‘Rug sé greim cúil orm agus leag sé ar an drúcht mé’: an t-ionchódú agus an cheilt sna hamhráin Ghaelacha a bhaineann le hionsaithe gnéis

Sorcha Nic Lochlainn

1. Réamhrá

Rud atá léirithe go héifeachtach ag scoláirí ár linne ná gur comhthéacs ar leith, spás tairseachúil, atá i gcur i láthair na n-amhrán sa traidisiún Gaelach (Ní Shíocháin 2022: 61–68; Ó Laoire agus Fogarty 2022: 23). Is norm fadbhunaithe é sa chomhthéacs seo gur féidir leis an amhránaí fírinní áirithe a chur i bhfriotal agus mothúcháin phearsanta a scaoileadh – ar bhealach nach dócha go nglacfaí leis sa ghnáthchomhrá (Ó Madagáin 1985: 144–156; Nic Eoin 2000: 233; Ó Laoire 2002: 233–235).

Mar sin féin, áfach, ní cosúil go raibh saoirse iomlán i gceist riamh sna hamhráin. Tá fianaise thábhachtach againn ar roinnt straitéisí spéisiúla sa traidisiún a sheachnaíonn an chaint neamhbhalbh – na meafair, an mheatonaime, an cheilt, agus an ‘nod don eolach’ san áireamh – go háirithe i seánraí amhrán a bhain go sainiúil leis na mná, ar nós na gcaointe agus na suantraithe. Baineadh úsáid as na straitéisí seo nuair a bhíothas ag trácht ar nithe a raibh tabú sóisialta i gceist leo (Bourke 1992: 86; Bourke 1993: 171–172; Hillers 2006: 52; Nic Lochlainn 2017: 26–27). ‘Coding’ nó ‘encoding’ an téarma Béarla atá ag na scoláirí ceannródaíocha sa ghort ar na straitéisí seo trína ndearnadh teachtaireachtaí conspóideacha a chur i bhfriotal go cúramach (féach go háirithe na haistí in Radner 1993; Reddington-Wilde 1999), agus is é ‘ionchódú’ an téarma Gaeilge a fhreagraíonn don choincheap céanna.

Mar atá áitithe ag scoláirí éagsúla (mar shampla Bourke 1988: 6; Stiùbhart 1999: 238; Shaw 2010: 22), is féidir leis na hamhráin Ghaelacha fianaise luachmhar a sholáthar ar na noirm chultúrtha a bhí i bhfeidhm i measc phobail labhartha na Gaeilge san am atá thart. Díol suntais ar leith sa chomhthéacs seo is ea an chodarsnacht idir na téamaí a d’fhéadfaí a phlé go neamhbhalbh sna hamhráin, agus na téamaí a raibh ceilt agus faichill ag baint leo de ghnáth. Pléifidh an aiste seo le téama san amhránaíocht Ghaelach ina bhfeictear an tsaoirse (theoranta) taobh leis an ionchódú agus an chaint chúramach: is é sin, téama na n-ionsaithe gnéis, rud a luaitear ó am go ham in amhráin Ghaeilge na hÉireann, agus a bhfuil tagairtí fánacha dó sna hamhráin Ghaelacha in Albain chomh maith.

2. Cúlra an ‘pastourelle’

Formhór mór na fianaise Éireannaí ar an téama seo, feictear é i gcineál amhráin ar thug Seán Ó Tuama an ‘pastourelle’ air, toisc an-chuid téacsanna gaolmhara a bheith le fáil i dtraidisiún na Fraincise. De réir Uí Thuama, tá oiread cosúlachtaí idir seánra seo na Fraincise agus a mhacasamhail i nGaeilge le gur féidir ‘a dheimhniú gan aon amhras go bhfuil rian an Phastourelle liteartha Fraincise le fáil go fairsing in amhráin tuaithe na Gaeilge’ (Ó Tuama 2001 [1960]: 23; féach fosta an plé in Henigan 2012: 47–49).

Is deacair, ar bhealach, sainmhíniú cruinn ar an ‘pastourelle’ Gaelach a sholáthar, mar is féidir dhá mhórthéama a aithint sna hamhráin a bhaineann leis an seánra seo, agus difríocht mhór eatarthu. An tréith choiteann atá ag an dá chineál amhráin ná go mbíonn fear amuigh ag siúl in áit iargúlta; castar bean óg air. Ina dhiaidh sin, tá dhá fhéidearthacht ann: déanann an fear iarracht an bhean a mhealladh – iarracht a n-éiríonn leis go minic; nó déanann sé í a éigniú.

Sa dá chás, bíonn an-bhéim san amhrán ar an dialóg eatarthu (Ó Tuama 2001 [1960]: 17–18; Nic Eoin 2000: 244–245). I ‘bpastourelle’ an mheallta, bíonn an comhrá ina ghné thábhachtach den mhealladh (féach an plé ar an ghné seo, thíos), agus más amhrán faoin éigniú atá i gceist, is tar éis an ghnímh a bhíonn an comhrá idir an bheirt de ghnáth. Is minic, mar atá léirithe ag Máirín Nic Eoin (2000: 245–246), arb é príomhábhar an chomhrá seo ná go bhfuil an bhean ag iarraidh ar an fhear í a phósadh i ndiaidh an éignithe, agus pillfimid ar an tréith seo ar ball beag. Is iad ‘Dónall Ó Maoláine’ agus ‘Éamonn Mhágáine’ na teidil is coitianta a thugtar ar ‘pastourelles’ an éignithe (féach liosta na dteideal / na gcéadlínte in Aguisín 1), agus tá a leithéid le fáil i nGaeltachtaí ar fud na hÉireann.

3. An easpa toilithe agus an t-ionchódú sa ‘pastourelle’

Sna ‘pastourelles’ seo a bhaineann leis an éigniú, is sa chéad véarsa a fheicimid tagairt don ionsaí de ghnáth. Déantar cur síos air go hindíreach, agus is gné lárnach den ionchódú iad na foirmlí seo nach luann an gníomh féin; is féidir leis an chur síos a bheith i mbéal an fhir nó i mbéal na mná:

Rug sé ’níos ’s anuas orm ’s d’fhág mo c[h]roidhe trom.
(CBÉS 1044: 92)
[R]ug sé greim cúil orm agus leag sé ar an drúcht mé,
Agus d’fhág sé an croidhe dúnta agam is mé ag silead[h] na ndheór [sic].
(CBÉS 1057: 620 agus féach leagan eile de na línte seo i mbéal fir: Ó Conghaile et al. 2012: 365)
Rug me greim guna uirri
is leag me ar a driucht i
is dfag me croidh bruite
ag an chailin bheg og.
(Bunting 4: 26: 43j)

In ainneoin na dtagairtí indíreacha seo, áfach, ní féidir a bheith san amhras maidir le nádúr an ionsaithe. Níos déanaí san amhrán, is minic a luann an bhean páiste a d’eascair, nó a d’fhéadfadh eascairt, ón éigniú:

Ó, is a Rí Mhó[i]r na Páirte, dá mbeadh agam páiste,
Goidé a dhéanfainnse de dhíobháil áraigh dó le mo leanbh beag óg?
(Ó Conghaile et al. 2012: 365)
Nac[h] seo an sgéal cráidhthe ag dul na bhaile chuig mo mháithrin.
I gcionnus ce’n athair atá ag mó leanbh bheag O.
(CBÉS 1057: 621)

Is furasta a shamhlú go bhféadfadh bean úsáid a bhaint as ‘pastourelle’ an éignithe le cur síos indíreach a dhéanamh ar ionsaí a rinneadh uirthi, agus na carachtair san amhrán a úsáid mar bhealach ionchódaithe lena taithí féin a chur i bhfriotal. Gné thábhachtach den chosaint a bhaineann leis an ionchódú, ar ndóigh, is ea an tuiscint nach féidir reacaire an amhráin a ionannú leis an amhránaí, agus go mbíonn débhríocht áirithe ann i gcónaí maidir leis an ghaol idir an reacaire agus an t-amhránaí – mar más léamh litriúil atáthar a dhéanamh ar an amhrán, níl i gceist ach go bhfuil glór mná anaithnide éigin le cloisteáil san amhrán, mar a bhíonn in amhráin iomadúla eile. Mar atá ráite ag Tríona Ní Shíocháin: ‘Creidim go dtugann neamhainmníocht an ghutha cosaint don tsuibiacht bhaineann, agus go mbronnann sí cead aighnis ar an tsuibiacht atá fé chois laistigh den tsochaí phatrarcach’ (Ní Shíocháin 2023: 55).

