‘Béidh cruinniú ag Cumann Gaedhealach Choláiste na Trionóide an 17adh lá de’n mhí seo, ar a 8 a chlog i gcuimhne Thomáis Dáibhis’, a d’fhógair An Claidheamh Soluis ag tús mhí na Samhna 1914. ‘Tiubhraidh W.B. Yeats óráid ar an Dáibhiseach, agus labhrochaidh Pádraig Mac Piarais agus An Biggearach [Francis Joseph Bigger] leis’ (1914c: 3).

Ócáid fhoirmiúil phoiblí ba ea an chéad chruinniú den bhliain acadúil úr ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcónaí. Ba ghnách le reachtaire an chumainn a léacht tionscnaimh a thabhairt agus bhíodh aíonna aitheanta i láthair lena ngaois faoin ábhar a bhí faoi chaibidil a thabhairt uathu, le rún buíochais a mholadh agus le tacú leis. Níorbh aon eisceacht an cruinniú a bhí pleanáilte ag coiste an Chumainn Ghaelaigh le tús a chur leis an seisiún 1914–15 ach amháin nach raibh an reachtaire, Oisín Mac an Iasgaire, le labhairt ann. Comóradh speisialta a bheadh ann ar Thomas Davis, iarmhac léinn de chuid na hollscoile agus fear a sheas don fhéiniúlacht pholaitiúil is chultúrtha Éireannach is a d’fhógair ‘[that] Ireland must be unsaxonized before it can be pure and strong’ (luaite ag Boyce 2003: 156), leathchéad bliain sular chuir léacht an Chraoibhín faoi ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’ dlús le réabhlóid pholaitiúil is chultúrtha eile. An chéad dáta a bhí roghnaithe ag an Chumann Gaelach do Chomóradh an Dáibhisigh ná an 14 Deireadh Fómhair. Cuireadh siar go dtí an 3 Samhain é gur athraíodh an dáta arís go dtí an 17 Samhain ó tharla gur fhóir an lá sin do Yeats (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 15 Meán Fómhair 1914 agus 27 Deireadh Fómhair 1914).

Bhí bord an choláiste i ndiaidh cead a thabhairt don Chumann Gaelach Regent House, áras maorga os cionn gheata tosaigh an choláiste, a úsáid don tráthnóna (TCDMA. MUN/V/5/21: 3 Samhain 1914, ‘Societies’). Mar chúirtéis, mar a tharlaíodh ar ócáidí móra eile, thug coiste an Chumainn cuireadh don Leas-Phropast John Pentland Mahaffy a bheith sa chathaoir (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 27 Deireadh Fómhair 1914). Ach nuair a chuala Mahaffy, a bhí i mbun riar an choláiste ó fuair an Propast Anthony Traill bás i lár Dheireadh Fómhair 1914, ainmneacha na gcainteoirí, chuir sé i gcoinne an Phiarsaigh — ‘a man called Pearse’ — mar gheall ar a ghníomhaíocht in éadan earcaíochta in arm na Breataine. Ní hé amháin gur coisceadh an Piarsach ar labhairt i gColáiste na Tríonóide ach chuir bord Choláiste na Tríonóide an Cumann Gaelach faoi chois.

Eachtra iomráiteach is ea Comóradh an Dáibhisigh 1914 a bhfuil staraithe is scríbhneoirí eile i ndiaidh cíoradh a dhéanamh uirthi i nGaeilge agus i mBéarla. De ghnáth, amharctar uirthi trí lionsa bheatha an Phiarsaigh mar imeacht a chaitheann solas ar an chlaochlú ar phróifíl phoiblí an Phiarsaigh ó ghníomhaí teanga go scarúnaí míleata polaitiúil, claochlú a tháinig chun buaice le hÉirí Amach na Cásca is lena bhású. Nuair a d’fhoilsigh Críostóir Ó Floinn dráma Béarla in 1980 le comóradh a dhéanamh ar bhreith an Phiarsaigh céad bliain roimhe sin, thug sé A Man called Pearse air (O’Flynn 1980). Níl i gconspóid Chomóradh an Dáibhisigh ach mír bheag de dhráma Uí Fhloinn a chuimsíonn tréimhsí eiseamláireacha i saol an Phiarsaigh. Ach pearsa is ea Mahaffy sa dráma fosta, ní hé amháin sa chuid sin a bhaineas le himeachtaí Shamhain 1914 ach i dtrí radharc eile. Seasann sé don ghlúin Éireannach Aontachtach sin a bhí i bhfách le hÉirinn gan roinnt a choinneáil taobh istigh den Ríocht Aontaithe. Ach bhí cúis eile ann le páirt shuntasach a thabhairt do Mahaffy sa dráma. Bête noire do ghluaiseacht na Gaeilge ba ea é ó labhair sé i gcoinne stádas a bheith ag an Ghaeilge sa chóras meánscolaíochta sa bhliain 1899. I gcodarsnacht le ról Mahaffy sa dráma, áfach, níl ach trácht fhánach ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ann. Ní ainmnítear aon duine sa Chumann amhail is gur leor teideal an chumainn chun a sheasamh is dearcadh na mball uilig ar chúrsaí na hÉireann a thuigbheáil. Fiú amháin, nuair a ainmníonn tráchtairí sna foinsí eile baill áirithe de choiste an Chumainn Ghaelaigh a bhí páirteach in imeachtaí Chomóradh an Dáibhisigh, ní bhíonn an t‑eolas nó an bhrí a bhaintear as an eolas cruinn nó sách caolchúiseach i dtólamh.

San alt seo, cuirim romham eachtra Chomóradh an Dáibhisigh a mheas as an nua. Feicfimid nach raibh ach mionpháirt imeallach ag an Phiarsach inti agus gurbh iad Mahaffy ar thaobh amháin agus triúr ball de choiste an Chumainn Ghaelaigh ar an taobh eile príomhphearsana an dráma. Fad na slí, breathnóimid ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomhthéacs oibriú cultúrtha is polaitíochta na linne, díreoimid ar choiste an Chumainn Ghaelaigh sa bhliain 1914, agus scrúdóimid beaichte na gcuntas ar ar tharla do bhaill an choiste a bhí bainteach leis an chonspóid. Le clabhsúr a chur ar an aiste, tagróimid d’athbhunú an Chumainn Ghaelaigh i bhfianaise chúinsí úra pholaitíocht na hÉireann sna 1920idí luatha.

Cumainn Ghaelacha na nOllscoileanna

Ba é an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide an dara ceann ba shinsearaí sa tír. Bhunaigh William Porter MacArthur, fear a raibh Gaeilge mhaith aige is a thóg a chlann le Gaeilge, College Gaelic Society/Cumann Gaedhealach an Choláiste i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste in Eanáir 1906 (Blaney 1996: 184–190). Chuir an Cumann, ar Phreispitéirigh tromlach a mball luath, roimhe ‘to assist in the preservation of the Irish Language and its ultimate re-establishment as the language of the country, as Welsh is of Wales …’ (luaite ag Blaney 1996: 185). Mar sin, thug bunaitheoirí an Chumainn tús áite don Ghaeilge. An cuspóir leathan a bhí ag an ‘Dublin University Gaelic Society’ a tháinig ar an fhód i gColáiste na Tríonóide i mBealtaine 1907 (Irish 2015: 24) ná ‘the promotion of the study of the Language, Literature, Art, Archæology, and Economics of Ireland’ (The Dublin University Calendar, For the Year 1907–1908. Vol. I. 1907: 58*).

Straigléir ba ea Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath a fothaíodh dhá ráithe nach mór sular tháinig an t‑acht i bhfeidhm ar Lá Lúnasa 1908 a d’athsheol an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar chomhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann. Bhí an chéad chruinniú den Chumann ar an 25 Márta 1908 nuair a thug Tomás Ó Nualláin léacht Ghaeilge dar theideal ‘An Cathrar agus an Choitcheanntacht’ (Irish Times 1908: 5). ‘Badh mhithid cumann dá leithéid a chur ar bun i gColáiste na nGaedheal agus a rádh go bhfuil ceann ar bun i gColáiste na nGall-Ghaedheal le tuilleadh agus bliadhain’, a dhearbhaigh An Claidheamh Soluis ag an am (1908: 5).

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide — ‘Coláiste na nGall-Gheadheal’ — ba ea Dubhghlas de Híde, Uachtarán Chonradh na Gaeilge sna blianta sin. Ba dhuine é an Craoibhín, a deir Liam Mac Mathúna, a raibh ‘col’ aige ‘le gach ar bhain le Coláiste na Tríonóide, idir institiúid, idé-eolaíocht agus fhoireann acadúil’ (2021: 21). Bhí de Híde i ndiaidh na scoláirí sinsearacha, Mahaffy, ar Chlasaicíoch é, agus Robert Atkinson, Ollamh le Focleolaíocht Chomparáideach, a aoradh go feanntach ina dhráma dátheangach, Pleusgadh na Bulgóide; Or the Bursting of the Bubble (1903), mar dhíoltas ar a ‘bhfianaise’ chlaonta i gcoinne stádas na Gaeilge sa chóras meánscolaíochta sa bhliain 1899. Is ar éigean a cheil ainmneacha na bpearsan ‘Mac Eathfaidh’ agus ‘Mac hAitcinn’ cé a bhí i gceist (Hyde 1903). Agus Anthony Traill — ‘Mac Ui Tráill’ i ndráma de Híde — ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide ó 1904, tugadh aitheantas úr don Léann Ceilteach sa choláiste trí bliana ina dhiaidh sin nuair a ceapadh E.J. Gwynn, scoláire Sean-Ghaeilge, i gcathaoir nua sna teangacha Ceilteacha (Irish 2015: 24). Faoi mar a ghlac de Híde, Ollamh le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, leis an phost oinigh mar Uachtarán Chumann Gaelach an Choláiste Ollscoile, bhí Gywnn ina Uachtarán ar Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide (The Dublin University Calendar, For the Year 1907–1908. Vol. I. 1907: 58*). An bhliain dár gcionn, 1908, ghabh Mahaffy, a bhí ina Leas-Phropast faoin am sin, a leithscéal as a sheasamh san aighneas faoin Ghaeilge sa chóras meánscolaíochta (Irish 2015: 25). Agus áit ar thacaigh an Propast Traill le leasú ar an Bhille um Féinrialtas sa bhliain 1912, leasú a chiallódh nach mbeadh dlínse ag aon rialtas in Éirinn ar Choláiste na Tríonóide, chuir Mahaffy ina éadan (Stanford & McDowell 1971: 219–220). Má bhí leideanna ann go raibh maolú ar an naimhdeas a bhí ag go leor daoine i ngluaiseacht na Gaeilge le Coláiste na Tríonóide, b’ann don amhras i gcónaí faoina thiomanta is a bhí an ollscoil do chúis na teanga nó cé chomh báúil is a bhí sí léi. Mar an gcéanna, bhí gníomhaithe i ngluaiseacht na Gaeilge idir dhá chomhairle faoi éifeacht an Chumainn Ghaelaigh san institiúid sin. Sa bhliain 1910, mhaígh An Claidheamh Soluis:

