An aigne neamhchoilínithe: gné d’fhilíocht Joe Steve Uí Neachtain

Gearóid Denvir

Ach do thugabhair libh an aigne

Chomh húr le leanbhán

A thréigeamar i leabharaibh

Is parailis ina cnámha,

Is a fhanann linn sa duanaire

Mar a fhanabhair ar oileán

Go dtí go dtagann fonn orainn

Suirí le seanadhán (Ó Ríordáin 2011: 98).

1 Is í an aigne a ndéanann Seán Ó Ríordáin trácht uirthi sa dán thuas, ‘Na Blascaodaí’, ‘ár seanaigne’ (2011: 98) a thaisceann cuimhne fho-intinneach ár sean agus an dearcadh i leith an tsaoil a bhí ag fir an oileáin agus ag Peig agus ag ‘seancheoltóirí teangan’ (2004a: 66) agus ‘gúruanna na bhfarraigí/na gcnoc is na dtinteán/saoithe na n‑iomairí/is na n‑oileán’ (2004b:35) mar a bhaist Michael Davitt orthu. Seo iad chomh maith an dream ar bhaist Joe Steve Ó Neachtain orthu ‘na hoidí béil chois an teallaigh … a d’iompair an briathar beo ó ghlúin go glúin’ (Ó Neachtain 2013: 50, 53) le:

bród as glór

a d’fhás ón bhfód

nach ionann is glór

an strainséar’ (‘Raidió Gaeltachta’, Ó Neachtain 2008: 34).

2 Baineann an aigne seo leis an Éirinn neamhchoilínithe neamhBhéarlaithe a shamhlaigh an Ríordánach ina rídhán ‘Fill Arís’ (2011: 154), áit a n‑iarrann sé ar an léitheoir an léim mhór samhlaíochta sin a thabhairt a chuirfeadh i gcás nár tharla Cath Chionn tSáile, nár coilíníodh Éire, gur mhair an traidisiún gan bhearna, go raibh an t‑iomar gan úim slán. Tóraíocht na haislinge sin a thug faobhar na faille siar chun na Gaeltachta i nDún Chaoin i gcéaduair é lena ‘intinn féin’ agus a ‘chló ceart’ a aimsiú.

3 Ó thaobh nualitríocht na Gaeilge de, is é a shamhlaím leis an gcoincheap seo an aigne a thagas chun an ghnímh liteartha i gcéaduair ón nGaeilge féin seachas trí lionsa nó trí phriosma aon teanga eile, an Béarla inár gcás féin ar ndóigh. Scríbhneoirí a ndéarfá fúthu go n‑aithneofá óna gcuid Béarla gur Gaeilge a bhí acu seachas go n‑aithneofá ar a gcuid Gaeilge gur Béarla a bhí acu atá i gceist. Ní dhiúltaíonn an dearcadh seo do réalachas teangeolaíoch, sóisialta, cultúrtha ná polaitiúil na huaire, ná don domhan nua-aoiseach, fiú iar-nua-aoiseach, mar is eol dúinn inniu é. Ní hamháin sin, ach cuireann an aigne neamhchoilínithe fáilte isteach roimh theangacha eile, teanga an choncais san áireamh. Mar seo a chuireas Joe Steve é:

Bíodh eolas ar Bhéarla a’ainn is ar Fhraincis, más féidir;
Ná ceiltear ar éinne slí an dul chun cinn;
Ach más gá cúl le cine mar luach ar an méid sin,
Nár mhór an díchéille bhí ar an dream a thug a saol (‘Seanphort’, Ó Neachtain 1990: 41).

4 Gníomh díchoilínithe atá i saothrú na ceirde dúchais, i gcleachtadh chreideamh an fhocail, go mór mór i gcás an scríbhneora a bheartaíos a p(h)eann a phromhadh agus a thumadh ina m(h)ionteanga féin a mhaireas faoi scáth agus faoi scáil mhórtheanga an choncais. Roghnaítear an teanga sin de ghotha beag míbhéasach aon úime mar ráiteas polaitiúil idé-eolaíoch cultúrtha agus aeistéitiúil in éineacht, tharla go bhfuil, dar le Joe Steve:

… dualgas

ar gach glúin

gan cúl a thabhairt

le cine (‘Mianach gaibhne’, Ó Neachtain 2015: 20).

5 Is gné bhunúsach an rogha sin, creidim, den aigne neamhchoilínithe, a eascraíos as an meon sin i leith an tsaoil nár ghéill go hiomlán don choncas, do cheannas an allúrachais, do phróiseas na staire ó aimsir Chionn tSáile ná do thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh. Is é atá ann, mar a shonraigh Seán Ó Ríordáin faoi shaothar Mháirtín Uí Chadhain:

Ní aigne béarlóra ag cur Gaeilge de réir Bhéarla ar shaol a bhí tomhaiste de réir Bhéarla í seo ach aigne na Gaeilge féin ag sealbhú réimsí nua agus ag seasamh a cirt inti féin (1971).

6 Tá an aigne seo go rábach i litríocht Ghaeilge an 17ú–19ú haois, go mór mór sa bhfilíocht, mar is léar i ndán mar ‘Cúirt an Mheon-Oíche’, in Aislingí polaitiúla an 18ú haois agus i bhfilíocht Raiftearaí agus Mháire Bhuí, mar shamplaí ionadaíocha. Is í atá ar chúl litríocht na hAthbheochana i dtús an 20ú haois ar iarracht a bhí inti athghabháil a dhéanamh ar theanga agus ar thraidisiún a bhí i mbaol báis, agus tá sí le sonrú chomh maith i saothar riar shuntasach de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20–21ú haois. San áireamh sa gcomhthéacs seo, dar liom, bheadh Pádraig Mac Piarais, Liam P. Ó Riain, Pádraig Ó Mileadha agus Pádraic Ó Conaire de chuid na hAthbheochana, maille leis an gcéad ghlúin scríbhneoirí a tháinig chun cinn tar éis bhunú an tSaorstáit, mar shampla, Máirtín Ó Cadhain, na Griannaigh, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi agus Pádraig Ua Maoileoin. Tá riar scríbhneoirí suntasacha ar den mhianach céanna a saothar ag treabhadh leo ar urlár ár lae féin freisin, ina measc Pádraig Ó Cíobháin, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Dairena Ní Chinnéide, Seán Ó Curraoin, Darach Ó Scolaí agus Mícheál Ó Conghaile, gan trácht ar fhilí an bhéil bheo i nGaeltacht Chonamara.

7 Ní hé atá i gceist leis an áiteamh seo go gcaithfidh an scríbhneoir aithris a dhéanamh ar an dream a chaith seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir san Áit Thiar leathchéad bliain ó shin, ná fiú díriú orthu lena scéal a aithris. San am céanna, áfach, tá ceart agus tá mícheart teanga ann. Ní leor Gaeilge thanaí, low fat language mar a thug Joe Steve uirthi (2013: 122), le do scéal a inseacht i gceart agus go hionraic taobh istigh de chruinneshamhail sin na Gaeilge. Agus tá an baol ann go bhfuil muid ag dul sa treo sin, mar a áitíos Joe Steve:

Is gearr go mbeidh sé doiligh ag mo leithéidse stroipín comhrá a dhéanamh gan na fotheidil a bheith greamaithe faoi mo smig. Tá muid ag rith ar an tanaíochan … agus tá daoine ann a déarfadh ... nach Gaeilge atá sa bhfaisean níos mó ach teanga úr-nua a mbeadh sé ní ba ghnaíúla Hectoris a ghlaoch uirthi (2013: 101).

8 Ní foláir don scríbhneoir Gaeilge dul faobhar na faille siar isteach sa traidisiún le teacht ar an eochair, an aeistéitic dhúchais sin a ligfeas aniar arís isteach i saol na freacnairce thú. Is é a thuigim leis an aeistéitic dhúchais sin sainléamh na Gaeilge ar an domhan, an chruinneshamhail shainchultúrtha mar a tuigeadh í anuas trí na haoiseanna agus modh a curtha in iúl trí bhíthin na teanga in imeacht ama. Tá teacht ar an domhan seo fós sa nGaeltacht, ar ndóigh, ainneoin mhangairí an éadóchais, agus lena chois sin i nGaeltacht fhíorúil an fhocail chlóite agus chraolta ó thús an traidisiúin i leith. Seo é domhan na haeistéitice dúchais as ar fuineadh saol agus saothar Joe Steve Uí Neachtain.

