Cóipcheart

Is mian le COMHARTaighde cosaint a dhéanamh ar shaothar acadúil cuid scríbhneoirí na ríomhirise mar aon le deis a thabhairt don phobal torthaí an léinn a scaipeadh go forleathan.

I dtaca leis na hailt a fhoilsítear ar an suíomh seo, is le scríbhneoir(í) an ailt an cóipcheart. Foilsítear na hailt go léir faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International CC-BY-NC. Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn i gcás gur mian leat ábhar ón ríomhiris a úsáid chun críche d'aon saghas nach dtagann le coinníollacha an cheadúnais sin.

Eagráin 1–5

Foilsíodh na hailt in eagráin 1–5 COMHARTaighde faoi choinníollacha a bhí comhchosúil le coinníollacha cheadúnas CC-BY-NC, cé nár foilsíodh faoin gceadúnas sin iad. Déantar na coinníollacha a shonrú san fhógra cóipchirt ar leathanach an ailt féin. Taispeántar an fógra cóipchirt ar thaobh na láimhe deise den scáileán ar ríomhairí deisce nó faoi bhun theideal an ailt ar ghléasanna móibíleacha.