‘An dán is deise agus is fileata san Nua-Ghaedhilg’: eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an dán dar tús ‘Ochón, a Dhonnchadh’ le Pádraig Ó hÉigeartaigh

Síobhra Aiken

1 Ba ar The Springfield Republican, nuachtán a d’fhoilsítí i Massachusetts, a céadtuairiscíodh an tubaiste ba thrúig bháis do mhac Phádraig Uí Éigeartaigh, Donnchadh, nach raibh sé bliana aige fós. Agus é ar a bhealach abhaile ón scoil ar an 22 Lúnasa 1905, thit sé isteach i dtaiscumar uisce agus bádh é. I bhfógra beag bídeach i measc scéalta an phobail atá fógra báis an pháiste óig, fógra atá chomh neamhshuntasach sin gur furasta do dhuine é a ligean thairis:

The funeral of Donough Haggerty, the young son of Mr. and Mrs. Patrick Haggerty of 758 Liberty St who was drowned in the old Lombard reservoir Tuesday, was held at his parents’ residence yesterday afternoon at 2 (The Springfield Republican 1905: 8).

2 Ach más tuairisc lom bheagfhoclach atá le fáil i nuachtán na cathrach, a mhalairt ar fad d’insint ar an tragóid atá sa chaoineadh a scríobh an t-athair i gcuimhne a mhic. Fearacht na gcaointe traidisiúnta, osclaíonn an dán ina ghlaoch gonta a éiríonn as céasadh intinne an athar chráite: ‘Ochón, a Dhonnchadha! mo mhíle cogarthach fé’n bhfód so sínte / Fód an doichill ’n-a luighe ’r do cholainn bhig, mo loma-sceimhleadh!’ (1906: 5). In aon racht amháin, ligeann an file scód lena chuid bróin agus feirge; is trua leis nár cuireadh ar an eolas é faoi ghátar a mhic, óir ghabhfadh sé chuig ‘doimhin-lic Ifrinn’ chun é ‘a fhuasgailt’ (1906: 5). Ach dá olcas é bás an linbh, is measa ar fad fós é gur i dtír strainséartha a chuirfear a mhac, agus ní i dteannta a shinsear in Éirinn: ‘Dá mbeadh an codladh so i gCill na Dromad ort, nó i n-uaigh ’san Iarthar, / Mo bhrón do bhogfadh, cé gur mhór mo dhochar, is ní bheinn id’ dhiaidh air’ (1906: 5). Is fada atá caoineadh sin Phádraig Uí Éigeartaigh, nó ‘Ochón, a Dhonncha’ mar a thugtar go forleathan air, ina chuid de chanóin liteartha na Gaeilge. San alt seo, áfach, léireofar go ndearnadh eagarthóireacht ar an dán a scríobh Ó hÉigeartaigh agus gur mór idir an caoineadh a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis i 1906 agus an dara leagan a chuir Pádraig Mac Piarais ar fáil ar The Irish Review i 1911, arb é an leagan is cáiliúla den dán é. Féachfar i dtosach le solas a chaitheamh ar stair fhoilsiú an dáin agus ar thuairimí na gcriticeoirí ina thaobh. Cuirfear an dá leagan i gcomparáid le chéile ina dhiaidh sin agus, ar deireadh, déanfar an idé-eolaíocht a bhí taobh thiar d’eagarthóireacht an Phiarsaigh a mheas.

‘Ochón, a Dhonnchadh’: stair fhoilsiú an dáin

3 Ba é Pádraig Mac Piarais, a bhí ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis ó Mhárta 1903 go dtí Samhain 1909, a rinne an dán a sheol Pádraig Ó hÉigeartaigh sa phost chuige a réiteach don chló agus foilsíodh an caoineadh den chéad uair ar an 7 Aibreán 1906. Díol suntais é gur athfhoilsíodh an caoineadh go gairid ina dhiaidh sin ar an dá thaobh den Atlantach: i gceantar dúchais an fhile ar The Kerryman (Ó hÉigearta 1906c), agus i Nua-Eabhrac ar an Gaelic American (Ó hÉigearta 1906b). Ach is léir go raibh a rian fágtha ag an gcaoineadh ar an bPiarsach féin. I 1911, thug sé aghaidh ar an dán arís agus chuir athleagan de faoi bhráid an phobail, maille le haistriúchán go Béarla, ar The Irish Review. Moladh mór ar fad a bhí ag an bPiarsach don chaoineadh agus ba mhór an dua a chaith sé leis an aistriúchán dá bharr: ‘I am more conscious in this than in the previous cases of the inadequacy of my English prose to render either the deep melody of the original or the exquisite delicacy of its phrase’ (1911: 141).

4 Ní foláir nó gur tharraing ardmholadh an Phiarsaigh aird ar an dán, agus seans gurb shin é is cúis leis an aitheantas leathan a fuair sé. I nóta a scríobh John Devoy chuig Éamon de Valera i 1919, luann Devoy tuairim Dhubhghlais de hÍde gurb é ‘the finest one [poem] in Modern Irish’ (de Valera 1919). Is iomaí scoláire Gaeilge a bhí ar aon intinn leis. Sa bhliain 1936, tuairimíonn Muiris Ó Droighneáin gurb é an dán is ‘deise agus is fileata san Nua-Ghaedhilg’ (1936: 79) é, agus sa bhliain chéanna deir Liam Ó Briain gurb é ‘rí-dhán litríocht na Gaedhilge le n-ár linn’ é, agus ‘nár sháraigh aon rud a ceapadh ó thosuigh obair na Gaedhilge dhá sgór bliain ó shoin, an dáinín seo’ (1935: 4). Bhí an port céanna fós á chasadh ag Williams agus Ní Mhuiríosa, agus maíonn siad sin go bhfuil sé ar ‘cheann de na caointe is fearr dár scríobhadh san aois seo’ (1979: 380). Roghnaigh Thomas Kinsella agus Seán Ó Tuama an caoineadh céanna chun críoch a chur leis an dara roinn den bhailiúchán iomráiteach An Duanaire: Poems of the Dispossessed agus, dar leo, ‘The poem, in its simple conventional expression of a profound grief makes a moving end to the high literary traditions of three centuries’ (1981: 211). Feictear do Kinsella agus Ó Tuama gurb ionann an dán agus buille scoir an traidisiúin, toisc go n-éiríonn leis an bhfile ‘a chumha a nochtadh i véarsaíocht lán-oilte, faoi mar a dhéanfadh duine de na máistrí filíochta thiar sa 17ú nó 18ú céad’ (xxiv). Déanann Nic Eoin an dán a nascadh leis an traidisiún chomh maith céanna agus dar léi go músclaíonn an dán ‘macallaí den chaoineadh a chuirtear i leith Ghormlatha sa chaoi a ndírítear ar log is ar chineál an bháis’ (2001: 19).

5 Ach tá criticeoirí eile den tuairim go bhfuil an caoineadh ar thús cadhnaíochta i bhforbairt nualitríocht na Gaeilge agus, ar bhealach, titeann an caoineadh idir dhá stól, is é sin idir traidisiún filíochta an tseachtú agus an ochtú haois déag agus nuafhilíocht na Gaeilge. Deir Máire Mhac an tSaoi go bhfuil an dán ‘rightly regarded as the earliest truly modern lyric in the Irish language’ (2002: 12) agus, go deimhin, roghnaigh Ó Tuama agus de Paor an caoineadh le cur sa chéad áit sa duanaire Coiscéim na hAoise Seo (1991: 1–2), bíodh is nár fágadh an cinneadh sin gan cheistiú (féach Mac Giolla Léith 1992: 127–128).

6 Ní hamháin go bhfuil a sáith le rá ag na criticeoirí liteartha faoin dán, ach aithnítear é in Brewer’s Dictionary of Irish Verse mar ‘one of the most popular and most anthologized laments in the Irish language’ (McMahon agus O’Donoghue 2006: 603). Go deimhin, is beag duanaire Gaeilge a foilsíodh le céad bliain anuas nach bhfuil an dán ann agus bhí an caoineadh ar chlár na hArdteiste ó na 1960idí go dtí deireadh na 1980idí. Chomh maith leis sin, is cosúil gur súdh an caoineadh isteach sa traidisiún béil agus tá taifeadadh déanta ag Raidió na Gaeltachta i mBóthar na Léinsí de Pheig Mhic Gearailt á aithris (1977).

