Treoracha scríbhneoireachta

Is féidir Treoracha Scríbhneoireachta COMHARTaighde, lena n-áirítear stíl tí na ríomhirise, a léamh anseo nó iad a íoslódáil mar PDF ón nasc thíos. Moltar breathnú ar an eolas maidir le cúlra agus polasaithe na ríomhirise atá ar fáil ar an suíomh freisin.

Íoslódáil na Treoracha Scríbhneoireachta

COMHARTaighde: Stíl Tí

Ailt agus achoimrí a chur isteach

  • Ní mór na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil le gach iarratas: 
    • leathanach teidil;
    • an t-alt féin;
    • achoimre ar an alt;
    • nóta beathaisnéise; agus
    • achoimre ar an alt i mBéarla
  • Bíodh ainm an údair, an institiúid lena mbaineann sé/sí agus teideal an ailt ar an leathanach teidil (muna mbíonn ceangal institiúideach i gceist, téigh i gcomhairle le heagarthóirí na hirise).
  • Ná luaitear ainm an údair san alt féin ná san achoimre.
  • Cuirtear teideal an ailt ar bharr an ailt féin i gcló trom. Ná cuirtear an teideal idir uaschamóga.
  • Cuirtear teideal an ailt ar bharr na hachoimre i gcló trom freisin.

Líon na bhfocal

  • Glactar le hailt go hiondúil ina bhfuil 5000-6000 focal, leabharliosta san áireamh, ach ní níos faide ná 8,000 focal. Is féidir dul i dteagmháil leis na heagarthóirí má bhíonn alt níos faide ná sin i gceist.
  • Bíodh 250-400 focal san achoimre.

Córas tagartha agus athfhriotail

  • Úsáidtear córas tagartha Harvard. Féach thíos le haghaidh treoracha maidir le tagairtí inmheánacha a dhéanamh agus leabharliosta a chur le chéile.
  • Seachnaítear fonótaí.
  • Coinnítear sleachta athfhriotail atá níos lú ná 40 focal i gcorp an téacs.
  • Tosaítear alt nua eangaithe nuair atá níos mó ná 40 focal sa sliocht athfhriotail.

Litriú agus gramadach

  • Cloítear le Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge 2016 tríd síos (sleachta athfhriotail as an áireamh). 

Cló agus spásáil

  • Úsáidtear Times New Roman nó Arial mar chló, méid 12. Úsáidtear an cló céanna, méid 11 le haghaidh athfhriotail eangaithe.
  • Bíodh spásáil dhúbailte idir na línte san alt.
  • Bíodh spás aonair (seachas spás dúbailte) ag deireadh abairte.

Cló agus spásáil (ar lean)

  • Ná cuirtear focail i dteangacha iasachta i gcló iodálach (ach amháin más sliocht athfhriotail é a bhfuil focail i gcló iodálach sa bhunleagan féin).

Poncaíocht, ceannlitreacha, dátaí, uimhreacha

  • Úsáidtear uaschamóga singile (‘) le tús a chur le hathfhriotal. Úsáidtear uaschamóga dúbailte (“) le hathfhriotal laistigh den athfhriotal a chur in iúl.
  • Nuair a thagann uaschamóg agus camóg le chéile, is laistigh den uaschamóg a chuirtear an chamóg.
  • Cuirtear córas poncaíochta na hirise i bhfeidhm ar gach cuid den alt, fiú sleachta athfhriotail.
  • Seachnaítear ceannlitreacha i dteideal an ailt ach amháin i gcás ainmfhocal cinnte.
  • Maidir le teidil saothar a cheadaítear, cloítear leis an bponcaíocht agus leis na ceannlitreacha atá ar an teideal sa bhuntéacs féin.
  • I gcás dátaí, cloítear leis an múnla seo: ‘ar an 12 Márta 2013,’ ‘ar an 31 Eanáir 1958,’ srl.
  • Úsáidtear digití le huimhreacha os cionn fiche (20) a chur in iúl: ‘trí ghluaisteán,’ ‘fiche gluaisteán,’ ‘21 gluaisteán,’ ‘63 gluaisteán,’ srl.

Fotheidil

  • Is ceadmhach fotheidil a úsáid san alt má shíleann an t-údar iad a bheith feiliúnach. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar údar fotheidil a chur isteach nó a bhaint amach freisin, ag brath ar chruth deiridh an ailt féin.