The Gaelic Society of Trinity has done much good by continually asserting the claims of our Gaelic civilisation. It is still a small body, but the “heather” may take fire any day. When it does the Revival will double its rate of progress. (1910: 7)

Bliain ina dhiaidh sin, dhearbhaigh tráchtaire sa nuachtán céanna faoin Chumann Gaelach: ‘Ní móran gleo a ghníos an Cumann so …’ (Caor 1911: 3). Bhí Gaeilge ag Charles Power — nó Cathal Paor mar a thugadh sé air féin fosta — a bhí ina reachtaire sa bhliain 1912–13. Chláraigh John Nelson Beaumont — Seán Beaumont — fear a bhí crochta le cúis na Gaeilge i rith a shaoil, sa Chumann Gaelach in 1912 (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/2: 19 Samhain 1912). Ach níor chuidigh sé le híomhá phoiblí an Chumainn i measc phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath go mbíodh a phríomhimeachtaí i mBéarla. Le cothrom na Féinne a thabhairt don Chumann Gaelach, áfach, caithfear a aithint gur chuir sé roimhe ón tús níos mó ná an Ghaeilge a shaothrú.

Ar an taobh theas d’Fhaiche Stiabhna, ba chumann beoga é Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile. Bhí dhá ábhar mhaíte aige a dhealaigh ó Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide é. Bhíodh na himeachtaí ar fad i nGaeilge: b’fhíric í sin a gcuireadh tuairiscí ar an chumann sna nuachtáin Bhéarla sonrú inti ón chéad chruinniú sin i Márta 1908 ar aghaidh (Irish Times 1908: 5Irish Independent 1912: 4Freeman’s Journal 1913a: 10). Agus bhí ról gníomhach ag mná, a raibh cead acu freastal ar an Choláiste Ollscoile ón tús, sa Chumann Gaelach. Bhí iníonacha léinn i gColáiste na Tríonóide ón bhliain 1904 ach thoirmisc an coláiste orthu páirt iomlán a imirt i saol sóisialta is cultúrtha an champais. Bhí a gcumann díospóireachta féin, ‘The Dublin University Elizabethan Society’ (1905), ag na hiníonacha léinn. Ach níor ceadaíodh do ‘Lizzie[s]’, mar a thug mic léinn áirithe sa choláiste ar na hiníonacha léinn ar bhonn cineálach, a bheith ina mbaill de chumainn ar nós an Chumainn Ghaelaigh ná freastal ar na himeachtaí (T.C.D.: A College Miscellany 1914d: 153). San Fhómhar 1912, phléigh coiste an Chumainn Ghaelaigh sin ar chóir bean a bheith mar chainteoir acu (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 1 Deireadh Fómhair [1912]). Chuaigh Cathal Paor agus Robert Hannay, ball eile den choiste, le labhairt le E.J. Gywnn. An toradh a bhí ar an chomhrá — agus ba ag Gwynn a bhí an focal scoir — ná: ‘They decided that no woman speaker be asked to speak at the opening meeting’ (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 21 Deireadh Fómhair 1912). Nuair a d’oscail an Paorach an séú seisiún den Chumann i mí na Samhna 1912 lena léacht ‘The Ireland of To-day,’ fógraíodh: ‘By permission of the Board, ladies may attend the meeting …’ (Freeman’s Journal 1912c: 8).

Réamhscéalta 1913?

Luann tráchtairí áirithe dhá eachtra a tharla, a deirtear, in 1913 le cúlra agus comhthéacs Chomóradh an Dáibhisigh a mhíniú. Ba é ‘A Panacea for Irish Ills’, léacht leis an reachtaire, Joseph W. Bigger — nia le Francis Bigger — a bhain an ceann den seachtú seisiún de Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ar an 18 Samhain 1913. Ar na príomhaíonna bhí Arthur Griffith, náisiúnaí mór le rá, agus an Captaen Jack White, D.S.O. (Freeman’s Journal 1913b: 4). Iarshaighdiúir in Arm na Breataine i gCogadh na mBórach a bhí i White. Faoi Shamhain 1913, áfach, ba ghníomhaí ceardchumainn é le linn an Fhrithdhúnta a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar bhunaitheoirí an Irish Citizens’ Army. Ní fhéadfadh coiste an Chumainn Ghaelaigh gan fios a bheith acu go dtráchtfadh White ar an Fhrithdhúnadh. Chuir siad fáilte roimh a leithéid, má ghlactar le breith Tomás Irish ar an Chumann Gaelach:

Unsurprisingly, it was the college Gaelic Society that became the hub for lockout-related agitation. The society was founded by students primarily as a Trinity outpost for the Gaelic Revival, and as such it stood out in comparison to its more conservative fellow societies. It tended to attract radicals of all persuasions, be they advanced nationalists or those sympathetic to the cause of labour. (2015: 68)

Tráthúil go leor, chíor an Cumann Gaelach sa Choláiste Ollscoile cearta oibre ag díospóireacht i mí na Nollag 1913 (Evening Herald 1913c: 5). B’fhéidir nár tarraingíodh aird údaráis na hollscoile sin nó aird na meán uirthi as siocair nach raibh a dhath conspóideach nó radacach ag baint leis an díospóireacht sin. Nó b’fhéidir nár cuireadh sonrú inti toisc go raibh sí i nGaeilge.

Ní raibh a dhath radacach i léacht Bigger i gColáiste na Tríonóide i Samhain 1913 (Freeman’s Journal 1913c: 8). Ach labhair White ag an deireadh. Is éard a bhí ina chaint ‘a most unorthodox speech for a gentleman who should be a sound Unionist, if not an Orangeman’, mar a scríobh tráchtaire sa Freeman’s Journal (1913d: 8). Luaigh White an Frithdhúnadh agus líomhaintí faoi iompar na bpéas nuair a gabhadh an ceardchumannaí, James Larkin. Ba mhór idir ráite seanchaite Bigger ‘that the tongue in which Ossian sang and Patrick taught should not be a mere name to the Irish of to-day (applause)’ (Freeman’s Journal 1913c: 8), agus caint theasaí White faoi chonspóidí is faoi chaismirtí an lae sna sráideanna taobh amuigh de mhúrtha Choláiste na Tríonóide. Sa chaint sin, d’áitigh White ar na mic léinn ‘to raise again the flag of the Irish Volunteers (loud applause)’ (Freeman’s Journal 1913c: 8): Óglaigh Grattan sna 1780idí a bhí á mhaíomh aige. Ina theannta sin, thug White cuireadh dá raibh i láthair freastal ar chruinniú eile an oíche dár gcionn le leanúint den phlé ar chúrsaí an Fhrithdhúnta. Nuair a chuala an Propast Traill faoin phlean sin, agus é den tuairim go mbainfeadh an cruinniú nua le ceist an Fhéinrialtais, dhearbhaigh sé i bhfógra a crochadh sa choláiste go gcaillfeadh mic léinn a d’fhreastalódh ar an chruinniú sin aon seomraí a bhí acu sa choláiste (Freeman’s Journal 1913d: 8). Bhí an Propast ina ábhar fonóide ní hé amháin mar gheall ar a mheancóg ach as siocair nárbh fhéidir leis a dhath a dhéanamh le cinntiú nach ndeachaigh mic léinn ó Choláiste na Tríonóide chuig an chruinniú. ‘There’s the rub. And consequently the Provost has made himself ridiculous and absurd by putting up a notice at which all resident students of the College are laughing’, a scríobh duine gan ainm sa Freeman’s Journal (1913d: 8).

Is fiú amharc ar a ndeir Tomás Irish faoin toradh a bhí ar eachtra White ar stádas an Chumainn Ghaelaigh, agus ar an tionchar a bhí ag cúrsaí i Samhain 1913 ar fhreagairt údaráis an choláiste bliain ní ba dhéanaí:

The [White] incident brought the Gaelic Society to the forefront of college life for the first time; its meetings were given extensive press coverage and the board began trying to control its activities. The result was that a year later, when a similar situation unfolded, the society would, in the eyes of the board, get no second chance. (2015: 70)

Ach níl a fhios agam cé chomh cruinn is atá cuntas is breith Irish. Bhí an Cumann Gaelach i ndiaidh cuireadh a thabhairt don Chaptaen White freastal ar léacht Bigger agus thuigfí go mbéarfadh sé ar an fhaill labhairt faoi imeachtaí a bhí i mbéal an phobail taobh amuigh den choláiste. Thug an Cumann ardán do White, ach ní raibh siad freagrach as a raibh ráite aige. Anuas air sin, ní raibh baint oifigiúil ag an Chumann le cruinniú White an lá dár gcionn nuair a rinne an Propast Traill ceap magaidh de féin. Tharla go raibh bord Choláiste na Tríonóide i ndiaidh Regent House a chur ar fáil do Chomóradh an Dáibhisigh, ní follas go raibh sé sách buartha faoin Chumann Gaelach lena imeachtaí a smachtú.

