Foilsiú, míniú agus aistriú Gaeilge na hAlban in Éirinn

Wilson McLeod

Réamhrá

1 Is iomaí barúil a cuireadh in iúl faoin nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban: ar cheart iad a thuiscint mar aon teanga, dhá theanga, dhá chanúint den aon teanga amháin, cé chomh furasta is atá an idirthuiscint agus mar sin de (McLeod 2008: 90–91). Aithnítear go forleathan, áfach, gur fusa don Ghaeilgeoir Éireannach Gaeilge na hAlban scríofa a léamh ná Gaeilge na hAlban labhartha a thuiscint (Ní Annracháin 1991: 39). Níl aon taighde údarásach déanta ar na ceisteanna seo, rud a chiallaíonn gur breithiúnais shuibiachtúla a chloisfear de ghnáth. B’fhéidir go bhfuil cuid de na breithiúnais seo bunaithe ar idéalachas ‘pan-Ghaelach’ de shaghas éigin, ar dhóchas seachas ar réadúlacht chrua.

2 In 1920 scríobh Piaras Béaslaí: ‘any reader of Irish who is familiar with different Irish dialects and has a moderate acquaintance with our older literature will find he is able to read a book in Scottish Gaelic with very little difficulty’ (B[éaslaí] 1920). Is dócha go bhfuil an tuairim seo ródhearfach, nó sách éilíteach agus nach n‑aontódh chuile léitheoir Gaeilge léi. In 1962, ina leabhrán Gàidhlig agus Gaeilge (2004 [1962]), d’aimsigh Seán Mac Maoláin difríocht idir ‘saoithe Gaeilge an dá thír’ agus na ‘gnáth-Ghaeilgeoirí’ i dtaobh a n‑eolais agus a scileanna teanga:

Is eol dom, ar ndóigh, go dtagann saoithe Gaeilge an dá thír i ndáil a chéile, ar uairibh, agus go mbíonn caidreamh na ngaol agus na gcarad eatarthu. B’iontach an scéal é mura mbeadh, ó tharla sáreolas acu araon ar chanúintí Gaeilge an dá thír agus ar an tseanteanga ar eascair na canúintí sin aisti. Ach is neamhlíonmhar iad na saoithe sin i gcomparáid na ngnáth-Ghaeilgeoirí; agus, faraor, tá na gnáth-Ghaeilgeoirí in ainbhios a bhfuil d‘ábhar dáimhe idir an mhuintir thall agus an mhuintir abhus! (Mac Maoláin 2004: réamhrá).

3 De réir an fhile Gréagóir Ó Dúill, a d’aistrigh cnuasach filíochta an Albanaigh Crìsdean MacIlleBhàin, Dealbh Athar, go Gaeilge na hÉireann (2009):

The two languages are now much more mutually opaque to each other than they have ever been before and only a small proportion of native speakers can converse comfortably across the division, only a small proportion of readers can fluently read the other language without a lot of preparation …. There are currently few people who translate from Gaelic to Irish, and few in Ireland who can comfortably read contemporary Scottish Gaelic poetry (Ó Dúill 2011: 170, 177; féach Ní Annracháin 1991: 43).

4 San aiste seo, díreoidh mé ar na bealaí éagsúla ina gcuirtear téacsanna Gàidhlig i láthair léitheoirí na Gaeilge. Feicfear go bhfuil neamhréir shuntasach ann, neamhréir atá bunaithe, b’fhéidir, ar thuiscintí teanga is ideolaíochtaí teanga éagsúla.

Straitéisí

5 Feictear cúig straitéis maidir le foilsiú téacsanna liteartha i nGaeilge na hAlban in Éirinn:

  1. An buntéacs a fhoilsiú gan aistriúchán ná nótaí mínithe
  2. An buntéacs a fhoilsiú gan aistriúchán ach le míniú ar fhocail nó frásaí áirithe (i nótaí nó i lúibíní)
  3. An buntéacs a fhoilsiú, i dteannta aistriúcháin i nGaeilge na hÉireann
  4. An buntéacs a fhoilsiú i dteannta aistriúcháin, i mBéarla; agus
  5. Aistriúchán go Gaeilge a fhoilsiú, gan bhuntéacs

6 Tá eiseamláirí de na straitéisí éagsúla seo san Aguisín.

7 Is soiléir nach bhfuil na tuiscintí teangeolaíocha a ghineann na straitéisí éagsúla comhoiriúnach lena chéile. An féidir glacadh leis go bhfuil an léitheoir Gaeilge in ann téacs i nGaeilge na hAlban a thuiscint gan chabhair, nó nach féidir?

