Róisín Dubh: mar a chruthaigh Seán Ó Riada aintiún an Éirí Amach

Deirdre Ní Chonghaile

1 Is iomaí eachtra staire a spreag píosaí ceoil atá anois ceangailte go dlúth leo i gcuimhne na ndaoine: rug Réabhlóid na Fraince ar La Marseillaise, ar mháirseáil mhíleata i dtús báire í (Latham 2015; Vovelle 1984); rug Gluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá ar an iomann We Shall Overcome (Kernodle 2015; Library of Congress g.d.); agus ón am ar shroich foireann sacair na hÉireann comórtas Chorn an Domhain den chéad uair i 1990, cloistear ar fud na cruinne leantóirí na hÉireann i ngach uile spórt ag fógairt Olé Olé (McLeod 2015; Kenny 2015). Feidhmíonn na ceolta seo anois mar aintiúin sa chiall is leithne den fhocal sin; ní do náisiúin amháin ach mar shéadchomharthaí nó lieux de mémoire do phobal, d’eachtra nó do choincheap (Nora 1984-1992). Ó tharla go mbíonn liricí i gceist le rosc agus nach gá go mbeadh liricí i gceist le haintiún, is feiliúnaí an téarma é ‘aintiún’ don alt seo ina bpléitear aintiúin a bhfuil focail leo agus aintiúin a fheidhmíonn dá n-uireasa (Grove Music Online g.d.).

2 Feicfear anseo gur ar fheabhas agus ar áisiúlacht an dea-fhoinn atá cumhacht an aintiúin ag brath agus ní hamháin ar an gcomhthéacs inar saolaíodh é. Rugadh aintiún neamhoifigiúil na Fionlainne, cuir i gcás, le linn ré athbheochana na tíre úd, tráth a raibh sí faoi riail na Rúise. Sna 1890idí chum Jean Sibelius (1865-1957) píosaí éagsúla ceoil d’ócáidí a bhí tábhachtach do lucht na hathbheochana. Ba iad sin na crannchuir náisiúnta, a ndéanann beathaisnéisí Sibelius, Glenda Dawn Goss, an cur síos seo orthu:

Far more was involved in the lotteries than simply buying a ticket of chance. The faintly distasteful act of giving money to gamble for prizes was masked by the elaborate spectacle of the lottery soirée, which proved to be an ideal device for raising money in support of national causes and, at the same time, promoting social cohesion and Finnish identity in a guise that the imperial censors would approve. The beneficiary was usually announced as some worthy ‘educational’ cause — a school, a library, an orchestra. The festivities surrounding the lottery drawings — the soirées — were turned into national celebrations. These entertainments — for entertainments they were, with music, drama, dancing, drinking, and eating mingled with the fund-raising — combined a rich brew of lusty student songs and militaristic marches with lavish tableaux vivants in which key events from Finland’s myths, landscapes, and history were colourfully dramatized and accompanied by specially composed music (Goss 2009: 138).

3 D’ócáid na bliana 1899, a bhí i gcoinne chinsireacht an phreasa, chum Sibelius an dán siansach Finlandia, nár bronnadh an t-ainm sin air go dtí gur chuir a chara Axel Carpelan (1858-1919) cogar ina chluas an bhliain dár gcionn. Is íorónta, mar sin, gur minic a athraíodh an teideal ina dhiaidh sin ar mhaithe le náisiúnachas an tsaothair a cheilt. Chuaigh an fonn i lár an tsaothair i gcion go mór ar an bpobal. Córáil atá ann, agus cé nach bhfuil de réimse aige ach sé nóta, tá sé iontach láidir mar fhonn. Spreag sé filí éagsúla a thogair focail a chur leis agus cruthaíodh cúpla iomann éagsúil, iomainn ar sheinn na céadta ceoltóirí éagsúla ó shin iad, ina measc Joan Baez (2005) agus Guns N’ Roses (Goss 2011: 168). Is cinnte gur aithin Sibelius féin luach an fhoinn, go raibh stíl mhealltach plein air aige (Tawaststjerna 1976: 222), ach níor thuig sé cad as ar eascair mian na ndaoine aintiún a dhéanamh de — aintiún na cruinne, dar leis an stiúrthóir cáiliúil ceoil as Sasana, Leopold Stokowski. Agus é ag labhairt go haiféalach, dúirt Sibelius an méid seo: ‘Sitä ei ole tarkoitettu laulettavaksi. Sehän on tehty orkesteria varten. Mutta jos maailma tahtoo laulaa, niin ei sille mitään mahda’ [Ní d’fhonn a chanta a rinneadh é. Is i gcomhair ceolfhoirne a cumadh é. Ach más mian leis an saol mór é a chanadh, níl neart air] (luaite in Sirén et al. 2002).

4 San Eastóin, d’eascair an saothar Mu isamaa as traidisiún na gcóranna atá láidir fadsaolach sa tír sin. Dán náisiúnach a bhí ann ar dtús agus rinneadh saothar córúil de sa bhliain 1869 i gcomhair féile nua, féile mhór náisiúnta amhránaíochta ina gcruinníonn córanna amaitéaracha ó gach cearn den tír gach cúigiú bliain. Is ar an ardán céanna a tugadh beatha nua don saothar seo. Ní raibh aon fhéile amhránaíochta i rith an Dara Cogadh Domhanda, agus faoin am ar ceadaíodh an chéad cheann eile i 1947, bhí seilbh ag na Rúisigh ar an tír. Cé go ndearnadh iarracht blas iomlán Rúiseach a chur ar imeachtaí na féile, theip ar na cinsirí a thabhairt faoi deara go raibh saothar amháin Eastónach ar chlár na féile: b’shin Mu isamaa. Cor cinniúnach i saol an amhráin a bhí ann. Gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ag gach aon fhéile faoi riail na Rúise, ní fhéadfadh na húdaráis gan cead a thabhairt Mu isamaa a chanadh agus, leis sin, bronnadh deis ar mhuintir na hEastóine a náisiúnachas féin a chur in iúl, go mírialta ach go spleodrach, leis na mílte daoine ag canadh d’aon ghuth. Thug an t-amhrán misneach dóibh. Sna 1980idí agus sna 1990idí go háirithe, chuidigh an t-amhrán agus an fhéile lena n-iarrachtaí neamhspleáchas a bhaint amach ón Rúis. Is é aintiún neamhoifigiúil a n-éirí amach é (Tusty 2006). Más é an comhthéacs stairiúil a rinne amhrán reibiliúnach de, ní éireodh leis an beart a dhéanamh murach go bhfuil fonn iontach láidir aige, fonn a bhfuil réimse breá leathan de shéach comhshuite aige. D’éirigh leis an amhrán teacht slán ón Rúisiú a rinneadh ar an Eastóin mar nach bagrach atá na liricí ach rómánsúil agus ábhairín soineanta.

