Titim na Banríona: Léamh ar an Ghearrscéal ‘Nábla agus Paidí’ le Seán ’Ac Fhionnlaoich

Lillis Ó Laoire

1 Deir Philip O’Leary go mb’fhéidir gur botún a rinne lucht na hAthbheochana oiread sin béime a leagan ar an litríocht ag deireadh an naoú haois déag, ach dar leis gur botún intuigthe a bhí ann (2006: 227). Dá ainneoin sin, tá litríocht Ghaeilge na hÉireann bisiúil i gcónaí agus céad bliain bainte amach ag an stát neamhspleách. Is iomaí treo agus téama a chíortar sa litríocht sin agus is iomaí cló a chuir sí di in imeacht na tréimhse. Litríocht réigiúnach sciar maith den chorpas, scríbhneoireacht ‘ina dtagann ceantar áirithe nó pearsantacht cheantair chun tosaigh, níos mó ná mar a thagann fadhbanna an duine aonair’ (Nic Eoin 1982: 1). Faightear lochtanna go leor ar an litríocht sin, siocair nach ndéantar an claochlú ealaíonta sin is dual don nualitríocht ar an ábhar a bhíonn ann. Ina áit sin go minic, is cur síos tuairisciúil a fhaightear agus meastar gur laige mhór atá san easpa chruthaitheachta seo, breithiúnas is deacair a shéanadh. Sa téarmaíocht a thugann Máire Ní Annracháin dúinn (1998), ní hí an teanga fhíortha ach an teanga litriúil is tábhachtaí. Admhaíonn sí, mar sin féin, gur ‘cuid de bheocht na litríochta é go sleamhnódh samhail ar bith idir an dá mhodh, agus [gur] minic teannas eatarthu’ (2003: 136–137). Is tuiscint í sin a chuimsíonn an gearrscéal atá idir lámha san alt seo.

2 Ceann de na dúshláin mhóra a bhain le hathbhunú na litríochta, aimsir na hAthbheochana, a bhí in easpa na litearthachta agus tábhacht ollmhór an bhéaloidis, gné lárnach de chultúr na Gaeltachta san am. Agus forbairt ar an tsuibiacht aonair mar ábhar scríbhneoireachta ag teacht i réim níos mó, thiocfadh coincheap na nualitríochta ar aghaidh, coincheap a thabharfadh deis don aonarán, agus na dúshláin a bhain lena shaol uathúil féin, a theacht chun cinn go soiléir gan leithscéal. De bharr athruithe ar shochaí na hÉireann le himeacht aimsire, agus le scaipeadh na nua-aoiseachta sa tsochaí, is dóigh liom gur fhás tuiscint níos mó i measc chriticeoirí Gaeilge le blianta beaga anuas go bhfuil a cruthaitheacht féin ag baint leis an scríbhneoireacht áitiúil réigiúnach. Dá réir sin, tuigtear le deireanas nach gá i gcónaí go gcaithfeadh fadhbanna cráite an duine aonair agus a aigne inmheánach (dá thábhachtaí iad) a bheith i lár an aonaigh le go measfaí gur saothar fiúntach scríbhneoireachta atá i gceist.

3 I dtaca leis an bhéaloideas, dar le Máirín Nic Eoin nárbh é an úsáid leitheadach a baineadh as ba chionsiocair le cuid mhaith den deacracht seo, ach an bealach ar mhúnlaigh an béaloideas an táirge a cuireadh ar fáil, seachas go ndéanfaí an béaloideas a scagadh de réir thuiscintí cruthaitheacha an scríbhneora (1982: 33–41). Níl aon cheist ach gur foilsíodh go leor saothar a bhí lag i gceart mar gheall ar na tuiscintí a chuir ‘caint na ndaoine’, paróistiúlacht agus cultúir theoranta logánta chun cinn. Murbh iad na peacaí ba thromchúisí féin iad, rinneadh na coireanna céanna chomh minic sin agus nach aon iontas gur éirigh mórán daoine ar chás leo an nualitríocht bréan díobh le himeacht ama.

4 Ceann de na ceisteanna a thig chun cinn sa staidéar ar an litríocht, mar sin, an chomaoin a chuireann an traidisiún liteartha agus an traidisiún béil ar a chéile. Chuir bailitheoirí an Choimisiúin Bhéaloideasa béim ar scéalta iontais ó tharla iad a bheith ag imeacht as faisean faoi na 1930idí, agus iad i mbaol a gcaillte. Ar an láimh eile, bhí scéalta seanchais nár bhain le seánra idirnáisiúnta an tseanscéil, ná leis na scéalta gaisce dúchasacha, fairsing i gcónaí, agus iad go minic níos gaire don chineál ábhair a d’fhéadfaí a mhúnlú ina nualitríocht. Is amhábhar é an seanchas a fhóireann don ghearrscéal go háirithe. Mar sin féin, go minic is beag athchóiriú a rinne údair mar Sheán Bán Mac Meanman (1886–1962) as Tír Chonaill ar an ábhar seo, cuiream i gcás, rud a fhágann nach bhfaigheann a lán de léitheoirí an lae inniu oiread sin blas air (Mac Congáil 1992: 8–10). Agus mar a thug Aisling Ní Dhonnchadha faoi deara, nuair a roinn sí na scríbhneoirí sa tréimhse go dtí 1940 eatarthu siúd a bhí ina ‘gcaomhnóirí’ agus ina ‘gcumadóirí’, ní raibh Mac Meanman leis féin (Ní Dhonnchadha 1981: 9). Pléann Ní Dhonnchadha (1981: 211–241) le beirt faoi leith a chuir cor i gcinniúint an ghearrscéil chruthaithigh — Seosamh Mac Grianna (1900–1990) agus Liam Ó Flaithearta (1896–1984). Pléifear cosúlachtaí i saothar Uí Fhlaithearta leis an scéal atá idir lámha sa pháipéar seo níos maille.