9 Rugadh Joe Steve sa gCré Dhubh i gceartlár Ghaeltacht Chonamara agus tógadh é ar ‘na hocht n‑acra dhéag/a choinnigh snáithe/faoin bhfiacail’ (‘Ginealaigh’, 2015: 14), taithí saoil a mheabhródh Nineteen Acres (1978) John Healy a dhéanas cur síos den chineál céanna ar ghabháltas úd Bhord na gCeantar Cúng ar leor é, dar leis na húdaráis ag an am, le muirín a thógáil. Mar a dhearbhaíos sé ina réamhrá do Fad Saoil, tá a mhuintir neadaithe ón gcianaimsir sa gceantar:

Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin (2015: 11).

10 Dá réir sin, dearbhaíonn sé go bródúil ‘nach bruth faoi thír/mo chine’ (‘An dís dar díobh mé’, 2015: 16). Tá mórtas air as lorg lámh a mhuintire ar an talamh agus déanann sé cur síos trína shaothar ar fad ar an obair chrua ar muir is ar tír a mhúnlaigh an duine agus an taobh tíre, ‘saothar a mhúnlaigh/sliocht mo shleachta’ (‘Ginealaigh’, 2015: 15). Seo an sclábhaíocht a dtráchtann Máirtín Ó Direáin uirthi i ndánta ar nós ‘Gleic mo Dhaoine’ (2010: 91), nó Máirtín Ó Cadhain sna saothair dá chuid a bhaineas leis an gcomhthionól fuinniúil fuinte, agus an duine ‘ag cruachan/in aghaidh na hanachain’’ (‘Crí Dhubh’, 2008: 45), de réir mhodhanna oibre agus tuiscintí traidisiúnta seanbhunaithe ar an saol agus ar ionad an duine sa saol. Cur san earrach le baint sa bhfómhar, mar a deir an seanfhocal.

11 Fuineadh an file agus an fear as an gCré Dhubh agus ba í an chré dhubh sin ‘b’ansa le mo mhuintir-sa’ (‘Crí Dhubh’, 2008: 44) an chré thorthúil sin i measc na gcloch is na rútaí raithní a shantaídís lena cur d’fhonn iad féin a chothú. Téama láidir leanúnach ina shaothar ar fad é an cothú, idir chorp is anam, a d’fhaigheadh an seandream ón timpeallacht nádúrtha, bua atá ar fáil i gcónaí don té a bhfuil bheith istigh oidhreachtúil aige sa domhan bisiúil sin. Mar sin atá, mar shampla, sa dán ‘Oisre’ áit a gcothaíonn ollmháthair na farraige an duine agus a séideann sí anáil bheo ann, mar a bheadh an duine i mbroinn na beatha ag teacht chun beochta — samhailtí Jungacha a bhfeictear a leithéidí go minic sna dánta:

Tíolacthaí na farraige

a shíolraigh

i mbroinn an tsliogáin,

gan cócaireacht

ag teastáil uaidh

ach é a oscailt

is a shloigeadh;

blas an tsáile

beadaí

ag tabhairt spreacadh dhuit

is anáil.

Tá péarla

ó ghrinneall farraige

blasta, fuar is folláin (2008: 29).

12 Déantar ceiliúradh den chineál céanna ar fhéasta tigh Pháidín in ‘Blas’ (2015: 48–49) áit a raibh ronnachaí agus bairnigh agus cáca bacstaí ag róstadh agus lán a bhoilg le fáil ag an duine óg ar a chuairt, agus fiú sa dán ‘Coinnleoireacht’, dá bhídí é an lon dubh a róstas Sean-Pheige ar an tlú, tá cothú le fáil as:

gríscín ní ba lú

ná punt a méar

ag cur blas ar bhéal

nár chleacht

ach scadán caoch (2015: 44).

13 Sa timpeallacht seo a rinne an file a phrintíseacht saoil (‘Printíseacht’, 2015: 93–94) ag sealbhú na scileanna éagsúla oibre a raibh call ag an duine leo d’fhonn teacht slán sa saol. Tháinig tuiscintí oidhreachta anuas chuige ó ghlúin go glúin mar threoir chuige sin:

Fuair sibh treoir ó shinsir

a d’imigh romhainn,

nach bhfágfadh saint

aon bhreac sa gcuan (‘An Dé Deiridh’, 2008: 114).

14 Fearacht an bhádóra a thógfadh marc ar an talamh tirim mar threoir ar a aistear contúirteach farraige, tugann an taobh tíre féin treoir don duine ar a aistear saoil:

Ba í Cloch na Rón

an marc ba threoir

do thriomú cuisle

An Bhranra Mhóir (‘Rabharta mór’, 2015: 35–36).

15 Bhí an oiliúint chéanna le fáil aige ar leic an teallaigh mar is léar ó na dánta faoina mháthair, faoina athair, agus faoina mhuintir uilig, go háirithe a aint, Bid, a raibh lámh láidir aici ina thógáil tar éis bhás a athar:

… mhúin tú dhúinn

gur uaisleacht

lámh a chroithfeadh

leis an láí,

gur saibhreas

glór binn béil

ag aithris scéil

ó ghlúin go glúin (‘Bid’, 2008: 94).

16 Ar an gcuma chéanna i ndán tionscnaimh an chnuasaigh An Dé Deiridh (2008), ‘Claíocha’, téann sé go dtí ionad sainiúil ar leith, An Leac Rua, le súil a chaitheamh ar feadh a amhairc ón láthair agus ón bpeirspictíocht neadaithe sin, áit ar léar dó:

cé dar díobh mé,

nó go ndearcaim

na hiarsmaí is sine

de dhéantús lámh

mo chine (2008: 9).

17 Seo an áit a bhfeiceann sé le súile a chinn lorg fisiciúil na ndaoine dá chine a d’imigh roimhe sna ‘claíocha casta/ag deighilt talamh cuir/ó rútaí raithní/sna garbhchríocha’ (2008: 9), an áit a bhfaigheann sé treoir saoil óna sheanmhuintir le maireachtáil go forásach bisiúil, agus an áit ina n‑airíonn sé ‘col’ muintearais le súil a intinne agus a chroí istigh ‘le sliocht mo shleachta’, an dream nár iompaigh riamh cúl le cine.

18 Ní hamháin go bhfuil tábhacht leis an timpeallacht fhisiciúil, leis an tírdhreach, agus leis an dáimh mhuinteartha leis an áit, ach ina theannta sin, tá an-tábhacht i saothar Joe Steve leis an timpeallacht ainmnithe, leis na logainmneacha a ainmníos a cheantar dúchais agus a insíos scéal na háite sin dó féin agus dá phobal. Ag seo an domhan síc-chultúrtha a mhúnlaíos cruinneshamhail an duine agus a phobail. Cuimsíonn an domhan eoil ainmnithe seo an gabháltas ar ar tógadh é; an baile dúchais, ceantar Gaeltachta Chois Fharraige agus Chonamara fré chéile, agus fiú Éire Ghaelach ina hiomláine, má théann sé go dtí sin. Is geall le léarscáil phríobháideach den ghabháltas baile atá sa dán ‘Ríocht’ (2015: 82–4), mar shampla, a reiceas liodán na mionainmneacha áite sa ngarthimpeallacht inar mhair an duine ó lá go lá. Ní hamháin go n‑ainmnítear garrantaí agus tréithe aiceanta eile a ríochta pearsanta féin (srutháin, oileáin, bóithre srl) as a n‑ainm baile dúchasach féin, ach insítear a scéal agus fiú in amanna eachtraí agus imeachtaí a tharla sna háiteanna sin, mar chuid de scéal mór an duine atá fréamhaithe go láidir ina dhúiche féin. Dá réir sin, buanaítear an duine sa dúiche sin, mar is léar ón gcur síos ar an mbóthar mór a bhí ina pháirc peile acu agus iad ina ngasúir sa dán ‘Bóthar an Rí’:

Beidh bóthar an rí

mar sheod

i mo chroí

más fada nó gearr

a mhairim (2015: 60).