Sleachta athfhriotail, íomhánna agus míreanna eile ilmheáin

  • Iarrtar ar an údar a dheimhniú go bhfuil na sleachta athfhriotail san alt cruinn agus dílis don bhuntéacs ar a bhfuiltear ag tarraingt.
  • Is féidir íomhánna, míreanna fuaime agus míreanna físe a úsáid sna hailt ach ní mór dóibh a bheith ar chaighdeán feiliúnach don fhoilsitheoireacht ar líne.
  • Ní mór don údar a léiriú go bhfuil na cearta cuí faighte aige/aici chun an t-ábhar ilmheáin a úsáid.

Leabhareolas

  • Úsáidtear an teideal ‘Saothair a ceadaíodh’ ag barr an leabharliosta i gcónaí.
  • Má shíleann an t-údar gur feiliúnach an leabharliosta a roinnt ina rannóga, is ceadmhach é sin a dhéanamh. Mar shampla: ‘Foinsí neamhfhoilsithe,’ ‘Lámhscríbhinní,’ ‘Ábhar cartlainne,’ ‘Foinsí clóite eile’. Féach nach dteastaíonn a leithéid i gcónaí.

COMHARTaighde: Córas Harvard

Bíonn dhá rud i gceist le córas tagartha Harvard: 

  1. An tagairt ghonta a dhéantar i gcorp an ailt féin (citation
  2. An tagairt iomlán a dhéantar sa leabharliosta ag deireadh an ailt (bibliography). 

Tagairtí i gcorp an ailt 

Go hiondúil, bíonn trí mhír sna tagairtí inmheánacha: a) sloinne an údair, b) an bhliain a foilsíodh an saothar; agus c) uimhir an leathanaigh (más leabhar nó alt é): 

Tá sé ráite ag saineolaí amháin go ndéanann an foréigean ar an teilifís dochar don mheabhairshláinte (Ó Ríordáin 1997: 43). 

Má tá sé soiléir cheana cén t-ainm atá ar an údar nó cén bhliain a foilsíodh an saothar, ní gá iad a lua arís. Mar shampla: 

Tá sé ráite ag Ó Ríordáin go ndéanann an foréigean ar an teilifís dochar don mheabhairshláinte (1997: 43). 

Más le beirt údar an fhoinse, tugtar an dá shloinne sa tagairt inmheánach: 

Tá sé ráite ag saineolaithe go ndéanann an foréigean ar an teilifís dochar don mheabhairshláinte (Ó Ríordáin agus Ní Chearúil 1997: 43). 

Más le triúr údar nó níos mó an fhoinse, tugtar sloinne an chéad údair agus úsáidtear na focail ‘et al.’ leis na sloinnte eile a thabhairt le fios: 

Tá sé ráite ag saineolaithe go ndéanann an foréigean ar an teilifís dochar don mheabhairshláinte (Ó Ríordáin et al. 1997: 43). 

Tagairtí sa leabharliosta ag deireadh an ailt 

Braitheann leagan amach na dtagairtí iomlána sa leabharliosta ar an gcineál saothair atá i gceist (leabhar iomlán, aiste i leabhar, alt in iris, etc.) Seo a leanas na cineálacha foinsí is coitianta: 

Leabhar le húdar amháin:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) TEIDEAL AN LEABHAIR. ÁIT FOILSITHE: FOILSITHEOIR.

Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Leabhar le beirt údar:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM ÚDAR (1) agus SLOINNE, CÉADLITIR AINM ÚDAR (2). (BLIAIN) TEIDEAL AN LEABHAIR. ÁIT FOILSITHE: FOILSITHEOIR.

Scott, J. agus Marshall, G. (2009) Oxford Dictionary of Sociology. Oxford: Oxford University Press.

Leabhar le triúr údar nó níos mó:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM ÚDAR (1), SLOINNE, CÉADLITIR AINM ÚDAR (2) agus SLOINNE, CÉADLITIR AINM (3). (BLIAIN) TEIDEAL AN LEABHAIR. ÁIT FOILSITHE: FOILSITHEOIR.

Ó Duibhir, P., Nig Uidhir, G., Ó Cathalláin, S., Ní Thuairisg, L. agus Cosgrove, J. (2015) Anailís ar mhúnlaí soláthair Gaelscolaíochta (Tuairisc Taighde). Béal Feirste: An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas.

Leabhar arna chur in eagar:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN EAGARTHÓRA (eag.) (BLIAIN) TEIDEAL AN LEABHAIR. ÁIT FOILSITHE: FOILSITHEOIR.

