Leabhar na Longánach: The Ó Longáin Family and their Manuscripts

Pádraig Ó Macháin agus Sorcha Nic Lochlainn (eag.)

Cló Torna (2018) | vii + 408 lch | ISBN: 978-1-9996859-0-4 | €20

1 Is éard atá sa chnuasach seo ná na páipéir a tugadh ag Comhdháil na Longánach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2015, maille le dhá aiste sa bhreis (le Pádraig de Brún agus le Richard Sharpe, nach maireann). Díríonn na haistí ar ghnéithe fairsinge de shaol, de shaothar agus d’oidhreacht na scríobhaithe Gaeilge ba mhó le rá sa tréimhse iarchlasaiceach, muintir Longáin Chorcaí. Maireann breis agus 450 lámhscríbhinn ó phinn seisear ball den teaghlach sin: Mícheál mac Peadair († 1770), Mícheál Óg (1766–1837), Peadar (1801–c.1860), Pól (1801–1866), Seosamh (1817–1880), agus Mícheál mac Seosaimh (1856–1877). Ba é Breandán Ó Conchúir ba thúisce a thug aitheantas do thábhacht na Longánach ina shaothar ceannródaíoch Scríobhaithe Chorcaí, 1700–1850 (1982), agus rinneadh iniúchadh cuimsitheach orthu ó shin in The Scribe in Eighteenth- and Nineteenth-century Ireland: Motivations and Milieu le Meidhbhín Ní Úrdail (2000). Tógann na haistí sa chnuasach seo ar an scoláireacht sin, agus caitheann siad solas ar líon agus ar shaibhreas na bhfoinsí a bhfuil ransú le déanamh go fóill orthu. Deich n‑aiste ar fad atá ann (seacht gcinn le fir agus trí cinn le mná), agus is i mBéarla a scríobhadh a bhformhór (seacht gcinn as deich gcinn). Pléifear na haistí thíos san ord inar foilsíodh iad.

2 An comhthéacs stairiúil ina raibh na Longánaigh i mbun pinn is ábhar don aiste ‘Carrignavar and the McCarthy Spáinneach Family’ le John Mulcahy. Leagtar amach an ceantar ar a dtugann an t‑údar ‘Ó Longáin country’ ag tús na haiste: an fearann sin idir Paidhc na gCiarraíoch, Gleann Maghair agus an Teampall Geal. Is ar Charraig na bhFear, atá suite i lár an triantáin sin, agus mar ar shocraigh muintir Longáin ag tús na 1760idí, a dhírítear san aiste. Tugtar le tuiscint gur chuir iompú na dtiarnaí talún — muintir Mhic Charthaigh Spáinneach — ina bProtastúnaigh luas le meath na gcúirteanna filíochta agus leis na hathruithe sóisialta a thit amach sa cheantar sin sa dara leath den ochtú haois déag. Is i gcomhthéacs fhoréigean na mBuachaillí Bána, scaipeadh smaointeoireacht na nÉireannach Aontaithe, chorraíl sheicteach na mblianta 1822–23, agus an Ghorta Mhóir féin a léirítear an domhan inar mhair muintir Longáin. Tarraingíonn an t‑údar ar thuairiscí comhaimseartha le scéal spéisiúil Charraig na bhFear a insint ach, cé is moite de chorrthagairt thall is abhus, is ar éigean a luaitear na Longánaigh féin san insint.

3 Déanann Pádraig de Brún iniúchadh cuimsitheach, cáiréiseach ar shaol agus ar shaothar Mhíchíl mhic Pheadair, ‘sinsear na scuaine’, sa dara haiste sa chnuasach seo. Déanann sé scagadh cúramach ar réimse leathan foinsí agus é ag iarraidh coiscéimeanna an scríobhaí a rianú agus é ‘ar deoraíocht’ óna bhaile dúchais sa Ghleann i gContae Luimnigh. I measc na bhfoinsí sin tá an fhilíocht chomhaimseartha, seanchas áitiúil, lámhscríbhinní an scríobhaí féin agus lámhscríbhinní a shleachta. Insítear dúinn gur chaith Mícheál mac Peadair seal i nGleann Bearcáin ag saothrú lámhscríbhinní do mhuintir Shúilleabháin, gur chaith sé tréimhse eile i mBaile Átha Cliath agus, tamall éigin ina dhiaidh sin arís, i nDroichead na Bandan. Déanann de Brún tuairimíocht thomhaiste maidir le cén uair ar lonnaigh sé i mBéal Átha Maghair i gCarraig na bhFear ar deireadh thiar. Bhí an tEaspag Seán Ó Briain i measc na bpátrún a bhí aige agus déantar cur síos anseo ar ról Mhíchíl sa chonspóid faoi ghinealach Dhomhnaill Uí Bhriain (1638–1759), Iarla Leasa Mhóir. Luaitear na téacsanna sin nach mbeadh tagtha slán d’uireasa Mhíchíl, agus más mó aitheantas atá tugtha ag scoláirí dá mhac, Mícheál Óg, go nuige seo, leagtar béim anseo ar an gcomaoin faoina bhfuil lucht léinn na Gaeilge ag sinsear an teaghlaigh.

