Ceapadh/roghnú na n‑eagarthóirí

1.0       Forléargas

Cuireadh tús sa bhliain 2015 le hiris acadúil bhliantúil nua agus í sin piarmheasta ag foireann scoláirí ó institiúidí in Éirinn agus thar lear. Foilsítear saothar scolártha den chaighdeán is airde san iris seo, COMHARTaighde, i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge; critic na litríochta agus an chultúir go háirithe. D’fhonn freastal ar phobal domhanda na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, foilsítear an iris ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Creidtear nach bhfuil an iris seo in iomaíocht le haon tréimhseachán aitheanta eile, ach go bhfuil fóram nua piarmheasta á sholáthar aici do thaighdeoirí i réimsí léinn nach bhfuil an oiread sin láithreacha foilsithe ar fáil dóibh faoi láthair. Tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne.

2.0       Seasamh reatha

Tá céim 1 (eagráin 1-2), céim 2 (eagráin 3-5), agus céim 3 (eagráin 7-11) curtha i gcrích. Tosaítear Céim 4 le heagrán 13, agus leanfar leis in eagráin 14 & 15, agus is féidir go n-áireofaí eagráin 16 & 17 leis an gcéim seo freisin, de réir chinntí na n-eagarthóirí. Seasfaidh eagrán 12, ar aon dul le heagrán 6, ina eagrán speisialta aon-uaire.

3.0       Critéir

Tugann bord stiúrtha COMHAR faoi phróiseas le teacht ar an rogha eagarthóirí do phainéal eagarthóirí nua. Tosaíonn sé seo sa bhliain dheireanach de théarma aon phainéil. Cuimhnítear ar na critéir agus na toscaí seo a leanas:

  • cothroime inscne;
  • cothroime aoise/taithí (scoláire sinsearach; scoláire meánghairmeach; scoláire sóisearach, más féidir etc);
  • cothroime institiúide;  
  • cothroime réimsí léinn;
  • caighdeán ard Gaeilge;
  • tuiscint ar leithéad an réimse (i.e. an Ghaeilge chomhaimseartha agus ábhar ó thréimhsí eile freisin);
  • tuiscint agus caolchúis liteartha;
  • intinn leathan oscailte;
  • tuiscint ar mheáin nua chumarsáide agus a bheith in ann leas a bhaint astu;
  • a bheith sochaideartha, i.e. aithne a chur ar dhaoine agus a bheith in ann ábhar a mhealladh uathu;
  • scileanna eagarthóireachta agus bainistíochta;
  • a bheith ann a bheith ag plé le comheagarthóirí eile i bhfoireann;
  • eolas agus aithne ar an bpobal léitheoirí.

sa rogha a dhéantar, cuirtear san áireamh freisin:

  • Comhairle ón mbord comhairleach idirnáisiúnta eagarthóireachta;
  • Tuisicint tuairiscithe leis an mbord stiúrtha;  
  • Leanúnachas inmhianaithe ó phainéal amháin eagarthóirí amháin go painéal eile;  
  • Ceangal institiúideach tríú leibhéal inmhianaithe ag gach duine de na heagarthóirí;
  • Gan painéal eagarthóirí a cheapadh do dhá théarma as a chéile.

4.0       Breithmheas seachtrach

Cuirtear an moladh painéil os comhair mheasúnóra shinsearaigh i saol léann na Gaeilge.

5.0       Ainmniúchán

Scríobhtar chuig scoláire sinsearach an phainéil úir i dtosach, agus deimhnítear a rannpháirtíocht; agus é sin déanta, leantar ar aghaidh sa tsraith chuig an scoláire meánghairmeach etc. Bainfidh an ceapachán le trí eagrán i dtosach, agus is féidir síneadh a chur leis sin, de dhá eagrán eile, ar thoil na n-eagarthóirí féin i gcomhairle leis na heagarthóirí eile.

Ó tharla go mbeidh bord stiúrtha COMHAR freagrach as COMHARTaighde a fhoilsiú, is féidir go gceapfaí comhairleoir eagarthóireachta mar idirghabhálaí idir an bhuíon eagarthóireachta agus an bord stiúrtha.

6.0       Athnuachan

Tá sé i gceist go ndéantar painéal nua eagarthóirí a cheapadh ar a laghad gach cúigiú bliain.