One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022

John Walsh

Peter Lang (2022) | 372 lch | ISBN: 978-1-78997-892-6 | €35

1 Tionscnamh dúshlánach é tabhairt faoi chéad bliain de bheartas teanga an stáit a phlé in aon imleabhar amháin agus, dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le rogha na dtéamaí a bheadh á bplé agus leis an modheolaíocht a chleachtfaí ina leithéid de shaothar. Sa leabhar seo, díríonn John Walsh ar chúig mhórthéama a aithneofar go forleathan mar théamaí tábhachtacha i scéal na Gaeilge: cainteoirí (patrúin chumais agus úsáide na Gaeilge); an Ghaeltacht (mar fheiniméan agus mar láthair bheartais); an t-oideachas (ionad na Gaeilge sa chóras agus a thábhacht i gcomhthéacs an bheartais trí chéile); an reachtaíocht (stádas dlíthiúil na Gaeilge) agus an chraoltóireacht (ionad na Gaeilge i gcúrsaí raidió agus teilifíse).

2 I réamhrá an leabhair tarraingítear ár n-aird ar ghnéithe den saol nár mhór a chur san áireamh agus stádas teangacha á phlé sa lá atá inniu ann. Sin iad: an tsoghluaisteacht; athruithe i struchtúir theaghlaigh agus i ról an teaghlaigh i seachadadh an chultúir; an nascthacht dhigiteach agus a héifeacht ar choincheap an phobail; agus an pholaitíocht nualiobrálach. Is ábhair iad seo a phléitear i bhfoilseachán tábhachtach a chuir Huw Lewis agus Wilson McLeod in eagar le déanaí agus a bhfuil caibidil ag údar an leabhair seo ann: Language Revitalisation and Social Transformation (2021). Cé go mbaineann na hábhair seo leis an tsochaí chomhaimseartha go háirithe, seachas leis an tréimhse céad bliain atá faoi chaibidil sa leabhar atá á léirmheas anseo, ba leor iad a lua chun feasacht an léitheora a mhúscailt ón tús maidir le castacht na gcomhthéacsanna sóisialta agus idé-eolaíochta ina dtugtar faoi bheartais athréimnithe teanga a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Ní díreach suirbhé ginearálta ar fhearann an bheartais atá sa leabhar seo, dar liom, ach iarracht uaillmhianach ar an léitheoir a tharraingt isteach sna próisis ghabhlánacha pholaitiúla a bhain, agus a bhaineann i gcónaí, le ceapadh agus le feidhmiú bheartais teanga an stáit.

3 Is é an cur chuige a chleachtar sna caibidlí lárnacha ná cuntas ginearálta a thabhairt i dtosach ar na príomhtharluithe ó thaobh beartais de sa réimse atá i gceist, agus ansin cás-staidéar an-mhion a chur i láthair a thugann léargas ar chastachtaí an scéil ag tréimhse ar leith. Tá na cás-staidéir bunaithe ar thionscnaimh thaighde a chuir John Walsh i gcrích thar na blianta agus tugann rogha na n-ábhar sárléargas ar raon a chuid scoláireachta agus ar ilghnéitheacht na bhfoinsí eolais agus na lionsaí anailíse atá ar fáil do shochtheangeolaithe na Gaeilge. Gné shuaithinseach de chuid an leabhair is ea an éagsúlacht modheolaíochta a bhaineann leis na cás-staidéir seo – ó mhionanailís ar cháipéisí ilchineáil stáit agus eagraíochta, go dtí obair ghoirt, suirbhéanna agallaimh agus fócasghrúpaí i réimse na meán cumarsáide.

