’fhíorú na haislinge:

creidim go bhfuil obair chomh tábhachtach á dhéanamh ag an ghlún seo atá ag plé le Gaeilge is a rinne aon ghlún eile a d’oibrigh ar son na tíre sna haoiseanna ata caite. Agus creidim go mbeidh ainmneacha ár scríbhneoirí atá suas anois in airde amach anseo, is go mbeidh bród ormsa, is ar mo shliocht, go rabhas i bpáirt leo (62).

29 Is iad an teanga agus cultúr na Gaeilge toisí spioradálta an dúchais sin nach ngéilleann do chreimeadh an ama. An t-idéalachas céanna atá le haithint ina iarratas ar Bhanc Náisiúnta na Cathrach sa bhliain 1952 chun Dúil Uí Fhlaithearta agus An tIolar Dubh Uí Fhloinn a thabhairt amach:

Our enterprise may not be a sound one by ordinary business tests, but it is all the stronger from the fact that its mainspring is idealistic and not materialistic. The work which we are doing is the logical continuation of that revolution in which your Bank was conceived: I am confident that my appeal will not fall on unsympathetic ears (68).

30 Faraor gur fada ‘fumbling in a greasy till’ sinn ó shin. In ainneoin a gcuid deacrachtaí maoinithe níor thugadar suas dá n-idéalacha. Mar seo a bhí le rá acu sa leabhrán beag Tacaíocht do Sháirséal agus Dill a foilsíodh i mBealtaine 1965:

Ach lean siad ag cloí le foilsiú na Gaeilge amháin, d’ainneoin deacrachtaí a bhí ag síormhéadú, mar go raibh faitíos orthu dá scaoilfeadh siad a dtéad tarrthála go rachadh nua-litríocht na Gaeilge faoi arís, síos go grinneall an éadóchais ar pháirt an scríbhneora agus na neamhshuime ar pháirt an phobail ar a bhfuair Sáirséal agus Dill í i 1945 (251-252).

Bhí d’aisling ag Seán lasmuigh dá phost lae, neamhspleáchas intinne agus cultúrtha na hÉireann a chur chun cinn trí litríocht na Gaeilge a fhorbairt (286).

31 Ba mhaith mar a thuig Seán Ó hÉigeartaigh cad a d’fhéadfaí a dhéanamh le bunidéalacha an náisiúin a fhíorú, agus ar eagla go gceapfadh éinne nárbh ann ach aisling mheabhail, cuirtear figiúirí agus fíricí na hargóna os ár gcomhair go mion:

Níor theip ar mhisneach Sheáin Uí Éigeartaigh. Státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais ab ea é; thuig sé méid an bhuiséid a bhí á chaitheamh ag an stát, agus gur bheag i gcomparáid leis sin na suimeanna a theastódh chun Sáirséal agus Dill a tharrtháil. De réir figiúirí a chuir sé le chéile i 1962, £5,213 a chaill Sáirséal agus Dill sa tréimhse 1957-61, ar fhoilsiú dhá leabhar is fiche. Chuir Ó hÉigeartaigh an caillteanas £5,200 seo thar cúig bliana i gcomparáid le buiséad bliain amháin don Ghúm, £21,000 i 1961 agus leis an £7,800 a chosain soláthar bliana den External Affairs Weekly Bulletin i 1961, agus leis an £20,000 a chaith an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar fhoilseacháin phoiblíochta eile an bhliain chéanna. Bhí a fhios aige go raibh leabhair mhaithe á bhfoilsiú aige, tuilleadh ag teacht agus borradh faoi na scríbhneoirí. Bhí sé chomh soiléir dó féin gur obair thábhachtach a bhí ar siúl aige, obair a bhí ag teacht le haidhmeanna an rialtais, obair a chaithfeadh ranna Stáit a dhéanamh ar chostas i bhfad níos mó mura mbeadh sé siúd á dhéanamh, go raibh sé cinnte go n-aithneofaí é sin, agus go dtiocfadh an stát i gcabhair air sula i bhfad. Ní fhaca sé b’fhéidir go raibh cúlú ar siúl i measc an phobail ó idéalacha 1916, go raibh suim caillte sa Ghaeilge agus ciniciúlacht ina leith sna ranna Stáit; agus gur mhó an naimhdeas ina choinne go pearsanta ná pé meas a bhí ar an obair a bhí á cur i gcrích aige (210).