8 Ag breathnú siar ar an 20ú céad ar fad is dócha gur straitéis a dó is coitianta i dtaobh téacsanna filíochta — agus is filíocht is mó a foilsíodh — agus straitéis a haon sa tarna háit (e.g. Mac Neacail 1924; Ó Concheannain 1961). Cé go bhfeictear straitéis a haon á cleachtadh uaireanta fós (e.g. Whyte 2002; Nic Shím 2010; O’Gallagher 2014), is soiléir go bhfuil straitéis a trí tar éis éirí níos coitianta ó na 1980idí i leith, mar a mhíneofar thíos. Cé nach bhfuil siad róchoitianta, feictear uaireanta straitéis a ceathair (e.g. Ní Annracháin 2014a: 16–18) nó straitéis a cúig (e.g. Davitt 1986; de Paor 1986a, 1986b) chomh maith.

9 De ghnáth nuair a d’fhoilsítí filíocht Albanach in Éirinn is dánta aonair nó sleachta as dánta éagsúla a bhíodh i gceist, ach ó na 1980idí i leith d’fhoilsigh an foilsitheoir Coiscéim roinnt cnuasach filíochta i nGaeilge na hAlban (le Meg Bateman, Maoilios Caimbeul, Fearghas MacFhionnlaigh, Rody Gorman, Crìsdean MacIllebhàin agus Màiri NicGumaraid, chomh maith le Somhairle MacGill-Eain) ina raibh aistriúcháin Ghaeilge (nó uaireanta díreach ‘leaganacha’ as Gaeilge) os comhair na dtéacsanna bunúsacha (Bateman 1990; Caimbeul 1988, 2007; Gorman 2011; MacFhionnlaigh 2018; MacIllebhàin 2009; NicGumaraid 1988, 1997, 2012; Bushe 2013). Níl an neamhréir seo le feiceáil maidir le téacsanna próis, áfach: straitéis a cúig a d’úsáidtí agus a úsáidtear beagnach i gcónaí, idir scéalta traidisiúnta (O’Nolan 1922) agus ficsean comhaimseartha (Armstrong 2020; Mac Lochlainn 2006; Ó Baoill 1996). Ach uaireanta feictear straitéisí eile i saothar critice ar fhicsean nó ar dhírbheathaisnéisí Albanacha: straitéis a haon (e.g. Ní Annracháin 2014b; Ní Ríordáin 1990; Titley 1988, 2009), straitéis a trí (Ní Annracháin 1989) agus straitéis a cúig (Ó Doibhlin 1984).

10 Is dócha go bhfuil an bhearna idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann níos leithne ná mar a bhí sí sa chéad chuid den 20ú céad, agus gur dá bharr sin atá straitéisí a trí, a ceathair agus a cúig níos coitianta anois. Is iomaí léitheoir Gaeilge de chuid an lae inniu nach bhfuil compordach leis an litriú réamh-Chaighdeánach (a úsáidtear, mutatis mutandis, in Albain fós), agus scar stór focal an dá theanga óna chéile de dheasca próisis nuachóirithe is caighdeánaithe, a d’fheidhmigh ar shlite difriúla sa dá thír (McLeod 2008).

11 Feictear an neamhréir seo maidir le foilsiú fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain, ‘mórfhile Ghaeil Alban’ (Ó Doibhlin 1973), ar scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin an-chuid saothar critice ina thaobh. Foilsíodh sleachta d’fhilíocht MhicGill-Eain den chéad uair in Éirinn i léirmheas in Comhar in 1944 le Tomás de Bhaldraithe (de Bhaldraithe 1944), a d’úsáid straitéis a haon, agus ina dhiaidh sin foilsíodh dhá dhán dá chuid in eagrán eile de Comhar in 1945 de réir straitéis a dó (MacGill-Eain 1945). In 1960, d’fhoilsigh Gordon Mac Gill-Fhinnein dhá aiste in Comhar ar fhilíocht MhicGill-Eain le lán-aistriú go Gaeilge (i.e. straitéis a trí) (Mac Gill-Fhinnein 1960a, 1960b), cleachtas a lean Ó Doibhlin ina aiste cháiliúil in Irisleabhar Mhá Nuad i 1973 (Ó Doibhlin 1973). D’úsáid Tomás Mac Síomóin straitéis a haon (foilsiú na mbuntéacsanna amháin) in aiste chritice ar shaothar MhicGill-Eain (1986) ach lean Ní Annracháin straitéis a ceathair ina monagraf tábhachtach Aisling agus Tóir (1992), agus í ag baint úsáid as na haistriúcháin a rinne an file féin. Faoi dheireadh, i 2013 d’fhoilsigh Paddy Bushe cnuasach d’fhilíocht MhicGill-Eain ina raibh aistriúcháin go Gaeilge le Bushe os comhair na mbuntéacsanna Gàidhlig (Bushe 2013). Ina bhrollach don leabhar seo scríobh Seamus Heaney ‘is breá liom go bhfuil filíocht MhicGill-Eain aistrithe go Gaeilge, go mbeadh deis ag Gaeilgeoirí aithne a chur ar a chuid saothair sa teanga is giorra don mbunsaothar’ (Bushe 2013: 15) — ag glacadh leis, b’fhéidir, nach leor an teacht a bhí acu cheana ar an mbunsaothar féin.

