1. Bord Eagarthóireachta
- Tá bord eagarthóireachta ag COMHARTaighde, agus is saineolaithe aitheanta sa réimse iad baill an bhoird. Tá ainmneacha iomlána agus institiúidí na mball ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
- Cuireann COMHARTaighde sonraí teagmhála don oifig eagarthóireachta ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
2. Údair agus Freagrachtaí na nÚdar
- Ní mór d’údair páirt a ghlacadh sa phróiseas piarmheasúnaithe.
- Ní mór do gach údar a bheith freagrach as a gcuid den taighde.
- Ní mór do gach údar aistarraingtí nó ceartúcháin ar earráidí a chur ar fáil, nuair is gá.
- Ní féidir le húdair taighde a chur ar faoi bhráid na hirise má foilsíodh cheana é nó má ghlac iris acadúil eile leis le foilsiú.
3. Próiseas piarmheasúnaithe
- Déantar piarmheasúnú anaithnid ar gach alt de chuid COMHARTaighde faoi dhó (i.e. faightear comhairle ó bheirt phiarmheastóirí, iad ina saineolaithe sa réimse, faoi lámhscríbhinní aonair).
- Cinntítear go mbíonn na breithiúnais oibiachtúil.
- Cinntítear nach mbíonn aon choimhlint leasa i gceist leis na piarmheastóirí.
- Iarrtar ar phiarmheastóirí aird a tharraingt ar shaothair fhoilsithe nach bhfuil luaite sna lámhscríbhinní fós agus iad curtha faoi bhráid na hirise le foilsiú.
- Pléitear leis na hailt phiarmheasúnaithe faoi rún.
4. Eitic fhoilsitheoireachta
- Déanann an foilsitheoir, agus eagarthóirí, COMHARTaighde gach iarracht réasúnta teacht ar agus bac a chur ar pháipéir a fhoilsiú sa chás go raibh mí-iompar i gceist leis an taighde sin.
- Ní spreagfadh COMHARTaighde nó a cuid eagarthóirí a leithéid de mhí-iompar i gcás ar bith, nó ní ligfeadh siad a leithéid de mhí-iompar tarlú i gcomhfhios dóibh.
- Sa chás go gcuirtear an foilsitheoir nó na heagarthóirí de chuid COMHARTaighde ar an eolas faoi líomhain ar bith faoi mhí-iompar sa taighde, tabharfar faoi na líomhaintí sin mar is cóir.
- Foilseoidh COMHARTaighde ceartúcháin, soiléiriú, aistarraingtí agus leithscéalta nuair is gá, agus tá treoracha ar fáil faoi aistarraingtí nó ceartúcháin a dhéanamh ar ailt nuair is gá.
5. Cóipcheart agus Rochtain
- Is de réir CC-BY-NC Creative Commons atá an cóipcheart agus an ceadúnas.
- Tá rochtain oscailte ar an iris seo. Foilsítear gach alt i nGaeilge, chomh maith le hachoimrí agus teidil as Béarla.
6. Cartlannú
- Déantar gach eagrán de COMHARTaighde a ionghabháil i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann (dri.ie), faoi scáth Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, ar mhaithe le cartlannú agus caomhnú fadtéarmach ábhar na ríomhirise.
7. Úinéireacht agus bainistíocht
- Foilsíonn COMHAR (www.comhar.ie), agus bord stiúrtha an chomhlachta, COMHARTaighde. Luaitear é seo go sonrach ar shuíomh gréasáin na hirise.
8. Suíomh gréasáin
- Déantar gach iarracht le cinntiú go mbíonn an caighdeáin eitice agus proifisiúnta is airde ag baint le comhartaighde.ie i gcónaí ó thaobh rochtana agus cosanta sonraí de.
9. Sceideal foilsitheoireachta
- Mar thréimhseachán, foilsítear COMHARTaighde mar iris bhliantúil.
10. Ainm na hirise
- Ainmnítear COMHARTaighde go sainiúil i réimse na hirise, agus ní ainm é gur féidir a mheascadh suas go héasca le hiris eile nó a thabharfadh eolas míthreorach d’údair agus do léitheoirí féideartha faoina bunús ná faoina nasc le hirisí eile.