32 An fairsingiú céadfaíochta a tíolacadh do ghlúin na Athbheochana agus a bhrostaigh iad chun gníomhaíochta nárbh eol dóibh a bheith ar a gcumas, d’fhág le huacht mórtas cine agus féinmhuinín agus fonn gníomhaíochta ag glúin an Chomhchaidrimh; agus bhrostaigh cuid acu, Seán Ó hÉigeartaigh agus Bríghid Ní Mhaoileoin ach go háirithe, chun tine bheo na haislinge a ateilgean faoi chló na réabhlóide cultúrtha le díograis agus le dúthracht féin-íobartha. Éacht chomh spreagúil sin nach leomhann neamhchúis ar ár bpáirtne.

Cairde sa chúirt

33 Bhí tacaíocht cuid de na cainteoirí dúchais agus cuid de na scoláirí ab fhearr sa tír, os íseal agus os ard, ag Sáirséal agus Dill ó thosach don pholasaí eagarthóireachta a bhí acu. Mar seo a dúirt Seán Ó Lúing i litir chucu i 1964:

Ní chreidim sa Chaighdeán Oifigiúil. Ní chreidim go mairfidh sé. Ní chreidim go mairfidh an Ghaeilge fá chulaith an Chaighdeáin sin. Níl aon dóchas agam i marthain na Gaeilge má deintear iarracht í choimsiú fá theorainn an chaighdeáin …. Déantús foghlaimeoirí is ea an Caighdeán Oifigiúil agus ós fearr is eol domsa ná a lán eile conas mar deineadh é, féadaim a rá gur cúng agus gur teoranta léargas na n-oifigeoirí a bhí ina bhun ar litríocht. Is Gaeilgeoir ó dhúchas mé. Tá mothú agus tuiscint agam do ghluaiseacht agus do cheol na Gaeilge (167).

34 Ní mó ná sásta a bhí an Roinn Oideachais le seasamh neamhspleách Sháirséal agus Dill agus d’íoc an comhlacht go daor as nuair nár ghéilleadar do thoil na Roinne agus níor scaoileadh leis na deontais a bhí dlite dóibh. Tháinig Seoirse Ó Colla i gcomharbacht ar Phádraig Ó hIrghile mar Aire Oideachais sa bhliain 1965 agus chuaigh scríbhneoirí agus lucht léinn ar thoscaireacht chuige, Seán Ó Lúing agus Daithí Ó hUaithne ina measc. Bhí dóchas éigin ag Ó Lúing go dtiocfadh rudaí maithe as, ach níorbh aon dóithín é Daithí agus chomhairligh sé do Sheán Ó hÉigeartaigh ‘go gcaithfí dul i mbun na polaitíochta, agus feachtas mór pobail a eagrú’ (255).

35 Ag deireadh thiar, is cosúil gur trí idirghabháil an státseirbhísigh ba mhó meas sa tír, T.K. Whitaker, a thángthas ar réiteach. Chuir sé Bríghid ar an eolas in Eanáir 1968 go mbeadh tairiscint ag teacht: ‘Ba léir go raibh glactha leis ag an Roinn Airgeadais nár fheil struchtúr an Ghúim do chur chun cinn nualitríocht na Gaeilge’ (325). An tAire Airgeadais féin a rinne an socrú ar deireadh gan aon siar ná aniar leis mar scéal:

Chuaigh Bríghid Uí Éigeartaigh agus Cian chun cainte le Cathal Ó hEochaidh ar an 14 Bealtaine 1969. Thugadar isteach leo an scéim deontais a theastaigh uathu féin, agus iad ullamh chun troda, chun siúl amach agus chun an comhlacht a scor. Bhí na scéimeanna éagsúla a bhí molta ag an Roinn ar bhord an Aire cheana féin. Léigh an tAire scéim Sháirséal agus Dill, agus phléigh sé gnéithe éagsúla de, ansin, gan puinn argóna, ghlac sé leis go hiomlán (334).