5 D’ainneoin gur thosaigh cúrsaí lag go leor leis an ghearrscéal nua-aimseartha, mar sin féin, tá fás agus forbairt ar an seánra seo. Baineadh leas as go háirithe leis an réalachas sóisialta a léiriú, mar ghné den réalachas i gcoitinne (Denvir agus Ní Dhonnchadha 2000: 11–13), agus maíonn Brian Ó Conchubhair go raibh foirm an ghearrscéil an-fhóirsteanach do chúinsí na Gaeilge ó thús na hAthbheochana agus go bhfuil i gcónaí. Dar leis gur i bhfeabhas atá cúrsaí ag dul faoi láthair (Ó Conchubhair 2006: 12–13). Díreoidh an aiste seo ar mhéaróg a cuireadh ar an charn sin a bhfuil aitheantas dlite dá réir aici.

6 Is scríbhneoir é Seán ’Ac Fhionnlaoich (1910–1982) a bhaineann cuid mhaith le scoil sin na ‘gcaomhnóirí’ a chleacht ‘rôle an tseanchaí liteartha’ (Ní Dhonnchadha 1981: 9). Tá cáil air as trí leabhar a chuir sé amach, dhá cheann lena linn, Ó Rabharta go Mallmhuir (1975) agus Is Glas na Cnoic (1977), agus Scéal Ghaoth Dobhair (1983) a tháinig amach gan mhoill i ndiaidh a bháis. Is dócha gurb é an chéad cheann acu sin, Ó Rabharta go Mallmhuir, an saothar is mó a seasann a cháil air. Ina ainneoin sin, mar a deir Máirín Nic Eoin, ‘más leabhar taitneamhach féin é, ní déarfadh aon duine go mbaineann sé leis an seánra a dtugtar litríocht chruthaitheach air’ (1982: 41).

7 Tá leabhar eile foilsithe faoi ainm Sheáin ’Ic Fhionnlaoich le seal de bhlianta dar teideal Sealóga agus Siosmaid: Gearrscéalta is Dréachtaí (2011). Is éard atá sa bhailiúchán seo an scríbhneoireacht dá chuid a foilsíodh in An tUltach idir 1977 agus 1984 (Ó Breisleáin 2011: v). Mar chomóradh ar chothrom céad bliain a bhreithe a chuir Coiste Comórtha Sheáin ’Ic Fhionnlaoich rompu an t‑ábhar a chruinniú le chéile i bhfoirm leabhair, arna chur in eagar ag Uinsionn Ó Breisleáin, a bhfuil gaol cleamhnais aige leis an údar. Tá ocht bpíosa is tríocha ar fad sa leabhar, roinnte tuairim is leath is leath idir na gearrscéalta agus na dréachtaí. Tá splanc áirithe i bhformhór na ngearrscéalta, ach chaithfí a rá fosta go mb’fhéidir nach i gcónaí a bhaineann an splanc sin amach barr a maitheasa. Dála Ó Rabharta go Mallmhuir, léitheoireacht thaitneamhach éadrom i modh an tseanchaí liteartha iad na scéalta agus na dréachtaí seo.

8 Dá ainneoin sin, tá scéal amháin a sheasann amach i measc na ngearrscéalta, dar liomsa, ar mhéid agus a dhéantar an téama a láimhseáil go cumasach ealaíonta ar bhealach a mbeadh léitheoirí rialta na nualitríochta sásta léi. I mo thuairimse tugtar ann léiriú cumasach ar ‘g[h]ad an smachta agus ar ghaol an ghrá’ (Ní Annracháin 1998: 61) nach bhfuil chomh láidir céanna in aon phíosa eile dá bhfuil sa leabhar. Sin é an scéal ‘Nábla agus Paidí’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 40–44), píosa gearr go maith, ach ar díol suime é mar sin féin. Léirítear an creideamh sí ann trí phósadh ealaíonta idir finscéal sí an bhéaloidis agus teicníc an ghearrscéil nua-aimseartha, cumasc a n‑éiríonn go tréitheach leis anseo. Ní athinsint ar eachtra béaloidis é ach oiread agus dar liom go bhfuil níos mó i gceist ná ‘craiceann tanaí de genre an ghearrscéil nua-aimseartha’ (Denvir 1992: 24) buailte anuas ar chnámha an fhinscéil sí.

9 Is éard a chuirim romham sa pháipéar seo, léamh a dhéanamh ar an scéal i dtaca leis an mheascán seo den bhéaloideas agus de chur chuige na nualitríochta a fhaightear ann. Ní haon iontas é go n‑aithneofaí cosúlachtaí idir scéalta béaloidis agus scéal i stíl nua-aoiseach, agus a bhfuil de phointí i gcoiteann ag an fhinscéal sí agus an gearrscéal nua-aimseartha, iad araon dírithe ar aon eachtra amháin, ina dtarlaíonn claochlú éigin, ar bhealach a fhágann go mbíonn ceisteanna ag an éisteoir nó ag an léitheoir. Chomh maith leis sin, bíonn sonraí sainiúla tábhachtach i bhfinscéalta, rud nach mbíonn i gceist sna seanscéalta (Märchen) ar an dóigh chéanna. Is minic a luaitear áiteanna fíora iontu agus na logainmneacha aitheanta a bhaineann leo. Aithníonn éisteoirí an taobh tíre agus go minic ainmnítear na carachtair. Uaireanta insítear finscéalta sa chéad phearsa mar chuimhne ar eachtra a bhain don reacaire féin. Féadann na gnéithe céanna sin a bheith tábhachtach sa ghearrscéal. Mar a deir Aisling Ní Dhonnchadha, ‘[i]s gnách cumasc den réalachas, den rómánsachas, den íoróin agus den impriseanachas’ sna samplaí is fearr d’ealaín an ghearrscéil (2002: xii). Deir sí chomh maith gur deacair aon sainmhíniú amháin a thabhairt ar an ghearrscéal ó tharla oiread sin éagsúlachta a bheith ag baint leis idir gach gné de.