Tá an-chuid féidearthachtaí in amhráin den chineál seo maidir le teachtaireachtaí a ionchódú (agus féach an cíoradh cúramach atá déanta ag Breandán Ó Madagáin [1985: 144–216] ar na bríonna éagsúla is féidir a bhaint as amhrán i gcomhthéacs an láithrithe). Féachfaimid ar úsáid ainm an fhir ar dtús – arb é teideal an amhráin é go minic, mar atá luaite thuas:

Mise Dónal[l] Ó Maoláine is ná ceil ar fheara Fáil mé
(Ó Conghaile et al 2012: 365)
[Arsa an bhean:] Cé t[h]abhairfinn mar athair don ba báinin [=bábainín] óg?
[Arsa an fear:] Eamonn Bágáine ná[r] las riamh le náire
(CBÉS 0472: 636)

Cé go ndeir carachtar an fhir de ghnáth nach bhfuil aon chúis náire aige, is suntasach an rud é mar sin féin go ndéantar an focal ‘náire’ a cheangal le hainm an fhir ar an dóigh seo. Is minic a bhíonn a ainm chomh feiceálach gur féidir ráiteas iochódaithe a shamhlú le húsáid an ainm: amhránaí a ndearnadh ionsaí uirthi á rá os íseal go dtiocfadh léi an fear a ainmniú go poiblí, dá mba mhian léi (agus d’fhéadfadh an tuiscint seo a bheith cumhachtach fiú mura raibh sé ar intinn ag an bhean an fear a ainmniú i ndáiríre). Sin ráite, áfach, tá féidearthacht eile ann: go bhféadfadh an fear é féin an t-amhrán a úsáid lena thabhairt le fios nach raibh imní air nó ábhar náire aige – gur chuma leis dá n-ainmneofaí é. Tá na féidearthachtaí seo maidir leis an ainmniú ag teacht le ráiteas Mháirín Nic Eoin (2000: 233), ina haiste thábhachtach ar úsáid agus ar nádúr na n-amhrán grá: ‘[b]raithfidh brí an téacs ar aon ócáid ar leith ar láimhseáil chruthaitheach an ábhair ag an bhfonnadóir is ar chúinsí saoil is íogaireacht phearsanta an éisteora’. Is fiú a lua, leis, i gcomhthéacs seo an ainmnithe go raibh nós ann a bhaineann le hábhar sa 15ú agus sa 16ú céad agus b’fhéidir níos déanaí: is é sin, go raibh cothabháil ón athair dlite do leanbh tabhartha dá ndéanfadh an mháthair an fear a ainmniú go poiblí (Nicholls 2003: 88–90). Fiú mura raibh a leithéid de riail i bhfeidhm, ar ndóigh, thiocfadh le gníomh an ainmnithe brú sóisialta a imirt ar an athair.

I sampla spéisiúil amháin den ‘pastourelle’ i gcnuasach Edward Bunting, leantar coinbhinsiúin an tseánra sa mhéid is go gcastar bean ar fhear in áit iargúlta i dtús an amhráin, ach tá castacht neamhchoitianta sa scéal: ligeann an fear air gur sagart é, agus deir sé leis an bhean

go ndeanain a heaisteacht [.i. faoistin a éisteacht] ar c[h]upla póg […]
Sgu be an breathamhnas airighe bhí a ndéigh na cúise
Gur thoig me a gúna sa peticót.
(Bunting 4.7.059)

Ansin déanann an bheirt comhrá an ‘pastourelle’; ach is comhrá é seo atá neamhleanúnach go maith, ar bhealach (agus pléifear úsáid an neamhleanúnachais ar ball beag). Déanann an bhean gearán nach ndearna an ‘sagart’ a chuid geallúintí a chomhlíonadh – ‘Gheall tu cuirt dom a lar mo dhuthche’ (Bunting 4.7.059) – ach tá easpa loighce le brath anseo. Dá mba rud é gur chreid sí gur sagart é an fear i ndáiríre, is ar éigean a d’fhéadfadh sí a chreidiúint go mbeadh sé in ann áit ghalánta chónaithe a sholáthar di, rud a bheadh poiblí, agus í i measc a pobail féin.

Ar aon nós, bíodh an méid seo inchreidte nó ná bíodh, tá an tagairt san amhrán don fhear ag ligean air gur sagart é thar a bheith spéisiúil i gcomhthéacs an ionchódaithe. Is féidir a shamhlú gur tagairt chúramach í seo d’fhíorshagart a bhain mí-úsáid as an chumhacht a bhí aige. Níl aon tagairt neamhbhalbh feicthe agam i gcorpas na n-amhrán do shagart a rinne ionsaí gnéis; is féidir gur leor nod don eolach i gcás an amhráin seo, áfach, agus gur bealach ionchódaithe é seo le sagart a thabhairt isteach sa scéal. Fiú más léamh litriúil amháin a dhéantar ar mhóitíf an ‘tsagairt’, is féidir an t-amhrán seo a áireamh i measc ‘pastourelles’ na n-ionsaithe gnéis: tá toiliú na mná bunaithe ar chuma an údaráis, ar an éagothroime cumhachta a eascraíonn as sin, agus ar ráitis bhréagacha. Is deacair a áitiú gur fíorthoiliú atá i gceist, mar sin.

Ardaíonn an méid seo ceist eile faoi nádúr an toilithe chomh maith. Sna hamhráin a phléann le geallúintí bréige fir – an ‘c[h]uirt’ thuasluaite, mar shampla, nó na nithe dodhéanta atá forleathan i leaganacha de ‘Dhónall Óg’ / ‘Do gheallais dómh-sa’ (Ó Laoire 2002: 345; Ó Cróinín 2021 [2000]: 108) – is féidir na geallúintí nár comhlíonadh a léamh mar mheafar a sheasann d’aon gheallúint fir a bhí bréagach d’aon ghnó. Ach má bhí toiliú na mná bunaithe ar gheallúint bhréagach, an fíorthoiliú a bhí i gceist ar chor ar bith? Nó – sampla eile – i leagan den ‘pastourelle’ ‘Eochaill’ ina mealltar an bhean, an bhfuil an toiliú á bhréagnú nuair a dhéantar tagairt do fhéidearthacht an fhoréigin i dtús an amhráin, sa líne ‘Sé dubhairt sí stad is ná strac mo chlóca’? (CBÉ 0275: 0373 ). Fiú amháin an comhrá atá lárnach i ‘bpastourelle’ an mheallta: an bhféadfaí é seo a léamh mar bhrú as cuimse, uaireanta, fiú gan tagairt ar bith don éigniú nó don ionsaí a bheith le feiceáil san amhrán féin?

Is díol spéise é an t-amhrán ‘Seoladh na nGamhna’ sa chomhthéacs seo. Castar bean óg ar an reacaire in áit iargúlta, mar is gnách i ‘bpastourelle’ an mheallta; ní heol dom go bhfuil aon tagairt nó aon mheafar san amhrán a thabharfadh le fios go bhfuil an t-éigniú i gceist. D’fhéadfadh léamha áirithe ar an amhrán amhras a chothú maidir le nádúr an toilithe mar sin féin. Tá impleacht sa téacs go bhfuil an bhean i bhfad ó bhaile; deir sí uaireanta go bhfuil sí imithe ‘chun fáin’ (CBÉ 0319: 0381) agus í ‘[a]g lorg na ngamhan […] ó mhaidean’ (CBÉ 0477: 532). Is furasta a shamhlú go bhféadfaí leochaileacht na mná a thuiscint anseo – í ina haonar, tuirse uirthi, agus í imithe ar strae – agus i leaganacha áirithe labhrann athair na mná, atá buartha faoina iníon toisc go bhfuil sí amuigh le tamall agus go bhfuil fir áirithe san áit iargúlta seo a d’fhéadfadh í a chur i gcontúirt (CBÉ 0328: 0259). Corruair deir an bhean go mbeadh a muintir féin feargach leis an fhear dá dtiocfaí ar an bheirt le chéile – ‘[bh]uailfidís ort fiche buil[l]e le maide a stóirín’ (CBÉ 0063: 432) – ach mura ndéantar léamh litriúil air seo, is féidir gur bealach ionchódaithe is ea é seo lena drogall féin a chur i bhfriotal, agus í ag cur a míshástachta féin i mbéal a muintire.

Is dócha gur gá a bheith rud beag cúramach, mar sin, maidir le scarúint iomlán a dhéanamh idir ‘pastourelle’ an mheallta agus ‘pastourelle’ an éignithe; d’fhéadfadh ‘pastourelle’ an mheallta bríonna éagsúla a iompar i gcomhthéacs an láithrithe (rud a thacaíonn le tuiscint scoláirí na n-amhrán go bhfuil solúbthacht áirithe sna teorainneacha idir cineálacha amhrán [Ó Madagáin 1985: 156; Blankenhorn 2018: 75]). Nuair nach bhfuil aon tagairt chinnte – neamhbhalbh nó meafarach – don éigniú le feiceáil in amhráin den chineál seo, ní féidir iad a phlé go mion san alt seo; ach is fiú a thabhairt faoi deara mar sin féin go bhfuil na hamhráin faoin éigniú, mar aon leis na hamhráin faoi mhealladh nó faoi chroíbhriseadh mná, uilig ina gcuid den fhriotal aitheanta ar áitigh Virginia Blankenhorn (2023: 23) go bhféadfaí ‘reitric na héagothroime’ nó ‘reitric scrios na mban’ a thabhairt air.

