Béarrach fir ag caint ar imeall na litríochta

Meidhbhín Ní Úrdail

1 A bhuí leis an Ollamh Máire Ní Annracháin atá an frása ‘ar imeall na litríochta’ mar chuid den teideal thuas agam ón uair gurb é seo an teideal a bhronn sí féin ar aiste ar an bpósadh i litríocht na Gaeilge (Ní Annracháin 1996). Macalla is ea an chéad chuid de ó Béarrach Mná ag Caint, bailiúchán breá seanchais a bhreac Tadhg Ó Murchadha (1896–1961) síos i gcaogaidí groda na haoise seo caite ó bhéalaithris Mhairéada Uí Shúilleabháin (née Ní Mhionacháin, 1861–1957) ó bhaile fearainn Dhá Dhrom Amuigh i bparóiste Chill Chaitiairn, Béarra, agus a chuir Máirtín Verling (1946–2007) in eagar os cionn fiche bliain ó shin (Ó Murchú agus Verling 1999). Aistrímis, mar sin, go dtí an paróiste céanna seo ónar tháinig an Béarrach fir is cás liomsa anseo, Pádraig Ó Laoghaire, scoláire Gaeilge, bailitheoir béaloidis agus file.

Gearrchuntas beathaisnéise

2 Rugadh ár bPádraig sa bhliain 1870 ar na hÍnsí, baile fearainn in aice na nAoraí, Cill Chaitiairn. Ba é an dara leanbh ab óige é as aon duine dhéag muirir ar fad a bhí ar Phádraig Ó Laoghaire (ob. 1895) agus ar Mháire Chéin (née Ní Uallacháin, ob. 1905), Gort na Boilge, Na hÍnsí. Bhí saibhreas cainte thar na beartaibh ag a mháthair agus bhí sé de theist sa cheantar uirthi gurbh í an cainteoir ba mhó agus ba chruinne Gaeilge lena linn í. Cé go raibh an teanga á caitheamh uathu chomh tiubh agus ab fhéidir leo é ag muintir a bhaill dhúchais, is áirithe gurbh uaithi siúd a fuair sé an saibhreas teangan agus é ina imeachtaí linbh is ina aosánach. Bhí an méid seo le rá aige féin mar gheall ar a theanga dhúchais i leitir a sheol sé ó Bhéarra go dtí a chara Seosamh Laoide (1865–1939), alias ‘Mac Tíre (na Páirce)’, uair éigin idir Márta agus Aibreán na bliana 1893:

Labharaim-se í gach aon lá; níor labhair mo mháthair aon teanga eile ariamh acht í agus is uaithi sin do fhoghluimeas-sa cia b’ē saghas canamhainte ī seo atáim ag cur chugat-sa anois (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 103).

3 Seoladh chun na bunscoile i gCill Mhic Eoghain é i mbliain a 1878 (Ó Súilleabháin 1932: [409]), d’oibrigh sé ina dhiaidh sin mar mhonatóir sa scoil chéanna agus i mbliain a 1890 bhí sé ag obair mar chúntóir inti. D’admhaigh sé ina chomhfhreagras go dtí Seosamh Laoide i bhFeabhra na bliana 1893 go raibh sé ‘ag cuímhneadh le sealad ar dhul go h-America acht nī’lim cinnte iona thaobh fós’ (ARÉ 4 B 42(jj), uimhir 29). Pé ní mar gheall ar an gcuan amach a thabhairt leis féin ‘go h-America’, bhí a aigne déanta suas aige an bhliain dar gcionn go mbeadh air Béarra a fhágaint. Níorbh í an titim mhór ar líon na ndaltaí i scoil Chill Mhic Eoghain an t‑aon chúis amháin a bhí aige leis sin, fé mar a bhreac sé amach in iarscríbhinn leitreach go dtí an Laoideach i samhradh na bliana 1894:

I.S.

Is deas an rann úd do sgríobhais i dtaobh me dhul tar sáile acht chuireas as mo cheann dul thar lear pé nīdh [’] thiocfaidh de; acht ní fada d’fhēudfad fanamhaint annso ar c[h]aoi ar bith. Do’n chéad fhásgadh ná a chēile (= first + foremost) tá an uibhir sa scoil ag tuitim go h‑an-ísiol; san dara h‑áit caithfead ínnsint duit go m‑bíd mo mhuintir liom i dtaobh bheith ag caint le cailín ōg atá san b‑paróiste seo. Is mian lem athair, ⁊ go rō-áirighthe lem máthair, go bhfanfainn annso ⁊ gan aon nīdh ann agam, acht atá fonn imtheachta ormsa ion áird éigin. Bíd liom de ló ⁊ d’oidhche d’uain agus de thamall, nī fhaghbhaim suidhe suaimhnis ná fuaradh bonn uatha, ⁊ gan amhrus bím i bhfeirg ⁊ i bhfraoch de chion nach bhfuil coir ná claon ionnam ⁊ go m‑b’fheárr liom mo lámh bheith dóighte go gualainn ná aon nīdh [’] rádh ná [’] dhéanamh bheidheadh ar bealach duine uasal. Is feárr liom leath-bhuil[l]ín ⁊ suaimhnios ná leath an domhain ⁊ collóid. Sin é a bhun beag ar a bhárr mhór duit. D’fhēudfainn a thuille [’] rádh acht b’fhéidir nach beag a dubhart: bíodh a fhios agat nach maith liom an méid seo féin do chur ion shúil [leg. úil] duit acht is eólach dom gur duine uasal tusa (ARÉ 4 B 42(jj), uimhir 52; aistriúchán Béarla idir lúibíní thuas sa bhunfhoinse).

4 I ndeireadh na bliana san (1894), bhí sé socair aige Béarra a fhágaint agus aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath. Is mar seo a chuir sé é i nóta gairid ar chárta poist go dtí Seosamh Laoide ar an 31 Nollaig:

Beidhead ag fágbhaint na háite-seo Dia Cēudaoin seo chugainn. Imtheóchad ar an loing ghaile, má bhíonn an lá ciūin; acht mura mbeidh is dócha go dtógfad an cóiste. Má’s ’sa’ chóiste is caitheachtaint dom dul is éigion dom fanamhaint i mBeanntraighe an oidhche sin. Pé slighe ar a mbeidh sé air agam imt[h]eacht, is deághramhthach go mbeidhead i mBaile Ātha Cliath um thráthnóna Déardaoin (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 79).

5 An Luan dar gcionn, 7 Eanáir 1895, luigh Pádraig Ó Laoghaire amach ar a phost nua ag múineadh i mbunscoil na mbuachaillí i dTír an Iúir, post a bhí go hoifigiúil aige go dtí 29 Deireadh Fómhair 1896 (Breathnach agus Ní Mhurchú 1986: 83).

6 Ní túisce a bhí an Béarrach fir seo socraithe isteach ar a shaol nua san ardchathair ná gur chrom sé ar ghnó eile a chur i gcrích, mar atá cnósach scéalta a bhailigh sé ó bhéalaithris a cheantair dhúchais a réiteach chun a chlóite. Chuir sé an chuid is mó den obair seo i gcrích i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann. Is eol dúinn, mar shampla, ó chlár léitheoirí na hinstitiúide sin, 1872–1907, gur ainmníodh ‘Patrick O’Leary’ a bhí lonnaithe in ‘1 Leeson Park Av.’ mar léitheoir ar an 2 Feabhra 1895. Dá éagmais sin, ina chomhfhreagras le Dubhghlas de hÍde (1860–1949), alias ‘An Craoibhín Aoibhinn’, i dtráthaibh an ama chéanna seo, tugann sé léargas dúinn ar cad é a dhéine a bhí sé ag luí amach ar an obair eagarthóireachta seo ar fad:

Is beag nach bhfuil na súile bainte asam le gnó agus obair. Ní théidhim a chodladh aon oidhche go dtí a haon agus a dó go minic agus caithim bheith im shuidhe arís go moch … taitheann B’le’ Atha-Cliath go maith liom. Bím ag obair san Acadamh gach Sátharn (1937: 160, 161).

7 Ní fada go bhfuair sé luach a chuid saothair go léir mar go raibh Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.) ullamh do na clódóirí i mBealtaine na bliana 1895. Mar sin féin, lean praghas pearsanta an méid sin, leis, mar go raibh a shláinte teipthe go mór fén tráth san. Seo arís mar a chuir de hÍde é:

Acht d’oibrigh Pádraig go ró-chruaidh agus go ró-fhada. Níor bh’eól dó é féin do spáráil. Tháinig meathadh air. Ní raibh sé ró-láidir an chéad lá riamh, agus do mhill droch-aer Bhaile Átha Cliath agus an síor-obair é, ar fad. … Nuair bhíodh sé i dteas-mheadhon na hoibre seo do ritheadh an t‑allus de chomh dian agus bhíodh sé ag obair. Acht ba dhroch-chomhartha an t‑allus sin. Do theip na scamhóga air, agus diaidh ar ndiaidh do mheath sé, gur cailleadh é fá dheireadh. Go ndéana Dia trócaire air, óir ba ghaisgidheach na Gaedhilge é (1937: 161, 162).

8 Theastaigh ón ‘ngaiscíoch’ céanna seo na Gaeilge dhá imleabhar eile fós de Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.) a fhoilsiú toisc go raibh, fé mar a luaigh sé le de hÍde, ‘ádhbhar na dtrí cínn agam de sgēultaibh’ (1937: 159). Agus, bliain tar éis do chéad imleabhar an leabhair seo a theacht amach, bhíothas ag fáiltiú go fonnmhar in Irisleabhar na Gaedhilge roimis bhailiúchán filíochta a bhí le cur i gcló ag Ó Laoghaire san Cork Weekly Herald i sraith dar teideal Diosgán d’Abhránaibh Tuat[h]a (Irisleabhar na Gaedhilge 7 (1) 1896: 15). Níor éirigh leis aon tionscnamh díobh seo a chur de mar gur cailleadh den eitinn é ar an 29 Deireadh Fómhair 1896. Sé bliana fichead a bhí sé.

