The Pearl of the Kingdom: A study of A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa

Ailbhe Ó Corráin

Novus Press (2013) | 66 lch | ISBN: 978-82-7099-718-3 |

The Light of the Universe: Poems of Friendship and Consolation by Giolla Brighde Ó hEódhasa

Ailbhe Ó Corráin

Novus Press (2014) | 64 lch | ISBN: 978-82-7099-776-3 |

The Dark Cave and the Divine Light: Verses on the human condition by Giolla Brighde Ó hEódhasa

Ailbhe Ó Corráin

Novus Press (2016) | 81 lch | ISBN: 978-82-7099-869-2 |

1 Tá clú agus cáil tabhaithe ag Giolla Brighde Ó hEódhasa i ngeall ar an gcéad leabhar de chuid an Leasúcháin Chreidimh Chaitlicigh a scríobh, An Teagasg Críosdaidhe a foilsíodh in Antuairp sa bhliain 1611 (2013: 9; Mac Raghnaill 1976). Ach nuair a chuirtear san áireamh go mb’ollamh le dán é an t‑údar sula ndeachaigh sé isteach sna Proinsiasaigh i Lobháin ar an 1 Samhain 1607, d’fhéadfaí a áitiú gur ag saothrú i bhfad faoina chumas a bhí sé agus leaganacha fileata in óglachas den ‘Ár nAthair’ agus de ‘Fáilte an Aingil,’ mar shampla, á soláthar aige. Anuas air sin, ní haon údar maíte an cineál próis a scríobh sé i gcorp an teagaisc chríostaí, go háirithe nuair a chuirtear i gcomórtas é le stíl bhladhmannach bharócach Aodha Mhic Aingil agus leabhar faoi shacraimint na haithrí á cheapadh aige i Lobháin díreach seacht mbliana ina dhiaidh sin (Ó Maonaigh 1952). D’fhéadfaí fiú dul níos faide fós agus a áitiú gur saothar i bhfad níos dúshlánaí agus i bhfad níos intleachtaí é an graiméar Gaeilge a chum Ó hEódhasa, Rudimenta Grammaticae Hibernicae, saothar nár cuireadh i gcló faraor go dtí an bhliain 1968 (Mac Aogáin 1968). Ach sula gcáinimid an Proinsiasach as simplíocht agus neafais a chuid Gaeilge, cuimhnímis go mbíodh na leasaitheoirí ab éirimiúla ar gach taobh den scoilt reiligiúnach ó aimsir Liútair ar aghaidh ag cur béime ar an tsimplíocht agus ar an tsoiléire chun tairseach an léinn a shárú agus briathar Dé a chraobhscaoileadh chuig an oiread agus ab fhéidir, bídís léannta nó neamhléannta. Is ar son an dreama neamhliteartha a bhaintí feidhm as rannaireacht shimplí arae ba thábhachtaí go mór fada an teachtaireacht ná an meán.

2 Má bhain feidhm phragmatach thréadach le daonlathú na teanga, sa chéad áit san athrú ón Laidin go dtí na teangacha pobail agus ina dhiaidh sin sa saothrú a dhéantaí ar na teangacha pobail féin, meabhraímis freisin go raibh bunús bíobalta leis an daonlathú seo nuair a chuimhnímid go ndúirt Pól Naofa sa chéad litir chuig na Corantaigh nach ‘le hardnós cainte ná eagna’ a tháinig sé ag fógairt rúndiamhair Dé (1 COR. 2: 1). Agus sa litir chuig na Colasaeigh dúirt sé an méid seo: ‘Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha’ (COL. 2: 4). Agus meastóireacht á déanamh againn ar cheapadóireacht chráifeach Uí Eódhasa, ní mór an dá phrionsabal úd a choinneáil os ár gcomhair i gcónaí, pragmatachas tréadach agus bunús scrioptúrtha.

3 Ach sin ráite againn, ní mór a rá gur fhág Bonabhentura Ó hEódhasa, mar a thugtaí sa bheatha rialta air, corpas beag filíochta ina dhiaidh inar éirigh leis acmhainní iomlána an dáin dhírigh a nascadh go paiteanta le léann comhaimseartha na hEorpa, idir léann an Renaissance agus léann na Leasúchán Creidimh. Agus is iad na dánta sin atá faoi chaibidil sna trí leabhar le hAilbhe Ó Corráin atá faoi léirmheas anseo. Dán tionscnaimh an teagaisc chríostaí, ‘Oraoid don Léghthóir,’ an chéad aiste filíochta a phléann an Corránach. Bíodh nach bhfuil ach ocht rann sa dán, éiríonn leis an bhfile é a bhunú ar na sluaghairmeacha ba threise agus ab éifeachtaí a bhí i réim ag an am, ad fontes, sola fide, sola scriptura, sola gratia. Más ón Renaissance a tháinig an chéad cheann, is ón Reifirméisean a tháinig na trí cinn eile. Ní hamháin go mbaineann an file leas as armlón na leasaitheoirí protastúnacha, ach iompaíonn sé a gcuid nathanna ina gcoinne agus an teagasc caitliceach á chosaint agus á mhíniú aige.

4 Má chuir Liútar béim ar sola gratia, cuireann Ó hEódhasa béim ar chomhoibriú an duine le grásta Dé, ‘neamhfhonn do nocha dleaghoir’ (2013: 9, líne 2d) ach gan riachtanas an ghrásta sin a shéanadh, ‘do-gébhthar sonn í a n‑asgoidh’ (2013: 9, líne 3d). In ionad breathnú ar ghrásta Dé agus cumas an duine mar dhá rud eisiacha glan in aghaidh a chéile, coinníonn an diagaire caitliceach Ó hEódhasa cothromaíocht leochaileach eatarthu. Má chuir na leasaitheoirí béim ar sola scriptura, baineann Ó hEódhasa leas as meafar an tobair (fons) chun aird a dhíriú ar an dá ghné a bhaineann le riail chreidimh an chríostaí: an bíobla móide traidisiún na heaglaise.

5 Agus díreach le taispeáint nach le teann dímheasa ar an scrioptúr a deir sé sin, tugann sé dhá shamhail ón scrioptúr féin: samhail an chiste fholaithe agus samhail an phéarla, samhlacha a ndearna aithreacha na heaglaise go leor tráchtaireachta orthu in imeacht na gcéadta bliain. Is minic a mhínigh siad an ciste folaithe ar bhealaí difriúla: mar Chríost féin, an Briathar, rúndiamhra an scrioptúir agus na heaglaise. Tá feidhm bhreise ag baint le samhail an phéarla; é chomh beag bídeach sin ach fíorluachmhar in éineacht, ar aon dul leis an leabhrán beag atá scríofa ag Ó hEódhasa; cuma gan rath air ón taobh amuigh, ach saibhreas luachmhar an chreidimh le fáil laistigh den chlúdach. Is deas mar a aclaíonn an file débhríocht an fhocail ‘fonn,’ a chiallaíonn talamh agus toil, chun comhoibriú an duine le haisceacht ghrásta Dé a aibhsiú. Baineann sé leas as an bpéarla chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheafar na seod agus léiríonn sé saibhreas an teagaisc chríostaí mar chith seod ag doirteadh anuas ina slaoda ó na flaithis. Ní togha gan aird é roghnú an fhocail ‘carrmhogal’ (2013: 9, líne 4b), seoid a ghineadh a solas féin de réir thuiscintí an ama, seoid a thugadh solas sa dorchadas. Meafar iontach feiliúnach é seo do Chríost féin: solas an domhain, an solas a shoilsíonn sa dorchadas. Ina theannta sin mheabhraigh dath dearg an charrmhogail fuil Íosa, agus is minic a mhaisítí crosa céasta le cúig charrmhogal in ómós do chúig chréacht Íosa.

