Na dialanna
Sa bhliain 1984 cheannaigh An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, páipéir Sheáin Uí Ríordáin, a léiríonn a shaothar mar fhile, scríbhneoir agus iriseoir. Ina measc siúd tá 49 cóipleabhar nó comhad. Is iad sin na dialanna a choimeád Seán Ó Ríordáin go rialta ó 1940 go dtí 1977 agus atá le fáil anois i mbailiúchán na sainchnuasach i Leabharlann James Joyce. Nochtann na dialanna a chumas chun pinn, agus feictear anseo ceann de na samplaí is fearr agus is faide den scríbhneoireacht rialta dá bhfuil againn in Éirinn an fichiú haois. Is mó an t‑aitheantas atá faighte ag an Ríordánach de bharr a chuid filíochta, agus is trína cholún san Irish Times a bhain sé amach aitheantas as a chuid próis (Ó Cadhla 1998), ach ba iad na dialanna ba thúisce ar an bhfód. Faoin am ar thug Ó Ríordáin faoin iriseoireacht, bhí sé de mhuinín aige labhairt go poiblí trí Ghaeilge maidir lena thaithí saoil, ach seasann na dialanna atá faoi chaibidil anseo againn mar léiriú ar aigne phríobháideach, agus ar dhuine nach raibh aitheantas poiblí bainte amach go fóill aige. Fairis sin, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil téagar ag baint leis na hiontrálacha dialainne. Ní cuntas scáinte laethúil ar a bhfuil díreach déanta nó feicthe aige a bhíonn iontu, ach machnamh an duine aonair, agus scagadh nach beag déanta ar imeachtaí laethúla a shaoil sheachtraigh agus inmheánaigh ag Ó Ríordáin.
San alt seo, beifear ag díriú ar na dialanna ó 1940–50, mar atá Dialanna 1–8. Is é Pádraig ó Liatháin a thras-scríobh agus tugtar na hiontrálacha faoi mar atá siad tras-scríofa agus curtha in eagar aige. Tosaíonn Dialann 1 ar an 1 Eanáir 1940, agus críochnaíonn Dialann 8 ar an 8 Márta 1950. Tá sleachta ó na dialanna i gcló cheana ag Seán Ó Coileáin ina bheathaisnéis liteartha, leabhar a chuir lenár dtuiscint ar bheatha Uí Ríordáin agus a shaothar trí chéile (Ó Coileáin 1982); agus i bhfoirm leabhair ag Tadhg Ó Dúshláine. D’úsáid Ó Dúshláine modh ‘na bhféiltí móra’ chun na sleachta a aimsiú (Ó Dúshláine 2014: xiii) agus le réimse fairsing téamaí a chur in iúl.
Gan amhras, tá go leor leor ábhar faoi chaibidil ag Ó Ríordáin sna dialanna: cúrsaí litríochta, imeachtaí an Dara Cogadh Domhanda, an saol a chaith sé in Inis Cara agus i mBaile Bhuirne, gan ach an beagán a lua. Fairis sin, tá mórán foilseachán den scoth ar ghnéithe eile de shaothar Uí Ríordáin tagtha ar an bhfód le 15 bliain anuas (Ní Loingsigh 2008; Ua Súilleabháin 2008; Breathnach 2014 agus 2016; Ní Churtáin agus Ní Shíocháin 2019). Tá sé i gceist againne, san alt seo, áfach, díriú ar ghné amháin de na dialanna seo go sonrach, mar atá an plé ar ghalar na heitinne i ndialanna luatha Uí Ríordáin. Ar cheann de na nithe is suntasaí faoi Ó Ríordáin i gcomhthéacs stair an leighis in Éirinn tá an plé rialta, beagnach laethúil a dhéanann sé ar a shláinte, agus an streachailt leanúnach a bhaineann léi. Tugann Ó Ríordáin insint uaidh, mar shampla, ar eolas príobháideach ar nós meáchan a choirp, taomanna breoiteachta a bhuaileann é, sealanna sa sanatóir, iarrachtaí leochaileacha chun cumarsáide nár éirigh leo, stiogma na heitinne sa phobal, etc. Tá luach faoi leith ag baint leis na hinsintí sin nach bhfeictear ach go hannamh in aon bhailiúchán dá chineál, agus tá níos mó sna dialanna ná cuntais ghonta ghairide ar a bhreoiteacht; bíonn siad fada, mionchúiseach, agus pearsanta. Féinscagthach agus dian air féin go minic, is beag an dóchas a bhíonn aige agus é ag cur síos go mion ar na nithe beaga laethúla a bhaineann le saol an bhreoiteacháin. Is minic an tuairim aige go bhfuil an bás lena ais agus luann sé cuma a chuid seile, an chasachtach a bhíonn air, an réama a thagann aníos agus fiabhrais arda a thagann air. Sa bheathaisnéis liteartha aige d’aithin Seán Ó Coileáin gur ‘othar gairmiúil’ a bhí sa Ríordánach (1982: 113). Cé gur dlúthchairde a bhí iontu, tuigeadh dó tar éis dó na dialanna a léamh, nach raibh ach súilaithne ag Ó Coileáin ar Ó Ríordáin, agus go raibh saol príobháideach an othair agus ‘aigne chéasta an údair’ (Ó Dúshláine 2014: xiii) le fáil iontu.
An rud is eitinn ann
Galar uafásach tógálach is ea an eitinn, a ghoilleann ní amháin ar an gcóras riospráide ach ar gach gné den chorp (Hardy 1993: 212; Jones 2001; Bryder 1988). Is féidir leis an eitinn lárchóras na néaróg, na gcnámh agus an córas díleá a ionsaí chomh maith. Is galar í an eitinn nár tuigeadh i gceart go dtí taighde Robert Koch, a chruthaigh in 1882 gur bhaictéir ba bhun leis. Go dtí sin, measadh gur ghalar é a bhain leis na hísealaicmí, na bochtáin agus fiú gur rud atá sa duine ó dhúchas a d’fhéadfadh a bheith ann. Cé go raibh trialacha ann go gairid i ndiaidh fionnachtain Koch chun eitinn a aithint, ní raibh cóir leighis ann go dtí taighde Alexander Fleming, a thosaigh ré nua sa leigheas in 1928 a bhain le teiripe drugaí. Idir an dá linn rinneadh dul chun cinn i gcás vacsaíne le forbairt an BCG Bacillus Calmette–Guérin sa Fhrainc in 1921 agus úsáid fhorleathan x-ghathaithe. Chabhraigh an dá rud sin go mór le srian a chur lena scaipeadh. Thóg sé ar a laghad 25 bliain ó d’aimsigh Fleming peinicillin go dtí go raibh frithbheathach ar fáil ar an margadh don ghnáthdhuine, agus mar gheall ar bhriseadh amach an Dara Cogadh Domhanda, bhí an-éileamh air ansin. Bhuaigh Fleming an duais Nobel in 1945 mar thoradh ar a chuid oibre (Podolsky 2015: 272).