19 Bhí sé ar chumas an tseandreama an timpeallacht a léamh agus a thuiscint, agus comharthaí sóirt traidisiúnta a aithint a chuidíodh leo meabhair a bhaint as an gcruinne ina dtimpeall agus iad ag féachaint le teacht slán sa saol agus bonn a dhéanamh ann. Bhí seanchomharthaí aimsire acu, mar shampla, i bhfad roimh theacht an raidió agus thuar na haimsire:

Dá bhfeicfeá gadhar

ag ithe féir,

bheadh báisteach agat roimh mhaidin …

Dhá sáfadh Cnoc Bhréanainn

a cheann aníos,

sin comhartha aimsir sheasta;

Ach dhá gcloisfeá

éagaoin ag an ngaoth,

b’in í

an osnaíl sneachta (‘Aimsir Chaite’, 2008: 66–67).

20 Dea-chomhartha a bhí in eascann a d’fheicfí ag lúbarnaíl ar ghrinneall tobair á chur in iúl don té a bheadh in ann an léamh cuí a dhéanamh go raibh fíoruisce le fáil ann agus cuirtear é seo in iúl athuair le meafar láidir Jungach an uisce agus na broinne mar a gheobhfaí sin i ndán le Nuala Ní Dhomhnaill (Féach mar shampla an tsraith ‘Na Murúcha a Thriomaigh’ in Cead Aighnis, Ní Dhomhnaill 1998: 103–151) nó i scéal mar ‘An Scáthán’ nó ‘Bás na Bó’ le Liam Ó Flaithearta ina chnuasach gearrscéalta Dúil (Ó Flaithearta 1953: 31–36, 47–51).

… m(h)eabhraíodh

na heascanna

foinse fíoruisce

sa sruth gainimh

a bhí mar shéalán

i mbroinn na cruinne (‘Fíoruisce’, 2015: 68).

21 Ba chuid shuntasach de ghnáthshaol phobal dúchais sin Joe Steve freisin an fhilíocht agus é ag fás aníos sna 1940idí agus sna 1950idí. Ba é saothar na bhfilí pobail agus na seanchaithe a chothaigh féith na samhlaíochta, na cruthaitheachta agus na cumadóireachta ann, agus is as a gcruinne shiombalach siadsan a d’eascair a shaothar féin. Dearbhaíonn sé sa dán ‘Corpoideachas’ gur as cultúr an traidisiúin bhéil sin a fáisceadh é:

Rugadh mise

ag tráth den saol

a dtéadh scéal

ó bhéal go béal,

sul má tháinig caint

do bhoscaí

ná thosaigh daoine

ag léamh (2008: 56).

22 Déanann sé cur síos ar a chuid scolaíochta béil ‘in ollscoil ársa an oidis bhéil’ (‘Tom Pheaidí’, 1990: 52) in aiste shuntasach, ‘Teaspach Scríbhneoireachta’, in Ag caint linn fhéin, cnuasach aistí ar faoistiní liteartha iad a mheabhródh Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969) Mháirtín Uí Chadhain, duine de mhórlaochra Joe Steve, a raibh gaol cleamhnais aige leis. Siombail den seansaol é an t‑asal, agus deir sé:

Bhí fíorómos don asal san ollscoil a chuir oideachas an tsaoil ormsa. ... Chois an teallaigh tí Phádraic Chóil Ruaidí a chruinníodh na léachtóirí le chéile chuile oíche ar feadh an airneáin. Gan raidió, gan teilifís, gan fón, gan aibhléis ach ag scoilteadh cainte agus ag inseacht scéalta agus bréaga agus áibhéil. Gan mórán saibhreas saoil ag ceachtar acu ach iad ag brúchtaíl le saibhreas a gcultúr (sic). Iad chomh meabhrach is nach raibh rí na méaracán ábalta cárta a imirt leo. Stóras millteach i gcúl a n-intinne acu agus iad sona sásta cé nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal. Ach bhí siad fíorbhródúil. Is minic gur ag fonóid faoi lucht oideachais a bhídís (2013: 94).

23 Seo an cúlra a chothaigh an teaspach scríbhneoireachta, a dhúisigh meanmnaí filíochta, agus rianaíonn an aiste chéanna an chaoi a raibh air é a thochas — agus aithníonn muide ar an scríobh é! Léiríonn sé ómós thar na bearta ina shaothar ar fad don dream ‘a d’iompair an briathar beo ó ghlúin go glúin’ (2013: 50), do na ‘hoidí béil chois an teallaigh’ (2013: 53), mar shampla, Nioclás seanchaí sa dán ‘Seanchas’:

Bhíodh lámha Niocláis

sínte amach

is éacht

ag preabadh a shúile,

ag cur síos

ar chrann an Bhlácaigh

a bhí sa gcoill

i Seanadh Mhóinín (2015: 26).

24 Bhí gean ar leith ag Joe Steve ar a chomhfhile Conamaraíoch, Johnny Chóil Mhaidhc (Ó Coisdealbha), duine eile de na hoidí a mhúnlaigh é, agus dearbhaíonn sé i ndán ómóis dó nádúr simplí, snoite, tráthúil, snasta na filíochta traidisiúnta mar a chleacht Johnny í, agus thar aon rud eile, áitíonn sé gur bua ó oidhreacht í — tuiscint thar a bheith traidisiúnta a luas sé freisin ina aiste ‘Ag caint linn féin’ nuair a deir sé gur ‘bua ó Dhia a bheith in ann píosa filíochta a chumadh’ (2013: 112):

As broinn a mháthar

a thug Johnny bua —

bua físe, gaoise is friotail —

ach ní aibíonn bua

gan mórchuid dua

go síoraí ag fíochán

focal (‘Johnny’, 2008: 83).

25 Fearacht na bhfilí ón ré chlasaiceach anuas a thugadh ‘an cheird dúchais’ ar an bhfilíocht, samhlaíonn Joe Steve a chuid cumadóireachta go rialta mar cheird. ‘Ceird na healaíne’ a thugas sé uirthi sa dán ‘Ealaín’ (2015: 95) agus tugann sé le fios sa dán ‘Printíseacht’ (2015: 93–94) nár dheoranta leis na ceirdeanna éagsúla a theastaíos ar muir agus ar tír ach gur thit sé i ngrá le ceird an phinn. Deir sé san aiste ‘Prós’ in Ag caint linn féin (2013) gur geall le saoirseacht cloch cumadh na filíochta, ‘Cuirimse an scríbhneoireacht chruthaitheach i gcomórtas le tógáil balla cloch’ (2013: 31), agus cuirtear cuma na filíochta ar an tsamhail sa dán ‘Cumadh’:

Amhail áirse cloch

is filíocht ann,

mar mhoirtéal

idir fhocla,

nuair a thógann saoi

as dúshlán í,

ní thig le haois

í a lochtú (2008: 96).

26 Cuireann sé féith na cruthaitheachta a bhíos ag borradh ann i láthair sa dán ‘Cleithiúnas’ de réir tuisceana eile traidisiúnta mar ‘mheanma filíochta’ (2008: 17) agus is é atá sna hamhráin sean-nóis, dar leis, déantús den mhianach dúchasach céanna, ‘tobar gan taoscadh’ filíochta agus samhlaíochta atá neadaithe sa traidisiún:

murar bhlais tusa

fíoruisce

a gcuid véarsaí,

ní thuigfidh tú saibhreas

go deo (2008: 18).

27 Ní mór don fhilíocht, agus do na filí féin dá réir, a bheith neadaithe sna tuiscintí traidisiúnta dúchasacha ar cheird sin an fhocail, agus sin a chinnteos an leanúnachas cultúrtha agus liteartha don phobal dar de iad — tuiscint a bhí ann riamh anall ag filí na Gaeilge:

Filí a thug rútaí

ón dúchas,

go síoraí

ag múnlú na ndán,

ná staonaidh

ó fhíochán na bhfocal,

mar fhallaing do chultúr

na mbard (2008: 18).