6 Éiríonn an dán níos pearsanta sa dara leath agus an file ag míniú an chur chuige a roghnaigh sé féin agus an teagasc críostaí á réiteach aige. Má tá briathar Dé chomh lonrach sin ann féin, ní bheadh de thoradh ar iarrachtaí baothgháifeacha an fhile ghairmiúil ach é a theimhliú, seachas a mhalairt. Is cineál ‘slán le filíocht’ mar a chleacht sé a cheird go nuige sin atá sa chúigiú agus sa séú rann. Ní féidir cur le briathar Dé agus, dá bhrí sin, níl dul ón tsimplíocht. Díol spéise go mbaineann Ó hEódhasa leas as béarlagair teicniúil na seoideolaíochta, ‘foighreadh’ agus ‘fothragadh’ (2013: 10, línte 5b, 5d), mar shampla. Ba í Antuairp, log foilsithe leabhar Uí Eódhasa, príomhchathair dhomhanda thionscal na seod ag an am. Ar éigean a thuigfeadh éinne meafar an tseoidfheabhsaithe gona bhéarlagair gairmiúil ach daoine a raibh cur amach ar an ngnó acu nó cónaí orthu san Ísiltír Spáinneach. Dúisíonn sé seo ceist: cé air a raibh an Teagasg Críosdaidhe dírithe? Ní chiallódh an dán seo mórán d’Éireannaigh sa bhaile, ach cuimhnímis go raibh Proinsiasaigh Lobháin ina séiplínigh ag reisimint Thír Eoghain a bhí lonnaithe in aice na Bruiséile. Ní mór cur leis sin go mbíodh sé de chúram ar oifigigh in arm na Spáinne an creideamh a mhúineadh do na gnáthshaighdiúirí. Tugann sé seo go léir le fios gur ar an bpobal míleata Éireannach san Ísiltír Spáinneach go príomha a bhí leabhar Uí Eódhasa dírithe. Fianaise air sin is ea an méid a dúirt Richard Morres agus é ag taisteal tríd an Ísiltír Spáinneach ar a bhealach ar ais ó Phrág i 1613:

He saw one of the books among the Irish soldiers printed in Irish at Antwerp and set forth by the Irish friars at Louvain confirming their own religion, and to the contrary infirming and refuting that of the Protestants, in such sort that infinite readers and hearers of the Irish will presently believe the contents thereof to be true (Everett Green 1858: 185).

7 Luadh thuas go bhfuil bunús scrioptúrtha leis an mbéim ar an tsimplíocht chun teagasc an chreidimh a chraobhscaoileadh. Shéan Naomh Pól ‘ardnós cainte’ agus ‘argóintí mealltacha’. Má cheadaímid an Vulgáid, an leagan údarásach Laidine den Bhíobla a d’fhaomh Comhairle Thrionta, per sublimitatem sermonis a luaitear sa chéad chás, agus in subtilitate sermonum sa dara cás. Ach má cheadaímid an dá thagairt seo ó Naomh Pól i dTiomna Nua Uí Dhomhnaill (1602), díol spéise gurb é an leagan céanna a úsáidtear i ngach aon chás acu, ‘re hóradh briathar’. Díol breise spéise gurb é an dul ceannann céanna a roghnaigh Ó hEódhasa: ‘Lé hóradh briathar dá mbeinn / mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn’ (2013: 10, línte 7a–7b). Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an leagan seo fíorghann, gan de shamplaí de sa Ghaeilge ach iad seo amháin, tugann sé seo le fios gur roghnaigh an file d’aon oghaim é ón Tiomna Nua. Má bhain na leasaitheoirí feidhm as simplíocht friotail chun caitlicigh a cháineadh, baineann Ó hEódhasa leas as an tsimplíocht chéanna chun na leasaitheoirí a cháineadh. Tharlódh sa chás áirithe seo, áfach, go raibh idirthéacsúlacht chliste an Phroinsiasaigh i bhfad róchaolchúiseach dá léitheoirí.

8 Chuir Liútar béim mhór ar thábhacht na dteangacha inar scríobhadh an Bíobla, an Eabhrais agus an Ghréigis go sonrach, agus ba nós leis tagairt don dá theanga seo mar thruaill ina gcoimeádtar claíomh an Spioraid, briathar Dé. Bhí cur amach nach beag ag Ó hEódhasa féin ar an dá theanga bhíobalta. Thuigfeadh sé do Liútar nár chóir na teangacha naofa seo a mhaisiú le hóradh gan dealramh briathar agus bhí sé ar intinn aige an chomhairle chéanna a chur i bhfeidhm agus teagasc na heaglaise caitlicí á ghléasadh i nGaeilge aige den chéad uair riamh.

9 Má chuir an chéad rann den dán béim ar na foinsí, sa rann deiridh díríonn Ó hEódhasa ar na críocha déanacha, an breithiúnas deiridh san áireamh. Cé nach luann an file go sonrach iad, cuimsíonn na rainn seo leideanna folaithe d’ailt chreidimh nach réiteodh na leasaitheoirí protastúnacha ar chor ar bith leo, mar atá, próiseas íonghlanta dheasca an pheaca agus an purgadóir. Os a choinne sin meabhraíonn na línte seo a leanas go soiléir fáistine Irimia go ndéanfaidh Dia cúnant úrnua le pobal Iosrael:

cairt do dhúithche ón Dúileamhain

daitse gan sgéimh do sgríobh mé;

sgríobh féin an ccairt-si ad chroidhe (2013: 10, línte 8b–8d).

10 Ach má mheabhraíonn, tuiscint chaitliceach ar an gcúnant seo atá i gceist ag Ó hEódhasa seachas tuiscint réamhchinniúnach na gCailvíneach. Ní cóir faillí a dhéanamh sna macallaí eile a dhúiseodh na focail ‘cairt’ agus ‘dúithche’ in intinn léitheoirí agus éisteoirí an fhile i dtús an seachtú haois déag, deoraithe a chaill a dtailte sna hiarmhairtí a lean Cath Chionn tSáile, Imeacht na nIarlaí agus Plandáil Uladh. Dealraíonn sé go bhfuil an file ag gealladh athshealbhú a ndúiche do na deoraithe díshealbhaithe ar choinníoll go gcloífidh siad leis an gcúnant nua atá leagtha amach aige sa leabhrán beag. Fearg Dé agus mídhílseacht na nGael a thug orthu a dtailte a chailliúint. Ach an cúnant a scríobh ina gcroí arís, ní hamháin go ngnóthóidh siad flaitheas Dé sa saol eile ach athshealbhóidh siad a bhflaitheas saolta abhus.