B’in an chéad eachtra. Tráchtairí Gaeilge amháin a thagair don dara heachtra, go bhfios dom. I gcuntas le B. Ní Mh — Brighid Ní Mhaoileoin, ball den Chumann Gaelach sna 1940idí luatha — in Comhar sa bhliain 1942, scríobh sí gur:

… chuala an Provost [Traill] go raibh James Stephens chun labhairt leis an gCumann. Shíl sé gurbh é an Finín a bhí i gceist. Mhínigh an Reachtaire, Cathal de Paor, dhó go raibh an Finín marbh le roinnt bhliadhain, agus gurbh é James Stephens, file, a bhí i gceist. D’iarr an Provost air an méid sin a fhógairt don phobul, agus do sheól Cathal fógra go dtí na nuachtáin:
“… James Stephens … is not a Fenian, has never been in prison, has never attempted to create a revolution.
BY ORDER OF THE PROVOST”. (1942: 2)

Ó shin tá Cian Ó hÉigeartaigh — mac Bhrighid Ní Mhaoileoin agus reachtaire Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1965 — agus Risteárd Ó Glaisne faoi seach tar éis an scéal seo a athinsint (O hEigeartaigh [sic] 1965: 9Ó Glaisne 1992: 56). Is scéal breá barrúil é — agus cosúlachtaí áirithe idir an tslí a ndearna an Propast Traill staicín áiféise de féin go poiblí sa dá eachtra, de réir cheart an bhéaloidis, b’fhéidir. Mar ní fios ar tharla an scéal mar a d’insítí é. Sa dá bhliain idir 1912 agus 1914 a chaith an Paorach is a chomharba, Bigger, ina reachtairí, níor thug James Stephens, údar The Crock of Gold (1912), caint sa Chumann Gaelach. Ach thug ball den Chumann, R.M.S. Pearsall, caint ar an scríbhneoir sin agus ar a shaothar i Samhain 1913 (Evening Herald 1913b: 2). Ní chiallaíonn sé sin nár chuir ábhar na léachta (seachas ainm an léachtóra) mearbhall ar an Phropast cóir. Ach dá mba rud é gur seoladh an fógra thuas chuig na nuachtáin, ní hé sin le rá gur foilsíodh é — pé scéal é, níor éirigh liom teacht air sna nuachtáin. Ina theannta sin, níor thrácht Cathal Paor ar an eachtra ina ráiteas do Bhiúró na Staire Míleata, ráiteas inar thagair sé do Chomóradh an Dáibhisigh (BMH. WS420. Wyse Power: 1).

Mar sin, níl fianaise láidir ann go raibh bord Choláiste na Tríonóide ag coinneáil súil ar an Chumann Gaelach mar thoradh ar chaint an Chaptaein White. Agus tá éiginnteacht ann, dar liom, faoi údaracht na heachtra eile faoi James Stephens. Diomailt ama is ea í díriú ar Shamhain 1913 barraíocht. Is é an comhthéacs comhaimseartha polaitiúil bliain ina dhiaidh sin, i Samhain 1914, is glinne a mhíníonn cinneadh an Leas-Phropaist Mahaffy gan ligean don Phiarsach labhairt ag Comóradh an Dáibhisigh. Bhí an Cogadh Mór tosaithe. Bhí mic léinn de chuid an choláiste i ndiaidh dul isteach in Arm na Breataine cheana. Ainmníodh an chéad mhac léinn ón choláiste a bhí i ndiaidh bás a fháil sa chogadh ag tús mhí na Samhna (Stanford & McDowell 1971: 222). Dá gceadódh Mahaffy don Phiarsach labhairt ag mórócáid phoiblí an Chomórtha, ní hé amháin go dtabharfaí le fios go poiblí go raibh an Ollscoil mídhílis d’Impireacht na Breataine Móire, ach bheadh sí ag loiceadh ar mhic léinn Choláiste na Tríonóide a bhí i ndiaidh dul san arm cheana is ag smálú chuimhne an mhairbh, agus bheadh sé ag loiceadh ar a chlann mhac féin: bhí ar a laghad duine acu san arm (Stanford & McDowell 1971: 233Irish 2015: 99). Ba chóir gan cead cainte a thabhairt don Phiarsach tríd an chuireadh a bhí tugtha ag an Chumann Gaelach dó a aistarraingt, dá bharr.

Radacaigh?

Mhaígh Tomás Irish thuas gur mheall Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide chuige ‘radicals of all persuasions’. Ní miste amharc ar bhaill an choiste féachaint an féidir linn na radacaigh sin a aimsiú — nó féachaint an raibh aon radacaigh ann in aon chor. I Meitheamh 1914, fógraíodh oifigigh agus na gnáthbhaill choiste — nó ‘comhdháil’ mar a tugadh ar an choiste — don bhliain acadúil 1914–15. Ar na hoifigigh, ba é Oisín Mac an Iasgaire — Oswald Garrow Fisher (Mod.), B.A. — an Reachtaire; Seán Beaumont an Sparánaí; na Scríobhaithe ná K. O’Duffy, B.A., agus E.H. Powell; agus ba é Leonard Abrahamson an Coimeádaí Leabhar. Na baill den Chomhdháil ná J.W. Bigger, Cathal Paor, Robert Hannay (Sen. Mod., B.A.), R.M.S. Pearsall, C.W. Glen, agus Victor M’Mahon (An Claidheamh Soluis 1914b: 2Irish Times 1914a: 5).

Coiste mór a bhí ann. Bhí triúr iar-reachtairí ann: Hannay (1911–12), Paor (1912–1913), agus Bigger (1913–14). Ba iadsan agus Mac an Iasgaire an ceathrar sinsearach. Bhí an bhunchéim críochnaithe ag Hannay (Irish Independent 1913a: 6), ag Paor agus ag Mac an Iasgaire cheana: bronnadh an chéim ar an bheirt acu ag an ócáid chéanna i mí na Nollag 1913 (Irish Independent 1913b: 6). Ní raibh Paor ná Hannay cláraithe i gColáiste na Tríonóide a thuilleadh, ach mhair a gceangal lena seaninstitiúid go fóill mar, de réir rialacha an Chumainn Ghaelaigh, ‘Ordinary Membership is open to Students and Graduates under M.A. standing’ (The Dublin University Calendar, For the Year 1914–1915. Vol. I. 1914: 63*). Mhaígh an Paorach faoin Chumann Gaelach: ‘… after I had taken my degree I continued to be interested in it’ (BMH. WS420. Wyse Power: 1). Tar éis do O’Duffy éirí as an choiste sa samhradh 1914, ceapadh Beaumont sa phost mar ‘Record Secretary’ go dtí an chéad chruinniú cinn bhliana eile (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 15 Meán Fómhair 1914). Dála Beaumont, ba bhall sóisearach den choiste Abrahamson fosta: ba ag an am céanna a thosaigh siad i gColáiste na Tríonóide san Fhómhar 1912. Agus muide ag amharc ar an dinimic sa choiste, feictear nach raibh ach grúpa beag acu gníomhach. Gan dearmad a dhéanamh ar bhunfhíric amháin — b’fhir óga iad sin uilig; ba é Abrahamson an té ab óige agus gan é ach 18 mbliana d’aois — ní miste peannphortráidí a tharraingt de na baill sin a bhaineas le hábhar.

Fear ó theaghlach Eaglais na hÉireann i bPort Láirge ba ea Oswald Garrow Fisher. Bhí a athair, Harry Fisher, ina eagarthóir ar an Galway Express. Nuachtán Aontachtach ba ea é sin sa bhliain 1914 gur cheannaigh náisiúnaí é seal ina dhiaidh sin. B’fhoilseachán é ansin, arsa Colm Ó Gaora, ‘a rinne a chion féin ar son na saoirse’ (2008: 234). Ach le linn do Harry Fisher a bheith i mbun an nuachtáin, chuir a mhac spéis sa chultúr Gaelach. Ba dá fhéiniúlacht úr a ainm Gaeilge: thástáil Oswald Garrow Fisher ‘Oscar’ is ‘Osbháld Mac an Iasgaire’ sular tharraing sé chuige an leagan ‘Oisín Mac an Iasgaire’ (Ó Glaisne 1992: 57TCDMA. MUN/GAEL/SOC/2: 2 Nollaig 1913). De réir cuntais a raibh pas áibhéile agus tréan grinn ann in T.C.D.: A College Miscellany, nuachtán na mac léinn, nuair a toghadh Mac an Iasgaire ina reachtaire ar an Chumann Gaelach, bhí clú nach beag air mar mhac léinn ilteangach ildánach:

We would, however, speak of Mr. Fisher, above all else, as an Irish scholar, for it is as such that he is chiefly known to members of this University. The causes of his celebrity as a student of all things Irish are not far to seek: no member of the Elizabethan can enter the rooms of her Society at 10 a.m. or leave them at 6 p.m., uncheered by the dulcet strains of Mr. Fisher’s Irish harp; no diner at the Bachelors’ table can sit in proximity to Mr. Fisher without being given a cordial invitation to next Saturday’s Ceilidh; and Mr. Fisher, when elated by the fumes of lemonade, has even on occasions broken so far through his natural modesty as to give a recitation in Irish. Gifted with so great an enthusiasm for his subject, it is little wonder that he has been awarded the Bedell and other prizes in Irish.
Even his recreations have a bearing on his favourite theme. His long vacations are spent among the Irish speakers of the Arran [sic] Islands, and his shorter periods of leisure are interspersed with visits to the historical monuments of Ireland. All roads lead to Erin. (1914b: 121–122)

Agus é ag tréaslú a ghradaim úir do Mhac an Iasgaire, mhol T.C.D.: A College Miscellany an Cumann Gaelach as ‘having at last secured an “Auditor” who can “speak” Gaelic’ (1914b: 122). Ní fada siar a théann an chuimhne ag iris de chuid na mac léinn: bhí Gaeilge ar a thoil ag an seanreachtaire, Cathal Paor.

