Úrscéalta na Gaeilge

Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Philip O’Leary (eag.)

Cló Iar-Chonnacht (2017) | 325 lch | ISBN: 978-1-78444-1708 | €20

1 Tugann eagarthóirí agus údair Úrscéalta na Gaeilge faoi shraith ceisteanna tábhachtacha a chur agus a fhreagairt: Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, agus is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ba chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cad iad na húrscéalta móra ar chóir dúinn iad a léamh agus ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad dó a bhfreagraíonn canóin liteartha na n‑úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois?

2 Ba chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna den chineál seo a reáchtáladh seimineár ar an 23 agus 24 Aibreán 2015 i mBaile Átha Cliath ag Ollscoil Notre Dame, i bpáirt le Boston College, ina gceannáras i gCearnóg Mhuirfean. Tugadh cuireadh do chúig scoláire dhéag a bheith páirteach mar chainteoirí aonair. Deineadh caibidil bhreise a chur leis an gcúig chaint déag san fhoilseachán seo: alt fíorspéisiúil le Brian Ó Broin a phléann ceann de na húrscéalta Gaeilge is fearr riamh, An Dochtúir Áthas (1995) le Liam Mac Cóil. Is iad na leabhair eile a bhain amach an ‘liosta’ a luaitear mar sprioc ag an togra ná: Séadna (1904) leis an Athair Peadar Ó Laoghaire; Deoraíocht (1910) le Pádraic Ó Conaire; Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna; An Béal Bocht (1941) le Myles na gCopaleen; dhá shaothar le Máirtín Ó Cadhain: Cré na Cille (1949) agus Fuíoll Fuine (1969); Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) le Breandán Ó Doibhlin; Dé Luain (1966) le hEoghan Ó Tuairisc; dhá leabhar le Diarmaid Ó Súilleabháin: Caoin tú féin (1967) agus An Uain Bheo (1968); dhá leabhar le Alan Titley: Méirscrí na Treibhe (1978) agus An Fear Dána (1993); Cuaifeach mo Lon Dubh Buí (1983) le Séamas Mac Annaidh; Éagnairc le Pádraig Ó Siadhail (1994); agus Desiderius a Dó (1995) le Pádraig Ó Cíobháin.

3 Tá dhá aguisín ann a chuireann go mór leis an leabhar. Sa chéad cheann, ‘An Cat i Lár na Canóna’, tá an freagra a thug Darach Ó Scolaí ar an rogha a deineadh. Tá taifead sa dara haguisín ar na húrscéalta Gaeilge a foilsíodh idir 1901 agus 2015. Áis ríluachmhar é seo a thógann ar liosta a thiomsaigh Alan Titley dá leabhar An tÚrscéal Gaeilge (1991), cé nach liosta lánchuimsitheach é, mar a mhíníonn na heagarthóirí féin. Cuireann an foilseachán seo le leabhar úd Titley, le plé a ghin liostaí ar nós ‘Liostaí na nDeich Leabhar Gaeilge is Fearr’, a foilsíodh in Foinse, Comhar agus Tuairisc.ie, agus agus le haistí éagsúla critice a foilsíodh le blianta beaga anuas. Seo againn deis eolas níos mine a fháil ar chuid de na húrscéalta Gaeilge a pléadh nó a luadh i bhfoilseacháin mar The Field Day Anthology of Irish Literature (1991, 2002), Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge (1993) le Breandán Delap, The Cambridge History of Irish Literature (2006) agus sraith leabhar Philip O’Leary féin faoin bprós ó aimsir na hAthbheochana i leith.

4 Beidh teannas i gcónaí ann agus na leabhair ar cheart iad a léamh seachas na leabhair atá á léamh á gcur faoi chaibidil. Más í aidhm an leabhair ‘canóin liteartha na n‑úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois’ a shonrú, braithim go mba chabhair ‘canóin’ a shainmhíniú ar bhealach níos córasaí agus na hathruithe atá ag teacht ar ár dtuiscint ar ‘chanóin’ a phlé. Cuirtear an cheist: cad iad na leabhair atá ‘i lár an aonaigh chultúrtha’ nó ‘i mbéal an phobail’? Ach ní shainmhínítear na téarmaí seo ná ní phléitear iad. Más ionann canóin agus úrscéalta atá ar chláir ollscoile, mar a thugtar le fios anseo, ní dhéantar iarracht sa réamhrá an chanóin seo a rianadh go córasach le fianaise ach oiread (faoi mar a dhein Mícheál Mac Craith (2000) in alt faoi mhúineadh na nuafhilíochta ag an tríú leibhéal). Mar sin féin, is cinnte go spreagfaidh an leabhar seo athmhachnamh ar chláir ollscoile reatha. Agus gach sean gur cinneadh críonna a bhí ann gan an iomarca plé acadúil a dhéanamh ar an ngéarchéim mheitifisice is canóin na Gaeilge ann (An bhfuil éinne ag scríobh? An bhfuil éinne ag léamh?) agus, ina áit sin, tús spreagúil soléite a chur le díospóireacht scolártha.