9 Cad eile atá ar eolas mar gheall ar shaol pearsanta an fhir eisceachtúil seo? Ní fios cérbh í go díreach an ‘cailín óg’ thuasluaite a raibh coidreamh de shórt éigin aige léi. Mar sin féin, tá mar a bheadh trí iontrálacha dialainne tagtha anuas chugainn ar bhileog scaoilte ó láimh Uí Laoghaire (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán A) agus ‘Márta’ mar cheannteideal aige orthu. Ábhar machnaimh, is fíor, atá in dhá cheann acu seo. Ní luann sé aon bhliain leo, ach gach seans go mbeachtaíonn an treas iontráil, dar dáta 3 Márta, cén bhliain go díreach atá i gceist. Tagraíonn sé ansan do leitir a bhí scríbhte (nó a bhí le scríobh) aige ‘c[h]um an Cogadhánaigh’. Is ionann é seo agus Séamus Mac Cogadháin (1873/4–1898), alias ‘Duine gan Ainm’, agus chífear thíos gur dhuine de chomhbhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge é a thug turas ar Bhéarra i nDeireadh Fómhair na bliana 1894 chun tacú le bunú chéad bhrainse tuaithe an Chonartha sna hAoraí. Cé go bhfuil fianaise ann i leitreacha Uí Laoghaire go dtí Seosamh Laoide go raibh comhfhreagras, leis, ar bun idir é féin agus Mac Cogadháin roimis sin, i samhradh na bliana 1894, ní dócha gur bhuail an bheirt lena chéile go pearsanta go dtí Deireadh Fómhair na bliana céanna san i mBéarra. Dá réir sin, is dóigh liom gurbh fhéidir a mheas gurbh i Márta na bliana dar gcionn (1895) a bhreac Pádraig síos na trí iontrálacha dialainne seo. Mar leis an dá iontráil is cás anseo linn, tá sé soiléir sa chéad cheann acu, 2 Márta, go bhfuil sé an-bhuartha mar gheall ar a ‘ghrádh’ agus a ‘stórach’:

Bhíos ag caint lem ghrádh anocht. Bhī a deirbhshiúr ag lab[h]airt liom ⁊ me ag teacht ō sgoil ⁊ dub[h]airt go raibh a dearbhráthair Tad[h]g ag spīdiughadh mo stóraigh ar maidin, gur imt[h]igh a chodladh seal dā h‑éis ⁊ d’fhan ann [i] rith an lae. Atā tinneas iona cliathán go déidhionach: deir sí féin gur īodh[a] fáis atá innte[.] B’fhéidir le Dia gur b’eadh acht is eagal liom nach mar sin atá: do chuala cúpla lá ó shoin go raibh sī amuigh istoíche le fear atá sealad: ní c[h]reidim ē seo. Tá uamhan orm gur ab tinneas toirchis atá airri: mā’s eadh mo thruaigh láir mise (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán A).

10 Ní hamháin go n‑ainmníonn sé cé hí féin sa dara hiontráil a bhreac sé síos os cionn seachtaine ina dhiaidh sin, ar an 10 Márta, ach tá cúrsaí sa bhaile éirithe chomh dainséarach san go bhfuil sí go mór i mbaol má fhanann sí ann:

Chuadhus go Baile an C[h]aisleāin andiu in éinf[h]eacht le h‑Eibhlīn. Tá sí chum lóistín do thōgbhāil i m‑Baile an C[h]aisleáin anois; tá eagla ⁊ uamhan aici roimh a dearbhráthair sul muirb[h]feadh sé í. Thugas trí scillinge déag di c[h]un bróg do cheannach ⁊ díol as a lōisdín go ceann míosa. Thógas púnt ar iasacht ó’n Athair Sēamas Ō Scannláin aréir. Do chuala i m‑Baile an Chaisleāin andiu gur gheall an Canóin sgoil na Cat[h]rach Gairbhe do c[h]ailín éigin iona pharōisde féin (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán A).

11 Is é an tát truamhéileach atá le baint as seo ar fad, dar ndóigh, ná go raibh ar Eibhlín teitheadh ón mbaile toisc go raibh sí ag iompar linbh. Ní fios cad a bhain don leanbh — pé acu ar mhair sé agus go raibh ar Eibhlín é a thabhairt uaithi nó go mb’fhéidir gur chaill sí é — ach pósadh Pádraig Ó Laoghaire agus Eibhlín Ní Néill (r. 1873) ó Cheabhrach, Cill Chaitiairn, ar an 6 Lúnasa 1895. De réir theastas an phósta, is in Queenstown (Cóbh Chorcaí inniu) a bhí an searmanas agus ainmnítear an tAthair Jeremiah Murphy mar cheiliúraí, agus Thomas Walsh agus John Curran mar fhinnéithe. I bhfianaise na gcúinsí tromchúiseacha a chuir iachall ar Eibhlín tigh a muintire a fhágaint beagán míonna roimis seo, ní foláir nó níorbh fhéidir go bpósfaí i mBéarra iad. Agus, sa bheagán tráchtaireachta a luann an pósadh, deirtear gurbh é an tAthair Peadar Ó Laoghaire a phós an lánúin i gCorcaigh. Is dealraitheach go bhfuil a bhunús seo i gcuntas ar a dheartháir a bailíodh ó Thadhg Ó Laoghaire (1871–1959), alias ‘Tady’ Leary, sna 1930idí (Ó Súilleabháin 1932: [409]). B’fhéidir, gan dabht, go raibh an tAthair Peadar i láthair ag an searmanas ach ní hé atá luaite mar cheiliúraí sa taifead oifigiúil. Díol spéise is ea é, mar sin, nach raibh an méid sin i dtaobh a dhearthár ar eolas ag Tadhg Ó Laoghaire agus gur bhronn sé an ról san ar phearsa láir Athbheochan na Gaeilge. Ina dhiaidh sin is uile, b’fhéidir go raibh sé ar an eolas ach gur ag iarraidh an taobh dorcha eile úd thuas a bhrú i leataoibh ar fad a bhí sé.

12 Pé ní de sin, ar an 24 Meitheamh 1896 saolaíodh iníon, Bláthnuid, don lánúin sa bhaile ag 27 Céimeanna Ráth Maonais (Bóthar Ráth Maonais Uachtarach inniu) agus baisteadh ceithre lá ina dhiaidh sin í i séipéal Mhuire gan Smál, Tearmann na bPeacach, Ráth Maonais. Bhí teipthe ar fad ar shláinte Phádraig an samhradh san agus chas sé abhaile ar na hÍnsí mar ar cailleadh den eitinn é ar an 29 Deireadh Fómhair 1896, fé mar a luas thuas. Fuair Bláthnuid bás de thrithí naíonda coicíos roimis sin, ar an 16 Deireadh Fómhair. De réir an chuntais a thug deartháir Phádraig ar an scéal brónach seo, cuireadh an créatúirín ‘sa chillín ar na h‑Aodharaíbh’ agus chuaigh Eibhlín an cuan amach go dtí na Stáit Aontaithe mar a bhfuair sí bás (Ó Súilleabháin 1932: 410). Níor reilig bheannaithe an cillín, nó an chillíneach, agus chuirtí anseo: (i) an té nach raibh ina bhall ceart d’aon phobal Críostaí an chéad lá; (ii) an té a thug drom leis an bpobal céanna; agus (iii) an té nár bhain riamh leis (O’Connor 2005; Murphy 2011). Cé nach bhfuil aon deimhniú agam air, tá seans ann go mb’fhéidir go raibh míchumas de shórt éigin ag baint le Bláthnuid agus gurbh í sin an chúis ar cuireadh i gcillín na nAoraí í. Tugtaí ‘duine le Dia’ uirthi, cuirim i gcás, sa traidisiún áitiúil a bhí suas mar gheall uirthi (Ó Súilleabháin 1973: 3). Ós a choinne sin, b’fhéidir gur measadh gur saolaíodh í sular phós a tuismitheoirí — rud nárbh fhíor dar ndóigh — agus nárbh fhéidir í a chur i dtalamh beannaithe dá bharr. Chuaigh díom go dtí seo aon eolas breise a aimsiú ar a máthair. Is áirithe, áfach, nárbh fhéidir le duine a shamhlú cad é a dheacra a bhí an turas trasatlantach don mbean óg trí bliana is fiche d’aois, tar éis di a céile agus a hiníon a chur laistigh de bheagán seachtainí, ní áirím cén sórt saoil a bhí i ndán di nuair a bhain sí na Stáit Aontaithe amach.

13 Tá Pádraig Ó Laoghaire curtha ar chiosa Bhaile Chaisleáin Bhéarra i reilig íochtair Naomh Finnéin ar an bhFaill Dearg. Dúradh Aifreann speisialta as Gaeilge air i séipéal na nAoraí, Dé Domhnaigh, 31 Deireadh Fómhair 1971, ‘the first Mass in Irish celebrated in this church in living memory’ (The Southern Star, 19 Feabhra 1972: 4). Tógadh cloch cuimhneacháin os cionn na huaighe mar chuid de chomóradh trí lá a d’eagraigh brainse Bhéarra de Chonradh na Gaeilge, 26–28 Samhain 1971, agus ba é mac a dhearthár, Pádraig eile Ó Laoghaire (1909–1993), alias Paddy Leary, a nocht í (The Irish Times, 19 Samhain 1971: 15; The Southern Star, 4 Nollaig 1971: 4; The Southern Star, 11 Nollaig 1971: 14; The Southern Star, 1 Samhain 1997: 2; The Southern Star, 23 Iúil 2005: 24). Thóg Cumann Staire Bhéarra plaic chomórtha nua i mbliain a 2016 mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916.