B’ann do dhá phointe spéisiúla eile faoi Mhac an Iasgaire. Sa samhradh 1914, nuair a d’fhéach lucht tacaíochta John Redmond le greim a fháil ar na hÓglaigh, bhí Mac an Iasgaire i ndiaidh dul isteach sna hÓglaigh, rud nach raibh ina rún i measc a chomhscoláirí. ‘Mr. O.G.F.’s recent enrolment in the Irish Volunteers will, we feel sure, induce at least half the College to follow his lead’, arsa T.C.D.: A College Miscellany go háibhéalta magúil i Meitheamh 1914 (1914a: 104). Agus faoin am ar thosaigh téarma Mhic an Iasgaire mar reachtaire, bhí sé ag gabháil leis an diagacht i gColáiste na Tríonóide.

Gnáthbhaill den choiste ba ea Robert Hannay agus Cathal Paor, ach mar gheall ar a stádas mar chéimithe is mar iar-reachtairí, bhí seasamh maith acu sa Chumann. Ba mhac le James Owen Hannay nó ‘George A. Birmingham’, ministir in Eaglais na hÉireann agus úrscéalaí, é Robert Hannay. Mír chonspóideach de stair Chonradh na Gaeilge sna blianta 1906–7 ba ea líomhaintí faoin seicteachas sa Chonradh i Maigh Eo. Thug an sagart paróiste i gCathair na Mart, a chreid go raibh sagart santach in úrscéal le Hannay bunaithe airsean, iarraidh ar bhaghcat a eagrú ina éadan ag am nuair a bhí an ministir ar Choiste Gnó an Chonartha. D’éirigh Hannay as an Choiste Gnó agus é den tuairim nár thacaigh an Coiste Gnó go láidir leis, ach d’fhan sé ina ghnáthbhall de Chonradh na Gaeilge (Birmingham 1934: 162–163French 1966: 41–50).

Tar éis don Reachtaire Robert Hannay seisiún úr an Chumainn Ghaelaigh a oscailt ar 21 Samhain 1911 lena léacht, ‘Trinity College and Ireland’, mhol Caor in An Claidheamh Soluis an léachtóir: ‘Duine tuigsionach gustalach é, agus Gaedheal go smior’ (Caor 1911: 3). De réir Caor, a raibh nótaí breactha aige faoin léacht, lig Hannay lena ais go raibh dul chun cinn i gColáiste na Tríonóide maidir leis an Léann Ceilteach, is teagasc na Gaeilge mar chuid de sin. Ach cháin sé Coláiste na Tríonóide as gan ollamh a bheith ann le stair na hÉireann a mhúineadh. Mar thoradh ar an dea-phoiblíocht a bhí tuillte aige, thug Sinn Féin cuireadh do Robert Hannay labhairt faoi ‘Ulster and Home Rule’ ag cruinniú i mBaile Átha Cliath i Márta 1912 (Freeman’s Journal 1912a: 4). Thosaigh Hannay ag obair mar iriseoir ar fhoireann eagarthóireachta an Irish Times tar éis dó Coláiste na Tríonóide a fhágáil sa bhliain 1913 (Wicklow News-Letter 1915: 5Irish Times 1915: 9). Ina chuimhní cinn, thagair George A. Birmingham do dhualgais a mhic in oifigí an nuachtáin, ‘where he wrote minor leading articles on pre-historic skulls, colour photography and kindred subjects of interest at the moment, about which the Irish Unionists might be supposed to be seeking information’ (Birmingham 1934: 196).

Fear ilainmneach ba ea an Paorach: Cathal Paor … Charles Stewart Power … Charles Power … agus Charles Wyse Power lá níb fhaide anonn. Ba dhuine é a raibh an mianach ceart radacach ann ó thaobh cúlra de. Gníomhaithe forásacha náisiúnacha ó aimsir Parnell i leith ba ea a thuismitheoirí mar is léir ó bheathaisnéis a mháthar (O’Neill 1991). Bhí Jennie Wyse Power bainteach le Conradh Talún na mBan, leis an fheachtas le haghaidh cheart vótála na mban ina dhiaidh sin, agus, in Aibreán 1914, bhí sí ar bhunaitheoirí Chumann na mBan. Bhí lámh ag John Wyse Power i mbunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884 agus b’fhada baint aige le gluaiseacht na Gaeilge ó Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge go Conradh na Gaeilge. Ar ndóigh, bhí mac na lánúine, Charles Stewart, muinnithe as Parnell. Bhí Cathal Paor gníomhach i saol na Gaeilge as a óige. Ghlac sé páirt sa léiriú ar Deirdre, dráma fada Gaeilge le Tomás Ó Ceallaigh, a stáitsigh an bhuíon The Theatre of Ireland sa Rotunda i mí na Samhna 1909 (Freeman’s Journal 1909b: 8). Ba bhall de Chraobh an Chéitinnigh é. Ghnóthaigh sé duaiseanna ag Feis Bhaile Átha Cliath, agus ceann ‘for the best speaker between 14 and 18 years of age’ sa bhliain 1909, agus ceann eile do shaothar staire i nGaeilge in 1910, orthu (Freeman’s Journal 1909a: 2Freeman’s Journal 1910: 5). Bhí sé ar an choiste de chuid Chonradh na Gaeilge a reáchtáil ‘The Gaelic Carnival’ nó ‘An Súgradh Gaedheal’ — mórócáid lúthchleasaíochta ar fhaiche spóirt Bhóthar Mhic Sheoin, áit a bhfuil Páirc an Chrócaigh anois, sa samhradh 1912 (Freeman’s Journal 1912b: 11). Bhain an Paorach duais i gcomórtas faoi logainmneacha ag Oireachtas 1912 (Ó Súilleabháin 1984: 180). Timpeall an ama ar chríochnaigh sé an bhunchéim i gColáiste na Tríonóide, glacadh le ‘Charles Stewart Power’ mar abhcóide san Fhómhar 1913 (Evening Herald 1913a: 2).

Sloinne aitheanta ba ea ‘Bigger’ nó ‘AN BIGEARACH’, mar a thug An Claidheamh Soluis ar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh ag tús na bliana acadúla 1913–14 (1913: 3). Béal Feirsteach a bhí i Joseph Warwick Bigger (1891–1951) a bhí ag déanamh staidéir ar an leigheas. Mac le Edward Coey Bigger — Ridire de chuid na hImpireachta is Seanadóir de chuid an tSaorstáit ina dhiaidh sin — ba ea é (Irish Press 1951: 7). Uncail le J.W. Bigger ba ea Francis Joseph Bigger, pearsa mhór i saol cultúrtha na hÉireann ag an am a bhí le labhairt ag Comóradh an Dáibhisigh.

D’inseodh an aimsir gurbh é Seán Beaumont, fear óg Preispitéireach ó Mhaigh Eo, an ball den choiste a mbeadh dílseacht shaoil aige don Ghaeilge (ainm.ie). Ach sa bhliain 1914, ní raibh sé ach ag tosú ar a chuid oibre ar son na teanga. Ainneoin gur bhall measartha sóisearach den Chumann Gaelach é go fóill, bhí diongbháilteacht agus miotal ann agus, rud a chruthódh imeachtaí na Samhna i gColáiste na Tríonóide, bhí muinín ag na baill shinsearacha as.

Giúdach ba ea Leonard Abrahamson a tógadh san Iúr i gContae an Dúin. D’fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí sa bhaile mór, áit ar fhoghlaim sé an Ghaeilge. I samhradh 1912, tamall sular imigh sé chuig Coláiste na Tríonóide, d’fhoilsigh Abrahamson dhá phíosa in An Claidheamh Soluis: alt Gaeilge ag moladh na mBráithre Críostaí as oideachas den scoth a chur air (Mac Abram 1912: 9); agus litir i mBéarla ag moladh go gcaithfeadh cainteoirí Gaeilge comhartha a ligfeadh dóibh a gcomhchainteoirí a aithint (Abrahamson 1912: 10). Ba ag an am céanna a chláraigh Seán Beaumont agus Abrahamson sa Chumann Gaelach (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/2: 19 Samhain 1912). Lean Abrahamson dá staidéar ar an Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. I Márta 1914, ba é ionadaí Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide sa chéad díospóireacht idirollscoile Ghaeilge a reáchtáil Cumann Gaelach an Choláiste Ollscoile é (An Claidheamh Soluis 1914a: 2).