28 Ag seo traidisiún neamhbhearnaithe dúchais an bhéil bheo, ar léar ann, dar liom, gnéithe den aigne neamhchoilínithe, de sheanaigne úd Uí Ríordáin, a tháinig anuas trí na glúnta, a dtáinig Joe Steve i seilbh oidhreachta uirthi, agus ar dá réir freisin a chuaigh sé féin i mbun ceapadóireachta ó thús. Ach an oiread lena laoch liteartha Máirtín Ó Cadhain, arbh as an mbaile taobh thoir dhó é, is í an teanga féin, ina cuid tualangachtaí agus féidearthachtaí cruthaitheachta agus samhlaíochta, an uirnis liteartha is éifeachtaí ag Joe Steve, agus is í bunchloch an tsaothair í. Seo í an ‘chruachaint’ (2013: 31; Ó Neachtain 1986: 7), an ‘tSean-Ghaeilge’ (2013: 33) chrua, an ‘ghlaschaint’ (2013: 31) agus an chaint ‘thráthúil fhileata’ (1986: 11) a bhíodh ag na seanfhilí agus iad ‘ag tabhairt dúshlán a chéile’ (1986: 11) i véarsaí. Tá an dearcadh céanna le fáil i saothar a chomhfhile as Cois Fharraige, Learaí Phádraic Learaí Ó Fínneadha, a mhaíos gurb é atá ina shaothar féin an ‘chaint chrua’ (Denvir 2010: 63), ‘an tSean-Ghaeilge bhreá’ (Denvir 2010: 192), agus ‘saibhreas cainte ár sinsear’ (Denvir 2010: 215). Murab ionann is gnáthchaint an lae, ardréim fhileata den teanga atá anseo atá ‘ar ancaire … i máithreach shaibhir Ghaeilge na Gaeltachta’ (Nic Eoin 2005: 339) mar a bhí sí á labhairt i gCois Fharraige le linn óige Joe agus Learaí. Réim teanga í ina bhfuil caint ardaithe, reitriciúil, fhileata, shaibhir, mhacallach, fhuinte, shnoite. Tá sé de bhua ag an bhfile, seachas an ‘gnáthchainteoir’, an teanga seo a ionramháil agus a mhúnlú ina ráiteas poiblí i bhfoirm rannta nó véarsaí agus saothraítear í go lán-chomhfhiosach taobh istigh den traidisiún, den ‘c(h)aint is comhrá faoi na filí móra’ (Denvir 2010: 214), a deir Learaí a chuala na filí le linn a n‑óige sna tithe airneáin.

29 Dearbhaíonn Joe Steve san aiste ‘Ag caint linn fhéin’ nach bhfuil ag an daonnaí sa deireadh ach an chaint, agus go raibh:

meas ariamh anall ar an té a bhí tráthúil, dea-labhartha, a bhí in ann craiceann a chur ar scéal. Maireann lorg a mbéil, iad siúd a raibh an teanga ar a gcomhairle fhéin acu agus a bhí in ann a dhul i gcion ar dhaoine (2013: 112).

30 Deir sé san aiste chéanna: ‘go gcaithfidh [an fhilíocht] a bheith bunaithe ar an ngné den ealaín a bhfuil an focal labhartha mar rúta aige’ (2013: 116), agus gurb é dualgas an fhile a bheith ag caint lena phobal, seachas leis féin. Léiríonn sé amhras faoin “ardealaín” nach labhrann ach le “lucht an chultúir” — cultúr na gcosa lofa Uí Chadhain. ‘Ní hé an léirmheas ar an raidió ná ar na páipéir a bhíonn ag déanamh imní dhomsa ach tuairimí an lucht féachana,’ (2013: 116) a mhaíos sé, agus is ionann, dar leis, suíocháin lán ag dráma agus an pobal a bheith ag éisteacht. Filíocht phobail den seandéanamh traidisiúnta atá sa gcéad chnuasach leis, Fead Ghlaice (1986), ina bhfuil, mar shampla, ceann de na píosaí is mó dá chuid a tharraing aird agus caint i measc an phobail, ‘Amhrán Bhobby’, ar aoir pholaitiúil atá ann i gcrot olagón Fianna Fáilligh dhílis faoi imeacht Bhobby Molloy leis an bPáirtí Daonlathach, nuair a bunaíodh é in 1986. Caointear a imeacht le trí lá thraidisiúnta an tórraimh agus cuirtear feall an tréigin in iúl le meafar tíriúil tuaithe:

Ó, a Thiarna, is gearr a mhairfeas mé

Tá mé ’caoineadh le trí lá,

Mar bhí Bobby ag súil go leanfainn é

Mar d’éireodh cearc dhá hál (1986: 86).

31 Cuirtear airteagail an chreidimh chráifigh pholaitiúil in iúl i dtéarmaí áibhéileacha barrúla na haoire:

Bhuel, thréigfinn an creideamh Caitliceach,

Thréigfinn bean is clann,

Ach gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé

Nach dtréigfinn Fianna Fáil (1986: 86).

32 Tá an mianach spraíúil tíriúil céanna le fáil sna lúibíní agus sna hagallaimh bheirte in Fead Ghlaice (1986) ar geal leis an bpobal i gcónaí iad i láithriú beo; mar shampla, scéal an tsagairt agus na mná sa bhfaoistin in ‘Faoistin’ (1986: 9–14), nó an t‑allagar idir mac fhear an dóil agus an cailín meánaicmeach staidéarach in ‘Staidéar’ (1986: 59–63).

33 Is léar, mar sin, gur ó phróiseas cumadóireachta ó bhéal atá traidisiúnta go maith a eascraíos filíocht Joe Steve. Deir a chara saoil, Timín Joe Tim Ó Curraidhín, gur minic a d’airigh sé Joe, fiú agus é ina leaid óg, ag ceapadh véarsaí ar ala na huaire faoi dhaoine áitiúla agus faoi imeachtaí laethúla an phobail. Díol suntais freisin go ndeir Joe féin i réamhrá Fead Ghlaice (1986) gur próiseas béil seachas cumadóireacht don phár atá ar bun aige: ‘Níor smaoinigh mé ariamh, is mé dhá gcumadh go bhfeicfeadh súil duine ar pháipéar go brách iad’ (1986: 7). Fearacht na seanfhilí is ag cumadh filíochta don chluais seachas don tsúil a bhíodh sé:

Ní ag scríobh don tsúil a thosaigh mé ach ag cumadóireacht don chluais. Véarsaí a chur de ghlanmheabhair agus cead ag daoine a súile a dhúnadh nuair a bhínn á n-aithris dóibh (2013: 95-96).

34 Díol suntais chomh maith go dtéadh sé amach ar an gcúlráid, i bhfad ó rírá an tsaoil, d’fhonn dul i mbun filíochta — cleacht a théas siar sa traidisiún go dtí aimsir na mbard agus atá fós mar nós ag na filí pobail anuas go dtí ár linn féin:

Is iomaí oíche bhreá ghealaí a chaith mé ag dul siar is aniar le cladach, ar fhaitíos go gceapfaí go raibh aon mhearbhall orm, is mé ag cumadh dánta in ard mo chinn is dá rá amach leis an bhfarraige (2013: 96).