In amhráin áirithe faoin éigniú bíonn béim ar leith ar an tuiscint go bhfuil dhá insint ar scéal den chineál seo, .i. insint an fhir agus insint na mná (agus bíonn a leithéid seo thar a bheith feiceálach sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, nuair a dhéantar líomhain a bhaineann le hionsaí gnéis). Is dóigh liom gur féidir an dá insint seo a léamh ar an athrú pearsan a thagann go tobann sa chéad véarsa uaireanta:

Eadar Chaiseal agus Úir-choill a casadh damh cúilin.
Bhí sí leaghach cuaiseach ag dul tharm insan ród.
Nuair a rug sé greim cúil orm agus leag sé ar an drúcht mé,
Agus d’fhág sé an croidhe dúnta agam is mé ag silead[h] na ndheór [sic].
(CBÉS 1057: 620)

Gné eile den dá insint is ea na deacrachtaí a bhaineann le cruthúnas a sholáthar ar insint na mná i gcás líomhna den chineál seo; luaitear an easpa fianaise sa téacs seo a leanas:

Ca rabh d’fhiadhnaise ’nuair sin a chailín deas donn
Mise ars ’n dreólan ’s mé go ceólmhar fá’n toim
Má gnidhim focal bréige go gcaillidh mé ’n ceann
Ní rabh focal as a bhéilín [.i. béal an fhir] ach éolaidh [=éalaigh] ’s bí liom.
(CBÉS 1044: 092)

Is féidir caint an éin a léamh mar mheafar do lucht éisteachta na mná agus í ag baint úsáide as an amhrán seo le scéal dá cuid féin a insint. Bhí an dreoilín ina fhinné ar an ionsaí, ach deir sé nach bhfaca sé aon rud as bealach. Ar an dóigh chéanna, tá gach ball den lucht éisteachta ina fhinné ar insint an scéil seo, ach is féidir le gach duine acu a rá nár chuala siad nó nach bhfaca siad aon ní a bhain le hionsaí ar bhean – nár aithin siad fianaise (ionchódaithe) a hinsinte féin ar an scéal.

Corruair agus cur síos á dhéanamh ar an ionsaí, is féidir na haidiachtaí a bhaineann leis an bhean a thuiscint mar theachtaireacht ionchódaithe maidir leis an easpa lochta atá le fáil uirthi féin. D’fhéadfadh an bhean, agus í amuigh ag siúl, a bheith ‘leaghach cuaiseach [=lách cúiseach]’ (CBÉS 1057: 620), ‘laghach státamhail’, (CBÉS 1051: 192), ‘ró-mhúinte [agus] ró-staidiúil’ (Cartlann Sean-Nóis TG4: Pól Ó Gallchóir, 2019), nó ‘ciúin céillí’ (Ó Conghaile et al. 2012: 365). Tá macalla láidir anseo den bhean idéalaithe a fheictear sna hamhráin ghrá. Bíonn sí seo ‘múinte béasach’ (CBÉ 0227: 0138), nó is ‘stáidbhean bhreá mhodhúil’ í (’ac Gearailt 2007: 150); is í ‘plúr na mban mánla’ í (CBÉS 0135: 0167), nó ‘ainnir chiúin’ (CBÉ 0505: 0167). Gné eile den bhean idéalaithe seo, ar ndóigh, is ea an gheanmnaíocht: is minic na focail ‘maighdean’ agus ‘bruinneall’ á n-úsáid i dtaca léi (féach, mar shampla, CBÉS 0091: 264, 0062: 286, 1072: 60, 0326: 003). Má tá bean an ‘pastourelle’ á samhlú le bean idéalaithe na n-amhrán grá, is í an teachtaireacht ionchódaithe, mar sin, nach raibh aon locht ar a hiompar i gcomhthéacs an ionsaithe seo (agus is fiú a thabhairt faoi deara gurb é an reacaire fir an carachtar san amhrán a úsáideann na haidiachtaí seo fúithi de ghnáth).

Ach is féidir lena mhalairt de theachtaireacht ionchódaithe a bheith le léamh ar an amhrán chomh maith. I leagan amháin de ‘pastourelle’ an éignithe, tá ráiteas againn maidir le hiompar na mban óg:

Tá fóghmhar na bliana seo dhul i n[-]eádan na mban óg.
Ní h-iad na fir atá da n-iarraidh, acht iad féin atá dhul leo.
B’fhearr liom cailín céillidhe a shiúbhalfadh liom an ród,
Na an deibhleán gan réasún teacht aníar le na cuid bó.
(CBÉS 1057: 403)

Is ag seoladh bó a bhíonn bean an ‘pastourelle’ go minic (Ó Tuama 2001 [1960]: 17). D’fhéadfaí an cheathrú seo a léamh ar bhealaí éagsúla. Léamh inchosanta amháin ná go bhfuil údar éigin ag iarraidh amhras a chothú maidir le fírinne líomhna den chineál seo a d’fhéadfadh bean a dhéanamh. Nó is féidir a shamhlú fiú gur bean a ndearnadh ionsaí uirthi is ea údar na ceathrún seo: gur cineál féinchosanta atá i gceist leis an impleacht go bhfuil ionannas áirithe idir í féin agus ‘cailín céillidhe’ na n-amhrán grá, seachas bean ‘gan réasún’ an ‘pastourelle’, b’fhéidir. Mar atá luaite againn, bíonn beirt reacairí ag an ‘pastourelle’ de ghnáth, trínar féidir dearcthaí éagsúla a chur i láthair san amhrán. Anuas air sin, is é nádúr an traidisiúin é go ndéanann údair éagsúla na hamhráin a athrú agus a athmhúnlú – rud a fhágann gur féidir go bhfuil an-chuid peirspictíochtaí ag dul i bhfeidhm ar amhrán den chineál seo.

4. An neamhleanúnachas in insint an ‘pastourelle’

Ní léir i gcónaí go mbíonn loighic nó leanúnachas le feiceáil i dtéacs an ‘pastourelle,’ agus gan amhras is féidir gurb é an chúis atá leis seo ná na dearcthaí a bhí ag na húdair éagsúla a chuir leis an amhrán agus a bhain de i gcaitheamh na mblianta. Anuas air sin, áfach, tá tréithe ‘neamhleanúnacha’ áirithe chomh forleathan sna hamhráin seo gur féidir a áitiú go bhfuil feidhm ar leith leo, in ainneoin na heaspa céille nó loighce a d’fhéadfaí a shamhlú leo.

Tréith amháin a fheictear go han-mhinic ná ‘pastourelle’ an éignithe a bheith á shuíomh i gcomhthéacs na n-amhrán grá. Feictear ceathrúna a bhfuil codarsnacht mhór idir iad agus téama an éignithe – is ceathrúna iad seo a bhaineann úsáid as friotal na n-amhrán grá:

Ar an bhaile seo tá ’n chúilfhionn, sí an mhaighdean dheas mhúinte í
Sí an bhruinneall a ba suáilcí dá dtáinig ó mhnáibh,
Sí mo shearc í, sí mo rún í, sí m’ansacht go buan í
Sí an samhradh san fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.
(Cartlann Sean-Nóis TG4: Pól Ó Gallchóir, 2019)

Nach meanra do’n eanlaith a éirigheas go h-árd
’S codluigheas n-a dhiaidh sin ar aon chraobh amháin
Ní hé sin damh fein é’s do mo chead mhíle grádh
’S fada ó na cheile bhíos ar n-éirighe gach lá.
(CBÉS 1044: 092)

Sa chéad cheathrú thuas, tá sé le tuiscint gur ar fhear atá cumha, agus sa dara ceathrú, ní fios cé acu fear nó bean atá i gceist – agus is dócha gur cuma. Ní léir gur gá don lucht éisteachta ceachtar den bheirt reacairí seo a ionannú go hiomlán leis na príomhcharachtair sa ‘pastourelle’; ní gá go mbeadh leanúnachas den chineál seo i gceist in amhrán traidisiúnta. Mar sin féin, áfach, is suntasach an rogha é amhráin den chineál seo a bheith á suíomh go minic i gcomhthéacs na n-amhrán grá. Ní furasta leanúnachas ar bith a shamhlú idir éigniú agus grá – mar atá ráite ag Máirín Nic Eoin (2000: 244), ní amhráin ghrá iad na ‘pastourelles’ seo ar chor ar bith, cé gur mar seo a dhéantar cur síos orthu uaireanta. Cén fáth a ndéanfaí a leithéid de cheangal sna hamhráin seo, mar sin? Cén fáth a dtabharfadh an bhean i ‘bpastourelle’ an éignithe ‘m’Óganach Óg’ (CBÉS 1057: 620) ar an fhear corruair, rud arbh fhurasta é a thuiscint mar théarma ceana?

Arís, is dócha go mbaineann freagra na ceiste seo le comhthéacs an láithrithe, agus tá an iliomad féidearthachtaí ann. D’fhéadfadh amhránaí a bheith ag iarraidh líomhain a dhéanamh go cúramach, agus teachtaireacht an amhráin a cheilt i bhfriotal na n-amhrán grá, atá ina norm an-chumhachtach i dtraidisiún na n-amhrán Gaelach. Tá áilleacht ar leith, dar liom, sa dá cheathrú thuas a bhfuil friotal an ghrá iontu – is féidir gur fheidhmigh an áilleacht féin mar bhealach le haird a tharraingt ar shiúl as an líomhain. Chomh maith leis sin, is féidir go ndeachaigh ‘pastourelle’ an mheallta (gan aon tagairt shoiléir don éigniú), i bhfeidhm ar ‘pastourelle’ an éignithe; is minic a fheictear friotal an ghrá sna hamhráin a bhfuil mealladh mná mar théama iontu. Nó seans go bhfuiltear ag iarraidh téama an phósta a fhí isteach san amhrán trí thagairt a dhéanamh don ghrá: mar atá léirithe ag Máirín Nic Eoin (2000: 245–246), minic go leor, i gcás mná a ndearnadh í a éigniú, bheadh buntáiste áirithe i gceist don bhean dá bpósfadh an fear ciontach í. Sin uilig ráite, áfach, d’fhéadfadh taobh eile a bheith leis an tréith seo. Má shamhlaítear go bhfuil an bhean i ngrá leis an fhear, nó ag iarraidh é a phósadh, d’fhéadfadh an méid seo amhras áirithe a chothú maidir le fírinne a líomhna.