An Conraitheoir Gaelach

14 Ba bhall an-ghníomhach Pádraig Ó Laoghaire i gConradh na Gaeilge a bheag nó a mhór ó thosach a bhunaithe. Ceithre seachtaine glan tar éis chruinniú bunaidh na gluaiseachta in uimhir 9 Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu), Baile Átha Cliath, cláraíodh ‘Patrick O’Leary, Inches, Eyeries, Castletownberehaven, Co. Cork’ ar mholadh ó Sheosamh Laoide, agus ar thacaigh Eoin Mac Néill (1867–1945) leis, ar an 31 Lúnasa 1893 (LNÉ 11,537: leitir o, an chéad iontráil). Ba é an crann tiomána é a bhí laistiar de bhunú chéad bhrainse tuaithe an Chonartha sna hAoraí le cabhair dhuine de chomhbhunaitheorí na gluaiseachta, Séamus Mac Cogadháin thuasluaite, a thug turas ar Bhéarra agus a chaith níos mó ná seachtain ann. Léirigh Ó Laoghaire i leitir eile fós chun a charad, Seosamh Laoide, ar an 20 Deireadh Fómhair 1894, conas mar a bhí an cuairteoir an-thógtha lena bhfaca sé agus, go deimhin, bhí éifeacht aige siúd, leis, ar dhearcadh phobal áitiúil na nAoraí mar gheall ar an nGaeilge a chur chun cinn:

A Laoidig[h] a chara mo chroidhe

Gabh mo leithsgéal i dtaoibh gan scríobhadh le breis ⁊ seachtmhuin; acht ní raibh leigheas ar domhan agam [air] toisg an Chogadhánaigh[h] bheith annso go dtí indé. D’fhan sē ’san áit seo corruidheacht ⁊ seachtmhuin ⁊ do chualaidh sē ar feadh na h‑aimsire sin (nó ar an bhfeadh soin) an oiread Gaod[h]lainne as ná’r c[h]los do le mórbhreis ⁊ ocht mbliadhna. Go deimhin, níor leig sē aon duine tharais dá’r bhuail leis ná’r chuir nāire an domhain air (nó mar adeirimīd níos minicí lán a dtóna de náire) i dtaobh gan teanga a sean do labhairt Ní c[h]reidfeá an t‑athrughadh intinne tháinic ar na daoinibh go léir do rith na laothanta do bhí sé iona measg. Tháinic sē annso seachtm[h]uin na Diardaoineach so ghabh t[h]orrainn ⁊ d’imthigh bhuainn arís um maidin indē ar bórd na loinge bhíos ag dul idir Baile Chaisleāin ⁊ Beanntraighe (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 77).

15 Dob é a dhea-thoradh seo ar fad ná go ‘[gc]uirfear Craobh de C[h]onnradh na Gaed[h]ilge ar bun annso imbáireach’ (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 77), is é sin le rá ar an 21 Deireadh Fómhair 1894. Dá bhrí sin, bhí cáil fhorleathan cheana féin ar Ó Laoghaire i measc bhaill chomhairle láir Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nuair a chuaigh sé chun cónaithe san ardchathair i mbliain a 1895. Go deimhin, bhí an-dhóchas ag an gcomhairle láir go raghadh fear Bhéarra go mór chun fónaimh don eagraíocht trí chéile i mBaile Átha Cliath. Údar áitithe Gaeilge ab ea é taca an ama chéanna san, gan amhras, ní hamháin i measc Ghaeilgeoirí in Éirinn ach i measc na nGael sna Stáit Aontaithe.

16 A luathacht agus a bhog Ó Laoghaire go Baile Átha Cliath, d’fhreastail sé ar chruinnithe seachtainiúla na gluaiseachta in uimhir a ceathair Faiche an Choláiste. Toghadh ar an gcomhairle é ar an 11 Eanáir 1895 agus toghadh ar an gcomhairle arís é mar Rúnaí Gaeilge i gcomhair na bliana 1896 (LNÉ 19,315: fóilió 50 recto, fóilió 80 recto). Dá éagmais sin, nuair a d’aistrigh Conradh na Gaeilge go dtí uimhir 57 Sráid an Dáma ar an 24 Bealtaine 1895, ghlac sé cuid de chúram teagaisc na ranganna Gaeilge a chuir an ghluaiseacht ar fáil dá baill. Ní haon an-ionadh é gur iarradh air a leithéid a chomhlíonadh ar son an Chonartha. Ní miste cuimhneamh air, mar shampla, nuair a thug Osborn Bergin (1873–1950) aghaidh ar na hAoraí chun an teanga bheo a fhoghlaim i gceart timpeall na bliana 1889, gurbh é ár bPádraig a chuir an teagasc eolaíoch ba ghá ar fáil dó agus d’éirigh an bheirt an-mhuinteartha lena chéile (Binchy 1970: 6; Ua Súilleabháin 1997: 151–152).

17 Uime sin, i roinnt cuntas atá foilsithe go dtí seo ar Phádraig Ó Laoghaire, deirtear gurbh é oide Gaeilge Phádraig Mhic Phiarais (1879–1916) é nuair a dhein ball i gConradh na Gaeilge den bPiarsach ar an 2 Deireadh Fómhair 1896. Ní mór a lua, mar sin féin, gurbh é Desmond Ryan (1893–1964) ba thúisce a mheas gur mhúin an tAthair Peadar Ó Laoghaire é ina chuntas beathaisnéise ar a iarmhúinteoir ó Scoil Éanna (1919: 30). Dob amhlaidh don scéal dar le Louis Le Roux / Loeiz-Napoleon Ar Rouz (1890–1944) in La Vie de Patrice Pearse (1932: 95) agus é fé anáil Ryan, ní foláir, agus is mar sin, leis, a bhí ag Ryan féin ina chóiriú Béarla ar shaothar Le Roux a foilsíodh an bhliain chéanna (1932: 11). Tá sé inspéise gur tháinig Ryan ar mhalairt aigne sa dara heagrán den chóiriú seo aige mar ar luaigh sé an dualgas ‘with Pādraig Ō Laoghaire’ a mhúin a dhalta ‘in a little back room in Dame Street’ (Ryan g.d.: 11). Níl an fhianaise ann, áfach, a dheimhníonn gur mhúin ceachtar den mbeirt an Piarsach i mblianta tosaigh a bhallraíochta i gConradh na Gaeilge in ainneoin ábhar a bheith foilsithe ó shin a ghlacann le haon cheann amháin den dá bhunáiteamh seo. Mar lenár ngnó anseo, is leor a rá go raibh Pádraig bocht Ó Laoghaire ar leaba a bháis sna hAoraí fé Dheireadh Fómhair na bliana 1896 sa tslí is nach mbeadh deis go brách aige bualadh go pearsanta leis an bPiarsach san ardchathair.

Tuiscint nua

18 Sula dtabharfad scothbhualadh éadrom do shaothar an fhir féin, ba mhaith liom aird a dhíriú ar conas mar a tháinig sé ar an tuiscint go raibh oidhreacht shaibhir faighte gan mhaisle gan mháchail aige óna mhuintir, go háirithe óna mháthair, agus é ag fás aníos i mBéarra. Dála eispéireas Naomh Póil, b’amhlaidh, mutatis mutandis, do Phádraig óg é nuair a bhí sé ag siúl lá chun na bunscoile i gCill Mhic Eoghain. Tá cur síos air seo againn ó Phádruig Ó Briain (c.1848–1913), clódóir cáiliúil Shráid Chufa i mBaile Átha Cliath, i leitir a sheol sé i Meitheamh na bliana 1891 go dtí Mícheál Ó Lócháin (1836–1899), bunaitheoir agus eagarthóir An Gaodhal i mBrooklyn, a foilsíodh in eagrán Mheán Fómhair den iris:

A Fhir Ghrádhmhar. — Fuair mé trēibhse geárr ó shoin abhrán ó Phádruig Ó’Laoghaire, tá n‑a mháistir sgoile anaice Bhēura, i g‑Contae Chorcaigh[e], agus táim d’á chur chugat. Má’s féidir leat slighe do dhéanad[h] dhó ad’ irisleabhar móirmheasamhuil béidhead buidheach díot de chionn é [’] chlódhbhualadh. Le linn an t‑abhrán so d’fhághail uaidh, d’innis sé sgēul aisdeach dam do thaithnfidh leat gan amhrus. Dúbhairt sé, ag trācht thar an Gaodhal, ‘Is sé sin an teachtaire do chuir i g‑cuimhne damh-sa an chēud lá riamh gur cheart do gach Éirionnach teanga a thíre dūthchais d’fhoghluim roimhe canamhnaibh coimhthigheacha. Inneosad duit cionnas do thārluigh so dam. Lá dá rabhas ag dul chum na sgoile, bhuail gabha suas liom air an m‑bealach, a bhí aithneadamhuil dom, ⁊ dubhairt go m‑beidheadh irisleabhar aige fám’ chomhair air mo theacht abhaile. Do choiméad sé a fhocal, óir air ghabhāil thar an g‑ceārdcha, ghlaoidhaigh sé asteach orm, ⁊ thug dam uibhir de’n Ghaodhal. Ó’n lá sin amach thugas uair nó dhó ag foghluim Gaoidhilge nō gur tháinic liom é lēigheadh caoiseach mear’ (Ó Briain 1891: 119; cf. Uí Fhlannagáin 1990: 35; Ó Ríordáin 2000: 127).