Crowell, S. (eag.) (2012) The Cambridge Companion to Existentialism. Cambridge: Cambridge University Press.

Caibidil i leabhar arna chur in eagar:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL NA CAIBIDLE’. In: SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN EAGARTHÓRA (eag). TEIDEAL AN LEABHAIR. ÁIT FOILSITHE: FOILSITHEOIR: LEATHANAIGH.

Ó Coigligh, S. (1980) ‘Shaun agus Shem’. In: Ó hAnluain, E. (eag.) An Duine is Dual: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 28–60.

Alt in iris:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL AN AILT’. In: TEIDEAL NA hIRISE IMLEABHAR (EAGRÁN): LEATHANAIGH.

Ó Ríordáin, S. (1963) ‘An taisceadán’. In: Comhar 22 (6): 27–29.

Alt in iris leictreonach agus seoladh DOI luaite leis:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL AN AILT’. In: TEIDEAL NA hIRISE IMLEABHAR (EAGRÁN). DOI: AN SEOLADH DOI [faighte DÁTA].

Ó Drisceoil, P. (2015) ‘Mediae Noctis Consilium – céadfhoilsiú Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman’. In: COMHARTaighde 1 [Idirlíon]. DOI: http://dx.doi.org/10.18669/ct.2015.01. (nó Ar fáil ag: http://www.comhartaighde.com/eagrain/1/odrisceoil/ [faighte 24 Samhain 2015]).

Alt in iris leictreonach gan aon seoladh DOI luaite leis:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL AN AILT’. In: TEIDEAL NA hIRISE IMLEABHAR (EAGRÁN). Ar fáil ag: URL [faighte DÁTA].

Gelernter, D. (2014) ‘The closing of the scientific mind’. In: Commentary Magazine, 1 Eanáir 2014. Ar fáil ag: www.commentarymagazine.com/articles/the-closing-of-the-scientific-mind [faighte 20 Eanáir 2016].

Alt i nuachtán:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL AN AILT’. In: TEIDEAL AN NUACHTÁIN, DÁTA: LEATHANACH (MÁS FÉIDIR).

Ahern, M. (1966) ‘Language Discussion’. In: The Irish Times, 5 Iúil 1966: 9.

Alt gan ainm:

I gcás ailt nach fios cé a scríobh, cuirtear teideal na hirise (nó an nuachtáin, nó an irisleabhair) in áit ainm an údair. Cloítear leis an ngnáthstíl tagartha ina dhiaidh sin, mar shampla:

The Kerryman (1905) ‘The American Letter’. In: The Kerryman, 30 Meán Fómhair 1905: 9.

*Ábhar aistrithe:

SLOINNE, CEADLITIR AINM AN BHUNÚDAIR. (BLIAIN) ‘TEIDEAL AN AISTRIÚCHÁIN’. Aistrithe ag SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN AISTRITHEORA. In: SONRAÍ AN LEABHAIR/IRISLEABHAIR INA BHFUIL AN tAISTRIÚCHÁN.

Ó hÉigeartaigh, P. (1979) ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: Ó Buachalla, S. (eag.) The Literary Writings of Patrick Pearse: Writings in English. Dublin/Cork: Mercier Press: 47–48.

*Sa sampla seo is i leabhar arna chur in eagar atá an t-aistriúchán ar fáil. Dá mba in irisleabhar, i nuachtán nó ar shuíomh gréasáin a bheadh sé, bheadh deireadh na hiontrála thuas le coigeartú. Mar shampla:

Ó hÉigeartaigh, P. (1911) ‘Ochón, a Dhonnchadh’; ‘A Father Keens His Drowned Child’. Aistrithe ag Mac Piarais, P. In: The Irish Review 1 (3): 138–141.

Leathanach ar shuíomh idirlín:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) TEIDEAL AN LEATHANAIGH. Ar fáil ag: URL [faighte DÁTA].

Cooke, M. (2015) ‘Film music’. In: Grove Music Online. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/grove/music/09647 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Tráchtas neamhfhoilsithe:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) TEIDEAL AN TRÁCHTAIS. Tráchtas [CINEÁL TRÁCHTAIS], AINM INSTITIÚIDE, (neamhfhoilsithe).

Aiken, S. (2015) Pádraig Ó hÉigeartaigh: File, Gael agus Deoraí Springfield, Mass. Tráchtas M.A., Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (neamhfhoilsithe).