4 Achoimre den scoth ar shaol agus ar shaothar na Longánach is ea aiste Mheidhbhín Ní Úrdail, ‘An Ghaeilge do choiméad ar bun agus ar buaintseasamh: The exceptional case of the Ó Longáin family of scribes’. Tá an aiste seo roinnte ina codanna éagsúla. Dírítear sa chéad chuid ar ról tábhachtach an teaghlaigh i seachadadh agus i gcaomhnú téacsanna. I measc na dtéacsanna atá ar fáil go huathúil i lámhscríbhinní mhuintir Longáin tá dán leis an bhfile mór clasaiceach Fearghal Óg Mac an Bhaird, dhá dhán le Piaras Feiritéir, agus finné neamhspleách den tráchtas gramadaí IGT V. Níor leasc le muintir Longáin eagarthóireacht a dhéanamh ar théacsanna agus a rian féin a fhágáil orthu agus, mar is dual di, cuireann Ní Úrdail an ghné dhinimiciúil, chruthaitheach seo de cheird an scríobhaí sa tréimhse iarchlasaiceach ar ár súile dúinn. Achoimrí ar bheathaí agus ar shaothair na scríobhaithe féin atá sna codanna eile den aiste, agus pléann Ní Úrdail ina cheann agus ina cheann iad. Is ar fhianaise a gcuid lámhscríbhinní a tharraingíonn Ní Úrdail le scéal na Longánach a insint, agus díríonn sí go háirithe ar na colafain iomadúla a bhreac siad le mionsonraí a saoil laethúil — agus an cruatan a bhain leis go minic — a thabhairt chun solais. Léiriú í an aiste seo ar shaineolas an údair ar an ábhar atá idir lámha aici, ach is i stíl shoiléir, shothuigthe a scríobhadh í a d’fhreastalódh ar an léitheoir ginearálta chomh maith céanna leis an speisialtóir.

5 Is mar fhile is mó a tugadh aitheantas do Mhícheál Óg Ó Longáin i scoláireacht an fichiú haois, agus is ar a dhánta polaitiúla, a dhánta grá agus a fhilíocht chráifeach a dhírigh an scoláireacht sin den chuid is mó (Ó Donnchadha 1910; 1914; 1919; Ó Raithile 1917). Tugann Breandán Ó Conchúir blas dúinn ar chineál eile véarsaíochta a chleacht sé san aiste ‘Dánta Comhfhreagrais Mhíchíl Óig’. Ba nós le Míchéal Óg teachtaireachtaí i bhfoirm filíochta (rann amháin, go minic) a sheoladh chuig cairde agus lucht aitheantais, agus tá cothrom is 200 ‘dán’ dá leithéid ar marthain. Cuirtear roinnt solaoidí ar fáil san aiste seo, iad leagtha amach ó thaobh téama de faoi cheannteidil éagsúla. Cé nach bhféadfaí a áitiú go bhfuil mórán d’fhiúntas liteartha ag baint leis na rainn seo, is cinnte go dtugann siad léargas luachmhar dúinn ar ghnéithe éagsúla de shaol laethúil Mhíchíl Óig. I measc na n‑ábhar a ndéantar plé orthu iontu tá leabhair a thabhairt agus a fháil ar iasacht, meath na Gaeilge, an mhúinteoireacht agus an bhochtaineacht. Sampla deas is ea an teachtaireacht a sheol Mícheál Óg chuig cara leis, Donnchadh Ó Floinn, ag gearán faoi radharc a shúl, agus an freagra a fuair sé uaidh ag rá go raibh péirí spéacláirí ceannaithe ag Donnchadh dó. Insíonn Ó Conchúir dúinn go bhfuil na solaoidí a thugann sé ‘bunaithe ar hátagraif’, ach ba dheas dá mbeadh plé níos leithne déanta aige ar a mhodh eagarthóireachta.