5 An chodarsnacht seo idir fonn aintiún neamhoifigiúil na Fionlainne agus ceann na hEastóine, músclaíonn sí ceist: cad is dea-fhonn ann? I gcuideachta a chéile, cruthaíonn na foinn seo nár mhór aird a thabhairt ar na ceolta a sheolann chugainn aintiúin, féachaint lena seilbh ar chluasa agus ar chroí an phobail a thuiscint.

6 Chuirfeadh comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 ag machnamh muid ar an gceol a luaitear leis an eachtra chinniúnach úd agus, dá bharr sin, le náisiún na hÉireann. Ní hé an ceol a cumadh ná a casadh sa tréimhse chorraitheach sin féin atá i gceist ach an ceol a shealbhaigh cuimhne na heachtra ó shin. I measc na gceolta éagsúla a luaitear le hÉirí Amach 1916, tá saothar amháin thar gach saothar ceolmhar eile a tháinig roimhe nó ina dhiaidh a chuaigh chomh mór sin i gcion ar an bpobal go bhfuil sé i bhfostú ó shin, fite fuaite, in íomhánna agus i bhfuaimeanna ár náisiúnachais. Is é sin fuaimrian Sheáin Uí Riada don scannán Mise Éire (1959), go háirithe príomhthéama an fhuaimriain sin, Róisín Dubh. Beifear ag áiteamh anseo gur aintiún de chuid an Éirí Amach é seo anois, an fonn mar a chóirigh Ó Riada é do cheolfhoireann shiansach, é á sheoladh chugainn ar dtús go drámatúil ag corn aonair Francach.

Róisín Dubh — príomhthéama an scannáin

‘The French horn conjures up standard intracultural musical signifiers of nature, nobility and power’ (Cooper 2006: 107). Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

7 Maíonn David Cooper an méid seo faoin bhfonn: ‘it has been seen by some to offer an alternative Irish national anthem’ (Cooper 2006: 107). Tá cruthúnas dá thuairim le cloisteáil nuair a sheinntear an fonn ar Lá Fhéile Pádraig, ag insealbhú ár n-uachtarán, agus ag comóradh bliantúil an Éirí Amach féin. Ar ócáidí dá leithéid, déantar asamhlú agus athshealbhú arís agus arís eile ar an saothar mar aintiún neamhoifigiúil de chuid na tíre. Is é an scannán, dar liom, a rinne aintiún de Róisín Dubh. Is iad na ceisteanna a phléifear anseo ná: cad chuige? Cén fáth an ceol seo? Agus cén chaoi a n-éiríonn leis an ról úd a ghlacadh chuige féin? Ní mór cuid d’anatamaíocht an aintiúin a fhiosrú agus, sa dóigh sin, rún Róisín Dubh a sceitheadh.

8 Is cinnte go bhfuil cion agus meas ag an bpobal ar an gceol seo, fiú acu siúd nach bhfuil an scannán feicthe acu, agus táthar ann a dtéann sé sa chroí orthu, mar atá léirithe i scannán faisnéise Choilm Bairéad (2011). Is spéisiúil é bua áirithe seo an cheoil úd, an tionchar corraitheach atá aige ar mhothúcháin an phobail, fiú más éiginnte nó míchompordach a bhítear faoin náisiúnachas lena mbaineann sé. Chuir an t-iriseoir Siobhán Long ceist a bhaineann le hábhar nuair a d’fhiafraigh sí le deireanas:

Did Ó Riada’s film scores (in particular, that for Mise Éire) act as a lightning rod, connecting us emotionally with the story of our own genesis as a nation, or did they exploit a weakness for sentimentality at play beneath the hard-worn veneer of Irish life? (Long 2013).

9 Léireofar go gcónaíonn cumhacht chorraitheach an tsaothair seo ní hamháin ina chomhthéacs stairiúil polaitiúil ach freisin sa cheol féin, san fhonn, sa tséis. Trí dhianscrúdú a dhéanamh ar cheol Uí Riada, feicfear go bhfuil an rogha foinn chomh tábhachtach céanna leis an rogha focal, go bhfuil an soitheach (mar a shamhlaítear do mhórán é) agus a lastas lirice chomh tábhachtach lena chéile. Léireofar cumhacht an cheoil i saol an duine, mar sin, agus meabhrófar dúinn gan neamhaird a dhéanamh di.

Mise Éire

10 Faoi 1959 bhí eolas go leor cruinnithe as cartlanna éagsúla ag an stiúrthóir George Morrison (1922-) faoi fhoinsí scannánaíochta a bhain le Cogadh na Saoirse in Éirinn. Thogair sé leas a bhaint as an ábhar sin chun scéal an chogaidh úd a insint. Dúirt sé freisin gur mhaith leis malairt an scéil a soláthraíodh go dtí sin a bhronnadh ar mhuintir na hÉireann. Ba é Mise Éire an chéad chaibidil uaidh. I ndiaidh a sheolta ag Féile Scannánaíochta Chorcaí i Meán Fómhair 1959 agus a chéad léiriú poiblí i nGaoth Dobhair in Eanáir 1960, taispeánadh fud fad na tíre é agus thar lear, agus meastar go bhfaca 170,000-180,000 duine é sa chéad bhliain amháin (Bairéad 2011). Lean an dara caibidil, Saoirse?, é i 1961 (Cooper 2006: 101). Tá an dá scannán araon thar a bheith náisiúnach, ní nach ionadh agus aghaidh na linne siúd ar chomóradh caoga bliain an Éirí Amach go gairid ina dhiaidh sin i 1966. Féach gur fhreastail an tUachtarán Éamon de Valera ar première Bhaile Átha Cliath de Mise Éire, agus gur dán a chum duine de mhairtírigh an Éirí Amach — Pádraig Mac Piarais (1879-1916) — a spreag teideal an scannáin úd:

Mise Éire:

Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.

Mór mo ghlóir:

Mé do rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náir:

Mo chlann féin do dhíol a máthair.

Mise Éire:

Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra (Ó Coigligh 1981: 37).