Scéal na heitinne in Éirinn
Galar gan réiteach ab ea an eitinn go dtí na 1950idí in Éirinn, agus bhí náire ar leith agus stiogma ag baint léi toisc an dlúthcheangal a measadh a bhí aici leis an mbochtanas. Ba sciúirse corpartha agus sóisialta an galar, agus rachadh cás eitinne sa teaghlach i gcoinne mhuintir an tí go léir, go háirithe ó thaobh an phósta agus na fostaíochta (Jones 2001: 29, 40–2; Breathnach 2014: 12). Tost nó rúndacht ina leith a bhain leo siúd a raibh sé orthu de ghnáth, agus is sa tslí sin a brúdh galar tógálach fé thalamh agus maraon leis an míshláinte i gcoitinne, d’úsáidtí an meafar go minic chun dul i ngleic leo (féach Sontag 1978). Sin ceann de na cúiseanna a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le dialanna Uí Ríordáin do staraithe an leighis. Toisc sárobair an Dr Dorothy Stopford Price, bunaíodh córas vacsaíne BCG in Ospidéal Naomh Ultan in 1937 agus go náisiúnta in 1949 (MacLellan 2014).
Bhí an eitinn sách forleathan in Éirinn na linne sin. Gan amhras, i measc na samplaí is aitheanta in Éirinn, tá an Dr Noel Browne (2007), a labhair ar an eitinn go hoscailte mar dhochtúir agus mar Aire Sláinte i leith a thaithí phearsanta agus ghairmiúil, agus an t‑údar Frank McCourt a chuir síos ar a thaithí féin ina dhírbheathaisnéis Angela’s Ashes (1996). Léiríonn taighde Greta Jones agus James Deeney an suathadh agus an crá a bhain léi; bhí Éire ar cheann de na tíortha ba mhó a bhí buailte aici, agus bhí sí anseo ina heipidéim ag an am. Is í fírinne shearbh an scéil ná gur lean an eipidéim níos faide in Éirinn toisc nach ndeachaigh na húdaráis i ngleic léi go córasach. Ar an gcéad dul síos ní raibh an galar liostaithe mar aicíd ba ghá don duine aonair a admháil go dtí an bhliain 1948. (Go dtí sin ní raibh sé sin ach mar mholadh faoin dlí). Mar sin scaip an galar i measc an phobail gan fhios den chuid is mó go dtí go mbeadh airíonna le sonrú ar an othar. Ba é an bac ba mhó ar leigheas agus ar smachtú an ghalair áfach nach raibh Roinn Sláinte ar leith in Éirinn go dtí 1947. Is amhlaidh a bhíodh cúram sláinte poiblí faoi na húdaráis áitiúla — faoi réir na Roinne Rialtais Áitiúl agus Sláinte Poiblí. Bhraith caighdeán seirbhísí sláinte ar a thiomanta is a bhí an coiste eitinne áitiúil agus ar pé infheistíocht a rinne gach contae ar leith (Achtanna 1908–47). Rinneadh cúram de chóir leighis agus cuireadh sanatóirí nua ar bun — tóg mar shampla Edenburn i gCiarraí a osclaíodh in 1937 (Irish Architectural Archive) — ach toisc nach raibh straitéis láidir náisiúnta ann ní dhearnadh go leor chun srian a chur le scaipeadh an ghalair i measc an phobail.
Plé ar an leigheas sna Daonnachtaí
Is deacair sainmhíniú beacht a thabhairt ar Dhaonnachtaí an Leighis (Medical Humanities) a shásódh gach aon ghné den ghort taighde seo, ach is iarracht atá ann an daonnacht a chur isteach sa leigheas, agus tá tuiscint anois ann go bhfuil modhanna taighde na ndaonnachtaí fíorthábhachtach agus cuiditheach chun feabhas a chur ar chúram agus ar chóras sláinte, don lucht leighis iad féin agus don othar in éineacht. Ó thaobh stair na smaointeoireachta de, tá neart scríofa le blianta beaga anuas ar ghalair a raibh stiogma sóisialta ag baint leo go traidisiúnta ar nós na heitinne agus an ghalair SEIF, mar a phléitear i saothar an cheannródaí Susan Sontag, in Illness as Metaphor (1978) go háirithe. Ar an dul céanna a bhí Simone de Beauvoir ina saothar A Very Easy Death (1985), nuair a léirigh míchompord leis an tost i leith na hailse agus an chaidrimh mhíchruinn a nochtadh le linn tinneas agus bás a máthar Françoise. Bhí Sontag féin ag iarraidh troid i gcoinne reitric mhí-shoiléir mar a bhí ag lucht leighis léi agus í féin ag plé le cóir leighis i gcoinne na hailse. Is ait an rud é gur mhair an modh lochtach sa chaidreamh idir dochtúir agus othar chomh fada agus go mbraithfidís fós ar an meafar chun déileáil le comhráití deacra le páistí, agus daoine aosta. Tá samplaí den chaint dhíreach agus den mheafar i saothar an Ríordánaigh. Ach dar linne is sa mheafar scríofa príobháideach is mó a bhaineann an Ríordánach ciall as an riocht atá air. Go poiblí, fear cúthail agus coimeádach ab ea é a choinnigh deighiltí daingne idir a shaol pearsanta agus a chuid oibre i Halla na Cathrach. Ach bhí saol inmheánach eile aige ina chuid scríbhinní.
Baineann deacrachtaí áirithe le bheith ag brath ar ghuth an othair trí mheán na dialainne, gan amhras, ach seo fadhb atá ina hábhar crá ag staraithe an leighis le fada; tógtar eolas ar an othar go minic amach as tuairiscí leighis agus dá bhrí sin, is iad guth agus dearcadh an dochtúra a bhíonn chun tosaigh i leith an té atá breoite. Insint faoi leith atá sa dialann, mar sin, insint ‘neamhoifigiúil’ gan iarraidh, insint nár lorg na húdaráis oifigiúla, agus is gá anailís a dhéanamh uirthi ar a cáilíocht féin. De ghnáth, ní bhíonn aon teacht ar ghuth an othair sa chartlann leighis. Uaireanta breacann lucht leighis síos eolas srianta chun fíricí áirithe a chur in iúl ach uaireanta eile tuairiscí ginearálta a bhíonn i gceist, ar nós teistiméireacht dar tús ‘patient complains of’. Is ansin a chaithfimid na ceisteanna a chuir dochtúirí sa chás sin agus an comhthéacs inar cuireadh iad a shamhlú, toisc go bhfuil pearsantacht an othair agus an ghné phearsanta den chumarsáid in easnamh. Dar le Rita Charon, ‘written by themselves and read only by themselves’ a bhíonn tuairiscí dochtúra agus caitheann na tuairiscí seo solas ar mheon reatha an dochtúra féin seachas ar mheon an othair (Charon 2006: 146). A mhalairt de scéal atá i gceist i ndialanna othar, áit a bhfuil siad in ann iad féin mar othair a chur i gcroílár an scéil i bhfriotal lom. Is éard atá san ‘insint leighis’ ná scéal na breoiteachta ina iomláine. Is annamh a bhíonn cáipéisí féineachta (‘ego-documents’) ar fáil don staraí leighis, go háirithe i gcás galair a bhí chomh mór faoi stiogma is a bhí an eitinn. Ach sin é atá anseo faoi chaibidil againn agus luach mór leis dá bharr.