4 Is fearr breathnú ar an gcéad dá chaibidil i dteannta a chéile mar baineann ceist na gcainteoirí go dlúth le coincheap na Gaeltachta mar phobal teanga. I gCaibidil 1, féachann an t-údar ar an bhfianaise staitistiúil daonáirimh agus ar thorthaí suirbhéanna acadúla agus státurraithe maidir le cumas agus úsáid na Gaeilge go náisiúnta. Sa chás-staidéar, díríonn sé ar Ghaeltacht na nDéise: ar úsáid na teanga sa cheantar beagnach céad bliain ó shin, nuair a d'áirigh Coimisiún na Gaeltachta 1925-1926 mar cheantar breac-Ghaeltachta é; agus ar na dúshláin atá roimh iarrachtaí pleanála teanga sa cheantar sa lá atá inniu ann. Foinse luachmhar don luath-thréimhse is ea dialanna an bhailitheora béaloidis Nioclás Breatnach a thugann an-léargas ar staid na teanga sa réigiún sna 1930idí, agus go háirithe ar an speictream cumais agus an éagsúlacht meoin agus cleachtais i measc an phobail ag an am sin. Agus Walsh ag féachaint ar an gcomhthéacs comhaimseartha, míníonn sé an struchtúr agus an próiseas pleanála teanga a d’eascair as obair Choimisiún na Gaeltachta 2002 agus tarraingíonn sé ar thorthaí suirbhé a rinneadh i measc an phobail mar bhunús don phróiseas sna Déise. Teanga mhionlaigh í an Ghaeilge sa réigiún anois – 'approximately one-third of the population of Gaeltacht na nDéise uses Irish regularly, often in combination with English, with the remaining two-thirds using English for the most part or exclusively' (64) – ach aithníonn an cás-staidéar seo gur cuid shuaithinseach den fhéiniúlacht áitiúil i gcónaí an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge (65). Ní haon iontas, más ea, gur cuireadh béim ar chúrsaí cultúir, ealaíne agus ceoil agus straitéisí athréimnithe teanga á mbeartú. Aithníonn an cás-staidéar cúrsaí tithíochta mar mhór-réimse deacrachta don phróiseas pleanála teanga sa réigiún, áfach, agus léiríonn an mionphlé ar an gceist sin sa chaibidil seo cé chomh mór agus atá an próiseas dlúthfhite leis an gcóras geilleagair agus i dtuilleamaí tacaíochta ó na comhlachtaí stáit atá freagrach as forbairtí bonneagair. Agus é ag trácht ar fhorbairtí tithíochta, cuireann Walsh a mhéar ar bhunfhadhb atá le haithint sna ceantair Ghaeltachta ar fad:

This aspect of physical development cuts to the heart of the language planning process as it throws into stark relief the challenges in protecting an endangered language in contexts where neoliberal approaches hold sway and where there is little appetite for interventionism to control the market (68).

5 Cé go luaitear ‘the porosity of the Gaeltacht’ (57) go sonrach i gCaibidil 1, is é sainiú tíreolaíoch na Gaeltachta mar réigiún teangeolaíoch atá faoi thrácht i gCaibidil 2. Díríonn an cás-staidéar sa chaibidil seo ar obair Choimisiún na Gaeltachta 1925-1926, agus ar na moltaí ó thaobh beartais de a rinneadh i dTuarascáil an Choimisiúin. Díol suntais gur fir amháin a bhí mar bhaill den Choimisiún, nach raibh ach bean amháin i measc an 100 duine ar bhailigh an Coimisiún eolas uathu, agus gur líonmhaire i bhfad na baill ó Chúige Mumhan ná ón dá chúige eile a raibh pobail láidre Ghaeilge iontu ag an am. Tagann mórthéama de chuid an leabhair chun tosaigh sa phlé ar na moltaí a rinne Coimisiún na Gaeltachta, moltaí uaillmhianacha a chuimsigh réimsí an oideachais, an riaracháin agus na forbartha socheacnamaíche. Moladh go mbunófaí aireacht ar leith a bheadh freagrach as comhordú beartais, tharla go mbeadh réimse ilghnéitheach gníomhaíochta i gceist. Níor glacadh leis an moladh sin. Ina ionad, is amhlaidh a ceanglaíodh 'seirbhísí Gaeltachta' leis an Roinn Iascaigh agus bhí ar phobail na gceantar a sainíodh mar cheantair Ghaeltachta sa bhliain 1926 fanacht tríocha bliain go dtí gur bunaíodh Roinn ar leith Gaeltachta sa bhliain 1956. Aithníonn Walsh gur laige a bhí anseo ón tús. Níl ann ach an chéad léiriú, áfach, ar an mbearna a bhíodh ann go minic idir moltaí faoi bheartais a dhéanfadh sainghrúpa comhairleach, agus an beartas a cheapfadh an rialtas ina dhiaidh sin. Cé go maíonn Walsh gur féachadh ar an nGaeltacht i dtéarmaí eacnamaíochta seachas i dtéarmaí teangeolaíochta agus cultúir, d'fhéadfaí a mhaíomh gurbh í an laige polasaí ba mhó ón tús ná nár cuireadh clár forbartha cuimsitheach eacnamaíoch i bhfeidhm. Níor aithníodh nasc idir cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí cultúir agus ní dhearnadh infheistíocht i gcóras oideachais sa Ghaeltacht a chuideodh leis an bpobal straitéisí forbartha dá gcuid féin a cheapadh.