36 Ar an Déardaoin 8 Eanáir 1981, d’fhógair an comhlacht go poiblí go raibh cearta agus oibleagáidí Sháirséal agus Dill aistrithe go dtí Caoimhín Ó Marcaigh. Níor dearmadadh a gcomaoin ag an mbeirt thuasluaite a chur in iúl sa phreasráiteas:

Deir ráiteas an chomhlachta go bhfuil siad buíoch don Aire Airgeadais ag an am, Cathal Ó hEochaidh, atá anois ina Thaoiseach, agus do Rúnaí an Roinn Airgeadais ag an am, an Seanadóir T.K. Whitaker, a ba chionntsiocair leis an scéim seo a chur i gcrích (464).

37 Agus mar dhearbhú breise ar dhílseacht Uí Eochaidh do chúis na Gaeilge ba dheas mar a thagair sé d’aisling Sheáin agus Bhríghde ina admháil ar litir bhuíochais Bhríghde:

Is ábhar sóláis é go bhfuil cóipchearta agus stoc leabhar Sháirséal agus Dill aistrithe go dtí comhlucht nua, faoi stiúir Chaoimhín Uí Mharcaigh, i dtreo’s go mbeidh seirbhís leanúnach ar fáil dá gcuid scríbhneoirí agus don phobal léitheoireachta. Is comhartha é seo den spiorad a bhí ann ariamh ón am a bhunaigh tú féin agus Seán an chomhlucht aislingeach seo (468-469).

38 Dá shuimiúla é an scéal béaloidis a cheadaítear anseo, fiú más ó bhéal Uí Eochaidh féin é, d’fhéadfadh gur ag déanamh beagán faoin ngníomh uasal a dhein sé a bhí sé. Oighear an scéil ná go bhfaca sé go raibh dealramh le plean Sháirséal agus Dill agus gur ghlac sé leis. Tá sé le moladh.

39 I bhfad na haimsire chuaigh Sáirséal agus Dill i dtaithí ar an gcleasaíocht a theastaigh d’fhonn cothrom na Féinne a ghnóthú dá scríbhneoirí. I gcás an Chadhnaigh, mar shampla, cheadaigh an t-údar ar dtús go gcuirfí An tSraith ar Lár isteach ar an gcomórtas do dhuaiseanna an Bhuitléaraigh, ach dúirt le Seán Ó hÉigeartaigh ina dhiaidh sin é a tharraingt siar. Ach, féach seo:

Tháinig Ó hÉigeartaigh ar sheift. Ar an 4 Feabhra 1967 scríobh sé dhá litir chuig Eoin Mac Thighearnáin, ceann acu marcáilte ‘oifigiúil ar iarratas ó Mháirtín Ó Cadhain’ ag tarraingt siar an leabhair, agus an ceann eile marcáilte ‘príobháideach,’ ag iarraidh ar Mhac Thighearnáin an leabhar a fhágáil sa chomórtas go fóill, ar an dtuiscint go bhféadfaí é a tharraingt siar ar ball mara mbeadh aon duais ag dul ina threo (281).

40 Tar éis dó nod (nó dhó) a fháil, is cosúil, go bhfaigheadh ‘an fear úd’ an chéad duais, scríobh Seán Ó hÉigeartaigh chuig an bhForas Cultúir Gael-Mheiriceánach ar an 23 Bealtaine 1967 ‘ag tarraingt siar an “tarraingt siar” a chuir sé isteach ar an 4 Feabhra’ (282).