Ó Ríordáin agus an eitinn
Tá sé deacair a mheas cathain go díreach a tháinig an eitinn ar dtús ar an Ríordánach, ach deir sé féin linn gur in 1938 a tholg sé í. Faoi mar a tharlaíonn, tháinig méadú ar an ráta báis idir 1938 agus 1941 in Éirinn; in 1938, 1.09 duine a bhásaigh de bharr na heitinne scamhógaí as gach 1,000 den daonra i gcomparáid le 0.69 in Albain (Annual Report 1941). Gan amhras, fear óg a bhí sa Ríordánach ag an am seo, gan saol fada fé bhráca na breoiteachta fulaingthe go fóill aige. Tá tagairt aige dá bhreoiteacht sa dialann láithreach, ar an gcéad leathanach féin, go neamhleithscéalach:
1/1/40 (B’fhéidir nár mhiste a rá anso nach duine sláintiúil an scríbhneoir mar go bhfuil an eitinn agam le dhá bhliain anois). Dob’ éigean dom cabhair a fháil chun an bheatha do chimeád ionam. Dob’ éigean dom mo chuid oibre do leogaint i léig. Táim gan a bheith ar fónamh fós, ach is cuma. Do sháraíos an bhliain. Sin rud nár dhein daoine a bhí i bhfad níos sláintiúla ná mé i dtosach na bliana. Is mó Rúiseach rábach a bhí ina shaol agus ina shláinte um Nollaig agus atá ina chorpán fuar anocht sa tuaisceart. Imeoidh slua ar shlí na fírinne i mbliana.
Tá an admháil seo an-luachmhar i gcomhthéacs an ailt seo, mar tá sé deacair a shamhlú go leomhfadh sé seo a rá aon áit eile ag an am. Mar phointe comparáide, fuair George Orwell, an t‑údar clúiteach, an diagnóis sa bhliain 1938 leis go raibh an eitinn air, ach is beag an plé a rinne sé féin ar an ngalar ina chuid dialann, ach amháin i dtreo dheireadh a shaoil nuair a phléigh sé a chuid laethanta san ospidéal sa bhliain 1949, rud a chiallaigh nár chaith sé saol chomh fada faoin mbráca mar a chaith Ó Ríordáin (Orwell 2012). Beifear ag tarraingt ón bpointe seo ar aghaidh ar fhianaise na ndialann ar bhreoiteacht Uí Ríordáin trí lionsa Daonnachtaí an Leighis; ar thionchar na heitinne ar a chorp, ar an náire agus an stiogma a bhain léi mar ghalar, agus ar an ualach a bhí le hiompar aige dá barr.
i) Plé Uí Ríordáin ar staid a choirp
Is minic cur síos ag Ó Ríordáin ar na pianta fisiciúla a bhíonn air, agus ar imeachtaí a choirp trí chéile. Arís eile, ar nós admháil na heitinne féin, pléitear seo ar an gcéad iontráil dialainne, agus staid na scamhóg á meas aige chomh maith céanna le ceann de chomharthaí sóirt na heitinne, a chuid seile. Bhraithfeá gur shlat tomhais dó ab ea a chuid seile (a méid agus a dath) ar an donas agus an gá dul go dtí an dochtúir, agus bhíodh sé ag faire amach de shíor:
1/1/40 Bhíos cráite go leor nuair a dhúisíos ar maidin mar do tháinig na seilí ramhra aníos go flúirseach as mo scamhóga. Sin comhartha go bhfuil cead a gcos fachta aigesna frídíní galair arís. Greadadh chughat, a Sheáin an mhí-áidh nár fhanais san sanatorium! Níor éiríos go meán lae. Na mílte Rúiseach ar lár ag saighdiúirí na Fionnlainne.
Cuireann a chuid seilí eagla air. Tá tuiscint áirithe aige ar a thógálaí agus ar a dhíobhálaí agus is féidir leo a bheith, agus bhraithfeá eagla air rompu toisc iad a bheith chomh neamhghlan, dar leis:
8/1/40 Do shuíos síos ag an mbord so atá agam chun seilí a chaitheamh isteach ann os mo chomhair. Chun an fhírinne d’insint ní bhíonn mórán seilí agam ar maidin ná istoíche. Táid imithe i laghad go mór. Ach ar ór ná ar airgead ní shloigfinn ceann acu, ar eagla na frídíní a bheith ann.
Cuireann sé síos ar dhath agus ar chuma na seilí, agus bíonn plé seasta aige orthu trí na dialanna. Sa chás seo, is féidir leo an lá a loiteadh air agus an t‑éadóchas a chothú, go háirithe agus crot dearfach ar an lá aige díreach roimhe sin:
Dé Máirt 20/2/40 Do dhúisigh mo mháthair mé go moch ar maidin. ‘Éirigh as san’ ar sise, ‘agus dein tú féin do chóiriú. Ná fuil ’fhios go gcaithfimid cur dínn go moch.’ Níor dheineas-sa moill ar bith, agus níorbh fhada go raibh na balcaisí is galánta atá agam, umam. D’itheas mo bhreicfeast. Bhí an mhaidin go breá. Do shuíos ar an suíochán laistiar den tigh agus do dheineas roinnt scríbhneoireachta. Do tháinig seile ramhar buí aníos as mo scamhóga, rud nár bhain dom le tamall maith anois agus do bhain san d’aoibhneas na maidine iarracht.
Labhraíonn sé go meafarach ar a chuid seilí agus péine. Samhlaíonn sé anseo an saol réadúil a bheith measctha le saol na mbrionglóidí, agus a chuid easláinte mar a bheadh brat dearg a chlúdaíonn a bheatha.
Déardaoin 16/4/42 Lá breá eile ach táimse sa leabaidh. Do chaitheas amach seile beag fola ar maidin agus do taibhríodh dom aréir go rabhas ag caitheamh amach fola agus is leor nod don eolach. Nuair a ardaítear an brat dearg tá contúirt romhat.