5 Seans nach miste canóin a lua sula gceistítear í agus sin go deimhin an sprioc a bhí ag an lucht eagair. Tagraítear i réamhrá Úrscéalta na Gaeilge do ‘bhunliosta’ a cuireadh i dtoll a chéile mar bhonn don liosta úrscéalta a bheadh mar ábhar na gcainteanna comhdhála agus na n‑alt téagartha a bhunófaí orthu. Is amhlaidh a tháinig an liosta atá sa leabhar chun cinn de réir a chéile trí phróiseas comhairliúcháin neamhfhoirmiúil. Ina dhiaidh sin, iarradh ar scoláirí ar leith labhairt faoi cheann an duine de na téacsanna a bhain an liosta sin amach.

6 Cé gur ábhar conspóide i gcónaí a stádas mar úrscéal, tá cáil ar leith ar Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. An dtuilleann an scéal seo — bíodh sé ina úrscéal nó ina chóiriú ar scéal béaloideasa — áit i leabhar arb é a aidhm scothúrscéalta na Gaeilge a phlé? Bhí an ráiteas de chuid Mark Twain a roghnaigh na heagarthóirí mar bhrollach súgach dá réamhrá fós i mo cheann agus mé ag tabhairt faoi aiste Alan Titley ar Séadna: ‘It’s a classic… something that everyone wants to have read and nobody wants to read’ (9). Ach níorbh fhada gur mhaolaigh ar m’amhras. Bhain an gnáthphléisiúr Titlíoch leis an alt dea-scríofa seo. Tús neamhurramach: maíonn Titley gurbh é Séadna ‘an chéad scéal a chuir an cac trasna’ air (17). Meabhrú ar laochas mhuintir Chorcaí: léadh an múinteoir scoile a bhí ag Titley Séadna amach don rang agus é seacht mbliana d’aois (17–18). Tugann Titley faoin bplé ar bhealach críochnúil soléite dea-ghiúmarach. Faighimid eolas ar léitheoirí Séadna: na Blascaodaigh, Mac Piarais, Seán Mac Mathúna agus é sa bhunscoil, sa mheánscoil agus san ollscoil. Faighimid treoir faoi fhreagairt lucht critice ar an leabhar agus tagraítear do léamha spéisiúla eile a d’fhéadfaí a dhéanamh. Léireodh ‘léamh bog-Mharxach féin nár tháinig Séadna, ná b’fhéidir an t‑údar féin, slán ón ábharachas’ (23). Luaitear eagrán 1987 agus an plé a dhein Liam Mac Mathúna ar an scéal mar scéal idirnáisiúnta béaloideasa (ba dheas níos mó eolais a fháil faoin eagrán nua sin). Agus ansin cuireann Titley ceist mhór os ár gcomhair maidir leis an dúshlán a bhí roimh an Athair Peadar agus Séadna á scríobh aige: ‘conas scéal fada, nó úrscéal féin, a dhéanamh as?’ (23) Tá Titley sáreolach ar theoiric an úrscéil (ní foláir gur ghéill sé sa chogadh úd) ach ní bhodhraítear sinn ag tranglam teoirice. Glactar leis go bhfuilimid eolach ar ‘an saol leathan fairsing’ (23) a theastaíonn le húrscéal a scríobh agus ar an bhforbairt a dhéantar san úrscéal ar na scéalta rómánsaíochta. Scrúdaítear an easpa cinnteachta faoi am agus áit maidir le suíomh an leabhair agus roghnaítear go cáiréiseach sleachta a léiríonn an snas a bhain le stíl an Athar Peadar. Ní bhactar le jócanna bóiléagaracha agus cuireann an plé cuimsitheach bonn slán dá réir faoin tslais scoir: ‘Dá bhféadfadh daoine lasmuigh de Mhúscraí a gcuid frith-Mhúscraíochais a fhágaint lasmuigh den doras agus Séadna á léamh acu, thuigfeadh siad go raibh seoid ina lámhaibh acu’ (33).