11 Is é Seán Ó Riada (1931-1971) a chruthaigh an ceol don dá scannán, ach ní phléifear anseo ach Mise Éire, an scannán is rathúla agus is cáiliúla díobh. Aithnítear go forleathan go raibh ceol Uí Riada rí-éifeachtach (Bairéad 2011), gur chuir a cheol go mór leis an ngradam a bhain Mise Éire amach agus lena cháil féin mar dhuine de mhór-phearsana an cheoil in Éirinn san fhichiú haois. Go deimhin, is é an saothar seo a chuir ainm Uí Riada i mbéal an phobail: ó shin i leith, tá breis agus 40,000 ceirnín de díolta ag Gael Linn (eolas ó Antoine Ó Coileáin, 12 Deireadh Fómhair 2015). Ina ainneoin seo uile, ní dhearnadh aon ghrinnstaidéar ar an bhfuaimrian go fóill. Seans gur cheil an chaint ar shárbhua nó ar ghinias an Riadaigh orainn an grinnstaidéar atá tuillte ag an saothar seo. Ní mian liom ceist a shárbhua a phlé anseo, áfach. Ba mhaith an ní aird a tharraingt ar cheann de bhuanna an Riadaigh — a bhua eisceachtúil ceoil — bua a bhí daonna agus a bhain le gnáthcheird na cumadóireachta, mar a thuigeann a mhac, an cumadóir Peadar Ó Riada: ‘Tá spleodar mothúchán sa cheol ach is trí scrúdú do dhéanamh ar conas a mhúsclaíonn sé na mothúcháin sin a thuigimid a cheard sa cheart’ (P. Ó Riada 2006). Is díol spéise nach raibh sé ach seacht mbliana is fiche d’aois nuair a chum sé an saothar seo, a chéad fhuaimrian scannáin ariamh, agus nuair a stiúraigh sé an cheolfhoireann a thaifead é ar an 19 Bealtaine 1959 i Halla Phoenix i mBaile Átha Cliath. Cuireann Riobard Mac Góráin (1928-2007), duine de bhunaitheoirí Gael Linn, an comhthéacs breise seo ar fáil:

Ní raibh aon chleachtadh ag Seán roimhe sin ar cheol a scríobh do scannán agus ba lú na háiseanna a bhí ag Gael-Linn ná mar a bheadh ag comhlacht mór tráchtála. Dá bharr sin ba theoranta an deis a bhí ag an gcumadóir breathnú a mhinice agus ba mhian leis, b’fhéidir, ar na mearchóipeanna — is é sin, ar an ábhar garbh scannáin sula ndéanfaí an eagarthóireacht dheiridh air agus go bpósfaí an fhuaim leis. Ach b’iontach a aibiúla is a bhí súil an Riadaigh chun rithim gach seichimh agus gach uile nuance a thabhairt leis agus an ceol a chumadh sa tslí is go raibh an bhéim nó an ciúta ceart díreach san áit cheart i gcónaí (1991: 18-19).

12 Ina bheathaisnéis ar an Riadach, roinn Tomás Ó Canainn (1930-2013) a thuilleadh léargais ar a chur chuige:

George [Morrison] spent considerable time explaining his requirements to Seán before showing him any actual archive material, as he wished to have most of it put together first, so Ó Riada would feel the atmosphere of the film before writing any music. In those days, viewing a film in the making was not at all easy. One had to book a commercial cinema for a few hours in the morning and resist the manager’s pressure to finish the session as soon as possible, so that his staff could prepare for the normal matinée showing in the afternoon (2003: 37).

Ceolfhoirniú

13 Ba rogha in aon turas é ón Riadach — agus ó Morrison agus Gael Linn chomh maith, glacaim leis — go seinnfeadh ceolfhoireann shiansach an ceol. Bhain trí chúis éagsúla lena rogha: cúis ealaíne, cúis pholaitiúil agus cúis chumarsáide. Maidir leis an gcúis ealaíne, chuir an cheolfhoireann réimse leathan fuaimeanna agus, leis sin, dathanna éagsúla ar fáil don Riadach, rud a chuidigh leis ceol a chur le scannán chomh heipiciúil leis. Maidir leis an gcúis pholaitiúil, i dtíortha agus i gcoilíneachtaí na hEorpa, glacadh leis an gceol siansach mar bhuaicphointe na cruthaitheachta ceolmhaire. Dá réir sin, bhronn an cheolfhoireann shiansach a sheinn ceol Mise Éire ‘the bourgeois respectability of the concert hall’ ar an gceol Gaelach (Cooper 2006: 107), mar a rinne cultacha galánta na huasaicme ar Cheoltóirí Chualann níos deireanaí nuair a chuaigh siadsan ar ardán an Gaiety i mBaile Átha Cliath i 1969. Trí leas a bhaint as comharthaí coitianta seo na huaisleachta, idir shuíomh agus chulaith, tugadh tuilleadh urraime don cheol Gaelach agus, dá bharr sin, don chultúr Gaelach trí chéile.

14 Maidir leis an gcúis chumarsáide, ní mór a lua go raibh cúram áirithe ar an gceol i scannán Gaeilge d’uireasa fo-theideal. Lonnaigh an cheolfhoireann scór Mise Éire i dtraidisiún ceolmhar na scannán, traidisiún a bhí gafa san am sin le ceol siansach. Agus é ag feidhmiú laistigh den traidisiún sin, bhí an Riadach in ann leas a bhaint as tuiscint na ndaoine a d’fhreastail go minic ar phictiúrlanna rathúla na linne sin, daoine a bhí cleachtach ar na leideanna a úsáideann cumadóirí siansúla na scannán. Ina measc siúd, tá gathanna ceoil (stingers) nuair a tharlaíonn rud tobann gránna (Cooke 2015), coirn do ghairm, drumaí míleata do radharcanna a bhaineann le hairm, agus cnaguirlisí do radharcanna atá aduain. Tá na leideanna áirithe seo ar fad le cloisteáil in Mise Éire.