19 Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea Ó Laoghaire, gan dabht, ach, fé mar a luas níos túisce, bhí an teanga á caitheamh uathu go tiubh ag an bpobal mórthimpeall air i mBéarra i mblianta a óige. Más ea féin, is léir ar an sliocht thuas gur bhuail splanc léargais é an lá áirithe sin nuair a d’aithin sé go gcaithfeadh sé teacht ar thuiscint eolaíoch ar ghléas na teangan a labhair sé ón gcliabhán, ar a comhréir agus ar a córas gramadaí, agus, go mbeadh air luí amach i gceart ar chúrsaí litearthachta. An mhí dar gcionn, d’fhoilsigh An Gaodhal toradh ar leitir Uí Bhriain ón Athair Eoghan Ó Gramhnaigh (1863–1899):

The letter you publish from my friend Mr. O’Brien in your last issue, page 120 [sic], ought to open the eyes of our friends in America. See the good done by one copy of the little Gaodhal: it reminded a man of his duty towards the language of his forefathers, and having manfully done what he saw was his duty, Mr. O’Leary has his conscience clear, he has a man’s share in the work of preserving this greatest sign of our nationality.

But, my dear Editor, how proud will you be to know that, thanks to that copy of the Gael, and to his own courage and perseverance, Mr. Patrick O’Leary is now, beyond doubt, one of the best scholars of Munster. He is a real treasure house of knowledge with regard to the beautiful dialect of the south, and has made, and is yet making, valuable collections of works on Gaelic as spoken in the west of Cork, and especially in his own Beara (O’ G[rowney] 1891; cf. Uí Fhlannagáin 1990: 35).

20 In ainneoin a dhrochshláinte, ní raghadh aon stad ar an Laoghaireach de bheith ag foilsiú ina dhiaidh sin. D’éirigh leis leathchéad alt, geall leis, a chur i gcló (scéalta, filíocht, amhráin, seanchas, liostaí focal, tomhaiseanna agus seanfhocail ar a bhfuaid) sna hirisí Fáinne an Lae, An Gaodhal, Irisleabhar na Gaedhilge agus United Ireland idir na blianta 1890 agus 1895. Ghlac sé ‘Fraoch Meala’ mar ainm cleite air féin ach, chomh fada agus is féidir liomsa a dhéanamh amach, níor chuir sé an t‑ainm sin ach le haon fhoilseachán amháin dá chuid (‘Fraoch Meala’ 1892). Dó féin go pearsanta, is amhlaidh a chaith sé dúthracht mhór ag tógaint ar a thuiscint ar dhul nádúrtha na Gaeilge a bhí faighte ón gcliabhán aige. Ba chuma leis mar gheall ar aon airgead a thuillfeadh sé as a chuid oibre ach amháin an méid sin ‘a chaitheamh dhó ar leabhraibh Gaedhilge agus ar gach aon leabhar, dar leis, do bheadh ’n‑a chabhair dhó le n‑a eolas ar a theangaidh dhúthchais do mhēudughadh’ ([Mac Néill] 1896: 114).

Déantúis véarsaíochta

21 Ag féachaint dúinn ar an saothar cruthaitheach atá fanta againn ó Phádraig Ó Laoghaire, naoi gcinn de dhánta leis atá tagtha anuas chugainn uaidh. Ní nach ionadh is ea é, is dócha, gurb é saorú na tíre is coitianta téama iontu. Is é a dhán ‘Cathain Bheam Saor?’ is cáiliúla ar fad toisc gur foilsíodh ceithre huaire é tar éis dó a theacht amach i gcéad uair i ndiaidh a bháis in Fáinne an Lae (Ó Laoghaire 1899), ina measc i bpaimfléad mar a ngabhann ceol leis a chum an múinteoir agus an cumadóir ceoil cáiliúil Vincent O’Brien (1871–1948) sna 1930idí (Browne agus Nolan, g.d.). Tá a fhios againn, áfach, gur chum sé a dhán os cionn trí bliana sular foilsíodh i gcéad uair é sa bhliain 1899. Tá an téacs óna láimh féin tagtha anuas chugainn agus an dáta ‘3-2-’96’ luaite ansan aige leis (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán C). I bhfoirm ceiste agus freagra atá sé cumtha:

Cathain bheam saor?

Cathain bheam saor?

Cathain bheam saor ón nasc?

Cathain bheam saor

Mar cheileabhra éin

Amuigh i san spéir,

Ó cathain bheam saor ar fad?

Ní bheimíd-ne saor,

Ní bheimíd-ne saor,

Ní bheimíd-ne saor ón nasc,

Ní bheimíd-ne saor

Go n‑aithneóm sinn féin

Idir pór agus préamh,

’S go gcuirfeam le chéile i gceart.

Cionnus is féid,

Cionnus is féid,

Ár n‑aithne féin gan stad?

Le teagasc is céill

Bheith ’g an bpobal go léir

Is le fuath agus daod

Do dhíbirt dá chéile ar fad.

Cionnus is féid,

Cionnus is féid,

Cur lena chéile i gceart?

Seasam mar aon

Le dóigh asainn féin

Is gearram ó phréimh

An daoirse go léir amach (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán C, ach an leitriú a bheith tabhartha chun rialtachta áirithe anseo).

22 Éire shaor agus aontaithe, mar sin, an bunáiteamh atá anseo ag Pádraig Ó Laoghaire. Agus, as san ar fad a bhláthóidh, dar leis, an uileghabhálacht, an chaoinfhulaingt agus an mhuinín i bpobal dúchais na tíre, rud atá tabhartha le chéile go deas aige le ‘sinn féin’ sa dara véarsa thuas. Ní miste cuimhneamh air, dar ndóigh, gur fhrása coitianta é seo lena linn (Ní Chinnéide 1993: 70).

23 I ndán spéisiúil eile, ‘Cuisle mo Chroidhe’, is mar bhean a chuireann Ó Laoghaire Éire i láthair:

A Éire dhil aoibhinn! — nach sár-uasal do ghné —

Mar sheod glas i bh‑fáinne na fairrge groidhe!

Ó do phógfainn le greann duit gach préimhín thre d’ chré,

A thír ghrínn is áille, ’sa chuisle mo chroidhe!

Le h‑ísiol a’s uasal táir go caoin, cneasda, caomh,

’S níor chrapais do lámh riamh roimh bochtaibh i n‑dīth;

A’s níor thrēigis do cháirde a ngéar-uain a m‑baoghail,

A fhéile na d‑tíortha, ’sa chuisle mo chroidhe! (McCliabhair 1891: 63).

24 Tógtar ceann de shamhailt líne a dó anseo mar a n‑ionannaítear an tír le smaragaid ghlas luachmhar i bhfáinne na farraige groí, samhailt a bhfuil a macalla le clos ón mbailéad ‘Erin’ a chum radacaí Bhéal Feirste agus ball na nÉireannach Aontaithe, William Drennan (1754–1820) i lár na 1790idí: ‘The Em’rald of Europe — it sparkl’d and shone, / In the ring of the World the most precious stone’, agus fós, níos faide síos ina thagairt do ‘the Emerald Isle’ (1798: [1], 2). Frása is ea é seo, dar ndóigh, a bhíonn fós in ócáid inniu i bhfógraíocht atá dírithe go speisialta ar Ghaeil-Mheiriceánaigh ach, i nóta air in eagrán na bliana 1815 dá dhán, mhínigh Drennan go raibh sé ‘descriptive of [Ireland’s] prime natural beauty, and its inestimable value’ (1815: 4). Níorbh í an ghlaise amháin, mar sin, a theastaigh ó Drennan a chur in úil leis an smaragaid ghlas ach, fé mar a bheachtaigh Julia Wright (2014: ix–x, xii) le déanaí, ba í inmharthanacht eacnamaíoch na hÉireann, dar le Drennan, a cheadaigh don tír ó cheart neamhspleáchas polaitiúil a lorg agus a bhaint amach. Tá bonn na fealsúnachta seo Drennan leagtha ag Ó Laoghaire féna dhán ‘Cuisle mo Chroidhe’, ach murab ionann is ina dhán ‘Cathain Bheam Saor?’ thuas, mar shampla, ní éileamh neamhbhalbh atá á dhéanamh anseo aige ar cheart na tíre chun neamhspleáchais. Mar sin féin, cuireann an fáinne aontacht in úil agus is cuma nó fás agus torthúlacht ‘gach préimhín’ a bhrúnn aníos tríd an gcré sa treas líne thuas. Is sa chuid eile den dán a thuigimid comhthéacs an aithisc:

Tá do mhic teann i ngleo, acht thar éis an chruadh-lae

Crothaid lāmha le na naimhdibh i nós bráithreach i síth;

A’s tá lasadh mar rós i mion-ghruaidhnibh do bhéith[e],

Ag rādh gan aon ghó gur tú cuisle mo chroidhe.

A Éire, a rúin dhil! go deo go rabhair glé,

Gidh gur fada ód’ ghleanntaibh cluintear mé ag caoi;

A’s chomh daingean led’ chnocaibh go rabhair in gach ré,

A’s chomh fíor leis an ngréin, a chuisle mo chroidhe (McCliabhair 1891: 63).

25 Imirceach ó Éirinn atá ag labhairt lena thír dhúchais agus é ‘fada’ óna gleanntaibh. Bíodh is go bhfuil an cainteoir scartha uaithi go tíreolaíoch, ní lúide fós féin a dhílseacht náisiúnta. Críoch chaithréimeach, mar sin, a chuir Ó Laoghaire lena dhán toisc go bhfuil aontas láidir cultúrtha á bhuanú anseo aige idir Ghaeil a thug an cuan amach orthu féin agus iad san a d’fhan ar an bhfód dúchais sa bhaile.

26 Ar na dánta pearsanta a chum ár bPádraig, ní miste liom ‘Comhairle’ a lua. Agus an seanrá Deilfeach mar chéim thosaigh anseo aige, is mian leis a léitheoir a mhealladh i dtreo an fhéinmheasúnaithe agus na humhlaíochta:

Cuir aithne ort féin ar dtús

A dhuine na súl ngéar,

Is goire dhuit tu féin go mór

Ná tár-rud truagh mar mé.