7 Ach má tá eolas forleathan ar an dán, is beag aitheantas a thugtar don fhile, Pádraig Ó hÉigeartaigh, sna díolaimí filíochta. Tá fáil ar an aistriúchán a rinne an Piarsach den dán sa díolaim The Literary Writings of Patrick Pearse a chuir Ó Buachalla in eagar (1979: 47-48) ach ní luaitear ainm an fhile taobh leis an dán. Tá an t-aistriúchán céanna le fáil sa duanaire The Ireland Anthology le Dunne agus O’Brien (1997: 429-430) agus sa díolaim The Maunsel Poets 1905-1926 le Gardiner (2003: 195), áit a dtugtar le fios gur duine gan ainm a scríobh an dán.

8 Fiú sna foinsí ina dtugtar aird ar an bhfile, is beag eolas a fhaightear ar a shaol; a leithéid seo as An Duanaire: 1600–1900, Poems of the Dispossessed, mar shampla:

D’fhág Pádraig Ó hÉigeartaigh a dhúiche féin, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí in aois a dhá bhliain déag agus mhair sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin. Tar éis na bliana 1891 is i Springfield, Massachusetts, a chónaigh sé. Foilsíodh an dán seo ar bhá a mhic, Donncha, sa bhliain 1906 (1981: 260).

9 Ní hamháin go bhfuil easpa eolais le sonrú sna tagairtí sna díolaimí, ach is minic a bhíonn siad breac le míthuiscintí ar an scéal. Tugtar le fios go hearráideach i leabhair áirithe gur i mBostún, seachas i Springfield, a bhí an file ag cur faoi aimsir na timpiste (Kinsella 1982: 186; Ó Tuama 1992: 196; McMahon agus O’Donoghue 1992: 249). Síltear freisin gur i dtimpiste báid a bádh Donnchadh (Kinsella 2009: 97; McMahon agus O’Donoghue 1992: 249), cé go léiríonn an tuairisc ó The Springfield Republican gur i dtaiscumar uisce, a bhí i ngaireacht don teach, a tharla an tubaiste (The Springfield Republican 1905).

10 Ach b’fhéidir gurb é an dearmad is mó ná an tuiscint nach raibh sé ar chumas Uí Éigeartaigh dul i mbun pinn riamh arís i ndiaidh na tubaiste (féach McMahon agus O’Donoghue 2006: 603). Sa dán, luann an reacaire nach ábhar sóláis í an Ghaeilge dó a thuilleadh ó cailleadh a mhac: ‘Garbh ’doilbh liom an Ghaedhilg oscailte — is olc an comhartha é’ (1906: 5). Luann Ó Droighneáin gur ‘mhinic é ag ceapadh rócán beag go dtí gur thuit an chinneamhaint ar a mhac bheag, agus is baoghalach gur thráigh féith na filidheachta leis an gcaoine’ (1936: 202). Is cosúil go bhfuil glactha leis an tuiscint úd. Áiríonn Denvir Ó hÉigeartaigh ar dhuine de na ‘filí nár scríobh mórán filíochta riamh roimh an dán áirithe sin ná go deimhin ó shin’ (2000: 11); luann Nic Eoin gurb é ‘an t-aon dán leis an imirceach Éireannach seo ó leithinis Uíbh Ráthaigh a bhfuil fáil air inniu’ (2001: 19); agus dar le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú gur ‘beag a scríobh sé i ndiaidh bhá an mhic’ (2015).

11 D’fhéadfaí a áiteamh gur mór an éagóir ar Phádraig Ó hÉigeartaigh é sin óir, ní hamháin go raibh sé aitheanta mar fhile agus mar scríbhneoir sular cuireadh an caoineadh i gcló, ach níl aon fhianaise ann gur chuir an timpiste lá drogaill air dul i mbun pinn. Is amhlaidh gur scríbhneoir bisiúil a bhí san Éigeartach le linn a shaoil ar fad. Tá idir dhánta, chaointe, ghiotaí grinn, ghearrscéalta agus óráidí leis i gcló ar thréimhseacháin éagsúla — Banba, Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis, The Kerryman agus Gaelic American ina measc — agus iad foilsithe faoina ainm féin nó faoin ainm cleite ‘Carraig Eadhna’ (le haghaidh clár saothair, féach Aiken 2015: Aguisín i–ii). Bhí colún seachtainiúil aige ar An Claidheamh Soluis sa bhliain 1908 dar teideal ‘Ó’n Domhan Thiar’ ina gcuireann sé go tréan i gcoinne na himirce agus tugann cuntas géarchúiseach, gruama, más áibhéileach féin é, ar shaol na nGael-Mheiriceánach i Springfield. Ina theannta sin, tá sciar dánta neamhfhoilsithe leis a bhí i seilbh Aindriasa Uí Mhuimhneacháin ar marthain fós. Foilsíodh an dán deireanach ó pheann Uí Éigeartaigh ar An Gaedheal i Nollaig na bliana 1935, mí amháin sular cailleadh go tobann é in Eanáir 1936.

12 Ach is é an chaoi a n-eascraíonn cuid de na tuiscintí iomrallacha ar an dán as scéal a fhoilsithe: is é sin, gur fhoilsigh an t-eagarthóir, Pádraig Mac Piarais, dhá leagan de. Is é an leagan den chaoineadh atá ar fáil sna duanairí, agus a bhfuil stádas canónach bainte amach aige faoi seo, ná an leagan a chuir Mac Piarais in eagar do The Irish Review i 1911. Is iomaí duine a bhfuil aistriúchán Béarla déanta aige ar an dán, Máire Mhac an tSaoi (2002), Thomas Kinsella (1981) agus Seán Dunne (1992) ina measc. Ach arís eile, is aistriúchán ar an leagan den dán a ndearna an Piarsach eagarthóireacht air atá i gceist, leagan a bhfuil sé véarsa ann. Ach an té a chuirfeadh an bunleagan a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis sa bhliain 1906 i gcomparáid leis an leagan a foilsíodh cúig bliana ina dhiaidh sin in The Irish Review, d’fheicfeadh sé go raibh ocht véarsa, maille le ceangal, sa bhunleagan a chuir Ó hÉigeartaigh chuig an bPiarsach.

‘Ochón, a Dhonnchadh’: An dá leagan á gcur i gcomparáid

13 Níor mhiste comparáid a dhéanamh idir an dá leagan den dán, is é sin an chéad leagan a d’fhoilsigh an Piarsach ar An Claidheamh Soluis i 1906, agus an dara leagan a sholáthair sé i 1911. Mar a chéile atá na chéad trí véarsa: i véarsa a haon, caoineann an t-athair bás a mhic óig agus caíonn sé gur i dtír strainséartha a bheas sé curtha. I véarsa a dó, tarraingíonn an file íomhá na mbláthanna ‘feoite caite’ chuige féin le cur síos a dhéanamh ar an bpáiste marbh, a bhí faoi bhláth tráth, ach atá anois ag lobhadh faoin gcré. Sa tríú véarsa, tugann an file léargas míshuaimhneach dúinn ar chúinsí an bháis, agus ar leochaileacht an mhic i gcoinne chraos an uisce:

Ochón, a Dhonnchadha! mo mhíle cogarthach fé’n bhfód so sínte —

Fód an doichill ’n-a luighe ’r do cholainn bhig, mo loma-sceimhleadh!

Dá mbeadh an codladh so i gCill na Dromad ort, nó i n-uaigh ’san Iarthar,

Mo bhrón do bhogfadh, cé gur mhór mo dhochar, is ní bheinn id’ dhiaidh air.

Is feoidhte caithte tá blátha scaipeadh ar do leabaidh chaoil-se;

Ba bhreágh iad tamall acht thréig a dtaitneamh, níl snas ’ná brígh ionnta;

Tá’n bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná d’fhásfaidh choidhche,

Ag dreogh’ sa talamh is go deo ní thacfaidh sé ag cur éirghe croidhe orm.

Och, a chumannaigh! nár mhór an scrupal é an t-uisge ’ot luasgadh —

Gan neart id’ chuisleannaibh ná éinne i ngoire dhuit do thabharfadh fuarthan;

Scéal níor tugadh chugam ar bhaoghal mo leinbh ’ná ar dhéine a chruadhtain.

Ó, ’s go raghainn go fonnamhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú ’fuasgailt (1906).

14 Agus leagan 1911:

Ochón, a Dhonnchadh! mo mhíle cogarthach fá’n bhfód so sínte,

Fód an doichill ’n-a luighe ar do cholainn bhig, mo loma-sgeimhleadh!

Dá mbeadh an codladh so i gCill an Dromad ort, nó i n-uaigh san Iarthar,

Mo bhrón do bhogfadh, cé gur mhór mo dhochar is ní bheinn id’ dhiaidh air!

Is feoidhte caithte tá blátha scaipeadh ar do leabaidh chaoil-se,

Ba bhreágh iad tamall acht thréig a dtaitneamh, níl snas ’ná brígh ionnta;

’S tá’n bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná d’fhásfaidh choidhche

Ag dreogh’ sa talamh is go deo ní thacfaidh sé ag cur éirghe croidhe orm.