Coirn do ghairm, drumaí míleata do radharcanna a bhaineann le hairm. Féach, mar shampla, na hÓglaigh ag cruinniú armais i ndiaidh don Asgard teacht i dtír ag 00:20:14 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

Cnaguirlisí do radharcanna atá aduain. Féach radharc de chathair Bhaile Átha Cliath scriosta i ndiaidh an Éirí Amach ag 00:21:57 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

15 Anuas air seo, agus é ag baint feidhme as teanga idirnáisiúnta shiansúil na ceolfhoirne, bhronn Ó Riada uilíocht ar an scéal, uilíocht a chinnteodh go dtuigfí scéal an éirí amach áirithe seo i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus gur thúisce a ghlacfaí leis dá bharr sin. B’fhéidir gurbh í an uilíocht seo a chinntigh nach roghnódh Ó Riada uirlisí traidisiúnta, uirlisí a bheadh ag teacht le soiscéal féiniúlachta an scannáin, shílfí. Cuimhnímid, áfach, nach raibh an Riadach tosaithe go fóill ar an gcaibidil Ghaelach dá shaol ceoil agus nach gcloisfí Ceoltóirí Chualann go dtí 1960. Is dóigh liom féin nárbh fhurasta dó an dá cheol éagsúla a mheascadh. Cuir i gcás fuaimrian an scannáin Saoirse? ina gcloistear an píobaire Tommy Reck ag seinm fonn mall as féin do radharcanna truamhéalacha, go hiomlán neamhspleách ar an gceolfhoireann a sheinneann an chuid eile den cheol. Tuigtear do Cooper gur bua de chuid fhuaimrian Mise Éire is ea an t-easaontas nó an teannas idir an dá cheol éagsúla:

In his score for Mise Éire he does not attempt to integrate or synthesize the traditional Irish and modernist European elements into a seamless whole. Instead, he juxtaposes heterogenous constituents to form a kind of postmodern patchwork, which challenges as much as reinforces Morrison’s unified linear narrative. The constant changes of emotional register that result from the shifts between the different types of musical material simultaneously underline and undermine the film’s role as republican propaganda. Indeed the discontinuities in the score could be seen to mirror the ideological tension inherent in the struggle for an independent country that simultaneously looked backward to an idealized and mythologized Gaelic Ireland, and forward to a modern state, and, for at least some of those involved in the Easter Rising, a socialist one. In Pádraig Pearse’s poem, ‘Mise Éire,’ Ireland speaks of her antiquity and former glory, but also of her shame and loneliness — affirmation and repudiation being the two sides of the same coin. Although Ó Riada’s score does ultimately support a positive vision, it admits music that equally betokens alienation, ironic detachment and despair. This, I would suggest, mirrors in artistic terms the reality of the post-colonial state: in which absence is as important as presence; in which the modern and the ancient sit together, but not always comfortably; and in which the ‘margins’ simultaneously dismantle and replicate the processes and norms of the ‘centre’ (2006: 112-113).

16 Cé is móite d’alt Cooper, is beag anailís atá déanta ar stíl an cheoil agus beidh moill go fóill ar aon iarracht tabhairt fúithi go cuimsitheach mar nach bhfuil teacht san am i láthair ar chóip iomlán de bhunscór Mise Éire, scór stiúrthóra san áireamh (Ó Riada 1959). In eagrán den chlár The Rolling Wave a rinne athbhreithniú ar Ó Riada mar chumadóir, mhínigh an cumadóir Bill Whelan do Peter Browne gurb iondúil gur giortach iad na leideanna do cheol na scannán agus nach mbíonn i gceist ach bileog nó dhó ceoil (Browne 2012). Mar sin, shamhlófaí go mb’fhurasta do scóir scannán dul amú. Cuimhnímid freisin nár samhlaíodh dóibh siúd a ghlac páirt sa bhuntaifeadadh go mbeadh tóir chomh mór sin ar an gceol nua-chumtha úd. Anuas ar an méid sin, tá roinnt de na giotaí ceoil chomh giortach agus srianta ina gceolfhoirniú is gurbh fhéidir nár réitigh an Riadach ach scóir na n-uirlisí éagsúla do gach aon ghiota. Is é sin le rá, b’fhéidir nach ó scór stiúrthóra a stiúraigh sé na huirlisí úd, de cheal ama lena réiteach, ach óna chuimhne féin.

17 In Ollscoil Chorcaí faoi láthair, níl teacht ach ar scóir a bhfuil an teideal ‘Sraith Mhise Éire’ scríofa ar chuid acu, teideal a breacadh orthu i ndiaidh chumadh an cheoil féin, is dócha (Ó Riada 1959). Is cosúil gurb ionann an lipéad seo agus leid de chuid an phróisis roghnaithe a chruthaigh an taifead fuaime a d’eisigh Gael Linn ar ghearrcheirnín 45cpn i 1960, eisiúint dar teideal Sraith Mhise Éire (Gael Linn, CEF 002, EP). Ní raibh Gael Linn in acmhainn ceolfhoireann a íoc arís as taifeadadh úr a chruthú don cheirnín, mar sin baineadh leas don dara huair as taifeadadh na Bealtaine 1959 (comhrá le hAntoine Ó Coileáin, 5 Lúnasa 2015). Tá Sraith Mhise Éire — na scóir neamhiomlána neamhfhoilsithe (1959) agus an ceirnín (1960) — i bhfad níos giorra ná scór an scannáin (Morrison 1959). Dírítear inti ar dhúil an phobail i mór-théamaí ceoil an fhuaimriain a shásamh, dúil a mhaireann go fóill. Rinne Gael Linn atheisiúint ar an gceirnín Sraith Mhise Éire ar fhadcheirnín i 1979 (CEF 080, LP & MC) agus, i 2006, eisíodh dlúthdhiosca ar a bhfuil an fuaimrian agus an tsraith cheoil in éindí (ORIADACD03).

18 Níor mhór an anailís a dhéantar anseo a chur i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag beirt eile: is iad sin cara an Riadaigh, an file Thomas Kinsella, agus céile comhraic an Riadaigh, an criticeoir Charles Acton. Is spéisiúil gur thug siad beirt tionchar an chumadóra Ostairigh Gustav Mahler (1860-1911) faoi deara ina chuid ceoil (S. Ó Riada 1979). Ní fios an raibh tuiscint ag Acton, mar a bhí ag Kinsella, ar chomh hiomlán gafa is a bhí an Riadach le saothar áirithe de chuid Mahler, Das Lied von den Erde, saothar lenar éist sé arís agus arís eile:

Fully aware of the reserves of national feeling such a project might draw upon, Ó Riada wrung from his basic theme, in full Mahlerian and Sibelian harmonies, every emotional possibility. It is a monument to his talent that the result, while devastating the audience for whom it was produced, remains a fine musical achievement (Kinsella 1979: 65).

‘Mise Éire’ proves that Ireland has a composer of film music as good as anyone in the world [....] In this film, Seán Ó Riada seems to have Mozart’s knack of exactly the right notes in exactly the right places — no more, no less — and Gustav Mahler’s ability to use strange rich colours with a sparse austerity (Acton, luaite in S. Ó Riada 1960).