7 Más mó Titley i dTitley amháin tá sé faoi thrí sa leabhar seo mar tá úrscéal luath leis, Méirscrí na Treibhe á phlé ag Máirtín Coilféir agus saothar eile leis, An Fear Dána, faoi chaibidil ag Pól Ó Muirí. Tá saoráid an iriseora ag baint le stíl agus cur chuige Uí Mhuirí. Molann sé Titley as carachtar inchreidte a cheapadh do Mhuireadhach Albanach Ó Dálaigh, carachtar nach ndéanfadh sé ‘iontas duit dá mbuailfeá leis i bPáirc an Chrócaigh’ (221). Aithníonn Ó Muirí chomh maith go mbraitheann cuid de bhrí úrscéalta ar thaithí na léitheoirí agus is deas mar a mheabhraíonn sé dúinn gur foilsíodh an leabhar seo, gona chuntais ar bhrúidiúlacht agus easpa maithiúnais, tráth a raibh cogaí ar siúl sa Mheán-Oirthear agus cuimhne ghléineach ag mórán Éireannach fós ar uafás na dTrioblóidí. Is díol spéise an tslí a dtugann Liam Ó Dochartaigh aghaidh ar cheist seo ghlacadh léitheoirí le leabhar agus é ag plé Mo Bhealach Féin trí bhíthin a thaithí féin mar léachtóir. I nDoire na dTrioblóidí d’aithin mic léinn na cúinsí a thabharfadh ar charachtar gabháil a bhealach féin; níor bhain an phráinn chéanna leis an gceist do mhic léinn Luimnigh. Agus cad faoi Deoraíocht? Tá an ceart ag Ian Ó Caoimh nuair a deir sé go mbaineann cuid de na téamaí atá sa leabhar leis an nuaré agus leis ‘an éiginnteacht, an scoiteacht, an imní’ (47). Go deimhin féin is anseo in Éirinn anois atá na himircigh chráite agus b’fhiú dúinn filleadh ar leabhar seo na daonnachta.

8 Mar is dual dó, is scagadh cáiréiseach a dhéanann Máirtín Coilféir ar an úrscéal a chum Titley faoi chogadh Bhiafra, Méirscrí na Treibhe. Ach conas dul i ngleic le saothar ar geall le ‘hionsaí leanúnach ar chumas tuisceana an léitheora’ (192) an stíl ann? Dar le Coilféir go bhfuil an ‘foréigean neadaithe chomh domhain sin san úrscéal go bhféadfadh muid é a aithint i mbundamhna na teanga féin’ (192). Tá an ceart chomh maith ag Coilféir a luann tuiscint Titley ar an realpolitik sa Nigéir mar bhua eile de chuid an úrscéil (200). Chuirfí leis an bplé ar Méirscrí na Treibhe ach na sárshaothair Bhéarla a foilsíodh faoi chogadh Bhiafra a chur sa mheá: Half of a Yellow Sun (2006) le Chimamanda Ngozi Adichie, cuimhní cinn Wole Soyinka The Man Died: Prison Notes (1972) agus cuntas Chinua Acebe, There was a Country, A Personal History of Biafra (2012), mar shampla. Díol suntais go raibh leabhar Titley chun tosaigh ar chuid mhaith de na cuntais a scríobhadh faoin gcogadh sin agus nach leis an nGaeilge amháin a bhaineann a cheannródaíocht.