35 Tá tréithe agus cleachtais agus tuiscintí seo na filíochta béil traidisiúnta agus na haeistéitice dúchais le sonrú go láidir ar an bhfilíocht féin atá ag eascairt as dearcadh seo an fhile ar a cheird. Deir sé ina réamhrá do Fead Ghlaice (1986) go bhféadfadh sé nach mbeadh mórán tóra ag criticeoirí liteartha ná ag “coillteoirí leabhar” ar a shaothar ach nach orthu atá an saothar dírithe:

Tá a fhios ag an saol go bhféadfadh coillteoir leabhar an spagarlach páipéir a stróiceadh astu, ach ó tharla oiread tóir ag an bpobal orthu, is mairg a bheadh dhá gceilt orthu (1986: 7)

36 Is é an tréith is suntasaí i bhfilíocht Joe Steve, agus go deimhin ina shaothar uilig, idir úrscéalta, ghearrscéalta, dhrámaí, shobaldráma, agus aistí agus aithisc, an sárchumas dúchasach teanga, an chruachaint agus an tSean-Ghaeilge úd atá ar fud na mball. Agallaimh bheirte agus amhráin fáiscthe amach as an traidisiún atá in Fead Ghlaice (1986) agus dánta fuinte ócáidiúla ag ceiliúradh áite agus daoine den chuid is mó atá in De Dhroim Leice (1990). Is iad an dá chnuasach ina ndiaidh sin, áfach, is scóipiúla, is máistriúla agus is snoite dá shaothar fileata, agus tá stiúir níos muiníní agus níos ceardúla faoin reacaireacht iontu freisin. Ainneoin cuma na nuafhilíochta a bheith ar na dánta agus iad á gcur i láthair ar an leathanach, tá bunáite na ceapadóireachta in An Dé Deiridh (2008) agus Fad Saoil (2015) bunaithe ar rann ceithre líne an amhráin ach go gcuirtear iad ar phár den chuid is mó le hocht líne (ghearra na nuafhilíochta), agus scaití fiú le naoi nó deich gcinn de línte. Má léitear na dánta os ard, áfach, feictear gurb í meadaracht scaoilte an amhráin thraidisiúnta atá i gceist den chuid is mó — fiú i ngan fhios don fhile féin, déarfainn. Dá réir sin, tá an chaint, an teanga féin, sna dánta seolta, ceolmhar de réir mheadaracht agus rithim nádúrtha nathánach thraidisiún an bhéil bheo.

37 Tá an córas meafarachta sna dánta, an chaoi a samhlaítear agus a foilsítear an domhan don éisteoir/léitheoir, bunaithe ar ghnáthshaol na tuaithe mar a bhí glúin nó dhó ó shin, anuas go dtí na 1960idí abair, saol chomhthionól fuinniúil fuinte Uí Chadhain, saol an gharraí, an phortaigh, an chladaigh agus na farraige. Seo é domhan an ghnáis a mhúnlaigh a shamhlaíocht agus a chumas cruthaitheach, mar a bhí ag na filí a chuaigh roimhe. Baineann caint na mná san agallamh beirte ‘Faoistin’, mar shampla, gáire amach sa bpobal chuile uair a láithrítear é:

Mura n‑inseoidh tú do pheacaí dhom,

Níl aon mhaiteanas le fáil

Níl aon mhaith dul ag an tarbh

Le bó nach bhfuil faoi dháir (1986: 11).

38 Cuireann sé síos le meafar láidir tíriúil, fiú gránna, den mhianach céanna ar bhás uaigneach Ann Lovett; cailín cúig bliana déag a cailleadh go tragóideach i mbreith páiste amuigh faoin aer i bhfochla i nGránard, Co. Longfoirt, sa mbliain 1984:

Mar charóg

I mbualtrach stálaithe

Ag tóraíocht cruimh,

Bhí smúrach na meán cumarsáide

Os cionn do choirp (‘Bréagchráifeacht’, 1990: 18).

39 Sá dán beag simplí ‘Cinnireacht’ insíonn sé scéal an duine atá ag imeacht roimhe le fuadar éidreorach i saol luaineach ár linne:

An ar aghaidh

nó ar gcúl

atá bhur dtriall?

Ar nós circe

in ithir

ag cartadh,

dá mhéad a fórsa

ag dul chun cinn

ar gcúl

a bhíonn sí ag taisteal (2008: 20).

40 Bíonn meafar na gcártaí aige scaití freisin, mar a bhíodh go coitianta ag filí an 18ú agus an 19ú haois, gan trácht ar fhilí pobail a dhúiche agus a linne féin:

Chaith tú mámh

na ndán

sa ngearradh díobh.

Gan sa t‑aon hairt

ach drámh

An bhriseadh croí.

Mheall sí thú

chomh soineanta

le naíonán:

ní raibh cuileata ariamh

in ann ag cianán (‘Déistean’, 2008: 12).

41 Cuid bhunúsach eile den chruachaint shaibhir thraidisiúnta tríd an saothar ar fad an chaint sheanfhoclach nathánach a fitear trí chuid mhaith dánta. Is iad na seanfhocail, ar ndóigh, gaois chomhchruinnithe na muintire ó ghlúin go glúin i gcaitheamh an traidisiúin, agus ba chuid riamh anall den fhilíocht an roscaireacht chainte atá iontu. Ina theannta sin, bheadh eolas maith ag an bpobal, ag an lucht éisteachta, orthu, iad ag tuiscint ní hamháin an focal féin ach an leathfhocal chomh maith leis, an téacs, an comhthéacs agus an fothéacs. Déanann Joe Steve aithris ghlan in amanna ar sheanfhocail sna dánta, nó sin tarraingíonn sé ar sheanfhocal i nuaráiteas cruthaitheach ach fréamhaithe dá chuid féin. Ráitis roscacha theagascúla bunaithe ar chiall cheannaithe saoil is minicí a bhíos ag an bhfile sa réimse seo. Labhrann sé le fear óil sa dán ‘Scaipeadh’, mar shampla, sna téarmaí seo (féach Ó Máille 2010: 5241: ‘Troid na mbó maol, troid gan aon dochar’):

Ach cúlaíonn taghd

in achar gearr,

amhail troid ba maol

i mearg;

is ní bhíonn sa mbruíon

ach neart don ghrá

nuair a chraitear láimh

tar éis fearg (2008: 48).

42 Arís, agus é ag caint le tuismitheoirí ar bhásaigh a gcailín beag de bharr timpiste, agus é ag iarraidh brí nó ceacht éigin a bhaint as trí mheán a dháin, deir sé (féach Ó Máille 2010: 5241: ‘Is minic a ligeas béal na huaighe rud chuig béal na truaighe’):

níl ceacht sa saol

a mhúinfeas ciall

mar chleacht

ó bhéal na huaighe (‘Timpiste’, 2008: 54).

43 In ‘An Dé Deiridh’, cuireann bean de shlua na marbh gobán i mbéal an fhir atá ag ceasacht a cháis ar Dhia le ráiteas atá bunaithe ar dhá sheanfhocal éagsúla nach bhfuil brí mheafarach chomónta ar bith eatarthu (féach Ó Máille 2010: 2520 agus 1829: ‘Tús na breithe ag Dia orainn’ agus ‘An túlán ag tabhairt ‘tóin dubh’ ar an bpota’):

Nuair a d’fhág tú

maoin an tsaoil i do dhiaidh,

d’fhág tú tús na breithe

ag Dia:

níl samhail ag peacach

a chaitheann clocha

ach bácús ag glaoch

tóin dubh ar phota (2008: 108).

44 Scaití bunaíonn sé dán iomlán ar sheanfhocal nó sin ar shraith díobh, mar shampla, ‘Comhairle’ (2015: 76–77), a thosaíos amach le tagairt do sheanfhocal coitianta na comhairle a fuair mac Anna, más fíor (féach Ó Máille 2010: 1716: ‘A chomhairle féin do mhac Anna, is ní bhfuair sé ariamh níos measa’):

Do chomhairle fhéin,

adúirt siad liom,

ní bhfuair mac ariamh

níos measa (2015: 76).

45 Leanann iar sin an chomhairle chríonna sheanfhoclach maidir le teacht slán sa seansaol a bhí ann le linn a óige: sealbhú na gceard agus na scileanna saoil ar talamh agus ar farraige a theastaigh ón duine le bonn a dhéanamh agus teacht slán sa saol. Tá riar mhaith seanfhocal agus sean-nathán in ‘Géarchéim’ (2015: 101) chomh maith agus é ag áiteamh go bhfuil cúl tugtha le cine agus le dúchas ag glúin an Tíogair Cheiltigh, glúin nach léar dóibh ‘saint thar dhul chun cinn’, agus cuireann sé an dán i láthair leis an ráiteas seanaitheanta (féach Ó Máille 2010: 1716: ‘Ina dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach’):

Ina dhiaidh

sea is léir

don Ghael a leas (2015: 101).