6 Cé gur bunaíodh aireacht sa bhliain 1956, léiríonn stair ionad na Gaeltachta i struchtúr rannach an státchórais ó shin i leith a neamhsheasmhaí is a bhí tuiscintí polaitiúla ar chúram na Gaeltachta. Nascadh freagrachtaí Gaeltachta ag tréimhsí éagsúla le gnóthaí náisiúnta pobail, tuaithe agus oileán, nó le cúraimí náisiúnta ealaíne, cultúir agus oidhreachta, ach is iondúil gur mar fhreagracht fo-rannóige a caitheadh léi seachas mar lárchúram aireachta le feidhm chomhordaithe agus cumhachtaí cuimsitheacha, mar a moladh. Ní fhéachann Walsh leis an stair sin a rianadh sa leabhar ach, tríd an mionphlé ar obair Choimisiún na Gaeltachta agus ar an bhfreagra a fuair a chuid moltaí ó ranna éagsúla stáit ag an am, tarraingíonn sé isteach i gceartlár an chórais cinnteoireachta sinn. Luann sé easpa taithí agus easpa tuisceana polaiteoirí ar bheartas teanga agus leagann sé béim ar an gcultúr polaitiúil lárnach agus coimeádach a bhí i réim agus rialtais ag díriú ar mhórdhúshláin eacnamaíocha na tréimhse.

7 Ba é oidhreacht bhuan Choimisiún na Gaeltachta gur bhunaigh sé tuiscint thíreolaíoch ar an nGaeltacht mar cheantar, tuiscint a raibh éifeacht fhadtéarmach aici ar mheon an phobail agus ar bheartas teanga an stáit. Rinneadh athshainiú agus athmhapú ar an nGaeltacht sna 1950idí; tugadh aitheantas Gaeltachta do roinnt ceantar beag tuaithe eile ina dhiaidh sin; agus rinneadh mionmhapú ar na ceantair Ghaeltachta arís mar chuid den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (Ó Giollagáin et al, 2007). Sílim gur trua nár bhain Walsh níos mó úsáide as léarscáileanna sna caibidlí tosaigh seo. Níl ach léarscáil amháin sa leabhar ar fad, an léarscáil ar leathanach 30 a léiríonn na limistéir Ghaeltachta, na bailte seirbhíse agus na líonraí atá aitheanta mar limistéir phleanála teanga faoin reachtaíocht Gaeltachta is déanaí. Bheadh léarscáileanna Choimisiún na Gaeltachta 1926 agus roinnt léarscáileanna níos comhaimseartha a léireodh leibhéil chumais agus leibhéil úsáide na teanga ar bhonn náisiúnta ina chuidiú do léitheoirí, agus go háirithe do léitheoirí idirnáisiúnta nach mbeadh samhail thíreolaíoch ar bith acu den Ghaeltacht. Ar an gcaoi chéanna, chuideodh roinnt bheag táblaí nó léaráidí mar léirithe físiúla ar chuid den fhaisnéis staitistiúil.