Och, a chumannaigh! nár mhór an scrupal é an t-uisge ’ot luasgadh,

Gan neart id’ chuisleannaibh ná éinne i ngoire dhuit do thabharadh fuarthain;

Sgéal níor tugadh chugam ar bhaoghal mo leinbh ’ná ar dhéine a chruadhtain —

Ó, ’s go raghainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chum tú ’fhuasgailt (1911).

15 Sa leagan ar The Irish Review sa bhliain 1911, baineann an chéad véarsa eile, véarsa a ceathair sa leagan sin, le cruachás an fhile féin, agus é scoite amach ó mheidhir an phobail agus ón sólás a bhaineann sé as an nGaeilge ó tháinig broid bháis air. Seo mar atá sé sa dá leagan:

Tá an rae go dorca, ní fhéadaim codladh, do shéan gach sógh mé:

Garbh ’doilbh liom an Ghaedhilg oscailte — is olc an comhartha é —

Fuath liom sealad i gc’luadar carad, bíonn a ngreann ’om chiapadh,

Ó’n lá go bhfeaca-sa go tláth ar an ngainimh thú, níor gheal an ghrian dam (1906).

Tá an rae go dorcha, ní fhéadaim codladh, do shéan gach sógh mé:

Garbh doilbh liom an Ghaedhilg osgailte (is olc an comhartha é);

Fuath liom sealad i gc’luadar carad, bíonn a ngreann ’om chiapadh;

Ó’n lá go bhfaca-sa go tláth ar an ngainimh tú, níor gheal an ghrian dom (1911).

16 Ach tá véarsa eile ann sa bhunleagan a thagann roimh chuntas an fhile ar a chruachás pearsanta féin. Sa véarsa seo, atá ar lár i leagan 1911, tugtar spléachadh ar thimpeallacht an fhile agus feictear dúinn go bhfuil a chlann uile ina dlúthchuid dá scéal:

Chuir do bhás-sa Brighide, Pádraig 7 Seaghán ag caoidh-ghol;

Níor ghoill sé ar Dhiarmaid, níor tháinig ciall dó, ná’r Chaitlín bhig:

Brón ní háireamh go brón do mháthar, do thál go fuigheach ort,

’Sé’n osnadh chráidhte is ní oll-ghártha, tá ag fáscadh an chroidhe aici (1906).

17 Cuid suntais é go luaitear ainmneacha na bpáistí agus go dtugtar le fios nach ionann an éifeacht atá ag bás Dhonnchadh ar gach duine acu: briseann an gol ar an triúr is sine (Brighide, Pádraig agus Seaghán), cuireann an tragóid mearbhall ar Dhiarmaid, a bhí dhá bhliain d’aois i 1905 de réir na bhfoinsí daonáirimh (1910) a fhad is atá Caitlín, atá fós ina naíonán, dall ar fad ar an scéal léanmhar. Is í an mháthair is mó atá cloíte leis an mbrón, áfach. Má tá an t-athair féin croíbhriste, admhaíonn sé nach bhfuil a bhrón siúd inchurtha le brón na máthar, agus cuirtear béim ar an nasc fisiciúil idir an mac óg agus an mháthair a chothaigh é. Murab ionann agus na ‘holl-ghártha’ a ligeann an t-athair, a bhfuil sé de chumas ann a chuid péine a chur síos ar phár freisin, osna chiúin ‘chráite’ a dhéanann an mháthair agus tocht ar a croí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil brí níos doimhne ar fad ag baint leis an gceathrú véarsa sa leagan ó 1911 i bhfianaise an véarsa a thagann roimhe sa bhunleagan: ní hamháin go bhfuil an t-athair faoi mhéala de bharr bhás an mhic, ach is measa i bhfad a chruachás féin de bharr na fulaingthe a bhraitheann sé ar a bhean agus ar na páistí eile. Ina theannta sin, murab ionann agus an guth aonair atá á chur chun cinn ag an bPiarsach sa leagan a chuir seisean in eagar i 1911, tá níos mó ná scéal amháin á ríomh sa bhunleagan.

18 Baineann an chéad véarsa eile le cruachás an athar arís agus an fhís atá aige den pháiste ag impí air ó neamh gan géilleadh don imní. Coinníodh an véarsa sin ar The Irish Review i 1911:

Och mo mhairg! cad do dhéanfad feasta is an saoghal ’om shuathadh,

Gan do láimhín chailce mar leoithne i gcrannaibh ar mo mhalain ghruamdha,

Do bhéilín meala mar cheol na naingeal go binn im’ chluasaibh,

’Ghá rádh go cneasta liom, ‘mo ghraidhin m’athair bocht, ná bíodh buadhairt ort?’ (1906).

Och, mo mhairg! cad do dhéanfad feasta is an saoghal ’om shuathadh,

Gan do láimhín chailce mar leoithne i gcrannaibh ar mo mhalainn ghruamdha,

Do bhéilín meala mar cheol na n-aingeal go binn im’ chluasaibh

’Gá rádh go cneasta liom, ‘Mo ghraidhn m’athair bocht, ná bíodh buadhairt ort!’ (1911).

19 Ach is suntasach an rud é go luann an file comharthaí sóirt an teaghlaigh i véarsa a sé den bhunleagan agus, arís eile, go gcuirtear an ruaig ar an taobh pearsanta sin sa dara leagan ar The Irish Review. Sa véarsa seo, atá ar lár ó leagan 1911, tugann an file léargas ar shaintréithe an bhuachalla óig. Insítear dúinn gur gasúr ar leith a bhí i nDonnchadh a raibh críonnacht thar a aois aige agus a bhí ina cheannaire i gclós na scoile:

Ba léir a thuigsint mar ghréin ar chriostal, tháinig ciall roimh aois dó —

Níor bh’fhéidir clise air i mbréithribh binne i dteanga’ a shinsear —

Ar scoil do sheasaimh ar cheann a ranga b’é treoir gach buidhne é —

Acht chuaidh go hobann mar a bhfuil a chomhthrom de ghéire intinn (1906).

20 Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tagairt do Ghaeilge fhlúirseach an bhuachalla óig toisc gur tógadh Donnchadh le Gaeilge tráth nach raibh sé de nós ag cainteoirí dúchais a chuaigh go Meiriceá an teanga a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile (féach mar shampla McGowan 1994: 4) agus ba chúis mhór bhróid ag an Éigeartach gur éirigh lena chuid gasúr ar fad an teanga a shealbhú (féach Irish World 1899: 9; Ó Muimhneacháin 1935: 4). Arís eile, meabhraítear dúinn anseo go mbaineann an dán seo le teaghlach ar leith i Springfield, Massachusetts, ag tús an chéid seo caite.

21 Is é an véarsa deireanach a fágadh ar lár in The Irish Review ná an ceangal ag deireadh an dáin. Sa leagan ó 1911, críochnaíonn an dán le véarsa cumhachtach ina ndéanann an file Donnchadh a shamhlú le laoch atá ag déanamh gaisce ar son na hÉireann. Sa líne dheiridh den véarsa, gabhann an file leor lena chinniúint agus cuireann a thoil le toil Dé:

Ó mo chaithis é! Is beag do cheapas-sa, i dtráth mo dhóchais

Ná beadh an leanbh so ’n-a laoch mhear chalma i lár na fóirne —

A ghníomhartha gaisce is a smaointe meanman ar son na Fódhla —

Acht an Té do dhealbhuigh de cré ar an dtalamh sinn, ní mar sin d’órduigh (1906).

Ó mo chaithis é! Is beag do cheapas-sa, i dtráth mo dhóchais

Ná beadh an leanbh so ’n-a laoth mhear chalma i lár na fóirne,

A ghníomhartha gaisge is a smaointe meanman ar son na Fódla —

Acht an Té do dhealbhuigh de chré ar an talamh sinn, ní mar sin d’órduigh! (1911).

22 Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur mhian leis an bPiarsach go gcríochnódh an dán ar an dá nóta sin: is é sin an náisiúnachas laochúil a bhí an-ghar dá chroí féin, agus an tuiscint láidir Chríostaí go bhfuil an saol faoi stiúir thoil Dé. Ach ní mar a chéile atá an scéal i gceangal an bhunleagain. Tá teannas áirithe le brath os comhair thoil Dé sa cheangal agus tagann an ceangal salach, go pointe, ar an véarsa a chuaigh roimhe. In ainneoin go gcreideann an file go mbeidh a mhaicín i measc na n-aingeal agus gur ‘beannaithe an machnamh sin,’ mar sin féin, is suarach leis mar shólás é sin. Is ar nóta cloíte a chríochnaíonn an bunleagan agus an t-athair den tuiscint go mbeidh sé faoi bhrón go brách:

Codail, a Dhonnchadh, san úir go sámh;

Tá t’anam gan aon scamall air i gCúirt na nGrást;

Nach beannuighthe an machtnamh soin 7 fós a rádh

An chúis chathuighthe tá ar th’athair-se ní bhfuighir go bráth! (1906).