Ba iad sin na daoine gníomhacha nó sinsearacha ar an choiste nuair a scríobh Mahaffy chuig Cathal Paor ar an 10 Samhain, seachtain roimh Chomóradh an Dáibhisigh, á rá nach ligfeadh sé don Phiarsach, ‘a declared supporter of the anti-recruiting agitation’, labhairt sa choláiste. ‘Why do you put me to this unpleasant necessity!’ a d’fhógair Mahaffy. Chuaigh Oisín Mac an Iasgaire le labhairt le Mahaffy ach ní raibh an Leas-Phropast sásta a aigne a athrú. Mhalartaigh Mahaffy is an Paorach a thuilleadh litreacha ar a chéile gur fhreagair Paor thar ceann an choiste, ‘declining to alter their arrangements for the meeting or to investigate the individual opinions of speakers’ (Freeman’s Journal 1914a: 6). Ba ag an phointe sin ar an 12 Samhain a tharraing Mahaffy siar cead an cruinniú a bheith ar siúl sa choláiste agus gur shocraigh an coiste ar an chomhfhreagras a phoibliú. D’fhoilsigh an Irish Times é ar an 14 Samhain, ainneoin gur fágadh ábhar le Mahaffy ar lár trí thaisme (1914c: 81914d: 7).

Is díol suime miontuairiscí an Chumainn Ghaelaigh don tseachtain sin i Samhain 1914. I mBéarla a bhí siad. Thaispeáin siad go raibh baill den choiste i ndiaidh teacht le chéile gach lá ón 10 Samhain go dtí an 13 Samhain. Deir Tomás Irish:

All of this activity was recorded not in the usual society minute-book, but on a separate sheet of paper — the reverse of an anti-recruitment flyer published by Sinn Féin. The society’s decision to record the events on the back of this flyer — which was then carefully pasted into the minute-book — was subtly subversive. (2015: 168)

D’fhéadfadh cúis phraiticiúil an modh oibre seo a mhíniú: ní raibh fáil ar Leabhar na Miontuairiscí ag an am agus ní raibh deis ag an choiste na miontuairiscí a aistriú chuig an Leabhar oifigiúil. Ach cinnte, níor dheacair a shamhlú go gcuirfeadh alt gearr deireanach na bileoige olc ar an bhord dá mbeadh radharc acu air: ‘Keep out of the British Navy, Army, and the Royal Irish Constabulary. Advise your friends to do so and pass this around’ (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 10 Samhain 1914). Ach is tábhachtaí féachaint ar a raibh i láthair ag na cruinnithe coiste sin, dar liom. Cuireann an leagan amach atá ar an ábhar lámhscríofa le castacht an scéil: níl ann ach an t‑aon alt fada amháin. Deirtear, ar an 10 Samhain, nach raibh ach triúr i láthair, Mac an Iasgaire, Beaumont agus an Paorach. Toghadh Paor mar Rúnaí Comhfhreagrais agus iarradh air scríobh chuig Mahaffy: níorbh oifigeach de chuid an Chumainn an Paorach roimhe sin; gnáthbhall den choiste a bhí ann. Ach ainneoin nach míníonn sé cá raibh E.H. Powell, an ‘Scríobhthaí’ eile, tar éis do O’Duffy éirí as an choiste sa samhradh, tuigimid anois cén fáth a raibh Paor agus Mahaffy ag scríobh chuig a chéile. Bhí feidhm phraiticiúil ann ligean don Phaorach na litreacha a shíniú: ba eisean an t‑ábhar abhcóide agus níorbh fhéidir leis an ollscoil pionós a ghearradh air, murarbh ionann is an fochéimí Beaumont. Níor ainmníodh gach duine a bhí i láthair ag na cruinnithe eile. De réir cosúlachta, áfach, ní raibh ach an triúr céanna — Mac an Iasgaire, an Paorach agus Beaumont — ag an chruinniú ar an 11 Samhain agus cuireadh Paor ‘to consult Mr. Bigger who was unable to attend owing to illness’ (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 11 Samhain 1914).

Ag an chruinniú, Déardaoin, an 12 Samhain, agus an chuma ar an scéal nach raibh i láthair i dtosach ach Mac an Iasgaire, an Paorach agus Beaumont, léigh an Rúnaí Comhfhreagrais nua an litir ó Mahaffy a mhaígh nach mbeadh cead acu an comóradh a bheith acu i gColáiste na Tríonóide. De réir na miontuairiscí, ‘At this time, Librarian [Abrahamson] attended’. Ansin, iarradh ar an Phaorach freagra a chur chuig Mahaffy is an comhfhreagras uilig a sheoladh chuig na nuachtáin. Chuir Paor roimhe a fháil amach an mbeadh Yeats sásta a bheith i láthair dá mbeadh an tionól ar siúl taobh amuigh de Choláiste na Tríonóide. Ina theannta sin: ‘Sent to consult [Diarmuid] Coffey’ (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 12 Samhain 1914). Faoin am ar chruinnigh an coiste — an triúr céanna arís, de réir dealraimh — le chéile ar Aoine, an 13 Samhain, tuairiscíodh: ‘Yeats would speak. Abrahamson resigned. Power consulted Hannay, and, went to see Mr. Pearse. Yeats written to. Went to find out about A.C.R. Decided to hold meeting in A.C.R. Other arrangements unchanged. Meeting adjourned’ (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/1: 13 Samhain 1914). Fágadh an iontráil seo uilig gan síniú. Tháinig an coiste le chéile arís uair amháin ar a laghad — ach tá cúis mhaith ann nach mbeadh cuntas air sin sna miontuairiscí céanna, mar a fheicfimid.

De réir na fianaise, bhí Mac an Iasgaire, an Paorach agus Beaumont i lár an aicsin, beag beann ar fhormhór bhaill an choiste. Ina theannta sin, bhí siad i ndiaidh labhairt le beirt iar-reachtairí a bhí ar an choiste go fóill, Hannay agus Bigger. Ní hé amháin sin ach chuaigh siad i ndáil chomhairle le Diarmuid Coffey, iar-reachtaire eile ón bhliain 1910–11 (The Dublin University Calendar, For the Year 1910–1911. Vol. I. 1910: 59*). Bhí meas acu airsean: bhí an Cumann Gaelach díreach i ndiaidh ball oinigh a dhéanamh de Coffey an samhradh sin (TCDMA. MUN/GAEL/SOC/2: 9 Meitheamh 1914). Óglach ba ea Coffey a bhí ceangailte le foireann cheanncheathrú na nÓglach agus a raibh cuid de shamhradh 1914 caite aige ar Kelpie, luamh Conor O’Brien agus iad ag tabhairt lucht raidhfilí isteach le haghaidh na nÓglach (BMH. WS1248. Coffey: 1–4).

Agus cad faoi Leonard Abrahamson a d’éirigh as an choiste i rith na seachtaine sin i lár mhí na Samhna? Níorbh ionann is tromlach an choiste, tháinig sé ar bráid. Níorbh ionann is an triúr eile, d’fhan sé ar an imeall. Níor míníodh cén fáth ar éirigh sé as ach shamhlófá go raibh brú millteanach air nuair a thuig sé go raibh an triúr ag tabhairt dhúshlán Choláiste na Tríonóide tríd an chomhfhreagras le Mahaffy a phoibliú. Seans go raibh eagla air go gcaillfeadh sé na scoláireachtaí a bhí aige nó, fiú amháin, go dteilgfí amach as an choláiste é. Nuair a chuir daoine anaithnide i gceantar an Iúir i leith a athar gur Ghearmánach é ag tús an Chogaidh Mhóir, bhí Leonard Abrahamson i ndiaidh scríobh chuig na nuachtáin, ag cosaint dhílseacht is sheirbhís an phobail Ghiúdaigh do na tíortha ina raibh cónaí orthu. Amharcann Dermot Keogh ar litir Abrahamson agus ar a bhallraíocht in The Anti-Defamation League mar shamplaí luatha dá ghníomhaíocht thuata le cur i gcoinne an fhrith-Sheimíteachais (1998: 68–69). Ach sa saol corrach aimsir an Chogaidh Mhóir, ‘Jews in Ireland continued to be viewed with great suspicion’ (Keogh 1998: 69). B’fhurasta a chreidbheáil go raibh imní an domhain ar Abrahamson faoi lár na Samhna 1914 go gcuirfí ní hí amháin an mhídhílseacht don Bhreatain ach an bhá leis na Gearmánaigh ina leith, go speisialta ó dhírigh Mahaffy ar imeachtaí frithearcaíochta an Phiarsaigh. Sa chás sin, níor thógtha ar Abrahamson é gur éirigh sé as coiste an Chumainn Ghaelaigh.