11 Mionléamh íogair cáiréiseach atá déanta ag an gCorránach ar an dán seo agus taispeánann sé gur ar éigean atá oiread is focal amháin iomarcach sna hocht rann. Ina theannta sin léiríonn sé gur mór ag an bhfile béim a chur ar an gcodarsnacht idir solas agus dorchadas tríd an aiste ar fad, an cineál codarsnachta ab ola ar an gcroí é do mhórphéintéir na linne, Caravaggio. Ach i dteannta na codarsnachta sin idir gile agus duibhe, tá codarsnachtaí eile le brath freisin, idir dromchlacht agus doimhneacht, idir scáile agus substaint, idir seachtracht agus inmheánacht, idir cruth gan dealramh an leabhráin agus an saibhreas laistigh den chlúdach, agus, ar ndóigh, idir protastúnach agus caitliceach. Agus anuas air sin go léir, déanann an Corránach crostagairt éifeachtach idir na hailt chreidimh a thagann chun cinn sa dán agus an fhorbairt a dhéantar orthu i gcorp an teagaisc chríostaí féin.

12 Sa bhliain 1614 bheartaigh bráithre bochta Lobháin inneall cló dá gcuid féin a fháil agus thug údaráis na hÍsiltíre Spáinní an cead cuí do Bhonabhentura Ó hEódhasa ar an 14 Bealtaine, sé mhí sula bhfuair sé bás i Samhain na bliana céanna: ‘pour obvier au peril et danger au quell le people d’Irlande est apparent de tomber par la publication de plusiers livres hérétiquez que les ennemis de nostre saincte foy y vont journellement semant’ (Jennings 1968: 40). Eagrán eile den teagasc críostaí a bhí i gceist ach ní heol dúinn go beacht cé chomh luath agus a foilsíodh an leabhar i ndiaidh an cead foilsithe a fháil. Ní heol dúinn ach an oiread ar bheo nó marbh don údar nuair a tháinig an leabhar amach. Níor tháinig ach trí chóip den saothar seo anuas chugainn agus tá an dáta 1619 scríofa de lámh ar an gcóip atá i Leabharlann Ollscoil Cambridge. Fágann sé sin gur tráth éigin idir Bealtaine 1614 agus 1619 a foilsíodh an leabhar.

13 Gné spéisiúil de chóip Cambridge is ea an leabhrán beag a greamaíodh idir fóilió 77 agus 78 den saothar. Trí dhán le hÓ hEódhasa a chuimsíonn an leabhrán seo agus tá péire díobh faoi chaibidil ag Ailbhe Ó Corrain sa leabhar The Dark Cave and the Divine Light. Cé go bhféadfaí a áitiú nach raibh sa leabhrán ach promhadh pinn don inneall cló, áitíonn an fhianaise inmheánach orainn go raibh i bhfad níos mó ná sin i gceist. Tosaíonn agus críochnaíonn an chéad dán leis an bhfocal ‘truagh’. Tosaíonn an dán deiridh leis an bhfocal ‘truagh’ agus críochnaíonn sé le ‘fíorthruagh,’ rud a sholáthraíonn dúnadh ní hamháin don tríú dán ach don leabhrán ar fad. Ach na trí dhán a ghlacadh mar aonad, d’fhéadfaí breathnú orthu mar shraith treoracha do nóibhísigh agus iad ag dul isteach sna Proinsiasaigh i Lobháin, díreach mar a rinne an t‑údar féin tamall de bhlianta roimhe sin.

14 Níor mhiste tagairt a dhéanamh don dán láir ‘Gabh aithreachas uaim,’ cé nach bhfuil sé faoi chaibidil ag an gCorránach. Aon rann is fiche atá sa dán seo ach tá fáil ar na sé cinn tosaigh i lámhscríbhinn atá ar coimeád i gColáiste na Sasanach sa Róimh, Lámhscríbhinn Farnese. Bhásaigh an Cairdinéal Odoardo Farnese sa Róimh ar an 21 Feabhra 1626, cairdinéal coimirceora Shasana agus éarlamh na gcoláistí Sasanacha sa Róimh, in Douai agus in Valladolid. Treoracha don tsochraid atá sa lámhscríbhinn, ach ina theannta sin tá ocht soinéad in ocht dteanga dhifriúla a cumadh in ómós don mharbhán le fáil inti freisin. Bhí cóipeanna de na dánta le ceangal do chatafalc an chairdinéil. Is é an dán Gaeilge an t‑aon aiste amháin nach soinéad foirfe é, sa mhéid nach bhfuil ach dosaen líne ann, gach aon leathrann breactha ag an scríobhaí mar aon líne amháin. Níos tábhachtaí fós, is é an t‑aon dán amháin acu nár cumadh úrnua as an bpíosa é in ómós an mharbháin, cé nach raibh ach dornán beag bídeach sa Róimh ag an am a thuigfeadh sin. Ina theannta sin arís, d’athraigh Gael Rómhánach éigin an focal ‘caidreamh’ sa bhundán agus chuir an comhchiallach ‘fairnéis’ ina ionad. Toisc go bhfuil an focal ‘fairnéis’ an-chosúil ar fad le sloinneadh an chairdinéil, Farnese, dealraíonn sé gur d’aon oghaim a rinneadh an t‑athrú seo chun dallamullóg bhreise a chur ar na Rómhánaigh. RIA 24P12, a tiomsaíodh sa bhliain 1648, an lámhscríbhinn is túisce a gcreidtí a raibh fáil ar an dán inti, ach tá lámhscríbhinn Farnese breis agus fiche bliain níos sine ná sin arís. Cuireadh teagasc críostaí Uí Eódhasa i gcló arís sa Róimh sa bhliain 1707 ar inneall cló Propaganda Fide agus tá cóip den chéad aiste i leabhrán Lobháin, ‘Truagh liom a chompáin do chor,’ ar fáil ann. Idir sin agus na rainn Ghaeilge i lámhscríbhinn Farnese, dealraíonn sé go raibh fáil ar an leabhrán sa Róimh faoi thús na bliana 1626 ar a dhéanaí.

15 Díol spéise go ndeachaigh Diarmaid Ó hIceadha isteach sna Proinsiasaigh i Lobháin an lá céanna le Giolla Brighde Ó hEódhasa, áit ar ghlac Diarmaid Antoine mar ainm crábhaidh agus Giolla Brighde Bonabhentura. Tá a fhios againn go raibh Gaeilge aige arae bhí sé ar dhuine den bheirt chinsirí a thug faomhadh oifigiúil do Scáthán Shacramuinte na hAithridhe Aodha Mhic Aingil i Lobháin (1618), agus tá litir ar marthain a scríobh a dheartháir chuige as Éirinn i dtús na bliana 1626, a bhfuil an chuid is mó di i nGaeilge.