8 Más iad luathbhlianta an stáit is mó atá i gceist sna caibidlí tosaigh, díríonn Caibidil 3 ar na mórathruithe i mbeartas teanga an stáit sna 1960idí agus sna 1970idí, le béim ar leith ar chúrsaí oideachais. Tosaíonn an chaibidil le cuntas ar an nGaeilge sa chóras oideachais i mblianta tosaigh an stáit, nuair a bhí fealsúnacht na hathbheochana mar bhonn don bheartas. Ansin ríomhtar na hathruithe a lean tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge 1963: an t-athrú treo ó reitric athbheochana go dtí reitric an dátheangachais sa Pháipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge 1965 agus na hathruithe praiticiúla i stádas oifigiúil na teanga a lean sna blianta ina dhiaidh sin (nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas pas a fháil sa Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta agus nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge do cheapacháin státseirbhíse sa bhliain 1973). Ní haon ionadh gur minic a bhreathnaíonn tráchtairí Gaeilge ar an tréimhse seo mar thréimhse chinniúnach i stair na teanga. De réir mar a baineadh tacaíochtaí tábhachtacha ag leibhéal an státchórais, is amhlaidh a thosaigh gluaiseachtaí ón mbonn aníos ag éileamh seirbhísí ar bhonn cearta sna ceantair Ghaeltachta agus taobh amuigh díobh. Seo tréimhse Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus tréimhse bhunú na gcomharchumann forbartha Gaeltachta; seo tústréimhse ghluaiseachtaí na Gaelscolaíochta agus na réamhscolaíochta lán-Ghaeilge, gluaiseachtaí ar éirigh leo seirbhísí tábhachtacha a chur ar fáil do phobal na teanga sna blianta ina dhiaidh sin. In ionad díriú ar aon cheann de na gluaiseachtaí pobail sin mar chás-staidéar don chaibidil seo, is amhlaidh a roghnaigh Walsh Comhairle na Gaeilge, grúpa saineolaithe a raibh teangeolaithe gairmiúla ina measc, a bunaíodh sa bhliain 1969 chun comhairle a chur ar an rialtas maidir le beartas teanga. Trí mhionstaidéar a dhéanamh ar chur chuige agus ar fhoilseacháin an ghrúpa chomhairligh seo, éiríonn le Walsh gné den scéal nach bhfuil cíortha mórán go dtí seo a scrúdú: teacht chun cinn ról na teangeolaíochta gairmiúla i bhforbairt an bheartais.

9 Rianaíonn sé scéal bhunú Institiúid Teangeolaíochta Éireann sa bhliain 1965 agus tústréimhse achrannach na heagraíochta sin. Pléann sé obair cheannródaíoch an Choiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge a bhunaigh Comhairle na Gaeilge sa bhliain 1970, an chéad iarracht chórasach le taighde eolaíochtúil a dhéanamh faoi mheon an phobail faoin nGaeilge. Ar phríomhchuspóirí an taighde sin, bhí eolas a bhailiú ar éifeacht an bheartais teanga go dtí sin agus meon an phobail maidir le treochtaí an bheartais a mheas. Déanann sé mionscagadh ar na moltaí cuimsitheacha a rinne Comhairle na Gaeilge féin i sraith foilseachán tábhachtach, moltaí a bhí bunaithe ar choincheap sochtheangeolaíoch an débhéascna agus ar an smaoineamh gurb é cuspóir an bheartais an dátheangachas sochaíoch a bhaint amach ar mhúnla an débhéascna. Ina measc, bhí moladh go mbunófaí Bord reachtúil a bheadh freagrach as comhordú an bheartais náisiúnta i leith na teanga, agus moladh go mbunófaí Údarás Gaeltachta mar shaineagraíocht forbartha. Bhain an-chuid de na moltaí le hearnáil an oideachais, ón réamhscolaíocht go dtí an ollscolaíocht, agus chuimsigh siad teagasc agus foghlaim na teanga féin, teagasc ábhar eile trí mheán na Gaeilge, an páirt-tumoideachas agus oiliúint múinteoirí. Cé nár cuireadh cuid mhaith de na moltaí a rinne an Chomhairle i bhfeidhm, déanann Walsh léamh dearfach go maith ar a hoidhreacht fhadtéarmach. B’fhéidir gurb é an tábhacht is mó a bhaineann léi i stair an bheartais ná gur aithníodh go bhféadfadh ról a bheith ag teangeolaithe gairmiúla agus ag an taighde teangeolaíoch sa phróiseas. Níor beachtaíodh an ról sin go soiléir riamh, áfach, agus ó cuireadh deireadh le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann in 2003, is i gcomhthéacs ollscoile atá teangeolaithe na Gaeilge ag plé le taighde ar chúrsaí beartais agus rialúcháin. Déantar taighde teangeolaíochta a choimisiúnú ó am go chéile anois, go háirithe i réimse an oideachais teanga, ach is annamh a mhúnlaítear an beartas ar na moltaí a dhéanann lucht taighde. Dá mba rud é gur tugadh éisteacht don taighde teangeolaíoch, bheifí tar éis teacht i dtír ar an tacaíocht phobail a léiríodh i suirbhéanna éagsúla thar na blianta d’fhonn aghaidh a thabhairt go misniúil ar na laigí córais atá aitheanta le fada.