10 Gan dul thar an teideal, tá ábhar suntais ag an léitheoir: ainm mná agus ainm fir, agus ní taisme é gurb é ainm na mná a chuirtear ar dtús. Tugann an teideal sin le fios gur faoin lánúin phósta seo atá an scéal agus nach faoi aon ghné eile — scéal faoina gcumann atá ann agus an tionchar a imrítear air de bharr an méid a nochtann an reacaire dúinn. Deirtear linn go bhfuil an lánúin seo ina gcónaí ‘ar an oileán’, agus is seift ar leith é úsáid an ailt. Deimhníonn sé an áit cé nach n‑ainmníonn sé í thairis sin. Mar an gcéanna, ní thugtar sloinne na lánúine. Tá clann óg líonmhar orthu (ní luaitear uimhir), tá an saol ‘anásta … anróiteach’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 40) agus bíonn an bheirt ‘ag streachailt’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 40), ag obair de shíor le greim a mbéil a thabhairt i dtír. Beatha thraidisiúnta a chaitheann siad, a ngléas beo ag teacht ón talamh agus ón fharraige. Ní luaitear tréimhse ama, ach is féidir a léamh as an scéal go bhfuil sé suite sa tréimhse nuair nach raibh cúnamh leasa shóisialaigh le fáil, rud a shuífeadh an scéal go luath san fhichiú haois. Cé go dtagraítear d’fhear an tsiopa agus do na hearraí a dhíolann siad leis, is saol féinchothaitheach cuid mhaith atá acu. Tugtar pictiúr nach mór clasaiceach dúinn den phósadh thraidisiúnta, rólanna agus fearainn chinnte oibre ag an fhear agus ag an bhean de réir a n‑inscne agus gnás an phobail.

11 Mar a thugann an leid sa teideal le fios, díríonn an reacaire a aird ar Nábla níos mó ná ar Phaidí, is é sin, is scéal é seo faoi bhean agus faoi shaol traidisiúnta na mban ar oileán mara. Díríonn formhór chuid scríbhneoireachta ’Ic Fhionnlaoich, gan aon leithscéal, ar pheirspictíocht na bhfear, agus ar an ábhar sin, is mó an díol suntais an eisceacht seo. Sa chothromaíocht chomhlánaithe a léirítear idir rólanna an fhir agus na mná, tig eolas domhain an údair ar shaol oileáin agus ar an obair thraidisiúnta chun cinn. Ní mar mhórtas folamh as suáilcí an tseansaoil a chuirtear inár láthair é. Baintear leas as an chúlra le portráid a sholáthar de charachtar Nábla agus dá dearcadh. Cé gur sa tríú pearsa a insítear an scéal ó thús deireadh, cuirtear léargas tuisceanach íogair ar fáil de phríomhcharachtar an scéil. Tuigtear don léitheoir gur pósadh rathúil é, d’ainneoin na ndúshlán a bhaineann le slí bheatha a bhaint amach. Tuigtear dúinn go bhfuil an bheirt doirte dá chéile agus gur trí mheán na hoibre a léirítear an cumann sona atá acu. Mar sin féin, tá beagán teannais eatarthu faoi obair Nábla taobh amuigh den teach, is é sin go mbíonn sí ag déanamh cnuasaigh, ag bailiú bia trá agus á dhíol le fear an tsiopa mar thacú beag eile le teacht isteach na lánúine. Tá trí ghné sa scéal seo ar fiú scrúdú grinn a dhéanamh orthu mar sin: ceist an chreidimh sí, ceist na hinscne, agus ceist na háite.

12 Ar dtús, sula ndéantar tuilleadh plé ar an scéal, is fiú achoimre ghearr a dhéanamh ar shainphointí an chreidimh sí. Tá léargas maith tugtha ag Angela Bourke (1996) ar thréithe agus ar a nósanna imeachta an chreidimh sin. Murab ionann agus na scéalta fada gaisce, a raibh gradam ag baint lena n‑inse, bhí roinnt éigin drochmheasa le tabhairt faoi deara ar an seanchas seo, agus gan na scéalaithe toilteanach uaireanta é a aithris mura gcuirfí brú orthu. Is in áiteanna uaigneacha contúirteacha is mó a bheifí ag dréim leis go gcasfaí na daoine maithe ar dhuine. Fuadaíonn siad daoine, mná agus páistí óga go háirithe. Is dream cleasach iad ar féidir leo scrios a dhéanamh nuair a chuirtear fearg orthu, cé go gcaitheann siad go maith leo siúd a bhíonn go maith dóibh féin. Dearbhaíonn Angela Bourke an ceangal atá idir cruthaitheacht na bhfinscéalta sí agus an nualitríocht, á mhaíomh go ngeallann siad ‘an impromptu excursion into the world of fiction, with all it has to offer’ (1996: 11). Mar bharr air sin deir sí:

So these stories provide fictional characteristics for otherwise anomalous or unknowable places. They deepen the native’s knowledge of her physical surroundings, but also thriftily use the gaps in the known environment for the elaboration of an imagined world where all those things that are in Heaven and Earth and yet not dreamt of in rational philosophy may be accommodated (1996: 12).

13 Tá a leithéid chéanna de thréithe ina rith leis an scéal seo. Ós ar oileán atá an scéal suite, méadaítear ról na háite sa scéal, mar atá pléite ag Máirín Nic Eoin (1982: 141–155). Tugann sí sliocht gearr ó pheann ’Ic Fhionnlaoich féin, rud a leagann béim ar ghné na farraige den áit go háirithe: ‘Tá faire na farraige i lár na h‑aibhéise fada uaigneach, ach tá draíocht fán fharraige. Tá sí tarraingteach, meallacach, cuireann sí mothú coimhthíoch i do chroí, bíonn tú níos cóngaraí do Dhia is don tsíoraíocht agus ar dhóigh éigin, bíonn tú scartha ón tsaol seo’ (’Ac Fhionnlaoich 1975: 102).