9 Tá roinnt úrscéalta anseo a bhfuil plé leathan déanta orthu cheana, Deoraíocht, Mo Bhealach Féin, An Béal Bocht agus Cré na Cille, mar shampla. Is maith ann i gcónaí an cuntas gearr uileghabhálach ar mhórshaothar aitheanta litríochta ach baineann buanna breise ar leith le gach ceann de na hailt a phléann na saothair aithnidiúla seo. Tugann Ó Caoimh eolas ríspéisiúil dúinn maidir le cur chuige ceapadóireachta Uí Chonaire ina alt ar Deoraíocht. Is amhlaidh go n‑insíodh Ó Conaire an scéal a bhí á chumadh aige do chairde agus do stróinséirí araon agus é ag déanamh turas na dtithe tábhairne. Cíorann Ó Caoimh impleachtaí an chleachtais seo don úrscéal féin. Alt téagartha dúshlánach é seo. Is amhlaidh d’alt Mháire Ní Annracháin ar Cré na Cille a tharraingíonn snáitheanna scaipthe na critice le chéile ar bhealach snasta inléite agus a thógann ar an gcritic sin. Tá leabhair iomadúla scríofa ar Myles na gCopaleen — mórleabhar Bhreandáin Uí Chonaire, Myles na Gaeilge (1986) ina measc — ach éiríonn le Caoimhín Mac Giolla Léith plé úrnua a dhéanamh ar ghnéithe de An Béal Bocht, ‘Bildungsroman bréagbhrónach’ mar a thugann sé air (64). Tugann Mac Giolla Léith aghaidh ar an gcarachtar ‘An Cat Mara’ ar dócha gurb ionann é, dar leis, agus ‘Cat Marbh’ fhoclóir an Duinnínigh, frása a chiallaíonn tubaiste nó drochrud. Ní éalaíonn fonóta Myles faoin gCat ó shúile géara Mhic Giolla Léith, fonóta a thráchtann ar an gcosúlacht aisteach idir an pictiúr den Chat Mara agus ‘an tírín aoibhinn is dúchas dúinn uile’ (72).

10 Tá criticeoirí a ndiongbhála faighte ag an dá shaothar thábhachtacha de chuid Dhiarmada Uí Shúilleabháin a roghnaíodh don chnuasach seo, Caoin tú féin agus An Uain Bheo. Díol machnaimh an plé atá déanta ag Éamon Ó Ciosáin agus Antain Mag Shamhráin ar na leabhair. Níl a fhios agam, áfach, an ngéillfinn ar fad nuair a deir Mag Shamhráin go bhfuil An Uain Bheo ‘ar na hiarrachtaí annamha atá againn sa Ghaeilge ar shaothar a shuí i log an mhachnaimh agus an dioscúrsa faoi staid ointeolaíoch an duine’ (145). Ní hannamh na hiarrachtaí seo, anois ach go háirithe, faoi mar a mheabhraíonn Gearóid Denvir dúinn ina aiste siúd ar Desiderius a Dó le Pádraig Ó Cíobháin. Dar le Denvir gurb é ‘ríocht seo na beatha inmheánaí’ príomhláthair an tsuntais in Desiderius a Dó, agus liostálann sé réamhtheachtaí mar An Lomnochtán le hEoghan Ó Tuairisc, Néal Maidine agus Tine Oíche le hÓ Doibhlin agus Caoimhghin Ó Cearnaigh le Liam P. Ó Riain a foilsíodh chomh fada siar le 1913 (253–254). Agus é ag tagairt do thábhacht an turais in úrscéal an Chíobhánaigh, maíonn Denvir gur ‘Oilithreacht fán anam, sa tsainchiall Ríordánach a bhfuil a lorg go láidir ar an ngné seo den úrscéal, atá sa turas seo’ (257). Ar ndóigh, faoi mar a mheabhraíonn Brian Ó Broin dúinn ina alt siúd, tá an An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil fréamhaithe i dtuiscintí (agus, mar a thugann Ó Broin le fios, míthuiscintí) na síocanailíse. Bua mór de chuid an ailt seo is ea a shoiléite agus atá sé, é sin agus críochnúlacht Uí Bhroin is é ag cíoradh croí-ábhar an leabhair, dar leis: an tsíocanailís agus na leideanna atá sa leabhar faoi mhianta folaithe na gcarachtar. Tá an ceart ag Ó Broin béim a chur ar thoise Eorpach an leabhair, agus theastódh an dara halt, seans, chun dul i ngleic go cuimsitheach leis an ngné seo de An Dochtúir Áthas. Bheadh treoir go leor le fáil i saothar dialannaíochta Mhic Cóil féin, Nótaí ón Lár: Dialann Mhantach (2002). Níl deireadh ráite fós, mar sin, ach tá faobhar ar ár ngoile. Ba bhreá an rud é chomh maith dá bhfoilseofaí taighde Thaddeus Uí Bhuachalla ar an úrscéal iar-nua-aoiseach, taighde a luann Ó Broin (277).