16 Glaodh Antoine chun na Róimhe sa bhliain 1619 chun cabhrú le Lúcás Wadding ina chuid taighde ar stair an oird. Chuaigh sé chun cónaithe in San Pietro in Montorio, ionad adhlactha na dtaoiseach Ultach. Nuair a bhunaigh Wadding Coláiste San Iosadóir sa bhliain 1625 ba é Ó hIceadha an chéad ollamh le diagacht san fhondúireacht nua. Nuair a chuirtear san áireamh chomh beag is a bhí comhluadar tosaigh an choláiste, cúigear Éireannach agus Spáinneach amháin, is é is dealraithí gurbh é Antoine Ó hIceadha a thóg leabhrán a chomrádaí, agus an teagasc críostaí freisin, b’fhéidir, chun na Róimhe leis (Mac Craith 2016: 177–194).

17 ‘Truagh liomsa, a chompáin, do chor’ an chéad aiste a phléann an Corránach. Réitigh Ó hEódhasa réamhrá fada próis don dán inar thug sé le fios gur chum sé é mar fhreagra ar chara leis a thit in eiriceacht. Baineann cuid den dán le dorchadas na hintleachta agus geallann an file argóintí soiléire dobhréagnaithe a sholáthar a chruthaíonn gur san eaglais Rómhánach amháin a fhaightear na saintréithe is dual d’eaglais fhírinneach Dé: aontacht, naofacht, coitinne agus aspaldacht. Baineann an chuid eile den dán le fadhb na tola daonna agus cén chaoi le hansmacht agus ainmhianta na tola a leigheas.

18 Is é mo bharúil nach bhfuil sa sliocht faoin gcara a thit in eiriceacht ach ficsean fileata a thugann deis don fhile ceisteanna teibí fealsúnachta agus diagachta a phlé. Ar an lámh eile, tharlódh go raibh sé ag smaoineamh ar an bProinsiasach conspóideach Maol Muire Mhág Craith (c.1523–1622) a d’athraigh go creideamh an stáit nuair a bhí sé ina easpag caitliceach ar Dhún agus Conaire agus ar cheap an bhanríon Eilís é ina ardeaspag ar Chaiseal. D’fhéadfaí earraíocht éifeachtach a bhaint as eiseamláir an eiricigh seo chun díograis tosaigh na nóibhíseach nua a mhaolú. Má tharla sé do Phroinsiasach ar easpag le cois é, d’fhéadfadh sé tarlú do dhuine ar bith.

19 Díríonn an Corránach aird an léitheora ar chomh forleathan is atá íomháineachas Platónach in ocht rann tosaigh an dáin, leithéidí na pluaise scáiliúla agus na carcrach dorcha. Dóibh siúd nach bhfuil an solas feicthe acu, níl sa bhith ché ach pluais Phlatónach lán le seachmaill; dóibh siúd a bhfuil an solas feicthe acu, is cuma nó carcair an domhan díomuan. Mar a chonaiceamar cheana, ba bhreá leis an bhfile béim a chur ar an gcodarsnacht idir solas agus dorchadas agus thug an Platónachas deis bhreise dó an chodarsnacht seo a fhorbairt tuilleadh. Meabhraíonn an Corránach dúinn an borradh a tháinig faoin bPlatónachas aimsir an Renaissance agus na hiarrachtaí fónta a rinneadh chun teacht ar réiteach idir an fhealsúnacht seo agus an Chríostaíocht. Bhí tionchar nach beag ag an scoláire daonnachtúil Marsilio Ficino (1430–1499) ar an athmhuintearas seo. Ba mhór aige lucht tóraíochta na heagna a léiriú mar lianna an anama agus baineann Ó hEódhasa leas as an íomhá seo i rainn 4–6.

20 Má shéan cara an fhile an creideamh, bíodh sé ina chara dáiríre nó ina chara samhalta, is cinnte go raibh baint mhór ag a intleacht agus ag a thoil leis an scéal. Fós féin, maíonn an file gur féidir leis, agus cúram lia á ghlacadh aige air féin, argóintí diongbháilte a sholáthar chun deacrachtaí intleachtacha a ‘charad’ a shárú. Ach más deacrachtaí tola atá i gceist, faoin othar féin atá sé iad a leigheas. Ina dhiaidh sin leanann dioscúrsa fada a chuimsíonn breis agus leathchéad rann, níos mó ná leath an dáin, a phléann ról na hintleachta chun comharthaí sóirt na fíoreaglaise a aithint. Ní bhacann an Corránach leis an gcuid seo den dán ach bogann sé ar aghaidh láithreach chun feidhm na tola a phlé, ceist a tháinig chun cinn freisin i ndán tionscnaimh an teagaisc chríostaí.

21 Ní miste a rá en passant go bhfuil an plé ar ról na hintleachta an-chosúil le dán Béarla a bhí go mór i mbéal an phobail chaitlicigh i Sasana ag an am agus a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1602: ‘I Pray thee Protestant beare with me’ (Shell 2007: 95–103). Pléann an dán saintréithe na fíoreaglaise faoi na ceannteidil seo a leanas: Catholicke, Continuance, Visible, Unitie, Holy, Heretickes. Is é éirim an dáin, i gcaint shimplí, nach bhfuil na chéad chúig chomhartha sóirt le fáil ach amháin san eaglais Rómhánach Chaitliceach. Dá bhrí sin, is ise amháin an fhíoreaglais, gan sna sainchreidimh eile ach comhthionóil eiriciúla. Rinne an Cairdinéal Allen achoimre ar na príomhailt aighnis idir caitlicigh agus protastúnaigh in Douai i ndeireadh na 1560idí. Foilsíodh leagan fada agus leagan gearr den achoimre seo sna blianta 1574 agus 1575 faoi seach (Shell 2007: 97), agus dealraíonn sé gur eascair an dán Béarla ón leagan gearr d’Ailt Allen. Nuair a chuirtear san áireamh an tóir mhór a bhí ar an dán seo i leaganacha béil, i lámhscríbhinní agus i gcló, is deacair a rá céard é an leagan údarásach, is é sin, má bhí riamh a leithéid de rud ann agus leagan údarásach. Is leor a rá go bhfuil an-chosúlacht go deo idir rainn Uí Eódhasa agus an leagan fileata d’Ailt Allen a foilsíodh sa bhliain 1602. An t‑aon difríocht shuntasach atá eatarthu go bhfuil an leagan Gaeilge aistrithe go suíomh Éireannach, páirt Naomh Agaistín sa bhunleagan á tógáil ag Pádraig Naofa sna rainn Ghaeilge. Díol spéise sa phlé seo gur in Douai a chuaigh Ó hEódhasa ag déanamh léinn ó 1604 go 1607. Má bhreathnaigh Allen ar an gcoláiste a bhunaigh sé in Douai sa bhliain 1568 mar Oxford nua caitliceach, ní háibhéil breathnú ar Lobháin mar Douai na hÉireann Gaelaí agus ar Bhonabhentura Ó hEódhasa, i bpáirt le Flaithrí Ó Maolchonaire, mar Allen na hÉireann. Fuair Allen bás sa bhliain 1594, ach ní hiontas ar bith é go dtiocfadh an t‑iarfhile faoi anáil a scríbhinní agus é ag déanamh léinn in Douai.