14 Is féidir an cur síos anseo thuas ar an fharraige a ionannú leis an áit dho-aitheanta aineoil a bhfuil cur síos ag Angela Bourke (1996: 9, 22) uirthi, dar liom, pointe a bhfuil tábhacht leis i gcomhthéacs an scéil. Ní luann ’Ac Fhionnlaoich an slua sí sa sliocht sin, ach tá tuiscint shoiléir ann gur den alltar an fharraige, agus gur láthair dhiamhair dhothuigthe í. ‘Fórsa bunúsach cruthaitheach’ í an fharraige i scéalta Liam Uí Fhlaithearta chomh maith (Denvir 1991: 36), rud a léirítear in ‘An Charraig Dhubh’ (Ó Flaithearta 1953: 25–30). Sa scéal úd, cuirtear an fharraige i láthair mar eilimint bheo, ollchumhachtach, dhosháraithe agus ceannas aici ar bheatha agus ar bhás (Denvir 1991: 39). Is é a dhálta sin ag an mhuir é i scéal ’Ic Fhionnlaoich.

15 Tig an chiall aircitípeach sin le tuiscintí coiteanna an bhéaloidis gur aingil iad an slua sí a caitheadh amach as na Flaithis le linn an chatha idir Lucifer agus Dia. Cuireadh cuid acu go hIfreann, ach bhí roinnt eile nach raibh olc go leor lena ndamnú go hiomlán. Fágadh ar an saol seo iad, agus iad ag dréim le dul ar ais go dtí na Flaithis lá éigin: ‘Chónaigh cuid acu san aer ansin, cuid eile ar talamh, agus chuaigh dream eile acu i bhfarraige’ agus baisteadh ‘uaisle na farraige’ mar ainm orthu sin (Ó hEochaidh et al. 1977: 34, 206–209). Sheadaigh cuid de na spioraid leathdhamnaithe a díbríodh ó Neamh sa tsáile. Sna finscéalta, cuirtear in iúl an éiginnteacht agus an chontúirt a bhain le hobair na farraige i dtéarmaí fuadaithe, is é sin gurb iad slua sí na farraige a ba chiontaí le bheith ag bá na ndaoine. Dá mbáití duine, d’fhéadfaí an tuiscint a bhaint as sin gurbh éard a fuadaíodh an té a cailleadh, gurbh iad slua sí na farraige a shantaigh é nó í agus a thug leo é isteach ina n‑áras féin (Ó hEochaidh et al. 1977: 186–227; Mac Cárthaigh 2017). Bhain sin go háirithe le fir a bhíodh ar an fharraige go minic agus tá scéalta iomadúla ann faoi na mná sí a rinne iarracht fir shaolta a fhuadach agus faoin ‘scian a caitheadh le toinn’ a shábháil na fir chéanna ar an urchóid (Ó hEochaidh 1965; Chadbourne 2012). Go fiú is gur scéal acu sin a d’inis Seáinín Tom Ó Dioráin (1873–1939) i Londain i 1934 nuair a rinneadh Oidhche Sheanchais, an chéad scannán Gaeilge a raibh caint ann (Flaherty 2016).

16 Ach ní hiad na fir amháin a fhuadaítear sna finscéalta sí. Go dearfa, mar a mhaíonn Bourke (1996: 10), is líonmhaire go mór na mná a scuabtar ar shiúl iad. Cé nach samhlaítear mná le báid ná le bádóireacht de ghnáth, bhí a gceird féin acu agus plé acu leis an fharraige dá bharr, mar a thugann an nath ‘ag déanamh cnuasaigh’ le fios. Cé gur féidir cnuasach a dhéanamh d’aon saghas ruda, is ag bailiú ábhair ón chladach, go háirithe bia farraige, idir shligéisc agus chineálacha éagsúla feamnaí atá i gceist. Is ar cheird an chnuasaigh agus ar shaineolas na mban ar an cheird sin a dhírítear isteach sa scéal ‘Nábla agus Paidí’.

17 Is bean mhaith cladaigh í Nábla agus tá sí ardoilte ar obair an bhailithe. Tá bród uirthi as a cumas de thairbhe an tsoláthair a dhéanann sí. Comhlíonann sí margadh an phósta óna taobh féin de agus comhlíonann Paidí a chuid féin de i dtaca le hobair na bhfear, ag iascaireacht lena churach. Tá an soláthar cósta seo ag brath ar an eolas atá ag an bhean ar an chladach, ar na séasúir agus ar na haicí is fearr le cineálacha éagsúla bia trá a aimsiú. Chomh maith leis sin, tá scil i gceist leis an mhodh oibre. Deirtear linn go bhfuil sé riachtanach ciall a bheith ag duine don fharraige ionas nach ndéanfar feolmhach dearg de chraiceann an bhuanaí. Nuair a fhaighimid an cur síos seo ar fad ar bhuanna Nábla, bímid cinnte gurb í an bhean is fearr san oileán i mbun na ceirde í. Insíonn reacaire an scéil dúinn go bhfuil sí ‘ina banríon ar lucht an chnuasaigh’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 41), á mhaíomh go bhfuil sí ina máistreás dhéanta ar an obair seo. San áit a bhfágtar créatúir aineolacha eile liobartha, gearrtha ag an sáile in am gairid, tuigeann Nábla na dóigheanna ar féidir a leithéid de phiolóid a sheachaint. Tá sí críonna coimhéadach agus ní théann sí chun an chladaigh mura mbíonn gach aon uile ghné den uair i gceart agus i gcóir fána choinne. Baineann sí leas as na ‘máirtíní’, na stocaí sin gan bonn iontu (tugtar ‘troithíní’, ‘miotáin’ agus ‘lóipíní’ orthu i gcanúintí eile) lena cosaint ar an sáile a thógfadh oighreach ar a craiceann, á fhágáil scallta, dóite (Lucas 1956). Is fiú a lua anseo gurb í sin an obair a bhíonn na ‘mná i locháin’ a dhéanamh in ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin (1910–1988). Ach ní ‘támhradharc sítheach’ rómánsúil an Direánaigh (Sewell 2018: 72) a thugtar dúinn sa scéal seo, ach léiriú praiticiúil ar a raibh i gceist:

Ceird di féin ag déanamh cnuasaigh: an té nach bhfuil sí aige agus nár fhoghlaim í ina óige ní mhairfidh sé i bhfad. Seal gairid agus beidh barra na méar ina bhfeoil dhearg agus na hingne gearrtha go dtí an beo (’Ac Fhionnlaoich 2011: 41).