Tá an meafar chomh tábhachtach leis an reitric agus an insint chun pian a mhíniú (Loftus 2011; Semino 2010). I gcomhráití i suímh leighis is minic a d’úsáidtí ‘ar nós’ chun go bhféadfadh othair an cás a léiriú don lucht leighis agus bhí a mhalairt fíor freisin. Is mar a chéile a bhí sé sa chomhrá inmheánach a bhí ar siúl de shíor ag an Ríordánach. Is amhlaidh go raibh sé ag iarraidh a thuiscint féin a threisiú sa scríobh laethúil.
Ceann de na comharthaí sóirt eile, agus iad ceangailte leis seo gan amhras ná na scamhóga a bheith ag goilliúint ar an duine atá buailte ag an eitinn, agus bíonn na seilí loite dá mbarr.
29/8/43 Dé Domhnaigh Lá fliuch — an rud is Gaelaí amuigh. Lizzie ár gcolcheathrar ar cuairt. Mise go suarach. Rian fola ar an seile ar maidin agus mo scamhóga ag crónán mar chat.
An lá dár gcionn, níl feabhas puinn tagtha air, agus is mó an phian, an mearbhall agus an t‑uaigneas a bhraitheann sé toisc bail na scamhóg:
30/8/43 Dé Luain Mé gan a bheith ar fónamh. Eagla orm… [] Ó! Ó! Táim cortha — táim traochta. Tá na scamhóga stracaithe asam. Níl a fhios agam cá bhfuilim. Táim imithe amú ar fad.
Bíonn sé feasach go rialta ar staid reatha na scamhóg, arb iad na horgáin chorpartha a choimeádann ón litríocht agus ón machnamh é:
4/1/43 Tá an tsláinte go dona agam le déanaí agus ní fhéadaim suim ar bith a chur i litríocht. Bhíos go huafásach míshocair im’ aigne inné. Chuimhníos ar San Agaistín agus ar Edgar Wallace nuair a bhí a n‑aigne á gcéasadh. D’osclaíodar leabhar agus do léadar an leathanach a tháinig chúcha agus do fuaradar treorú… B’in fuascailt mhór domhsa cuimhneamh air sin.
Cuireann sé síos go tuairisciúil ar mheáchan a choirp, ar ábhar imní rialta dó é, toisc a thanaí is a éiríonn sé de bharr an ghalair.
25/6/42 Do chuas ag triall ar an dochtúir Dé Luain seo caite. Do chailleas 5 púint meáchana i gcoicíos agus tá sé am’ chur go dtí an Sanatorium. 9 gcloch, dhá phunt an mheáchaint atá agam anois munar chuas i méid nó i laghad ó shin. Ó tháinig an galar so orm ar dtúis ní rabhas riamh chomh éadrom, chomh fada agus is eol dom.
Is cás leis an laige choirp a bhuaileann é, go háirithe nuair a dhéanann sé iarracht ar bheith gníomhach, agus braitheann sé go bhféadfadh sé bás a fháil lá ar bith, fiú gan é ag tarraingt ach ar na fichidí láir.
Déardaoin 29/2/1940 Tá an mhí imithe arís agus gan faic déanta agamsa. Is baolach ná fuil aon mhaitheas ionam. Ambaiste tá mo shaol ag sleamhnú uaim go tiubh. Ní féidir liom coinne a bheith agam le saol fada nuair a thuigim an crot atá orm. B’fhéidir ná fuil bliain le dul agam. … Is cruaidh an cás é ina bhfuilim, ach dá mhéid iad na constaicí is ea is mó is fiú iad do shárú. Ach táim lag, ana-lag.
Agus ar deireadh, agus a chreideamh sa timpeallacht ag teipeadh, agus é ag dul i dtreo an osréalachais, samhlaíonn sé an bás lena ais i gcónaí, mar ní nach mbíonn riamh i bhfad uaidh:
28/4/49 Sa leabaidh leabaidh leabaidh — uaigh uaigh uaigh.
ii) Plé Uí Ríordáin ar náire agus stiogma na heitinne
D’fhill Ó Ríordáin abhaile ón sanatóir sa bhliain 1938. Tógadh seomra faoi leith dó, in aice an phríomhthí. Cúl an tí a thugadh sé air, é mar mheafar ar é a bheith scartha amach ó dhaoine, fiú óna mhuintir féin. Chruthaigh sé seo teannas áirithe ina shaol, agus ina chuid teagmhálacha sóisialta ag an am. Ghlac daoine an t‑aicearra taobh lena fhuinneog, ach níor labhair sé leo, go deimhin bhuail sé leo níos lú agus níos lú in imeacht aimsire. Trí na dialanna luatha, éiríonn sé cúlánta, seachantach, agus pléann sé, go díreach is go cliathánach, an náire is an stiogma a bhain leis an ngalar atá air. Seo a láthair breoiteachta agus cruthaitheachta feasta, agus tá anseo, go bhfios dúinn, a chéad chuntas aige féin ar a sheomra beag féin, láthair na hinspioráide is na scríbhneoireachta dó:
23/1/40 Ar chúl an tí atá an seomra beag codlata so agamsa (ní cur síos ná insint scéil ar mo sheomrasa ‘seomra codlata’ a thabhairt air, mar tá sé ina oifig agus ina leabharlann agus ina sheomra bídh chomh maith agus fós ina sanatorium).
Ní hamháin seo, ach caoineann sé an léargas cúng atá aige ar an saol amuigh de bharr gur sáinnithe ag cúl an tí atá sé, agus a bheidh feasta:
30/1/40 Tá an méid seo de leithscéal agam ná féadfainn cuntas mo shaoil a bhreacadh anso mar níl saol ar bith agam. Nílim ach ag féachaint ar an saol tré chaolfhuinneoig mo phríosúin sa bhfásach.
Cuireann sé síos le teann frustrachais ar a chuid iarrachtaí chun cumarsáide, ach luíonn a bhreoiteacht agus a aonaránacht go trom air. Cuireann cuairteoirí buaireamh aigne air, mar a fheicimid go háirithe i gcás comharsan, ar buachaill óg ocht mbliana d’aois é. Cé go n‑ardaíonn sé croí Sheáin Críostóir a bheith fairis, seachnaíonn sé a bheith róghar dó ar eagla go dtolgfadh an buachaill an eitinn uaidh:
4/1/40 Níl ach ocht mbliana d’aois ag Críostóir agus tá sé ana-chabanta. […] Ní maith liom é do theacht cóngarach dom agus bím á dhruidúint amach uaim ar mo dhícheall, mar Dia go deo linn ní duine glan mé.