41 I gcás an Ríordánaigh, agus Duais Uí Sheachnasaigh, ní raibh leabhar ullamh aige le cur isteach ar chomórtas na bliana 1971, faoin spriocdháta 31 Nollaig 1970. Dhein Bríghid idirghabháil ar a shon le gradam saoil a bhaint amach dó ina áit sin le muintir Mheiriceá ar an 21 Nollaig, á rá go raibh ‘profaí leathanach geallta don 31 Nollaig’. Bronnadh an duais speisialta air. ‘Réiteach fíorchiallmhar’ (392).

Frithchléireachas

42 Cuid lárnach den dúchas ón dá thaobh ná glaine chroí, neart géag, is beart de réir briathar a d’éiligh seasamh in aghaidh fimíneacht agus meatacht eaglaise agus stáit, fiú agus an chuma ar an scéal gur ag tabhairt cúil le dúchas a bhíodar, nuair gur bhraitheadar nach raibh ann ach ualach arbh fhada gus na hathbheochana imithe as: righneas an Phreispitéireachais i gcás Sheáin; deachtóireacht an Chaitliceachais i gcás Bhríghde, ar briseadh a seanmháthair as a post múinteoireachta i mBealach an Tirialaigh sa bhliain 1903 mar nár thaitin sé leis an sagart paróiste ‘í a bheith ag múineadh an teagaisc Chríostaí as Gaeilge ná an iomarca de stair na hÉireann’ (196).

43 Táthar in amhras gur dhiúltaigh an Roinn Tionscail agus Tráchtála dul i mbannaí d’iasacht bainc do Sháirséal agus Dill mar go raibh fórsaí ag obair in aghaidh Sheáin sa státseirbhís: ‘daoine coimeádacha, cúramacha, cráifeacha ab ea formhór na státseirbhíseach. Níor Chaitliceach é Seán Ó hÉigeartaigh. Níos measa ná sin, níor Phrotastúnach ach oiread é — níor ghéill sé go poiblí d’aon chreideamh’ (106).

44 Cúis gháire anois againn an chinsireacht a theastaigh ón Ollamh Liam Ó Briain a dhéanamh ar mhallachtú Mhichíl Uí Choileáin ar easpag Chorcaí in B’fhiú an Braon Fola le Séamas Ó Maoileoin, athair Bhríghde (200). Ná ní mó ná sásta a bhí an tOllamh dhá mhí ina dhiaidh sin nuair a fágadh sleachta a mheas sé a bheith frithchléireach sa leabhar Le Grá ó Úna le hÚna Ní Mhaoileoin, an té ab óige de chlann Shéamais. Sliocht amháin a bhí ag dó na geirbe chomh mór sin ag an Ollamh faoi chóras oideachais na hIodáile gur ‘scríobh sé chuig sagart sa Róimh d’fhonn fianaise a fháil gur bhain míchruinneas leis’ (202). Níl cuid dá bhfuil ráite gan a bheith ad rem do chuid den díospóireacht faoi úinéireacht scoileanna atá ar siúl in Éirinn faoi láthair:

Is treise cumhacht na cléire anseo ná in Éirinn fiú amháin. Na scoileanna (stáit) ar fad, is caitliceach atá siad. Cuma Protastúnach nó Giúdach nó whatever thú bíonn crois i ngach seomra agus teagasc Críostaí mar phríomhábhar. Tá scoileanna príobháideacha ann ach tá siad an-daor. Tá raic ar siúl faoi láthair faoi aiste a tugadh le scríobh do pháistí sna scoileanna: ‘Cur síos a dhéanamh ar chonas mar a théann cumannachas, liobrálachas agus sóisialachas i gcoinne na 7ú aithne.’ Sin é an sórt oideachais a tugtar dóibh sna scoileanna (202).