Bíonn ceathrúna neamhleanúnacha eile le feiceáil thall is abhus chomh maith. Ní léir go bhfuil aon bhaint ag an méid seo a leanas le téama an ‘pastourelle:’

Pleóid ar an óige ’sí ’s cóir a bheith ann
Siubhlaidh sí go seólta nuair a thógas sí ’ceann
Ní hionann ’s na mná pósta mbíonn a gcóta fá n-a gceann
Tá poll ar a mbróga ’s ní ólann siad leann.
(CBÉ 0136: 0367)

Is féidir gur straitéis chosanta a bhíonn sa neamhleanúnachas seo uaireanta. Feictear an straitéis chéanna i ‘raiméis’ neamhleanúnach na suantraithe ó am go ham, agus in amhráin déanta an éadaigh chomh maith, is dócha (Nic Lochlainn 2017: 27–28; 2021). Is féidir teachtaireachtaí a bhfuil conspóid iontu a cheilt sa neamhleanúnachas, sa dóigh is go dtig leis an lucht éisteachta neamhaird a dhéanamh orthu, nó beag is fiú a dhéanamh díobh – mar táthar á gcur i láthair ar bhealach a thabharfadh creidiúint áirithe don tuiscint nach bhfuil iontu ach raiméis gan bhrí (agus, sna cásanna uilig atá luaite agam, raiméis ban, mar dhea, atá i gceist).

5. An easpa leanúnachais in amhráin an éignithe in Albain

Go bhfios dom, is ar éigean a chuaigh an ‘pastourelle’ i bhfeidhm ar chorpas na n-amhrán Gaelach in Albain, rud a bheadh ag teacht le heaspa tionchair na nAngla-Normannach sa tír sin i gcomparáid le comhthéacs na hÉireann. Na samplaí den ‘pastourelle’ Gaelach a bhfuil mé eolach orthu in Albain, is dócha gur tháinig siad faoi anáil thraidisiún an Bhéarla (McColl 1836: 137; A. L. Gillies 2005: 413) – féidearthacht atá luaite ag Ó Tuama i gcomhthéacs Ghaeilge na hÉireann chomh maith, gan amhras (2001 [1960]: 23). Cé nach bhfuil an ‘pastourelle’ chomh feiceálach in Albain is atá in Éirinn, feictear cuid de na tréithe céanna in Albain i dtaca leis an chur chuige cúramach a d’fhéadfadh a bheith ag mná agus líomhaintí éignithe á ndéanamh acu.

Is i dtraidisiún na n-amhrán ramhraithe (nó traidisiún ‘nan òran luaidh’) is mó a fheicimid na tagairtí don éigniú in amhráin na nGael Albanach. Comhthéacs ar leith, gan amhras, ab ea cur i láthair na n-amhrán ramhraithe in Albain: bhí stádas ‘leath-phoiblí / leath-imeallaithe’ ag an ramhrú mar chomhthéacs láithrithe, mar atá pléite ag scoláirí éagsúla (féach na cuntais ar na féidearthachtaí a bhain le corpas an ramhraithe agus a láithriú in Bruford 1996, A. L. Gillies 2005: 471, W. Gillies 2005, Blankenhorn 2019 agus Nic Lochlainn 2021). Tá tuiscint choitianta ann go raibh anord áirithe i gceist leis na hamhráin seo (Nic Lochlainn 2021), mar aon le cineál ‘joie de vivre’ sa chur i láthair, agus saoirse ar leith in ábhar na n-amhrán (A. L. Gillies 2005: 471; MacGill-eain 1985 [1982]: 125) – cé nach cosúil gur saoirse iomlán a bhí i gceist riamh (féach an plé thíos).

Gné thábhachtach de nádúr na n-amhrán ramhraithe ná gur minic a rinneadh línte ó sheánraí éagsúla a thabhairt le chéile i dtéacs aon amhráin amháin. De réir John Lorne Campbell (1981: 6):

A striking feature of the older waulking songs is their frequent changes of subject. Very often such songs will consist of two or three passages of verse, usually with a different vowel rhyme throughout each section, with the sections (sometimes consisting of formulaic passages) apparently quite unrelated to each other.

Tá fianaise againn ó roinnt mhaith foinsí (mar shampla  A. L. Gillies 2005: 14, 61; Campbell agus Collinson 1969: 315) gur le nós darb ainm ‘atharrachadh’ a rinneadh na sleachta seo a idirdhealú ar a chéile. Is é a bhí san ‘atharrachadh’ ná athrá na loinneoige lena thabhairt le fios go rabhthas ar tí cromadh ar línte a cheol a raibh athrú téama (agus athrú comhuaime de ghnáth) le brath iontu. Feicfimid ar ball beag go bhfuil tábhacht leis an athrú téama seo i dtaca le hamhráin ramhraithe a bhaineann leis an éigniú.

Dála ‘pastourelle’ an éignithe in Éirinn, is ar bhealach ionchódaithe a dhéantar cur síos ar fhoréigean an ghnímh agus ar nádúr an ionsaithe in amhráin ramhraithe na hAlban go minic. Agus í ag trácht ar ‘f[h]ear liath gun onair,’ deir reacaire amháin:

Rinn e mo leaba aig an doras,
’S rinn e starsach dha chuid chon dhiom.
’S bhrist e mo bhràist’ ann am bhrollach.
Phronn e mo phaidirein solais.
Chuir e falt mo chìnn fo bhonnan.
Rinn e sin is gnìomh bu dona –
Thog e orm gu robh mi torrach.
Shaorainn, shaorainn, shaorainn fhathast,
Shaorainn an oidhche go latha
Gu bheil mi nam ghruagaich fhathast.
(Craig 1949: 65)

Is léir ar an chomhthéacs gur ‘maighdean’ atá i gceist le húsáid an fhocail ‘gruagach’ anseo (Dwelly 1918 s.v.). Sna téacsanna ina bhfuil leaganacha de na línte seo le fáil (mar shampla, Craig 1949: 65; Campbell agus Collinson 1977: 66–8; SEA SA1954.138.1), feicimid an neamhleanúnachas is dual do chorpas na n-amhrán ramhraithe: roimh na línte seo faoin éigniú, feicimid caint ar phósadh fir uasail, Dòmhnall Gorm Shlèite, agus ní léir go bhfuil aon cheangal idir an dá chuid den amhrán. Is fiú féachaint ar an chur síos a rinne John Lorne Campbell ar an dóigh ar cuireadh na codanna éagsúla de na hamhráin ramhraithe le chéile:

[M]any of these songs were first improvised [‘improvisation’ encompassing the extempore piecing together of disparate segments of text] under semi-trance conditions. This accounts not only for their sectional structure and their frequent use of formulaic passages, but also for their spontaneity and their complete lack of self-consciousness. They are not to be compared with literary productions, but with dreams.
(Campbell agus Collinson 1981: 6, 8; liomsa an bhéim)

Tá an-chuid fianaise againn i dtraidisiún na Gaeilge ar an ‘támhnéal’ a luann Campbell – staid a samhlaíodh le cumadh agus le cur i láthair na filíochta i gcoitinne (Ó hÓgáin 1982: 81–363; Ó Madagáin 1985: 144–151, 160–164). Bíonn an staid athraithe intinne seo le feiceáil go han-mhinic sna cuntais ar chur i láthair amhráin déanta an éadaigh in Éirinn agus in Albain araon (féach an plé in Nic Lochlainn 2021). Tá an tuiscint seo ar an ‘támhnéal’ ag teacht leis an dearcadh thuasluaite gur spás tairseachúil é láithriú na n-amhrán: spás é seo nár ghá go raibh an ghnáth-thuiscint ar an loighic nó ar an leanúnachas le brath ann. Ní hiontas ar bith é, mar sin, go bhfeictear an neamhleanúnachas go minic in amhráin ramhraithe an éignithe in Albain, agus dála an ‘pastourelle’ in Éirinn, d’fhéadfaí teachtaireachtaí conspóideacha a cheilt i dtréith seo an neamhleanúnachais.