19 De cheal scór iomlán an scannáin agus ag brath ar éisteacht amháin, tabharfar suntas anseo, ní do na sleachta tutti ina bhfuil an cheolfhoireann iomlán le cloisteáil, ach do shleachta eile atá spárálach éifeachtach. Cuir i gcás an ceolfhoirniú simplí a bhaineann le Sliabh na mBan (trumpa aonair le dord-nóta ar na holldordanna, toll-bhuillí ar na timpani, agus macallaí uaigneacha ar choirn) agus le Boolavogue (dhá óbó dhúbailte agus sreangdhruma le freagraí ciúine ó thrumpaí sula seinneann an cheolfhoireann go léir d’aon ghuth).

Sliabh na mBan

Trumpa aonair le dord-nóta ar na holldordanna, toll-bhuillí ar na timpani, agus macallaí uaigneacha ar choirn. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

Boolavogue

Dhá óbó dúbailte agus sreangdhruma le freagraí ciúine ó thrumpaí sula seinneann an cheolfhoireann go léir d’aon ghuth. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

20 Cé go seinntear foinn thraidisiúnta, is beag tagairt a dhéanann cóiriú Uí Riada do stíl an cheoil thraidisiúnta, cé is moite de bheagán ornáidíochta ar uirlisí a sheinneann na príomhfhoinn anois is arís. Is minic, áfach, gur go haonarach a sheinntear iad seo, ar mhaithe le soiléireacht na hornáidíochta chomh maith le héifeachtacht; ba dheacair le ceolfhoireann mhór ornáidí casta a chur i gcrích d’aon ghuth. Fianaise bhreise í seo, mar sin, nárbh fhurasta dó an dá cheol a nascadh.

21 Más idirnáisiúnta iltíreach í teanga seo na ceolfhoirne siansúla, tá rogha foinn an Riadaigh níos gaire do bhaile. Is foinn amhrán iad a bhformhór, rogha a mbaineann an iliomad cumadóirí scannán úsáid aisti. Nuair a sheinntear fonn amhráin as féin d’uireasa focal, ceadaítear don chumadóir leas a bhaint as cuimhne an lucht féachana ar na focail féin. Fiú nuair nach gcloistear na focail, meabhraíonn an fonn iad agus, leis sin, ceadaítear don chumadóir guth eile nó insint eile ar an scéal a chur san áireamh — más mian leis/léi sin a dhéanamh — gan an script ná sruth cainte a chur as a riocht. Feictear an cleas céanna in úsáid ag Max Steiner leis an amhrán As Time Goes By sa scannán Casablanca (1942). Deirtear an t-amhrán aon uair amháin ach cloistear an fonn go mion minic tríd an scannán go léir chun cumha Rick agus Ilsa a léiriú. In Mise Éire, is iomaí fonn amhrán atá san áireamh agus iad ceangailte — go spraíúil nó go polaitiúil, fiú — le radharcanna ábhartha: nuair a labhraítear ar bhanríon Shasana, Victoria, cloistear God Save the Queen ar orgán (a sheinneann an Riadach féin, is dócha); le radharcanna den Tiarna Aberdeen, cloistear banna gaothuirlisí ag seinm — go súgach, déarfaí — The Eton Boating Song (leanann amhrán faoi theach tábhairne i Londain, Down at the Old Bull & Bush, é seo ach gearradh as an scannán é de cheal ama); nuair a léirítear an Frithdhúnadh Mór, cloistear aintiún an lucht oibre, The Red Flag; agus cloistear popamhráin Bhriotanacha, Keep the Home Fires Burning, nuair a léirítear tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus It’s a Long Way to Tipperary d’fheachtas earcaíochta an chogaidh úd in Éirinn.

The Eton Boating Song agus Down at the Old Bull & Bush

Radharcanna den Tiarna Aberdeen ag 00:13:01 sa scannán. Níl ach fonn The Eton Boating Song le cloisteáil ar fhuaimrian an scannáin. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

The Red Flag

Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath 1913 ag 00:15:06 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

Keep the Home Fires Burning

Trácht ar choinscríobh ag 00:24:14 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

It’s a Long Way to Tipperary

Agus feachtas earcaíochta 1914 á léiriú ag 00:29:27 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

22 Cinntíonn an ceolfhoirniú cliste a théann leo seo, a bhíonn míshocair neamhshuaimhneach in amanna, nach fánach iad na tagairtí seo, ach is beag caint a dhéantar orthu le hais na bpríomhthéamaí ar foinn d’amhráin Ghaelacha nó Éireannacha iad — Sliabh na mBan, Boolavogue, An Druimfhionn Donn Dílis agus Róisín Dubh — na foinn ar tharraing Gael Linn aird orthu ar an ngearrcheirnín Sraith Mhise Éire (Ó Riada 1960). Chinntigh Gael Linn nach mbeadh foinn na n-amhrán úd le cloisteáil in Sraith Mhise Éire, mar a mhíníonn Tomás Ó Canainn:

Gael Linn felt that the music to be put out on the record should not be based on nationalistic ballads, which were common at the time, but on the more traditional music and songs. Without interfering unduly with the composer’s artistic freedom, Gael Linn did all they could to make this view known to Ó Riada (2003: 37).

23 D’fhéadfaí breathnú ar an gceirnín úd mar iarracht bholscaireachta mar ba dhual do Gael Linn san am sin. Is mó a bhain a rogha ceoil le feachtas poiblíochta an scannáin, áfach, ná le frithghalldú na hÉireann. Bhí amhras ann ach go háirithe faoi liricí bagracha amhráin reibiliúnacha na hÉireann. Tá fianaise bhreise againn de chúram an Riadaigh agus é ag roghnú foinn sa mhéid is gur sheachain sé fonn áirithe. Cé gur chuir Seán Mac Réamoinn focail dhá véarsa agus curfá an amhráin Óró Sé do Bheatha ’Bhaile sa script, níl aon tagairt d’fhonn an amhráin sin i scór Uí Riada. Tá seans ann gur leor an tagairt fhada sa script chun údar an amhráin cháiliúil úd — is é sin an stair chasta a bhaineann leis — a chur san áireamh in insint an scéil (Ní Uallacháin 2003, 303, fonóta 9). Tá seans ann freisin nár mhaith le George Morrison go mbeadh ceol ag dul leis an radharc céanna. Is féidir a áiteamh, áfach, gur cheap an Riadach nach bhfeilfeadh an fonn dá spriocanna.