11 Tá leabhar beathaisnéise scríofa ag Máirín Nic Eoin faoi Eoghan Ó Tuairisc agus aistí critice faoina shaothar. Ní ualach di mar sin an plé cuimsitheach a fhaightear ina halt ar Dé Luain agus léamha Uí Thuairisc ar an Éirí Amach á bplé aici mar shnáithe de chuid na litríochta agus na staireagrafaíochta araon. Agus aghaidh á tabhairt aici ar na ceisteanna a tharraing criticeoirí éagsula anuas maidir le bunfhadhb an leabhair — an gá le heolas cúlra a bheith ag léitheoirí le brí a bhaint as — deir Nic Eoin go neamhbhalbh gur mar gheall ar an iniúchadh a dhéanann an leabhar ‘ar aigne cheannairí an Éirí Amach’ agus ‘ar spéis an phobail léitheoireachta i scéal an Éirí Amach a bheidh a sheasamh mar chlasaic ag brath’ (111).

12 Bhí an léirmheastóir seo ar dhuine de thriúr ban (in éineacht le hÉilís Ní Dhuibhne agus Michelle O Riordan) a fuair cuireadh roinnt seachtainí roimh an seimineár bheith páirteach i bpainéal a dhéanfadh plé ar úrscéalta na mban, mar aguisín leis na príomhchainteanna. Is amhlaidh gur tugadh faoi deara gur úrscéalta a scríobh fir amháin a bhí roghnaithe go nuige sin don phlé. Níl plé breise phainéal sin úrscéalta na mban sa leabhar seo agus is trua sin. Is maith an rud é, áfach, gur thug lucht eagair an tseimineáir faoin easpa tráchtaireachta ar úrscéalta le mná a cheartú don seimineár féin. Aguisín ab ea an painéal agus ní raibh úrscéal nó úrscéalaí mná mar ábhar plé sna cainteanna aonair. Shílfeá, mar shampla, go dtuillfeadh saothar Shiobhán Ní Shúilleabháin plé as féin. Beirt bhan – Máire Ní Annracháin agus Máirín Nic Eoin – ar tugadh cuireadh dóibh cainteanna aonair a thabhairt. Ba mhaith an ní cothromas inscne (agus éagsúlacht aoise agus cúlra) a bheith go láidir ina n‑aigne ag lucht na Gaeilge ó thús agus togra ar bith á bheartú, bíodh féile nó leabhar nó cnuasach nó comhdháil i gceist. Sa chás áirithe seo, is fíor, dar ndóigh, gur fir is mó a thug faoi úrscéalta Gaeilge a scríobh san fhichiú haois.

13 Ghlac na heagarthóirí cinneadh an liosta a theorannú agus plé a dhéanamh ar úrscéalta ón bhfichiú haois amháin. An féidir aghaidh a thabhairt ar ‘na húrscéalta móra ar chóir dúinn iad a léamh’ in uireasa úrscéalta a foilsíodh le fiche bliain anuas? Fágann an cinneadh eagarthóireachta seo go bhfuil úrscéalta ríshuimiúla le Diarmaid Ó Gráinne, Darach Ó Scolaí, Daithí Ó Muirí, Máire Mhac an tSaoi, gan ach samplaí fánacha a lua, ar lár ó liosta na ndea-leabhar. Más cóir dúinn bheith eolach ar an litríocht chomhaimseartha, is léir go mbaineann práinn lena leithéid de leabhar treorach a chur ar fáil agus is maith ann Úrscéalta na Gaeilge mar eiseamláir agus mar spreagadh.

14 Moladh coinníollach seachas ardmholadh a thugtar do scata úrscéalta in aistí an chnuasaigh seo. Aithníonn údair éagsúla nach bhfuil an t‑úrscéal, an ‘chlasaic’ atá faoi thrácht acu féin, gan locht, gan lochtanna móra fiú. Dearbhaítear gur mar gheall ar an nochtadh a dhéantar sa leabhar ar aigne an scríbhneora nó ar fhorbairt an scríbhneora nó ar shaothrú na teanga is fiú an leabhar a léamh. Braithim go bhfuil Siondróm Stockholm éigin le brath ar an teannas seo idir an liosta agus an breithiúnas critice. Faightear ráitis ó scata léirmheastóirí a léiríonn drochamhras faoin leabhar atá mar ábhar plé acu. Féach an leithscéal a dhéanann Mag Shamhráin faoi na lochtanna a fhaigheann sé ar scríbhneoireacht Dhiarmada Uí Shúilleabháin in An Uain Bheo:

Thum sé sa sruth i dtólamh, áfach, agus murar shroich sé an port thall slán gach uair i ngnóthaí teanga, nó mura bhfuil gach ponc dá mhachnamh soiléir saothraithe, níl sé ar a chonlán féin dá thairbhe sin de mar is é ár ndícheall uilig é i laethanta deiridh seo an traidisiúin oirirc, le linn réimeanna na teanga a bheith ag cúngú agus an cruinneas a bheith ag trá (158).