10 Baineann Caibidil 4 den leabhar le stádas reachtúil na Gaeilge agus díríonn an cás-staidéar ar fheachtas fada Chonradh na Gaeilge ar son Acht Teanga. Arís, trí chíoradh mionchúrsach ar argóintí agus ar straitéisí stocaireachta an Chonartha thar tréimhse tríocha bliain go dtí rith an Acht Teanga 2002, agus ar na forbairtí eile ag leibhéal na reachtaíochta a tharla ó shin (stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach san áireamh) feictear an chaoi a raibh éilimh phobal na Gaeilge tar éis bogadh ó dhioscúrsa an náisiúnachais chultúrtha go dtí dioscúrsa na gcearta mionlaigh agus friotal nua dlíthiúil á chur ar riachtanais an phobail. Gnéithe suntasacha den athrú cur chuige sa tréimhse atá i gceist ná gairmiúlú na stocaireachta polaitiúla a bhí ar siúl ag pobal na Gaeilge agus tionchar forbairtí agus gluaiseachtaí teanga mionlaigh go hidirnáisiúnta ar an ngníomhachas polaitiúil. Cé nach ndéantar cíoradh cuimsitheach ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chaibidil seo, tagann an tseancheist maidir leis an mbearna idir stádas de jure agus stádas de facto na teanga isteach sa scéal agus aithnítear na gnáthlaigí timpeall ar ‘the key question of implementation’ (247).

11 Ceist arbh fhiú go mór d’údar an leabhair seo – nó do thaighdeoirí eile – filleadh uirthi is ea éifeacht obair an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana ar thuiscintí pobail agus polaitíochta ar an nGaeilge sa tréimhse atá i gceist. Ghlac pobal na Gaeilge páirt shuntasach in obair an Bhiúró ar feadh na mblianta agus bhíodh forlíonadh faoi chúrsaí Eorpacha á fhoilsiú go rialta sa mhíosachán Comhar. San fheachtas ar son stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, áfach, is mar theanga náisiúnta a bhí cás na Gaeilge á chur chun cinn agus, in ainneoin athrú treo san fheachtasaíocht agus sa ghníomhachas pobail, tá polaitíocht na teanga fós ag tarraingt ar thuiscintí seanbhunaithe ar an náisiúnstát. An mar cheist náisiúnta nó mar cheist mhionlaigh a phléifear stádas reachtúil na Gaeilge – gan trácht ar a hionad mar chroí-ábhar sa chóras oideachais – i gcomhthéacs na díospóireachta polaitiúla faoi Éire Aontaithe? Is ceist í sin nach bhfuil cíoradh ar bith déanta uirthi go fóill, mar a mheabhraíonn Walsh dúinn roimh dheireadh an leabhair seo.

12 Baineann an chaibidil dheireanach le hionad na Gaeilge i gcúrsaí craoltóireachta ó bunaíodh an stát. Pléitear áit na teanga sa tseirbhís náisiúnta raidió a bunaíodh i gcéadbhlianta an stáit; an feachtas ar son raidió Gaeltachta ag tús na 1970idí, ionad na Gaeilge in RTÉ, bunú Teilifís na Gaeilge/ TG4 agus craoltóireacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Ansin díríonn an cás-staidéar ar dhá raidió pobail a tháinig ar an saol ó na 1990idí i leith, Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Arís tugann an chaibidil seo an-léargas ar an dua a bhain le seirbhísí craoltóireachta Gaeilge a éileamh agus a bhuanú do phobal na Gaeilge agus ar an athrú treo ón ionchas go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ón gcraoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí go dtí éilimh ar shainseirbhísí a bheadh dírithe ar phobal na teanga.