Anois agus arís feictear amhrán ramhraithe faoin éigniú a bhfuil leanúnachas áirithe ann ceart go leor, ach a ndéantar athrú suntasach ar a ábhar mar sin féin. In amhrán dar tús ‘Chi mi eilid ’s a céile,’ déanann an reacaire cur síos idéalaithe ar chomh sona agus atá an péire seo, agus ansin tagann casadh sa scéal:

Cha n-ionann ’s mar dh’éirich
Dhomh ’s do Dhòmhnall mac Sheumais,
’S ann a thug e mi air éiginn,
Muigh an Gleannan nan Géige[.]
(Campbell agus Collinson 1969: 96)

Tá ainmniú an fhir suntasach, ar ndóigh (ach uaireanta bíonn an reacaire níos cúramaí, agus tugann sí ‘sgoilear na Beurla’ air; féach Craig 1949: 47). Díreach i ndiaidh an chuntais seo ar an éigniú, áfach, cromann an reacaire ar mholadh na n-uaisle – téama atá lárnach i gcuid mhór de na hamhráin ramhraithe. Is cuid leanúnach den insint chéanna, seachas sliocht as téacs eile, atá i gceist; deir an reacaire gur tharla an t-ionsaí seo

’S mi ’nam bhanchaig air spréidh ann [.i. Gleannan nan Géige],
Aig a’ bhaintighearn’ òig cheutaich
Bean a bheathaich na ceudan,
Do luchd Laideann is Beurla,
Do luchd Fraingis is Gréigis.
(Campbell agus Collinson 1969: 96)

I ndiaidh an tsleachta seo (agus tar éis ‘atharrachaidh’, rud a thugann le fios go bhfuil briseadh idir eilimintí an amhráin le tuiscint), feicimid a thuilleadh molta ar fhear óg éigin ‘a Chloinn Lachlainn’ (SEA SA1959.67.B2; Campbell agus Collinson 1969: 96). Déantar trácht ar an fhear seo i bhfriotal na n-amhrán grá – rud arb ionann é go minic agus friotal an dáin mholta, mar atá léirithe ag John MacInnes (1978: 466–470). Is féidir a shamhlú, mar sin, go bhfuil an líomhain seo á neadú go cúramach i measc na ngnáthchoinbhinsiún a bhaineann leis na hamhráin ramhraithe.

Tá corrshampla d’amhrán ramhraithe againn inar féidir gur thit an tagairt don (nó an tuiscint ar an) éigniú amach as an traidisiún le himeacht ama. I gcás amhráin ramhraithe a dtugtar ‘Chunna mise mo leannan’ (nó ‘Gur e mis’ tha fo mhulad’) air, an tuiscint a bhí ag Somhairle MacGill-eain (1985 [1982]: 125) ná gur ‘a girl raped on a shieling’ a chum é. Tá na tagairtí don ionsaí seo thar a bheith gann sna leaganacha den amhrán a mhaireann, áfach – níl mé eolach ach ar leagan amháin den amhrán a luann an t-éigniú sa téacs féin (Campbell agus Collinson 1981: 164; féach an liosta leaganacha in Aguisín 2), agus is dócha nach mbíonn ciall an éignithe á baint as an amhrán a thuilleadh (féach Frater 1997: 11).  Ní fios cé acu a bhí an tagairt neamhbhalbh don éigniú sa leagan a bhí ar eolas ag MacGill-eain nó nach raibh – seans gur thit sé amach as an traidisiún agus nár mhair sé ach mar chuid den scéal a chuaigh leis an amhrán. Ní féidir a bheith cinnte faoin méid seo, ar ndóigh, ach bunaithe ar a bhfuil pléite againn cheana féin, is féidir gurb é a bhí i gceist ag MacGill-eain ná go raibh tagairt ionchódaithe don éigniú le léamh ar línte den chineál seo:

Chunnaic mise mo leannan,
’S cha do dh’aithnich e ’n dé mi […]
Cha d’ fhiosraich, cha d’ fharraid,
Cha do ghabh e dhiom sgeula. […]
’N latha a bha mi ’s a’ bhàta
Ghabh mi nàire mu d’ dhéighinn.
’Dol timcheall an rudha,
Bha mi dubhach, trom, deurach.
Gur ann thuas air an àirigh
’Ghabh thu, ’ghràidh, a’ cheud spéis dhiom.
(Mac-na-Ceàrdadh 2004 [1879]: 560. Loinneoga fágtha ar lár, ar mhaithe le soiléireacht.)

Tá friotal an ghrá spéisiúil, ar ndóigh, mar a chonaic muid i gcomhthéacs an ‘pastourelle’; is dócha go bhfuil mothúcháin chasta eile á gceilt i bhfriotal an ghrá anseo, nuair a dhéanann sí tagairt dá náire agus dá brón, agus do ‘spéis’ an fhir. Is féidir an téacs seo a léamh i gcomhthéacs choinbhinsiúin mholta na n-amhrán ramhraithe chomh maith, mar tá corrleid sa téacs maidir le stádas ard an fhir, agus é ‘[a]ir each glas nan ceum eutrom’. Díreach i ndiaidh don bhean tagairt a dhéanamh don ‘àirigh’ – áit ar tharla an t-ionsaí, de réir MhicGill-eain – leanann sí uirthi le téama an mholta agus an stádais aird:

’S iad mo rùn-se Clann Dòmhnaill
Sin an còmhlan nach tréig mi.
(Mac-na-Ceàrdadh 2004 [1879]: 561. Féach fosta an t-athrú téama in Craig 1949: 34–35; SEA SA1958.110.2, CW0071B.275)

Moladh Chlann Dòmhnaill atá sa chuid eile den amhrán. Luann MacGill-eain (1985 [1982]: 125) an fhéidearthacht gur dhá amhrán éagsúla de réir bunúis iad an moladh agus an cur síos ar an éigniú; ach ní gá gurb amhlaidh an scéal, mar ní heol dom go bhfuil ‘atharrachadh’ idir an dá chuid i leagan ar bith, agus níl aon athrú sa chomhuaim ach an oiread. Arsa MacGill-eain (1985 [1982]: 126): ‘If it really is one poem it is a complex and remarkable poem: first anger and humiliation turning to indifference and then to an exulting compensation in the military glories of her MacDonald kinsman.’ (Is leid eile iad na ‘military glories’ seo gur fear a raibh stádas ard aige a bhí á phlé san amhrán, ar ndóigh.) Is féidir nach ‘exult[ation]’ gan chastacht a bhí san amhrán, agus gur d’aon ghnó a rinne an ceiliúradh seo a fhí leis an chur síos ar an éigniú, dá neamhleanúnaí é; feicfimid ar ball beag gur dócha go raibh cúram ar leith i gceist sna hamhráin a bhain leis na fir uaisle a rinne bean a éigniú. D’fhéadfadh íoróin áirithe a bheith i gceist, mar sin, nuair a deir an bhean ‘nach tréig’ Clann Dòmhnaill í (Mac-na-Ceàrdadh 2004 [1879]: 561).

 

6. Niall Bàn (nó Niall Òg) agus an t-ionchódú

Amhrán amháin de chuid thraidisiún an ramhraithe arb ábhar mór spéise é ná an t-amhrán a phléann le bean óg a ndearna fear uasal darbh ainm Niall Bàn í a éigniú. I leaganacha eile, Niall Òg a thugtar air (SEA SA1970.120, CW000C, CW0134.636; Fay Shaw 1999 [1977]: 225):

An cuala sìbhs’ a’ mhoighdeann cheutach
Air an tug Niall Bàn an éiginn
Air taobh beinneadh ri latha gréineadh?
’S truagh, a rìgh, nach b’ e mi fhéin i.
Cha sracainn brollach do léineadh.
Nan sracadh, gum fuaighinn fhéin i
Le snàthaid bhig ’s le snàth glé gheal
’S nighinn ann an sruthan sléibh i
Air lic shleamhainn an abhainn leuma.
Thiormaichinn air bàrr nan geug i,
Chuirinn an t-iarann na dhéidh oirre
’S bheirinn paisgt’ an làimh do phéid i.
(Craig 1949: 9)

Léiríonn an tagairt do ‘phéid’ an fhir, .i. a shearbhónta (Craig 1949: 9; Fay Shaw 1999 [1977]: 225), gur leis an uasaicme a bhaineann sé. Bunaithe ar fhianaise an téacs féin, is é an cur síos atá déanta ag scoláirí éagsúla ar an amhrán seo ná gur ‘envy of women raped by a handsome aristocrat’ atá i gceist (Newton 2000: 128; féach na léamha cosúla in MacGill-eain 1985 [1982]: 125 agus Frater 1994: 347). Ach i gcomhthéacs na fianaise atá againn go raibh tabú láidir ann, in Éirinn agus in Albain araon, maidir le cáineadh neamhbhalbh na n-uaisle (Bourke 1993: 171–172; Nic Lochlainn 2014: 34–37) – caithfidh go bhfuil an scéal níos casta ná mar atá aitheanta ag na scoláirí go dtí seo.

Is cosúla i bhfad go bhfuil ionchódú áirithe le feiceáil san amhrán seo: go raibh an cumadóir anaithnid seo ag úsáid na norm traidisiúnta maidir le moladh na n-uaisle, ar mhaithe le haitheantas a thabhairt don ionsaí a rinne Niall Bàn (agus le rabhadh a thabhairt do mhná óga eile, b’fhéidir, gur cheart an fear seo a sheachaint). Gné den amhrán a bhaineann le hábhar, ar ndóigh, ná gur aitheantas ‘leath-phoiblí’ a bhí i gceist; ní os comhair an phobail uilig a rinneadh an t-amhrán seo a cheol, ach i gcomhthéacs an ramhraithe, áit nár ceadaíodh ach na mná, agus áit a raibh a thuilleadh saoirse acu ná mar a bhí acu i gcomhthéacsanna eile (A. L. Gillies 2005: 471). Arís, áfach, ní saoirse iomlán a bhí i gceist, agus is léir go raibh an banfhile anaithnid seo an-chúramach nuair a thug sí aitheantas don ghníomh seo de chuid Nìll Bhàin.

