Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin

Ní Chonghaile, Deirdre

Embodying homage and outrage: Ómós do John Millington Synge by Máirtín Ó Direáin

Abstract

Mulling over John Millington Synge’s entire corpus, Yeats famously eulogized: ‘He loves all that has edge, all that is salt in the mouth, all that is rough to the hand, all that heightens the emotions by contest, all that stings into life the sense of tragedy’ (1911: 20). Eighty years later and with a similar concern for truthful writing, the broadcaster and author from Árainn, Breandán Ó hEithir, praised Synge for revealing the bitter actuality of contemporary life in Aran: ‘Only in the writings of Synge do we find any impression of the frequent assaults, maiming of horses and cattle, boycotts, victimizations, evictions and allegations of forced conversions that arose constantly in the history of the period’ (1991: 61). Ó hEithir goes on to temper his praise of Synge, however, saying he did not go far enough, not as far as ‘the frank, often scathing realism of the novels of Liam O’Flaherty’ (62). Ó hEithir’s characteristic tip-of-the-hat to his uncle’s literary achievements constitutes an islander’s invitation to consider the strategic selectivity of Synge’s representation of Aran, which conceals much that did not suit Synge’s own purpose even as he revealed the islands in vivid detail. Via a close reading of a poem by another islander, Máirtín Ó Direáin’s ‘Ómós do John Millington Synge,’ an homage he first published in 1953 and amended in 1957, this article considers Synge’s impact on Aran’s iconic canon of literature and, thereupon, on the islands themselves. Re-appropriating Synge’s appropriations of Aran and speaking for Aran by embodying in and through his poem her voice and her concerns, Ó Direáin warns that any failure to acknowledge the local voice constitutes an act of discrimination. His homage thus highlights Synge’s role in efforts to secure social justice and cultural and linguistic equity for Aran.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
05/11/2019

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
ómós cultúrtha, guth áitiúil, Canóin Liteartha, nualítríocht Árann, John Millington Synge, Máirtín Ó Direáin

DOI:
10.18669/ct.2019.01

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Ag machnamh dó ar shaothar iomlán John Millington Synge, d’eisigh Yeats an duanmholadh cáiliúil seo: ‘He loves all that has edge, all that is salt in the mouth, all that is rough to the hand, all that heightens the emotions by contest, all that stings into life the sense of tragedy’ (1911: 20). Ceithre scór bliain ina dhiaidh sin, mhol Breandán Ó hEithir Synge as fírinne shearbh an tsaoil chomhaimseartha in Árainn a nochtadh: ‘the frequent assaults, maiming of horses and cattle, boycotts, victimizations, evictions and allegations of forced conversions’ (1991: 61). Maolaíonn sé a mholadh, áfach, nuair a mheasann nár nocht Synge a dhóthain, nár theannaigh sé le ‘the frank, often scathing realism of the novels of Liam O’Flaherty’ (62). San umhlú seo do bhua a uncail, eisíonn Ó hEithir cuireadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar stráitéis Synge i leith Árann. Trí anailís ghrinn ar an dá leagan foilsithe de dhuanmholadh Uí Dhireáin do Synge (1953; 1957), pléann an t-alt seo luathfhiosrúchán an Direánaigh faoin tionchar a bhí ag Synge ar chanóin iomráiteach liteartha Árann agus, dá bharr sin, ar an oileánra féin. Mar a ghlac Synge seilbh ar Árainn, glacann an saoi file seilbh ar shealbhú Synge agus labhraíonn ar son Árann. Fógraíonn sé gurb ionann neamhaird a dhéanamh don ghuth áitiúil agus leithcheal a dhéanamh air. Áitíonn sé go bhfeidhmíonn Synge sna hiarrachtaí éagsúla chun cothrom na féinne a bhaint amach d’Árainn i leith na sochaí, i leith an chultúir, agus i leith na teanga. Bronnann an anailís nua seo orainn saibhreas de thuiscintí úra nár nocht aistritheoirí ná scoláirí cheana.

© Deirdre Ní Chonghaile, 2019

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Chonghaile, Deirdre

Teagmháil:

deirdrenichonghaile@gmail.com

Beathaisnéis:

Is ceoltóir, scríbhneoir, craoltóir agus scoláire neamhspleách í an Dr. Deirdre Ní Chonghaile, arbh de bhunadh Árann í. Tá céimeanna sa cheol aici ó Ollscoil Oxford agus ó Ollscoil Chorcaí. Bhí sí ina Comhalta NEH Mhic Eochaidh in Ollscoil Notre Dame, Indiana; ina Comhalta Alan Lomax sa Library of Congress; agus idir 2012 agus 2018 bhain ceangal le Roinn na Gaeilge agus le hInstitiúid de Móra in OÉ Gaillimh léi, ina comhalta taighde faoi scáth na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus faoi scáth Ollscoil na hÉireann. Stiúraíonn sí an togra dhátheangach Amhráin Árann — Aran Songs agus, le gairid, léirigh sí albam úr Threasa Uí Mhiolláin as Árainn, Lán Mara (Cló Iar-Chonnacht 2019). Faoi láthair, tá leabhar ar bhailiú an cheoil in Éirinn á réiteach aici. Mhúscail an t‑ábhar sin an taighde is úire uaithi ar amhráin a bailíodh i measc na nGael i Meiriceá sa tréimhse 1884–1935.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.