Rogha Róisín Dubh

24 Cén chúis a bhí ag Ó Riada, mar sin, le Róisín Dubh a roghnú thar na foinn seo go léir, le go seasfadh sise mar phríomhthéama an scannáin? Tá leid sa mhéid a dúirt sé féin in agallamh sa bhliain 1959: ‘I used it because it stands synonymous in most people’s minds with its very subject of liberation’ (Bowman 2011). Ní féidir glacadh leis seo mar ráiteas críochnúil ar thuairim an Riadaigh i leith na ceiste an aisling fháthchiallach atá san amhrán nó amhrán grá, díospóireacht atá pléite go mion cheana (Mac Con Iomaire 2007: 499-504). Bhí nós ag an Riadach a bheith conspóideach, mar a mhíníonn Lillis Ó Laoire: ‘Ó Riada should not be taken as a “reliable” guide to Irish traditional music in a normative sense, but as a provocative, combative one, that necessarily requires an equally strong response from the reader’ (2008: 7). I ndeireadh na dála, is cuma cé acu ar chreid sé an amhrán grá nó amhrán tírghrách é. D’fhreastail an tuiscint choitianta ar an amhrán ar sprioc pholaitiúil an scannáin agus, dá bhrí sin, ar sprioc an Riadaigh: ba í sin scéal an scannáin a insint sa cheol.

25 Is spéisiúla i bhfad ceist na rogha foinn ná ceist théama an amhráin. Go coitianta, tá dhá fhonn éagsúla ag dul le Róisín Dubh. Tabharfaimid an leagan Muimhneach ar an gceann a roghnaigh Ó Riada agus leagan Chonamara ar an gceann eile; dhéanfadh sé féin idirdhealú dá leithéid idir na stíleanna áitiúla úd (Ó Riada 1962). Is mó seans gur ar scoil a chuala an Riadach an leagan Muimhneach ar dtús, leagan a scaipeadh go forleathan nuair a d’fhoilsigh an tAthair Pádraig Breathnach a chnuasaigh amhrán Fuinn na Smól (1913) agus Ceol Ár Sinsear (1923). Níor foilsíodh leagan Chonamara roimh 1959 ach d’fhéadfadh sé gur chuala an Riadach é á chasadh ag amhránaithe Chonamara i mBaile Átha Cliath, ina measc Sorcha Ní Ghuairim.

26 Cé nach léir an ndearna an Riadach féin comparáid idir an dá fhonn seo agus é ag roghnú a phríomhthéama, tugann comparáid dá leithéid léargas breise dúinn ar chur chuige an chumadóra. Is suntasach gurbh fhusa an tírghrá a shamhlú le leagan Muimhneach an Bhreathnaigh mar ‘nach raibh téama an ghrá chomh soiléir sa leagan seo agus a bhí i leaganacha eile den amhrán’ (Mac Con Iomaire 2007: 504). Mar sin féin, ní ar théama amhráin amháin a bhí an Riadach ag brath, ach ar fhoinn chomh maith. Tá cumha agus neart ag baint leis an dá fhonn áirithe seo agus tá an réimse nótaí iontu cosúil lena chéile — ceathrach comhshuite ag an bhfonn Muimhneach agus cúigeach comhshuite ag fonn Chonamara — mar sin is féidir a bheith ag súil go nochtfaidh na héagsúlachtaí eatarthu dúinn cad a spreag rogha foinn an Riadaigh.

27 Ar an gcéad dul síos, tá struchtúr na bhfonn éagsúil. Is dóigh liom féin gur fheil an struchtúr láidir ciorclach ABBA atá ag Róisín Dubh na Mumhan níos fearr do spriocanna an Riadaigh ná struchtúr malartach ABAB mar atá ag Róisín Dubh Chonamara (S. Ó Riada 1962, Eagrán a Dó; féach freisin Ó Riada 1982: 34-35). Tá cruth nó imlíne na bhfonn éagsúil freisin. Más draíochtúil í Róisín Dubh Chonamara, is drámatúil dinimiciúil í Róisín Dubh na Mumhan. Feicimid gur spreag idirchéimeanna Róisín Dubh na Mumhan an Riadach (S. Ó Riada 1982: 35). Sa tríú heagrán dá shraith cháiliúil raidió Our Musical Heritage, i gclár faoi amhránaíocht na Mumhan, mhínigh sé go mbaineann uaisleacht nó maorgacht leo: ‘This inversion of the fifth around this axis, this spacious leap, gives the song a certain nobility and spaciousness, which would be missing in a song with smaller intervals’ (S. Ó Riada 1962, Eagrán a Dó; féach freisin Ó Riada 1982: 34-35). Leathnaíonn Cooper an anailís seo:

The opening pitches of the melody form an arpeggiation of an A♭ major triad (E♭4-C4-E♭4-A♭3), a figure which is fundamentally tonally stable in western art-music terms, and might be taken to intimate strength and fulfilment, or even, if Deryck Cooke’s model of musical semantics is allowed, of ‘having coming home’ (2006: 107).

28 Tharraing an Riadach aird ar na hidirchéimeanna tríd an saothar go léir, ag úsáid tréachanna mar mhóitífeanna go minic — mar mhacalla, is dócha, ar an oscailt dho-dhearmadta, mar nod don eolach.

Sochraid Thomáis Ághas ag 01:05:41 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

29 Chomh maith le ceist na n-idirchéimeanna, tá ceist na módúlachta ann. Ní mór a rá, áfach, go bhfuil tuairimí an Riadaigh i leith na módúlachta le ríomh i gceart go fóill. Chuige seo, bítear ag brath ar Our Musical Heritage, inar nocht sé mórán dá thuairimí i leith an cheoil thraidisiúnta (S. Ó Riada 1962, 1982). Ach ba cheart na tuairimí a chraobhscaoiltear sa tsraith a thuiscint i gcomhthéacs an tsoithigh inar seoladh iad: sraith raidió. B’éasca dá éisteoirí a n-aird a dhíriú ar ghnéithe áirithe arbh fhurasta iad a aithint — idirchéimeanna, ornáidíocht agus rithim (‘intervallic, melismatic, rhythmic’) — agus b’fhiúntaí don Riadach tarraingt ar an ábhar arbh fhusa é a léiriú ar chlár raidió, meán a bhraitheann ar an éisteacht amháin. Sa tsraith, níor mhínigh an Riadach go mion cérbh í an mhódúlacht nó cérbh iad na módúlachtaí a bhí mar bhunús leis na hidirchéimeanna agus leis an ornáidíocht a phléigh sé. Tá léargas áirithe le fáil sa mholadh agus sa cháineadh a rinne sé ar uirlisí éagsúla traidisiúnta na tíre ach, den chuid is mó, d’fhág sé faoin gceol féin é léargas d’uireasa focal a thabhairt ar cheist na módúlachta. D’fhéadfaí tarraingt freisin ar a chóirithe ceolmhara ar fhoinn na hÉireann, a cheol aonair go háirithe, chun an cheist seo a mheas (S. Ó Riada 2014).