12 Eiseamláirí eile den éagsúlacht seo is ea roghanna Sheáin de Fréine ina chnuasach Croí Cine (2019), ina nochtar roinnt sleachta le Somhairle MacGill-Eain agus roinnt filí Albanacha eile (de Fréine 2019: 220–221, 313–314, 326, 332–333, 377). Tá sleachta as trí dhán de chuid MhicGill-Eain ann, dhá cheann díobh sa Ghàidhlig le haistriúcháin Ghaeilge (le Paddy Bushe) ag dul leo (.i. straitéis a cúig), ach ceann díobh (rann as an dán ‘Aig Uaigh Yeats’) i nGàidhlig amháin, gan aistriúchán ná nótaí mínithe (.i. straitéis a haon). Leis na sleachta Albanacha eile, chuir de Fréine litriú agus deilbhíocht Éireannach orthu, ach ag an am céanna choinnigh sé roinnt focal agus foirmeacha Albanacha agus mhínigh iad sa ghluais ag cúl an leabhair (.i. rud éigin idir straitéis a dó agus a trí, b’fhéidir). Sa sliocht as ‘Eilean a’ Cheò’ le Màiri Nic a’ Phearsain (Màiri Mhòr nan Òran), bhain sé leas as ‘chuaigh’ seachas ‘chaidh’, ‘cuimhnigí’ seachas ‘cuimhnichibh’ agus ‘bhur gcró’ seachas ‘ur crodh’, mar shampla, ach choinnigh sé focail áirithe leis an bhfoirceann iolra Albanach –an (‘smaointean’, ‘buailtean’), rud a thugann air a mhíniú i nóta gurb ionann ‘smaointean’ agus ‘smaointe’, cé go gcuireann sé an fhoirm Éireannach ‘mílte’ in ionad ‘mìltean’ an bhuntéacs in áit eile (de Fréine 2019: 313, 406).

13 Ní gá go bhfuil na scríbhneoirí a d’úsáid straitéis a haon den tuairim go bhfuil léitheoirí Gaeilge na hÉireann in ann Gaeilge na hAlban a léamh gan stró. Ina léirmheas ar chnuasach de chuid Ruaraidh MhicThòmais (Nic Pháidín 1983) — leabhar dátheangach, le haistriúcháin go Béarla os comhair na ndánta i nGaeilge na hAlban — d’fhág Caoilfhionn Nic Pháidín na sleachta a tharraing sí as na dánta i nGaeilge na hAlban gan aistriúchán ná míniú. Ach thug sí le fios go raibh sí ag súil go mbeadh sé sách deacair do léitheoirí Gaeilge na hÉireann dánta MhicThòmais a thuiscint: ‘mar is léir ó na sleachta atá luaite sa léirmheas seo ní rachaidh an fhilíocht Ghàidhlig ó thuiscint ar an té a bhfuil Gaeilge aige agus gan amhras, cabhróidh na haistriúcháin leis chomh maith’ (Nic Pháidín 1983).

14 Bhí Máire Mhac an tSaoi míshuaimhneach le cleachtas straitéis a trí i gcnuasach le Meg Bateman, ach thug sí le fios nach mbeadh straitéis a haon lánsásúil ach oiread:

The languages are too close; arguably they are the same language. The translations embarrass: superfluous at one point, inadequate at the next. The urgency of the originals is blunted, one has felt the same dissatisfaction reading, for example, modern English versions of Chaucer. Perhaps a functional prose translation printed small at the foot of the page is what we need? No reader of Irish should have to be clued in to the verse-rhythms of the Scots Gaelic (Mhac an tSaoi 1990: 98).