Ba é beart an Chumainn Ghaelaigh an comhfhreagras le Mahaffy a phoibliú sna nuachtáin a thug ar bhord Choláiste na Tríonóide gníomhú. ‘This act of dissent was brutally punished …’, a deir Tomás Irish (2015: 168). Ag a chruinniú ar an 14 Samhain, d’fhaomh an bord cinneadh Mahaffy cosc a chur le Comóradh an Dáibhisigh is vótáil d’aon ghuth ‘that the Dublin University Gaelic Society be suppressed’ (TCDMA. MUN/V/5/21: 14 Samhain 1914). An mhaidin chéanna, bhí fógra ag an Chumann Gaelach san Irish Times á rá go leanfadh an Cumann leis an chomóradh ar an 17 Samhain sna Antient Concert Rooms (ACR) ar Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh anois) in ionad Choláiste na Tríonóide, ‘Owing to the action of the Vice-Provost …’ Bhí Mac an Iasgaire mar aon le Yeats, leis an Phiarsach agus le Francis Bigger le labhairt ag an chomóradh (1914b: 6). Ach tar éis don bhord an Cumann a chur faoi chois, shocraigh coiste an Chumainn, agus ball anaithnid amháin ina choinne — ‘with one dissentient’ — ar gan dul ar aghaidh leis an chruinniú ar an 17 Samhain (Freeman’s Journal 1914b: 4). Faoin am ar tionóladh an Comóradh faoi scáth an Students’ National Literary Society sna ACR ar an 20 Samhain, bhí ceapachán Mahaffy mar Phropast, ceapachán a bhí molta ag bord Choláiste na Tríonóide, faofa ag an Rí (Freeman’s Journal 1914c: 4). ‘The attendance, which was fairly large, numbered a good proportion of students’, a thuairiscigh an Freeman’s Journal faoin ócáid sna ACR (Freeman’s Journal 1914d: 6). Nuair a d’fhógair Denis Gwynn, céimí ón Choláiste Ollscoile a bhí sa chathaoir, nár chóir amharc ar an Chomóradh mar agóid i gcoinne ghníomhartha Choláiste na Tríonóide, scairt duine den lucht éisteachta, ‘Why not!’ (Freeman’s Journal 1914d: 6). Scaoil Gwynn an pholaitíocht a bhí ina horlaí tríd an eachtra i gColáiste na Tríonóide thart: ba ‘on account of a personal dispute’ a cuireadh an Comóradh i gColáiste na Tríonóide ar ceal (Irish Independent 1914b: 6). Thug Yeats óráid, mhol Thomas Kettle rún buíochais agus chuidigh an Piarsach leis an rún. Níor labhair Mac an Iasgaire. An dá ghné ba ghlinne den tráthnóna ná an easpa drámaíochta a bhain leis an ócáid agus an easpa tagairtí do Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide. Ba chuma ann nó as an Cumann, dar leis an phobal lasmuigh den ollscoil. Ba thábhachtaí leo mórdhráma polaitiúil na linne, baineadh sé sin leis an Chogadh Mór nó leis na hÓglaigh.

‘Ten little Gaels’

Cháin an preas náisiúnaíoch Mahaffy agus an coláiste. ‘An Cumann Gaedhealach has been deported from Trinity College as an undesirable alien’, a dúirt An Claidheamh Soluis (1914d: 5). Cibé iarracht a bhí déanta ag Mahaffy le híomhá úr a chruthú dó féin, bhí sé curtha ó mhaith aige, a dhearbhaigh an nuachtán. Lochtaigh The Leader an Cumann Gaelach féin as gan cur i gcoinne Mahaffy (agus thug na huaschamóga ar ainm an chumainn le fios nár chreid an iris gurbh fhéidir le fíorchumann Gaelach a bheith in institiúid a bhí frith-Ghaelach, de réir shlata tomhais na hirise):

A society calling itself “The Gaelic Society” in Trinity College, Dublin, has been sat upon by Mahaffy and the other authorities of anti-Irish Trinity. The “Gaelic Society” has taken its sitting-on lying down. And we don’t think it is much of a loss. It was, in our opinion, rather a false light in one of the back windows of anti-Irish Trinity. (1914: 365)

Freagairt ba ea í seo uilig a thug le fios go raibh go leor daoine ann nach raibh ag súil lena mhalairt ó Choláiste na Tríonóide nó le mórán ón Chumann Gaelach ann.

Laistigh de Choláiste na Tríonóide, thacaigh T.C.D.: A College Miscellany le húdaráis an choláiste agus, gan a ainm a lua, d’fhreastail an fhaill tabhairt faoi Chathal Paor. In eagarfhocal, maíodh:

Most of us were highly amused towards the end of last week by the splash which the drowning of the remnants of the Gaelic Society caused in the calm pool of lecture term. To read the newspaper correspondence one would think this body was a sort of Students’ Society instead of being the creature of the imagination of several otherwise inconspicuous members of the University. Our only reason for abstaining from further enlightening Aperçus on this most entertaining Society is that its membership, we believe, totalled three at the time of its extinction, and our remarks might almost seem to bear a personal construction. And we must avoid personalities, you know, for we might find ourselves in Court on a charge of libel, or, worse still, we might be subjected to a reply from the assiduous Secretary of the defunct Society.

Now that the Gaelic has suicided by incensing Authority sufficiently to make It deign to notice its existence, we hope that the stigma attached to Irish subjects in non-Gaelic circles will be removed, and that College men will be able to approach matters of national concern and interest without dread of being classed with the Gaelic. It is notorious that this Society had made a “corner” in patriotism, and so had rendered discussion of anything bordering on Irish interests and Irish history impossible for most people. This difficulty has been put aside as a result of Authority’s action (which, needless to say, we consider fully justified by the absolute tactlessness of their victim’s arrangements and procedure), and we trust that the surviving College and University Societies will not delay to open their arms to the discussion of Irish literature, interests, and history hitherto monopolised by the Gaelic. (1914c: 138)

Agus d’fhoilsigh an iris scigdhán 10 véarsa faoin eachtra, ar mhúnlú rainn chomhairimh, ina raibh tagairt don chúrsa diagachta a bhí idir lámha ag Mac an Iasgaire:

Ten little Gaels, conscientious in design,
Smoked Irish ’baccy, and then there were nine.
[…]
Four little Gaels thought the meeting through
to see,
Mahaffy put his foot down, and then there were
three.

Three little Gaels, after causing much ado,
Were spanked by the Board, so now they’re only
Two.

Two little Gaels (my tale is nearly done),
One will die of smartness, leaving only one.

One little Gael (their tail will soon be gone.)
He’ll be ordained, and then there’ll be none (Kham 1914: 143).

Bhí port an Chumainn Ghaelaigh seinnte. Ach de réir bheathaisnéisithe Mahaffy, ‘[the board] abstained from action against the students concerned’ (Stanford & McDowell 1971: 225). Ní bhréagnaíonn a dhath i miontuairiscí an bhoird é sin. Bíodh sin mar atá, is iomaí tráchtaire atá i ndiaidh a áitiú gur ghearr an bord pionós ar bhaill ainmnithe de choiste an Chumainn Ghaelaigh. Dhearbhaigh B. Ní Mh gur ‘caitheadh amach as an gColáiste Mac an Iasgaire, Seán Beaumont agus Cathal de Paor’ (1942: 2). Ghlac Risteárd Ó Glaisne leis an chuntas sin agus thug sé sliocht as scríbhinn neamhfhoilsithe le Brighid Uí Éigeartaigh (née Ní Mhaoileoin) ina ndúirt sí: ‘Tamall ina dhiaidh sin ceadaíodh do Sheán Beaumont filleadh ar an gColáiste’ (luaite ag Ó Glaisne 1992: 57). D’fhógair Máirtín Ó Flathartaigh gur ‘díbríodh triúr mac léinn as an gColáiste’ (1985: 18). D’ainmnigh Cian Ó hÉigeartaigh an triúr céanna ‘sent down from the University in 1914 by Mahaffy …’ (O hEigeartaigh [sic] 1965: 9). An cuntas is spéisiúla ná ceann a bhí bunaithe ar agallamh le Seán Beaumont sna 1930idí inar fógraíodh:

Níor ghéill na mic-léighinn; agus tháinig de sin gur cuireadh deireadh leis an gCumann, agus gur cuireadh na mic-léighinn (agus Seán ina measc) ar shiubhal ón gColáiste ar feadh tamaill. Bhí misneach ag na daoine a sheas i n‑aghaidh Mahaffy an t‑am úd. (Ó Tuathail 1934: 6)

Ba é an t‑agallamh sin an fhoinse a bhí ag Éamon Ó Ciosáin nuair a scríobh sé gur ‘díbríodh cuid díobh [de na mic léinn] as an gColáiste ar feadh tamaill, Seán Beaumont ina measc’ (1993: 67).

De bhreis air sin, dhearbhaigh Dermot Keogh agus Helen Andrews araon gur gearradh pionós ar Leonard Abrahamson, cé nár mhínigh siad cad a bhí i gceist leis sin (Keogh 1998: 69–70Andrews 2016). Má bhí bunús d’aon chineál le pionós a ghearradh ar an triúr eile a bhí lárnach san eachtra ó thús deireadh, ní raibh cúis lena leithéid i gcás Abrahamson a bhí ar imeall an aicsin agus a d’éirigh as an choiste ar an 13 Samhain sular cuireadh an Cumann Gaelach faoi chois.

Ní den chéad uair, agus Comóradh an Dáibhisigh idir chamáin againn, caithfimid seasamh siar is an fhianaise a iniúchadh is a scagadh go cúramach. Ina ráiteas do Bhiúró na Staire Míleata, luaigh Cathal Paor an Comóradh gan a dhath a rá faoi phionós a gearradh air (BMH. WS420. Wyse Power: 1). Ní údar alltachta é sin mar cad é mar a thiocfadh le bord Choláiste na Tríonóide é a chaitheamh amach as an choláiste nuair nár mhac léinn é ann? Shamhlófá, áfach, gur cuireadh ar a shúile dó gur persona non grata nár chóir dó cos a chur thar thairseach an Phríomhgheata feasta é. Ní bheadh lá eile ag an Phaorach.

Bhréagnaigh próifíl Mhic an Iasgaire sna míonna beaga i ndiaidh na heachtra díspeagadh T.C.D.: A College Miscellany air mar dhuine de na ‘inconspicuous members of the University’ agus aon chaint ar phionós (1914c: 138). Rud níos tábhachtaí ná sin, cruthaíonn an fhoinse chéanna go raibh sé sa choláiste agus go raibh sé páirteach in imeachtaí ann roimh dheireadh 1914 agus ag tús 1915. Cogadh na mBalcán an t‑ábhar a bhí faoi chaibidil ag an Philosophical Society — ‘Phil’ — ar an 2 Nollaig: ‘Mr. O.G. Fisher (Hon. Sec.) proposed the vote of thanks. He managed to get on to Small States, and so rushed us off to Ireland’ (T.C.D.: A College Miscellany 1914f: 165). Seachtain ina dhiaidh sin, pléadh an cheoldrámaíocht ag an Phil: ‘Mr. O.G. Fisher (Hon. Sec.) knows nothing about opera. This did not prevent him from giving a lengthy harangue on Irish nationality’ (T.C.D.: A College Miscellany 1914g: 186). I mí Feabhra 1915, thug Mac an Iasgaire — ‘the Honorary Secretary (Mr. D.G. Fisher)’ [sic] — léacht faoi ghluaiseacht na Gaeilge don Phil (T.C.D.: A College Miscellany 1915: 10). Ní hé amháin go raibh Mac an Iasgaire sa choláiste go fóill, ach bhí sé gnóthach, feiceálach agus cainteach go poiblí.