23 Is cinnte, mar sin, go bhfuil spallaí suntasacha de scéal an fhile ar lár, agus nach ionann an leagan den dán a foilsíodh i 1911 agus an bunleagan a cuireadh i gcló i 1906.

‘Ochón, a Dhonnchadh’: idé-eolaíocht agus eagarthóireacht

24 Is í an cheist atá le cur ag an tráth seo ná cad chuige a mbainfeadh an Piarsach a leithéid de véarsaí amach, agus iad lomlán de mhothúcháin láidre agus de thocht pearsanta? Tá meas mór ar chumas Mhic Phiarais mar eagarthóir agus, nuair a thug Kinsella faoin dán a aistriú, chloígh sé le Béarla an Phiarsaigh de bharr a cháiréisí is a bhí sé mar aistritheoir: ‘He is by far the most reliable of the twentieth-century translators of Irish poetry — the most respectful of his originals and the least interfering’ (1986: 186). I bhfianaise na n-athruithe a rinne sé sa chás seo, áfach, is cinnte gur chuir an Piarsach craiceann nua ar an dán. Níor mhiste cuimhneamh ar cad ba chúis leis na hathruithe a rinne Mac Piarais, agus céard a bhí ar a intinn aige nuair a rinne sé athleagan den dán a fhoilsiú sa bhliain 1911.

25 Faoin mbliain úd, bhí an Piarsach ina phríomhoide ar Scoil Éanna, a bunaíodh i 1908. Ach bhí sé fós ag plé leis an eagarthóireacht agus, nuair a bunaíodh The Irish Review, ba ar Mhac Piarais a thit cúram litríocht na Gaeilge. Iris liteartha mhíosúil a mhair idir 1911 agus 1914 ba ea The Irish Review, arna bhunú ag David Houston, James Stephens, Pádraic Colum, Mary Colum (née Maguire) agus Thomas MacDonagh (Bullock 2014: 181). Ba é an aidhm a bhí acu, mar a fhógraítear sa chéad eagrán, ná ‘to give expression to the intellectual movement in Ireland’ (1911: 1). D’fhoilsítí réimse leathan ábhair san iris, idir dhánta, scéalta agus aistí, agus intleachtóirí móra na linne ina mbun, George Moore, W.B. Yeats, James Connolly, Jack B. Yeats agus Hannah Sheehy Skeffington ina measc. Cé go ndeachaigh an iris leis an bpolaitíocht i ndiaidh do Joseph Plunkett í a cheannach i 1913, cúrsaí litríochta, eolaíochta, agus eacnamaíochta a bhí in uachtar inti nuair a cuireadh tús léi.

26 Dá bhrí sin, ní foláir nó gurbh é an rún a bhí ag an bPiarsach nuair a chuir sé na sraitheanna filíochta dátheangacha Dánta Gríosuighthe Gaedheal/Songs of the Irish Rebels agus Sliocht Duanaire Gaedhilge/Specimens from an Irish Anthology faoi bhráid na hirise ná aitheantas a thabhairt do litríocht na Gaeilge tríd an bhfóram ilghnéitheach seo agus, ina theannta sin, lucht léitheoireachta nua a mhealladh, go speisialta ó bhí aistriúcháin Bhéarla aige taobh leis na bunleaganacha Gaeilge. Bhí an Piarsach den tuairim nach raibh an t-aitheantas cuí faighte ag litríocht na Gaeilge agus bhí sé ar a dhícheall cur ina luí ar an bpobal go raibh an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha móra na hEorpa ó thaobh na litríochta de:

Irishmen are beginning to realize that they possess a language of their own, which, for antiquity, may vie with the languages of Homer and Virgil, and, for youthful vigour and literary capabilities, with the languages of Dante, Shakespeare, and Goethe (1898: 44–45).

27 Foilsíodh an tsraith ina míreanna idir Márta agus Lúnasa na bliana 1911, agus cuireadh an tsraith i gcló arís i 1918 sa leabhar Collected Works of Pádraic H. Pearse: Songs of the Irish rebels and Specimens from an Irish Anthology.

28 Bíodh is nach raibh aon fhaitíos ar an bPiarsach féachaint chun tosaigh agus múnlaí nua-aoiseacha de chuid na hEorpa a tharraingt chuige féin (O’Leary 1994: 108), toise ‘forásach’ dá smaointeoireacht, ba mhór an tábhacht a bhain le litríocht na cosmhuintire dó freisin. Le linn a thréimhse mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, d’fhoilsigh sé níos mó ná 300 amhrán tíre (Ní Ghairbhí 2008: 180–181), amhráin, dar leis, a bhí ‘spotless as the driven snow, like the souls and lives of those who sing them’ (1898: 44). Go deimhin, scríobh sé in eagarfhocal i 1906 gur mhithid don scríbhneoir dul i ngleic leis an traidisiún agus le litríocht na hEorpa araon má bhí sé le litríocht na Gaeilge a chur chun cinn: ‘Irish literature, if it is to live and grow, must get into contact on the one hand with its own past and on the other with the mind of contemporary Europe’ (1906b: 7). Bíodh is gur thug sé rabhadh do scríbhneoirí gan aithris a dhéanamh ar scéalta lucht na tuaithe agus ‘salachar na hothrainne’ a chaitheamh ar leataobh (1906a: 6), mar sin féin, shíl sé go raibh iarsmaí d’ardlitríocht na nGael faighte le hoidhreacht ag na bochtáin i gceantair iargúlta. Mar a shonraíonn sé sa léacht ‘Some Aspects of Irish Literature’: ‘the old man who croons above the Connacht hearthplace the songs he made in his youth is as definitely a descendant of the elders bards as a Tennyson is of a Chaucer’ (1913: 811).

29 Dá bhrí sin, is é is cás leis an bPiarsach in Sliocht Duanaire Gaedhilge ná léiriú do lucht litríocht an Bhéarla go raibh ardfhilíocht ag na daoine neamhoilte, bochta seo in iarthar na tíre. Mar a deir sé gan frapa gan taca ag tús na sraithe: ‘Is ionchurtha cuid de’n bhfilidheacht sin le filidheacht na rígh-fhile [sic], óir is minic féith na filidheachta i bhfear an bhréidín’ (Mac Piarais Márta 1911: 44). Ocht ndán san iomlán atá sa tsraith agus, cé is moite de ‘Ochón, a Dhonnchadh,’ is dánta iad a bailíodh ón mbéalaithris agus atá sa traidisiún béil i gcónaí: ‘Caoineadh Mhuire,’ ‘Marbhna Dhonnchadha Bháin,’ ‘Deirín Dé,’ ‘Nach Aoibhinn do na hEiníníbh,’ ‘Táid na Réalta ’n-a Seasamh,’ ‘Neilí Bhán’ agus ‘Domhnall Óg’. Sna nótaí mínithe, leagann Mac Piarais béim ar shaol simplí na ndaoine ar bhailigh sé na hamhráin uathu, agus ar an gceantar óna bhfuarthas iad. Insíonn sé dúinn go raibh ‘marbhna Dhonnchadha Bháin i mbéalaibh na sean-daoine i nÁrainn nuair do bhíos ann agus mé im’ mhacaoimh’ (Aibreán 1911: 90) agus go bhfuil an t-amhrán ‘Táid na Réalta ’n-a Seasamh’ le cloisteáil ‘ar fud na Gaeltachta’ (Meitheamh 1911: 192). Agus é ag leagan béime ar mhianach na filíochta atá i ‘bhfear an bhréidín,’ ní cás leis na hamhránaithe féin, óir is tíopanna neamhphearsanta idéalaithe iad i ndáiríre dó, rud atá níos follasaí sa réamhrá Béarla, b’fhéidir, áit a n-adhmholann sé ‘the unknown singers of the hamlets and hillsides’ [liomsa an bhéim] (Márta 1911: 45).