13 Tugann an cás-staidéar isteach i réimse an ghníomhachais teanga sinn, agus rianaítear an chaoi ar tháinig grúpaí Gaeilgeoirí i dtír ar dheiseanna a chruthaigh an reachtaíocht nua craoltóireachta ag deireadh na 1980idí. Leagann Walsh an-bhéim ar na tionscnaimh raidió pobail seo mar thionscnaimh cothaithe pobail, agus pléann sé na deiseanna teagmhála, cumarsáide agus caidrimh a chruthaigh siad do Ghaeilgeoirí cathrach. Mar thoradh ar thaighde goirt i measc oibrithe deonacha Raidió na Life, déanann sé idirdhealú idir cuspóir teanga lucht bunaithe an stáisiúin – ‘to build the community of Irish speakers’ (284) – agus feidhm shóisialta an stáisiúin i súile na rannpháirtithe deonacha. Ba léir nach i dtéarmaí an athréimnithe teanga a shamhlaigh formhór na gcraoltóirí deonacha tábhacht an raidió dóibh féin go pearsanta, ach d’fhéadfaí an fhianaise a léamh ar a mhalairt de chaoi freisin: gur an-léiriú ar rath na hiarrachta a neamhchomhfhiosaí agus a bhí rannpháirtithe ar ról an raidió mar ghléas forbartha pobail. Níor chóir go mbeadh ar gach cainteoir mionteanga a bheith ina ghníomhaí comhfhiosach teanga agus, go háirithe i gcás daoine óga, is é an normalú a bhaineann le deiseanna úsáide i réimsí sainspéise dá gcuid féin a chinnteoidh go mbeidh siad sásta Gaeilge a labhairt agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol cultúrtha agus sóisialta na teanga. B’fhéidir go n-aithníonn Walsh é seo freisin nuair a deir sé: ‘The net result is arguably the attainment of the original aims, although this appears to have happened in a spontaneous rather than a planned fashion on the part of the volunteers’ (285).

14 Pléitear scéal Raidió Fáilte i mBéal Feirste i gcomhthéacs mheon neamhspleách phobal Gaeilge na cathrach a raibh cleachtadh acu ar a bheith ag freastal ar a gcuid riachtanas féin de cheal tacaíocht stáit. Luaitear an ‘ “just do it” mentality of Irish language activists in West Belfast’ (303), rud a bhí le feiceáil roimhe sin i réimsí an oideachais, na tithíochta agus an chultúir i gcoitinne. Gné shuimiúil de scéal na raidiónna pobail is ea an fhealsúnacht láidir ionchuimsitheach a léiríonn siad maidir le rannpháirtíocht pobail. Luaitear rannpháirtithe de chúlra inimirceach i gcás Raidió na Life (agus cláir á gcraoladh i dteangacha iasachta nó go dátheangach) agus rannpháirtithe ó chúlra aontachtach i Raidió Fáilte, rud a bhréagnaíonn an tsamhail mhíchruinn den Ghaeilge mar theanga náisiúntóirí amháin.