46 Tá sé de nós coitianta ag Joe Steve dánta a thabhairt chun barr buaice le ráiteas nathánach seanfhoclach den chineál seo, nó le ráiteas a mbíonn cuma an tseanfhocail air agus a thugas teagasc críonna. Ciallaíonn an deismireacht seo go gcuirtear críoch láidir leis an dán, críoch, mar dhóigh de, a gcuimhneodh duine air arae tá sé lonnaithe i dtuiscint agus i bhfriotal atá ann cheana i measc an phobail. Tugtar an dán faoi Pháidín Mháire Rua, oide múinte dá chuid sa bpobal, chun críche leis an rann seo (féach Ó Máille 2010: 1785: ‘D’aithneoinn mo thochas thar mo scríobadh’):

I ngan fhios dhom fhéin

mar ghasúirín,

bhí a chuid ionracais

’mo ghríosadh,

gean ar chruachúis

aonaráin,

a d’aithin tochas

thar an scríobadh (‘Páidín Mháire Rua’, 2015: 41).

47 Tá an deismireacht chéanna le fáil i ndánta eile mar ‘Sciuird na Nollag’ (2015: 78–9) a chríochnaíos leis an ráiteas críonna, ‘beireann cú mhall ar a cuid’ (2015: 79; féach Ó Máille 2010: 3792: ‘Beireann an cú mall ar a chuid’) agus ‘Ealaín’ (2015: 95–96), dán faoi cheapadh na filíochta a tugtar chun críche le: ‘leosan ab áil/go mairfeadh/an chraobh ar an bhfál,/cé nach mairfeadh/an lámh a chuir’ (2015: 96; féach Ó Máille 2010: 4573: ‘Maireann an chraobh ar an bhfál, ach ní mhaireann an lámh a chuir’).

48 Mar is dual do Joe Steve, dán spraíúil tíriúil go maith é ‘Sna seasc-adaí’ (2015: 114–115) áit a bpléitear idir shugradh agus dáiríre cúrsaí collaíochta agus an dúil ghnéasúil ag lánúin a bhfuil faitíos orthu páiste a ghiniúint agus san am céanna scáth orthu frithghiniúint a úsáid arae is peaca é. Cuirtear an gníomh collaí féin in iúl leis an meafar tíriúil ‘loine a chur sa gcuinneog’ (2015: 114) agus eagla ar an lánúin ‘uachtar a thabhairt ’un ime’ (2015: 115) agus fágann an tsáinn ina bhfuileadar nach bhfuil de leigheas ar a scéal ach leaba shingil ar an áiléar. Leanann ina dhiaidh sin aniar an dán ‘Ar an áiléar’ (2015: 116–118) a dhéanas cur síos ar luí fuar aimrid an fhir bhoicht atá díbrithe ar an áiléar áit nach bhfuil ach ceiliúr cúplála an nádúir le cloisteáil ina thimpeall, agus a chríochnaíos le ráiteas spraíúil dóchasach (féach Ó Máille 2010: 1850: ‘Dá fhad an lá, tagann an tráthnóna’):

ach níor bhreac

aon lá dá fhad

nár tháinig

a thráthnóna (2015: 118).

49 Dán molta treallúsach engagé ar Bhríd Ní Dhomhnaill a thug dúshlán an tsagairt phobail sa Sraith Salach in 1986 maidir le cúrsaí oideachais agus eaglasta trí Ghaeilge é ‘Breithiúnas’ (1990: 20–21). Tugann an file daite don sagart gallda é, á shamhlú le ‘borráiste buí i ngort an arbhair’ (1990: 20) agus le báille a thabharfadh drochíde ar a chuid tionóntaí — ag meabhrú gráin an phobail riamh anall ar an mbáille céanna. Cuireann sé críoch lena chuid sciolladóireachta le caint láidir sheanfhoclach (féach Ó Máille 2010: 3268: ‘Sháraigh an fhoighid an chinniúint’):

Tomadh thuas i bhfíoruisce

An tsléibhe bheannaithe,

Ní hionann is báillí

Baistithe le huisce

Faoi thalamh nach dtuigeann gur

Sháraigh an fhoighid an chinniúint (1990: 20–21).

50 Baineann úsáid seo na seanfhocal agus na nathán seanfhoclach sa bhfilíocht ag Joe Steve macallaí soiléire as traidisiún an phobail. Tá sé sonraithe ag scoláirí go leor faoi chultúir dhifriúla go bhfuil an fhilíocht thraidisiúnta thar a bheith macallach ar an gcuma seo agus gur nós le filí tarraingt go minic ar an traidisiún, agus go mór mór ar shaothar na seanfhilí a chuaigh rompu, mar ghléas dlisteanaithe agus fréamhaithe údarásaigh ar a saothar féin agus mar chruthúnas ar fhírinne agus ar ghaois a gcuid cainte. Ag trácht dó ar litríocht bhéil na hAfraice, deir Ricard faoin mianach macallach seo:

This inexhaustible productivity of language that is imprinted on previous utterances or déja dit, and formalized by ethical and aesthetic intentions, is surely the mark of verbal art (1995:45).

51 Tá gné seo na hidirthéacsúlachta, idir fhollasach agus fholaigh nó fhothéacsúil, an ‘mhósáic tagairtí’ a dhéanas téacs dar le Julia Kristeva (1986: 37), ar cheann de phríomhthréithe litríocht na Gaeilge riamh anall, anuas go dtí litríocht bhéil na Gaeltachta. Ach an oiread lena chomhfhilí thiar, baineann Joe Steve gaisneas leanúnach ina shaothar, ó thus deireadh, as ciúta seo na hidirthéacsúlachta le tagairtí díreacha nó indíreacha do ghnéithe éagsúla den traidisiún béil mar chuid den chruinneshamhail dúchais a bhí beo i measc an phobail agus a chothaigh an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht ag an bhfile. Deir sé sa dán ‘Caipín an tSonais’ (2015: 24–25) gur rugadh é féin le caipín an tsonais, rud a thug údar gliondair agus ceiliúrtha d’fhir na háite:

a chreid nár báthadh

aon fhear ariamh

a thug ádh

ón gcaipín sonais (2015 24).

52 Sa dán ‘Rua’ (2015: 42) insíonn sé faoi Pháidín, comrádaí leis, a d’iompaigh ar ais abhaile le spadhar i ngeall ar gur chas sé le bean rua agus é ag dul ag iascach, agus i ndán eile luann sé faitíos na seandaoine roimh an toirneach, agus na bealaí traidisiúnta a bhí acu d’fhonn iad féin a chosaint uirthi:

uisce coisreacain

ag iarraidh é [Dia feargach] a mhealladh,

an scáthán dhá iontú

in aghaidh an bhalla (‘Toirneach’, 2015: 63).

53 Tagraíonn ‘Hy Brasil’ (2008: 30-31) don seanchas faoi Bheag-Árainn, Inis na Fírinne, an t‑oileán aislingeach úd siar ó Árainn, áit a dtéann anamnacha na marbh de réir an traidisiúin. Tagraítear don stoirm in ‘Sí Gaoithe’ (2015: 107–108) mar shióga ag imeacht de ruaig tríd an gceantar ar a mbealach abhaile chun na bruíne i gCnoc Meá, más fíor don seandream:

Chuir sinsir beannacht ina diaidh,

nuair a chuaigh

sí tharainn slán,

iad ag tuar

gur athrú aimsire

a thug slua sí

i dtreo Chnoc Meá (2015: 108).

54 Cuimsíonn an dán ‘Gealach Shathairn’ cuid mhaith de chúraimí, de thuiscintí cultúrtha agus liteartha, agus de mhodhanna reacaireachta Joe Steve. Is é is ábhar don dán an duine ag baint meabhrach as comharthaí sóirt a thimpeallachta le linn stoirme, mar atá, oibriú farraige ag bagairt stoirme agus an obair a déantar dá bharr — curach a thabhairt slán ar foscadh i dtír, cocaí féir agus cruacha móna a chur ar láimh shábhála, boltaí an dorais a dhaingniú le rópa súgáin, lampa ola mhór a mhúchadh (le faitíos tine). Cuirtear leis sin an phiseogaíocht a bhaineas le gealach nua Shathairn ‘ag cur scéin sa gcroí’ (2015: 65) maille le réiteach an chreidimh ar an stoirm agus ‘líon an tí/ar a nglúine ag guí’ (2015: 66). Ar nós na stoirme i mbarr a nirt, tugtar an dán chun críche le rann cumhachtach a chuireas síos ar neart na stoirme i dtéarmaí atá bunaithe ar sheanchas seanfhocal faoi chúrsaí aimsire: (féach Ó Máille 2010: 261 agus 3252: ‘Trí bhríos gála, Trí ghála feochan, Trí fheochan stoirm, Trí stoirm airicín (hairicín)’ agus ‘Is mairg a chaillfí ar feadh na hanachaine mar scairteann an ghrian i ndiaidh na fearthainne’):

Neart faoi thrí

a neartaíos gaoth,

neart trí stolladh gála,

neart trí ghála

a chothaíos feothan,

umghaoth is siotaí gránna,

cumhacht don stoirm

neart trí feothan,

a leagann brácaí

is crainnte,

ach scrios is dual

don airicín,

sin neart

trí stoirm shínte.