15 Thairis sin, tá aistriúcháin is aistriúcháin ann. Scríobh Breandán Ó Doibhlin an méid seo maidir leis na leaganacha Gaeilge aige d’fhilíocht MhicGill-Eain:

[Ní] aistriúcháin atá anseo agam ar aghaidh an téacs Gàidhlige amach; níl iontu ach cuidiú chun an Ghàidhlig a léamh. . . . Athraím a laghad agus is féidir, agus níl focal ar bith sa Ghaeilge nach bhfuil le fáil ag an Duinníneach (Ó Doibhlin 1973: 13 n.1).

16 Mar sin úsáideann sé foirmeacha neamhchoitianta, leithéid d’fhuireochainn agus d’fheithfinnse (Ó Doibhlin 1973: 15, 16), atá níos gaire do na foirmeacha Albanacha sa bhuntéacs (‘dh‘fhuirichinn’ agus ‘dh’fheithinn-sa’), agus coinníonn sé foirmeacha diúltacha le cha, cé gur a úsáideann sé san alt féin. Ina alt ó 1960 ar fhilíocht MhicGill-Eain leanann Gordon Mac Gill-Fhinnein slí eile chun achar a chur idir an buntéacs agus an t‑aistriúchán: tá an leagan Gaeilge de chuid de na sleachta a chleachtann sé i gcruth próis seachas i gcruth rannaíochta, gan bhristeacha líne (modh oibre a fheictear go minic in eagráin d‘fhilíocht na scol) (1960a: 13–15). Tá difríocht thábhachtach idir na straitéisí seo agus ullmhú aistriúcháin ‘liteartha’ den chineál a rinne Paddy Bushe (2013).

17 Maidir le straitéis a dó, de ghnáth baineann na nótaí mínithe le focail nó abairtí gairide amháin: focail nach bhfaightear i nGaeilge na hAlban nó focail a bhfuil ciall eile leo (faux amis). Mar shampla, tá ‘mionfhoclóir’ ag deireadh an ailt ar fhilíocht Ruaraidh MhicThòmais a d’fhoilsigh Tómas Mac Síomóin in 1978; ach le 47 focal do théacs dhá leathanach go leith ar fhad níl sé chomh ‘mion’ sin. Sa chéad eagrán den ‘duanaire Gaeilge-Gàidhlig’ An Guth (Gorman 2003), tugtar uaireanta aistriúcháin ar línte iomlána, seachas díreach ar fhocail nó ar fhrásaí aonair. Ach ag an am céanna, tá aistriúchán iomlán déanta ar chuid de na dánta Albanacha in An Guth 1, uaireanta de réir straitéis a trí, uaireanta eile de réir straitéis a cúig i gcásanna éagsúla. In An Guth 3 (Gorman 2005), níl aistriúcháin ar bith ann ach tá gluais (.i. liosta d‘fhocail aonair amháin) ag deireadh an leabhair. B’fhéidir go gceileann an bhéim ar dhifríochtaí léacsacha an fhadhb go bhfuil roinnt difríochtaí gramadaí ann freisin a bhacann tuiscint an léitheora Éireannaigh ar Ghaeilge na hAlban. Ach tá liosta gairid ‘Mórdhifríochtaí Gramadaí’ idir Gaeilge na hAlban is na hÉireann ar fáil sa treoirleabhar beag Gàidhlig agus Gaeilge le Seán Mac Maoláin (2004 [1962]). B’fhéidir, ar deireadh, gurb í an chonstaic is tábhachtaí ná na struchtúir chéasta thimchainteacha atá an-choitianta i nGaeilge na hAlban, e.g. thèid an leughadh ‘léifear iad’.

18 B’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do léitheoirí na Gaeilge Albanaí Gaeilge na hÉireann a léamh ná a mhalairt. Chuirfeadh roinnt d‘fhoirmeacha an bhriathair i nGaeilge na hÉireann mearbhall ar an nGaeilgeoir Albanach: ní thuigfeadh sé no sí leithéid ‘ciallaíonn‘, ‘chreideamar’ nó ‘chuimhneofá' cé go bhfuil na bunbhriathair ciallaich, creid agus cuimhnich an-choitianta i nGaeilge na hAlban. (Is iad ‘tha e/i a’ ciallachadh’, ‘chreid sinn’ agus ‘chuimhnicheadh tu’ na leaganacha cuí sa Ghàidhlig.) B’fhéidir gur de dheasca na mbac bunúsach seo nach bhfuil an neamhréir chéanna atá pléite go dtí seo le feiceáil maidir le foilsiú téacsanna Éireannacha in irisí is i leabhair Albanacha: taobh amuigh d‘eisceacht fhánach (e.g. Ó Conchúir 1998 [stráitéis a haon]), is í straitéis a cúig a leantar, agus Gaeilge na hAlban á cur ar an mbuntéacs Gaeilge, in éagmais an bhuntéacs. Seo an patrún le hamhráin thraidisiúnta (Nèill 1983a), filíocht an 18ú céad (Nèill 1983a), filíocht an lae inniu (O’Gallagher 2016, 2019) agus prós (Titley 2000; Ní Dhuibhne 2006).