Ghlac Leonard Abrahamson páirt i ndíospóireacht an Phil faoin bhiogóideacht ar an 19ú Samhain 1914, rud a fhágann go raibh seisean sa choláiste fós (T.C.D.: A College Miscellany 1914e: 155). Níl tagairtí do Beaumont in imeachtaí na gcumann ollscoile sna míonna i ndiaidh an Chomórtha ach ní léir ó fhéilirí acadúla na hollscoile go raibh sé gníomhach in aon chumann seachas an Cumann Gaelach roimhe sin. B’fhéidir gur chiallaigh sé sin gur cuireadh ar fionraí ón ollscoil ar feadh tamaill é. Ach tuairiscíodh ar an 17 Samhain 1914 — lá na cinniúna — go raibh J.N. Beaumont ar na mic léinn a raibh Coláiste na Tríonóide i ndiaidh duaiseanna ‘Senior Exhibitions’ a raibh luach £20 an duine orthu a bhronnadh orthu (Irish Independent 1914a: 6). Agus d’fhéadfadh míniú eile a bheith leis an tost sin faoina chuid gníomhaíochta san ollscoil, míniú a cheanglaíonn Beaumont agus Leonard Abrahamson le chéile.

Chuir Abrahamson a chroí isteach ina chuid staidéir i rith 1914–15. Chnuasaigh sé duaiseanna acadúla: don rang Gaeilge (meánrang), don Fhraincis is don Ghearmáinis (The Dublin University Calendar, For the Year 1914–1915. Vol. II. 1915: 34, 41, 42, 46). Buaicphointe na bliana acadúla ba ea ‘Trinity Monday’ nuair a d’fhógraítí go poiblí ainmneacha na Scoláirí nua is na gComhaltaí úra. Ócáid mhór scléipe ba ea í fosta nuair a thugadh na mic léinn faoin rancás is faoin phleidhcíocht trí shráideanna lár na cathrach. Níorbh aon eisceacht Luan na Tríonóide sa bhliain 1914, ráithe roimh thús an Chogaidh Mhóir — agus R.M.S. Pearsall, ball de choiste an Chumainn Ghaelaigh ar na Scoláirí nua — agus ‘the students of Trinity College gave their annual demonstration of boisterous hilarity through the streets of the city’. Rinneadh ionsaí ar Theach an Ardmhéara, rugadh greim ar ‘an auctioneer’s bell-man’ — fear a bhí ag fógairt obair an cheantálaí — gur iompraíodh é go caithréimeach tríd an chathair. Theilg gaigí Choláiste na Tríonóide caipíní pléascáin fad na slí. Faoin am a raibh an ealaín thart, bhí na péas i ndiaidh naonúr mac léinn a ghabháil, cuid acu ‘for the attack on the Suffragist offices’ (Belfast Newsletter 1914: 8).

Bliain ní ba dhéanaí, Luan na Tríonóide, an 31 Bealtaine 1915, aimsir chogaidh a bhí ann agus bhí atmaisféar duairc san ollscoil mar gheall ar an laghdú mór ar líon na mac léinn ó tharla go raibh cuid mhaith acu in Arm na Breataine (nó marbh cheana). Chuir na nuachtáin sonrú san athrú — ‘at an unusually tame gathering for a Trinity Monday meeting’ — nuair a d’fhógair John Pentland Mahaffy, Propast Choláiste na Trionóide, liosta de Scoláirí úra Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Bhí beirt bhall de choiste an Chumainn Ghaelaigh 1914–15 ar an liosta: Seán Beaumont (Matamaitic) agus Leonard Abrahamson (Nua-Theangacha) (Irish Independent 1915: 3).

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, níor íoc aon bhall de choiste an Chumainn Ghaelaigh as conspóid Chomóradh an Dáibhisigh.

Scaradh na gcompánach

‘All roads lead to Erin’, a scríobh T.C.D.: A College Miscellany faoi Mhac an Iasgaire tar éis a thofa mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh in 1914 (1914b: 122). Ach má tá aghaidh na mbóithre uilig ar Éirinn, is beag bóthar nach bhfuil gabhal ann. B’iomaí tuiscint ar cad ba ‘Éire’ ann fosta: Éire shaor agus Ghaelach, nó Éire an fhéinrialtais laistigh den Ríocht Aontaithe is den Impireacht, cuir i gcás. Ba thréimhse chorraithe í na blianta sin sa bhaile agus i gcéin nuair a bhí roghanna le déanamh faoin bhóthar a bhí le tógáil is faoi cad ba dhílseacht ann. B’amhlaidh do na pearsana thuas i gCumann Gaelach Choláiste na Tríonóide.

Agus é ag gabháil don Diagacht, lean Oisín Mac an Iasgaire den staidéar ar an Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. De réir fhéilire acadúil na hollscoile 1915–16, bhí sé sa rang Gaeilge céanna le Leonard Abrahamson gur bhain Mac an Iasgaire an ‘Kyle Irish Prize’ i Scoil na Diagachta (The Dublin University Calendar, For the Year 1915–1916. Vol. II. 1916: 46, 58). Oirníodh ina mhinistir in Eaglais na hÉireann é i Márta 1916 (Connacht Tribune 1916: 4). Agus Cumann Gaelach na hEaglaise [.i. Eaglais na hÉireann] ar an fhód ó mhí Aibreáin 1914, reáchtáileadh Mac an Iasgaire ‘ranganna speisialta do lucht foghlama na Gaeilge laistigh den Chumann’ (Giltrap 1990: 64). Chláraigh sé sa Ridireacht Liteardha a bhí seolta ag Pádraic Ó Conaire le tacú le foilsiú saothar litríochta na Gaeilge sa bhliain 1917 (An Claidheamh Soluis 1917: 4). Ag tús 1918, tuairiscíodh gur nós leis an Urramach Mac an Iasgaire seanmóir a thabhairt ar an Domhnach deireanach de gach mí in Ardteampall Phádraig tar éis dó Urnaithe na Nóine as Gaeilge a rá (Fáinne an Lae 1918: 7). Ní fios ar tharla sé seo roimh dheireadh an Chogaidh Mhóir, ach chuaigh Mac an Iasgaire isteach in Arm na Breataine mar shéiplíneach. Maraíodh i dtimpiste sa Mheaspatáim é i Samhain 1920, agus é i mbun a chuid dualgas reiligiúnda ann (Connacht Tribune 1920: 4‘Oswald Garrow Fisher (1890–1920)’).

Gabhal eile a thóg Cathal Paor. Agus é ina abhcóide, ba mhinic taobh polaitiúil ag roinnt lena chásanna cúirte. Chosain seisean agus Timothy Healy Seán Mac Diarmada agus Seán Milroy i gcás faoin ‘Defence of the Realm Act’ i Meitheamh 1915, agus ba é an t‑abhcóide a bhí ag Earnán de Blaghd nuair a cúisíodh go luath ina dhiaidh sin é (Freeman’s Journal 1915: 10de Blaghd 1970: 178–179). Maítear go raibh baint ag an Phaorach le cúirteanna Dháil Éireann i rith Chogadh na Saoirse (Irish Press 1950: 1). Ach lean an Paorach dá obair lae i gcúirteanna an Rí: bhí sé ina dhlíodóir le haghaidh Patrick Moran, Óglach ar cuireadh ina leith gur fheallmharaigh sé oifigeach Sasanach ar Dhomhnach na Fola 1920 (Freeman’s Journal 1921: 5). Crochadh Moran nuair nár thapaigh sé an deis éalaithe a bhí aige. Thabharfadh a cheapachán mar bhreitheamh de chuid na cúirte cuarda i nGaillimh agus i Maigh Eo sna 1920idí luatha le fios nach raibh Cathal Paor i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh. Taom croí ba thrúig bháis don Bhreitheamh Charles Wyse Power sa bhliain 1950 (Irish Press 1950: 1Connacht Sentinel 1950: 1).

De réir chuimhní cinn a athar, thug Robert Hannay iarraidh dul isteach i gCabhlach na Breataine ‘almost immediately after war began’ (Birmingham 1934: 211). Níor glacadh leis. I Meitheamh 1915, tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh ag an Irish Times, chuaigh Hannay isteach in Arm na Breataine, ‘[and] has been gazetted Second Lieutenant in the 2nd (Reserved) Batt. of the Irish Guards, and is now in training near London’ (Wicklow News-Letter 1915: 5). Agus é ag tagairt do Hannay, scríobh an Irish Times: ‘The various staffs of the Irish Times are now represented in nearly all branches of His Majesty’s Services, including the Royal Flying Corps’ (1915: 9). Leonadh Hannay ag cath Passchendaele gur fhill ar dhualgas in am don Sos Cogaidh i mí na Samhna 1918 (Birmingham 1934: 212). Tar éis an Chogaidh, d’imigh sé go Texas, áit ar oibrigh sé féin is a dheartháir, Seumas, i gcomhlacht gnó ar le duine muinteartha leo é (Birmingham 1934: 200). Fuair Robert Hannay bás in Dallas in 1965 (Irish Times 1965: 18).