Múineann saol ar sceird

is an téiscinn mhór

gur suarach

neart an duine,

ach éilíonn áilleacht

fál is foighid

mar scairteann grian

tar éis doineann (2015: 66–67).

55 Foinse eile idirthéacsúlachta is ea an creideamh, agus ní hamháin go dtagraítear do nósanna agus do chleachtais thraidisiúnta an chreidimh (an t‑aifreann, an paidrín srl), ach tarraingíonn sé go rialta ar an mBíobla, agus go mór mór ar scéalta a bheadh ar eolas ag an bpobal. Ar an gcuma sin, tagraíonn sé do dhá véarsa as Soiscéal Naomh Matha sa lúibín ‘Peacaí’, mar atá, ‘… an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin’ (5.39) agus ‘Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í …’ (5.30):

Túr a la laidí sé dúirt Rí na nGrást’

Má bhuailtear do leiceann, ’taobh eile iompú anall,

Má thug tú aon scanall, gearr dhíot do láimh

Túr a la laidí is túr a la lá (1986: 72).

56 Ar an gcuma chéanna, mheabhródh an tsamhail a thugas an file don sagart gallda in ‘Breithiúnas’, gur geall é le ‘borráiste buí i ngort an arbhair’ (1990: 20), na nathanna ag Naomh Matha (3.12 agus 13.30) faoin lóchán/gcogal a scaradh ón arbhar agus faightear tagairt do ráiteas Chríost faoin mbean adhaltranach i Soiscéal Naomh Eoin, ‘An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.’ (8.7), i lár na seanfhocal ón traidisiún dúchais sa dán ‘An Dé Deiridh’:

níl samhail ag peacach

a chaitheann clocha

ach bácús ag glaoch

tóin dubh ar phota (2008: 108).

57 Moltar laochra pearsanta ar fad an fhile leis an ngnátháibhéil shárchéimiúil is dual don fhilíocht bhéil, mar a feictear ina amhrán molta ar an lúthchleasaí iomráiteach Peait na Máistreása, agus é á shamhlú le laochra na Fiannaíochta agus na Rúraíochta:

Cú Chulainn tréan nó Conán Maol,

Ba mhór a gcáil fadó,

Ní bheidís ach sa mbealach air,

An laoch as Leitir Móir (‘An Laoch as Leitir Móir’, 1986: 106).

58 Díol suntais sa dán ‘I ndiaidh na Féinne’ (2008: 64–65) gur as an réimse chéanna samhlaíochta a tharraingíos sé a chur síos ar mheath an tseansaoil atá, dar leis, faoi bhrú ag an nua-aoiseachas. Cuireann sé an seanchaí cois teallaigh san airneán i gcomórtas leis an dream óg, an file ina measc, atá ag faire ar The Virginian, clár faoi bhuachaillí bó, ar an teilifís, á rá gur:

… cailleadh Fionn Mac Cumhail

le slócht —

chriog buachaill bó

na Fianna (2008: 65).

59 Bíonn tagairtí idirthéacsúla aige ó thráth go chéile freisin don traidisiún liteartha. Dearbhaíonn sé in ‘Amhrán Pháraic Mhic Phiarais’, mar shampla, agus é ag cásamh mheath na Gaeilge, na Gaeltachta agus an tseansaoil phobail le linn ré an Tíogair Cheiltigh:

Dhá dtiocfá ar cuairt a’ainn sa nGaeltacht

Is dul siar go dtí Roisín na mbó,

Bheadh Eoghainín na nÉan ag an discó

Is Sean-Mhaitias istigh ins an Home (1986: 104).

60 Freastalaíonn sé ar an dá thrá sa dán ‘Gaoth Aniar’, ar caoineadh é ar an bhfile Máirtín Ó Direáin, mar atá, an tagairt don bhiorán suain ón traidisiún béil agus tagairtí follasacha do shaothar liteartha an Direánaigh:

Tá do bhrachlainn

Filíochta

Ina clár anois,

Ó theagmhaigh an

Biorán suain leat,

Is feamainn Bhealtaine

Geantáilte

Idir clocha coirnéil;

Ach tá seoide

Thríd an bhfidín

Ag leámh na gcoinnle

Ar oileán mara (1990: 14).

61 Is é an dán fada ‘An Dé Deiridh’, b’fhéidir, an eiseamláir par excellence d’fhilíocht aibí Joe Steve. Ní hamháin go bhfuil sé lomlán de thagairtí idirthéacsúla do ghnéithe éagsúla den traidisiún, ach tá na ciútaí reacaireachta thuasluaite de chuid na haeistéitice dúchais le fáil ann go rábach freisin. Tosaíonn an dán amach le ráiteas faoi thraidisiún seanbhunaithe na Samhna, mí na marbh, mar a ceiliúrtar í ina cheantar féin, ‘na garbhchríocha’ (2008: 99):

Ba é gnás seacht sinsir

a bhí mé a leanacht

nuair a las mé coinneal

ar oíche na marbh,

mé á samhlú i láthair

agus scáilí ag meabhrú

go mbíonn mairbh luaineach

le linn na Samhna (2008: 97).

62 Fearacht reacaire ‘Cúirt an Mheon-Oíche’ i dtús an dáin sin, tá reacaire ‘An Dé Deiridh’ ag siúl le ‘ciumhais na mara’ (2008: 98), seachas le ciumhais na habhann mar atá ag Merriman, san idirspás tairseachúil sin idir talamh is farraige, idir dhá shaol, mar atá, an saol seo agus an saol eile, idir dhá mhodh éagsúla léargais agus tuisceana, idir codladh agus dúiseacht, agus sin ag tráth den bhliain, Lá na Marbh, nuair atá bearna ‘i mbéal na taoille’ (2008: 100) oscailte idir an dá shaol de réir an chreidimh Chríostaí agus an tseanchreidimh réamhchríostaí araon. Ar nós cuid mhaith dánta eile le Joe Steve, tá tionchar fisiciúil agus mothaitheach ag an áit air le linn na siúlóide — agus tá an tagairt idirthéacsúil do Mherriman soiléir chomh maith, idir an bíogadh croí agus a amharc anonn ar Chontae an Chláir:

Bhíog mo chroí

ag dearcadh anonn uaim

ar Chondae an Chláir

is ar áilleacht Boirne (2008: 99).

63 Mar a tharlaíos i ndánta eile de chuid Joe Steve freisin, tá treoir ag an bhfile ó ghné nádúrtha aiceanta de chuid na háite le linn a chuid siúlóide, mar atá, ‘líne chaol/snáth mara/a bhí i mbéal na taoille’ (2008: 100) a threoraíos isteach é in áit shuaimhneach i lár na coille, láthair choitianta aduain don duine sna scéalta traidisiúnta, agus arís, fearacht reacaire ‘Cúirt an Mheon-Oíche’, titeann a chodladh air. Ar nós reacaire na Cúirte a nochtann an ‘mhásach bholgach tholgach thaibhseach’ (Ó Murchú 1982: 20, Líne 47) chuige trína chodladh, tagann slua na marbh atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh trasna na habhann faoi dhéin reacaire ‘An Dé Deiridh’, ach, ar ndóigh, de réir an tseanchais ní thig leis an neach neamhshaolta an teorainn sin idir an dá shaol a thrasnú:

Thuigeas crá

agus fáth a mbuartha,

de bharr scéalta sí

sna tithe cuarta;

deireadh oide béil

a bhí meabhrach cliste,

nach dtig le taibhsí

a dhul thar uisce (2008: 103).