6 Tháinig athrú ar ghairm an scríobhaí sa dara leath den naoú haois déag nuair a thosaigh na hinstitiúidí léinn ag teacht in áit na mbailitheoirí agus na bpátrún indibhidiúil, agus tá an t‑athrú sin le feiceáil i ngairm Sheosaimh (mhic Mhíchíl Óig). Más ar an múnla traidisiúnta a thosaigh sé i mbun a cheirde (agus leithéidí John Windele agus an tEaspag Ó Murchú i measc na bpátrún a bhí aige), chaith Seosamh na cúig bliana déag dheireanacha dá shaol ag obair mar scríobhaí Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. An tréimhse seo dá shaol atá faoi chaibidil in ‘Seosamh Ó Longáin and the Royal Irish Academy’ le Siobhán Fitzpatrick. Téann Fitzpatrick ag ransú i dtuairiscí chruinnithe Chomhairle agus choiste lámhscríbhinní an Acadaimh le cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar an obair a bhí idir lámha ag Seosamh ann. Insítear dúinn gur fostaíodh Seosamh sa bhliain 1865, agus 100 punt sa bhliain mar thuarastal aige. Le cois an chatalógú agus an innéacsú a rinne sé ar lámhscríbhinní Gaeilge an Acadaimh, rinne sé tras-scríbhinní ar leabhair thábhachtacha ar nós Leabhar na hUidhre, an Leabhar Breac agus Leabhar Laighean. Insítear dúinn go raibh sé ag obair ar Leabhar Bhaile an Mhóta nuair a bhásaigh sé go tobann sa bhliain 1880. Aiste dhea-scríofa, shuimiúil í seo, a léiríonn an dlúthbhaint a bhí ag muintir Longáin leis an Acadamh, mar a bhfuil breis agus 230 dá gcuid lámhscríbhinní ar caomhnú inniu.

7 B’ársaitheoir, scoláire agus bailitheoir lámhscríbhinní aitheanta é John Windele (1801–1865), agus is eisean is ábhar d’aiste Joan E. Rockley, ‘John Windele’. Bhí spéis ar leith ag Windele i gcultúr agus i stair na hÉireann agus insítear anseo dúinn go mba mhinic ina idirghabhálaí é idir scríobhaithe Chorcaí (muintir Longáin ina measc) agus ársaitheoirí na cathrach. Tá comhfhreagras tagtha anuas chugainn a léiríonn an tacaíocht leanúnach eacnamaíochta a thugadh Windele do na Longánaigh. Tá litreacha againn a chuir Seosamh chuige ag lorg cúnamh airgid air i ndiaidh bhlianta cruatain an Ghorta Mhóir, mar shampla, agus litir eile ó pheann Windele a thugann le tuiscint go raibh sé ag tacú le hiarrachtaí Sheosaimh cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na Breataine. Insítear dúinn go raibh dúil ar leith ag Windele sna clocha oghaim, agus tá neart litreacha agus líníochtaí ar marthain ó na 1840idí agus na 1850idí i láimh Sheosaimh, a léiríonn comhfhreagras agus comhoibriú leanúnach idir an bheirt. Cuireann íomhánna de na líníochtaí sin i gcuimhne dúinn nárbh iad téacsanna amháin a bhreac agus a chaomhnaigh na Longánaigh, agus gurbh fhairsing réimse spéise an teaghlaigh.

8 Éiríonn le Timothy O’Neill cur síos soiléir, sothuigthe a dhéanamh ar ábhar atá teicniúil go maith in ‘The lithographic manuscript facsimiles of the Royal Irish Academy.’ Déantar cur síos ar na modhanna priontála éagsúla a bhí á bhforbairt sa naoú haois déag ag tús na haiste. Ba í an liteagrafaíocht — próiseas atá bunaithe, go bunúsach, ar dhomheascthacht uisce agus ola, — a roghnaigh an tAcadamh Ríoga le facsamhlacha lámhscríbhinní Gaeilge a phriontáil, agus ba é Seosamh Ó Longáin a d’ullmhaigh na tras-scríbhinní chuige sin. I rith na 1870idí rinneadh priontáil liteagrafaíochta ar Leabhar na hUidhre (ARÉ LS 23 E 25 (1229)), ar an Leabhar Breac (ARÉ 23 P 16 (1230)) agus ar Leabhar Laighean (TCD LS 1339). Faighimid léargas ar na modhanna oibre, ar na costais agus ar na conspóidí a bhain leis na tionscnaimh sin san aiste seo. Bhásaigh Ó Longáin sa bhliain 1880, sular foilsíodh an t‑eagrán de Leabhar Laighean. In ainneoin gur cháin scoláirí áirithe a chuid tras-scríbhinní ag an am, leagann O’Neill béim ar an éacht a rinne Seosamh agus é ag obair ar fhacsamhlacha an Acadaimh. Aiste fhíorspéisiúil is ea seo, a chaitheann solas ar ghné eile ar fad d’oidhreacht mhuintir Longáin.