22 Baineann na hocht rann fichead deiridh de dhán an bhráthar bhoicht le ról na tola agus déanann an Corránach plé cuimsitheach ar an ngné seo. Chreid Ó hEódhasa gurbh é seo a leanas feidhm réamhordaithe agus cuspóir bunaidh na tola: ‘fuath don olc is grá don mhaith’. Bhí sé seo ag teacht leis an tuiscint choiteann ar ról na tola san Eoraip sa Nua-Aois Luath. D’ainneoin feidhm uasal na tola, áfach, is mar ‘each fiadhtha’ nó ‘péisd dhoicheannsa’ (2016: 22, 23, 25) a léiríonn an file é agus é ag tarraingt ar an smaointeoireacht Phlatónach. Luann sé samplaí suntasacha ón Sean-Tiomna, Samsón, Solamh agus Dáibhí, triúr nár éirigh leo an toil a cheansú agus a ghéill d’ainmhianta na colainne. Siúd is gur áitigh Tomás Acain go raibh na tothluithe íochtair faoi réir na hintleachta, agus faomhadh faighte ag an dearcadh seo ó Chomhairle Thrionta, is fearr le hÓ hEódhasa an toil a thuiscint mar chomhghleacaí guagach an choirp seachas mar shearbhónta dílis na hintleachta. Molann an Corránach go mb’fhéidir go bhfuair Giolla Brighde an dearcadh diúltach seo ar an toil ón Scótachas, an cineál fealsúnachta a chothaigh na Proinsiasaigh, ach bhí dearcadh thar a bheith dearfach ag Scotus ar an toil dhaonna. Chuir sé béim láidir ar dhínit na tola daonna arb í an acmhainn féinsmachta a príomhthréith.

23 Ní mór a chur san áireamh go raibh ceist na tola go mór idir chamáin le linn an Reifirméisin, go háirithe ó mhaígh Liútar go raibh an toil claonta ó nádúr i dtreo an oilc ó thitim Ádhaimh i leith. Bhí sé seo glan in aghaidh thuairim Scotus a dúirt go sonrach nár cailleadh saoirse dhúchais na tola de bharr pheaca an tsinsir. Ní hamháin Scotus, ach chuir an eaglais chaitliceach i gcoitinne béim ar shaoracmhainn an duine rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc. D’ainneoin go léiríonn bráthair bocht Lobháin an toil mar ‘each fiadhtha,’ áitíonn sé, in aghaidh Liútair, gur féidir le marcach an t‑each a shrianadh. Cé go n‑admhaíonn an file gur féidir leis an toil an réasún a chur trí chéile, is mór aige i ndeireadh na dála tacaíocht an réasúin chun fírinní an chreidimh, an reiligiúin agus an fhoilsithe a bhaint amach. Arís eile baineann Ó hEódhasa earraíocht as íomháineachas Platónach agus é ag léiriú an choirp mar charcair dhorcha agus mar phluais mhodartha dóibh siúd a bhfuil an solas feicthe acu. Is measa fós cás a charad toimhdean a ghéill do mhealladh an tsaibhris shaolta agus a roghnaigh príosún dorcha an choirp ar an solas diaga:

Solas an bheatha, mairg tug

ar phríosún ndubh, ar uaimh gceo;

ar fhoraois aoibhnis do b’fhearr

mairg do thréig ar ghleann na ndeor (2016: 7; Mhág Craith 1967: 50).

24 Uair amháin eile, tapaíonn Ó hEódhasa an deis a thugann meafar phluais Phlatóin dó chun an chodarsnacht sin ab ansa leis idir an solas agus an dorchadas a ionramháil.

25 Má bhogaimid ar aghaidh go dtí an dara dán i leabhrán Uí Eódhasa, ‘Gabh aithreachas uaim,’ ar breacadh sé rann de i Lámhscríbhinn thuasluaite Farnese, tá ceannteideal ag an aiste freisin a thugann le fios gur chum an file é díreach sula ndeachaigh sé isteach sna Proinsiasaigh. Arís measaim nach bhfuil anseo ach ficsean fileata agus nach mór an dán a fheiceáil mar an dara cuid de thríológ comhairle do nóibhísigh Phroinsiasacha agus iad ar thairseach na beatha crábhaidh. Déanta na fírinne, is dóigh liom gurb é Tiomna Naomh Proinsias a spreag an dán seo agus an ceannteideal. Ní miste sliocht as tús an Tiomna a thabhairt anseo chun na comhthreomhaireachtaí a dhéanamh níos soiléire:

Mar seo a thug an Tiarna domsa, an Bráthair Proinsias tosú ar aithrí a dhéanamh. Óir le linn dom a bheith fós i bpeaca, ba ghráin liom amharc ar lobhair. Ach threoraigh an Tiarna féin isteach ina measc mé, agus d’fhanas leo go ndearnas trua dóibh. Agus ar imeacht dom uatha, an rud a chonacthas dom a bheith gránna, chuaigh sé in aoibhneas coirp is anama dom. Agus mhoilligh mé tamaillín ina dhiaidh sin agus thréig mé an saol (Ó Seanacháin agus Ó Súilleabháin 2002: 100).

26 Aithrí, peaca agus tréigean an tsaoil na heochairfhocail i réamhrá an Tiomna agus is iad na coincheapa céanna a stiúrann an dán agus an ceannteideal. Cé nach bpléann an Corránach an aiste seo, ní miste í a lua sa mhéid is go mbaineann sí le duine (nóibhíseach) nár éirigh leis go nuige seo ‘each fiadhtha’ a thola ainrianta a cheansú, ach ar mian leis feasta an smacht sin a chur i bhfeidhm ar an toil i seirbhís an tsolais nár mheall é go dtí seo. Tá dhá bhrí le haithrí sa chomhthéacs seo: aithrí a dhéanamh as na peacaí a rinne sé, gné a bhaineann leis an aimsir chaite, agus ansin dul isteach sna Proinsiasiagh chun beatha aithríoch a chaitheamh, gné a bhaineann leis an todhchaí. Ach breathnú mar seo air, tá leanúnachas nádúrtha le brath idir an dán seo agus an ceann a chuaigh roimhe. In ionad peacaí faoi leith a shonrú, díríonn an file ar na céadfaí lena ndearna an t‑aithríoch iad, peacaí na súl, peacaí na teanga agus an bhéil, peacaí na lámh agus na gcos. Más aiscí iad na céadfaí a fuair sé ón gcruthaitheoir chun leas a bhaint astu ar son na maitheasa, admhaíonn an peacach aithríoch anois gur úsáid sé iad mar airm in aghaidh an tslánaitheora a thug a bheatha in éiric a pheacaí. Anois tá sé ag tairiscint na gcéadfaí sin ar ais dá thiarna, mar chomhartha aithrí, dá dhearóile féin é le hais íobairt Íosa. Agus a fhios aige go rímhaith cén t‑aimhleas a bhain sé as a ghéaga, déanann an nóibhíseach croíbhrúite míúin ar na pianta a d’fhulaing Íosa go toilteanach ina lámha agus ina ghéaga ar a shon. Níl sé as an áireamh go raibh an file ag smaoineamh ar stiogmaí Naomh Proinsias agus an chuid seo den dán á cumadh aige. Mar fhocal scoir, agus codarsnacht dheisbhéalach á déanamh aige idir dhá bhrí an fhocail ‘iodhbuirt,’ sacrificium agus offertorium, ofrálann an nuasachán é féin ar ais don tiarna idir anam is chorp, leorghníomh suarach dearóil gan aon agó, ach gan aige le tabhairt ach sin.