45 Is cosúil go bhfuil an ‘cúpla litir fhíorghránna’ a scríobh Ó Briain chuig Seán Ó hÉigeartaigh ró-mhíchuí lena gceadú anseo. B’áiféisí fós an locht a fuair duine de mholtóirí an Oireachtais 1957 ar dhearcadh an údair sa leabhar céanna: ‘is cosúil go bhfuil kink éigin in intinn an údair fá chúrsaí creidimh’ (202). Pé Ultach (‘fá?’) a roghnaigh an focal greannmhar san, tharlódh gur ón Cocktail Party le T.S. Eliot a fuair sé é: ‘but when everything’s bad form, or mental kinks, you either become bad form, and cease to care, or else, if you care, you must be kinky’ (1950: 136). Is ar éigean má bhí sé au fait leis an tsainchiall ghnéasach a bhí leis an bhfocal ó dheireadh na gcaogaidí amach (féach OED s.v. ‘kink,’ ‘kinky’) ach ní bheadh a fhios agat. Tá géire na haoire ‘Eoghan Cóir’ sa bhuille scoir anseo leis an tagairt d’fhógra báis an Ollaimh sna nuachtáin a dúirt ‘go raibh sé imithe “go caithréimeach” isteach sa saol nua’ (200).

46 Iarsma an drochbhlais chomh maith, b’fhéidir, faoi deara an díspeagadh a dhéantar ar na húdair sagairt trína liostáil as a chéile i rolla tur fíorghearr, beirt bhan rialta mar eireaball leo, ar an aon leathanach amháin le hais na bpeannphictiúr a cheadaítear don líon céanna scríbhneoirí ‘eile’ thar ocht leathanach i gcaibidil 50, faoin teideal ‘Scríbhneoirí Sháirséal agus Dill’. I bhfianaise a ndearna scata de na cléirigh chéanna ar son na cúise ba dhóigh leat go rabhadar i dteideal bheith istigh ní ba chroíúla mar scríbhneoirí iontu féin. Ach tharlódh gur faoi dheabhadh a soláthraíodh an chaibidil seo mar iarsmaoineamh, rud a fhágann chomh maith, braithim, an réim teanga ann beagáinín neafaiseach, mura bhfuil sí neamhchúirtéiseach: ‘níor chás súil a chaitheamh go tapaidh ar chuid eile’ (453).

47 Tuilleann Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, a aitheantas ceart chomh maith, seachas ‘seanfhoirgnimh Ollscoil na hÉireann’ (470) a thabhairt air. Ná ní dóigh liom gur mhaith le cuid de Ghaeil Mhaigh Nuad go rachadh sé gan cheartú a mhaíomh go raibh Garret Fitzgerald ina Uachtarán ar an gColáiste seachas ina Uachtarán ar Ollscoil na hÉireann (470).

48 Níor mhiste a admháil chomh maith, i bhfianaise na neamhairde a bhí irisí critice na Gaeilge a dhéanamh de scríbhneoirí Sháirséal agus Dill sna seascaidí, gur dhein mic léinn Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, obair cheannródaíochta critice ar shaothair na scríbhneoirí céanna le linn bhlianta órga Irisleabhar Mhá Nuad ó 1966 go 1972 agus gur mó tráchtas iarchéime ó shin i leith a bhfuil na haistí céanna mar bhonnchloch leo: (1966: Ó Cadhain, Ó Direáin, Ó Súilleabháin; 1967: Ó Ríordáin, Ó Tuairisc, Mac Liammóir, Ó Néill; 1968: Ó Tuairisc, Ó Dónaill, Ó Conaire, Ó Flaithearta, Ó Tuama; 1969: Ó Cadhain, Ó Tuairisc, Ó Conaire; 1970: Ó Cadhain, Ó Direáin, Ó Ríordáin, Ó Conaire; 1971: Ó Tuama, Ó Conaire, Ó Cadhain, Ó Súilleabháin; 1972: Ó Cadhain, Mhac an tSaoi, Ó Súilleabháin). Ná níor leo ab fhaillí é cúram a dhéanamh de na scríbhneoirí céanna sa tsraith bhliantúil Léachtaí Cholm Cille ón mbliain 1970 amach — ón gcéad léacht acu sin ‘Irish Literature in the Contemporary Situation,’ mar a dtagraítear do na scríbhneoirí sin Sháirseal agus Dill: Ó Ríordáin, Ó Direáin, Ó Cadhain, Ó Flaithearta, Ó Céilleachair, Ó Súilleabháin, Ó Maoileoin, Ó Tuama.