Ní nach ionadh, leis an gcúlú siar seo, caitheann sé níos mó agus níos mó ama ina leaba féin, arb é an t‑aon réiteach dar leis ar an staid leochaileach ina bhfuil sé, cé go gcuireann an díomhaointeas seo náire áirithe air:
8/2/40 Do chaitheas an chuid ba mhó den ló sa leabaidh mar is gnáth. Bíonn náire orm ina thaobh, ach níl leigheas agam air. Bíodh a fhios agat a léitheoir, má tá slí ar bith chun galar na heitinne a throid, gurab é slí is fearr chun é dhéanamh luí go righin ar shlait do dhroma. Ní thuigtear an méid sin de ghnáth. Tá daoine ann a mholfadh an tsiúlóid don té atá gan sláinte. Más é a bhás is mian leo tá an ceart acu. Nuair a chailleann duine a shláinte is amhlaidh atá a neart go léir ídithe. Is méadú ar an ídiú agus dá bhrí sin ar an easpa sláinte aige siúlóid a dhéanamh. Agus má tá cneasú ar bith i ndán dó (agus de ghnáth níl) is de bharr a shuaimhneas a ghlacadh a chneasófar é. Ní fhéadaim a rá gur leigheas ar an eitinn an suaimhneas; ach féadaim a rá go cinnte gur moilliú ar an ngalar agus gur faoiseamh don othar an suaimhneas; agus fós féadaim a rá go cinnte gur géarú ar an ngalar agus gur méadú ar phiantaibh an othair an tsiúlóid agus gach saghas eile saothair dá laghad é.
De réir a chéile, braitheann sé tréigthe ag an bpobal, ach i ndáiríre is é féin a bhíonn ag iarraidh iad a sheachaint de bharr an tinnis agus an náire araon.
6/3/40 Thánag abhaile fé dheoidh agus do luíos ar an leabaidh. Muna bhfuil mo sháith den leabaidh á fháil agamsa ní lá fós é. Ní rabhas i bhfad sa leabaidh nuair a thosnaigh an teas im’ aghaidh ag méadú diaidh ar ndiaidh go dtí go raibh caor tine ar lasadh im’ leicnibh. D’fholcas m’aghaidh in uisce fuar ach níorbh fhéidir liom an teas dearg san a ruagairt. Bíonn náire an domhain orm daoine am’ fheiscint agus an cor san orm, agus dá bhrí sin d’fhanas istigh go doircheacht.
Braitheann sé naimhdeas ag fás eatarthu, is é sin, idir é agus muintir na háite agus ní leasc leis a shamhlú gur orthusan an locht:
2/2/40 Nuair a éiríos breoite ar dtúis do chuiridís mo thuairisc. Ansan do théinn amach ina measc agus do dheininn caidreamh leo. Tréis teacht abhaile ón Sanatorium dhom sa bhliain 1938 A.D. do dheininn na rudaí go léir nach mór do Chríostaí dhéanamh más mian leis maireachtaint i measc a chomh-Chríostaithe. Anois táim deighilte amach uatha. Táim im aonar go huaigneach. Ní théim go teach an phobail ná ní théim go teach an óil. Ní bhuailim amach leis na buachaillí Dé Domhnaigh. Is annamh in aon chor a thaispeánaim mé féin. Táim breoite ach is dóigh leo ná fuilim chomh holc agus go mba ghá dhom dul i bhfolach ar fad. Tá easchairdeas agus doicheall ag fás eadrainn — mise agus an pobal. Ní duine díobh mé a thuilleadh. Bíd gruama agus bíd ag faire ar an bhfocal agus iad ag labhairt liom. Bímse gruama ag labhairt leo siúd agus bíonn deithneas abhaile orm. Bíonn an tréimhse fada uaignis ina rabhas-sa deighilte amach uatha ag teacht idir sinn agus a chéile. Ta dlithe na comhdhaonnachta sáraithe agamsa agus íocfad dá réir. Ba gheall le masla ar an bpobal an gníomh a dheineas-sa, caidreamh an phobail a thréigint. Do thugas le tuiscint dóibh go raibh se im’ chumas dul ar aghaidh ina n‑éagmais agus is gráin leo mé dá bharr. Sin é an crot atá ormsa a léitheoir i dtosach mo shaoil (agus is dócha gurab é deireadh mo shaoil é leis, agus nára fada uainn an fhuascailt) …
Sa sampla a leanann, deir sé lena chairde nach dteastaíonn uaidh dul amach leo, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil sé róbhuailte, rólag ag an eitinn:
27/1/40 Do leogas orm leo gurab amhlaidh a chailleas mo phíopa agus gur baineadh geit asam. Is dóigh liom nár chreideadar mé. Tá an díomhaointeas ag goilliúint go mór orm. Is eagal liom gur dóigh le gach aoinne gur leisce atá orm. Ach don diabhal a bheirim thíos iad is cuma liom cad is dóigh leo. […] Ach bímis misniúil agus cá bhfios d’aoinne ná go bhfaghainn mo shláinte arís.
Sampla brónach eile is ea an iontráil seo, agus ar dtús bíonn an bhuairt chéanna air faoin eitinn a bhronnadh ar chomharsana leis, ach ansin go truamhéalach nó go háiféiseach fiú, nochtann sé an tuairim uaidh go bhféadfadh gur thug sé an eitinn don mhadra:
12/2/40 Bíonn beirt bhuachaillí de mhuintir Murchú anso istigh againn gach oíche. Tá an té is sine acu láidir sláintiúil, ’sé sin Kevin. Ach tá Morgan suarach seang mílítheach agus bíonn ana-imní orm ina thaobh. Is minic a bhíonn sé ag casachtaigh agus tá drong ar a dhroim. Bíonn eagla an domhain orm go dtógfadh sé an eitinn uaim. B’fhéidir go mbím ag faire air an iomad, ach ar eagla na heagla. Is béas lenár leithéidí bheith ag faire ar dhaoine go dlúth agus ag ceapadh go mbraithimíd an eitinn i ngach slaghdán. Is cuimhin liom go raibh an maidrín seo againne seang anuiridh, agus a’ gcreidfeá é, do shíleas go raibh an eitinn aige, agus bhí an milleán agam orm féin.
Bíonn náire air fiú faoina chuma bhreoite féin, rud a mheabhraítear dó nuair a chastar bean air, bean a raibh aithne aige uirthi ón Sanatóir, atá sách buailte ag an eitinn chomh maith.
22/4/40 Bhíos ag caint le cailín a chonac i ‘Leitir Fraoigh’ sa bhliain 1938. Níor thugas taithneamh ar bith dhi. Bhí sí ag casachtaigh. Bhí canúin léannta ar a cuid Béarla. Cé go raibh craiceann geal uirthi do bhí deirge na heitinne ina leicnibh; ar mo nós náireach féin. Tá sí roinnt mhaith bliain níos sine ná mise.