64 Ainneoin go mbaineann an aisling seo go soiléir leis an saol eile, le réimse an spioraid, leis an alltar sin atá ar an taobh eile den snáth mara, tá áit na marbh sonraithe go cruinn sa tírdhreach réalaíoch aige, mar a bhíos eachtraí agus tuiscintí go leor i riar mhaith dánta eile leis. Deir fear de shlua na marbh, duine den seandéanamh agus den seanchreideamh de réir cosúlachta agus cainte, ‘fear báinín’ mar a thugas an file air, nach bhfuil bailithe fós ar shlí na fírinne arae tá fiacha óil air a choscas air a bhealach a dhéanamh anonn nó go nglana sé iad, más fíor don traidisiún:

Tá mise anseo

le blianta fada,

idir Abhainn an Spidéil

is Sruthán an tSagairt (2008: 106).

65 Ach an oiread le reacaire na Cúirte agus é i láthair chúirt na mbéithe, éisteann reacaire ‘An Dé Deiridh’ le linn a bhrionglóide le scéal na marbh éagsúil, rud a thugas scóip don fhile a theagasc a thabhairt maidir leis na lochtaí atá aige ar shaol agus ar shochaí dhiostóipeach na linne seo. Tugtar an dán chun críche leis an gciúta céanna le ‘Cúirt an Mheon-Oíche’, mar atá, an file ag dúiseacht as a aisling agus ag filleadh ar an saol réalaíoch.

66 Cruinneshamhail atá traidisiúnta go maith a léirítear i saothar Joe Steve den chuid is mó, agus go háirithe sa bhfilíocht. Faightear ann leagan amach ar an saol agus dearcadh polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus reiligiúnda mar a bheadh ag cuid mhaith de na filí pobail — Johnny Chóil Mhaidhc, Learaí Phádraic Learaí, Tom a’ tSeoighe, siar go dtí Colm de Bhailís, agus fiú Raiftearaí féin — agus mar a bheadh freisin ag cuid mhaith d’fhilí na hAthbheochana ag tús an 20ú haois:

Bhí bród is grá tíre mar mhiotal inár sinsear,

Ar son teanga is tíre throid siad go bás;

Ghráigh siad an cultúr is oidhreacht a muintire,

Mar d’fhulaing siad íobairt lena sábháil ó Ghaill (‘Seanphort’, 1990: 40–41).

67 Ní fhágann sin, ar ndóigh, gur litríocht nó filíocht phobail den seandéanamh atá ar bun ag Joe Steve. Mar a sonraíodh thuas, is é mianach na filíochta pobail atá chun cinn in Fead Ghlaice (1986), agus tá an mianach sin fós go láidir sna dánta in De Dhroim Leice (1990), ach tá forás suntasach le sonrú ar an saothar filíochta ina dhiaidh sin, An Dé Deiridh (2008) agus Fad Saoil (2015). Bíodh is go bhfuil na modhanna traidisiúnta reacaireachta agus an aeistéitic dhúchais fite go dlúth trí chuile fhocal den dá chnuasach sin, tá an bhraistint, an féincheistiú, scéal agus cúraimí na hindibhide féin mar dhuine lánmhachnamhach neamhspleách ann féin, ag tabhairt aghaidhe ar a bheatha inmheánach féin agus ar an saol mór amuigh — na cúraimí is dual don “nualitríocht” — le sonrú sa dá chnuasach deiridh. Tá cuid de na dánta sa saothar sin thar a bheith pearsanta, mar shampla ‘Inmhe’ (2015: 70–71), dán ina ndéanann sé cur síos ar a chéad choisméig i dtreo stádas fir, trí shealbhú scileanna saoil i dteannta a athar agus iad ag spré choirce bliain sular cailleadh an t‑athair; nó ‘Briseadh croí’ (2015: 72) faoi bhás a athar; nó ‘Breithiúnas’ (2008: 51–52) faoi sheanfhear de chuid na háite a chuir lámh ina bhás féin le teann uaignis; nó ‘Suaitheadh Farraige’ (Ó Neachtain 1990), caoineadh baintrí ar báthadh a fear agus é ag iascach d’fhonn a mhuirín a chothú agus le teann dúile i mblas sáile a bheith ar a bhéal.

68 Is é saintréith shaothar uilig Joe Steve, idir fhilíocht, ghearrscéalta, úrscéalta, dhrámaí (stáitse agus raidió), aistí agus an uile fhocal beo a labhair sé ar ardáin éagsúla i gcaitheamh a shaoil, go gcuimsíonn sé an sean agus an nua in éineacht, go dtugann sé leis an dá shaol, seansaol an chomhthionóil fhuinniúil fhuinte agus saol na freacnairce. Tá a shaothar liteartha (mar a bhí saothar a shaoil freisin) neadaithe go domhain sa traidisiún dar de é, idir theanga agus mhodh a reacaireachta, ach san am céanna tá sé ina thráchtaireacht bheo (más engagé féin é) ar shaol ár linne féin. Insíonn sé a scéal pearsanta féin agus scéal a phobail in éineacht agus airíonn an t‑éisteoir/léitheoir guth críonna na seantaithí ar an saol ag caint, guth an duine atá istigh leis féin ina chraiceann agus ina áit féin; ainneoin na n‑ainneoin, ainneoin tragóidí agus tubaistí pearsanta agus pobail ó thráth go chéile; ainneoin seansaol duineata a phobail a bheith ar an dé deiridh, b’fhéidir; ainneoin meath teanga agus cultúir sa nGaeltacht agus ‘tábhacht na seanrá/caite i bpaca/ag daoine’ (‘Fad coiscéim coiligh’, 2015: 154). Fós féin tá an dóchas agus an leagan amach dearfach ar an saol ag breith bairr ar an méid sin tríd an gceiliúradh a dhéantar ina shaothar ar an mbéal beo ag an dream arb eol dóibh cé dar díobh iad (féach an dán ‘Súil Eile’, 2008: 35). Cuireann sé a dhóchas san athghlúin, i gclann a chlainne (a dtagraítear go minic dóibh sna dánta) agus déanann sé mórtas as an óige nach dtabharfaidh cúl le cine, ach a choinneos an lóchrann lasta:

ag borradh

go glórmhar

faoi lóchrann físe

na nua-aoise (‘Breathnaigh’, 2015: 148).

Saothair a ceadaíodh

Davitt, M. (2004a) Dánta 1966–1998. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Davitt, M. (2004b) Seimeing Soir. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Denvir, G. (2010) Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Healy, J. (1978) Nineteen Acres. Acaill: House of Healy.

Kristeva, J. (1986) The Kristeva Reader. Moy, T. (eag.). New York: Columbia University Press.

Ní Dhomhnaill, N. (1998) Cead Aighnis. An Daingean: An Sagart.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Direáin, M. (2010) Máirtín Ó Direáin: Na Dánta. Ó hAnluain, E. (eag.). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Flaithearta, L. (1953) Dúil. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Neachtain, J. S. (1986) Fead Ghlaice. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Neachtain, J. S. (1990) De dhroim leice. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Neachtain, J. S. (2008) An Dé Deiridh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Neachtain, J. S. (2013) Ag caint linn fhéin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Neachtain, J. S. (2015) Fad Saoil. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Máille, T. S. (2010) [1948]. Seanfhocla Chonnacht. Uí Bhraonáin, D. (eag.). Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Murchú, L. P. (eag.) (1982) Cúirt an Mheon-Oíche le Brian Merriman. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Neachtain, J. S. (1990) ‘Suaitheadh Farraige’. Comórtas na nAmhrán Nuachumtha, Oireachtas na Gaeilge.

Ó Ríordáin, S. (1971) ‘Útamáil Uí Chadhain’. In: The Irish Times, 10 Meitheamh 1971.

Ó Ríordáin, S. (2011) Séan Ó Ríordáin: Na Dánta. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ricard, A. (1995) The Languages and Literatures of Africa. Aistrithe ag Morgan, N. Oxford: James Curry.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2020.
ISSN: 2009-8626