Conclúid

49 Ní foláir do chumhacht an duine agus cumhacht na linne a bheith ag teacht le chéile chun ardsaothair litríochta a sholáthar, dar le Matthew Arnold (1864). Agus i gcás Sháirséal agus Dill bhí an sponc agus an miotal san ó dhúchas ann ón dá thaobh, athmhúnlú agus ionchorprú a dhéanamh ar an aisling oiriúnach do dhúshláin na linne. Chuir na ceannródaithe seo i gcúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge réabhlóid chultúrtha ar bun a chinntigh inneall agus culaith uasal a thuillfeadh aird an phobail sa bhaile agus i gcéin do scoth na scríbhneoirí Gaeilge.

50 Má tá fírinne dhiamhair fháistiniúil lena ndeir an Ríordánach faoi thíolacadh na scríbhneoirí (‘Is iad na scríbhneoirí a mhúsclóidh an teanga agus is í an teanga mhúscailte a mhúsclóidh na daoine chun labhairt na Gaeilge’ (1952: 35)), tá mórán an dóchas spioradálta céanna ag leanúint dá ndeir an Ríordánach i litir mhínithe chuig Seán Ó hÉigeartaigh: ‘’Sé an aigne a bhí agamsa ná go n-imeoir-se agus go n-imeod-sa ach go gcaithfidh litríocht na Gaeilge dul ar aghaidh’ (238).

51 Fiú má chuir an chluas bhodhar a fuair sé lagmhisneach ar an Ríordánach ar uairibh, d’fhan sé tiomanta do chúis na teanga agus b’oiriúnach a dhiongbháilteacht a thagairt do dhúthracht Sháirséal agus Dill:

Is mó éag a fuair an teanga seo againne

Ach go brách ní bhfaighidh sí éag ionainne

Cé minic í ar fionraí

Dár lomdhearg ainneona (1964: 38).

52 Ba é Sáirséal agus Dill ‘ár n-intinn féin is ár gcló ceart’ agus maireann anois sub specie aeternitatis faoi chló Chló Iar-Chonnacht. Níl ann ach an ceart go dtabharfaí chun solais anseo an moladh a fuair an comhlacht uathusan is fearr a thuig, mar atá, na scríbhneoirí. Níor ghá dul thairis na samplaí seo:

Tá a shaol agus a shláinte agus a dhúracht agus a chuid saoire agus a chuid airgid caite ag an bhfear fíor-uasal seo, Seán Ó hÉigeartaigh, le gníomh a dhéanamh a raibh sé de dhualgas ar Rialtas na hÉireann é dhéanamh, .i. leabhair Ghaeilge a fhoilsiú ar chaighdeán fíorghairmiúil, scríbhneoirí agus ábhair scríbhneoirí a ghríosadh agus a mhisniú agus a chomhairliú (Críostóir Ó Floinn, chuig an Aire Oideachais, Seoirse Ó Colla, 1965) (148).

Creidim féin ná beadh éinní á scrí sa teanga inniu murach gur sheasabhair léi nuair ba ghátaraí a bhí sí (Siobhán Ní Shúilleabháin, ar chlos aistriú Sháirséal agus Dill, 1981) (466).

Tuigim go mb’éigean don athrú teacht. I mo chás-sa, tá níos mó ann ná athrú foilsitheora. Tá cuid an-phearsanta, an-dlúth, an-rathúil de mo shaol mar scríbhneoir briste. Mar bhí ceangal meanman agus meoin agam leis an mbuíon daonna daoine darab teideal Sáirséal agus Dill nach bhféadaim cur síos air, ón lá a fuaireas litir ó Sheán á iarraidh orm beatha Airt Uí Ghríofa a scríobh go dtí an nóiméad seo i láthair.