19 Gan dabht, is é straitéis a cúig an tslí is míthaitneamhaí ó thaobh an phan-Ghaelachais, mar a mhínigh an tOllamh Ní Annracháin:

Laudable as these translations may be, they fall short of drawing attention to the paradoxical juxtaposition of such deep shared resonances and such startling differences between the two branches of Gaelic which the inclusion of the originals would permit. The absence of the originals has meant that the translations could in many respects have been from any language at all, rather than one with which Irish shares a unique linguistic and poetic inheritance (Ní Annracháin 1991: 42).

20 Má tá ceist ann fós faoin gcaoi ar cheart déileáil leis an difríocht idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban, is cinnte go bhfuil difríocht ann. Ach uaireanta meascann scríbhneoirí áirithe an dá Ghaeilge d’aon ghnó, mar a rinne Calum MacGilleathain ina dhán ‘Dún Caoin san Earrach’ ([MacThòmais] 1993–1994: 44) agus Art Ó Maolfabhail ina dhán ‘Làmh á Èirinn’ (Ó Maolfabhail 1973). Tá cleachtais shuntasacha ag an bhfile, eagarthóir agus aistritheoir Rody Gorman, Éireannach atá lonnaithe ar Oileán Sgitheanach na hAlban le blianta fada. Cumann sé filíocht i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge na hÉireann araon (e.g. Gorman 2006), ach cleachtann sé saghas hibride freisin, a mheascann gnéithe de theanga na hAlban agus na hÉireann sa dán céanna agus fiú sa líne chéanna. Cuir i gcás an dán ‘Lá na Blian’ Ùire’ (Gorman 2004: 1). Tá an teideal féin measctha: is é ‘Lá na Bliana Úire’ an leagan Éireannach agus ‘Là na Bliadhn’ Ùire’ an leagan Albanach. Tá an file ag gluaiseacht anonn agus anall idir an dá Ghaeilge, ag úsáid, ní hamháin focail nó abairtí nach bhfaightear sa Ghaeilge eile (m. sh. cluas-le-claisneachd (‘cluas le héisteacht’)) ach freisin, rudaí beaga ar nós éagsúlacht in úsáid na sínte fada agus séimhiú nó easpa séimhithe. Tá na tréithe Éireannacha sa chéad rann marcáilte i gcló trom:

Seo muid a-rithist bliain eile
’S fós tha muid ann!
Sa bhaile,
Má chuireas tú an t‑inneal DVD as gleus
Is nì thú cluas-le-claisneachd,
Fairichidh tú guthanna dhaoine
’S iad ag seanchas
Nan caint in (Gorman 2004: 1)

21 Tríd is tríd, b’fhéidir go mba cheart glacadh leis gur straitéis a trí — comhghéilleadh de shaghas — an modh is iomchuí. Níl an straitéis seo gan mhíbhuntáistí, áfach: cuireann an t‑aistriúchán le méad an téacs, nó éilíonn sé ciorruithe ar ábhar substainteach an téacs cheal spáis. Maidir le leagan amach buntéacs agus aistriúcháin, tá sé tábhachtach i gcónaí bealaí a aimsiú chun tús áite a thabhairt don bhuntéacs, mar shampla le bheith ag cur an aistriúcháin i gcló iodálach nó i gclófhoireann níos lú nó níos fainne. Nuair a chlóbhuailtear buntéacs agus aistriúchán en face, ba chóir an buntéacs a chur ar an taobh deas, an taobh a tharraingíonn an tsúil ar dtús, agus an t‑aistriúchán ar an taobh clé (McLeod 2011).