15 Snáithe atá ag rith tríd an leabhar seo ó thús deireadh is ea an gaol idir léamha agus tuiscintí ar staid na teanga taobh istigh de phobal na Gaeilge agus an chaoi a ndéileáiltear leis na léamha agus na tuiscintí sin ag leibhéal an bheartais stáit. Léiríonn na cás-staidéir go háirithe go mbíonn bearna mhór go minic idir an beartas, agus é á mhúnlú, á cheapadh agus á chur i bhfeidhm ag leibhéal an stáit, agus tuiscintí agus mianta phobal labhartha na Gaeilge, nó sochaí shibhialta na Gaeilge, mar a thugann Walsh air. Is fíor go bhfuil pobal na Gaeilge tar éis teacht i dtír ar dhioscúrsa na gcearta mionlaigh, go bhfuil gairmiúlú déanta ar a gcumas stocaireachta, agus go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta acu maidir le stádas reachtúil agus soláthar sainseirbhísí i réimsí an oideachais agus na craoltóireachta. Ach cad atá i ndán don bheartas san am atá amach romhainn agus cén ról a bheidh ag saineolaithe sochtheangeolaíochta acadúla ar an mbeartas? Tá Walsh dearfach go leor faoi éifeacht fhadtéarmach obair Chomhairle na Gaeilge sa mhéid is gur cuireadh moltaí áirithe dá gcuid i bhfeidhm de réir a chéile, ach d’fhéadfaí breathnú ar an bhfreagra mall a tugadh ar mholtaí áirithe agus ar an neamhshuim a rinneadh de mholtaí eile mar shamplaí den easpa éifeachta a bhíonn ag saineolas teangeolaíoch ar phróisis chinnteoireachta polaiteoirí. Agus é ag tagairt don Choiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge, aithníonn Walsh an treocht ghinearálta: ‘stakeholders were given greater input into decisions’ (309). Ach ní léir go bhfaigheann pobal na Gaeilge (nó a gceannairí pobail, a n-urlabhraithe eagraíochta ná a saineolaithe sochtheangeolaíochta) aon éisteacht ar leith mar ‘stakeholders’, ach iad ag brath ar dhea-thoil an phobail aonteangaigh agus ar ghuagacht an tsaoil pholaitiúil.

16 I gconclúid an leabhair, filleann Walsh ar roinnt de na ceisteanna a dhúisigh sé sa réamhrá. Luann sé modhanna nua rialachais bunaithe ar phrionsabail na páirtnéireachta agus a n-impleachtaí sin do shochaí shibhialta na Gaeilge. Luann sé na ceachtanna atá le foghlaim ag pobal na Gaeilge ón gcomhthéacs agus ón gcomparáid idirnáisiúnta. Luann sé díréigiúnú phobal na teanga, nó an rud a dtugann sé ‘New spatiality of speakers’ air (314). Luann sé an bhéim a chuireann an beartas teanga trí chéile ar an earnáil phoiblí agus an gá atá le dul i bhfeidhm ar an earnáil phríobháideach. Aithníonn sé gur ceist éiceolaíochta atá i gceist thodhchaí na teanga agus nár mhór cur chuige cuimsitheach comhtháite le dul i ngleic léi, léargas a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta sna 1920idí, cé nach i dteanga na héiceolaíochta a cuireadh é. Ní féidir éalú ó cheist na ceannaireachta polaitiúla, áfach. Luann Walsh ‘absence of engagement with the language at the heart of government’ (316) agus síorleochaileacht ionad an bheartais teanga: ‘language policy is vulnerable to the vagaries of changes of government’ (316). Tá éirim a thuisceana ar ról an stáit le fáil i dteideal an ailt leis sa leabhar le Lewis agus Wilson a luaigh mé ag tús an léirmheasa seo: ‘The governance of Irish in the neoliberal age: The retreat of the state under the guise of partnership’ (359).

17 Is leabhar tráthúil tábhachtach leabhar seo Walsh, dar liom. Is léir ó thús deireadh gurb é oidhe na teanga agus rath phobal na teanga is cás leis an údar, ach tá an plé fuarchúiseach agus oibiachtúil agus tuisceanach ar chúinsí rannpháirtithe eile sa dioscúrsa. Cé go bhfuil an-chuid mionsonraí sa leabhar, tá sé scríofa ar bhealach soiléir soléite agus meallann sé an léitheoir i dtreo na bhfoinsí iomadúla atá liostaithe ar chúl an leabhair. Cuirfidh pobal na Gaeilge spéis mhór ann, ach ní orthu siúd amháin atá sé dírithe. Ba chóir go mbeadh sé ina léitheoireacht riachtanach ag polaiteoirí, ag státseirbhísigh shinsearacha, ag iriseoirí agus ag feidhmeannaigh atá ag plé le gné ar bith den bheartas teanga i láthair na huaire. Tá sé foilsithe go slachtmhar ag Peter Lang agus cuireann sé comaoin mhór ar an tsraith speisialta leabhar taighde, Reimagining Ireland.

Máirín Nic Eoin

Saothair a ceadaíodh

Lewis, H. agus McLeod, W. (eag.) (2021) Language Revitalisation and Social Transformation. London: Palgrave Macmillan.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. agus O’Brien, M. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626