9 Cúis cheiliúrtha a bhí ann nuair a bhronn Diúc Devonshire Leabhar Leasa Móir (nó Leabhar Méig Carthaigh Riabhaigh) ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Is tráthúil, mar sin, an plé a dhéanann Pádraig Ó Macháin ar an mbaint a bhí ag na Longánaigh leis an lámhscríbhinn thaibhseach sin san aiste ‘Leabhar Leasa Móir agus muintir Longáin’. Féachann sé le scéal bearnach na lámhscríbhinne sa naoú haois déag a rianú agus le léiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndeachaigh sí i bhfeidhm ar an dara agus an tríú glúin de mhuintir Longáin. Meabhraítear dúinn ag tús na haiste gurbh annamh a bhíodh teagmháil ag scríobhaithe iarchlasaiceacha le lámhscríbhinní meamraim dá leithéid, agus gur eachtra shuntasach i scéal na Longánach ab ea teacht chun solais lámhscríbhinn Leasa Móir. Ba sa bhliain 1815 a theagmhaigh Mícheál Óg leis an lámhscríbhinn den chéad uair, agus is iomaí téacs atá tagtha anuas chugainn a shíolraíonn ó chóipeanna a rinne sé den leabhar idir an bhliain sin agus 1821. Déanann Ó Macháin amach gur chuir an lámhscríbhinn le réimse eolais agus le cruthaitheacht na Longánach. Ar na gnéithe is spéisiúla ar fad san aiste seo tá an plé a dhéantar ar an gcaoi ar mhúscail cinn litreacha mhaisithe Leabhar Leasa Móir suim Phóil agus Sheosaimh, go háirithe, sa challagrafaíocht. Tá dréachtaí de litreacha a cóipeáladh ón leabhar sin agus de litreacha dá dhéantús féin againn ó pheann Phóil, mar shampla, agus is ábhar spéise ar leith leabhar aibítre — an t‑aon sampla dá leithéid sa Ghaeilge — atá ar marthain i láimh Sheosaimh. Cuireann íomhánna gléineacha go mór leis an aiste thaitneamhach seo.

10 Duine de na pátrúin ba thábhachtaí a bhí ag Mícheál Óg ab ea an tEaspag Seán Ó Murchú (1815–1847), agus is ar a leabharlann siúd a dhíríonn Margaret Lantry in ‘The library of the Bishop John Murphy, patron and bibliomania.’ Insítear dúinn go raibh sé ar intinn ag an easpag leabharlann a chruthú a mbeadh fáil uirthi mar áis phoiblí, ach gur díoladh a chuid leabhar ag díolacháin phríobháideacha i ndiaidh a bháis. Téann an t‑údar ag tochailt i gcatalóga agus i dtuairiscí comhaimseartha le meastachán a dhéanamh ar mhéid agus ar dhéantús leabharlann an easpaig, agus ar an scaipeadh a rinneadh ar na leabhair nuair a cailleadh é. Tuairimíonn Lantry go raibh cothrom is 106 leabhar Gaeilge agus 120 lámhscríbhinn Ghaeilge i measc na leabhar a bhailigh sé. Ba é Mícheál Óg Ó Longáin a scríobh formhór mór na lámhscríbhinní sin idir na blianta 1814 agus 1848, ach tugann liosta fada scríobhaithe a luaitear sna lámhscríbhinní léiriú níos iomláine dúinn ar thábhacht Uí Mhurchú mar phátrún do scríobhaithe Gaeilge i gcoitinne. Bronnadh lámhscríbhinní an easpaig ar Choláiste Phádraig, Má Nuad sa bhliain 1848, agus is ansin atá siad go fóill inniu. Staidéar spéisiúil, cuimsitheach é seo, arb é an chéad chéim é i dtaighde an údair ar fhear mór leabhar a raibh tábhacht nach beag aige i scéal mhuintir Longáin.