30 I gcás Róisín Dubh, is dóigh liom féin gur cheadaigh mór-mhód an fhoinn Mhuimhnigh don Riadach modhnú go héasca ó mhórghléas go mionghléas agus ar ais arís. Déanann sé é seo sa scór nuair a theastaíonn uaidh leagan brónach de Róisín Dubh a úsáid in ionad leagain bhuacaigh chaithréimigh, i ndiaidh do sheachtar na Cásca a bheith curtha chun báis agus na hionnarbthaigh a bheith seolta, cuir i gcás.

Róisín Dubh — breachnú mionghléis

Radharcanna de Bhaile Átha Cliath faoi riail Shasanach i ndiaidh an Éirí Amach ag 00:47:48 sa scannán. Mír fuaime le caoinchead Gael Linn (ORIADACD03).

31 Tá carachtar eile ar fad ag Róisín Dubh Chonamara. Fonn módúil atá ann, mar sin tá sé débhríoch. Níor fheil an débhríocht sin do spriocanna an Riadaigh, a bhí ag brath ar an tsolúbthacht agus ar an tsoiléireacht a bhronnann an t-imeartas idir mórghléas agus mionghléas. Mar sin, ní cheadódh Róisín Dubh Chonamara don Riadach an chleasaíocht chéanna is a cheadaigh Róisín Dubh na Mumhan. Is cosúil gur shamhlaigh an Riadach a leithéid a bheith fíor i gcás amhrán eile ón dá cheantar úd chomh maith. Tugaimid suntas dá anailís ar fhairsinge na bhfonn, ar a scóip, sa dara heagrán de Our Musical Heritage:

The Conamara songs are usually compressed within a narrow range, generally an octave or a ninth, and such intervals as occur in them are generally narrow ones, thirds or fourths. The Munster songs, on the other hand, the big songs, are often spread over two octaves and wide intervals are common, anything from a fifth to a ninth. Furthermore, because the Munster song skeletons are actually larger — that is to say an average 8-line song as against an average 4-line Conamara song — they develop a greater degree of complexity within the actual skeleton, even without variation (S. Ó Riada 1962).

32 Ar deireadh thiar thall, feicimid nárbh áitiúil paróisteach an rogha é Róisín Dubh mar gheall ar théama polaitiúil an amhráin, ach rogha níos leathanaigeanta a bhain le háisiúlacht. D’aithin an Riadach solúbthacht, soiléireacht, agus saibhreas mothúchán an fhoinn — fonn atá uaigneach cumhach drámatúil, ach meanmnach spreagúil freisin, tógann sé an croí — agus thapaigh sé a dheis leas a bhaint as na buanna sin, d’uireasa focal. Feictear go léiríonn an rogha láidir ceoil seo tuiscint an Riadaigh ar fhoinn agus cáilíocht an dea-fhoinn agus go léiríonn an ceolfhoirniú cliste a chruthaigh sé an mhuinín a bhí aige as cumhacht an dea-fhoinn. Tá fianaise bhreise a thacaíonn leis seo i scór ar a bhfuil Sraith Mhise Éire scríofa (Ó Riada 1959), áit ar chóirigh an Riadach an ceol ionas go gcuirfeadh cór mór guthanna d’uireasa focal le cuid de fhonn Róisín Dubh sa finale. Níor cuireadh an ceolfhoirniú seo i bhfeidhm, áfach. Shoiléirigh Acton an impleacht a bhí ag fuaimrian cáiliúil Uí Riada don cheol traidisiúnta trí chéile:

Is éachtach mar a chuaigh ceol Sheáin i bhfeidhm ar an tír. Ní rómhaith ná rófhurasta, b’fhéidir, a thuigfidh staraithe san am atá le teacht an chaoi a labhraímid faoi. Ní bheidh ar a gcumas athchruthú a dhéanamh dóibh féin ar an ardmheanma náisiúnta a bhraitheamar ionainn nuair a thuigeamar nárbh aon ghnáthcheol tacaíochta le mórscannán George Morrison Mise Éire an cóiriú Mahlerach a rinne an Riadach ar fhonn aithnidiúil ach athmhúscailt ar mhórtas an náisiúin uile as ár gceol traidisiúnta (1971: 16).

33 Má líon ceol Mise Éire bearna i saol ceoil na hÉireann, mar a shíleann Ó Laoire (2008: 17), b’fhéidir go gcuirfidh an t-alt seo leis na hiarrachtaí míniú a thabhairt ar cén chaoi ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Shamhlófaí go mbeidh neart deiseanna ár machnamh a dhéanamh arís ar an gceist le linn an chomóradh céad bliain i 2016, tráth a mbainfear leas áirithe, gan amhras, as aintiún seo an Éirí Amach.

Buíochas

34 Gabhaim buíochas le Colm Bairéad a roinn liom cóip dá scannán faisnéise Lorg na gCos: Súil Siar ar Mhise Éire; leis an Dr John Moulden a chuidigh liom foinn an scannáin a aithint; le ceoltóirí éagsúla a chuir leis an taighde, ina measc Loïc Bléjean, Muireann Nic Amhlaoibh, Éamon Ó Bróithe agus Sheila Leary, mar a rinne lucht acadúil, ina measc an Dr Lillis Ó Laoire, an Dr Anne Karhio, Eilís Ní Dhúill agus an Dr Méadhbh Nic an Airchinnigh, OÉ Gaillimh, Lily Neill, Sibelius-Akatemia, Helsinki, An Fhionlainn, agus Virve-Anneli Vihman, Ollscoil Tartu, An Eastóin; le Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann RTÉ, Taisce Ceoil Dúchais Éireann, Contemporary Music Centre, Leabharlann Boole, Ollscoil Chorcaí, agus Institiúid Scannán na hÉireann; agus le Mícheál Briody a sholáthraigh aistriúchán ón bhFionlainnis go Gaeilge. Ar deireadh, gabhaim buíochas le Gael Linn as cead a thabhairt míreanna fuaime as Mise Éire a fhoilsiú anseo.

Saothair a ceadaíodh

Foinse neamhfhoilsithe

Ó Riada, S. (1959) Sraith Mhise Éire. Scóir neamhfhoilsithe bhearnacha, BL/PP/OR/502. In: Bailiúchán Sheáin Uí Riada, Leabharlann Boole, Ollscoil Chorcaí.