Bhronn Sáirséal agus Dill uaisleacht ar an dteanga Ghaeilge. Bhronn siad uchtach agus misneach ar scríbhneoirí. Chuir siad caighdeán déanta leabhar Gaeilge ar cothrom leis an gceird is fearr dá shórt ar domhan. Bhronn siad an tsaoirse san áit nach raibh ach cuibhreannú. Ní éagann bearta den tsórt san. Maireann Sáirséal agus Dill ina saothar (Seán Ó Lúing, 1981) (467-468).

53 Leathchéad bliain ó shin (1966), leathchéad ar aghaidh ó Éirí Amach na Cásca ‘thairg an Roinn Oideachais réiteach substaintiúil do Sháirséal agus Dill’ (263), aitheantas de shaghas, ba dhóigh leat, as a raibh déanta acu le haisling chultúrtha an Éirí Amach a chur i gcrích. Leathchéad bliain ar aghaidh nach mór agus muid ar thairseach chomóradh an chéid tá gá le, lena chur go simplí, dianscrúdú ar an duibheagán idir focal agus gníomh i ngach earnáil den státchóras, óir, in ainneoin choimisinéirí agus an iliomad eagras, cearta teanga sa bhaile agus san Eoraip, is ar éigean má tá sé aon phioc níos fusa gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ná mar a bhí sé leathchéad bliain ó shin. Mura freagra iomlán sásúil é ar cheist chlabhsúir an tsaothair seo: ‘Arbh fhiú é?’ (474), bíodh sé de shólás ag na húdair, Cian agus Aoileann, nach ‘carnán trodán faoi ualach deannaigh’ ina ndiaidh in oifigí stáit a bheidh mar chuimhneachán ar Sheán agus ar Bhríghid ach briathar beo na Gaeilge a bhuanaíodar i bhfriotal. Ba mhaith mar a thuig Diarmaid Ó Súilleabháin an chomaoin a bhí curtha acu ar an réabhlóid chultúrtha bliain tar éis chomóradh an leathchéid d’Éirí Amach na Cásca, sa tíolacadh a chuir sé le Caoin Tú Féin (1967):

Do bheirt dílis a d’fhulaing

Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh

agus a bhean Bríghid.

Saothair a ceadaíodh

Príomhshaothar

Ó hÉigeartaigh, C. agus Nic Gearailt, A. (2014) Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ábhar cartlainne

Aircív Sheáin Uí Ríordáin, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Foinsí foilsithe

Arnold, M. (1864) ‘The function of criticism at the present time’. In: National Review 19: 230-251.

Arnold, M. (1908) On the Study of Celtic Literature. London: J.M. Dent & Sons.

de Bhaldraithe, T. (1982-1983) ‘Brí agus bunús an Fhocail Gúm,’ In: Éigse 19: 167-168.

Eliot, T.S. (1950) The Cocktail Party. London: Faber & Faber.

Eliot, T.S. (1958) Notes towards the Definition of Culture. London: Faber & Faber.

Knott, E. (1934) An introduction to Irish syllabic poetry of the period 1200-1600: with selections, notes and glossary. Cork: Cork University Press; Dublin: Educational Company of Ireland.

Ó Cadhain, M. (1949) Cré na Cille. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ó Cadhain, M. (1962) ‘Do na fíréin’. In: Comhar 21 (3): 8-26.

Ó Cadhain, M. (1970) An tSraith dhá Tógáil. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ó Direáin, M. (1957) Ó Mórna agus dánta eile. Baile Átha Cliath: Cló Morainn.

Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ó Ríordáin, S. (1964) Brosna. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ó Ríordáin, S. agus Sewell, F. (2014) Seán Ó Ríordáin — Selected Poems. New Haven [Conn.]; Indreabhán: Yale University Press.

Ó Súilleabháin, D. (1967) Caoin Tú Féin. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626