27 Sula dtéann sé i ngleic leis an dán deiridh sa leabhrán, ‘Truagh cor chloinne hÁdhaimh,’ meabhraíonn an Corránach dúinn nach ndearna meon an Renaissance faillí in ainnise an tsuímh dhaonna d’ainneoin an fhriotail uasail ardnósaigh go léir faoi dhínit an duine. Cé go raibh sé ar chumas an duine arda na bhflaitheas a bhaint amach, d’fhéadfadh sé chomh héasca céanna titim siar i nduibheagán na truaillíochta. Bhí cothromaíocht á tóraíocht de shíor idir an dá ghné, an taobh dearfach agus an taobh diúltach. Agus nuair a chuirtear san áireamh an foréigean a dhúisigh an Reifirméisean, ní hiontas ar bith é gur tháinig bláthú as an nua ar thraidisiún meánaoiseach an contemptus mundi le linn na gcogaí creidimh. Bhí clú agus cáil ar an dán gearr ‘Cur mundus militat’ a leagadh ar go leor údar, Bearnard Clairvaux ina measc (2016: 78–79). Aistríodh go go leor teangacha é sa nuaré mhoch agus is sa chomhthéacs seo nach mór leagan Uí Eódhasa a shuíomh. Tagann an dán seo go paiteanta leis an gceann a chuaigh roimhe leis an gceannteideal a thagraíonn do thréigean an domhain, nath a mheabhraíonn focail Naomh Proinsias féin, mar a luamar thuas. Ina theannta sin, is deas mar a roghnaigh Ó hEódhasa an mheadaracht Rionnaird trí n‑aird (62+62) a réitíonn go breá le meadaracht Alaistríneach na Laidine ina bhfuil dosaen siolla sa líne. Siúd is nach bhfuil ach deich rann sa Laidin, tugann an bráthair bocht seacht gcinn déag. Fós féin cloíonn Ó hEódhasa leis na ceithre roinn a bhí sa bhundán, Sic transit gloria mundi (rainn 1–6 sa dán Gaeilge), Ubi sunt (rainn 7–10), smachtú na colainne (rainn 11–15), agus aitheasc chun machnamh ar an saol eile (rainn 16–17) (2016: 80–81). Siúd is gur le ceist a thosaíonn an Laidin, b’fhearr leis an bhfile Proinsiasach tosú le ráiteas lom: ‘Truagh cor chloinne hÁdhaimh’ agus cuireann sé leis an dearcadh duairc seo le hathrá na bhfocal ‘truagh,’ ‘díomhaoin,’ ‘díombuan’ sna sé rann tosaigh. Tá locus classicus an topais Ubi sunt le fáil i Leabhar Bharúch sa Sean-Tiomna (3: 16–19), ach níl an dán Laidine taobh le samplaí ón mBíobla Giúdach amháin. Chomh maith le Solamh, Samsón, Aibseálóm agus Iahónátán ón Sean-Tiomna, luann an t‑údar Laidine Dives ón Tiomna Nua in éineacht le pearsana iomráiteacha ón domhan clasaiceach, Caesar, Cicearó and Arastatal. Tá catalóg Uí Eódhasa níos eicléictiúla fós. Cé go bhfágann sé Dives ar lár, cuireann sé Cú Chulainn, Earcail, Eachtar, Aichill agus Alastar le clár na laoch nach ann dóibh níos mó. Cé gurb ionann roghnú Chú Chulainn agus aitheantas a thabhairt don tsaíocht dhúchais, ní rogha randamach iad an ceathrar eile arae is laochra iad a tháinig go mór chun cinn aimsir an Renaissance. Ní mór aird ar leith a dhíriú ar Earcail toisc gurbh eisean eiseamláir na suáilcí ar fad idir mhíleata, intleachtacha agus mhorálta, dar leis na scoláirí daonnachtúla. Tharla eachtra chinniúnach i saol Earcail nuair ab éigean dó rogha a dhéanamh idir an tsuáilce agus an duáilce. De bhrí gurbh í an tsuáilce a roghnaigh sé, mheas lucht an Renaissance gur eiseamláir den scoth é de shaorchumas an duine rogha a dhéanamh idir an mhaith agus t‑olc. Léirigh go leor ealaíontóirí Rogha Earcail ina gcuid péintéireachta, agus díol spéise gur choimisiúnaigh an Cairdinéal thuasluaite Odoardo Farnese an t‑ealaíontóir cáiliúil barócach Annibale Carracci chun an eachtra seo a phéinteáil dá phálás sa Róimh sa bhliain 1596. Nuair a roghnaigh Ó hEódhasa Earcail, rinne sé nasc néata idir an dán seo agus dán a chuaigh roimhe gona bhéim ar an toil, agus ní timpiste ach an oiread go nascann an file an buafhocal ‘saor’ le hEarcail.

28 Dá inmholta é Earcail, áfach, ní raibh ann ach duine duthain. Ar eagla go ligfeadh a lucht éisteachta an fhírinne seo i ndearmad, díríonn an file ar staid iarbháis an duine, an corpán ag morgadh go mall san uaigh, daoil, péisteanna agus cruimheanna á chreimeadh ó bhall go ball. Más é seo dán an duine níl sa saol abhus ach díomhaointeas baoth nach bhfuil fuascailt air ach sa saol eile. Meabhraigh na nithe neamhaí, bíodh do chroí sna flaithis. Is méanar don té nach mbeidh ach drochmheas aige ar an domhan. Sin mar a chríochnaíonn an dán Laidine:

Superna cogita, cor sit in ethere,

Felix qui poterit mundum contempnere (2016: 79).

29 Ach cuireann Ó hEódhasa toise tréan teileolaíoch leis an mbundán agus earraíocht á baint aige as téarmaí teicniúla fealsúnachta mar ‘chríoch’ / finis agus ‘foircionn’ / finis ultimus / ‘críoch dhéanach’. Más é an sonas síoraí trí aontacht le Dia is foirceann dúinn, agus má thugaimid tús áite don domhan ar Dhia dá ainneoin sin, níl i ndán dúinn sa deireadh ach anó amach is amach, ‘bhur bhfoircionn budh fíorthruagh’ (2016: 81).