22 Ag breathnú go ginearálta ar an gceist teanga seo, is é an deacracht bhunúsach nach bhfuil mórán deiseanna ag léitheoirí na Gaeilge cur amach a fháil ar Ghaeilge na hAlban. Mar shampla, in 2017 rinne mé féin suirbhé i measc 122 mhac léinn a bhí cláraithe ar chúrsa Gaeilge na chéad bhliana i gcúig ollscoil Éireannacha faoina n‑eolas ar theanga agus ar chultúr Ghaeilge na hAlban (is taighde é seo nár foilsíodh go fóill). Maidir lena gcuid cumais Gaeilge na hAlban a léamh, d’fhreagair 21% díobh go raibh siad in ann Gaeilge na hAlban a léamh ‘easily’ nó ‘somewhat’ agus 33.6% nach raibh, ach dúirt an chuid is mó díobh (49.2%) nach bhfaca siad Gaeilge na nAlban scríofa riamh. Caithfidh gurb amhlaidh atá an scéal d‘fhormhór mór na nÉireannach nach bhfuil aon bhaint acu leis an nGaeilge tar éis na scoile. Ar an drochuair ní dócha go bhfaighidh mic léinn le Gaeilge na hÉireann tacaíocht dhíreach chun a scileanna i nGaeilge na hAlban a neartú san ollscoil. Níl Gaeilge na hAlban riachtanach in aon chúrsa céime i nGaeilge in Éirinn seachas Coláiste na Tríonóide agus níl fiú modúl roghnach le fáil i gcuid de na hollscoileanna. Go deimhin, is dócha go bhfuil an soláthar a bhí ann tráth tar éis lagú sa 21ú céad. Ach ag an am céanna, i ré an idirlín tá áiseanna nua úsáideacha mar Am Faclair Beag (www.faclair.com) le fáil go réidh ar líne, rud a chuireann ar chumas an ghnáthléitheora Ghaeilge focail Albanacha nach dtuigeann sé nó sí a shoiléiriú.

23 Cuireadh roinnt moltaí faoi bhráid an phobail thar na blianta chun an ceangal liteartha idir Albain is Éirinn a neartú. Chomh fada siar le 1910 rinne W.H. Kent ‘a plea for literary confederation’ den ‘greater Gaidhealtachd’ (Kent 1910). Agus é ag tagairt d’iarrachtaí a bhí ar bun na teangacha Lochlannacha a tharraingt le chéile in aon leabhar léitheoireachta amháin, mhol sé é seo a leanas:

A Gaelic reading-book or anthology might with great advantage contain poems and prose selections from the best authors in Irish and Scottish Gaelic … It may be an Irish anthology with some specimens of Scottish poetry, or vice versa … We might have Irish classics with Scottish Gaelic notes and explanations; while Irish editors might do the same service for the masterpieces of Scottish literature. The literary organs of both nations might also do much in this way by means of mutual hospitality (Kent 1910: 345–346, 347).

24 I 1987, mhol Liam Prút ‘comhaontú eile’ idir Albain is Éirinn, agus é ag súil:

… go bhféachfaí le bunleaganacha na saothar Gàidhlige a thabhairt i dteannta nó d’éagmais leaganacha Gaeilge, ach le cabhair nótaí i gcás téacsanna próis atá rofhada le haistriú. Beidh a bhealaí oibre féin ag gach eagarthóir. Is é an pointe is tábhachtaí an Ghaidhlig a chur os comhair an phobail Ghaelaigh go leanúnach: go ndéanfaí an cóngas teanga a réaladh (Prút 1987: 35).

Conclúid

25 Ní féidir a rá gur éirigh go geal leis na moltaí sin, ar an drochuair. Is é croí na cúise nach bhfuil na naisc chultúrtha, shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla idir Albain is Éirinn láidir go leor chun caidreamh fileata a chothú ar bhonn inmharthana. Cuireadh deireadh i 2012 leis an imeacht ba thábhachtaí i bhféilire liteartha na nGael, an malartú liteartha bliantúil 'Turas na bhFilí/ Cuairt nam Bàrd’ a d‘eagraíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhpháirt leis an Scottish Arts Council nó Comhairle nan Leabhraichean, tar éis breis is daichead bliain. Tá na ceangail liteartha treallach seachas seasmhach, agus ní féidir a rá i ndáiríre go bhfeicfear amach anseo nó go bhfacthas go dtí seo ‘any significant looking to each other for inspiration and support’ (Ní Annracháin 1991: 43). Dá bhrí sin is comhartha ar fhadhb níos forleithne iad na cleachtais foilsithe a scrúdaíodh san alt seo.

Aguisín

Filíocht Shomhairle MhicGill-Eain in irisí is leabhair Éireannacha

Saothair a ceadaíodh

Armstrong, T. (2020) Tinte na Farraige Duibhe. Ais. ag Ó Murchú, E. P. Baile Átha Cliath: Leabhar Breac.

Bateman, M. (1990) Òrain Gaoil / Amhráin Ghrá. Ais ag Osborne, A. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

B[éaslaí], P. (1920) ‘“Scots Gaelic” — A Branch of Irish Literature — Irish & Scottish Gaels — What We Can Give and Gain’. In: The Freeman’s Journal, 13 Márta: 6.