Fēuch isteach go fóil[l] id’ chroidhe,

Acht fēuch go cruínn ceart;

Ōir cé beag an áitín siúd

Faghann mórán smúite ann nead.

Nach iongantach an nídh an croidhe?

Ball ’n‑a bhfuil míle cor,

Agus i n‑ag[h]aidh gach coir mí-rúin

Tá lúb do chúig céad locht.

Cuir aithne ort féin go fóill,

Aithne do ló agus d’oídh’e:

Tá mórán nach léir san lá

Dochíom ’nuair tá an ghrian faoi (Ó Laoghaire 1895).

27 Mar chlabhsúr ar an gcomhairle, ní mór don duine a bheith ag prapáil chun a bháis. Nuair a chuimhnítear air nach raibh an tsláinte go maith riamh ag údar an dáin, is áirithe gurbh ar a thaithí phearsanta a bhí sé ag tarrac agus gurbh air siúd, an trú bocht, ní foláir, a bhí an chomhairle dírithe:

Cuir aithne ort féin tá cruaidh

Agus lán do dhuadh mar ghníomh;

Tá bóthar ann tá ciar

’S is ceann a riain an chíll!

Cuir aithne ort féin gan chlaon

Anois a’s go ruig ré do bháis;

Má dhéanair sin go beacht

Ní bheidh ’gat am chum breath’ ar chách.

An té darab díol a’s dual breath

Caithfidh sé bheith glan ó cheó:

A cham-chaoirle de’n chriaidh chiair

Cá chuin [= cathain] do bhí do liach-sa cóir? (Ó Laoghaire 1895).

28 Dála athbheochantóirí eile a linne, luigh Pádraig Ó Laoghaire amach ar aistriúcháin Ghaeilge a sholáthar de phíosaí litríochta as Béarla. D’aistrigh sé na dánta ‘The Men of Tipperary’ le Tomás Dáibhís (1814–1845) agus ‘The Angel’s Whisper’ le Samuel Lover (1797–1868), saothair a chuir sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge (O’Leary 1892; O’Laoghaire 1893). Tar éis a bháis, d’fhoilsigh an iris chéanna aistriúchán dá chuid ar leagan Dion Boucicault (1820–1890) den mbailéad cáiliúil ‘The Wearing of the Green’ (Ó Laoghaire 1902). Fairis sin, tá dán dar tús ‘Suidhim arís san áit, a Mháire!’ tagtha anuas chugainn mar chuid de leitir a sheol sé go dtí Seosamh Laoide i Nollaig na bliana 1891, leagan Gaeilge leis féin a bhunaigh sé ar dhán leis an mBantiarna Helena Dufferin (1807–1867) dar teideal ‘Lament of the Irish Emigrant’ (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 3). Ón uair nár chuir Ó Laoghaire a théacs i gcló riamh, is mó de cháil, ní nach ionadh, atá ar an aistriúchán leis an Athair Uáitér Ua Conmhacáin (1849–1941) ó Cho. Mhaigh Eo a d’fhoilsigh An Claidheamh Solais (Ua Conmhacáin 1899). Más ea féin, ba é Ó Laoghaire ba thúisce a luigh amach ar an mbundán Béarla seo a aistriú go Gaeilge ocht éigin mbliana roimis sin.

29 Tá a fhios againn chomh maith, ó Dhubhghlas de hÍde, gur aistrigh fear Bhéarra dán cáiliúil Coleridge ‘The Rime of the Ancient Mariner’, agus mheas de hÍde ‘go ndearna sé an obair chomh maith agus d’fhéadfaí a dhéanamh’ (1937: 61). Ag machnamh siar dó ar a thréimhse i gConradh na Gaeilge i rith bhlianta luatha na gluaiseachta, bhí an méid seo le rá aige i dtaobh ar tharla d’aistriúchán Uí Laoghaire:

Badh é an rud deiridh do rinne sé, filidheacht Ghaedhilge do chur ar an Ancient Mariner. Chuir sé chugam é, agus rinne mé rannsachadh trē mo chuid páipéaraí ag iarraidh é d’fhághail. Is cuimhin liom gur chuir mé go dtí an t‑Aimhirgíneach [é] acht saoilim go dtug seisean ar ais dam é. Tá faitcheas orm go bhfuil sé caillte anois, muna bhfuil cóip de ag duine éigin eile (LNÉ LS 42,527, lch 483; cf. de hÍde, Mise agus an Connradh, 161–162).

30 Is áirithe gur chuir an tAimhirgíneach (Osborn Bergin) fios ar an saothar, fé mar is léir ar an sliocht deiridh seo a leanas as leitir dar dáta 26 Nollaig 1899 a chuir sé go dtí de hÍde ó ‘Westcourt College Rd. Cork’:

Rud eile. Nuair bhí Pádraig bocht Ó Laoghaire ag fagháil bháis le seirg-lighe ⁊ é i dtigh a mháthar, dubhairt sé liom go raibh Gaedhilg curtha aige ar The Rime of the Ancient Mariner. Níor thaisbeán sé dham é, ámh, mar bhí sé i mB. A. Cliath ’na dhiaidh. Bliadhain ’na dhiaidh sin dubhairt mac uí Uallacháin liom gur sgríobh seisean síos ó bhéal-aithris P[h]ádraig é ⁊ eisean ar leabaidh a bháis, ⁊ gur chuir sé chugat é. An bhféadfa cóib de do thabhairt dam? Nó, rud do b’fhearr ná sain, é chur i gcló i gceann de na páipéaraíbh Gaedhilge. Níl aon easbaidh pháipéar ann, ⁊ craos chun Gaedhilge ar a bhformhór.

Is mise do chara go buan

Osborn Óg Ó hAimhirgin (LNÉ LS 21,099, fillteán 2, uimhir 1, lgh 3–4).

31 Chuaigh de hÍde i mbun pinn arís cúig lá ina dhiaidh sin i Ráth an tSratha, Dún Gar, Co. Ros Comáin, á dheimhniú go raibh sé sásta an téacs a chur ar aghaidh go dtí Bergin i gCorcaigh:

’S eadh go deimhin, tá an Ancient Mariner agam, mar do sgrīobh an h‑Uallachānach amach é. D’iarr mo chara an Laoghaireach air, é do chur chugam, ⁊ do chuir. Má gheallann tū a thabhairt ar ais dam nuair léighfeas tū é, cuirfead c[h]ugad é. Thig leat cóib a dhéanamh dé ⁊ a chur i gcló, áit ar bith, má’s maith leat.

Beir na mílte buadh ⁊ beannacht ⁊ rath ort san nuaidhb[h]liadhain

Do s[h]earbh[ónta] bocht dīleas

An Craoibhín (Comhfhreagras agus Páipéirí Osborn Bergin, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, leitir 207; an líne anseo sa bhunfhoinse).

32 Ag féachaint dúinn ar an bhfianaise seo ina hiomláine, mar sin, is cosúil gurb é ‘mac uí Uallacháin’ thuas a thóg síos aistriúchán Gaeilge ar dhán Coleridge ó bhéalaithris Phádraig Uí Laoghaire. Deinim amach gurb ionann é agus Domhnall Ó hUallacháin, nó Daniel Houlahan (c.1880–1952), múinteoir bunscoile a bhí lonnaithe sna hÍnsí agus ar dhein príomhoide de i mbunscoil Iorthan i bparóiste Chill Chaitiairn (O’Dwyer 1976: 162–163). Bailitheoir breá béaloidis ann féin ab ea an fear seo, leis, agus ghnóthaigh ábhar ó Bhéarra a chuir sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in Eanáir na bliana 1903, mar shampla, duais mhíosúil na hirise (Ua hUal[l]acháin 1903; Irisleabhar na Gaedhilge 13 (148) 1903: 217). Is cosúil gur chuir sé an t‑aistriúchán Gaeilge ar dhán Coleridge ar aghaidh go dtí Dubhghlas de hÍde agus chuir sé siúd an téacs ar fáil ansan do Bergin, ar iarratas Bergin féin. Ar ámharaí an tsaoil, thánag ar eolas breise le déanaí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhaineann casadh eile fós as an scéal. Ar an 5 Márta 1934 (ach nach mór a lua gur athraíodh uimhir dhéanach na bliana seo atá sa bhundúch gorm go dtí ‘5’ le peann luaidhe), chuir Domhnall Ó hUallacháin, ‘Inches, Eyeries, Castletownbere, Co. Cork’, leitir ag triall ar Shéamus Ó Duilearga (1899–1980), ‘Stiúrthóir, Irish Folk Institute, 1 Stráid Hume Baile Átha Cliath’. Tús a chuntais is gnó anseo dhúinn:

Yours of 22nd. Oct. to hand. I thought you had forgotten all about the MS, but I can see now that you are a real patriot and a very real gentleman. I always wished to have poor Pádruig Ó Laoghaire’s MS in safe keeping at any rate. It is a pity indeed that his other works were not more carefully preserved. I am afraid I have delayed answering your letter for too long a period; my only reason for doing so being that I wished to forward you a very short sketch of his life with the M.S. That I am now doing.

You will also see that in the MS. there is a translation of the ‘Ancient Mariner’ (CBÉ Bosca Cartlainne 43, fillteán A).

33 Anois, tá ábhar ar sábháil inniu i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Bosca Cartlainne 43, fillteáin A–D) a bhfuil an formhór mór i bpeannaireacht Phádraig Uí Laoghaire. Cuimsíonn sé seo bileoga fáin, duillíní, clúdaigh leitreach, leitreacha agus sé cinn de leabhair nótaí (ach go bhfuil aon cheann amháin acu seo easnamhach go maith). Tásc ná tuairisc níl ar an ‘lámhscríbhinn’ ná, go deimhin, ar chuntas beathaisnéise ar ár bPádraig a chuir Ó hUallacháin ar aghaidh ina teannta go dtí Séamus Ó Duilearga sna 1930idí. Leanfar den gcuardach!

Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.)

34 Is é Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.) an saothar i gcló is mó cáil a tháinig ó Phádraig Ó Laoghaire, ‘a book worth reading, even if only for the very fine Irish in which it was written’ (Ó Duilearga 1938). Seacht gcinn de scéalta béaloidis is ábhar don leabhar seo agus áirítear é ar an gcéad bhailiúchán béaloidis agus seanchais ó Chúige Mumhan a foilsíodh. Ina eagarfhocal cáiliúil ‘Folklore and the Zeitgeist’, mheas Pádraig Mac Piarais gur bhronn Ó Laoghaire ‘of the best of Béarra’ ar phobal na Gaeilge ([Pearse] 1906: 7). Go deimhin, bhí a oiread san éilimh ar an leabhar go raibh ar Chonradh na Gaeilge gach scéal a fhoilisú mar leabhrán ar leith sa tsraith Leabhairíní Gaedhilge le hAghaidh an tSluaigh (1904–1906).

35 An ‘Domhan Toir’ is cúlra do na scéalta go léir anseo agus díríonn an plota tríd síos iontu ar a dtarlaíonn nuair a bhuaileann pearsa ón saol nithiúil seo lena macasamhail ó shaol imigéiniúil an osnádúir. Mealltar go minic an príomhlaoch isteach sa ‘Domhan Toir’ mar a mbíonn air dul i ngleic le fórsaí an namhad agus ní mór dó na contúirtí bagarthacha seo a bhrú fé chois, pé acu san le tacaíocht ó chabhróir osnádúrtha nó le cárta cúil a ghliocais nádúrtha féin. Dála Séadna an Athar Peadar, cóiriú Gaeilge ar an scéal idirnáisiúnta (Aarne-Thomson-Uther 330) atá in ‘Páidín Ó Dálaigh’, mar shampla: faigheann an príomhcharachtar Páidín an lámh in uachtar ar an diabhal (‘an Fear Mór’). Tosnaíodh ar scéal an Athar Peadar a fhoilsiú in Irisleabhar na Gaedhilge i Samhain na bliana 1894 (bliain nach mór sular foilsíodh Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.)) ach fén am gur chuir Pádraig Ó Laoghaire ‘Páidín Ó Dálaigh’ i gcló, bhí cuid mhaith fós de chuid a haon de shaothar an Athar Peadar le teacht amach san iris chéanna anall go dtí Aibreán na bliana 1897. Níor tháinig an dara cuid de amach i bhfoirm leabhair go dtí 1898 agus ní go dtí idir an 14 Bealtaine agus an 14 Meán Fómhair 1901 a thiocfadh an chuid dheiridh amach san Cork Weekly Examiner. Díol spéise ann féin is ea é, mar sin, gurb é Séadna an Athar Peadar is cáiliúla i gcanóin liteartha na Gaeilge, ach d’áiteoinnse go bhfuil ‘Páidín Ó Dálaigh’ curtha síos ar áilleacht ar fad ina leabhar ag fear Bhéarra.

36 Sna léirmheasanna a foilsíodh tar éis don mbunsaothar a theacht amach i samhradh na bliana 1895, moladh an chomaoin mhór a chuir Pádraig Ó Laoghaire ar phobal na Gaeilge. Ábhar machnaimh atá sa cheann áirithe seo ó Irisleabhar na Gaedhilge mar go gcuimsíonn sé eisceachtúlacht na scéalta féin agus na teangan d’aon turas ann:

Mr O’Leary’s book is, we believe, the first collection of Munster folk-lore ever published in the original Irish. The whole book is written in Irish from cover to cover, even the notes, with their grammatical technicalities. This is the right way to secure that the Irish language shall be abreast of the times. The stories are given, as they were heard, in the rich and racy dialect of West Munster. The difficulties, of which the luxuriant vocabulary of that dialect presents not a few, are explained succintly in the notes. While the great unsatisfied demand for writings which will tend to fix the standard of our language has first claim on us, works like this have their place and become forces in our literature, as the songs of Burns have done in English literature. The tales collected by Mr. O’Leary are of great interest. In an appendix, the use of certain forms now peculiar to Munster is supported on historical grounds (Irisleabhar na Gaedhilge 7 (3) 1896: 45; cf. Ó Ríordáin 2000: 138).

37 Is dóigh liomsa gurbh iad na nótaí teangan seo a chuir tús le hanailís eolaíoch ar Ghaeilge na Mumhan. Ní hamháin go dtugann an t‑údar a cheart féin do gach scéal aonair iontu, ach casann sé ansan ar phlé níos ginearálta ar shaintréithe chanúint na Mumhan trí chéile. Pléann sé: (i) an mhír dhiúltach gan urú á leanúint (m.sh. ná bíonn, ná fuil, ná glacfar etc.) in ionad nach (+ urú) i gcanúintí eile; (ii) réaladh ar an gcónasc ; (iii) an deireadh f / eó sa bhfáistineach agus sa choinníollach i gcás bhriathra áirithe; (iv) an gá -adh / -idh stairiúil (m.sh. cúigeadh > cúige) a scríobh nuair is balbh a bhíonn siad sa chaint, ach maidir le -dh i mbriathra agus ‘i ngeineamhnach ainmeann’ is ‘mar “ig”’ a deirtear iad seo (Ō Laoghaire 1895: 120–123). Tráchtann sé ina theannta san ar an éagsúlacht canúna in (i) anseo, á áiteamh nach bhfuil ‘aon agamh [= agó] ná go bhfuil neithe i ngach uile Chóige nach inleanta do sgríbhneoir’ (Ō Laoghaire 1895: 121). Ar a shon san, is ceart, dar leis, glacadh i scríobh na teangan leis na ‘neithe’ céanna seo ón gcaint bheo seachas iad a thabhairt chun caighdeáin, go fiú cead a chinn a thabhairt don aineolaí dearmaid ghramadaí a thabhairt orthu toisc nach ann dóibh i ‘leabhraibh’:

Do bheadh aonduine ainchneasda adéaradh gur ceart aon díobh-so do chaitheamh i leathtaoibh, ar lorg bheagáin graiméarach do cheap agus do chur ar bun mórán dlighthe atá araon mícheart mío-dhual. Ar righ-scoláiridhibh ní labhraim, acht orra-so do shaothruigh eolus éigin ar an teanga láithrigh as leabhraibh, agus do bhí ainbhfiosach ar fad ar an teangaidh seanda, agus aineolach go mór ar Ghaedhilg mar labharthar i n‑a líomhthacht í, ó Phort Láirge siar suas go Doire. Mar adubhart cheana ní fhuilim d’á rádh go bhfuil ‘nach’ aincheart, acht adeirim go bhfuil ‘ná’ comh ceart leis, agus b’fhéidir níos cirte (Ō Laoghaire 1895: 121).

38 Má bhraith pobal Gaeilge a linne go raibh comaoin curtha ag Pádraig Ó Laoghaire orthu san, ní raibh aon dabht ar an bhfear féin mar gheall ar cé orthu súd a raibh buíochas pearsanta ar leith aige dhóibh. Thagair sé i réamhrá a leabhair i dtosach báire don éacht a bhí déanta ag Dubhghlas de hÍde ‘níos mó ná aonneach eile’ as mórán scéalta béaloidis a bhailiú agus a chur i gcló (Ō Laoghaire 1895: [iii]). Is ar na saothair Leabhar Sgeulaigheachta (1889), Beside the Fire (1890) agus Cois na Teineadh (1892) a bhí fear Bhéarra ag cuimhneamh anseo, gan amhras. Spreag a raibh déanta ag de hÍde i gConnachtaibh é chun cuid den ‘mianach comh saidhbhir’ as tobar na Mumhan a thaoscadh (Ō Laoghaire 1895: [iii]). Thrácht sé ansan ar na faisnéiseoirí, cúigear i bparóiste Chill Chaitiairn, ónar thóg sé síos na scéalta, daoine nár bhronn ‘acht síbhialtacht, carthanacht, agus féile’ air agus é i mbun bailithe; agus thuill an scéalaí Domhnall Ó Néill (c.1843–1916) ‘buidheachas [ar leith] ó chroidhe’ uaidh (Ō Laoghaire 1895: iv). Ómós níos leithne don ábhar féin is ea an chomaoin seo a bhraith sé a bhí curtha ag na faisnéiseoirí air. Chreid sé go láidir, mar shampla, gur chuid dhílis de chanóin na nualitríochta an Béaloideas agus bhí, dá réir, dualgas air scéalta béaloidis óna cheantar dúchais i mBéarra a bhailiú agus a chur i gcló:

Ag clos mórán sgēul dom agus me go han-óg adubhart féin dá mbaileóchaidhe iad, agus iad do chlóbhualadh go dtairbheochadh sé d’á lán — dóibh-seo go háirithe ná cuala iad. B’fhiosach me go rabhadar luachmhar, óir taisbeánaid dúinn intinn agus intleacht na nGaodhal níos soléire solusmhaire, b’fhéidir, ná aonnidh eile atá fágtha anois againn, agus aonrud eile soillsigheas ar a nósaibh-san is cóir dúinn bheith suimeamhuil ann. Má’s blúireacha iad féin agus blúireacha truaillighthe, ar uairibh, is oighreacht s[h]aidhbhir iad i n‑a dhiaidh san (Ō Laoghaire 1895: [iii]).