Tá sé tábhachtach a lua arís anseo go raibh stiogma ag baint leis an eitinn dar ndóigh. Faoi mar a dúirt Kafka — fear nár phléigh an eitinn mórán sna dialanna aige — ina thaobh féin agus comhluadar aige: ‘everybody drops into a shy, evasive, glassy-eyed manner of speech’ (Sontag 1978: 6), agus d’airigh an Ríordánach gur leasc le daoine an galar a admháil, nó fiú an focal ‘eitinn’ a rá os ard. Sa sliocht seo a leanas, braitear an teannas agus an náire a thagann ar Ó Ríordáin mar gheall ar an méid nach ndéarfaí os ard, fiú agus an t‑eolas ag a lucht aitheantais go raibh an eitinn air:
29/1/40 An oíche a bhí Domhnall Ó hÉalaithe anso d’inis sé dom go raibh múinteoir na rinceoireachta — Rice is ainm do — breoite. “Agus do chuala,” ar seisean, “gur suas go Mount Desert atá sé imithe.” (Sin ospidéal do lucht na heitinne. Ní bheadh ionadh ar bith orm dá mba ann a gheobhainn féin bás). “Asthma agus bronchitis atá air” ar seisean. Nach uafásach an rud é nach maith le haoinne an eitinn d’admháil. Agus is maith is eol do Dhomhnall cad tá bun os cionn leis an máistir rinceoireachta. Agus fairis sin is maith is eol dó cad tá bun os cionn leis an mac so, cé nár insíos dó riamh é, go neamhbhalbh. Do baineadh preab asamsa nuair a chuala an méid sin mar ní raibh aon choinne agam leis. Is dóigh liom gur thug Domhnall fé ndeara gur baineadh preab asam.
iii) Uaigneas agus ualach na breoiteachta ar a mhisneach
Ábhar ailt ann féin a bheadh sa mhéid a scríobhann Ó Ríordáin go meafarach trína shaothar cruthaitheach faoin mbreoiteacht atá air (féach Mac Giolla Léith 2012). Díol suime an tslí a bpléann sé leis an eitinn go meafarach sna dialanna, áfach, agus an pearsantú a dhéanann sé ar an ngalar ar uairibh. Tá cúpla babhta ann go samhlaíonn sé é féin mar ainmhí truacánta:
13/1/40 Tá an eitinn cosúil leis an gcat. Nuair a bhíonn beirthe ag an gcat ar an luch agus a fhios aige ná fuil aon dul as ag an luch, leogann sé uaidh í, tugann sé saoirse daoir di, d’aon ghnó chun bheith ag súgradh léi. Níl sé de dhaonnacht sa chat an luch a mharú ar an dtoirt. Tá’s ag an gcat so atá ag súgradh liomsa gur beag é bás na colna — bás obann na colna — seachas bás mall na spride. Baintear feoil díom go mall mall — punt ar phunt.
10/3/40 Suas fán gcnoc liom agus an oíche ag titim. Ba ghearr go rabhas ar bharr an chnoic ag féachaint uaim go gruama. D’airíos an gáirí gan ghruaim ag teacht aduaidh agus na cosa láidre anamúla óga ag rince leo agus gach buille grinn a bhuailidís ar an dtalamh do buailtí buille bróin ar chroí an tseanduine óig seo. Agus bhí bród ins na buillí sin. Agus d’umhlaigh m’easláinte rompu agus bhíos buíoch den doircheacht mé a chaomhnú uatha agus mé lag mall, mar ba dhóigh liom go raibh drochmheas aigesna cosa cothaithe san ar m’easpa feola. Do shamhlaíos mé féin mar ainmhí gointe a caitheadh sa díog agus na hainmhithe slána imithe leo ag soláthar bídh go caithréimeach.
Cabhraíonn an plé seo leis teacht ar thuiscint ar an ngalar atá air, agus teacht ar thuiscint air féin mar othar. Trí mheán na bhfocal, déanann sé iarracht smacht áirithe a bhaint amach ar an rud atá á chrá féin. Murab ionann is Orwell, mar shampla, a rinne iarracht leanúint air in ainneoin an ghalair, scaoileann Ó Ríordáin an eitinn isteach ina shaol, téann sé in adharca léi agus glacann sé léi. Bíonn saghas malaise air ar uairibh dá barr, agus é ag maireachtaint i staid imeallach, é ag faire ar an saol ag leanúint ar aghaidh mar is gnáth, agus gan de chumhacht aige féin páirt a ghlacadh ann mar ba mhaith leis. Prós cumhachtach a thagann amach as an gcoimhlint seo, a léiríonn go paiteanta an t‑uaigneas a leanann é.
16/3/43 Ní heol dom aon ní is uaigní ná fuaradh mall san na hintinne bíogtha Luan Cincíse. Lá saoire bainc, agus lá níos uaigní ná aon Chailleach Bhéara. Táim ins na lionntaibh dubha. Tá lámh Dé le feiscint i ngach aon bhall. Saol díthreabhaigh a bhí i ndán dom ag Dia de réir dealraimh. Sin é an saol atá á fháil agam pé ar domhan é. Deirim ‘á fháil’ in inead ‘á chaitheamh’ ionas ná tuigfí uaim go bhfuilim toilteanach aige.
Ní nach ionadh, bíonn an t‑uaigneas a bhraitheann sé de bharr an tinneas atá air géar agus goilleann sé air. Is ionann an scríbhneoireacht dó agus slí éalaithe ón mbreoiteacht, cé gurb í an bhreoiteacht a thugann slí éalaithe na scríbhneoireachta dó óna phríosún sa seomra. Níl de mhaolú aige air sin ach sin.
20/10/47 Uaireanta tagann sceon orm. Measaim go bhfeicim taom breoiteachta chugham agus an leabaidh agus an t‑uaigneas agus féachaint á chur ag Dia orm m’aigne do chorraí agus mo chuid scríbhneoireachta do dhéanamh agus ansan slí do dhéanamh do dhuine eile ar an saol.
12/4/49 Má tá comhacht trócaireach chneasta sa chruinne iarraim, impím air fóirithint orm. Táim beagnach as mo mheabhair anso sa leabaidh so. Agus de réir na ndochtúirí caithfidh mé fanúint sa leabaidh bliain eile. Íosa Críost Mac Dé! Táim cráite dóite le smaointe. Ní fhéadaim uaigneas ná comhluadar d’fhulang. Tá dhá choileán istigh ansan agus bíd ag caoineadh de ló is d’oíche go truamhéileach mar a bhfuilim féin anois. Ach bíodh foighne ag gach duine.
