‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh

Ríona Ní Churtáin

An rabhas-sa im ní riamh

Gan tús liom ná deireadh?

An mairfeadsa choíche

Ag malartú seithe? (Ó Ríordáin 1971: 28)

1 Is sliocht as an dán ‘Toil’ ón gcnuasach Línte Liombó le Seán Ó Ríordáin iad na línte thuas. Cé nár foilsíodh an cnuasach sin go dtí 1971 agus an file beagnach cúig bliana d’aois is caoga, is léir óna chuid scríbhneoireachta go raibh coincheap na beithe ina ábhar spéise aige ar feadh a shaoil. Níorbh eisceachtúil an t-ábhar spéise sin i measc scríbhneoirí Eorpacha na linne sin ach oiread: b’iomaí saothar a d’fhoilsigh scríbhneoirí na feiniméaneolaíochta, an eiseachais, agus an nua-aoiseachais sa tréimhse chéanna ag déanamh anailís dhomhain ar choincheap na beithe, mar shampla, saothar Edmund Husserl (1900–1901) agus Martin Heidegger (1927). San aiste seo, déanfar anailís ar choincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh. Díreofar go speisialta ar anailís chomparáideach idir leagan an Ríordánaigh den choincheap seo agus leagan Jean-Paul Sartre (1905–1980), scríbhneoir comhaimseartha a chuir a choincheapa fealsúnachta in iúl trí mheán a shaothair chruthaithigh go minic agus a raibh cuid dá shaothar i seilbh an Ríordánaigh.

Sainmhíniú

2 Déanann Sartre idirdhealú ina shaothar fealsúnachta L’Être et le Néant (1943) idir l’être-en-soi (an bheith inti féin), l’être-pour-soi (an bheith di féin), agus l’être-pour-autrui (an bheith do dhaoine eile). Cad é an difríocht idir an chéad dá choincheap anseo? Is ionann l’être-en-soi agus nithe neamhchomhfhiosacha, .i. na nithe nach bhfuil comhfhios acu, mar shampla, crainn agus leabhair. I gcodarsanacht leo sin atá l’être-pour-soi, nó na neacha comhfhiosacha, .i. daoine (Warnock 1970: 93). Pléifear l’être-pour-autrui níos déanaí san aiste seo.

3 Mar sin, is é an comhfhios a dhealaíonn l’être-en-soi agus l’être-pour-soi óna chéile; ach cad é go díreach is brí le ‘comhfhios’ i dtéarmaí Sartre? I gcodarsanacht leis na nithe atá neamhchomhfhiosach nó en-soi, tá le néant (neamhnitheacht) idir an duine comhfhiosach agus an domhan ina maireann sé. In L’Être et le Néant, deir Sartre: ‘l’homme se présente donc […] comme un être qui fait éclore le néant dans le monde’ (1943: 58), is é sin le rá, gurb é an duine a ghineann an neamhnitheacht sa saol. Is neamhnitheacht nó folús sa duine féin í seo, agus is féidir leis an duine an neamhnitheacht seo a líonadh lena smaointe agus lena ghníomhartha samhlaithe (Warnock 1970: 94). Tá ar chumas an duine an todhchaí a shamhlú, agus is féidir leis a ghníomhartha féin a roghnú. Mar a mhíníonn Mary Warnock ina leabhar Existentialism:

It is the possession of this emptiness […] which makes it possible for a Being-for-itself both to perceive the world and also to act in it, determining his own course of action by reference to an imagined future. […] For Sartre, as for Heidegger, a human being is a being with unrealized potential; whereas a Being-in-itself is […] entirely actual (1970: 94).

4 Tá saoirse ollmhór ag an duine de bharr na neamhnitheachta seo. Is féidir leis an duine machnamh a dhéanamh ar an saol atá ann (.i. l’être-en-soi) nó nach bhfuil ann; ansin, is féidir leis cásanna eile a shamhlú, agus pleananna a dhéanamh chun an saol a athrú (Warnock 1970). Is saoirse ointeolaíoch í, .i. saoirse theoiriciúil (Ní Chléirigh 1990: 38). Mar shampla, b’fhéidir nach bhfuil saoirse ag príosúnach imeacht ón bpríosún (.i. saoirse phraiticiúil), ach is féidir leis iarracht a dhéanamh, nó pleananna éalaithe a cheapadh (Santoni 2008: 800). Míníonn an tOllamh Ronald Santoni mar seo é: ‘Free conscious being […] is a “non-substantial absolute” that came to be, that “posited” itself, in relation to and in a spontaneous negation of ontologically prior being — that is, being-in-itself(2008: 787). Ní féidir leis an duine an tsaoirse ointeolaíoch seo a shéanadh: fiú má dhiúltaítear rogha áirithe a dhéanamh, is rogha inti féin í sin (2008: 789).

5 Bíonn an duine agus a thodhchaí ag athrú ó shoicind go soicind de bharr na saoirse ointeolaíche seo. Deir Sartre go mbíonn an t-am i láthair ag imeacht uainn i gcónaí; ní féidir linn breith ar an am i láthair toisc nach ann dó; bíonn gach nóiméad den am sin ag imeacht cheana féin faoin am a bhraithimid é (Natanson 1951: 24).

6 Mar sin, an nglacann an Ríordánach leis an sainmhíniú seo ar an mbeith? Cé nach mbaineann sé úsáid as an téarmaíocht chéanna, bíonn neamhbhuaine an tsaoil mar théama aige ina chuid scríbhneoireachta go minic. Mar a mhíníonn Pádraig Ó Fuaráin: ‘Tá domhan an Ríordánaigh i gcónaí ina chíor thuathail. Níl aon bhuanseasmhacht ann’ (1994: 101). Féachtar mar shampla ar an sliocht seo a leanas ó dhialann an Ríordánaigh:

[6 Bealtaine 1962] Dálta an scéil, cé hiad an saol? An iad na daoine iad a bhíonn beo nuair a deirtear an focal? […] Más iad na daoine atá beo nuair a scríobhtar an focal atá i gceist le ‘saol’ ní fada a sheasaíonn an focal, mar saolaítear agus díshaolaítear scata gach neomat. Ní hé an ‘saol’ céanna atá ag an neomat seo ann agus an ceann a bhí ann leathúair an chloig ó shin. Ní fhanann aon ní socair. Síorathrú is ea an saol (Ó Dúshláine 2014: 287).

7 Ina theannta sin, scríobh sé in alt in The Irish Times dar teideal ‘Gluaiseacht na Cruinne’: ‘Níl buan ach neambuaine’ (1969).

8 Ní hé an saol timpeall air amháin a bhíonn ag athrú. Sna dánta ‘Rian na gCos’ agus ‘An Gad is Giorra don Scornach,’ aithníonn sé go mbíonn sé féin de shíor ag athrú chomh maith, gur Ríordánach eile a bheidh ann sa todhchaí, gur Ríordánach difriúil a bhíonn ann le gach anáil, fiú:

Is mó mé i mise amháin

Cailltear le gach focal mé,

Ach éiríonn le gach anáil,

An mé nua sin a leanann mé

Go gcomhlíontar mise amháin;

Scata a scrí’ na ranna seo,

Duine as gach anáil (‘Rian na gCos,’ 1964: 12).

Cé gur mise an duine romham amach,

Ní hé mé go fóill (‘An Gad is Giorra don Scornach,’ 1978: 28).

9 Tá roghanna éagsúla ag gach Ríordánach seo, ag brath ar an Ríordánach atá ann faoi láthair. Aithníonn sé saoirse ollmhór an duine agus tábhacht a chuid roghanna dá thodhchaí, faoi mar a léirítear sa dán ‘Saoirse’:

Is atuirseach an intinn

A thit in iomar doimhin na saoirse,

Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann,

Ach cnoic theibí, sainchnoic shamhlaíochta,

Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta

Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh,

Níl teora leis an saoirse

Ná le cnoca na samhlaíochta,

Ná níl teora leis na mianta,

Ná faoiseamh

Le fáil (1952: 102).

10 Cosúil le Sartre, níor roghnaigh an duine an tsaoirse ointeolaíoch seo: ‘thit’ a intinn in iomar domhain na saoirse. Is féidir leis machnamh a dhéanamh ar l’être-en-soi, .i. na cnoic ‘dar chruthaigh Dia,’ ach is iad na ‘cnoic theibí,’ na ‘sainchnoic shamhlaíochta’ a chruthaíonn an tsaoirse atá aige. Arís, ní féidir leis an duine diúltú don tsaoirse ointeolaíoch seo: níl ‘faoiseamh / Le fáil’ uaithi. Uaireanta, is iomarcach an t-ualach í an tsaoirse ollmhór seo, mar ‘níl teora leis na mianta’.

An t-eiseadh agus an eisint

11 Is follasach mar sin go bhfuil an-chosúlacht idir tuairimí an Ríordánaigh agus tuairimí Sartre faoin mbeith. Tá difríocht shuimiúil eatarthu maidir le cúrsaí eisidh, áfach. Más neacha comhfhiosacha sinn, .i. être-pour-soi, tá saoirse againn, agus más fíor sin, dar le Sartre gurb ionann é sin agus a rá nach bhfuil ‘eisint’ nó ‘nádúr’ ag an duine. Ní féidir liom an mise atá ann faoi láthair, nó an mise ar cheart dó a bheith ann, a mhíniú bunaithe ar choincheap na heisinte. Mar a mhíníonn an tOllamh Steven Crowell:

freedom of consciousness means that I can never coincide with any determinate thing (what I or others take myself to be), with any ‘nature’. To exist as conscious is to be free, and this is to lack a nature or ‘essence’ that would account for what I am or ought to be: ‘Human freedom precedes essence in man and makes it possible; the essence of human being is suspended in his freedom’ (BN [Being and Nothingness], p. 60) (2012: 211–212).

12 Chreid an Ríordánach go bhfuil eisint ionainn go léir, áfach, faoi mar is léir ó réamhrá a chnuasaigh filíochta, Eireaball Spideoige: ‘Measaim gur féidir le gach duine, gach rud […] paidir a ghiniúint toisc go bhfuil anam nó múnla iontu’ (1952: 13).

13 Braitear go mbíonn saoirse aigne againn, faoi mar atá léirithe againn cheana féin. Bíonn roghanna againn, ach tá struchtúr againn dár roghanna toisc go bhfuil sprioc againn. Táimid sa tóir ar ár gcló ceart, ar ár n-eisint. Is éalaitheach í, faoi mar a chuireann an Ríordánach in iúl dúinn sa dán ‘Mise’ agus go leathmhagúil sa dán ‘Fan!’ chomh maith:

Ach cá bhfaighead é,

Sé sin mise?

Níl fáil air san áit a mbímse,

Ná ní san áit a mbíonn sé,

Ina aonar,

A bhímse (‘Mise,’ 1971: 42).

Mise istigh is mise amuigh,

Is an mise ceart as baile (‘Fan!’ 1952: 84).

14 Má éiríonn lenár dtóir, tiocfaimid ar an gcló ceart seo, an duine is dual dúinn, ag uair ár mbáis:

Fillfead air,

Sé sin ormsa,

Ar leaba ár mbáis (‘Mise,’ 1971: 42).

Imreoir do dhuine anseo

Agus imreoir do dhuine ansiúd,

Taoi scaipithe id dhaoine,

Beir ag athrú choíche

Go n-ídeoir gach duine atá cúl

Le cine, is go n-imreoir an duine is dual (‘Daoine,’ 1964: 39).

Buairt aigne

15 Míníonn Sartre dúinn go mbíonn buairt aigne orainn nuair a thuigimid nach bhfuil buneisint againn agus nuair a thugaimid an tsaoirse ollmhór atá againn faoi deara. Is sinne atá freagrach as ár ngníomhartha. Ní féidir linn a rá gur tharla na gníomhartha sin de dheasca eisinte atá ionainn nach bhfuil smacht iomlán againn uirthi. Bíonn orainn glacadh leis na gníomhartha atá déanta againn roimhe seo, ach ní haon leithscéal iad do na gníomhartha a dhéanfaimid amach anseo (Crowell 2012: 213–214). Tugann dialanna an Ríordánaigh le tuiscint dúinn go mbíodh buairt aigne dá leithéid air go minic chomh maith, mar shampla:

[26 Aibreán 1967] Bíonn buairt aigne de shíor ar chúl mo smaointe — nó arís mar a dúirt an file: ‘Bíonn lionndubh mór os cionn mo gháire’ (Ó Dúshláine 2014: 352).

[7 Bealtaine 1957] Táim ite ag míshuaimhneas aigne (Ó Dúshláine 2014: 208).

16 Thuig an Ríordánach, cosúil le Sartre, nach raibh teora leis an tsamhlaíocht ná lenár roghanna, faoi mar a léiríodh dúinn sa dán ‘Saoirse’: ‘Níl teora leis na mianta’ (Ó Ríordáin 1952: 102). Bhíodh líon ollmhór seo na roghanna ag crá an Ríordánaigh; ní raibh faoiseamh ar fáil dó uathu. Mar a scríobh sé san alt ‘Treascairt an tSamhraidh’: ‘cúis stoirmeacha is ea rogha, calm is ea easpa rogha’ (1968b).

17 Má chreid an Ríordánach gurb ann don bhuneisint, áfach, cad ba chúis leis an mbuairt aigne seo? De réir an Ríordánaigh, bíonn buneisint againn ó thús, ach ní thuigimid láithreach í; bímid sa tóir uirthi. Bíonn roghanna againn agus saoirse againn nuair a bhímid ag lorg ár mbuneisinte, mar sin tá seans ann nach ndéanfaimid na roghanna is fearr agus nach dtiocfaimid uirthi choíche, faoi mar a léirigh sé ina dhialanna agus ina chuid filíochta:

[15 Deireadh Fómhair 1956] Tá súil le Dia agam go bhfuilimid ag druidiúint níos cóngaraí dár n-aigne féin in aghaidh an lae. […] Moltar foighne dhúinn. Dá mbeadh a fhios féin againn cad tá uainn go díreach! Ach fairíor, sin rud nach bhfeadraimid dá dhochreidte é (Ó Dúshláine 2014: 190).

[14 Márta 1967] A Chríost, cad tá i ndán duinn nó cad tá á dhéanamh againn? An bhfeadar éinne cá bhfuil a thriall? (Ó Dushláine 2014: 345).

Is fada mise amuigh,

Is fada mé im thost,

Is nach fios nach amhlaidh bheidh go deireadh scríbe;

[…] Tá m’aigne fé ghlas,

Níl agam cead isteach (‘Tost,’ 1964: 28).

18 Má dhiúltaímid dár gcló ceart, tá seans ann go ndamnófar sinn:

Ach an té a dhamnaítear cad a tharla dó? Measaim gur shéan sé an fhírinne: gur dhiúltaigh umhlú d’fhoirmeacha na fírinne agus gur lean air ag síorchruthú a chuid bréagfhoirmeacha féin mar fhrith-Chruthaitheoir ionas gur fhan sé istigh ann féin de shíor mar a bheadh broc. […] Sa deireadh do chruthaigh sé corp iarmbreithiúnais seachas an corp a chuir Dia in áirithe dhó. […] Is amhlaidh a chruthaigh sé eachtrannach, duine lasmuigh de chinniúint Dé [….] Níl ann anois ach bréag agus cuirfear go hIfreann é — áit ná fuil aon tsampla de shnoíodóireacht na fírinne le fáil – áit a chruthaigh sé féin agus daoine mar é as a samhlaíocht easumhal féin — áit bhréagach. Do dheineas iarracht ar an aigne dhamanta seo a léiriú sa phíosa thíos dar teideal Saoirse (1952: 18–20).

19 Mar sin, cé go bhfuil buneisint againn de réir an Ríordánaigh, ní lú ár bhfreagrachtaí dá barr. Mar a deir sé in The Irish Times faoin duine a dhúisíonn ar maidin:

Faigheann tú tú féin dúisithe, sé sin, go bhfaigheann tú tú féin romhat. Faigheann tú pearsa it sheilbh i gcóir an lae, pearsa neamhfhoirfe, lán mháchaillí coirp agus aigne agus de dhrochchlaonta. Faigheann tú cinniúint le stiúiriú, aigne le ceansú, corp le tiomáint. Na theannta san tuigtear duit nach go h-oíche ach go bráth a cuireadh é seo de cheist, de bhreith agus de mhórualach ort (1968a).

Slite éalaithe

20 Ní héasca dúinn é machnamh a dhéanamh ar na coincheapa seo: ár n-aigne féin, ár roghanna, ár saoirse ná ár gcló ceart. Mar a luadh cheana féin, is geall le stoirmeacha dár n-aigne iad na smaointe seo. Cé go samhlaíonn an Ríordánach agus Sartre cúiseanna difriúla le buairt aigne na saoirse, léiríonn an bheirt acu dúinn go mbíonn sé de nós ag daoine slite éalaithe a lorg uaithi. Slí éalaithe amháin is ea tú féin a shá i gcúrsaí saoil, agus na roghanna a bhíonn agat a shéanadh. Mar shampla, nuair a bhíonn an clog aláraim ag bualadh ar maidin, is féidir linn a chreidiúint nach bhfuil aon dul as; gur ghá dúinn éirí; gurb éigean dúinn dul ag obair, seachas a bheith ag díriú ar na roghanna atá á ndéanamh againn: ‘An gá dúinn éirí?’ ‘Cad is cúis dúinn bheith ag obair?,’ agus mar sin de. Mar a deir Sartre: ‘il y a concrètement des réveils, des écriteaux, des feuilles d’impôts, des agents de police, autant de garde-fous contre l’angoisse’ [Tá cloig aláraim, fógraí, foirmeacha cánach agus póilíní ann go coincréiteach, is iomaí ráille cosanta i gcoinne crá croí] (1943: 74).

21 Tá saol mar seo ag Antoine Roquentin, príomhcharachtar an leabhair La Nausée (1938) le Sartre (leabhar a raibh aistriúchán de, Nausea (1965), i seilbh an Ríordánaigh). Tá Roquentin ag scríobh leabhair stairiúil faoi Rollebon, fear san ochtú céad déag ach, diaidh ar ndiaidh, éiríonn sé bréan dá shaothar agus tuigeann sé nach bhfuil sa leabhar ach iarracht éalú uaidh féin.

M. de Rollebon était mon associé: il avait besoin de moi pour être et j’avais besoin de lui pour ne pas sentir mon être. […] Je ne m’apercevais plus que j’existais, je n’existais plus en moi, mais en lui; c’est pour lui que je mangeais, pour lui que je respirais [….] Je n’étais qu’un moyen de le faire vivre, il était ma raison d’être, il m’avait délivré de moi. Qu’est-ce que je vais faire à présent? (1981: 117).

[Ba chomhpháirtí liom M. de Rollebon: bhí mé ag teastáil uaidh le bheith ann, agus bhí seisean ag teastáil uaimse ionas nach mbraithfinn m’eiseadh. […] Ní thugainn faoi deara a thuilleadh gurbh ann dom; níorbh ann dom ionam féin a thuilleadh ach ba ann dom i Rollebon; is dó sin a bhínn ag ithe, dó sin a bhínn ag tarraingt anála [….] Ní raibh ionam ach slí chun beatha a thabhairt dó, ba eisean cúis mo bheatha, shaor sé mé uaim féin. Cad a dhéanfaidh mé anois?]

22 Nochtann an Ríordánach smaointe den chineál céanna ina dhialanna agus ina dhánta:

[7 Deireadh Fómhair 1956] Stoirm is ea an bheatha so de réir dealraimh. […] Is mó seift ag daoine chun gleo na stoirme a chiúiniú — deoch, mná, caid, creideamh, obair, druganna etc. (Ó Coileáin 1982: 12).

[22 Meán Fómhair 1958] Pé slí go bhféachann tú air beidh rud le fulang aige [ag an duine]. […] Is chuige sin oifigí, cruinnithe, pictiúirí reatha, páirtithe polaiticiúla, eaglaisí, etc., chun teacht idir sinn agus faobhar ár n-aigne féin. Cuimhnigh ar an nduine bocht a fhágann ina dhiaidh gach cosaint agus a thugann aghaidh ar a aigne féin! Go bhfóire Dia air! (Ó Coileáin 1982: 77).

Oireann obair don pheacach

ní mór dó í mar theannta,

gan í cé fhéadfadh seasamh lomnocht

I láthair a aigne, cúis scanraidh (‘Obair,’ 1971: 39).

Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar

Don rud tá srianta,

Do gach macrud:

Don smacht, don reacht, don teampall daoineach,

Don bhfocal bocht coitianta,

Don am fé leith:

Don ab, don chlog, don seirbhíseach,

Don chomparáid fhaitíosach,

Don bheaguchtach

[…] Is bheirim fuath anois is choíche

Do imeachtaí na saoirse,

Don neamhspleáchas (‘Saoirse,’ 1952: 101–102).

23 Cosúil le Roquentin, tá an Ríordánach ag iarraidh a shaoirse ollmhór a cheilt air féin: tá fuath aige ‘anois is choíche / do imeachtaí na saoirse’. Tugann sé faoi deara, áfach, ar nós Roquentin, nach féidir leis éalú ón bhfírinne, faoi mar a admhaíonn sé ina dhialann:

[19 Márta 1956] Tuigtear dom nuair a chuimhním air agus mé ag éisteacht leis an mbáisteach agus ag machnamh le cabhair na báistí nach bhfuil aon rud is neamhbhuaine ná is lú maitheasa ná cur i gcéill. Mar a deirtear sa Bhíobla, níl aon rud nach bhfoilseofar. Má thoghaim focal mar mhaithe le suaithinseacht in ionad brí agus más dóigh liom nach dtabharfar faoi deara mé, tá dearmad orm. Scéithfidh an focal féin orm: scéithfidh fuadar na habairte orm: b’fhéidir nach scéithfidh siad láithreach bonn baill orm, ach le haimsir, le séideadh gaoth na haimsire, scuabfar gach cur i gcéill chun siúil agus ní fhágfar ach an fhírinne. Ceilte ní fhágfar faic, i gcroí an duine, ná i bhfocail (Ó Dúshláine 2014: 185).

La mauvaise foi

24 De réir Sartre, bíonn cleas eile ag daoine chun éalú óna saoirse: la mauvaise foi a chleachtadh, nó ‘bad faith’ mar a thugtar air as Béarla. Bíonn an duine ag insint bréige dó féin nuair a chleachtaíonn sé la mauvaise foi — ní ghlacann sé le fíorbhrí ná le tábhacht a chuid ghníomhartha. Mar shampla, faoi mar a mhíníonn an tOllamh Steven Crowell, fiú más meatach iad mo ghníomhartha faoi láthair, d’fhéadfainn a rá liom féin go bhféadfainn a bheith misniúil gan stró dá mba ghá, agus gur duine misniúil mé (2012: 217). Tugann Sartre sampla dúinn d’fhreastalaí a théann thar fóir leis na gníomhartha a bhaineann lena phost toisc gur mhaith leis a chur in iúl dúinn gur freastalaí é. Mar a deir Crowell: ‘The waiter is in bad faith because, by means of his affectations and exaggerated movements, he wishes us to grasp him as a thing, entirely coinciding with his role’ (2012: 218).

25 Is iomaí sampla de la mauvaise foi atá sa leabhar In Camera (1958), aistriúchán den dráma Huis Clos (1947) le Sartre, a bhí i seilbh an Ríordánaigh. Sa dráma seo, tagann triúr atá damnaithe — Garcin, Estelle, agus Inès — go hIfreann le chéile. Tá Ifreann an-éagsúil le hIfreann na scéalta traidisiúnta, faoi mar a thugann Garcin faoi deara: ‘Où sont les pals? […] Les pals, les grils, les entonnoirs de cuir’ [Cá bhfuil na stácaí? […] Na stácaí, na gríoscáin, na tonnadóirí leathair?] (Sartre 1947: 15). Níl ann ach seomra ina bhfuil an triúr acu príosúnaithe le chéile ach, diaidh ar ndiaidh, tugann siad faoi deara gurb ionann é sin agus Ifreann: ní féidir leo éalú uathu féin de dheasca a chéile. Dar le Pollmann, theastaigh ó Garcin go mbeadh Estelle mar scáthán anama dó, agus go gceilfeadh sí a chlaidhreacht air (1967: 54):

ils sont mille à répéter que je suis un lâche. Mais qu’est-ce que c’est, mille? S’il y avait une âme, une seule, pour affirmer de toutes ses forces que […] j’ai du courage, que je suis propre, je… je suis sûr que je serais sauvé! (Sartre 1947: 82).

[Bíonn míle ag athrá gur cladhaire mé. Ach cad is míle ann? Dá mbeadh anam ann, anam amháin, a dhearbhódh go diongbháilte dom go […] bhfuil misneach agam, gur duine uasal mé, táim… táim cinnte go mbeinn sábháilte!]

26 Bheadh Estelle sásta a leithéid a dhéanamh: ba bhreá léi go mbeadh Garcin ceangailte léi agus go mbeadh sí, cosúil leis an bhfreastalaí, ina hábhar ag Garcin. Bheadh la mauvaise foi ag teastáil go géar ó Garcin chun scéalta Estelle a chreidiúint, ach d’fhéadfadh sé a leithéid a dhéanamh (Pollmann 1967: 54). Ní bhíonn an deis ag an mbeirt acu a bheith mar scátháin ná mar ábhair dá chéile, áfach, toisc go bhfuil an tríú duine ann: Inès. Nochtann sí an caidreamh bréagach atá acu dóibh gan trócaire:

Elle a besoin d’un homme […] Ha! elle te dirait que tu es Dieu le Père, si cela pouvait te faire plaisir (Sartre 1947: 84).

[Tá fear ag teastáil uaithi […] Há! Déarfadh sí leat gur tusa Dia an tAthair, dá dtabharfadh sé sin sásamh duitse.]

27 Tugann an Ríordánach faoi deara go mbíonn daoine de shíor ag cleachtadh la mauvaise foi thart timpeall air, faoi mar a scríobhann sé ina dhialann:

[20 Meitheamh 1970] Nós is ea é faoi láthair a bheith aireach ar d’íomhá. Bíonn daoine ag iarraidh a n-íomhá a fheabhsú gan iad féin a fheabhsú. […] an dream a bhíonn á n-íomháú féin go poiblí […] [is] cuma leo a bheith neamhionraic fad is a bhíonn a n-íomhá le moladh. Ní hamháin go mbíonn siad a d’iarraidh bob a bhualadh ar an bpobal ach fógraíonn siad go poiblí gur sin é atá ar bun acu. Taispeáineann sé sin, dar liom, chomh mór amú agus atá machnamh daoine dulta (Ó Dúshláine 2014: 391).

28 Is léir don Ríordánach go mbíonn mauvaise foi de shaghas éigin á chleachtadh aige féin chomh maith, ach tá sé macánta leis féin agus tá sé in ann é a aithint ann féin:

Má bhuaileann tú liom san oifig amárach, ní liom a bhuailfir ach leis an duine atáim ag taispeáint don saol. Duine is ea é nach bhfuil ann in aon chor, ach duine dar liom go mbíonn daoine ag súil leis agus duine dá bhrí sin a thugaim dóibh. Ba chuma san mura gcaillfí an té atá ann (1963: 27–28).

29 Cé gur féidir leis an Ríordánach la mauvaise foi seo a aithint, uaireanta ní bhíonn sé de mhisneach aige dul i ngleic léi. Mar shampla, i sliocht ina dhialann, admhaíonn sé gur mhaith leis bean a bheith aige, ach nach bhfuil sé de mhisneach aige diúltú don charachtar atá cruthaithe aige dó féin:

[7 Eanáir 1940] D’fhéadfainn bean — cailín óg den lucht aimsire — a bheith agam i Leitir Fraoigh, ach ní ligfeadh an náire dhom baint léi. Bhí corp cothaithe deas aici agus bhí sí fial toilteanach, ach b’fhearr leis an mbacach seo ligint air go raibh sé ina ógfhear geanmnaí agus ina Chríostaí oirirc agus ina chábóg chúthail. […] A léitheoir na féile agus na carthanachta, maith dhom an salachar. Duine drochmhúinte mé agus níl leigheas agam air. Ach tá leigheas agam air agus geallaim duit nach ndéanfaidh mé a leithéid arís (Ó Dúshláine 2014: 4).

L’être-pour-autrui

30 Is follasach, mar sin, nach n-éiríonn leis an Ríordanach a bheith neamhspleách ar thuairimí daoine eile i gcónaí. Uaireanta, bunaíonn sé a chuid gníomhartha ar an gcarachtar atá cruthaithe aige dó féin agus do dhaoine eile, seachas ar a fhíormhianta. Is dúshlán eile é seo don duine atá ar thóir a shaoirse: uaireanta, bímid inár mbeith do dhaoine eile, nó l’être-pour-autrui. Bímid inár n-ábhair acu, agus dá bharr sin, cailltear ár saoirse. Tugann Sartre sampla dúinn in L’Être et le Néant de dhuine atá ag féachaint trí pholl eochrach. Go tobann, nuair a chloiseann sé duine eile ag teacht, braitheann sé neirbhíseach; tá carachtar nua, ciontach aige de dheasca fhéachaint an duine eile; anois, aithnítear mar spiaire é. Tá sé ina ábhar ag an duine eile. Ina dhialann, déanann an Ríordánach cur síos air féin ag siúl ‘síos suas Sráid Phádraig’ i gCorcaigh agus tá an-chosúlacht idir an cur síos leathshoiniciúil seo agus sampla Sartre:

[4 Nollaig 1953] Cuid de na mná chomh hálainn sin nach mbeadh sé de mhisneach agat féachaint orthu. Dá bhféachfaidís thar n-ais ort bheadh beirthe ort. Ach ní fhéachfadh. Beag an baol (Ó Dúshláine 2014: 140).

31 Is mar seo a mhíníonn James Marsh an taithí seo dúinn:

I feel my freedom drain out of me — I become an object before the hostile gaze of the other person. The only way I can regain the initiative is to stare back and thus assert myself over the other. The essence of intersubjectivity for Sartre is conflict — either domination or submission, sadism or masochism, triumphant independence or abject dependence (1975: 220).

32 Mar sin, ní raibh gá le focail Inès sa radharc sin thuasluaite ó Huis Clos; ba leor í a bheith ag féachaint ar Garcin agus Estelle chun iad a chrá agus a dhamnú. Is scáthán í a féachaint; ní féidir leis an mbeirt acu éalú uaithi. Tugann Garcin faoi deara go bhfuil saoirse aici, go bhfuil a smaointe agus a gníomhartha neamhspleách ar a thuairimí siúd, agus go bhfuil seisean ina ábhar aici (Pollmann 1967: 54–55). Beidh coimhlint shíoraí ann i gcónaí idir a shaoirse siúd agus saoirse Inès, faoi mar a deir sé sa radharc deireanach: ‘L’enfer, c’est les autres!’ [Is ionann Ifreann agus daoine eile!] (Sartre 1947: 93).

33 Aithníonn an Ríordánach go mbíonn a shaoirse agus a fhéiniúlacht i mbaol de dheasca daoine eile chomh maith, mar is léir sa dán ‘Mise’:

Ach cá bhfaighead é,

Sé sin mise?

[…] Mar bímse ar aimsir ag an saol,

Sé sin,

Ag daoine seachas mise (1971: 42)

34 Mar a scríobhann sé in The Irish Times: ‘Ní mise an té atá cruthaithe ag an bpobal’ (1971).

35 Mar sin an féidir a áiteamh go gcreideann an Ríordánach gurb ionann Ifreann agus daoine eile? Is léir óna dhialanna gur minic a bhíonn sé in amhras faoi dhaoine eile:

[22 Aibreán 1949] Má tá cairde agat, tá rud éigin á shú acu asat (Ó Coileáin 1982: 72).

[15 Deireadh Fómhair 1955] Bhí suipéar agam sa Metropole aréir leis an Ath. Tadhg Ó Murchú agus le Seán Ó Tuama. […] Nach mór an scanradh é ná féadaim iontaoibh a thabhairt leo! Táim cinnte istigh im aigne gur baol dom iad (Ó Coileáin 1982: 270).

[17 Deireadh Fómhair 1960] Ní duine a thuilleadh mé. Is fuath liom iad. Cé hiad ‘iad’? Na comharsain — an domhan mór — gach aoinne ach mé féin. Sin iad ‘iad’ (Ó Coileáin 1982: 268).

36 Is léir ó scríbhinní eile dá chuid nach gcreideann sé gurb ionann Ifreann agus daoine eile, áfach. Mar shampla, ina dhialanna, cé nach mbíonn iontaoibh aige as daoine eile uaireanta, fós féin, scríobhann sé an méid seo: ‘Is ionann ifreann agus uaigneas, agus daoine cuideachtúla atá ar neamh’ (Ó Dúshláine 2014: 107).

37 Cosúil le Sartre, is follasach go mbraitheann an Ríordánach go bhfuil coimhlint shíoraí ag baint leis an gcaidreamh atá aige le daoine eile. Is ann féin atá an choimhlint, áfach; is coimhlint inmheánach í. In ainneoin an amhrais a bhíonn air faoi dhaoine eile, is léir dó gur ‘ainmhí sóisialta […] an duine’ (Ó Dúshláine 2014: 168), agus go bhfuil ‘an spleáchas geinte ionainn’ (Ó Ríordáin 1969). Cé go scríobhann sé línte mar seo a leanas, a thaispeánann dúinn gur dóigh leis go bhfuil sé neamhspleách: ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, deirtear. Ar mo scáth féin a mhairimse’ (1971), tugann sé faoi deara go mbíonn an t-uaigneas á chrá de dheasca easpa comhluadair: ‘Táim do m’ithe féin. Dá labharfadh duine liom, fiú ar feadh cúig neomaití, b’shin ualach m’aigne iomparaithe ar feadh 5 neomaití’ (Ó Dúshláine 2014: 169).

38 Cé gur deacair dó a bheith i gcomhluadar daoine eile, uaireanta, ní ligeann a intinn féin dó a bheith ina aonar:

Is deacair bheith id aonar id aonar,

Tá an ghairm ró-ard, róchúng (‘Tionlacan na nÓinseach,’ 1971: 17).

39 Tagann an choimhlint seo chun solais go minic ina chuid scríbhneoireachta. Tugann sé faoi deara go bhfuil idirspleáchas ag teastáil ón bhfile chun filíocht a chumadh, faoi mar is léir ó réamhrá Eireaball Spideoige:

Ní saolaítear dán gan beo-gheit. […] Níl aon bhlas ag duine ar a bhlas féin. Agus ní féidir le duine cuimilt leis féin agus é féin a gheiteadh. Is amhlaidh a gheiteann sé rud eile […] Geiteann siad a chéile […] agus as an ngeit a ghintear an rud nua mar dhán (1952: 13–15).

40 Is deacair dó a bheith macánta leis féin i gcomhluadar daoine eile, áfach. Bíonn sé níos dílse dó féin nuair a bhíonn sé ina aonar, agus tá a chuid filíochta níos pearsanta dá bharr sin:

Ach anois ó táim im aonar

Bíodh m’anam lom gan bhrat,

Is labharfad fíor liom féinig

Mar a labhair an abhainn gan chleas

Nuair a ardaigh dán go sléibhte

Lena huisce féin ar fad,

Nuair nár ghéill do cheol an éithigh

Ach lomuisceachas do chan (‘Éist le Fuaim na hAbhann,’ 1952: 47).

41 Mar sin, is léir dúinn nach bhfuil réiteach simplí ann ar choimhlint an Ríordánaigh, faoi mar a scríobhann sé féin: ‘[22 Meán Fómhair 1958] Is deacair do dhuine maireachtaint ina aonar. Is deacair dó a bheith i measc daoine. Pé slí go bhféachann tú air beidh rud le fulaingt aige’ (Ó Dúshláine 2014: 235).

42 Ar mhaithe lena chuid scríbhneoireachta, beidh air glacadh le laethanta poiblí chomh maith le laethanta uaignis agus iarracht a dhéanamh cothromaíocht cheart a bhaint amach, in ainneoin a fhíormhianta:

[6 Samhain 1958] Mura mbeadh na laethanta uaigneacha ní bheadh aon tairbhe sna laethanta poiblí dúinn. Tugann na laethanta uaigneacha doimhneas dúinn roimh ré. Sórt goile is ea iad. Cuireann siad ocras orainn agus, ina dhiaidh san, nuair a bhíonn an iomarca des na laethanta poiblí ite againn, leánn siad na laethanta poiblí. Bia mar sin is ea na laethanta poiblí? Bia gan scamhard air, de ghnáth (Ó Dúshláine 2014: 238).

43 Dealraíonn sé mar sin go mbeidh air easpa saoirse áirithe a fhulaingt ar son fhíorshaoirse a fhilíochta agus a chruthaitheachta:

Mar domhan is ea an tsaoirse,

Is tír gach daoirse inti,

Is níl laistigh d’aon daoirse

Ach saoirse ón daoirse sin (‘Daoirse,’ 1964: 27).

Conclúid

44 Tar éis anailís a dhéanamh ar choincheap na beithe de réir an Ríordánaigh, ní mór a aithint go bhfuil an-chuid cosúlachtaí ann idir a thuiscint seisean air agus tuiscint Jean-Paul Sartre air. Cé go bhfuil tuairimí difriúla ag an Ríordánach agus Sartre i dtaobh na heisinte, aithníonn an bheirt acu an tsaoirse ollmhór a bhíonn ag an duine agus an bhuairt aigne a ghabhann léi. Déanann an bheirt acu anailís dhomhain ar iarrachtaí an duine teacht ar shlite éalaithe ón tsaoirse, agus ar bhagairt an duine eile dár saoirse.

45 Tá raidhse leathan ceisteanna ann nach bhfuil freagartha ag an aiste seo, áfach. Deir Séamus Ó Coigligh gur léigh an Ríordánach saothar cruthaitheach Sartre chomh maith le haistí áirithe dá chuid (1980: 57), ach níl aon deimhniú againn, ar ndóigh, go raibh saothar Sartre léite ag an Ríordánach sular nocht sé cuid de na tuairimí a phléitear thuas. Bhí L’Être et le Néant, Huis Clos agus La Nausée ar fáil sular foilsíodh Eireaball Spideoige, ach níl L’Être et le Néant i mbailiúchán an Ríordánaigh, agus ní raibh na leaganacha Béarla a bhí i seilbh an Ríordánaigh — In Camera (1958) agus Nausea (1965) — foilsithe faoin am sin. Mar sin, ar chum sé féin na coincheapa go léir faoin mbeith atá ar fáil in Eireaball Spideoige, nó ar tháinig sé faoi anáil scríbhneoirí eile? Ar tháinig Sartre faoi anáil na scríbhneoirí céanna? An comhtharlú iad na cosúlachtaí atá eatarthu? Pé breithiúnas a thabharfar ar na cosúlachtaí seo, is léir gur bhain machnamh an Ríordánaigh le gluaiseacht smaointeoireachta níos leithne a bhí ag teacht chun cinn i dtíortha eile san Eoraip lena linn.

46 Scríobh an Ríordánach ina dhialann: ‘Cuireann an Cruthaitheoir orainn cónaí ionainn féin mar a chuirfeadh sé sinn i dtigh. Tá múnlú an tí fúinn féin’ (Ó Dúshláine 2014: 107). Dá mbeadh an tsamhail chéanna in úsáid i saothar Sartre, ní móide go mbeadh an tigh faighte ag an duine ón gCruthaitheoir ach, fós féin, bheadh múnlú an tí faoin duine féin. Bheadh rogha ag an duine doras a chur ann, ach b’fhéidir nach mbeadh fonn air é sin a dhéanamh, toisc gurbh fhéidir le daoine eile a shaoirse a chur i mbaol dá bharr. Dealraíonn sé gur roghnaigh an Ríordánach an doras a oscailt, in ainneoin na contúirte:

‘Tóg do thigh mar is mian leat,’ a deir an Cruthaitheoir, ‘agus bíodh sé agat le saol na saol.’ […] Níor mhaith liom cur fúm sa tigh seo ar feadh na síoraíochta. […] Ní mór dom doras don phobal d’oscailt in am mar ní bhead infheadhma ar an dtaobh thall den uaigh (Ó Dúshláine 2014: 107).

Buíochas

47 Gabhann an t-údar buíochas lena stiúrthóirí taighde in Ollscoil Luimnigh, an Dr. Tríona Ní Shíocháin agus an Dr. Tadhg Ó hIfearnáin, as a gcomhairle go léir faoin bpáipéar seo.

Saothair a ceadaíodh

Contat, M. agus Rybalka, M. (eag.) (1981) Jean-Paul Sartre: Œuvres romanesques. Paris: Gallimard.

Crowell, S. (eag.) (2012) The Cambridge Companion to Existentialism. Cambridge: Cambridge University Press.

Denvir, G. (1996–1997) ‘Solas ar an nGloine: Gné d’Fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin’. In: Irisleabhar Mhá Nuad 1996–1997: 79–98.

Heidegger, M. (1962) Being and Time. Aistrithe ag Macquarrie, J. agus Robinson, E. Oxford: Blackwell.

Husserl, E. (1970) Logical Investigations. Aistrithe ag Findlay, J.N. New York: Humanities Press.

Marsh, J.L. (1975) ‘Freedom, Receptivity, and God’. In: International Journal for Philosophy of Religion 6 (4): 219–233 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/40021017 [faighte 15 Iúil 2013].

Natanson, M. (1951) A Critique of Jean-Paul Sartre’s Ontology. Lincoln: The University of Nebraska Press.

Ní Chléirigh, S. (1990) Eiriceachtaí agus Scéalta Eile, le hAlan Titley: Saothar Iar-Nua-Aoiseach [Idirlíon]. Tráchtas M.A., Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (neamhfhoilsithe). Ar fáil ag: http://eprints.maynoothuniversity.ie/5074/ [faighte 30 Bealtaine 2016].

Ó Coigligh, S. (1980) ‘Shaun agus Shem’. In: Ó hAnluain, E. (eag.) An Duine is Dual: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 28–60.

Ó Coileáin, S. (1982). Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Dúshláine, T. (eag.) (2014) Anamlón Bliana. Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Fuaráin, P. (1994) Somhairle Mac Gill-Éain agus Seán Ó Ríordáin: Friotal, Creideamh, Moráltacht [Idirlíon]. Tráchtas M.A., Coláiste Phádraig, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad (neamhfhoilsithe). Ar fáil ag: http://eprints.maynoothuniversity.ie/5298/ [faighte 30 Bealtaine 2016].

Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Ríordáin, S. (1963) ‘An taisceadán’. In: Comhar 22 (6): 27–29 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20551476 [faighte 5 Lúnasa 2016].

Ó Ríordáin, S. (1964) Brosna. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Ríordáin, S. (1968a) ‘Éadóchas Maidine’. In: The Irish Times, 3 Lúnasa 1968 [Idirlíon]. Ar fáil ag: https://login.proxy.lib.ul.ie/login?url=http://search.proquest.com.proxy.lib.ul.ie/docview/525124802?accountid=14564 [faighte 13 Iúil 2013].

Ó Ríordáin, S. (1968b) ‘Treascairt an tSamhraidh’. In: The Irish Times, 23 Lúnasa 1968 [Idirlíon]. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/newspaper/archive/1968/0823/Pg012.html#Ar01202 [faighte 5 Lúnasa 2016].

Ó Ríordáin, S. (1969) ‘Gluaiseacht na Cruinne’. In: The Irish Times, 14 Eanáir 1969 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.irishtimes.com/newspaper/archive/1969/0114/Pg012.html#Ar01206 [faighte 13 Iúil 2013].

Ó Ríordáin, S. (1971) Línte Liombó. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Ríordáin, S. (1971) ‘Seán Ó Ríordáin’. In: The Irish Times, 13 Márta 1971 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.irishtimes.com/newspaper/archive/1971/0313/Pg012.html#Ar01204 [faighte 13 Iúil 2013].

Ó Ríordáin, S. (1978) Tar Éis mo Bháis. Baile Átha Cliath: Sáirséal-Ó Marcaigh.

Pollmann, L. (1967) Sartre and Camus: Literature of Existence. Aistrithe ag Sebba, G. agus Sebba, H. New York: Frederick Ungar Publishing Co.

Santoni, R. E. (2008) ‘Camus on Sartre’s “Freedom”: Another “Misunderstanding”’. In: The Review of Metaphysics 61 (4): 785–813 [Idirlíon]. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20131027 [faighte 13 Feabhra 2015].

Sartre, J. (1943) L’Être et le Néant: essai d’ontologie phénoménologique. Paris: Gallimard.

Sartre, J. (1947) Huis Clos. Paris: Gallimard.

Sartre, J. (1958) In Camera. In: Browne, E.M. (eag.) Three European plays: Ring round the moon [by] Jean Anouilh, The queen and the rebels [by] Ugo Betti, In Camera [by] Jean-Paul Sartre. Harmondsworth, Middlesex: Penguin Books: 149–191.

Sartre, J. (1960) Intimacy. Aistrithe ag Alexander, L. London: Panther.

Sartre, J. (1964) Words. Aistrithe ag Clephane, I. Harmondsworth: Penguin.

Sartre, J. (1965) Nausea. Aistrithe ag Baldick, R. Harmondsworth, Middlesex: Penguin.

Warnock, M. (1970) Existentialism. London: Oxford University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2016.
ISSN: 2009-8626