An aigne neamhchoilínithe: gné d’fhilíocht Joe Steve Uí Neachtain

Denvir, Gearóid

The uncolonised mind: an aspect of the poetry of Joe Steve Ó Neachtain

Abstract

This articles argues that the poetry of Joe Steve Ó Neachtain emanates from the same imagined world described by Seán Ó Ríordáin in his poem ‘Na Blascaodaí’ (‘The Blaskets’) as the ancient mind (‘seanaigne’) of the Blasket islanders, the same world which the poet Michael Davitt claims is portrayed through the medium of the word by the ‘old language musicians’ (‘seancheoltóirí teangan’) of the region. The author contends that this ‘ancient mind’ belongs to the uncolonised unanglicised Ireland that Ó Ríordáin imagines in his classic poem ‘Fill Arís’ (‘Return Again’) where he asks the reader to make the imaginative leap of faith that Ireland was never conquered and that the Gaelic tradition survived intact and uninterrupted. The article shows that the poetry of Joe Steve Ó Neachtain is rooted in the same traditional understanding of the nature of poetry seen in the work of poets like Raiftearaí and de Bhailís in the 19th century and also in the later compositions of community poets in the Connemara Gaeltacht. The article brings to light some of the traditional customs, beliefs and practices which permeate the poetry of Joe Steve, with particular emphasis on the modes of discourse utilised by the poet: the use of metaphor, the use of metre from the folk tradition, and especially the wide-ranging use of varied intertextual references. Particular attention is paid the rich use of the poet’s native Connemara Irish throughout the poems, described by the poet himself as the ‘cruachaint’ (‘hard speech’), the ‘Sean-Ghaeilge’ (Old Irish’), the ‘glaschaint’ (‘cross-talk’) and the ‘caint thráthúil fhileata’ (‘witty poetic speech’) of the old poets who challenged each other in verse. The article also argues that the early poetry of Joe Steve in his first two collections, Fead Ghlaice (1986) and De dhroim leice (1990), is rooted in the oral tradition, but that the mature work in his later collections, An Dé Deiridh (2008) and Fad Saoil (2015), engages in a more nuanced manner with the contemporary world and the internal mindspace of the individual in that world as is the norm in modern, as opposed to traditional, literature.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
allagar na filíochta, caint thráthúil fhileata, idirthéacsúlacht, traidisiún, modhanna reacaireachta na nuafhilíochta, an fhilíocht thraidisiúnta, Joe Steve Ó Neachtain, an aigne neamhchoilínithe

DOI:
10.18669/ct.2020.01

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Áitíonn an t-alt seo go n‑eascraíonn filíocht Joe Steve Uí Neachtain as an domhan samhailteach céanna le “seanaigne” mhuintir na mBlascaodaí mar a dhéanas Seán Ó Ríordáin cur síos uirthi ina dhán ‘Na Blascaodaí’, domhan a chuir ‘seancheoltóirí teangan’ Mhichael Davitt in iúl trí mheán an fhocail a tháinig anuas chucu le hoidhreacht. Cuireann an t-alt seo an argóint chun tosaigh go mbaineann an aigne seo leis an Éirinn neamhchoilínithe neamhBhéarlaithe a shamhlaigh Ó Ríordáin ina dhán cáiliúil ‘Fill Arís’, áit a n‑iarrann sé ar an léitheoir an léim mhór samhlaíochta a thabhairt a chuirfeadh i gcás nár coilíníodh Éire agus gur mhair an traidisiún Gaelach gan bhearna. Léiritear go bhfuil saothar Joe Steve neadaithe sna tuiscintí traidisiúnta ar cheird na filíochta ó fhilíocht leithéidí Raiftearaí agus de Bhailís sa 19ú haois anuas go dtí filí pobail na linne seo i nGaeltacht Chonamara. Tugtar chun suntais cuid de na tuiscintí, de na gnásanna agus de na cleachtais thraidisiúnta shóisialta agus chultúrtha atá ar chúl an tsaothair, agus dírítear aird freisin ar na modhanna reacaireachta traidisiúnta a mbaineann an file gaisneas astu: an córas meafarachta, meadaracht an amhráin thraidisiúnta, agus go mór mór na tagairtí ilchineálacha idirthéacsúla atá ar fud na mball. Tugtar aird ar leith ar an teanga shaibhir dhúchasach Gaeltachta atá fite trí na dánta ar fad, nó mar a thug an file féin uirthi, an ‘chruachaint’, an ‘tSean-Ghaeilge’, an ‘ghlaschaint’ agus an chaint ‘thráthúil fhileata’ a bhíodh ag na seanfhilí agus iad ‘ag tabhairt dúshlán a chéile’ i véarsaí. Áitítear go bhfuil an fhilíocht luath sa gcéad dá chnuasach leis, Fead Ghlaice (1986) agus De dhroim leice (1990), fáiscthe as an bhfilíocht phobail, ach go mbaintear earraíocht i bhfad níos caolchúisí as an ábhar céanna ina shaothar aibí sa dá chnuasach ina ndiaidh, An Dé Deiridh (2008) agus Fad Saoil (2015), a théas i ngleic le saol na freacnairce agus le cúraimí na hindibhide ag tabhairt aghaidhe ar a bheatha inmheánach féin agus ar an saol mór amuigh, na cúraimí is dual don nualitríocht.

Údar:
Denvir, Gearóid

Teagmháil:

gearoid.denvir@oegaillimh.ie

Beathaisnéis:

Bhí Gearóid Denvir ina Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil Hamburg, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in Boston College agus in Ollscoil Toronto. Bhain sé BA agus MA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá PhD aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá riar mhaith leabhar agus aistí taighde scríofa aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis ar ghnéithe éagsúla de litríocht, teanga agus cultúr na Gaeilge, ina measc: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Rogha an Chéid (2000) agus Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010). Ina theannta sin tá dhá leabhar filíochta foilsithe aige, Iomramh Aigne (1976) agus Trudaireacht (1983). Bhunaigh sé Coláiste Chamuis in 1973 agus tá cónaí air le blianta fada i nGaeltacht Chois Fharraige.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.