30 Ar an mbonn sin, shílfeadh duine go bhfuil dán Uí Éigeartaigh, dán a bhí nuachumtha agus a scríobhadh i Meiriceá, as alt sa tsraith seo, go speisialta ó leagann an Piarsach béim ar cé chomh hársa is atá na hamhráin agus gur samplaí iad ‘d’fhíor-fhilidheacht le béal-oideas na sean ar n-a canadh i n-allód nó ins na haoisibh deiridh seo le lucht tuaithe’ (Márta 1911: 44). Is dócha, áfach, go raibh sé i gceist ag an bPiarsach léiriú go raibh an traidisiún filíochta seo, a bhí á mholadh go hard na spéire aige, beo beathach i measc na cosmhuintire fós; go fiú i measc na n-imirceach. Bíodh is gur scríobhadh an dán i Meiriceá, is ar áit dúchais na dtuismitheoirí a leagann an Piarsach an bhéim sa nóta mínithe: ‘Tuigfear ó líne 3 gurab as Cúige Mumhan do’n athair agus gurab as Cúige Chonnacht do mháthair an leinbh’ (Bealtaine 1911: 140).

31 Thairis sin, toisc an dán a bheith ina chaoineadh, ba shampla don Phiarsach é den racht caointe neamh-chomhfhiosach a bhuaileadh an gnáthdhuine tuaithe nuair a théadh an saol dá mhaidí air, tréith, dar leis, a bhí ann leis na cianta cairbreacha. Mar a deir sé féin, ‘an attitude characteristic of Irish-speaking men in the days when they shaped the Táin is reproduced in the song in which an Irish peasant woman of to-day reproaches her lover or keens over her dead child’ (1913: 811). Ní nach ionadh, mar sin, go ndeir Mac Piarais sa nóta mínithe gurbh amhlaidh an scéal é i gcás Uí Éigeartaigh: ‘Mac múirneach leis do báthadh i n-aois a shé bliadhan gur ghabh cumha an t-athair bocht gur chum sé an caoineadh so’ [liomsa an bhéim] (Bealtaine 1911: 140). Is beag nach gcuirtear in iúl nach raibh aon neart ag an bhfile air, agus gur shleamhnaigh an caoineadh uaidh dá bhuíochas mar gheall ar cé chomh cráite is a bhí sé. Mar a shonraíonn an Piarsach, ní raibh aon oideachas ar na filí seo, ach is beag nach buntáiste é sin, óir ‘their songs come straight from the soul: they are the simple, artless, poetic, outpourings of the souls of a simple, artless, poetic people’ (1898: 44).

32 Díol spéise é go bhfuil macallaí den choincheap sin le haithint ar léirmheastóireacht na linne seo ar an dán. Deir Kinsella go raibh Ó hÉigeartaigh ar an duine deireanach a scríobh dán den chinéal seo go neamh-chomhfhiosach, nó ‘unselfconsciously’ (1986: 186), agus dar le Titley, ‘His torn grief found expression in a poem of simplicity and horror which seemed to be ripped both from the tradition and from his soul’ (2011: 191). Cé go bhféadfaí a mhaíomh gur scríobhadh an dán ‘de gheit,’ le tarraingt ar fhoclaíocht Sheáin Uí Ríordáin (Ó Coileáin 1982: 176) agus, go deimhin, go bhfuil fianaise ann gur scríobh an tÉigeartach an dán le linn sheachtain na timpiste féin (Aiken 2015: 31), ina dhiaidh sin féin, má leagtar an bhéim ar fad ar an mbuille tochta seo a fuair an ceann ab fhearr air, tá baol ann go ndéanfaí beag is fiú de cheird agus de chumas an fhile.

33 Is spéisiúil an ní é, dá bhrí sin, go luann Seán Ó Súilleabháin caoineadh Uí Éigeartaigh in éineacht le ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ mar shampla den chaoineadh liteartha óir, dar leis, ba é an friotal, seachas na mothúcháin, an chloch ba mhó ar phaidrín an fhile:

While it cannot be said that the poets who composed such literary laments were lacking in a deep feeling of sorrow still it must be remembered that, in most of them, the first intention of the poet was to express his thoughts in beautiful language, according to the traditional mode, rather than to show his deep personal loss (Ó Suilleabháin 1997: 34).

34 Tagann ceist chumas an fhile aníos sna díolaimí filíochta freisin, agus tugtar le fios i gcuid acu gur fhoghlaim Ó hÉigeartaigh scríobh na Gaeilge ó leabhar a cheannaigh sé i siopa dara láimhe i Meiriceá, rud a thabharfadh le fios, b’fhéidir, go raibh an teanga caite i dtraipisí ag an bpobal agus gur éirigh leis an bhfile an Ghaeilge a sciobadh ó arraingeacha an bháis (féach McMahon agus O’Donoghue 1992: 249; Brady 1985: 352–353). Áitíonn O’Toole nach léiriú ar leanúnachas an traidisiúin é ‘Ochón, a Dhonnchadh’ ar chor ar bith, agus dar leis gur tháinig ann don chaoineadh mar gheall ar an mbriseadh a bhí ag an bhfile lena dhúchas:

he wasn’t the inheritor of an immemorial tradition of Gaelic culture. He learned to read and write Irish from a book of poems he picked up in the States. His poem for his dead son, this lament for the little American boy buried in St Michael’s cemetery in Springfield came, not out of a rich past but out of an emigrant’s need for something to take with him into an unknown future in a foreign land. It was made possible, not by continuity, but by displacement (O’Toole 1997: 119–120).

35 Ach róshimpliú ar an scéal is ea é gur ó leabhar filíochta ar tháinig sé air sna Stáit a d’fhoghlaim an tÉigeartach scríobh na Gaeilge. Cainteoir dúchais ba ea Ó hÉigeartaigh agus ba bheag Béarla a bhí aige roimh dó aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá. Mar a luann sé i gcuntas a scríobh sé féin, tháinig fonn mór air eolas a chur ar an nGaeilge nuair a bhí sé sna fir, agus rith sé le duine dá mhuintir in Uíbh Ráthach cóip de The Poets and Poetry of Munster a chur chuige sa phost. Níor mhiste breathnú ar an méid seo a deir Ó hÉigeartaigh féin faoin gcaoi ar chabhraigh a oidhreacht liteartha agus chultúir leis teacht isteach ar léamh agus scríobh na Gaeilge:

B’iontach mar leabhar agam é sin, mar bhí cuid mhaith de na hamhráin a bhí ansúd de ghlan-mheabhair agam féin óm athair agus ó chomharsain eile ón seana-bhaile a bhí inár bhfochair thall, i gcás nárbh fhada dhom ag gabháil dóibh gur fhoghlamaíos an léitheoireacht uathu… Tamall éigin ina dhiaidh san chuir duine éigin eile ‘Headline Copy’ Gaeilge chugam, agus is uaidh sin d’fhoghlamaíos i gceart conas an Ghaeilge a scríobh (Ó Muimhneacháin).

36 Cuid suntais é sa sliocht thuas go dtagraíonn Ó hÉigeartaigh do na hamhráin a bhí aige ó na comharsana; is é sin, go raibh sé fós tumtha i gcultúr béil na Gaeilge fiú agus é i Meiriceá. Ach, ina cheann sin, ní mór cuimhneamh gur scoláire díograiseach agus léitheoir amplach ba ea Ó hÉigeartaigh. Bhíodh sé seasta ag cur lena cheird le linn a shaoil agus bhí teagmháil rialta aige le hathbheochanóirí eile a bhí ag saothrú ar son na teanga sna Stáit agus in Éirinn (féach Aiken 2015: 48–59, 80–84). Is cinnte, dá bhrí sin, go bhfuil ceist shealbhú na litearthachta níos casta ná mar atá curtha in iúl agus go bhfuil an t-aitheantas sin dlite dó.

37 Ach ag filleadh ar dhearcadh an Phiarsaigh, ní hamháin gur fheil an dán seo é de bharr go gcaitheann sé solas ar mhianach filíochta na cosmhuintire agus iad faoi bhrú mór mothaithe, ach baineann an dán le téama a bhí an-ghar do chroí an Phiarsaigh féin. As na hocht ndán atá sa tsraith ‘Sliocht Duanaire Gaedhilge’ baineann trí cinn acu le bás duine óig: ‘Caoineadh Mhuire,’ ‘Marbhna Dhonnchadh Bháin,’ agus ‘Ochón, a Dhonnchadh’. Mar atá pléite ag Ciarán Ó Coigligh, tá filíocht an Phiarsaigh féin lán le híomhánna den pháiste íon (1981: 72). Go deimhin féin, tá cosúlachtaí áirithe ann idir an dán a chum an Piarsach féin, ‘Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mic,’ agus ‘Ochón, a Dhonnchadh,’ agus d’fhéadfadh sé gur thug dán Uí Éigeartaigh spreagadh don Phiarsach lena chaoineadh siúd a scríobh (Ó Coigligh 1981: 72).

