Trácht ar an Eitinn i nDialanna Luatha Sheáin Uí Ríordáin 1940–50

Ó Liatháin, Pádraig agus Breathnach, Ciara

Recording TB: the Early Diaries of Seán Ó Ríordáin 1940–50

Abstract

This article analyses examples of how Seán Ó Ríordáin contends with tuberculosis in his early diaries from 1940–50. Diary 1 begins on 1 January 1940, and Diary 8 ends on 8 March 1950. The diaries give the reader an insight into Ó Ríordáin’s experiences as a young man, and they provide a unique and vivid portrayal of the daily experience of an invalid, the experience of a patient suffering from respiratory disease.

What is remarkable and unusual about Ó Ríordáin is that he regularly discusses, on an almost daily basis, his health, and the attending constant struggle. He recounts intensely personal matters such as body weight, bouts of ill-health, his stays in the sanatorium, unsuccessful attempts at relationships, the stigma of tuberculosis in the community, etc. These narratives are of particular value, and the diaries contain much more than merely concise accounts of his illness; they are lengthy, meticulous, and personal. Often self-excoriating and unforgiving of himself, he at times despairs as he recounts the everyday happenings of a life lived through illness. He discusses the appearance of his saliva and phlegm, his coughing and high fevers, and he often fears that death is at his door. This research is therefore of particular value in the context of the history of medicine in Ireland and within the interdisciplinary field of Medical Humanities more generally.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2022

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
leigheas in Éirinn, eitinn, prós na Gaeilge, dialann, Seán Ó Ríordáin

DOI:
10.18669/ct.2022.04

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Féachtar anseo ar dhialanna luatha Uí Ríordáin faoi mar a thráchtann siad ar ghalar na heitinne sa tréimhse idir 1940 agus 1950. Tosaíonn Dialann 1 ar an 1 Eanáir 1940, agus críochnaíonn Dialann 8 ar an 8 Márta 1950. Tugann na dialanna seo éachtaint ar a raibh á fhulaingt ag an Ríordánach agus é ina fhear óg, agus faightear iontu léiriú gléineach ar thaithí laethúil an duine bhreoite, ar thaithí an té atá faoi ghalar riospráide.

An rud atá suntasach agus éagsúil faoi Ó Ríordáin ná go ndéanann sé plé rialta, beagnach laethúil ar a shláinte, agus ar an streachailt leanúnach a bhaineann léi. Tugann sé insint uaidh, mar shampla, ar nithe mar seo a leanas, meáchan a choirp, taomanna breoiteachta a bhuaileann é, sealanna sa sanatóir, iarrachtaí chun cumarsáide nár éirigh leo, stiogma na heitinne sa phobal, etc. Tá luach faoi leith ag baint leis na hinsintí seo, agus tá níos mó sna dialanna ná cuntais ghonta ghairide ar a bhreoiteacht; bíonn siad fada, mionchúiseach, agus pearsanta. Féinscagthach agus dian air féin go minic, is beag an dóchas a bhíonn aige agus é ag cur síos go mion ar na nithe beaga laethúla a bhaineann le saol an bhreoiteacháin. Is minic an tuairim aige go bhfuil an bás lena ais agus luann sé cuma a chuid seile, an chasachtach a bhíonn air, an réama a thagann aníos agus na fiabhrais arda a thagann air. Mar sin, tá luach faoi leith ag baint leis an taighde seo i gcomhthéacs stair an leighis in Éirinn agus sa staidéar ar Dhaonnachtaí an Leighis.

© Pádraig Ó Liatháin agus Ciara Breathnach, 2022

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International (CC BY-NC 4.0).

Údar:
Ó Liatháin, Pádraig agus Breathnach, Ciara

Teagmháil:

padraig.oliathain@dcu.ie

ciara.breathnach@ul.ie

Beathaisnéis:

Pádraig Ó Liatháin

Is ollamh cúnta é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr (2012–15). D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a eagrán criticiúil den dán ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ le Donncha Rua Mac Conmara sa bhliain 2018. Faoi láthair tá sé ag obair ar mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thras-scríobh agus a chur i gcló. Tá an chéad imleabhar istigh, agus cuirfidh Cló Iar-Chonnacht amach gan mhoill é, agus tá an dara himleabhar le teacht sna sála air. Comheagarthóir é, leis, ar na leabhair Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha, staire, teanga agus litríochta (Cló Iar-Chonnacht, 2021), agus Ó Chleamairí Go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (Cló Léann na Gaeilge, 2022).

Ciara Breathnach

Is ollamh comhlach le Stair in Ollscoil Luimnigh í Ciara Breathnach agus tá an Gradam Laureate bronnta uirthi ag an gComhairle um Thaighde in Eirinn. Suíonn Breathnach ar Chomhairle Chomhairleach na Cartlainne Náisiúnta agus ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, agus is iarbhall í de Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (2015–2020) agus den Chomhairle Oidhreachta (2012–2016). Tá cuid mhaith foilsithe aici ar stair shocheacnamaíoch, inscne, chultúrtha agus sláinte na hÉireann. Is údar í ar The Congested Districts Board of Ireland, 1891–1923, poverty and development in the West of Ireland (Dublin, 2005) agus eagarthóir/comheagarthóir ar sheacht gcinn d’imeachtaí comhdhála. Seachas caibidlí in imleabhair, tá ailt foilsithe aici in History TeacherHealth and HistoryJournal of the History of Childhood and YouthNursing History ReviewSocial History of MedicineGender & HistoryUrban HistoryMedical HumanitiesCultural and Social HistoryMedical HistorySocial HistoryIrish Historical StudiesImmigrants and MinoritiesHistory of Family: an International QuarterlyThe Journal of Imperial and Commonwealth HistoryHistorical Research: the Bulletin of the Institute for Historical Research agus New Hibernia Review. Tá a monagraf reatha, Ordinary lives, death and social class: Dublin City Coroner’s Court, 1876–1902 díreach le teacht ó Oxford University Press.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.