Is dóigh liom go bhfuil meafar cliste le léamh ar an chur síos a dhéanann an reacaire ar an ionsaí a shamhlaíonn sí Niall Bàn a dhéanamh uirthi. Is féidir sracadh seo na léine a léamh mar bhealach ionchódaithe le cur síos ar an agóid: deir an bhean nach ndéanfadh sí aon agóid in aghaidh an éignithe – ach dá ndéanfadh sí agóid, go mbeadh an agóid á suíomh i gcomhthéacs an umhlaithe do na huaisle aici – díreach mar a dhéanann sí san amhrán, mar is é an léamh litriúil ar an amhrán ná go mba onóir mhór é aird Nìll Bhàin a tharraingt ar an dóigh seo. Is fiú a lua go bhféadfaí, gan amhras, na línte seo a thuiscint i gcomhthéacs noirm eile de chuid thraidisiún an ramhraithe: mar a d’aithin James Ross (1957: 101), is minic a fheictear ‘[a] great virility of expression’ in amhráin ramhraithe a mholann na huaisle, ‘frequently employing extreme imagery to convey desire.’ Is dócha gur norm fadbhunaithe in amhráin na mban is ea moladh fir uasail ar bhealach a úsáideann íomháineachas na méine collaí: féach MacInnes 1978: 469, 482; Bourke 2014: 42; Nic Lochlainn 2019: 468–470.

Uaireanta, i ndiaidh don reacaire cur síos a dhéanamh ar ionsaí Nìll Bhàin, cuirtear píosa leis an chuntas seo a dhéanann an t-amhrán a shuíomh i gcomhthéacs na n-amhrán grá (ach i gcásanna eile fágtar an cuntas ar Niall Òg ina aonar: SEA CW000C; CW0134.636). Ní hionann an chomhuaim sa dá chuid den amhrán cumaisc, agus uaireanta léiríonn an ‘t-atharrachadh’ eatarthu (SEA SA1970.120) gur dhá théacs éagsúla ab ea iad seo tráth:

’S truagh gun mise ’s an t-òg gasda
Am mullach beinneadh guirme caiseadh […]
Thigimid gu cliùiteach dhachaidh
Mar gu ’m pùsaimid o ’n altair.
(Craig 1949: 10)

Is spéisiúil an rud é gur féidir an straitéis chosanta chéanna – .i. an t-éigniú á shuíomh i gcomhthéacs na n-amhrán grá – a léamh ar amhráin an éignithe in Éirinn agus in Albain araon, in ainneoin na ndifríochtaí sna seánraí ina bhfeictear cuntas ar an éigniú sa dá thír. Is norm an-chumhachtach é friotal na n-amhrán grá sna hamhráin Ghaelacha, mar atá ráite againn; agus is dócha go bhféadfaí tréithe an noirm seo a úsáid le haird a tharraingt ar shiúl as ráitis a bhí á ndéanamh os íseal, ar bhealach ar féidir a shamhlú nach dtuigfeadh ach daoine áirithe sa lucht éisteachta iad. Cé gur áitigh MacGill-eain (1985 [1936]: 15, 22) go raibh ‘brave realism’ ar phríomhthréithe na filíochta Gaelaí in Albain – ‘the opposite of romance, escapism, fantasy, and their concomitants, affectation, fancifulness, far-fetchedness and falseness’ – léiríonn cás Nìll Bhàin gur dócha go raibh gá le ‘falseness’ áirithe agus cáineadh na n-uaisle á cheilt go han-chúramach in amhráin ramhraithe na mban.

7. Féidearthachtaí maidir le húsáid na n-amhrán seo

Ní gá, ar ndóigh, gur teachtaireacht ionchódaithe a bhíonn i gceist i gcónaí nuair a cheoltar amhráin an éignithe. Ceolann daoine na hamhráin seo toisc gur cuid luachmhar den oidhreacht áitiúil iad, nó toisc go bhfuil ceangal pearsanta acu le duine muinteartha a thug an t-amhrán dóibh, nó toisc go bhfuil (nó go raibh) baint láidir ag an amhrán le corpas nó le comhthéacs ar leith, ar nós an ramhraithe in Albain. Tá cur síos tábhachtach déanta ag Breandán Ó Madagáin (1985: 144–216) ar an-chuid féidearthachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist nuair a chuirtear amhrán i láthair; agus is féidir a thuilleadh feidhmeanna a shamhlú leis na hamhráin atáimid a phlé san aiste seo.

Is féidir, mar shampla, teachtaireacht choimeádach ar róil inscne a thuiscint i leaganacha áirithe den ‘pastourelle,’ go háirithe i leithéidí na líne a deir faoin bhean gur ‘[l]as sí le náire’ tar éis an éignithe, i gcodarsnacht le ‘Dónall Ó Duláine, nár las riamh le náire’ cúpla ceathrú níos déanaí (CBÉS 0151: 01718). Féidearthacht eile, a bheadh ag brath ar chomhthéacs an láithrithe: ar bhain fear úsáid as amhrán mar seo riamh, le cur síos ar ionsaí gnéis a rinneadh air – ábhar a bhfuil tabú docht ag baint leis, agus nach luaitear ar chor ar bith sa traidisiún? (Ar ábhar gaolmhar: tá fianaise againn ar fhear amháin ar a laghad a thug le fios gur úsáid sé féidearthacht an ionchódaithe in amhrán le hagóid a dhéanamh in éadan caidrimh a brúdh air in aghaidh a thola; féach an plé ar Thomás Ó Criomhthain in Ó Laoire 2002: 232–234). Nó ar baineadh úsáid as an ‘pastourelle’ riamh le tromaíocht phoiblí, ionchódaithe, a dhéanamh ar bhean a ndearnadh í a éigniú? Ní fios; ach tá na féidearthachtaí seo ag teacht leis an tuiscint atá againn ar na teachtaireachtaí ionchódaithe a d’fhéadfaí a bheith á gcur i láthair trí mheán na n-amhrán Gaelach.

Uaireanta is dócha go ndearnadh béim na n-amhrán ar an éigniú a mhaolú. Is dócha go bhfuil a leithéid le léamh ar fhianaise ‘Chunna mise mo leannan’ thuas, agus shamhlóinn ‘eagarthóireacht’ taobh istigh den traidisiún, mar shampla, i gcás leagain amháin de ‘Éamonn Mhágáine’ a dhéanann cur síos ar an fhear mar laoch a throid ar son Shéamuis i gCath na Bóinne – gan aon trácht ar éigniú san amhrán nó sa scéal a ghabhann leis (CBÉ 0027: 091). D’fhéadfadh athmhúnlú áirithe a bheith i gceist, leis, i gcorrleagan de ‘Dhónall Ó Maoláine’ ina ndéanann an bhean beag is fiú den fhear, nuair a deir sé go bhfuil sé i gceist aige bean eile a phósadh i ndiaidh an éignithe:

Órú imigh agus déan sin, dheamhan a miste liom fhéin é,
Ní folamh atá Éirinn, tá fir eile le fáil
Is frasach domh céile nach n-iarrfaí bó spré liom
Ach a ghlacfadh mé i mo léine – cé nach folamh atáim.
(Cartlann Sean-Nóis TG4: Pól Ó Gallchóir 2019)

Léiríonn freagra seo na mná nár cloíodh i gcónaí le noirm sheánra an ‘pastourelle’ – nár ghá go mbeadh an bhean dubhchroíoch toisc nach bpósfadh an fear í, agus go bhféadfaí cineál dúshláin a chur i mbéal an reacaire mná, uaireanta, nuair a samhlaíodh gá leis.

8. Amhráin a bhaineann leis an éigniú sa chomhthéacs comhaimseartha

Cuid mhór de na hamhráin a pléadh san alt seo, ceoltar go fóill iad sa lá atá inniu ann, ach ní hiontas ar bith é gur féidir le míchompord áirithe a bheith i gceist leo, mar atá léirithe ag Lillis Ó Laoire (2006: 96–97). Tá machnamh tomhaiste déanta ag Ó Laoire ar chur i láthair na n-amhrán seo sa chomhthéacs comhaimseartha:

This has remained a problem that, for me, has no real resolution. Surely, the songs are amazing and beautiful items of cultural production, rightly celebrated as a high point of Gaelic heritage, both textually and musically. On the other hand, the gender ideologies they reveal and allude to are not compatible with a modern, democratic, egalitarian perspective. So why continue to sing these pieces? […] Does the performer lyricize oppressive texts and by voicing them support their point of view? […] [T]he answer for me has to be no. […] To suppress such a text, such a history, would be worse than continuing to sing it. By bringing the text out in the open, by framing and discussing it, an essential dialogue is allowed to continue (Ó Laoire 2006: 97–98).

Tá tábhacht ar leith, dar liom, le pointe Uí Laoire maidir leis an ‘essential dialogue’ sna hamhráin a bhaineann leis na hionsaithe gnéis. Bainim féin úsáid as na téacsanna seo i léachtaí fochéime, le haird na mac léinn a dhíriú ar cheist ríthábhachtach an toilithe (tugtar rabhadh roimh ré maidir le hábhar an ranga, agus bíonn cead ag mic léinn a bheith as láthair más ábhar imní acu an téama seo). Bealach amháin é seo le leas a bhaint as amhráin den chineál seo ar mhaithe le dioscúrsa ionraic a chothú fá ghné íogair de shaol an duine dhaonna – gné a bhfuil aird á tarraingt uirthi i ngluaiseacht #MeToo / #MiseFosta le blianta beaga anuas, ar ndóigh.