39 Is fiú ceann a thógaint de nár chuir ‘truailliú’ d’aon chineál isteach air. Fada uaidh! Ghaibh luach oidhreachtúil ar leith, dar leis, le pé ní a bhailigh sé ó fhaisnéiseoirí fiú dá mba ‘blúireacha’ fáin féin a d’aithris siad ó bhéal. Tá fianaise ar an seasamh san leis aige, mar shampla, ina chomhfhreagras le Seosamh Laoide. Lamhálfar dom aon leitir amháin a lua a sheol sé go dtí ‘cara [a] chroidhe’ timpeall ar Shamhain na bliana 1893. Bhí, i dteannta na leitreach seo, leagan ó Bhéarra de Bliain an Taca so Phósas á sholáthar ‘anois’ aige tar éis don Laoideach céad véarsa an amhráin seo a sheoladh chuige ‘leath-bhliadhain ó shoin’. Ag caint dó ar an téacs féin, chuir sé an méid seo ar na súilibh dá charaid:

Is eagal liom nach bhfuil aon bhaint ag cuid do na rannaibh leis an abhrán, acht do sgríobhas-sa mar a fuaras é. Tá cuid de na líntibh mí-iomchar (immoral) malluighthe acht ní fhuil leigheas ar bith agamsa orra (ARÉ 4 B 42(jj): uimhir 44; aistriúchán Béarla idir lúibíní anseo sa bhunfhoinse).

40 Ba thábhachtach leis i gcónaí, mar sin, gan cur isteach ná amach in aon tslí ar an ábhar, ach a dheimhniú go gcuirfeadh sé taifead dílis ar fáil dá raibh á bhailiú aige chun gurbh fhéidir é a chur i láthair an phobail ansan. I bhfocail eile, níor leasaigh sé ar chuala sé óna fhaisnéiseoir ná níor fhág sé aon ní ar lár fiú má bhí sé ‘mí-iomchar’ nó ‘malluighthe’. Ba mhór idir é, is fíor, agus Muimhneach eile a linne féin, An tAthair Peadar. Is follas ón sliocht cancrach seo a leanas ó leitir a chuir sé go dtí Seosamh Laoide, ‘A 7 de Mhithiomh an Fhóghmhair ’95’, nach róbhuíoch a bhí sé d’fhear Bhéarra:

Cogar! Nách mór an truagh nách tugaid Pádraig Ua Laoghaire ⁊ an ‘Craoibhín’ aire, gan neithe neamhcháidhe do chur i gclódh! Do thug Pádraig léigheacht uaidh i gCorcaig[h] an lá fé dheire, ⁊ am briathar mhóide, fēuch, gur chur sé náire orm. Ní rabhas láithreach ⁊ is mhaith [sic] liom nách rabhas. Ní cheadóchainn ar a bhfeaca riamh é, dá mbeidhinn.

Abhráin ghrádha a bhídh ar siúbhal aige, — cailinídhe ⁊ buachaillídhe ⁊ clann tabhartha ⁊ neithe de’n tsórd sin, os comhair na cuideachtan.

Nār chóir go bhfaighmís an ndáoichin de Ghaedhilg bhreágh ghlan shlachtmhar ⁊ gan neithe truaillighthe de’n tsórd sin do chur os cómhair na ndaoíne (ARÉ 4 B 43(a): uimhreacha 47–48; cf. Ó Cuív 1964–1966; an líne thuas sa bhunfhoinse).

41 Pé ní mar gheall ar an gCraoibhín, d’áitigh an tAthair Peadar go láidir ar Laoide ‘gur cheart do Phádraig cial[l] níos feár[r] do bheith aige nā thaisbeán sé i gCorcaig[h]’ agus cé nár ‘chuímhnigh sé ar aon nídh díoghb[h]álach’, níorbh fholáir leis scríobh chuige chun ‘an riaghail seo’ a chur ar an lic dó ‘[g]an focal ar bith do chur i gclódh sa Ghaedhilg, nách beidheadh lán-oireamhnach ar a chur i gclódh sa Bhearla’ (ARÉ 4 B 43(a): uimhir 48; cf. Ó Cuív 1964–1966; líne sa bhunfhoinse). Bhí a oiread san oilc ar an Athair Peadar gur thairg sé an léacht chéanna Phádraig Uí Laoghaire anuas i leitir eile fós go dtí Laoide a bhfuil 29 Lúnasa 1895 mar stampa ar an gclúdach leitreach. Thug sé aghaidh a chaoraíochta an uair seo ar chumas Gaeilge fhir Bhéarra:

Tá nídh agam le rádh leat ⁊ ná ceap gur chum misnigh do chur ort a deirim é.

Is feár[r] do thainthean[n] do chuid Gaedhilge liom nā Gaedhilg Phádraig Uī Laoghaire. Bīodh an mēid sin eadrainn fēin.

In[n]eósfad duit cad é an chúis. Do thug Pādraig léigheacht (Lecture) uaidh i gCorcaig[h] tá tamall beag ó shain. Do léigheas anois cuid dhe ’sa phápér. Tá locht agam air, ⁊ isidé an locht dinean[n] sé a mhachtnam ar dhul an t‑Sacsbhēarla. Scríobhan[n] sē Gaedhilg cheart, go leór, acht má ’seadh is Gaed[h]ilg cheart air Béarla cheart í. B’fhear[r] liom-sa Gaedhilg nach beidheadh aon phioc air bith de bhaluith ’ná de bhlas ’ná de chrot an Bhēarla uirri (ARÉ 4 B 43(a): uimhireacha 43–44; línte thuas sa bhunfhoinse).

42 Ní fios cén toradh a thug ár bPádraig ar racht an tsagairt (má thug in aon chor), ach is leor a bhfuil thuas mar léargas ar dhá dhearcadh dheifreacha ar fad ar litríocht dhúchais na tíre i mblianta deiridh an naoú céad déag.

43 Ag filleadh arís ar scéalta béaloidis sa Ghaeilge trí chéile, tá sé inspéise gur chreid Pádraig Ó Laoghaire, go spreagfadh a raibh d’ábhar iontu pobal na Gaeltachta, go háirithe, chun léitheoireachta. Agus Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.) á chur i dtreo aige, mar sin, níor chuir sé aon fhiacal ann sa chuid seo a leanas as an bhfoirm shíntiúis a chuir sé le chéile le súil go nglanfaí costas a chlóite:

Of the few Irish books hitherto published, most were intended for students preparing for Intermediate and other examinations. But the people must have a literature of their own if their language is to live, for it is quite evident that no number of students can ever keep a language alive.

To help to supply this growing and hitherto neglected want should then be one of the main objects of those who have the interests of the Irish Language at heart. This they can do by subscribing towards the publication of the abovementioned volume of Folk Lore Tales, which are of and for the people (CBÉ Iml. 1377: 186; cló iodálach sa bhunfhoinse).

44 Luas níos túisce go raibh sé i gceist ag Ó Laoghaire a thuilleadh scéalta béaloidis a fhoilsiú do phobal na Gaeilge mar go raibh mianach dhá imleabhar eile fós aige a thógfadh ar ar chuir sé ar fáil i Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.). Tá fianaise áirithe sa treo san le feiscint i mbileoga fáin, i gcóipleabhar scoile agus in dhá leabhar nótaí óna láimh atá ar coimeád inniu i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Bosca Cartlainne 43, fillteáin A–C). Go dtí aon leabhar nótaí amháin a bhfuil dátaí éagsúla idir Iúil 1893 agus Meán Fómhair 1895, chomh maith le ‘last Sat 95’, breactha air, ní ghabhann aon dáta leis na scéalta béaloidis sa bhfarasbarr. Agus, i dtaobh ar bhailigh sé trí chéile, ní miste an cheist a chur arbh ó bhéalaithris a bhreac sé an t‑ábhar síos caol díreach nó arbh ina dhiaidh sin a bhreac sé síos sa bhaile é? Ón iniúchadh atá déanta agam ar a chomhfhreagras le Seosamh Laoide go háirithe (ARÉ 4 B 42, fillteán jj), tá an chuma air gur meascán den dá chur chuige a chleacht sé.

Clabhsúr

45 Thagraíos sa phointe tosaigh anseo don bhfrása ‘ar imeall na litríochta’ a thugann aiste le Máire Ní Annracháin ar an bpósadh i litríocht na Gaeilge chun cuimhne. Ba mhaith liom a mheas, mar fhocal scoir anois, go n‑oireann an frása céanna seo do chás Phádraig Uí Laoghaire. Níl aon amhras air ná gur measadh ina aimsir féin go raibh an-gheallúint sa Bhéarrach fir seo, ‘one of the most promising of the new generation of Irish scholars who are beginning to present themselves’, arbh ionann ar chuir sé i gcló agus ‘models of pure, racy, idiomatic Irish’ (The Nation, 14 Samhain 1896: 13). Pearsa imill is ea é, dar liom, in imeacht aimsire nach bhfuil ach corrthagairt dó in aon phlé ar bhlianta luatha Chonradh na Gaeilge. Cuid dá mhíniú sin, b’fhéidir, is ea é gur cailleadh i mbláth na hóige é, ach is dóigh liom, leis, gur leogadh i ndearmad é toisc ról láir a bheith ag Laoghaireach eile ó Chúige Mumhan, an tAthair Peadar, i gConradh na Gaeilge. Is le súil gurbh fhéidir tús éigin a chur leis an mBéarrach fir seo a thabhairt isteach ón imeall atá a bhfuil thuas curtha ar fáil anseo agam.