15 Tar éis dó a rá gur tour de force an leabhar géilleann Mag Shamhráin go bhfuil prós Uí Shúilleabháin ‘cineál trom’ ‘thall is abhus’ (158).

16 Bíonn Gréagóir Ó Dúill dian go maith ar Éagnairc, sa chaoi agus go gceapfá uaireanta gurbh fhearr dó féin a úrscéal féin a scríobh ar Dhomhnach na Fola. Luann sé ‘bearnaí’ sa phlota a fhágann ‘poill mhóra ar bhailíocht an chuntais’ (236). Ar na bearnaí seo tá líon ard agus tionchar domhain na bpáistí agus ‘brú agus strus airgid’ (236–237), gnéithe a bhí lárnach in Éirinn na n‑ochtóidí, dar leis, agus ar chóir dóibh bheith i leabhar Uí Shiadhail dá réir. Locht eile ar réalachas an leabhair, dar leis, ‘gur beag an pháirt atá ag an mháthair, ag bean mheánaosta ar bith san úrscéal seo’ (238). Ansin faigheann sé locht ar an gcomhrá a bhfuil an iomarca de ‘bhlocanna móra, de pharagrafanna fada próis’ ann (235). Agus ina dhiaidh sin féin, ar chúiseanna eile: ‘Is cuí Éagnairc sa liosta seo de shár-úrscéalta na Gaeilge’ (245).

17 Ní chuireann Feargal Ó Béarra aon fhiacail ann san alt atá aige ar Fuíoll Fuine leis an gCadhnach:

Ní dochar an cheist a chur ar ceart é a áireamh ar chanóin na n‑úrscéalta Gaeilge ach is faoi lucht tiomsaithe na canóine, seachas faoin lucht léite sin — nach ann dóibh i ndáiríre (faraor) — a chinneadh cá dual dú dó (176).

18 Tá an leabhar ‘dúshlánach’, teastaíonn ‘foighne.’ Tá ‘lochtanna air mar ealaín’ agus tá ‘léitheoirí ann nach mbeadh de mheas acu ar Fuíoll Fuine ach mar cheann eile de “gloom-infested projections” Uí Chadhain’ (176). (Faighimid amach i bhfonóta gurbh é P.J. Madden a d’úsáid an frása ‘gloom-infested projections’ i leith an Chadhnaigh i léirmheas ar Cois Caoláire sa bhliain 1953).

19 Braithim go bhfuil níos mó den cheistiú ná den dearbhú canóna ar siúl ag cuid de lucht scríofa ailt an chnuasaigh seo — dá n‑ainneoin féin uaireanta. Rud iontach é seo ach is rud difriúil é le tiomsú liosta de scothúrscéalta na tréimhse 1900–2000, an aidhm thosaigh a luaitear go sonrach don leabhar sa réamhrá. Is ait an rud é, mar shampla, Éamon Ó Ciosáin a bheith ag nochtadh na tuairime meáite gur fearr d’úrscéal MaeldúnCaoin tú féin cé gurbh é Caoin tú féin atá mar ábhar plé aige ina alt (138–139). Toradh an mhíréir seo ar bhearna idir aidhm an leabhair (liosta na ‘sárleabhar’) agus an cur chuige a d’fhág nárbh iad lucht scríofa na n‑alt a dhein an roghnú ar na leabhair a bhí faoi chaibidil acu féin.