30 Sa rann deiridh nach bhfuil a mhacasamhail le fáil sa Laidin, cuireann Ó hEódhasa béim ar na suáilcí nach mór a chothú má tá cinniúint chomh hainnis sin le seachaint, go háirithe umhlaíocht, foighne agus grá, na suáilcí ceannann céanna a luadh go sainiúil le Críost sa teagasc críostaí. Agus coincheap an ghrá á cháiliú aige leis na buafhocail ‘coitcheann’ (uilíoch) agus ‘gan chlaochlódh’ (gan athrú), tá an file ag dul i muinín na smaointeoireachta Platónaí uair amháin eile, na hIdéanna nó Foirmeacha arb ann dóibh i ndomhan intuigthe na beithe foirfe, ach atá lonnaithe in intinn Dé de réir thuiscint Chríostaí Agaistín ar an bPlatónachas. Is ann do ghníomhartha daonna indibhidiúla grá toisc go bhfuil siad páirteach in Idé an Ghrá arb é Críost é. Má tá cuma na simplíochta ar an rann deiridh seo, ná dalladh sé sin sinn ar a dhoimhneacht fealsúnachta. Ní hamháin go bhfuil dúnadh ann ach tá codarsnacht chomh maith ann idir ‘truagh’ agus ‘fíorthruagh’. Ina theannta sin ní mór a rá go mbaineann an dúnadh agus an chodarsnacht seo ní leis an tríú dán amháin ach leis an leabhrán ar fad. D’ainneoin chuma na gruaime agus an diúltachais, críochnaíonn an leabhrán seo a cumadh do nóibhísigh Phroinsiasacha i gColáiste San Antaine i Lobháin, ar nóta tréan dóchais. Ach a bheith toilteanach chuige, is féidir éalú ó sheachmall na pluaise dorcha agus dreapadh in airde i dtreo an tsolais. Is é aidhm na beatha Proinsiasaí an teagmháil seo le solas diaga na fírinne síoraí agus an ghrá fhoirfe a chumasú agus a éascú.

31 Más ar dhánta cráifeacha Uí Eódhasa a dhíríonn Ailbhe Ó Corráin i bhfoilseacháin 2013 agus 2016, filíocht de chineál eile — dánta cairdis agus sóláis — is ea a phléann sé sa leabhar a foilsíodh sa bhliain 2014. Bhí an bráthair bocht mór le Uilliam Nuinseann (1550–1625) agus a bhean chéile Sinéad Marbhord (1562–1629). Tháinig ann don chairdeas seo fiú sula ndeachaigh an file thar lear chun dul le sagartóireacht ach is ar an mór-roinn a bhí sé nuair a chum sé ‘A sgríbhionn luigheas thar lear’ agus ‘Deacair suan ar chneidh gcarad’. Ach sula dtéann sé i ngleic le gach aon dán ar leith, tugann an Corránach léargas an-tábhachtach dúinn ar choincheap an chairdis san Eoraip sa nuaré mhoch. Le hathfhionnachtain na gclasaicí aimsir an Renaissance bhí fáil níos éasca ar théacsanna fearacht De Amicitia Chicearó agus Litreacha Seneca chuig Lucilius. Sa chúigiú haois déag bhain Marsilio Ficino leas as teoiric an ghrá Phlatónaigh le háitiú go bhfuil triúr i gceist i ngach fíorchairdeas, an bheirt chairde móide Dia, údar an chairdis. Luann an Corránach nithe nua a tháinig chun cinn taca an ama seo fearacht portráidí cairdis, emblemata, epistolae familiares, alba amicorum. Tá an borradh nua faoi theoiric an chairdis le brath go tréan ar scríbhinní Erasmus, go háirithe in eagrán 1525 de na Adagia, áit a dtugann sé seasca a ceathair nathán a phléann airíonna an chairdis (Mann Phillips 1964). Sa bhliain 1533 mhaígh an daonnachtaí Spáinneach Juan Luis Vives go n‑aontaíonn an comhrá a bhreactar i scríbhinn daoine atá scartha óna chéile agus go scáilíonn íomhá na láithreachta beo a luisne sa litir. Is sa chomhthéacs seo, a áitíonn Ailbhe Ó Corráin, nach mór dhá dhán Uí Eódhasa a shuíomh agus is epistola familiaris poetica é an dán a sheol sé ón mór-roinn chuig Uilliam Nuinseann, cara nach raibh feicthe aige le deich mbliana. Labhraíonn an file leis an litir fhileata atá á seoladh trasna na dtonn aige agus samhlaíonn sé a chara ag fáisceadh na litreach lena bhrollach, rud a mheabhródh na Dánta Grá dúinn, leithéidí ‘Aoibhinn, a leabhráin, do thriall’ nó ‘Gluais, a litir, ná léig sgís’ (Ó Rathile 1976: 1–2; 35–36). Ba é an Nuinseannach grian intleachta an fhile nuair a bhí siad in éineacht in Éirinn ach ó chuaigh an file ar deoraíocht is cuma nó gealach i ndiaidh uraithe é, meafar a thugann deis dó an chodarsnacht is ansa leis idir an solas agus an dorchadas a fhorbairt thar sé rann. Is léir go dtuigeann Ó hEódhasa d’Erasmus, a mhol tús áite a thabhairt don chairdeas thar gach rud eile agus a dúirt ina theannta sin gurb ionann a bheith scartha ó chairde agus an ghrian a stoitheadh ón spéir.

32 Cé gur gné riachtanach den epistola familiaris é an sólás, is beag rian den sólás atá in aiste seo Uí Eódhasa. Tá imní air go mbeidh Uilliam marbh sula mbainfidh an litir ceann cúrsa amach, agus imní air go mbeidh sé féin ar shlí na fírinne má scríobhann Uilliam ar ais chuige. Cé nach eol dúinn go beacht cathain a chuaigh an file chuig an mór-roinn, tá a fhios againn go raibh Giolla Brighde in Douai i Meán Fómhair na bliana 1605, gur shíothlaigh sé ar an 15 Samhain 1614, agus go ndeir sé sa dán seo go bhfuil sé scartha ón Nuinseannach le deich mbliana. B’fhéidir gur thuig sé féin nárbh fhada uaidh an bás agus an litir fhileata seo á cumadh aige. B’fhéidir gurb é an dán féin an sólás arae, mar a mheabhraíonn an Corránach dúinn, d’fhorbair Petrarca, an té is mó a d’aclaigh traidisiún liteartha an tsóláis le linn an Renaissance, feidhm theiripeach na reitrice agus chothaigh nasc idir an líofacht agus an tsláinte intinne. Bheadh sé seo ag teacht go beacht, ar ndóigh, le traidisiún dúchais na Gaeilge mar a raibh feidhm dhúbailte ag an amhrán chun tocht a léiriú agus a shrianadh in éineacht (Ó Madagáin 1985: 144–151). Is treise go mór fada gné an tsóláis sa dán a chum Ó hEódhasa do Shinéad, bean chéile Uilliam, ar bhás a mic Risteard. Ní fios dúinn go beacht cathain a fuair sé bás ach bhí sé fós beo sa bhliain 1600. Ní ceadmhach neamhshuim a dhéanamh den fhulaingt. Más dual d’fhíorchairde críostaí ualaí a chéile a iompar agus más d’airíonna an fhíorchairdis an choitiantacht agus an chómhalartacht, caithfidh an file fulaingt i bpáirt le Sinéad. Nuair a luann sé tréithe an mharbháin, cé go n‑aibhsíonn Ó hEódhasa buanna traidisiúnta an laochais mar ba dhual d’fhilí na bairdne, is fearr leis, dála Erasmus in Institutio Principis Christiani (2014: 27–28), béim a chur ar na suáilcí morálta agus tábhacht an laochais mhíleata a mhaolú, d’ainneoin gur éirigh Risteard Nuinseann amach in aghaidh an rialtais sa bhliain 1600. Is mar laoch, mar fhlaith agus mar fhealsamh a mholann sé an Nuinseannach agus léiríonn an foclóir teicniúil a úsáideann Ó hEódhasa, ‘airdheana,’ ‘forais,’ ‘seantruim,’ ‘polas,’ gurb í an fhealsúnacht nádúrtha go háirithe atá ar intinn aige, disciplín a tháinig go mór chun cinn ón dara leath den séú haois déag ar aghaidh.