38 Ach is léir go raibh an Piarsach faoi anáil filí Eorpacha freisin agus go háirithe an chaoi a ndeachaigh siad i ngleic le téama an pháiste mhairbh. I 1912, léirigh sé a ghean ar dhán Uí Éigeartaigh arís:

That elegy is in line with the great elegies of the early Irish literature; and I would place it with a poem in Roden Noel’s ‘Little Child’s Monument,’ and with [Robert] Bridges’ ‘Lines on a Dead Child’ as the three modern poems of my acquaintance which most exquisitely associate the pity of death with the beauty of childhood (1913: 820).

39 Is fiú a rá go bhfuil na páistí sa dá dhán thuasluaite gan ainm. I ndán Robert Bridges, caoineann an file an ‘Perfect little body, without fault or stain on thee / With promise of strength and manhood full and fair’ (Bridges 1953: 267), ach ní thugtar ainm an pháiste ná aon sonraí faoin gcaoi ar bhásaigh sé. Is amhlaidh an scéal é i ndán Noel, ina bhfuil ‘O my little child!’ mar athrá ann (Noel 1881: 1–2). Dá bhrí sin, seasann na páistí neamhphearsanta úd do gach aon leanbh a cailleadh go hanabaí agus is léir ón teideal a bhaist an Piarsach ar a aistriúchán Béarla den dán gur mhór aige an ghné uilíoch sin den bhrón. Bíodh is gur thug sé ‘Ochón, a Dhonnchadh’ ar an leagan Gaeilge den dán i 1911, d’fhág sé ainm an pháiste ar lár sa teideal Béarla, ‘A Father Keens his Drowned Child’. Is spéisiúil mar a cloíodh leis an nós céanna agus gurb é an teideal Gaeilge a thug Éamonn Cuirtéis ar an dán i 1920 ná ‘An Leanbh Báidhte’ (1920: 47). Feictear gur cuireadh scéal pearsanta an fhile, agus scéal Dhonnchadh, i bhfolach de réir a chéile.

40 Cé go ndearna an Piarsach an caoineadh seo a nascadh le nuafhilíocht na hEorpa, mar sin féin ní foláir nó gurb é an phríomhaidhm a bhí aige agus ‘Ochón, a Dhonnchadh’ á chur in eagar ná an ghné thraidisiúnta den dán a threisiú agus tabhairt le fios go raibh filíocht na cosmhuintire ar comhchéim le hardfhilíocht na hEorpa. Agus má tá mianach na filíochta i ‘bhfear an bhréidín,’ is fearr gan an duine sin a bheith aitheanta, óir is tíopa ionadaíoch atá ag teastáil ón bPiarsach le béim a chur ar shárchumas filíochta na mbochtán agus iad faoi bhró mhuilinn an tsaoil. Dar ndóigh, is tréith de chuid an traidisiúin é ainm dílis a bheith luaite, agus tá tábhacht ar leith le hainmniú na marbh i gcaointeoireacht na Gaeilge (féach O Riordan 2016: 33). Ach in ainneoin gur cuireadh ainmneacha na bpáistí faoi chois, is suntasach an rud é go bhfuil O Riordan den tuairim go bhfuil an leagan is cáiliúla den chaoineadh ar an dán sa nualitríocht is mó ‘a thugann leis blas an ghairmigh’ (2016: 72). Féach an méid a deir O Riordan faoin gcaoi a mothaíonn an léitheoir dlúthcheangal leis an bpáiste:

Ní haon Donncha é seo, ach an Donncha so againne, gur chóra dó a chur inár gceantar dúchais, Cill na Dromad. Caoineadh ar an té a maraíodh, agus caoineadh na himirce atá sa mharbhna, agus is treisede an dá lua a chéile in aondán (2016: 72).

41 Léiriú binn é léamh O Riordan ar an dán ar an gcaoi ar éirigh le heagarthóireacht Mhic Phiarais a chuid spriocanna a bhaint amach. Ar deireadh, ní bhaineann an leagan ó 1911 leis an tragóid a bhain do mhuintir Éigeartaigh i Springfield; ina ionad sin, caoineadh uilíoch a chuirtear os ár gcomhair inar fusa don léitheoir é féin a chur i gcraiceann an reacaire. Féach freisin go bhfuil sé ar fáil i leabhar féinchabhrach Melissa Dalton-Bradford, On Loss and Living Onward: Collected Voices for the Grieving and Those Who Would Mourn with Them (2014), agus an t-athair ina ábhar comhbhróin do dhaoine eile atá ag fulaingt i ndiaidh duine muinteartha leo a chailleadh.

42 Is i léacht a thug sé don National Literary Society i 1912 atá an tagairt dheireanach a rinne an Piarsach do chaoineadh Uí Éigeartaigh. D’fhéadfaí a rá go bhfuil gaisneas á bhaint ag Mac Piarais as an gcaoineadh le nasc a shamhlú idir ardlitríocht an tseachtú agus an ochtú haois déag agus litríocht na cosmhuintire:

The aisling and the caoineadh — the vision and the elegy are the forms in which the dead conventions are most persistent and most wearisome. But what noble vision poetry early Irish literature had produced! And how reserved, how sincere, how true and right, how free from false sentiment are such early elegies as — I will not take the supreme ones, those of Deirdre and Crede — but the Dirge of Congall Claen in the Book of the Dean of Lismore, or that of Gormley for Niall Glundubh, or those of Mac Liag and Mac Giolla Caoimh for Brian Bóroimhe, or the later elegy on the Irish princes dead at Rome. In these poems there is no conventional machinery, no repetition of outworn symbols. And one finds the same characteristics, the same rightness and sincerity, in elegies made by peasant men and women for their dead lovers or their dead children. Let me quote one at length, a very recent one, made in America by a poet still living for a child of his that was drowned (1913: 819).

43 Cé go dtugann an Piarsach an leagan Béarla ar fad den dán lena phointe a chur abhaile, ní luann sé ainm an fhile ar chor ar bith sa chaint. Cor eile sa scéal is ea gur dócha go raibh aithne mhaith ag an bPiarsach ar Ó hÉigeartaigh agus gur thuig sé féin nach ‘simple artless person’ ná ‘fear bréidín’ a bhí ann. Léiríonn an tuairisc ar bhás Dhonnchadh ar The Kerryman go raibh Pádraig Ó hÉigeartaigh ina lán béil ag muintir na Gaeilge in Éirinn fiú sular scríobh sé an caoineadh cáiliúil: ‘Mr Hegarty is one of the most prominent Gaelic Leaguers in America and his name is familiar to every member of the language movement’ (The Kerryman 1905: 9). Go deimhin, nuair a bhí Dubhghlas de hÍde i Meiriceá i 1905/1906, chaith sé seal le muintir Éigeartaigh agus chuaigh Gaeilge líofa na bpáistí go mór i bhfeidhm air. Le linn na camchuairte sin ar na Stáit Aontaithe, thaistil de hÍde ó cheann ceann na tíre agus thug cuairt ar mhórchathracha Éireannacha uile na Stát, ach deir sé in Mo Thurus go hAmerice gurb é Ó hÉigeartaigh ‘an Gaedhal is fearr dár casadh orm i n-aon áit’ (1937: 27). Ina theannta sin, níorbh annamh leis an Éigeartach litreacha a scríobh chuig An Claidheamh Soluis agus, go deimhin, is é a scríobhadh an colún seachtainiúil ‘Ó’n Domhan Thiar’ do An Claidheamh Soluis i 1908 nuair a bhí Mac Piarais ina eagarthóir ar an iris. Bhí iarracht ar leith ar siúl ag an bPiarsach an uair sin borradh a chur faoi ghné idirnáisiúnta an nuachtáin athuair (féach Uí Chollatáin 2004: Aguisín 37), agus cá bhfios nárbh é an Piarsach féin a thug cuireadh don Éigeartach tabhairt faoin gcolún Meiriceánach. Ní foláir ná gur chas Ó hÉigeartaigh agus Mac Piarais le chéile i 1914 freisin nuair a thug an Piarsach léacht uaidh i Springfield (Independent 1914: 3).

44 Dar ndóigh, eagarthóir scrupallach a bhí sa Phiarsach agus ghearr sé siar ar dhánta dá chuid féin freisin: fágadh dhá véarsa ar lár ón gcéadleagan de ‘Mise Éire’ (Mac Piarais 1912) a cuireadh ar fáil ina chnuasach Suantraidhe agus Goltraidhe i 1914. Ach is cinnte go raibh aidhmeanna agus luachanna faoi leith ar intinn aige agus an dán seo le Pádraig Ó hÉigeartaigh á chur in eagar aige. Níl amhras ar bith ann ach gur thug Pádraig Mac Piarais ardán don dán seo, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an dán ligthe i ndearmad ar fad mura mbeadh an Piarsach tar éis an cúram a thógáil air féin an dán a chur faoi bhráid an phobail. Ach ar deireadh, níl sa leagan is coitianta den dán ‘Ochón, a Dhonnchadh’ ach cuid bheag den scéal, agus is baolach go bhfuil an léirmheastóireacht ar fad atá déanta ar dhán Uí Éigeartaigh go dtí seo bunaithe ar leagan de a ndearnadh eagarthóireacht shuntasach air.