Agallamh:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN AGALLAÍ. (BLIAIN) Agallamh le AINM IOMLÁN AN AGALLAÍ (AON EOLAS ÁBHARTHA FAOIN AGALLAÍ), LOG AN AGALLAIMH, DÁTA AN AGALLAIMH.

Mac Aonghusa, M. (2013) Agallamh le Mícheál Mac Aonghusa (ball den eagraíocht Misneach), Baile Átha Cliath, 5 Feabhra 2013.

*Ábhar cartlainne:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN ÚDAIR. (BLIAIN) TEIDEAL AN tSAOTHAIR. TEIDEAL/UIMHIR AN CHOMHAID. In: AINM AGUS SEOLADH NA CARTLAINNE.

Ó Riada, S. (1959) Sraith Mhise Éire. Scóir neamhfhoilsithe bhearnacha, BL/PP/OR/502. In: Bailiúchán Sheáin Uí Riada, Leabharlann Boole, Ollscoil Chorcaí.

*Ní i gcónaí a bhíonn an t-eolas seo ar fáil i gcás ábhar cartlainne. Cuirtear oiread is féidir isteach.

Foinse chraolta:

SLOINNE, CÉADLITIR AINM AN CHRAOLTÓRA/LÁITHREORA. (BLIAIN) TEIDEAL AN CHLÁIR. CAINÉAL CRAOLTA, DÁTA. Ar fáil ag: URL (MÁS FÉIDIR) [faighte DÁTA].

Browne, P. (2012) The Rolling Wave. RTÉ Raidió a hAon, 26 Feabhra 2012. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio1/the-rolling-wave/archive/2012/0104/350217-20122/ [faighte 10 Bealtaine 2015].

Réiteach teicniúil agus inneachar ilmheán

Is é Ronan Doherty atá ina chomhairleoir teicniúil don tionscnamh. Is féidir míreanna áirithe ilmheán a úsáid i gcorp na n-alt a fhoilsítear in COMHARTaighde ach iad a bheith ag teacht le critéir áirithe (féach thíos). Níl sé riachtanach, ar ndóigh, go mbainfí úsáid as aon inneachar ilmheán mar chuid den alt a chuirtear ar fáil. 

Is féidir comhaid fuaime agus físe a leabú in alt ar bith a fhoilsítear sa ríomhiris. 

Is féidir iarratais i dtaca le cineálacha eile inneachair a phlé leis an bhfoireann eagarthóireachta roimh ré. Ba chóir go sásódh an úsáid a bhainfí as aon inneachar ilmheán na critéir seo a leanas chun go gceadófaí é in alt a d’fhoilseofaí sa ríomhiris: 

  • Ba chóir go gcuirfeadh an leas a bhaintear as míreanna ilmheán go suntasach leis an léirmhíniú agus/nó leis na conclúidí san alt trí chéile; 

  • Ní fhéadfaí an t-eolas céanna a chur i láthair go slachtmhar mar chuid den téacs, i dtábla, nó mar fhigiúr; agus 

  • Foilseofar na hailt in COMHARTaighde mar leathanaigh ghréasáin agus i bhformáid PDF. Ní bheifear in ann míreanna ilmheán a cheadú sna leaganacha PDF de na hailt agus níor mhór, dá réir sin, go mbeadh téacs gach ailt fós sothuigthe nuair nach mbeadh an t-inneachar ilmheán ar fáil don léitheoir. 

Is faoin údar a bheidh sé a chinntiú go bhfuil an cóipcheart agus/nó an ceadúnas cuí ar fáil maidir le haon inneachar a dhéanfar a atáirgeadh. Ní ghlacfar le haon inneachar nach mbaineann na cearta cuí leis. 

Más mian leat inneachar ilmheán a úsáid mar chuid de d’alt moltar tagairt a dhéanamh don inneachar sin sa dréacht a chuirfidh tú faoi bhráid COMHARTaighde ach ní gá go gcuirfí an t-ábhar féin ar fáil sula nglacfaí le d’alt. Má ghlactar le d’alt déanfaidh comhairleoir teicniúil na ríomhirise teagmháil leat chun na féidearthachtaí i dtaca le leas a bhaint as míreanna ilmheán a phlé.

Teagmháil 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na heagarthóirí ag comhartaighde.eagarthoiri@comhar.ie nó is féidir ceisteanna a chur faoin iris a ardú ag comhartaighde@comhar.ie.