Bushe, P. (2013) Ó Choill go Barr Ghéaráin — Na Dánta, Somhairle MacGill-Eain. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Caimbeul, M. (1988) A’ Càradh an Rathaid / Ag Cóiriú an Róid. Aistrithe ag Prút, L. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Caimbeul, M. (2007) Breac-a’-Mhuiltein: Dàin, 1974–2006 / Spéir Dhroim an Ronnaigh: Dánta, 1974–2006. Aistrithe ag Gorman, R. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

de Bhaldraithe, T. (1944) ‘File nua Albanach’. In: Comhar: 3 (7): 1 agus 8.

de Fréine, S. (eag.) (2019 [eagrán méadaithe]). Croí Cine: Dréachta agus Sleachta as Foinsí na Gaeilge Riamh Anall go dtí an Lá Inniu. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Gorman, R. (eag.) (2003) An Guth 1. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Gorman, R. (2004) An Duilleog agus an Crotal. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Gorman, R. (eag.) (2005) An Guth 3. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Gorman, R. (2006) Chernilo. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Gorman, R. (2011) Ceangailte. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Kent, W. H. (1910) ‘The Greater Gaidhealtachd: A Plea for Literary Confederation’. In: Guth na Bliadhna 7: 337–347.

MacFhionnlaigh, F. (2018) A’ Mheanbhchuileag. Aistrithe go Gaeilge faoin dteideal An Corrmhíol ag Ó Faoláin, S. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

[MacGill-Eain, S.] (1945) ‘Filíocht Trír’. In: Comhar 4 (9): 8.

MacGill-Eain, S. (1986) ‘Somhairle MacGill-Eain, arna aistriú ag Michael Davitt’. In: Innti 10: 43–45.

MacGill-Eain, S. (1999). O Choille gu Bearradh / From Wood to Ridge: Collected Poems in Gaelic and in English Translation. Manchain: Manchester University Press.

Mac Gill-Fhinnein, G. (1960a) ‘Litríocht na hAlban I: Somhairle Mac Gill-Eathain, File Mór Na NuaGhaidhlig’. In: Comhar 19 (9): 12–16.

Mac Gill-Fhinnein, G. (1960b) ‘Litríocht na hAlban 2: Somhairle Mac Gill-Eathain, File Mór Na NuaGhaidhlig’. In: Comhar 19 (11): 12–15.

MacIllebhàin, C. (2009) Dealbh Athar. Leaganacha Gaeilge le Ó Dúill, G. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

McLeod, W. (2008) ‘Linguistic Pan-Gaelicism: A Dog That Wouldn’t Hunt’. In: Journal of Celtic Linguistics 12 (1): 87–120.

Mac Lochlainn, A. (eag. agus ais.) (2006) Malairt Scéil: Nuascéalaíocht as Albain. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Mac Maoláin, S. (2004 [1962]) Gàidhlig agus Gaeilge. Ar fáil ag http://www.acmhainn.ie/athchlo/gaidhlig/ (faighte 20 Samhain 2020).

Mac Neacail, T. (1924) ‘Filidheacht na hAlban’. In: Fáinne an Lae, 26 Aibreán: 3, 6.

Mac Síomóin, T. (1978) ‘Gàidhlig na hAlban: Guth Úrnua’. In: Comhar 37 (9): 17–19.

Mac Síomóin, T. (1986) ‘An Coinsias Ciaptha: Buntéama i bhfilíocht Shomhairle Mhic Ghill-Eain’. In: Comhar 45 (6): 23–26.

MacThòmais, R. (1982) Creachadh na Clàrsaich: Cruinneachadh de Bhàrdachd 1940–1980. Dún Éideann: Macdonald Publishers

[MacThòmais, R.] (1993–1994) ‘Calum MacGilleathain, 1896–1961: Caraid nan Gàidheal an Albainn ’s an Èirinn’. In: Gairm 165: 41–44.

McLeod, W. (2011) ‘Duanairean Gàidhlig, poilitigs an eadar-theangachaidh agus taisbeanadh na Beurla: ath-sgrùdadh’. In: Dymock, E. agus McLeod, W. (eag.), Lainnir a’ Bhùirn/The Shining Water: Essays on Modern Scottish Gaelic Literature. Dún Éideann: Dunedin Academic Press, 2011, 133–141.

Mhac an tSaoi, M. (1990) ‘Minority Culture’. In: Poetry Ireland Review 30: 96–101.

Nèill, U. (1983) ‘Màiri Nic Mhaolain’. In: Gairm 123: 223–225.

Nèill, U. (1983a) ‘Am Bunnan Buidhe le Cathal Buidhe (1666–1756’. In: Gairm 124: 33–34.

