Foilsiú, míniú agus aistriú Gaeilge na hAlban in Éirinn

McLeod, Wilson

The publishing, explanation and translation of Scottish Gaelic Literature in Ireland

Abstract

This article considers the varied ways in which texts in Scottish Gaelic have been presented in Irish-language books and journals since the early twentieth century. Although Irish and Scottish Gaelic are closely related to each other, the extent to which readers of Irish can understand written Scottish Gaelic is somewhat unclear. Views on the matter are sometimes clouded by ‘pan-Gaelic’ idealism, which gives rise to an imagined (or hoped-for) linguistic affinity. Given this uncertainty, several different ways of presenting Scottish Gaelic texts can be discerned, and these arguably rest on incompatible understandings of the extent of mutual intelligibility between the two varieties. Sometimes the Scottish Gaelic original is presented with no explanatory notes, sometimes with them; sometimes a translation into Irish or a translation into English is provided; sometimes only an Irish translation is given, without the original. Particularly in relation to prose texts (which are typically longer) it is most common not to provide the Scottish Gaelic original. These varying publication strategies can be seen, for example, in the work of editors and critics in relation to the poetry of the celebrated twentieth-century Scottish poet Sorley MacLean. On balance, the middle ground of providing an Irish translation may seem the most practical solution, although it is best to ensure that the original text is appropriately prioritised, for example through putting the translation in italics or below the original.

An underlying difficulty is the relative weakness of the cultural connections between Ireland and Gaelic Scotland, so that readers of Irish have little opportunity to become familiar with Scottish Gaelic. In addition, over the last century the linguistic gap between the two varieties has tended to widen, due to diverging processes of modernisation and standardisation. Although there have been various cultural initiatives to link the two language communities, these have tended to have relatively little lasting impact.

 

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
pan-Ghaelachas, aistriúchán, comh-intuigtheacht, Gaeilge na hAlban

DOI:
10.18669/ct.2020.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déanann an t-alt seo machnamh ar na bealaí éagsúla inar cuireadh téacsanna i nGàidhlig na hAlban i láthair i leabhair agus in irisleabhair Ghaeilge ó thús an fichiú haois. Cé go bhfuil dlúthbhaint ag Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban lena chéile, tá sé sách doiléir a mhéid is féidir le léitheoirí na Gaeilge an Ghàidhlig scríofa a thuiscint. Uaireanta clúdaíonn an t-idéalachas ‘pan-Ghaelach’ tuairimí ar an ábhar, rud a fhágann go bhfuil cleamhnas teangeolaíoch samhalta ann (nó cleamhnas bunaithe ar dhóchas). I bhfianaise na neamhchinnteachta seo, is féidir roinnt straitéisí éagsúla chun téacsanna Gaelacha na hAlban a chur i láthair a aithint, agus is féidir a rá go bhfuil siad seo ag brath ar thuiscintí neamh-chomhoiriúnacha ar mhéid na comh-intuigtheachta idir an dá theanga. Uaireanta cuirtear buntéacs i nGàidhlig na hAlban gan aon nótaí míniúcháin leis; uaireanta soláthraítear aistriúchán go Gaeilge nó aistriúchán go Béarla; uaireanta ní thugtar ach aistriúchán Gaeilge, gan an bunleagan. Go háirithe maidir le téacsanna próis (a bhíonn níos faide de ghnáth) is minic nach soláthraítear an buntéacs Gàidhlig. Is féidir na straitéisí éagsúla foilseacháin seo a fheiceáil, mar shampla, sa chaoi a gcaitheann eagarthóirí agus criticeoirí éagsúla le filíocht an nuafhile iomráitigh Albanaigh Somhairle MacGill-Eain. Tríd is tríd, is cosúil gurb é an buntéacs in éineacht le haistriúchán Gaeilge an réiteach is praiticiúla, cé gur fearr a chinntiú go dtugtar tosaíocht iomchuí don bhunthéacs, mar shampla tríd an aistriúchán a chur i gcló iodálach nó faoi bhun an bhuntéacs.

Deacracht bhunúsach is ea laige na nasc cultúrtha idir Éire agus Albain Ghaelach, ionas gur beag an deis atá ag léitheoirí na Gaeilge dul i dtaithí ar Ghàidhlig na hAlban. Ina theannta sin, le céad bliain anuas tá an bhearna teanga idir an dá chineál ag leathnú, mar gheall ar phróisis éagsúla nuachóirithe agus caighdeánaithe. Cé go raibh tionscnaimh chultúrtha éagsúla ann chun an dá phobal teanga a nascadh, is beag tionchar buan a bhí acu seo.

Údar:
McLeod, Wilson

Teagmháil:

w.mcleod@ed.ac.uk

Beathaisnéis:

Ollamh na Gàidhlig in Ollscoil Dhún Éideann is ea Wilson McLeod. Tá céimeanna bainte amach aige ó Choláiste Haverford (BA), Ollscoil Harvard (JD) agus Ollscoil Dhún Éideann (MSc, PhD). Tá suim aige i litríocht agus polaitíocht chultúrtha na Gàidhlig in Albain agus i sochtheangeolaíocht agus polasaí mionteangacha. I measc na bhfoilseachán aige tá Cruth na Tíre: An Teanga, an Tírdhreach agus an tSamhlaíocht i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban (Coiscéim 2003) (eag. le Máire Ní Annracháin); Divided Gaels: Gaelic Cultural Identities in Scotland and Ireland c. 1200-c. 1650 (Oxford University Press 2004); Gaelic in Scotland: Policies, Movements, Ideologies (Edinburgh University Press 2020); agus Language Revitalisation and Social Transformation (Palgrave Macmillan 2021) (eag. le Huw Lewis).

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.