33 Áitíonn an Corránach gurb iad na poil neamhaí seachas na poil thalmhaí atá i gceist ag an bhfile, poil a shamhlaítí mar phointí socra sa spéir ghluaiste tráth an Renaissance, meafair don tairiseacht, don dílseacht agus don ghrá. Má tá an ceart ag an gCorránach, is í an tuiscint gurb é an grá prionsabal stiúrtha na cruinne an toradh ar thóraíocht intleachtach an Nuinseannaigh, l’amor che move il sole e l’altre stelle mar a chan Dante (Paradiso, Canto XXXIII). Agus gaisce á dhéanamh ag an bhfile as na forbairtí nua sa réalteolaíocht, as ollmhéid na cruinne agus as acmhainn iontach an spioraid dhaonna na críocha is airde a bhaint amach, ní hamháin nár fhág sé fuíoll molta ar Risteard Nuinseann ach chum sé rainn a bhí úrnua ar fad i dtraidisiún na Gaeilge, cleamhnas paiteanta idir saíocht na bairdne agus meon comhaimseartha na hEorpa.

34 Tar éis caitheamh chomh rábach sin leis an mac, filleann an file ar an máthair chráite sna rainn deiridh. Is sólás do Shinéad agus do Ghiolla Brighde araon buanna dearscnaitheacha an mharbháin. Is é Dia féin a chruthaigh é agus a bhronn air na tíolacthaí seo, agus d’ainneoin an bhriseadh croí, ní cóir di bheith i bhfeirg le Ceard na n‑uile, idir bheatha agus tíolacthaí. Ní cóir an duine a fuair bás beannaithe a chaoineadh arae ‘Dorus beathadh bás an fhir’ (2014: 64). Sin buaic an tsóláis don té a bhfuil creideamh aige, ní áirím cumas sóláis an dáin féin, agus sin é an fáth ar féidir leis an bhfíorchara impí ar Shinéad a gruanna fliucha a thriomú.

35 Tá ár mbuíochas dlite d’Ailbhe Ó Corráin as an ngrinnléamh cáiréiseach atá déanta aige ar fhilíocht Uí Eódhasa. Tá léirithe go soiléir aige a oiread is atá cumadóireacht an fhile ar maos i smaointeoireacht agus in íomháineachas Platónach, airíonna nach féidir a dhealú ó ollghluaiseachtaí an Renaissance agus na Leasúchán Creidimh. Bua breise a bhaineann leis na trí leabhrán seo is ea an gaisneas a bhain an Corránach as na healaíona físiúla i ngach aon cheann acu chun cur leis an áitiú. Ní maisiú ar a shon féin atá sna léaráidí, ach is fianaise luachmhar iad ar na treochtaí céanna smaointeoireachta agus mothúcháin a ghaibhnigh filíocht an bhráthar bhoicht agus cónaí air in Douai agus i Lobháin. In aiste a scríobh sé ar na filí gairmiúla sa bhliain 1971, thug David Greene ardmholadh don bhealach ar shaothraigh siad an Ghaeilge mar mheán liteartha, ach ba thrua leis gur choisc siad ag an am céanna gach deis uirthi forbairt intleachtach a dhéanamh (1971: 49). Léiríonn taighde Ailbhe Uí Chorráin, áfach, gur éirigh le Giolla Brighde Ó hEódhasa idir mheán agus intleacht a thabhairt go barr feabhais in éineacht. Ní hamháin sin, ach tugann sé le fios go raibh ar a laghad ciorcail áirithe in Éirinn i dtús an seachtú haois déag, fearacht mhuintir Nuinseann, a thuig agus a thug taitneamh don trealamh machnaimh, cultúir is mothaithe as ar fáisceadh dánta cairdis Uí Eódhasa.

Mícheál Mac Craith

Dún Mhuire, Cill Iníon Léinín

Saothair a ceadaíodh

Everett Green, M.A. (eag.) (1858) Calendar of State Papers Domestic: James I, 1611–18. London: Her Majesty’s Stationery Office. Ar fáil ag: http://www.british-history.ac.uk/cal-state-papers/domestic/jas1/1611-18 [faighte 12 Eanáir 2018].

Greene, D. (1971) ‘The Professional Poets’. In: Ó Cuív, B. (eag.) Seven Centuries of Irish Learning 1000–1700. Cork: Mercier Press, 38–49.

Jennings, B. (eag.) (1968) Louvain Papers 1606–1827. Dublin: Irish Manuscripts Commission.

Mac Aogáin, P. (eag.) (1968) Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Mac Craith, M. (2016) ‘Bobaireacht Ghaeilge i gColáiste na nGall sa Róimh’. In: Walsh, J. agus Ó Muircheartaigh, P. (eag.) Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR: 177–194.

Mac Raghnaill, F. (eag.) (1976) An Teagasg Críosdaidhe: Bonabhentura Ó hEódhasa, O.F.M. a chum. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Mann Phillips, M. (1964) The ‘Adages’ of Erasmus: a study with translations. Cambridge: Cambridge University Press.

Mhág Craith, C. (eag.) (1967) Dán na mBráthar Mionúr I. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Domhnaill, U. (1602) Tiomna nuadh ar dtighearna agus ar slanaightheora Iosa Criosd. Baile Átha Cliath: a dtigh mhaighistir Uilliam Uiséir Chois an Droichthid, ré Seón Francke.

Ó Fiannachta, P. (eag.) (1981) An Bíobla Naofa. Maigh Nuad: An Sagart.

Ó Madagáin, B. (1985) ‘Functions of Irish Song in the Nineteenth Century’. In: Béaloideas 53: 130–216.

Ó Maonaigh, C. (eag.) (1952) Scáthán Shacramuinte na hAithridhe (Aodh Mac Aingil). Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Ó Rathile, T. (eag.) (1976) Dánta Grádha. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.

Ó Seanacháin, G. agus Ó Súilleabháin, P. (eag.) (2002) Mise Proinsias Bhur mBráithrín: Scríbhinní San Proinsias Assisi. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Shell, A. (2007) Oral Culture and Catholicism in Early Modern England. Cambridge: Cambridge University Press.

Ná hAibhsigh
© Comhar Teoranta, 2024.
ISSN: 2009-8626