Foinsí clóite

Acton, C. (1971) ‘Éifeacht Sheáin Uí Riada’. In: Feasta (Deireadh Fómhair 1971): 16-17.

Breathnach, An tAth. P. (1913) Fuinn na Smól. Baile Átha Cliath: Muinntir Bhrúin agus Nualláin.

Breathnach, Ath. P. (1923) Ceol Ár Sinsear. Baile Átha Cliath: Muinntir Bhrúin agus Nualláin.

Cooke, M. (2015) ‘Film music’. In: Grove Music Online. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/grove/music/09647 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Cooper, D. (2006) ‘Seán Ó Riada and Irish post-colonial film music: George Morrison’s Mise Éire’. In: Mera, M. agus Burnand, D. (eag.) European Film Music. Ashgate: 100-116.

Goss, G.D. (2011) ‘Jean Sibelius and his American Connections’. In: Grimley, D. M. (eag.) Jean Sibelius and his World. Princeton University: 158-172. DOI: http://dx.doi.org/10.1515/9781400840205.158.

Goss, G.D. (2009) Sibelius: A Composer’s Life and the Awakening of Finland. University of Chicago Press. DOI: http://dx.doi.org/10.7208/chicago/9780226304793.001.0001.

Grove Music Online. (g.d.) ‘National anthems’. In: Grove Music Online. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/grove/music/19602 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Kernodle, T.L. (2015) ‘Civil Rights Movement’. In: Grove Music Online. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/grove/music/A2228003 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Kinsella, T. (1979) Fifteen Dead. Dublin: Dolmen Press, i gcomhar le Oxford University Press.

Latham, A. (2015) ‘Marseillaise, La’. In: The Oxford Companion to Music. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/opr/t114/e4234 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Library of Congress. (g.d.) ‘We Shall Overcome’. In: Lyrical Legacy: 400 Years of American Song and Poetry. Educational Outreach Division, Office of Strategic Initiatives, Library of Congress. Ar fáil ag: http://www.loc.gov/teachers/lyrical/songs/overcome.html [faighte 2 Lúnasa 2015].

Long, S. (2013) ‘Why Seán Ó Riada is Irish music’s pop icon’. In: The Irish Times 22 Feabhra 2013. Ar fáil ag: http://www.irishtimes.com/culture/music/2.659/why-se%C3%A1n-%C3%B3-riada-is-irish-music-s-pop-icon-1.611977 [faighte 3 Bealtaine 2015].

Mac Con Iomaire, L. (2007) Nár Fhágha Mé Bás Choíche. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Mac Góráin, R. (1991) ‘Seán Ó Riada’. In: Feasta (Deireadh Fómhair 1991): 17-19.

McLeod, K. (2015) ‘Sports’. In: Grove Music Online. Oxford Music Online. Oxford University Press. Ar fáil ag: http://www.oxfordmusiconline.com/subscriber/article/grove/music/A2263177 [faighte 2 Lúnasa 2015].

Ní Uallacháin, P. (2003) A Hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

Nora, P. (eag.) (1984-1992) Les Lieux de Mémoire. Paris: Gallimard.

Ó Canainn, T. (2003) Seán Ó Riada: His Life and Work. Cork: Collins Press.

Ó Laoire, L. (2008) Re-imagining tradition: Ó Riada’s musical legacy in the 21st century. Ó Riada Memorial Lecture 22. Cork: Traditional Music Archive agus The Traditional Music Society, UCC.

Ó Riada, S. (1982) Our Musical Heritage. Maighean Rátha, Co. Laoise: Fundúireacht an Riadaigh i gcomhar le The Dolmen Press.

Sirén, V., Hartikainen, M., Kilpeläinen, K., Murtomäki, V., Tiilikainen, J., Ahtokari, R., Blomstedt, S. (2005). ‘Finlandia’. In: Jean Sibelius – The website. Aistrithe ag Martina Käännöstoimisto. Finnish Club of Helsinki. Ar fáil ag: http://www.sibelius.fi/suomi/musiikki/ork_finlandia.htm [faighte 2 Lúnasa 2015].

Tawaststjerna, E. (1976) Sibelius. Imleabhair 1-3. University of California Press.

Vovelle, M. (1984) ‘La Marseillaise: La guerre ou la paix’. In: Nora, P. (eag.) Les Lieux de Mémoire 1. Paris: Gallimard: 85-136.

Foinsí ceoil agus craolta

Baez, J. (2005) Bowery Songs. Koch Records.

Bairéad, C. (2011) Lorg na gCos: Súil Siar ar Mhise Éire. Midas Productions agus Colm Bairéad.

Bowman, J. (2011) Bowman: Sunday: 8.30. RTÉ Raidió a hAon, 31 Iúil 2011.

Browne, P. (2012) The Rolling Wave. RTÉ Raidió a hAon, 26 Feabhra 2012. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio1/the-rolling-wave/archive/2012/0104/350217-20122/ [faighte 10 Bealtaine 2015].

Kenny, J. (2015) Put ’em under Pressure. RTÉ Raidió a hAon, 6 Meitheamh 2015. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio1/doconone/2015/0604/705790-put-em-under-pressure/ [faighte 2 Lúnasa 2015].

Morrison, G. (1959 [2006]) Mise Éire. Gael Linn ORIADADVD01.

Ó Laoghaire, C. (1960) Amharc Éireann: Première ‘Mise Éire’. Gael Linn.

Ó Riada, P. (2006) Seán Ó Riada: Mise Éire. Nótaí dlúthdhiosca, Gael Linn ORIADACD03.

Ó Riada, S. (1960 [1979]) Mise Éire. Gael Linn CEF 002 (EP); atheisiúint CEF 080 (LP & MC).

Ó Riada, S. (1962) Our Musical Heritage. RTÉ Raidió a hAon, 7 Iúil-13 Deireadh Fómhair 1962; athchraolta ag The Rolling Wave, 27 Samhain 2011-4 Márta 2012. Ar fáil ag: http://www.rte.ie/radio1/the-rolling-wave/archive/2010/1230/348351-2011/ [faighte 3 Bealtaine 2015].

Ó Riada, S. (2006) Seán Ó Riada: Mise Éire. Gael Linn ORIADACD03.

Ó Riada, S. (2014) Port na bPúcaí: Previously unreleased keyboard recordings. Gael Linn ORIADACD07.

Tusty, J. agus Tusty, M. (2006) The Singing Revolution. Sky Films Incorporated, le Northern Light Productions agus Allfilm.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2019.
ISSN: 2009-8626