Léiríonn na hamhráin seo faoin éigniú tuiscint sheanbhunaithe ar na hamhráin Ghaelacha atá beo beathaíoch sa lá atá inniu ann: is é sin, nach féidir reacaire an amhráin a ionannú leis an amhránaí, agus nach fios go cinnte cén fáth go díreach a gceolann amhránaí amhrán ar leith. Fágann sé seo spás don débhríocht: an bhfuil amhránaí de chuid an lae inniu ag díriú airde go comhfhiosach ar fhoréigean gnéis nuair a cheolann sé nó sí amhrán den chineál seo? An bhfuil an t-amhránaí ag tagairt go meafarach do chineál foréigin a bhfuil taithí phearsanta acu air? Nó an é díreach gur amhrán é seo atá mar chuid d’oidhreacht an amhránaí agus a bhfuil áilleacht aeistéitiúil ag baint leis? Ní fios: is cinneadh duine aonair é seo; is spás é cur i láthair na n-amhrán atá príobháideach, tairseachúil, fiú más i gcomhthéacs poiblí a dhéantar an t-amhrán a rá.

 

Buíochas

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr Caoimhe Nic Lochlainn, a léigh an t-alt seo agus a phléigh na hargóintí go mion liom. Mo bhuíochas le piarmheastóirí COMHARTaighde a chuir feabhas ar na hargóintí. Mé féin amháin atá freagrach as aon easnamh nó aon earráid san alt.

 

Giorrúcháin

CBÉ: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; https://www.duchas.ie/ga/cbe/imleabhair

CBÉS: Cnuasach Bhéaloideas Éireann (Bailiúchán na Scol), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; https://www.duchas.ie/ga/cbes/imleabhair

SEA: Sgoil Eòlais na h-Alba, Oilthigh Dhùn Èideann; https://www.tobarandualchais.co.uk

 

Aguisín 1: ‘Pastourelles’ a pléadh san alt (Teideal [más ann dó] / Céad líne)

‘Ag Seoladh na nGamhna ar an bhFásach’ / ‘Lá dá rabhas cois taobh an ghleanna’ (CBÉ 0328: 0259)

‘Amhrán’ / ‘Idir Chaiseal agus Ur-choill a thárla damhsa an cúilín’ (CBÉS 1051: 192)

‘An Cailin ’Ghaid mo Cri’ / ‘’An gleannan nan sruth luaineach ’s mi ’gabhail cuairt an raoir’ (McColl 1836: 137)

‘Aodann Srath Bhàin’ / ‘’S mi ri imeachd nam ònar anns an òg-mhadainn Mhàirt’ (Gillies [A. L.] 2005: 411)

‘Bhi mise la gabhail trid a c[h]oill c[h]raebhuigh’ / ‘Bhi mise la gabhail trid a c[h]oill c[h]raebhuigh’ (Bunting 4.7.059)

‘Cailín beag suarach mé’ / ‘Cailín beag suarach mé a chuaidh ó fán choill’ (CBÉS 1044: 92)

‘Cailín beag suarach mé’ / ‘Cailín beag suarach mé a chuaidh ó fá’n choill’ (CBÉ 0136: 036)

‘Domhnall Ó Maoláine’ / ‘Idir Caiseal ’gus Úirchill a casadh domh an chúilfhionn’ (Ó Conghaile et al. 2012: 365)

‘Dónal[l] Ó Maoláine’ / ‘Idir Caiseal agus Úrchoill a tharlaigh domh an cúlfhionn’ (Cartlann Sean-Nóis TG4: Pól Ó Gallchóir, 2019)

‘Éamonn Mhágláinne’ / ‘Seacht seachtmhaine ó’n lá san ’seadh chonnac mo ghrádh geal’ (CBÉ 0027: 091)

‘Eochaill’ / ‘Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill’ (CBÉ 0275: 0373

(CBÉ 0063: 432)

‘Sean amhrán: Éamonn Bágáinne’ / ‘Dia Máirt a ghluaiseas go mustreach fuaidhreach’ (CBÉS 0472: 636)

‘Sean amhrán eile’ / ‘Cailín bocht buadhartha mé, agus ghluais mé fan choill’ (CBÉS 1057: 403)

‘Seanamhrán’ (‘Dómhnall a bhfuil Áine [= Ó Maoláine]’ luaite ann) / ‘Eadar Chaiseal agus Úir-choill a casadh damh cúilin’ (CBÉS 1057: 620)

‘Seoladh na nGamhna faoi’n bhFásach’ / ‘Tráthnóinín Aoibhinn ar Fíor an Ghleanna’ (CBÉ 0477: 532)

‘Seoladh na nGamhan fé’n bhFásaigh’ / ‘Lá breágh gréine agus mé ar thaobh a’ghleanna’ (CBÉ 0319: 0381)

[gan teideal: blúire gairid é seo] / ‘Eidir Munichain [nó ‘Chaisiol’] agus Dúrlas chas orm an chuilion’ (Bunting 4: 26: 43j)

[gan teideal; ‘Dónall Ó Duláine’ luaite sa téacs] / ‘Maidean bhog dhrúchtmhar idir Chaiseal is Dhúrlas’ (CBÉS 0151: 017)

 

Aguisín 2: Amhráin ramhraithe a pléadh san alt (is leis an chéad líne a dhéantar amhráin a aithint sa seánra seo de ghnáth)

‘An cuala sibh mun mhaighdeann cheutach’ (SEA CW0134.636)

‘An cuala sibh mun mhaighdinn chiataich’ (SEA CW000C)

‘An cuala sìbhs’ a’ mhoighdeann cheutach’ (Craig 1949: 9)

‘An cuala sibhse a’ mhaighdeann cheudna’ (SEA SA1970.120)

‘Chunna mise mo leannan’ (Craig 1949: 34)

‘Chunna mise mo leannan’ (faoin teideal ‘Ho ro hì hoireannan’) (SEA CW0071B.275)

‘Chunna mise mo leannan ’s cha do dh’aithnich e ’n dè mi’ (SEA SA1958.110.2)

‘Dèan suidhe ’s gun gabhainn sgeula’ (SEA SA1954.138.1)

‘Dh’éirich mi moch madainn Chéitein’ (Campbell agus Collinson 1977: 66-8)

‘Gur e mis’ tha fo mhulad’ (Mac-na-Ceàrdadh 2004 [1879]: 560)

‘Gur mis’ tha fo èislean air an tulaich ’s mi ag èirigh’ (SEA SA1959.67.B2)

‘Gura mis’ tha fo mhulad’ (Campbell agus Collinson 1969: 162)

‘Gura mise tha fo éislein’ (Campbell agus Collinson 1969: 6)

‘Gura mise tha fo éislein’ (Craig 1949: 47)

‘Latha dhomh ’s mi falbh na sléibhe’ (Craig 1949: 65)

‘’M faca sibh a’ mhaighdean bheusach’ (Fay Shaw 1999 [1977]: 225)

 

Saothair a ceadaíodh

’ac Gearailt, B. (eag.) (2007) An Blas Muimhneach. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Blankenhorn, V. (2018) ‘A New Approach to the Classification of Gaelic Song’. In: Oral Tradition 32/1: 71–140.

Blankenhorn, V. (2019) ‘Reitricí Fhilíocht na mBan i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban’. In: Ní Shíocháin, T., agus Ní Annracháin, M. (eag.)  Léachtaí Cholm Cille 53: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge. Maigh Nuad: An Sagart: 12–40.

Bourke, A. (1992) ‘Bean an Leasa: Ón bPiseogaíocht go dtí Filíocht Nuala Ní Dhomhnaill’. In: Ó hAnluain, E. (eag.) Leath na Spéire. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 74–90.

Bourke, A. (1988) ‘Working and Weeping: Women’s Oral Poetry in Irish and Scottish Gaelic’. In: Women and Gender Studies Series. Dublin: University College Dublin. School of Social Justice. Women’s Studies.

Bourke, A. (1993) ‘More in anger than in sorrow: Irish women’s lament poetry’. In: Newlon Radner, J. (eag.) Feminist messages: coding in women’s folk culture. Urbana: University of Illinois Press: 160–182.

Bourke, A. ‘“A bhean úd thall!”: Macallaí Idirghaelacha i bhFilíocht Bhéil na mBan’. In: Scottish Studies 37: 37–47.

Bruford, A. (1996) ‘Workers, weepers and witches: The status of the female singer in Gaelic society’. In: Scottish Studies 17: 61–70.

Campbell, J. L., agus Collinson, F. (eag.) (1969) Hebridean Folksongs [I]: A Collection of Waulking Songs. Oxford: Clarendon Press.

Campbell, J. L., agus Collinson, F. (eag.) (1977) Hebridean Folksongs II: Waulking Songs from Barra, South Uist, Eriskay and Benbecula. Oxford: Clarendon Press.

Campbell. J. L. agus Collinson, F. (eag.) (1981) Hebridean Folksongs III: Waulking Songs from Vatersay, Barra, Eriskay, South Uist and Benbecula. Oxford: Clarendon Press.

