Titim na Banríona: Léamh ar an Ghearrscéal ‘Nábla agus Paidí’ le Seán ’Ac Fhionnlaoich

Ó Laoire, Lillis

The Queen’s Fall: a Reading of ‘Nábla agus Paidí’, a short story by Seán ’Ac Fhionnlaoich

Abstract

Contextualized within a brief overview of regional writing’s contribution to the revival of Irish language literature, this paper discusses a short story ‘Nábla agus Paidí’ by Séan ’Ac Fhionnlaoich (1910–1982). The paper explores ’Ac Fhionnlaoich’s work as a hybrid, combining elements of folkloric fairy belief with the style and narrative approach of the modern short story. The basic plot conforms closely to a fairy abduction legend but the influence of the modern short story manifests in the narrative style and structure. This allows the author to innovate the pattern of a traditional legend. The story dwells on the personality and life skills of the main female character and her relationship with her husband. A productive, happy relationship also reveals a slight disagreeable tension concerning her work as a shore harvester. By avoiding excessive local detail, the narrative proceeds swiftly like an arrow towards its target. By its end, irreversible change transmutes the characters and their relationship. The story links themes of place and gender with supernatural fairy belief, although the term sí is avoided. Similarities with certain marine stories by Liam Ó Flaithearta and Máirtín Ó Cadhain become briefly apparent, as well as with J.M. Synge’s tragic drama, Riders to the Sea. These suggest the value of more detailed comparisons. The story emerges as a small gem previously overlooked by the critical canon.

 

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
téamaí na hinscne agus na háite, sísheanchas an bhéaloidi, an litríocht réigiúnach, Séan ’Ac Fhionnlaoich, ‘Nábla agus Paidí’

DOI:
10.18669/ct.2020.09

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

I gcomhthéacs forléargais ghearr ar an litríocht réigiúnach, mionmhíniú é an t-alt seo ar ‘Nábla agus Paidí’, scéal le Seán ’Ac Fhionnlaoich (1910–1982). Léirítear gur scéal é a tharraingíonn as sísheanchas an bhéaloidis agus as tuiscintí an ghearrscéil nua-aimseartha araon. Éiríonn leis an údar casadh nua a bhaint as an ábhar thraidisiúnta lena mhodh reacaireachta. Tig an plota cuid mhaith le finscéal sí faoin fhuadach. San insint agus i struchtúrú an scéil a fheictear tionchar na nualitríochta. Leagtar béim ar phearsantacht agus ar chumas oibre an phríomhcharachtair mná agus ar a cumann lena fear. Nochtar cumann bisiúil sona ach ceann a bhfuil beagán teannais ann a bhaineann lena ceird mar bhailitheoir cnuasaigh trá. Ní thugtar barraíocht sonraí áitiúla agus gluaiseann an insint ar aghaidh go gasta mar a bheadh saighead i dtreo na sprice. Faoina dheireadh, fágtar athrú buan doleigheasta ar na carachtair agus ar a gcumann lena chéile. Tá téamaí na hinscne agus na háite nasctha le tuiscintí an chreidimh sí, cé nach luaitear an focal féin oiread agus uair amháin. Maítear go gonta cosúlachtaí le gearrscéalta áirithe mara de chuid Liam Uí Fhlaithearta agus Mháirtín Uí Chadhain chomh maith, agus le dráma J.M. Synge, Riders to the Sea. Maítear gurbh fhiú a thuilleadh comparáide a dhéanamh eatarthu. Seoid bheag de scéal é seo nár tugadh faoi deara i gcanóin na critice cheana.

Údar:
Ó Laoire, Lillis

Teagmháil:

lillis.olaoire@oegaillimh.ie

Beathaisnéis:

Is ollamh pearsanta le Gaeilge agus Béaloideas é Lillis Ó Laoire i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Múineann sé cúrsaí ar an Bhéaloideas, ar an Nualitríocht, ar Amhránaíocht na Gaeilge agus ar an tSibhialtacht Cheilteach. Le Moyra Haslett agus Conor Caldwell, tá sé ina chomheagarthóir ar The Oxford Handbook of Irish Song (2022).

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.