D’fheidhligh J.W. Bigger ina staidéar mar ábhar dochtúra (Westmeath Independent 1916: 7). ‘Rheumatic fever kept him from military service in 1914–18 and produced permanent cardiac complications’, a deir Dempsey (2009). Bhí Bigger ina Ollamh le Baictéareolaíocht is le Leigheas Coisctheach i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin agus, ar nós a athar roimhe, ba bhall de Sheanad Éireann é, le haghaidh Choláiste na Tríonóide, 1947–1951. Ba i Lúnasa 1951 a cailleadh é.

Tar éis do Sheán Beaumont a bhunchéim a shaothrú i mí na Nollag 1916, chuaigh sé leis an dlí (Evening Herald 1916a: 1Evening Herald 1916b: 3Freeman’s Journal 1919: 3). Sholáthraíodh Beaumont agus deartháir leis a bhí in Arm na Breataine aimsir an Chogaidh Mhóir faisnéis don IRA i rith Chogadh na Saoirse is seoladh Seán Beaumont ar mhisean go mór-roinn na hEorpa le harmlón a cheannach do na hÓglaigh. Ceapadh ina chigire Gaeilge i Roinn na Talmhaíochta is an Ghairmoideachais é in 1920. Níor aontaigh Beaumont leis an Chonradh Angla-Éireannach. I rith an Chogaidh Chathartha, ghabh Arm an Rialtais Shealadaigh é ar an 22 Lúnasa 1922 agus tugadh cás cúirte habeas corpus faoina ghabháil, cás a dhírigh ar chearta cime nár cuireadh cúiseamh ina leith in aimsir chogaidh (Evening Herald 1922: 1Freeman’s Journal 1922a: 8). Bhí an cás gan socrú go fóill nuair a d’éalaigh Beaumont ón phríosún i gCampa an Churraigh (Freeman’s Journal 1922b: 1). Faoi dheireadh na 1920idí, bhí sé ina léachtóir le Gaeilge agus le Matamaitic ina alma mater, Coláiste na Tríonóide (ainm.ie. Beaumont). Mar atá ríofa ag Éamon Ó Ciosáin, d’imir Beaumont páirt mhór i mbunú is i riar an nuachtáin Ghaeilge, An t‑Éireannach, a mhair ó 1934 go 1937 (1993). Ba é Eagarthóir Gaeilge an Irish Press ar bhonn páirtaimseartha go dtí an bhliain 1957 é. Maraíodh Seán Beaumont i dtimpiste bhóthair i mí na Nollag 1959 (ainm.ie. Beaumont).

Lean Leonard Abrahamson dá staidéar ar an Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé san ardrang Gaeilge sa bhliain 1915–1916 (The Dublin University Calendar, For the Year 1915–1916. Vol. II. 1916: 46). Agus é ina Scoláire, chuaigh sé leis an leigheas gur thabhaigh sé a dhintiúir sa bhliain 1919. B’in tús lena ghairm bheatha mar dhochtúir mór le rá i saol na míochaine i mBaile Átha Cliath. Níor leasc leis a stádas a úsáid le labhairt go poiblí is le gníomhú ar son leas an phobail Ghiúdaigh in Éirinn (Andrews 2016). Ach ní raibh baint aige le haon eagraíocht Ghaelach i ndiaidh Chomóradh an Dáibhisigh agus d’fhan sé glan ar pholaitíocht bhlianta na Réabhlóide Éireannaí. Bhí sé breá sásta i gcónaí an chomaoin a chuir na Bráithre Críostaí air a admháil. Seal gairid sula bhfuair sé bás i nDeireadh Fómhair 1961, bhí Abrahamson mar aon le Frank Aiken, Aire Gnóthaí Eachtracha is iarscoláire eile de chuid Scoil na mBráithre Críostaí san Iúr, i láthair ag an chéad dinnéar a bhí ag Aontas na nIarscoláirí (Irish Independent 1961: 13Irish Press 1961: 3).

Ar nós sheat fada grianghrafadóireachta, tugann an radharc leathan ar shaol na bhfear sin ar choiste Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide léargas úr ar an cheist sin a d’ardaigh Tomás Irish faoi radacaithe de chineálacha éagsúla sa chumann. Chlaon Hannay leis an radacú polaitiúil blianta na hollscoile gur chuir an Cogadh Mór stop grod leis, amhail is gur chreid sé nár mhór dó baois na hóige a chur de. Níor radacaí Bigger riamh. Ná Abrahamson ach oiread mura samhlaítear an radacachas leis an Ghiúdach a raibh spéis sa Ghaeilge aige. Ba náisiúnaithe aitheanta a thuismitheoirí agus thug blianta a óige le fios gur radacaí cultúrtha é Cathal Paor. Ach faoi na 1920idí agus é ina bhreitheamh, ba den scothaicme úr i Saorstát Éireann é. Radacaí cultúrtha is polaitíochta go smior a bhí i Seán Beaumont ó bhlianta na hollscoile agus ina radacaí neamhleithscéalach a bhí sé an chuid eile dá shaol. An té ba spéisiúla acu, dar liom, ná Oisín Mac an Iasgaire. Fear éirimiúil beo-intinneach deisbhéalach a bhí ann, de réir na gcuntas thuas in T.C.D.: A College Miscellany. Mar a bhí Oisín i ndiaidh na Féinne, as féin a bhí an tÓglach Oisín Mac an Iasgaire i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1914. Ní dheachaigh Mac an Iasgaire isteach in arm na Breataine ag tús an Chogaidh Mhóir go ndearnadh ministir in Eaglais na hÉireann de. Lean sé de bheith ag plé leis an Ghaeilge. Náisiúnaí forásach polaitíochta is radacaí cultúrtha a bhí ann i gcónaí, mar sin, in ainneoin Aontachas a mhuintire. Is dealraitheach gurbh é a chreideamh Críostaí ba chionsiocair lena chinneadh dul isteach in arm na Breataine mar shéiplíneach, post inar fhóin sé do shaighdiúirí a bhí i bhfad ó bhaile. Ní heol dúinn an raibh rún ag Mac an Iasgaire filleadh abhaile. Ach cailleadh go hanabaí sa Mheaspatáim fear a raibh sracadh ann agus a raibh an cumas ann cion oibre a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide: Athbhunú nó bunú as an nua?

Mar a léiríonn B. Ní Mh agus Risteárd Ó Glaisne araon, bhunaigh mic léinn i gColáiste na Tríonóide an ‘Thomas Davis Society’ tar éis an Chogaidh Mhóir (B. Ní Mh 1942: 2Ó Glaisne 1992: 69). Na haidhmeanna a bhí ag an chumann, a thuairiscigh cuntas in The Irish Statesman i mBealtaine 1920, ná ‘to encourage the study of the Irish language, literature, and history; to discuss Irish social and economic questions, and to maintain a library of Irish books and of books relating to Ireland’ (TAU. 1920: 488). B’ionann nach mór na cuspóirí sin is cuspóirí an tsean-Chumainn Ghaelaigh. Aimsir Chogadh na Saoirse, áfach, bhí daoine eile i gColáiste na Tríonóide a bhí naimhdeach leis an chumann úr. Níor chomhtharlú é gur taobh amuigh den ollscoil, ag Proinnteach an DBC ar Shráid an Dáma, a bhailíodh na baill le chéile:

The purpose of The Thomas Davis Society is […] to remind Trinity College that it belongs to Ireland. That the reminder is necessary is sufficiently shown by the fact that the proceedings of the Society are boycotted by T.C.D., the University magazine. The Society, however, has been remarkably successful, particularly in the number of Trinity students that have joined. (TAU. 1920: 488)

Faoin am sin, bhí John Henry Bernard, iar-Ardeaspag Protastúnach Bhaile Átha Cliath, ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide ó d’éag Mahaffy in Aibreán 1919. De réir dealraimh, tháinig deireadh leis an Thomas Davis Society sular shocraigh mic léinn ar Chumann Gaelach a sheoladh sa bhliain acadúil 1921–1922 (B.Ní Mh 1942: 2Ó Glaisne 1992: 69–70). Ba chinneadh é sin a raibh lámh ag Seán Beaumont ann, a deirtear (B. Ní Mh 1942: 2Ó Glaisne 1992: 69). Ach arbh athbhunú nó ar bhunú as an nua é sin? Thuairiscigh an Freeman’s Journal i Samhain 1924 gur bunaíodh ‘The College Gaelic Society’ trí bliana roimhe sin (1924: 8). Is doiligh a shamhlú go raibh reacaire an chumainn, Oscar Mac Uileas, fear a raibh Gaeilge as a óige aige is fear a bhí ceangailte le cúis na Gaeilge ar feadh a shaoil, aineolach ar ar tharla deich mbliana roimhe sin, go háirithe má bhí sé istigh le Beaumont (ainm.ie. Mac Uileas). An teideal a bhí ar an léacht tionscnaimh Bhéarla a bhí le tabhairt ag Mac Uileas i Samhain 1924 ná ‘Continuity of Gaelic Culture’. Ba sa Regent House a bhí an ócáid mhór agus bhí an scríbhneoir, James Stephens, agus J.J. Walsh, Aire Poist agus Teileagraif, i láthair, mar aon leis an Ollamh Tomás Ó Rathile, Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh, a bhí sa chathaoir (Freeman’s Journal 1924: 8). Agus Coláiste na Tríonóide ag teacht chun réitigh lena áit i Saorstát Éireann, b’fhusa gan aird a dhíriú ar sheaneachtra chonspóideach ón ré sular ghlac Coláiste na Tríonóide leis, de dheoin nó d’ainneoin, gur le hÉirinn é.

Nóta buíochais

Tá mé faoi chomaoin mhór ag Éamon Ó Ciosáin a léigh dréacht den alt seo is a thug aiseolas fónta dom.