Craig, K. C. (1949) Òrain Luaidh Màiri nighean Alasdair. Glasgow: Alasdair Matheson & Co., Ltd.

Dwelly, E. (eag.) (1918) The Illustrated Gaelic Dictionary, Vol. I. Fleet, Hants.: [an t-údar féin a d’fhoilsigh].

Fay Shaw, M. (1999 [1977]) Folksongs and Folklore of South Uist. Edinburgh: Birlinn.

Frater, A. C. (1994) ‘Scottish Gaelic Women’s Poetry up to 1750’. Tráchtas PhD neamhfhoilsithe. University of Glasgow.

Frater, A. C. (1997) ‘The Gaelic Tradition up to 1750’. In: Gifford, D. agus MacMillan, D. (eag.)  A History of Scottish Women’s Writing. Edinburgh: Edinburgh University Press:1–14.

Gillies, A. L. (2005) Songs of Gaelic Scotland. Edinburgh: Birlinn.

Gillies, W. (2005) ‘Traditional Gaelic Women’s Songs.’ In: Fazzini, M. (eag.) Alba Literaria: A History of Scottish Literature. Venezia: Amos Edizioni: 165–179.

Henigan, J. (2012) Literacy and Orality in Eighteenth-Century Irish Song. London: Pickering & Chatto.

Hillers, B. (2006) ‘Dialogue or Monologue?: Lullabies in Scottish Gaelic tradition’. In: Byrne, M., Clancy, T. O., agus Kidd, S. M. (eag.)  Litreachas & Eachdraidh: Rannsachadh na Gàidhlig 2: Glaschu 2002. Glaschu: Roinn na Ceiltis, Oilthigh Ghlaschu: 33–55.

MacGill-eain, S. (1985 [1936]) ‘Realism in Gaelic Poetry’. In: Gillies, W. (eag.)  Ris a’ Bhruthaich: The Criticism and Prose Writings of Sorley MacLean. Stornoway: Acair: 15–47.

MacGill-eain, S. (1985 [1982]) ‘Some thoughts on Gaelic Poetry’. In: Gillies, W. (eag.) Ris a’ Bhruthaich: The Criticism and Prose Writings of Sorley MacLean. Stornoway: Acair: 120–133.

MacInnes, J. (1978) ‘The Panegyric Code in Gaelic Poetry and its Historical Background’. In: Transactions of the Gaelic Society of Inverness 50: 435–498.

Mac-na-Ceàrdadh, G. (2004 [1879]) An t-Òranaiche: The Gaelic Songster. St Andrew’s, Nova Scotia: Sìol Cultural Enterprises.

McColl, E. (1836) The Mountain Minstrel; or, Clàrsach nam Beann. Glasgow: [gan foilsitheoir luaite].

Newton, M. (2000) A Handbook of the Scottish Gaelic World. Dublin: Four Courts Press.

Ní Shíocháin, T. (2022) ‘Eispéireas, Brí, agus Machnamh: an Smaointeoireacht agus an Amhránaíocht’. In: Fogarty, P., Falzett, T., agus Ó Laoire, L. (eag.)  Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 51–78.

Ní Shíocháin, T. (2023) ‘Tost Scríbhinne agus Glór an Bhéil Bheo: Inscne, Béalaireacht agus Ceist na Cumhachta i dTraidisiún na Gaelainne’. In: Léachtaí Cholm Cille 53: 48–63.

Nic Cárthaigh, G. (2002) ‘Cúl le Cleamhnas’. In: Béascna 1: 59–72.

Nic Eoin, M. (2000) ‘“Scéal ar an ngrá…”: Na hAmhráin Ghrá agus an Smacht Sóisialta’. In: Riggs, P., Ó Conchúir, B., agus Ó Coileáin, S. (eag.)  Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 233–260.

Nic Lochlainn, S. (2014) ‘“Bear my greetings across the sea”: Emigrant Experiences and the Gaelic Song Tradition’. In: Béaloideas 82: 24–45.

Nic Lochlainn, S. (2017) ‘Suantraithe na Gaeilge: Seánra Sainiúil na mBan’. In: Comhar 77 (5): 24–8.

Nic Lochlainn, S. (2019) ‘A Pan-Gaelic Perspective on the Oral Lament’. In: Breatnach, C., Ní Úrdail, M., agus Ó Riain, G. (eag.) Lorg na Leabhar: A Festschrift for Pádraig A. Breatnach. Dublin: National University of Ireland: 447–480.

Nic Lochlainn, S. (2021). ‘“Out of a reverie, and as if giving unconscious expression to a deep internal feeling”: women’s clothmaking songs in Gaelic tradition’. In: Caldwell, C., Haslett, M., agus Ó Laoire, L. (eag.) The Oxford Handbook of Irish Song from the Earliest Beginnings to 1850, leagan ar líne https://doi.org/10.1093/oxfordhb/9780190859671.013.3 (rinneadh rochtain ar 24 Lúnasa 2025).

Nicholls, K. W. (2003) Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages. Dublin: Lilliput Press.

Ó Conghaile, M., Ó Tuairisg, L, agus Ó Ceannabháin, P. (eag.) (2012) Leabhar Mór na nAmhrán. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó hÓgáin, D. (1982) An File: Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Laoire, L. (2002) Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Laoire, L. (2006) ‘Confessions of a Song Junkie’. In: Irish Pages 3 (2): 88–102.

Ó Laoire, L., agus Fogarty, P. (2022) ‘Réamhrá’. In: Fogarty, P., Falzett, T., agus Ó Laoire, L. (eag.) Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Madagáin, B. (1985) ‘Functions of Irish Song in the Nineteenth Century’. In: Béaloideas 53: 130–216.

Ó Tuama, S. (2001 [1960]) An Grá in Amhráin na nDaoine: Léiriú Téamúil. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Radner, J. N. (eag.) (1993) Feminist Messages: Coding in Women’s Folk Culture. Urbana agus Chicago: University of Illinois Press.

Reddington-Wilde, R. L. (1999) ‘Violent Death and Damning Words: Women’s Lament in Gaelic Poetry’. In: Black, R., Ó Maolalaigh, R., agus Gillies, W. (eag.) Celtic Connections: proceedings of the Tenth International Congress of Celtic Studies. Vol. 1 Language, literature, history, culture. East Lothian: Tuckwell Press: 265–286.

Ross, J. (1957) ‘A Classification of Gaelic Folk-Song’. In: Scottish Studies 1: 95–151.

Shaw, J. (2010). ‘What Gaels communicate through song and singing’. In: Huttu-Hiltunen, P. et al. (eag.) Laulu Kulttuurisena Kommunikaationa / Song as Cultural Communication: Proceedings from the Runosong Academy Jubilee Seminar, 8–10 October 2010. Finland: Juminkeko: 1–16.

Stiùbhart, D. U. (1999) ‘Women and Gender in the Early Modern Western Gàidhealtachd’. In: Ewan, E. agus Meikle, M. (eag.) Women in Scotland c. 1100—c. 1750. East Linton: Tuckwell Press: 233–249.

 

Foinsí i gcartlanna:

  • Bailiúchán na Scol (CBÉS, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath)

0062: 286

0063: 432

0091: 264

0135: 0167

0136: 0367

0151: 01718

0326: 003

0472: 636

0477: 532

1044: 92

1051: 192

1057: 620

1072: 60

 

  • An Príomh-Bhailiúchán Lámhscríbhinní (CBÉ, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

0027: 091

0227: 0138

0275: 0373

0319: 0381

0328: 0259

0505: 0167

 

 

  • Sgoil Eòlais na h-Alba (SEA, Oilthigh Dhùn Èideann)

CW000C

CW0134.636

CW0071B.275

SA1954.138.1

SA1958.110.2

SA1959.67.B2

SA1970.120

 

 

  • Cartlann Sean-Nóis TG4

Cartlann Sean-Nóis TG4: Pól Ó Gallchóir, 2019

 

  • Lámhscríbhinn Edward Bunting (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste)

Bunting 4.7.059

Bunting 4: 26: 43j

 

 

 

 

Dáta foilsithe:

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
traidisiún béil, amhránaíocht, ionsaí, ceilt, ionchódú

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

I nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban araon, tá roinnt téacsanna againn i dtraidisiún na n-amhrán a bhíonn ag plé le hionsaithe gnéis. Déantar an t-ábhar seo a láimhseáil go han-chúramach sa traidisiún béil, agus bíonn éiginnteacht agus débhríocht le feiceáil sna téacsanna seo go minic. Cíorann an t-alt seo na tréithe a bhaineann le hamhráin an éignithe; na straitéisí a d’fhéadfaí a léamh ar na téacsanna seo; agus na féidearthachtaí maidir le feidhmeanna na n-amhrán seo i gcomhthéacs an láithrithe.

Údar:
Sorcha Nic Lochlainn

Teagmháil:

sorcha.niclochlainn@ucc.ie

Beathaisnéis:

Is as Co. Aontroma do Shorcha Nic Lochlainn agus chaith sí tréimhsí ag staidéar in Ollscoil na Banríona agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sular ghlac sí le post mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Is ar na hamhráin Ghaelacha – in Éirinn, in Albain agus ar Oileán Mhanann – is mó a bhíonn sí ag díriú ina cuid taighde.

Scaip an t-alt seo: