‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh

Ní Churtáin, Ríona

‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — The concept of being in Seán Ó Ríordáin’s writing

Abstract

Seán Ó Ríordáin (1916–1977) was a prolific writer, and many academic works have been dedicated to exploring and analysing various aspects of his writing. However, very little has been written about the importance of his work in the context of contemporary European philsophy. In this essay, a comparative analysis is made of the concept of being in the work of Ó Ríordáin and central concepts in the work of renowned existentialist thinker, Jean-Paul Sartre (1905–1980). Sartre conveyed many of his philosophical concepts through the medium of his literary texts, and we know that Ó Ríordáin had in his possession several of his works in translation. Five of Sartre’s works are currently available in the Ó Ríordáin collection at the Boole Library, University College Cork (In Camera (1958), Intimacy (1960), Words (1964), Nausea (1965) agus Room (1969)).

This essay briefly summarises Sartre’s definitions of being, and compares and contrasts his concepts with those of Ó Ríordáin. It demonstrates that although they had different opinions regarding the concept of essence, there were nonetheless many similarities between their opinions about the immense freedom of the individual and the existential anxiety which accompanies it. Both writers described the fearfulness experienced by the individual upon realising his/her freedom, and the strategies frequently employed to deal with such fear. Both Sartre and Ó Ríordáin examine the role of other people in these experiences, and acknowledge the threat posed to our freedom by other people. The impact of the aforementioned concepts on Ó Ríordáin’s life outlook are analysed in this essay, as are their consequences for his relationships, both with himself and other people. This paper thus highlights Seán Ó Ríordáin’s valuable contribution to European existentialist thought.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
07/10/2016

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
coincheap na beithe, eiseachas, Jean-Paul Sartre, Fealsúnacht, Seán Ó Ríordáin, Nuafhilíocht

DOI:
10.18669/ct.2016.03

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Ba scríbhneoir bisiúil é Seán Ó Ríordáin (1916–1977), agus is iomaí saothar acadúil atá scríofa faoi ghnéithe éagsúla dá chuid scríbhneoireachta. Is díol suntais é nach bhfuil mórán scríofa faoi thábhacht a shaothair i gcomhthéacs na fealsúnachta Eorpaí. San aiste seo, déantar anailís chomparáideach ar choincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh agus i saothar an fhealsaimh cháiliúil Jean-Paul Sartre (1905–1980) faoi seach. Ba scríbhneoir comhaimseartha é Sartre, a chuir a choincheapa fealsúnachta in iúl trí mheán a shaothair chruthaithigh go minic agus a raibh cuid dá shaothar i seilbh an Ríordánaigh trí mheán an aistriúcháin. Tá cúig shaothar dá chuid ar fáil i mbailiúchán leabhar an Ríordánaigh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (In Camera (1958), Intimacy (1960), Words (1964), Nausea (1965) agus Room (1969)).

Tugtar achoimre ghairid ar shainmhínithe Sartre ar an mbeith, agus déantar anailís ar na cosúlachtaí, chomh maith leis na difríochtaí, atá ann idir a choincheapa siúd agus coincheapa an Ríordánaigh. Léirítear go raibh tuairimí difriúla ag an mbeirt acu i dtaobh choincheap na heisinte, ach in ainneoin na ndifríochtaí sin, gurbh iomaí cosúlacht a bhí ann idir a dtuairimí faoi shaoirse an duine agus faoin mbuairt aigne a ghabhann léi. Scríobh an bheirt acu faoin neirbhís a bhíonn ar an duine de dheasca na saoirse ollmhóire atá aige/aici, agus ar na slite éalaithe éagsúla a bhíonn á lorg aige/aici uaithi. Rinne an bheirt acu anailís ar thábhacht an duine eile dár saoirse chomh maith, agus ar an mbagairt dár saoirse a bhíonn ann nó inti. Déantar anailís ar thionchar na gcoincheap seo ar dhearcadh an Ríordánaigh ar an saol, agus ar an gcaidreamh a bhí aige le daoine eile agus leis féin dá bharr. Dearbhaítear, dá réir, gur féidir an scríbhneoir Gaeilge, Seán Ó Ríordáin, a áireamh i measc smaointeoirí na hEorpa a thug faoi mhórcheisteanna fealsúnta an eiseachais san fhichiú haois.

  • © Ríona Ní Churtáin, 2016

    Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Churtáin, Ríona

Teagmháil:

caitriona.nichurtain@ul.ie

Beathaisnéis:

Mac léinn dochtúireachta as Mainistir na Féile is ea Ríona Ní Churtáin a bhain céim sna Dána (Gaeilge agus Fraincis) amach in Ollscoil Luimnigh (2011), agus MA sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (2013). Foilsíodh a miontráchtas B.A. in Irisleabhar Mhá Nuad 2013. Is é an t-ábhar dochtúireachta atá aici ná smaointeoireacht an eiseachais agus saothar an Ríordánaigh, á stiúradh ag an Dr. Tríona Ní Shíocháin agus an Dr. Tadhg Ó hIfearnáin, Léann na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.