Mar sin féin, féach go samhlaíonn sé an tinneas le próiseas forbartha agus iomlánaithe an duine, ach gur seo taithí saoil atá ceannaithe go daor aige ina chás féin. Gan amhras, mar ealaíontóir, teastaíonn aonaránachas, ach braitheann sé scartha amach ó mhuintir Inis Carra de bharr na breoiteachta. Bac idir é féin agus an pobal an tinneas, ar tástáil spride agus misnigh é.
22/4/49 Níl aon rud chomh uaigneach leis an duine sa deireadh. Bíonn sé á cheilt san air féin de shíor — ag cur síos ar chairdeas agus ar ghrá, mar dhea is gur rudaí iad a gheibheann duine in aisce. Muna bhfuil rud agat le hiad do cheannach ní bhfaghair iad ach chomh beag agus a gheobhfá tobac gan airgead. Níl duine ina dhuine go hiomlán go dtí go gcailleann sé sláinte, óige, gnaíúlacht, saibhreas .i. go dtí go mbíonn an fhéasóg bearrtha agus an aghaidh lom le feiscint. Cé uaidh a gheobhaidh an duine lom san cairdeas nó grá? Níl duine, cara nó eile sa tseomra so anocht.
Ní nach ionadh, leanann an ísle brí, an féinsciúirse, agus an easpa measa air féin. Láthair chatha an oíche fhada roimis, an dorchacht mar mheafar don bhás agus teacht na maidine mar fhaoiseamh agus mar fhuascailt. Seasann an choinneal lena ais mar shiombail dóchais agus solais, fiú agus í ag éirí faonlag, nach mór caite. Seo a chéad úsáid de mheafar an tsolais go bhfios dúinne:
15/1/40 Ní heol dom faid na hoíche sin ach tá’s agam nach foláir dom an oíche do shárú sara mbeidh an mhaidin agam .i. sara mbeidh an solas agam. Solas atá uainn agus is ionann solas agus tuiscint ar éifeacht an smaoinimh (táim a d’iarraidh an chéad locht atá ar mo chuid oibre a mhíniú dhuit a léitheoir).
Caoineann sé a chás féin, agus déanann sé plé agus machnamh, is baolach, ar lámh a chur ina bhás féin. Is trom a luíonn ualach na heitinne air agus bíonn an chuma ar an scéal uaireanta gur chaill sé muinín as a bheith ar fónamh go deo arís. Ba dhóigh le duine gur sin an fáth go raibh sé ag déanamh plé ar an bhféinmharú. Seachas é féin a mholadh as a sheasmhacht féin, caitheann sé anuas ar a chuid meatachta, amhail is gur easpa fearúlachta fé ndear an drogall chun gnímh atá air (lena thuilleadh plé ar cheist na fearúlachta, féach mar shampla, Mitchell 2019: 187–277):
6/2/40 Is minic a mheasaim go mba mhaith an plean dom mé féin a mharú. Cad chuige ná maróinn mé féin? Níl aon chreideamh agam a chuirfeadh srian liom. Níl aon mhaith ionam a thuilleadh. Is amhlaidh atáim sa tslí ar mo mhuintir. Bhí mo mháthair ag brath orm bail chompordach a chur uirthi nuair a éireoinn suas chuici ach mo chreach láidir do bheadh sé chomh maith di bheith ag brath ar an gcat. […] Dá bhrí sin go léir ba cheart dom mé féin a mharú. Níl aon ghrá agam don saol a gheobhainn gan sláinte. B’fhearr liom bheith marbh. Cad ina thaobh mar sin ná múchaim m’anam san abhainn? ’Neosfaidh mé duit a léitheoir chaon stuama. Níl sé de mhisneach agam mé féin a mharú. Tá eagla an bháis orm. Nach ait an duine mé? Nó an ait?
Conclúid
25/6/42 Is annamh anois a scríobhaim ar rudaí pearsanta, agus ar chuma amháin is trua san, mar níl maitheas ar bith insa nótaí so ach amháin mar thuairisc phríobháideach ar mo shaol féin.
Seo a deir Ó Ríordáin tar éis seal ina thost sa bhliain 1942, ach féach gur fhág sé ina dhiaidh dúinn cuntas cuimsitheach agus luachmhar ar a raibh á fhulaingt aige ina shaol príobháideach. I bhfianaise teirce na gcuntas atá fágtha ar chás an othair in Éirinn a buaileadh leis an eitinn, agus daoine le Gaeilge go háirithe, is é a chuireamar romhainn san alt seo solas a chaitheamh ar a leithéid, ar shlí a chuirfeadh leis an scoláireacht ar stair an leighis in Éirinn. Othar ‘gairmiúil’, a bhí sa Ríordánach (Ó Coileáin 1982: 113), agus tá cuntas neamhstruchtúrtha lom againn anseo óna pheann, a bhfuil luach faoi leith ag baint leis i staidéar ar bith ar stair na heitinne in Éirinn, agus i gcomhthéacs Daonnachtaí an Leighis trí chéile.
Toisc gur tholg sé an eitinn sa ré sin roimh pheinicillin, bhí dochar do-athraithe déanta do scamhóga Uí Ríordáin, dochar do-leigheasta, de réir gach dealraimh. Mar sin, b’éigean dó géilleadh don tinneas, don éiginnteacht, agus do bhagairt an bháis lena ais. Cé go bhfuil sé deacair anois féachaint siar agus tuiscint do dhuine a bhí buailte ag an ngalar seo i ndaicheadaí na haoise seo caite, d’fhéadfaí a áiteamh gur chaith an phaindéim domhanda is déanaí solas áirithe ar a dheacra is a bhíonn sé plé le galar tógálach dá short, ar féidir leis dochar fadtéarmach a dhéanamh don othar.
Fágfar an focal deireanach faoin údar é féin, mar is cuí, agus cé gur seo deireadh Dhialann 3, ní críoch ar bith a bhí ann. In ainneoin an drochmhisnigh anseo air, ní mór a thabhairt chun cuimhne gur lean sé air ag scríobh, gur fhoilsigh sé filíocht den scoth ina dhiaidh, gur scríobh sé colún rialta san Irish Times, agus níos tábhachtaí fós b’fhéidir i gcomhthéacs an taighde seo, gur choimeád sé dialanna go rialta go dtí gur éag sé sa bhliain 1977.