Conclúid

45 Tá aistear fada déanta ag an gcaoineadh seo, más ea, ón gcéad fhoilsiú ar An Claidheamh Soluis i 1906 ina raibh comharthaí sóirt na muintire chun cinn, go dtí an leagan a ndearnadh eagarthóireacht air do The Irish Review i 1911 agus a foilsíodh taobh leis an aistriúchán Béarla, ‘A Father Keens his Drowned Child,’ go dtí gur foilsíodh faoin teideal ‘An Leanbh Báidhte’ é (Cuirtéis 1920: 47–48). Le linn an turais sin, cuireadh scéal pearsanta an fhile, agus scéal a chlainne, faoi chois diaidh ar ndiaidh, agus ní foláir nó go raibh éifeacht aige sin ar an aitheantas a tugadh don fhile ina dhiaidh sin. Mar a mhíníonn Aindrias Ó Muimhneacháin i litir a chuir sé chuig Scéala Éireann i 1936 agus an tÉigeartach ar shlí na fírinne le cúpla mí: ‘Do shamhluigheadh dom gur mór go léir an truagh ná raibh níos mó ina thaobh ar na páipéiribh nuair a cailleadh é beagán thar mí ó shoin, mar go raibh san tuillte aige’ (1936). Ach mar bharr ar an donas, tá fianaise ann nár aontaigh an file féin leis na hathruithe a rinne an Piarsach. I litir phearsanta chuig Ó Muimhneacháin ar an 17 Deireadh Fómhair 1935, tagraíonn Ó hÉigeartaigh don leagan den dán a foilsíodh ar Scéala Éireann ar an 9 Meán Fómhair 1935 agus luann go bhfuil ‘dhá rann agus an Ceangal in easnamh air’ (Ó Muimhneacháin). Is léir, dá bhrí sin, nár bheag le hÓ hÉigeartaigh a shéala féin a bheith ar an leagan clóite. Seans go bhfuil sé de dhualgas orainn anois mianta sin an fhile agus scéal a bheatha a chur san áireamh más mian linn an saothar ríphearsanta seo a thuiscint i gceart.

Saothair a ceadaíodh

Eagráin den dán*

Ó hÉigearta, P. (1906a) ‘Caoineadh’. In: An Claidheamh Soluis, 7 Aibreán 1906: 5–6.

Ó hÉigearta, P. (1906b) ‘Caoineadh’. In: Gaelic American, 12 Bealtaine 1906: 6.

Ó hÉigearta, P. (1906c) ‘Caoineadh’. In: The Kerryman, 8 Meitheamh 1906: 5.

Ó hÉigeartaigh, P. (1911) ‘Ochón, a Dhonnchadh’; ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: The Irish Review 1 (3): 138–141.

Gan ainm. (1913) ‘Ochón, O Donough!...’ Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Mac Piarais, P. ‘Some Aspects of Irish Literature’. In: Studies: An Irish Quarterly Review 2 (5): 810–822.

Ó hÉigeartaigh, P. (1918) ‘Ochón, a Dhonnchadh’; ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Mac Piarais, P. Collected Works of Pádraic H. Pearse: Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Dublin: Maunsel and Company: 102–107.

Gan ainm. (1919) ‘Ochón, O Donough!...’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: O’Farrell, W. G. An Appreciation of Pádraic H. Pearse. New York: C. F. Connolly: 33–35.

Gan ainm. (1919) ‘Ochón, O Donough!...’ Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: America 21: 481.

Ó hÉigeartaigh, P. (1920) ‘An Leanbh Báidhte’. In: Cuirtéis, E. (eag.) Cuisle na hÉigse: cnuasacht dán do ceapadh le n-ár linn féin. Baile Átha Cliath: M. Lester: 47–48.

Ó hÉigeartaigh, P. (1924) ‘Ochón, a Dhonnchadh’; ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Mac Piarais, P. Collected Works of Pádraic H. Pearse: Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology: Some Aspects of Irish Literature: Three Lectures on Gaelic Topics. Dublin/Cork/Belfast: The Phoenix Publishing Co.: 102–107.

Ó hÉigeartaigh, P. (1935) ‘Ochón! a Dhonnchadh…’ In: Ó Briain, L. ‘Dán Nár Sáruigheadh’. In: Scéala Éireann, 9 Meán Fómhair 1935: 4.

Ó hÉigeartaigh, P. (1936) ‘An Leanbh Báidhte’. In: Ó Súilleabháin, P. (eag.) 150 de dhuanta Gaedhilge. Baile Átha Cliath: Brún agus Ó Nualláin: 79.

Ó hÉigeartaigh, P. (1939) ‘An Leanbh Báidhte’. In: Ó Canainn, P. agus Ó Deaghdha, S. (eag.) Filidheacht na nGaedheal. Baile Átha Cliath: Press Náisiúnta: 283–284.

Ó hÉigeartaigh, P. (1974) ‘Ochón! a Dhonncha/An leanbh báite’. In: Ó Conaire, B. Éigse: Duanaire Nua na hArdteistiméireachta. Baile Átha Cliath: Mac Goill agus Macmillan 336–337.

Ó hÉigeartaigh, P. (1979) ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Ó Buachalla, S. (eag.) The Literary Writings of Patrick Pearse: Writings in English. Dublin/Cork: Mercier Press: 47–48.

Ó hÉigeartaigh, P. (1982) ‘Ochón! A Dhonncha’; ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Kinsella, T. ‘Another country...’ In: Mac Réamoinn, S. (eag.) The Pleasures of Gaelic Poetry. London: Allen Lane: 187–188.

Ó hÉigeartaigh, P. (1981, 1985, 1990, 1994, 2002) ‘Ochón! a Dhonncha’; ‘My sorrow, Donncha’. Aistrithe ag Kinsella, T. In: Kinsella, T. agus Ó Tuama, S. (eag.) Duanaire, 1600-1900: Poems of the Dispossessed. Port Laoise: Dolmen Press: 260–263.

Ó hÉigeartaigh, P. (1986) ‘An Leanbh Báite.’ In: Ó Coigligh, C. (eag.) Cuisle na hÉigse: cnuasacht dán do ceapadh lenár linn féin. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta: 48–49.

Ó hÉigeartaigh, P. (1986) ‘My sorrow, Donncha’. Aistrithe ag Kinsella, T. In: Kinsella, T. (eag.) The New Oxford Book of Irish Verse. Oxford: Oxford University Press 1986: 316–317.

Ó hÉigeartaigh, P. (1991) ‘Ochón! a Dhonncha’. In: Ó Tuama, S. agus de Paor, L. (eag.) Coiscéim na hAoise Seo. Baile Átha Cliath: Coiscéim 1991: 1–2.

Ó hÉigeartaigh, P. (1992) ‘Ochón! A Dhonncha’; ‘Lament for Donncha’. Aistrithe ag Dunne, S. In: McMahon, S. agus O’Donoghue, J. (eag.) Taisce duan: a treasury of Irish poems with translations in English. Dublin: Poolbeg Press: 156–159.

Gan ainm. (1997) ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Dunne, S. agus O’Brien, G. (eag.) The Ireland Anthology. Dublin: Gill & Macmillan: 429–430.

Ó hÉigeartaigh, P. (2000) ‘Ochón! A Dhonncha’. In: Ó Dúill, G. (eag.) Fearann pinn: filíocht 1900-1999. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 6–7.

Ó hÉigeartaigh, P. (2000) ‘Ochón! A Dhonncha’. In: Denvir, G. (eag.) Duanaire an chéid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta: 181–182.

Ó hÉigeartaigh, P. (2000) ‘Ochón! A Dhonncha’. In: Fitzmaurice, G. (eag.) The Kerry anthology. Dublin: Marino: 110.

Ó hÉigeartaigh, P. (2001) ‘Ochón! A Dhonncha’. In: Nic Eoin, M. (eag.) Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh. Baile Átha Cliath: Cois Life: 53–54.

Ó hÉigeartaigh, P. (2002) ‘Ochón! a Dhonncha’; ‘Lament for Donncha’. Aistrithe ag Mhac an tSaoi, M. In: Mhac an tSaoi, M. The Sunday Independent, 7 Aibreán 2002: 12.