18 Tá scil agus eolas agus cúram ar leith ag siúl leis an obair ‘chontúirteach, dhainséarach’ seo:

Ní fhóirfeadh lá a mbeadh bogadh san fharraige nó gála gaoithe ann ná fiú tonn ar charraig. B’iomaí sin bean nach dtug aird ar dhea-chomhairle na n‑eolaithe agus a d’fhág teaghlach ag caoineadh in áit na maoiseoige go ceann fada go leor (’Ac Fhionnlaoich 2011: 41).

19 Is ealaíonta an fhorbairt a dhéantar ar an téama agus ar léiriú an bhanlaoich, í ina crann taca ag a fear agus ag a teaghlach agus í go maith os cionn a buille ina leith, d’ainneoin muirín mhór páistí aici. Insítear dúinn go mbíonn Paidí ag síorchur comhairle ar Nábla, rud a léiríonn go bhfuil imní air fúithi. D’ainneoin go dtacaíonn a fear léi agus go dtugann sé aire don mhuirín nuair a bhíonn sise ag déanamh obair an chnuasaigh, ní bhíonn ‘bomaite suaimhnis aige go bpillfeadh sí’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 41). Ach toilíonn sé más go doicheallach féin é — is dócha gurb é an sochar a fhaightear ar an chnuasach is cúis leis. Tá a cuid seifteanna féin ag Nábla le hioncam an tí a mhéadú, ag sníomh, ag tógáil cearc, ag déanamh ime agus mar bharr ar gach cleas, ag cruinniú creathnaigh, duilisc agus béardaí (iasacht ón Bhéarla a thagraíonn do charraigín ‘Chondrus crispus’).

20 Is fiú a mheabhrú arís sa scéal hibrideach seo gur áit is féidir a aimsiú ar léarscáil atá i gCarraig a’ Choiscéim, an log ina roghnaíonn Nábla a dhul ann lena cnuasach trá a chruinniú ar an lá seo a mbíonn ‘iomlán rabharta’ ann agus comharthaí na haimsire ar fad fabhrach. Is logainm é atá réasúnta coitianta ar fud an chósta. Tá ceithre áit dhéag luaite leis an ainm ó Thír Chonaill (mar a bhfuil aon cheann déag acu) go Ciarraí, go Corcaigh agus go Port Láirge. Tá an cur síos seo againn ar cheann acu i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Bailiúchán na Scol:

Creag mhór ag tóin bhaile na Carraice. Bíonn sí beagnach comhdaithe le bárr láin. Tá canál eidir i fhéin agus creagacha na trágha, acht is féidir [a] dhul isteach uirthí de choiscéim. Tá cupla cloch ann mar cheasaidhe. Tá neart de chreathnach agus de shlobhach uirthí agus fosda fáruis mhaithe crubóg.

21 Buachaill as Inis Oirthir a thug an t‑eolas sin dá chara i Scoil Dhoirí Beaga i 1937. Tugann an cuntas neamhspleách sin leid dúinn den tobar eolais choitianta timpeallachta as a raibh an t‑údar ag tarraingt. Léiríonn an cur síos, dá ghonta é, an saibhreas ar leith den chnuasach atá le fáil go flúirseach ar charraigeacha den chineál seo.

22 Agus ar an lá áirithe atá i gceist sa scéal, ní bhíonn oiread agus comhartha aimsire amháin féin as alt. Dá réir sin, níl dada le Nábla a choinneáil ón chladach. Cuirtear imní an fhir chéile faoi shábháilteacht a mhná in iúl arís agus an obair seo ar bun aici, é ag cur comhairle uirthi a bheith cúramach agus gan dul thar a faichill. Cuireann sise ina luí air go bhfuil an aithne agus an cleachtadh riachtanach ar an áit agus ar an fharraige aici, agus go mbeidh sí ceart go leor, nach baol di. Is cliste, caolchúiseach mar a mhéadaítear an teannas reitriciúil sa scéal, trí athinsint a dhéanamh ar na contúirtí a bhaineann leis an fharraige agus ar rabhadh an fhir chéile ar láimh amháin, agus ar mhuinín Nábla as a cumas féin ar an láimh eile. Is sa chuid seo den scéal a bhaineann an insint fhíortha ealaíonta an bhuaic amach:

Bhí trá mhór ann, chomh mór agus a bheadh annn le Rabharta na Féile Muire; bhí carraigeacha ar eis [leis = nocht] nach bhfaca Nábla ina saol agus fómhar creathnaigh orthu a mheallfadh cách. D’éirigh Nábla dána, shanntaigh sí an chreathnach seo, bheadh luach saothair aici in am ghairid agus bheadh Paidí bródúil aisti. D’éirigh sí rud beag neamartach, thug sí a cúl leis an fharraige agus ba é ansin a tharla sé. Tháinig tonn nach raibh sí ag dréim léi, ní fhaca sí í ag teacht agus sula raibh faill aici an chroch chéasta a dhéanamh uirthi féin, scuabadh amach ar mhullach a cinn í. Lig sí scairt agus arsa sise, ‘A Íosa, a Mhuire agus a Íosaf, tabhair tarrtháil orm, ná fág mo chuid páistí gan máthair’. B’iontach an rud é ach tháinig an dara tonn a chuir ar ais ar an charraig í (’Ac Fhionnlaoich 2011: 42).

23 Cé go bhfuil an eachtra seo an-chosúil leis an chineál móitífe a bheadh i scéal béaloidis, tá difríochtaí trí chéile idir an cur chuige sin agus ceann an údair. D’ainneoin go maímse anseo gur ‘finscéal sí’ atá mar bhunús leis an ghearrscéal, ní luaitear an s-fhocal ann ó thús deireadh. Is díol suntais é sin go háirithe agus a chosúla atá an insint seo le mórán de na scéalta a fhaightear in Síscéalta Thír Chonaill, cuirim i gcás. Is dóigh liom gur d’aon ghnó a fhágtar an focal ‘sí’ ar lár, agus is fiú iarraidh a thabhairt an cinneadh sin a mhíniú. Is féidir easpa seo na dtagairtí do na daoine maithe a nascadh le dearcadh an údair féin seans maith. Bhí oideachas air agus é ina mhúinteoir, agus bhí an creideamh sí ag dul i léig lena linn. Is i ndiaidh do ’Ac Fhionnlaoich dul ar scor i 1973 a thosaigh sé ag scríobh, agus dar ndóigh bhí an saol nua-aoiseach faoi lánseol an uair úd ina cheantar dúchais. Sin é an saol a ndearna sé ‘aoir éadrom ghreannmhar’ (Nic Géadaigh 1992: 170) air ina úrscéal Is Glas na Cnoic.