Ní Annracháin, M. (1989) ‘Deireadh an Fhoghair’. In: Léachtaí Cholm Cille 19 (Litríocht na Gaeltachta), 168–91.

Ní Annracháin, M. (1991) ‘The Highland Connection: Scottish Reverberations in Irish Literary Identity’. In: Irish University Review, 21: 35–50.

Ní Annracháin, M. (1992) Aisling agus Tóir: An Slánú i bhFilíocht Shomhairle MhicGill-Eain. Má Nuad: An Sagart.

Ní Annracháin, M. (2014a) ‘Sneachta ar fud Éireann?’ In: Ní Úrdáil, M. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.), Mo Ghnósa Leas an Dáin: Aistí in Ómós do Mháirtín Ó Direáin. An Daingean: An Sagart, 1–25.

Ní Annracháin, M. (2014b) ‘Fuíoll Fuine agus Shrapnel: Scéalta Seachráin’. In: Léann 3: 81–95.

NicGumaraid, M. (1988) Eadar Mi ’s a’ Bhreug. Leaganacha Gaeilge le Prút, L. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

NicGumaraid, M. (1997) Ruithmean is Neo-rannan / Rainn is neamhrainn. Leaganacha Gaeilge le Ó Snodaigh, P. agus Prút, L. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

NicGumaraid, M. (2012) Fo Stiùir a Faire. Leaganacha Gaeilge le Prút, L. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Nic Pháidín, C. (1983) Léirmheas ar Creachadh na Clàrsaich (Ruaraidh MacThòmais). In: Comhar 42 (3): 37.

Nic Shím, N. (2010). ‘Raoir Reubadh an Iolaire . . .’. In: Comhar 70 (8): 10–15.

Ní Dhuibhne, E. (2006) Ùpraid. Ais. aig Mhoireasdan, B. Inbhir Nis: Clàr.

Ní Ríordáin, M. (1990) Léirmheas ar Na Speuclairean Dubha (Iain Mac a’ Ghobhainn). In: Comhar 49 (6): 29–30.

Ó Baoill, C. (eag. is ais.) (1996) Feoil an Gheimhridh agus Scéalta Eile. Béal Feirste: Lagan Press.

Ó Concheannain, T. (1961) ‘Donnc[h]adh Ban nan Oran’. In: Comhar 20 (5): 17–21.

Ó Conchúir, L. (1998) ‘Dá Dhán Gaeilge’. In: Gairm 185: 87.

Ó Doibhlin, B. (1973) ‘Mórfhile Ghael Albain’. In: Irisleabhar Mhá Nuad 1973: 9–35.

Ó Doibhlin, B. (1984) Léirmheas ar Deireadh an Fhoghair (Tormod Caimbeul). In: Comhar 43 (9): 52–56.

Ó Dúill, G. (2011) ‘Mother-tongue, father-tongue’. In: Dymock, E. agus McLeod, W. (eag.), Lainnir a’ Bhùirn/The Shining Water: Essays on Modern Gaelic Literature. Dún Éideann: Dunedin Academic Press, 169–179.

O’Gallagher, N. (2014) ‘Dánta’. In: Comhar 74 (4): 24–25.

O’Gallagher, N. (2016) ‘Ochd Dàin le Biddy Jenkinson’. In: STEALL 01: 42–50.

O’Gallagher, N. (2019) ‘Séamus Barra Ó Súilleabháin’. In: STEALL 05: 55–66.

Ó Maolfabhail, A. (1973) ‘Làmh á Èirinn’. In: Gairm 83: 269–271.

O’Nolan, G. (1922) Trí Seoda ó Albain. Baile Átha Cliath: Comhlucht Oideachais na hÉireann Teo.

Póirtéir, C. (1982) ‘Cuairt fhilí na hAlban’. In: The Irish Press, 1 Aibreán: 8.

Prút, L. (1987) ‘Comhaontú Eile’. In: Comhar 46 (9): 34–35.

Titley, A. (1988) ‘Iain Mac a’ Ghobhainn, Scríbhneoir’. In: Comhar 47 (4): 15–25.

Titley, A. (2000) ‘Sgeulachdan Beaga’. Ais. aig Gorman, R. agus MacCoinnich, S. In: Gairm 191, 206–9.

Titley, A. (2009) ‘“Na Curaidhean gun Fheall gun Sgàth: Albain agus Cogaí na Breataine Móire’. In Léann 2: 1–17.

Whyte, C. (2002) ‘Do Pier Paolo Pasolini’. In: Comhar 62 (12): 22–23.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626