Nóta buíochais

46 Tá an aiste seo bunaithe ar thaighde níos cuimsithí de mo chuid, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish Scholar from the Béarra Peninsula, atá ar na bioráin agam agus a fhoilseoidh Cumann Staire Bhéarra. Tá buíochas ar leith agam ar na daoine seo a leanas as a gcabhair agus a gcomhairle: an tOllamh Seán Ó Coileáin, Séamas Ó Cróinín, Fachtna O’Donovan, Riobard O’Dwyer (RIP), Seosamh Ó hÚrdail agus an Dr Roibeárd Ó hÚrdail. Táim an-bhuíoch de mo chomhghleacaithe ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath as a gcúnamh: Evelyn Flanagan, Eugene Roche agus Daniel Conneally i Roinn na mBailiúchán Speisialta, Leabharlann James Joyce; an tOllamh Liam Mac Mathúna; an Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir, agus Jonny Dillon, Cartlannaí, Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Gabhaim buíochas chomh maith le Sophie Evans, Leabharlannaí Cúnta in Acadamh Ríoga na hÉireann, leis an Ollamh Máire Ní Mhaonaigh, Ollscoil Cambridge, agus leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, as a chead Comhfhreagras agus Páipéirí Osborn Bergin a iniúchadh. Táim buíoch, ar deireadh, de na piarmheastóirí agus de mo chomheagarthóirí as a gcuid moltaí ar dhréacht na haiste seo.

Saothair a ceadaíodh

Foinsí neamhchlóite

ARÉ: Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath

Comhfhreagras Sheosaimh Laoide in 4 B 42, fillteán jj; 4 B 43, fillteán a. ‘Register of Readers 1872–1907’.

CBÉ: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 1377. Bosca Cartlainne 43, fillteáin A–D.

LNÉ: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath

LS 11,537, ‘Connradh na Gaedhilge. Leabhar liosta ainmneach ⁊ síntiúisí cinn-bliadhna na gCéad bhall, 1893–1897. (i lámh-scríbhneoireacht na gCéad Chisteoirí, .i. Seághan ó h-Ógáin, Seosamh Laoide ⁊ Stiophán Bairéad). The Gaelic League. First membership book and list of annual subscriptions, 1893–1897. (in the handwriting of the first Treasurers John Hogan, Joseph H. Lloyd, Stephen J. Barrett)’.

LS 19,315, ‘Minute book of the Gaelic League (Connradh na Gaedhilge), Dublin, 13 July 1893–29 June 1896’.

LS 21,099, Bailiúchán leitreacha go dtí Dubhghlas de hÍde ó údair éagsúla, Páipéirí Dhubhghlais de hÍde.

LS 42,527, ‘Mise agus an Connradh’, cóip lámhscríbhte (gan dáta) le Dubhghlas de hÍde.

Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Comhfhreagras agus Páipéirí Osborn Bergin, leitir 207.

Foinsí clóite

Aarne-Thomson-Uther = Uther, H.J. (2004) The Types of International Folktales: a Classification and Bibliography. Part I, Animal Tales, Tales of Magic, Religious Tales, and Realistic Tales, with an Introduction. Helsinki: Academia Scientiarum Fennica.

Binchy, D.A. (1970) The Osborn Bergin Memorial Lecture, I. Dublin: University College, Dublin.

Breathnach, D. agus Ní Mhurchú, M. (1986) Beathaisnéis a hAon. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/ [faighte 5 Nollaig 2020].

Browne agus Nolan (g.d.) Amhrán Dóchais. Osborn Ó hAimhirgin do Cheap na Focail. Vincent Ó Brien do Ghléas an Ceól. Cathain Bheam Saor? Pádraig Ó Laoghaire do Cheap na Focail. Vincent Ó Brien do Chúm agus do Ghléas an Ceól. Baile Átha Cliath: Browne agus Nolan.

Connradh na Gaedhilge. (1904–1906). Leabhairíní Gaedhilge le hAghaidh an tSluaigh. Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge.

de hÍde, D. (1937) Mise agus an Connradh (go dtí 1905). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Drennan, W. (1798) ‘Erin’. In: The Irish Harp (Attun’d to Freedom) a Collection of Patriotic Songs; Selected for Paddy’s Amusement. Dublin: the Printer hereof.

Drennan, W. (1815) Fugitive Pieces in Verse and Prose. Belfast: F.D. Finlay.

‘Fraoch Meala’ (1892) ‘Cuirimís le Chéile’. In: An Gaodhal, Aibreán 1892: 179.

Irisleabhar na Gaedhilge. (1896) ‘The Irish Language Movement’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 7 (1): 15–16.

Irisleabhar na Gaedhilge. (1896) ‘Three New Gaelic Books’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 7 (3): 45–46.

Irisleabhar na Gaedhilge. (1903) ‘Sinn Féin’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 13 (148): 217–218.

Le Roux, L.N. (1932) L’Irlande Militante. La Vie de Patrice Pearse avec une Introduction Historique et 15 Photographies. Rennes: Imprimerie Commerciale de Bretagne.

[Mac Néill, E.] (1896) ‘Bás Phádraig Uí Laoghaire’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 7 (8): [113]–115.

McCliabhair, E.D. (1891) Duanaire na Nuadh-Ghaedhilge. Baile Átha Cliath: P. O’Briain.

Murphy, E. (2011) ‘Children’s Burial Grounds in Ireland (cillíní) and Parental Emotions toward Infant Death’. In: International Journal of Historical Archaeology 15 (3): 409–428.

Ní Annracháin, M. (1996) ‘Ar Imeall na Litríochta’. In: Graph 2 (an dara sraith): 56–63.

Ní Chinnéide, M. (1993) Máire de Buitléir: Bean Athbheochana. Baile Átha Cliath: COMHAR.

Ó Briain, P. (1891) ‘Sean Abhrán’. In: An Gaodhal, Meán Fómhair 1891: 119–121.

O’Connor, A. (2005) The Blessed and the Damned: Sinful Women and Unbaptised Children in Irish Folklore. Bern: Peter Lang.

Ó Cuív, B. (1964–1966) ‘Cinsireacht’. In: Éigse 11: 252.

Ó Duilearga, S. (1938) ‘Collecting Irish Folklore. Interesting Lecture in Cork’. In: The Cork Examiner, 28 March 1938: 14.

O’Dwyer, R. (1976) Who Were My Ancestors? Genealogy (Family Trees) of the Eyeries Parish, Castletownbere, Co. Cork, Ireland. Astoria, Illinois: Stevens Publishing Co.

O’G[rowney], E. (1891) ‘Ballynacargy, Westmeath, Sept. 24th 1891. Editor Gaodhal’. In: An Gaodhal, October 1891: 127.

Oifig an Ard-Chláraitheora. (2016) ‘Taifid Shibhialta’. Ar fáil ag: https://civilrecords.irishgenealogy.ie/churchrecords/civil-search.jsp [faighte 14 Eanáir 2020].

O’Laoghaire, P. (1893) ‘Cogar na n‑Aingeal’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 4 (45): 205–206.

Ó Laoghaire, P. (1895) ‘Comhairle’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 6 (2) (1895): 23.

Ō Laoghaire, P. (1895) Sgeuluidheacht Chúige Mumhan. (1.). Baile Átha Cliath: Pádruig Ō Briain.

Ó Laoghaire, P. (1899) ‘Ca[t]huin Bheam Saor?. In: Fáinne an Lae, 1 Aibreán 1899: 99.

Ó Laoghaire, P. (1902) ‘Caitheamh an Ghlais’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 12 (144): 137.

O’Leary, P. (1892) ‘Tiobraid-Arann’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 4 (43): 174–175.

Ó Murchú, T. agus Verling, M. (1999) Béarrach Mná ag Caint: Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Ríordáin, T. (2000) Conradh na Gaeilge i gCorcaigh, 1894–1910. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Súilleabháin, D. (1973) ‘Pádraig Ó Laoghaire (1869–1896): Údar agus Oide an Phiarsaigh’. In Leas 2 (2): 2–6.

Ó Súilleabháin, S. (1932) ‘Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896)’. In Béaloideas 3 (4): [409]–412.

[Pearse, P.] (1906) ‘Folklore and the Zeitgeist’. In: An Claidheamh Soluis, 19 May 1906: 6–7.

Ryan, D. (1919) The Man called Pearse. Dublin and London: Maunsel and Company, Ltd.

Ryan, D. (1932) Patrick H. Pearse. Adapted from the French of Louis N. Le Roux and Revised by the Author. Dublin: The Talbot Press Limited.

Ryan, D. (g.d.) Patrick H. Pearse. Adapted from the French of Louis N. Le Roux and Revised by the Author. Dublin: The Phoenix Publishing Company.

The Irish Times. (1971) ‘Pādraig Ō Laoghaire Remembered’. In: The Irish Times, 19 November 1971: 15.

The Nation. (1896) ‘For the Mother Tongue’. In: The Nation, 14 November 1896: 13.

The Southern Star. (1897) ‘The Late Mr Patrick O’Leary the Irish Scholar’. In: The Southern Star, 20 February 1897: 2.

The Southern Star. (1971) ‘Beara Scholar Remembered’. In: The Southern Star, 4 December 1971: 4.

The Southern Star. (1971) ‘Echoes from Beara’. In: The Southern Star, 11 December 1971: 14.

The Southern Star. (1972) ‘News of Beara Exiles’. In: The Southern Star, 19 February 1972: 4.

The Southern Star. (1997) ‘A Beara Poet and Scholar Remembered’. In: The Southern Star, 1 November 1997: 2.

The Southern Star. (2005) ‘Peadar [sic] Ó Laoire — Noted Irish Language Scholar’. In: The Southern Star, 23 July 2005: 24.

Ua Conmhacáin, U. (1899) ‘Caoineadh an Deóraidh ó Éirinn’. In: An Claidheamh Soluis, 4 Samhain 1899: 533.

Ua hUal[l]acháin, D. (1903) ‘Gearr-chuntas ar dhéantús bréide agus plainín’. In: Irisleabhar na Gaedhilge 13 (148): 205–208.

Ua Súilleabháin, S. (1997) ‘Osborn Bergin’. In: Léachtaí Cholm Cille 27: 150–176.

Uí Fhlannagáin, F. (1990) Mícheál Ó Lócháin agus An Gaodhal. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Wright, J.M. (2014) Representing the National Landscape in Irish Romanticism. Syracuse: Syracuse University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626