24 Tá scéal eile sa chnuasach seo, ‘Diarmaid agus Donnchadh’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 1–8), a léiríonn taibhsí ag pilleadh ar an saol seo agus ag baint a míthapa as scata daoine atá i láthair ag damhsa agus iad ag ól agus ag ragairne. Scéal grinn é sin, ach tá ‘Nábla agus Paidí’ lom dáiríre. Dá luafaí feiniméan na sí, d’fhéadfaí eala mhagaidh a dhéanamh den scéal go réidh — ‘easily trivialized’ mar atá ráite ag Bourke (1996: 14). Mar sin, ba sheift chliste í, agus ceann a mhéadaíonn cumas an scéil, an focal a sheachaint. D’ainneoin na seachanta, tá an coincheap i bhfostú go domhain i gcruinneshamhail na hinsinte agus is cumhachtaí an scéal de bharr an toirmisc. Fiú sa saol traidisiúnta, bhíodh leisce ar dhaoine ainm na sí a lua le heagla go dtarraingeodh an tráchtadh ina dtreo iad. Seift chríonna í, mar sin, gan tagairt a dhéanamh d’fhórsaí osnádúrtha draíochtúla. Is é an creideamh Críostaí an t‑aon fhórsa den chineál a cheadaítear agus tá d’éifeacht aige sin an bhean a shábháil ar a bá.

25 In ainneoin nach luaitear an pobal ar chor ar bith nó go dtarlaíonn an taisme, cuirtear eilimint an phobail i láthair go héifeachtach ina dhiaidh sin. Tagann comharsa a bhí in aice láimhe i gcabhair ar Nábla agus siúlann abhaile léi. Cé go mbíonn sí ‘ar bharr amháin creatha le scanradh’, bheir Paidí achasán géar di:

‘Faoi Dhia’, ar seisean, ‘caidé a tháinig ort? Is fada mé ag tuar duit go rachfá isteach ar mhullach do chinn san fharraige lá éigin. Tá tú i bhfad ródhána, tá tú sin’. ‘Níor thit mé isteach a Phaidí’, arsa sise go truacánta. ‘Tonn a tháinig orm, tonn nach raibh mé ag dréim léi a nigh amach sa pholl mé. Ach buíochas le Dia, tháinig and dara ceann a chuir ar ais ar an charraig mé’. ‘Níl a leithéid ann inniu’, arsa Paidí … ‘Tonn bháite a tháinig ort, tonn a thigeann ar nós gadaí san oíche’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 43).

26 Ach níl deireadh leis an trioblóid go fóill. Agus muintir an bhaile i láthair, tugtar faoi deara go bhfuil an naíonán girsí atá sa chliabhán breoite agus i bhfaiteadh na súl, faigheann sí bás. Casadh é sin a réitíonn le dearcadh pobail a bhfuil cleachtadh maith acu ar fhealltacht na farraige agus go deimhin ar an bhás anabaí. Mar a deir ’Ac Fhionnlaoich féin i gcomhthéacs eile, ‘ní raibh an fharraige sásta go fóill: bhí sí slogánta, ba deacair a craos a líonadh, bhí sí de shíor ag faire ag fanacht leis an fhaill agus fuair sí sin sa deireadh’ (1975: 117).

27 Is léir ar an sliocht sin go dtuigtear gur neach beo atá san aibhéis, mar atá ráite cheana féin, go bhfuil pearsantacht dá cuid féin aici, atá alpach, aimirneach, abhógach. Ní imeoidh sí gan sásamh éigin a bhaint amach. Creideamh láidir traidisiúnta a bhí ag lucht farraige ‘go mbeidh a cuid féin ag an fharraige’, agus mar bharr ar an chreideamh sin, bhí geis ann tráth tarrtháil a thabhairt ar dhuine a bheadh i gcontúirt san fharraige (Ó hEochaidh 1965: 12; Ó hEochaidh et al. 1977: 186–187). Dar ndóigh, ní hí an fharraige go díreach is ciontaí le bás an tachráin, an páiste is óige atá ag Nábla is Paidí, ach is cinnte go bhfuil ceangal le déanamh idir Nábla a theacht slán agus bás an pháiste. Dearbhaítear sin nuair a deir Nábla, ‘Toil Dé go raibh déanta. Thug sé leis mo leanbh agus d’fhág Sé mise ag na páistí’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 43). Séalaíonn bean chomharsan an tuiscint sin á rá ‘tá aingeal beag romhaibh sna Flaithis’ (’Ac Fhionnlaoich 2011: 43). Mar a deir Pádraig Ó Héalaí i dtaobh na scéalta seo:

D’fhéadfaí cibé sórt géilleadh a tugadh do na sí a áireamh mar chóras creidimh tánaisteach a mhair taobh le taobh leis an bpríomhchóras creidimh inár suíodh an tubaist laistigh de phátrún aitheanta eile, mar atá toil Dé nó an chinniúint. Is fusa do dhaoine dul i ngleic le tubaist ach í a fheiscint faoi scáth chóras éigin a bhfuil glacadh acu leis (2015 :19).