20 Míníonn na heagarthóirí ag tús an leabhair nach ‘liosta deifnídeach’ an liosta atá cruthaithe acu. Is amhlaidh is mian leo ‘ceisteanna a tharraingt anuas agus dúshlán phobal na Gaeilge a thabhairt easaontú leis an rogha a deineadh agus a rogha féin a dhéanamh’ (15). Tá éirithe go seoigh leo sa chuspóir sin, mar is fada ó chuir mé an oiread suime i bhfoilseachán. Fiú agus míréir áirithe ann idir aidhm agus ábhar, is cinnte gur bailiúchán luachmhar é seo a chuirfear feasta le leabharliostaí lucht ollscoile agus a bheidh ina threoir ag gnáthléitheoirí díograiseacha. Táimid faoi chomaoin mhór ag lucht eagair agus lucht urraithe na comhdhála, ag na heagarthóirí agus ag lucht scríofa na n‑alt. Meallfaidh an treoir agus na hathléamha atá le fáil sna hailt éagsúla léitheoirí nua chuig an-chuid de na seanchlasaicí. Beidh Úrscéalta na Gaeilge ina lámhleabhar ag na daoine sin ar doicheallach deacair leo cuid de dhea-leabhair na Gaeilge agus beidh an admháil a dhéanann cuid de na criticeoirí ar na lochtanna atá ar leabhair áirithe mar ábhar sóláis ag na ‘léitheoirí’ amhrasacha sin. Agus cuirfear daoine ag díospóireacht faoi leabhair atá léite acu agus nach bhfuil aon chaint orthu anseo. Cuireann na heagarthóirí féin an cheist ar chóir liosta eile de leabhair phléisiúrtha na Gaeilge a thionscnamh.

21 Cuireann ‘freagra’ Dharach Uí Scolaí ar an liosta sárúrscéalta go mór leis an leabhar seo. Is sa fhreagra seo agus i gcuid de na hailt eile sa leabhar a thugtar faoi na cruacheisteanna maidir le nádúr agus impleachtaí canóna. Cíorann Ó Scolaí na toscaí a bhíonn ann agus leabhar á chur chun cinn mar shaothar canónda. Tá an ceart ag Ó Scolaí go bhfuil an liosta atá curtha chun cinn in Úrscéalta na Gaeilge ‘claonta rómhór i dtreo riachtanaisí ollscoile’ (285). Dá bhfágfaí faoin ngnáthphobal tábhacht agus taitneamh úrscéalta a phlé is cinnte go mbeadh Súil le Breith (1983) le Pádraig Standún, mar shampla, ar pé liosta a ghinfí. Úrscéal é ‘a rinne tuar agus tairngreacht ar mhórcheisteanna cealgacha conspóideacha a gcaithfi solas glé orthu in Éirinn sna blianta ina dhiaidh sin’ (199), faoi mar a mheabhraíonn Pádraig Ó Siadhail dúinn inter alia ina alt faoi Cuaifeach mo Lon Dubh Buí. Ba mhó tábhacht agus tionchar Súil le Breith ná scata de na leabhair a fhaigheann imprimatur na canóna anseo, agus is leabhar soléite é, leabhar pléisiúrtha. Cé go luaitear in alt Uí Scolaí gur socraíodh Lig Sinn i gCathú (1976) le Breandán Ó hEithir a chur leis an ‘liosta’, níl aon alt anseo faoin leabhar sin a raibh an oiread tóra air ag léitheoirí. Ní chuireann Ó Scolaí aon fhiacail sa mhéid atá le rá aige faoin taitneamh a thugann lucht acadúil do shaothair dhúshlánacha: ‘Agus nuair a chloisim duine ag labhairt ar stíl “dhúshlánach” (amhail is gur bua a bhí ann), is iondúil gur teip i gceardaíocht na scríbhneoireachta a thuigimse leis sin’ (285). Cáineann sé ‘prós trom amscaí’ Éagnairc agus tuairimíonn gur roghnaíodh an leabhar sin mar go dtabharfadh sé seans do lucht léinn an cogadh sa Tuaisceart a phlé (286). Tá cúis ann go mbíonn úrscéalta lochtacha ar na cláir ollscoile: roghnaítear leabhair, dar le hÓ Scolaí, mar go dtagann siad le téis léachtóirí, bíonn boscaí le ticeáil (186). Braitheann sé gur mar gheall ar iarchoilíneachas a bheith sa bhfaisean a roghnaíodh Méirscrí na Treibhe, seachas saothair eile de chuid Titley atá níos fuinte, dar leis. Agus ní ghéilleann sé gur leor píosa fada ficsin mar shlat tomhais ar cad is úrscéal ann; is mar ‘sheanmóir nó mar aiste phróis’ a d’áireodh sé Néal Maidine agus Tine Oíche, mar shampla. Ar ndóigh, tuigimid ó alt Thaidhg Uí Dhúshláine faoin leabhar álainn sin go bhfuil an t-amhras céanna ar an údar Breandán Ó Doibhlin faoin seánra lena mbaineann a leabhar. Déanann Ó Dúshláine argóint mhealltach faoi thábhacht theachtaireacht dóchais Néal Maidine agus Tine Oíche ‘do ghlúin óg na linne seo’ (103–105).