11 Saothar scoláireachta den scoth is ea an aiste dheireanach sa chnuasach seo le Richard Sharpe, ‘The Manuscripts of Mícheál Óg Ó Longáin that were sold to Sir William Betham’. Lámhscríbhinní Uí Longáin i mbailiúchán William Betham (1779–1853) is ábhar don aiste, agus is d’ábharthacht agus do dhéantús na lámhscríbhinní sin a thugann Sharpe tús áite; déanann sé mionanailís ar leagan amach na lámhscríbhinní, ar an gcaoi a ndearnadh innéacsú agus catalógú orthu, agus ar a seachadadh ó láimh go láimh. Maítear nach mór breathnú ar na lámhscríbhinní tríd an lionsa seo — mar dhéantúsáin ina gceart féin, seachas mar shoithí do théacsanna — le tuiscint cheart a fháil ar mhodhanna oibre agus ar dhearcadh na Longánach. Lámhscríbhinní cumaisc nach bhfuil mórán de struchtúr ag baint leo iad roinnt mhaith de na leabhair i mbailiúchán Betham, agus déanann Sharpe amach gur cheangail a mhic blúirí de pháipéir Mhíchíl Óig le chéile ar mhaithe lena ndíol. Is cosúil gur breacadh lámhscríbhinní eile don mhargadh áitiúil agus, ní ba dheireanaí, do mhargadh Bhaile Átha Cliath. Caitheann an taighde seo solas ar na Longánaigh mar dhíoltóirí lámhscríbhinne a raibh fios a ngnó acu, agus ar Betham mar cheannaí a raibh tuairimí ar leith aige i dtaca le fiúntas agus luach leabhar. Is ar thaighde cuimsitheach, cúramach, críochnúil atá an aiste seo bunaithe agus tá fianaise na n‑argóintí leagtha amach go soiléir, áititheach. Luaitear réimsí taighde a bhfuil iniúchadh le déanamh go fóill orthu — anailís ghinearálta ar dhíolacháin lámhscríbhinní na Longánach ina measc — agus is mór an caillteanas do scoláireacht na Gaeilge nach maireann an t‑údar le cuid den taighde sin a chur i gcrích.

12 Cnuasach an-bhreá é seo, ar an iomlán, a thugann aitheantas do thábhacht na Longánach agus a fhéachann le hiniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe dá n‑oidhreacht nach ndearnadh scrúdú go fóill orthu. Ní mar scríobhaithe amháin a chuirtear muintir Longáin inár láthair anseo, ach mar eagarthóirí, scoláirí, filí, ealaíontóirí agus fir ghnó. D’fhreastalódh cuid de na haistí ar an léitheoir ginearálta, ach tá aistí eile ann atá dírithe, shílfeá, ar lucht an léinn amháin. I measc na n‑aidhmeanna a chuireann na heagarthóirí rompu ina réamhrá gairid tá taighde úr a spreagadh, agus má tá guthanna scoláirí óga ar iarraidh ón gcnuasach seo, is cinnte go bhfuil obair sa ghort seo dóibh. Tá an t‑imleabhar féin snasta agus tarraingteach, agus tá moladh ag dul do lucht a eagartha.

Giorrúcháin:

13 IGT — Bergin, O. (eag.) (1955) ‘Irish grammatical tracts’. Forlíon le: Ériu 17: 259–293.

Deirdre Nic Chárthaigh

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Saothair a ceadaíodh

Ní Úrdail, M. (2000) The Scribe in Eighteenth- and Nineteenth-century Ireland: Motivations and Milieu. Münster: Nodus Publikationen.

Ó Conchúir, B. (1982) Scríobhaithe Chorcaí, 1700–1850. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Donnchadha, T. (1910) ‘Filidheacht Náisiúnta sa Ghaedhilg’. In: Freeman’s Journal, 21–23 Feabhra 1910: 16–19.

Ó Donnchadha, T. (1914) ‘Religious poems by Mícheál Óg Ó Longáin’. In: Irish Ecclesiastical Record 3: 483–91; Irish Ecclesiastical Record 4: 622–627.

Ó Donnchadha, T. (1919) ‘Mícheál Ó Longáin. Amhráin Ghrádha’. In: Fáinne an Lae, 15 Feabhra; 1 Márta 1919.

Ó Raithile, T. (1917) ‘Is gearr uainn Hóm-Rú! 1833’. In: An Claidheamh Soluis, 21 Aibreán 1917.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626