28 Mar sin, cé go bhfeictear go soiléir an dóchas láidir i nDia, tá tuaileas daingean doráite i gceist go bhfuil fórsaí osnádúrtha eile ann fosta atá beag beann ar chumhacht Dé, agus a imríonn tionchar dosheachanta ar shaol na ndaoine. Is fuath leis na fórsaí úd an creideamh Críostaí (Bourke 1996: 9) agus tá an dóchas a bhaineann leis sin agus an neart a bhronnann sé ar lucht a chleachta ar cheann de na tíolacthaí is láidre atá ann mar chosaint in aghaidh na bhfórsaí seo. Is í an phaidir agus an coisreacan a shábhálann Nábla agus a chealaíonn an chéad tubaiste. Mar sin féin, ní bhíonn an phaidir láidir go leor leis an ghoimh a bhaint as an iomartas ar fad agus cailleann sí a hiníon dá dhíobháil. Is é an toradh a bhíonn air nach dtéann Nábla amach a dhéanamh cnuasaigh feasta. Tá íoróin, is dóigh liom, i gceist leis an chraiceann Críostaí a chuirtear ar imeachtaí an scéil. Faoin uachtar, dála mar a dhéantar in Riders To the Sea le J.M. Synge (Skelton 1971: 43), feidhmíonn fórsaí craosacha dorcha ag iarraidh a ndeachú féin a bhaint den chine dhaonna. Mar a deir Keith Hull, faoi dhráma cáiliúil Synge, tá dearcadh an scéil idir ‘naturalistic’ agus ‘supernaturalistic’, bua défhiúsach a chuireann lena éifeacht (1989: 245).

29 Is féidir féinmhuinín agus misneach Nábla a fheiceáil mar hubrishamartia i dtéarmaí theoiricí Aristotle i leith na tragóide. Dearctar ar a cumas mar bhean go fabhrach, ach tuigtear sa deireadh go bhfuil iarracht den díomas ag baint leis an bhanlaoch seo a fhágann dall í ar a laige dhaonna féin. Scaoileann an daille chéanna sraith imeachtaí chun siúil agus críochnaíonn siad le bás an pháiste is óige sa teach — naíonán girsí atá sa chliabhán. Sa mhéid sin, is féidir dearcadh patrarcach na sochaí, agus, seans, an údair, a léamh ar an insint. Nuair a théitear i muinín thoil Dé, is ionann sin agus toil na patrarcachta. Fiú go bhféadfaí peaca an uabhair a thabhairt ar an tréith cheanndána seo a fhágann go mbíonn Nábla chomh cinnte sin di féin mar sholáthraí agus mar sheifteoir. D’ainneoin chomhairle a fir, coinníonn sí uirthi go Carraig a’ Choiscéim, áit shuntasach, shuaithní, áit a bhfuil acmhainní nádúrtha thar an ghnách le fáil ann.

30 Nuair a ghearrann Nábla an léim bheag trasna ón chladach chun na carraige, tá sí in áit idir eatarthu, áit thairseachúil, láthair thubaiste. Is nod caolchúiseach é iontas na torthúlachta sin gur áit uasal atá i gceist — áit a bhfuil síúlacht ag baint léi, agus b’fhéidir, ar leibhéal liteartha, meafar a sheasann do neamhspleáchas agus do shaoirse Nábla. Cuireann an tsíúlacht chéanna Nábla dá haire, nuair a spreagtar í le dul amach níos faide ná mar ba chóir di. Is iarracht fuadaigh é an tonn bháite. Cé gur feiniméan nádúrtha é an tonn aonair a éiríonn as farraige chiúin, cuirtear in iúl go hindíreach trí leagan amach an scéil nach i dtéarmaí muireolaíochta is cóir an eachtra a thuiscint. Ar eagla go mbeadh aon amhras orainn faoi, cinntíonn bás an tachráin gur fuadach sí atá ann, agus dearbhaíonn an toradh go bhfuil buille trom buailte ar Nábla agus ar a fear Paidí. Cuireann an tragóid smacht uirthi agus dearbhaíonn go mbeidh sí umhal dá laige banúil, daonna, feasta. Mar a deir Kate Chadbourne faoi scéalta béaloidis na farraige:

The stories imply that the best way to remain safe is to conform to the rest of the community and in particular to observe its rhythms and patterns carefully. … Behaviour which departs from accepted community human values and norms might well result in abduction and incorporation (2012: 79, 81).

31 Tarlaíonn an smachtú sin d’fhir agus do mhná sna scéalta, ach ní chealaíonn sé sin toise na hinscne in ‘Nábla agus Paidí’, ná an ceacht a mhúintear do bhean a bhí rómhuiníneach aisti féin. Seasann an íde béil a thugann Paidí do Nábla chomh maith d’athrú ina gcumann, sa mhéid agus go n‑aifríonn Paidí a cuid oibre ar Nábla, ainneoin gur ar son leas an teaghlaigh a bhí sí á déanamh. Léirítear sin sa cheansú a dhéantar uirthi ionas nach dtéann sí chun an chladaigh a dhéanamh cnuasaigh feasta.

32 Is scéal a chuimsíonn dhá thraidisiún é ‘Nábla agus Paidí’. Tá trópanna láidre béaloidis mar dhúshraith aige. Ina dhiaidh sin, éiríonn le ’Ac Fhionnlaoich a stampa féin a chur ar na trópanna sin, rud a dhealaíonn an scéal amach ó sheánra na bhfinscéalta sí agus a thugann cead isteach dó i seánra an ghearrscéil nua-aimseartha. Ar an dóigh seo, tá macalla láidir ag an scéal le cuid de shaothar Liam Uí Fhlaithearta, fear a tharraing go minic as a thaithí ar thraidisiún Árann agus ar éirigh thar barr leis sin a dhéanamh. Cé gurbh fhiú a leithéid a dhéanamh, ní féidir mionchomparáid a dhéanamh anseo. Luadh ‘An Charraig Dhubh’ cheana féin, agus is féidir cosúlachtaí a fheiceáil leis an scéal ‘Daoine Bochta’ (Ó Flaithearta 1953: 85–90) agus le ‘Teangabháil’ (Ó Flaithearta 1953: 115–127) chomh maith, cé go bhfuil siad an-difriúil ó chéile ar mhórán bealaí. D’fhéadfaí cosúlacht a dhéanamh le scéal Mháirtín Uí Chadhain, ‘An Taoille Tuile’ mar an gcéanna (Ó Cadhain 1948: 38–52). Bean an-éagsúil ó Nábla í Mairéad, agus faigheann muid léargas an-mhaith ar a hoibriú intinne, murab ionann agus Nábla, ach is é an smachtú agus an t‑imreas atá i ndán don bheirt acu. Difríocht shuntasach eatarthu sin uilig é toise an osnádúir i scéal ’Ic Fhionnlaoich, díol suntais ann féin. Meascann sé sin leis an réalachas sóisialta, rud a thugann deimhniú na fírinne don scéal agus éiríonn leis sin a choinneáil slán in ainneoin an iomartais atá ag croí an ghearrscéil. Is trí chur síos seachtrach a léirítear carachtar Nábla seachas le haigneolaíocht inmheánach an Chadhnaigh in ‘An Taoille Tuile’. Dá bhrí sin, bunaithe ar na tuiscintí sin, bheadh fonn ar dhuine a rá, gan aon cháineadh ar ar fhoilsigh sé, gur trua nár éirigh le Seán ’Ac Fhionnlaoich níos mó ama a thabhairt don scríbhneoireacht, ionas go bhféachfadh sé le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chuid eile dá shaothar agus spiorad na nualitríochta a nochtadh níba shoiléire ann.

Saothair a ceadaíodh

’Ac Fhionnlaoich, S. (1975) Ó Rabhartha go Mallmhuir. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

’Ac Fhionnlaoich, S. (1977) Is Glas na Cnoic. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

’Ac Fhionnlaoich, S. (1983) Scéal Ghaoth Dobhair. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

’Ac Fhionnlaoich, S. (2011) ‘Diarmaid agus Donnchadh’. In: Ó Breisleáin, U. (eag.) Sealóga agus Siosmaid: Aistí agus Dréachtaí. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 1–8.

’Ac Fhionnlaoich, S. (2011) ‘Nábla agus Paidí’. In: Ó Breisleáin, U. (eag.) Sealóga agus Siosmaid: Aistí agus Dréachtaí. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 40–44.

Bourke, A. (1996) ‘The Virtual Reality of Irish Fairy Legend’. In: Éire Ireland 31 (1 & 2): 7–25.

Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Ar fáil ag https://www.logainm.ie [faighte 24 Márta 2021].

Chadbourne, K. (2012) ‘The Knife Against the Wave: Fairies Fishermen and the Sea’. In: Béaloideas 80: 70–85.

Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Bailiúchán na Scol, Iml. 1067, lch 45. Ar fáil ag https://www.duchas.ie/en/cbes/4428387/4402976 [faighte 24 Márta 2021].

Denvir, G. (1991) Aistí Léirmheasa: An Dúil is Dual. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Denvir, G. (1992) ‘Finscéalta faoin Osnádúr i Nualitríocht na Gaeilge: Freagra a hAon ar pháipéar Nollaig Mhic Congáil’. In: Béaloideas 60–61: 19–34.

Denvir, G. agus Ní Dhonnchadha, A. (eag.) (2000) Gearrscéalta an Chéid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Flaherty, R.J. (2016) ‘Oidhche Sheanchais’. Ar fáil ag https://www.youtube.com/watch?v=Wu0EteAgnYc [faighte 24 Márta 2021].

Hull, K.N. (1989) ‘Natural Supernaturalism in “Riders to the Sea”’. In: Colby Quarterly 25 (4): 245–252.

Lucas, A.T. (1956) ‘Footwear in Ireland’. Journal of the County Louth Archaeological Society 13 (4): 309–394.

Mac Cárthaigh, C. (2017) ‘The Cultural Context of Legend Telling in a West Kerry Fishing Community’. In: Folk Life. Journal of Ethnological Studies 55:2: 151–166.

Mac Congáil, N. (1992) ‘Finscéalta faoin Osnádúr i Nualitríocht na Gaeilge’. In: Béaloideas 60–61: 1–18.

Ní Annracháin, M. (1998) ‘An Teanga Fhíortha’. In: Ní Annracháin, M. agus Nic Dhiarmada, B. (eag.) Téacs agus Comhthéacs. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí: 34–63.

Ní Annracháin, M. (2003) ‘An Talamh agus an Teanga Fhíortha’ In: Ní Annracháin, M. agus McLeod, W. (eag.) Cruth na Tíre. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 136–165.

Nic Eoin, M. (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Nic Géadaigh, F. (1992) ‘Seán Mac Fhionnlaoich’. In Mac Congáil, N. (eag.) Scríbhneoireacht na gConallach. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 161–173.

Ní Dhonnchadha, A. (1981) An Gearrscéal sa Ghaeilge, 1898–1940. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ní Dhonnchadha, A. (2002) Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná, sa Ghearrscéal Gaeilge 1940–1990. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Breisleáin, U. (eag.) Sealóga agus Siosmaid: Aistí agus Dréachtaí. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Cadhain, M. (1948) An Braon Broghach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Conchubhair, B. (eag.) (2006) Gearrscéalta ár Linne. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Flaithearta, L. (1953) Dúil. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Héalaí, P. (2015) ‘Téama i mBailiúchán an tSeabhaic: Sífhuadach agus Iarlaisí i mBéaloideas Chorca Dhuibhne’. In: Ní Loingsigh, D., Ní Mhunghaile, L. agus uí Ógáin, R. (eag.) Rí na Gréine: Aistí i gCuimhne ar an Seabhac. Baile Átha Cliath: An Cumann le Béaloideas Éireann: 1–22.

Ó hEochaidh, S. (1965) ‘Seanchas Iascaireachta agus Farraige: Réamhrá’. In: Béaloideas 33: 1–96.

Ó hEochaidh, S., Ní Néill, M. agus Ó Catháin, S. (1977) Síscéalta ó Thír Chonaill. Fairy Legends from Donegal. Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann.

O’Leary, P. (2006) ‘The Irish Renaissance, 1880–1940: Literature in Irish’. In: Kelleher, M. agus O’Leary, P. (eag.) The Cambridge History of Irish Literature, Volume II: 1890–2000. Cambridge: Cambridge University Press: 226–269.

Sewell, F. (eag. & aistr.) (2018) Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Skelton, R. (1971) The Writings of J.M. Synge. Indianapolis & New York: Bobs Merrill.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626