An Domhnach 24/4/49 Tá deireadh leis an leabhar so. Tá uaigneas orm. Tá rud éigin imithe go brách. Is dócha go bhfuilim ag cuimhneamh ar na codanna dem’ shaol a theangmhaigh leis an leabhar so. Imíonn rud éigin go brách gach neomat agus ní thugaimid fé ndeara é go dtí go bhfágaimid áit éigin nó go scaraimid le duine éigin. Níl aon rud ar an saol so níos uaigní ná imeacht aimsire. Sin é an saol dar ndóigh. Do loiteas an saol mar a loiteas an leabhar so agus níos measa más féidir. Bhíos critheaglach fadálach riamh. Ní dheinim aon rud ar an dtoirt. Procrastinator. Bhíos leisciúil. Spreasán. Ainniseoir. Bréagadóir. Meatachán. Buaileam sciath. Dheineas faillí im dhualgaisí spioradálta. Níor dheineas staidéar ceart riamh ar eagla ná beadh sé compordúil. Do chreachas mo shláinte. Cad tá fágtha anois? Critheagla. Tá dithneas piseogach orm dul ar aghaidh leis an leabhar a leanfaidh an leabhar so ar eagla go mbé mo dheireadh féin deireadh an leabhair seo. Nyedotyopa mé agus ní beag san.
Saothair a ceadaíodh
FOINSÍ CARTLAINNE
Ó Ríordáin, S. (1940–77) Aircív Sheáin Uí Ríordáin. Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Irish Architectural Archive. https://www.dia.ie/works/view/51349/building/CO.+KERRY,+GORTALEA+(TRALEE),+EDENBURN+SANATORIUM
ACHTANNA: ACHTANNA ROIMH 1912 / ACHTANNA AN OIREACHTAIS AGUS FOILSEACHÁIN OIFIGIÚLA
Tuberculosis Prevention (Ireland) Act 1908, 8 Edw. VII, c. 56.
National Health Insurance Act (1911), 1 & 2 Geo. V., c. 55.
Tuberculosis Prevention (Ireland) Act (1913), 2 & 3 Geo. V, c. 25.
Health Act, 1947. https://www.irishstatutebook.ie/eli/1947/act/28/enacted/en/html [Faighte 1 Feabhra 2022].
S.I. No. 99/1948, Infectious Diseases Regulations, 1948. https://www.irishstatutebook.ie/eli/1948/si/99/made/en/print [Faighte 1 Feabhra 2022].
Department of Local Government and Public Health, Annual Report of the Registrar General 1938 (Dublin, 1939). https://www.cso.ie/en/media/csoie/releasespublications/documents/birthsdm/archivedreports/P-VS_1938.pdf [Faighte 1 Feabhra 2022].
Annual Report of the Registrar General (Dublin, 1941), xx–xxiii. https://www.cso.ie/en/media/csoie/releasespublications/documents/birthsdm/archivedreports/P-VS_1941.pdf [Faighte 1 Feabhra 2022].
FOINSÍ FOILSITHE
de Beauvoir, S. (1985) A Very Easy Death. O’Brian, P. (aist.). New York: Pantheon Books.
Breathnach C. (2014) ‘“Heavier the interval than the consummation”: bronchial disease in Seán Ó Ríordáin’s diaries’. In: Medical Humanities 40:1: 11–16.
Breathnach C. (2016) ‘Professional patienthood and mortality: Seán Ó Ríordáin’s diaries 1974–1977’. In: Medical Humanities 42: 92–96.
Browne, N.C. (1986) Against the Tide. Dublin: Gill & Macmillan.
Bryder, L. (1988) Below the Magic Mountain: a social history of tuberculosis in twentieth-century Britain. Oxford: Clarendon Press.
Charon, R. (2006) Narrative Medicine: Honoring the Stories of Illness. New York: Oxford University Press.
Davison, P. (eag.) (2012) George Orwell: Diaries. New York: W.W. Norton and Company.
Dear, I.C.B. agus Foot, M.R.D. (2001) The Oxford Companion to World War II. Oxford: Oxford University Press.
Hardy, A. (1993) The Epidemic Streets: Infectious Disease and the Rise of Preventive Medicine, 1856–1900. Oxford: Clarendon Press.
Jackson, A. (2010) Diary Poetics: Form and Style in Writers’ Diaries, 1915–62. New York: Routledge.
Jolly, M. (eag.) (2001) Encyclopedia of life writing: Autobiographical and biographical forms. London: Fitzroy Dearborn.
Jones, G. (2001) ‘Captain of all these men of death’: The History of Tuberculosis in Nineteenth and Twentieth Century Ireland. Amsterdam: Brill.
Kafka, F. (1988) Diaries 1910–1923. New York: Schocken Books.
Lejeune, P. (2009) On Diary. Honolulu: University of Hawaii Press.
Loftus, S. (2011) ‘Pain and its Metaphors: A Dialogical Approach’. In: Journal of Medical Humanities 32: 213–230. Ar fáil ag: https://pubmed.ncbi.nlm.nih.gov/21484313/ [faighte 12 Deireadh Fómhair 2022].
Mac Giolla Léith, C. (2012) ‘Seán Ó Ríordáin agus Aisling na Feola’. In: Mac Amhlaigh L. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 47–57.
MacLellan, A. (2014) Dorothy Stopford Price: Rebel Doctor. Dublin: Irish Academic Press.
Mansfield, K. (2016) The Diaries of Katherine Mansfield: Including Miscellaneous Works. Davison, C. agus Kimber, G. (eag.) Edinburgh: Edinburgh University Press.
McCourt, F. (1996) Angela’s Ashes: A Memoir of a Childhood. London: Harper Collins.
Ní Loingsigh, M. (eag.) (2008) Tar Éis a Bháis: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Mitchell, A. (2019) ‘Níl Sé D’Acmhainn Agam Bheith Im Fhear’: An Fearfhile, An Traidisiún Fireann Agus An Fear Mífhearúil i Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin. Tráchtas PhD Neamhfhoilsithe, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Ní Churtáin, R. agus Ní Shíocháin, T. (2019) Ní Insint Dán ach Bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh. An Daingean: An Sagart.
Ó Cadhla, S. (1998) Cá bhfuil Éire: Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Ríordáin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Ó Coileáin, S. (1982) Seán Ó Ríordáin, Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Ó Dúshláine, T. (eag.) (2014) Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Podnieks, E. (2000) Daily Modernism: The Literary Diaries of Virginia Woolf, Antonia White, Elizabeth Smart and Anaïs Nin. Montreal: McGill-Queen’s University Press.
Podolsky, S.H. (2015) The Antibiotic Era: Reform, Resistance, and the Pursuit of a Rational Therapeutics. Baltimore: Johns Hopkins University Press.
Semino, E. (2010) ‘Descriptions of Pain, Metaphor, and Embodied Simulation’. In: Metaphor and Symbol 25.4: 205–226. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/10926488.2010.510926 [faighte 12 Deireadh Fómhair 2022].
Sontag, S. (1978) Illness as Metaphor. New York: Farrar, Strauss & Giroux.
Ua Súilleabháin, S. (2008) ‘Seán Ó Ríordáin: Baile Bhuirne agus an Fheirm i gCiarraí’. In: Ní Loingsigh, M. (eag). Tar éis a bháis: aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 107–22.