22 Glúin óg a linne féin ba chás le Séamas Mac Annaidh, faoi mar a mheabhraítear dúinn in alt Uí Shiadhail faoi Cuaifeach mo Lon Dubh Buí:

When I was writing, I said to myself, ‘What sort of a book would I like to read?’ Often in university I did read some exciting things in Irish, but an awful lot of it was fairly staid. We were reading a lot of the texts for their linguistic rather than for their literary value, so I said, ‘Come on, let’s blow this away. Let’s have a bit of fun with this, let’s think of a book my contemporaries would like to read.’ That’s the way Cuaifeach mo Lon Dubh Buí came about (Mac Annaidh 2012: 101, luaite ag Ó Siadhail 2017: 211).

23 Is mór idir ‘leabhar ar chóir é a léamh’ na canóna agus ‘What sort of a book would I like to read’ Mhic Annaidh. Ach d’éirigh le Mac Annaidh an dá thrá seo a fhreastal. Cé go gcreideann Ó Siadhail gur bhain Cuaifeach mo Lon Dubh Buí ‘casadh úr nuálach’ as traidisiún na Gaeilge, aithníonn sé chomh maith gur earra annamh an leabhar, leabhar treascrach a thaitin le gnáthléitheoirí. Níl aon amhras orm tar éis athchuairt a thabhairt ar Cuaifeach mo Lon Dubh Buí i dteannta an léirmheastóra ghroí seo go bhfuil áit tuillte ag leabhar Mhic Annaidh ar chláir cúrsaí ollscoile agus ar sheilfeanna daoine macánta.

24 Mar a léiríodh sa phlé bríomhar a lean an chomhdháil féin, níl teora leis na ceisteanna a tharraingíonn an ‘liosta’ agus tuairimí na gcainteoirí anuas. Más acmhainn fhiúntach do léitheoirí an réamhrá spreagúil agus gach alt ar leith de chuid Úrscéalta na Gaeilge, is mó ceist eile a ghineann an leabhar mar aonad. I roinnt de na hailt, dá fheabhas iad, déantar feabhas leabhair a mheas trí fhráma scéal fhorbairt na nua-litríochta Gaeilge agus fráma ‘phobal na Gaeilge’ á úsáid mar shlat tomhais. An leor é seo? Tá 125 bliain den Athbheochan curtha dínn. An gá fós ‘an teanga’ agus forbairt ar thraidisiún litríochta na Gaeilge a bheith chun tosaigh ar cháilíochtaí eile nó eiseamláirí eile? Cén fáth a bpléifí úrscéalta na Gaeilge ina gcáilíocht mar úrscéalta Gaeilge do phobal na Gaeilge seachas iad a phlé ina gcáilíocht mar úrscéalta per se? An raibh cuid d’úrscéalaithe na haoise seo caite gafa i ngaiste athbheochana teanga? An raibh cuid de na criticeoirí gafa sa líon céanna, an gaiste is Athbheochan ann? An amhlaidh gur léigh scríbhneoirí na Gaeilge an iomarca Freud? Nach ait gur dhá sheánra ar leith iad clasaicí na Gaeilge agus leabhair phléisiúrtha na Gaeilge? An bhfuil na leabhair mhíchearta ar chláir ollscoile?

25 Is iontach go bhfuil tús curtha le díospóireacht ag an leabhar spreagúil seo. Deineadh craoladh ar na cainteanna aonair a tugadh ar Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2018 agus ba chóir anois Úrscéalta na Gaeilge a bheith ar sheilf aon duine a chuireann spéis i nualitríocht na Gaeilge. ‘Bímís ag caint agus ag moladh na leabhar’ comhairle na n‑eagarthóirí orainn (15). Ná bímis ag moladh: bímis ag cur agus ag cúiteamh.

Róisín Ní Ghairbhí

Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

Saothair a ceadaíodh

Mac Annaidh, S. (2012) ‘My Life and Work’. In: American Journal of Irish Studies 9: 97–121.

Mac Craith, M. (2000) ‘An Ollscoil, an chanóin agus an nuafhilíocht’. In: Ó Cearúil, M. (eag.) An Aimsir Óg: Cuid a Dó. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 371–379.

Ó Scolaí, D. (2015) ‘An Cat i Lár na Canóna’. In: https://tuairisc.ie/an-cat-i-lar-na-canona/ [faighte 20 Meitheamh 2019].

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626