Gan ainm. (2003) ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Gardiner, D. (eag.) The Maunsel Poets, 1905–1926. Oxford: Maunsel & Co: 195–196.

Ó hÉigeartaigh, P. (2007) ‘Ochón! A Dhonncha’; ‘My Sorrow, Donncha’. Aistrithe ag Kinsella, T. In: Tobin, D. (eag.) The book of Irish American poetry: from the eighteenth century to the present. Notre Dame, IN: University of Notre Dame Press: 68–71.

Ó hÉigeartaigh, P. (2014) ‘My sorrow, Donncha’. Aistrithe ag Kinsella, T. In: Dalton-Bradford, M. (2014) On Loss and Living Onward: Collected Voices for the Grieving and Those Who Would Mourn with Them. Sanger, CA: Familius [leagan Kindle]: 1775–1794.

Ó hÉigeartaigh, P. (2016) ‘Ochón, A Dhonncha’; ‘My sorrow, Donncha’. Aistrithe ag Kinsella, T. In: de Paor, L. (eag.) Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 30–31.

* Cé go ndearna údar an ailt seo cuardach cuimsitheach, níor ghá go mbeadh gach uile eagrán den dán a foilsíodh riamh i gceist anseo agus d’fháilteodh sí roimh thagairtí breise. Ní dhearnadh aon iarracht eagráin den dán a foilsíodh agus a athfhoilsíodh i dtéacsleabhair scoile a chuardach.

Ábhar cartlainne

Baile Átha Cliath

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ó Muimhneacháin, A. (gan dáta) ‘Pádraig Ó hÉigeartaigh: File, Gael agus Deoraí’: LNÉ MS G 1,326 /11, I.ix.

Cartlann UCD

De Valera, É. (1919) Páipéir Éamoin De Valera. 23 Meitheamh-19 Meán Fómhair 1919. ‘Messages of welcome and invitations to de Valera to visit Springfield, Massachusetts from Padhraig Ó hÉigeartaigh and Conor O’Grady’: UCDA P150/745.

Foinsí ar líne

Daonáireamh Springfield, Massachusetts, 1910. Ar fáil ag: www.censusrecords.com [faighte 12 Feabhra 2015].

Mhic Gearailt, P. (1977) ‘Aithriseoireacht – An Leanbh Báite’. In: Cartlann Bhóthar na Léinsí, Raidió na Gaeltachta. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!type=doPlayThis%26rii=0%3A2663208%3A0%3A%3A%26detail [faighte 12 Feabhra 2015].

Ábhar critice agus tagartha

Aiken, S. (2015) Pádraig Ó hÉigeartaigh: File, Gael agus Deoraí Springfield, Mass. Tráchtas M.A., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Brady, A. M. agus Brian C. (eag.) (1985) A Biographical Dictionary of Irish Writers. Dublin: The Lilliput Press.

Breathnach D. agus Ní Mhurchú, M. (gan dáta) ‘Pádraig Ó hÉigeartaigh’. Ar fáil ag: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=342 [faighte 12 Aibreán 2015].

Bridges, R. (1953) Poetical Works of Robert Bridges. Oxford: Oxford University Press.

Bullock, K. (2014) ‘From Revival to Revolution: Thomas MacDonagh and the Irish Review’. In: Steele, K. agus de Nie, M. (eag.) Ireland and the New Journalism. New York: Palgrave Macmillan: 181–203. DOI: http://dx.doi.org/10.1057/9781137428714_10.

Caerwyn Williams, J. E. agus Ní Mhuiríosa, M. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

De hÍde, D. (1937) Mo thurus go hAmerice: nó imeasg na nGaedheal ins an oileán úr. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Irish World. (1899) ‘Our Gaelic World’. In: Irish World, 14 Eanáir 1899: 9.

Kinsella, T. (1982) ‘Another Country…’ In: Mac Réamoinn, S. The Pleasures of Gaelic Poetry. London: Allen Lane: 178–188.

Kinsella, T. (eag.) (1992) The New Oxford Book of Irish Verse. Oxford: Oxford University Press.

Kinsella, T. (2009) Prose Occasions: 1951–2006. Manchester: Carcanet.

Mac Giolla Léith, C. (1991/92) ‘Reviewed Works: Coiscéim na hAoise Seo by Seán Ó Tuama, Louis de Paor (eds) An Crann Faoi Bhláth: The Flowering Tree by Declan Kiberd, Gabriel Fitzmaurice; Pharaoh’s Daughter by Nuala Ní Dhomhnaill’. In: The Irish Review 11: 127–133.

McGowan, L. (1994) ‘The Irish language in America’. In: Ihde, T. (eag.) The Irish language in the United States: a historical, sociolinguistic, and applied linguistic survey. Westport, Connecticut: Bergin & Garvey: 1994: 3–7.

Mac Piarais, P. (1898) ‘The Folk Songs of Ireland’. In: Three lectures on Gaelic topics. Baile Átha Cliath: M. H. Gill: 32–45.

Mac Piarais, P. (1906a) ‘Nua-Litridheacht’. In: An Claidheamh Soluis, 19 Bealtaine 1906: 6.

Mac Piarais, P. (1906b) ‘About Literature’. In: An Claidheamh Soluis, 26 Bealtaine 1906: 6–7.

Mac Piarais, P. (1911) ‘Sliocht Duanaire Gaedhilge/Specimens from an Irish Anthology’. In: The Irish Review 1 (1): 44–47; 1 (2): 88–91; 1 (3): 139–141; 1 (4): 190–193; 1 (6): 296–299.

Mac Piarais, P. (1912) ‘Mise Éire’. In: An Barr Buadh, 30 Márta 1912.

Mac Piarais, P. (1913) ‘Some Aspects of Irish Literature’. In: Studies: An Irish Quarterly Review 2 (5): 810–822.

Mac Piarais, P. (1914) Suantraidhe agus Goltraidhe. Baile Átha Cliath: Irish Review.

McMahon, S. agus O’Donoghue, J. (eag.) (2006) Brewer’s Dictionary of Irish Phrase & Fable. Edinburgh: Chambers Harrap.

Mhac an tSaoi, M. (2002) ‘Lament for Donncha’. In: Sunday Independent, 7 Aibreán 2002: 12.

Ní Ghairbhí, R. (2008) ‘A People That Did Not Exist?: Reflections on Some Sources and Contexts for Patrick Pearse’s Militant Nationalism’. In: O’Donnell, R. (eag.) The Impact of the 1916 Rising: Among the Nations. Dublin: Irish Academic Press: 161–186.

Nic Eoin, M. (2001) (eag.) Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Noel, R. (1881) A Little Child’s Monument. London: C. Kegan Paul.

Ó Briain, L. (1935) ‘Dán Nár Sáruigheadh’. In: Scéala Éireann, 9 Meán Fómhair 1935: 4.

Ó Coigligh, C. (1981) Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Coileáin, S. (1982) Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Droighneáin, M. (1936) Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Ó hÉigeartaigh, P. (1935) ‘Gan Gaedhilg Ní Saor Sibh’. In: Ó Muimhneacháin, A. ‘Pádraig Ó hÉigeartaigh: Fír-fhile Gaedhealach ar Deoraidheacht’. In: An Gaedheal, Nollaig 1935: 15.

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press.

Ó Muimhneacháin, A. (1935) ‘An Gaedheal-Chine i nAimerice’. In: Scéala Éireann, 4 Meán Fómhair 1935: 4.

Ó Muimhneacháin, A. (1936) ‘ “Dán nár sáruigheadh” — bás an ughdair’. In: Scéala Éireann, 17 Aibreán 1936.

O Riordan, M. (2016) Múinídh dom glao. Indreabhán: Leabhar Breac.

Ó Súilleabháin, S. (1997) Irish Wake Amusements. Corcaigh: Mercier Press.

O’Toole, F. (1997) The Ex-isle of Erin. Baile Átha Cliath: New Island Books.

Ó Tuama, S. agus De Paor, L. (eag.) (1991) Coiscéim na hAoise Seo. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Tuama, S. (1992) ‘Ómós Áite: a rian ar scríbhneoirí in Éirinn’. In: Comhar 51 (5): 176–185. DOI: http://dx.doi.org/10.2307/25571788.

The Kerryman (1905) ‘The American Letter’. In: The Kerryman, 30 Meán Fómhair 1905: 9.

The Springfield Republican (1905) Gan teideal. In: The Springfield Republican, 24 Lúnasa 1905: 8.

The Irish Independent (1914) ‘Ireland’s Commercial Isolation’. In: The Irish Independent, 25 Bealtaine 1914: 3.

Titley, A. (2011) Nailing Theses: Selected Essays. Belfast: Lagan Press.

Uí Chollatáin, R. (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899–1932. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626