‘Ní ghlacaimíd-ne go héascaidh le heachtrannaigh annso, a Mhr. Lockwood’: Eachtrannú agus dúchasú in Árda Wuthering

Pádraig Ó Briain

We don’t in general take to foreigners here, Mr. Lockwood’: Foreignisation and domestication in Árda Wuthering

 

‘Ní ghlacaimíd-ne go héascaidh le heachtrannaigh annso, a Mhr. Lockwood’: that is Nelly Dean’s explanation for why locals just don’t seem to take to Mr. Lockwood, a gentleman of leisure who has moved to the wilds of Yorkshire. At least that’s what she says in Seán Ó Ciosáin’s 1933 translation of Wuthering Heights. The line as Emily Brontë wrote it reads: ‘We don’t in general take to foreigners, here, Mr. Lockwood’.

Just as the locals in Wuthering Heights are slow to accept outsiders, so too there is a quality in Brontë’s prose that seems to impede faithful but fluent translation to Irish. This article contends that this resistance arose from language norms current in Irish when Ó Ciosáin was translating. Moreover, it contends that said norms were weighted so heavily against foreign influence that it made some Irish translators willing to accept a lot of information loss in translation.

In Árda Wuthering this information loss is evident in the way that speech registers are translated. In the case of the distinct speech register common to upper-class characters in the original text, the tendency is not to translate it at all. But what was it about the Irish-language norms of the 1930s that made the elevated speech of Brontë’s day seem untranslatable to Ó Ciosáin? That is the question that this article seeks to answer.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
eachtrannú, dúchasú, Wuthering Heights, canúint, caillteanas

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

‘We don’t in general take to foreigners, here, Mr. Lockwood’: sin míniú Nelly Dean ar leisce mhuintir na háite glacadh le Mr. Lockwood, fear saibhir díomhaoin atá tagtha chun cónaithe in iargúltacht Yorkshire. San aistriúchán a rinne Seán Ó Ciosáin ar Wuthering Heights in 1933, d’aistrigh sé an abairt seo mar ‘Ní ghlacaimíd-ne go héascaidh le heachtrannaigh annso, a Mhr. Lockwood.’

Díreach mar atá muintir na háite in Wuthering Heights righin chun glacadh le daoine as baile isteach, tá righneas éigin i bprós Emily Brontë a thagann salach ar aistriúchán dílis ach dúchasach a dhéanamh air go Gaeilge. Áiteofar san alt seo gur eascair an righneas seo as noirm theanga a bhí i réim sa Ghaeilge nuair a bhí Ó Ciosáin i mbun aistrithe. Thairis sin, áiteofar go raibh noirm Ghaeilge na linne sin ualaithe chomh mór sin in aghaidh tionchair ón iasacht go raibh roinnt aistritheoirí Gaeilge sásta glacadh lena lán caillteanais eolais san aistriú.

In Árda Wuthering tá an caillteanas seo le sonrú sa chaoi ar aistríodh sainréimeanna teanga. I gcás na sainréime teanga ba dhual do charachtair uasaicmeacha sa bhuntéacs, b’amhlaidh nár bacadh lena haistriú den chuid ba mhó. Ach cad é faoi noirm na Gaeilge sna 1930idí a chuir ina luí ar Ó Ciosáin nach raibh an stíl mhórfhoclach a bhí i réim in aimsir Brontë inaistrithe go Gaeilge? Sin ceist a chíorfar san alt seo.

 

Údar:
Pádraig Ó Briain

Teagmháil:

padraigobriain04@gmail.com

Beathaisnéis:

Is as Corcaigh ó dhúchas do Phádraig Ó Briain. Tá bunchéim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne sé dochtúireacht i Litríocht Bhéarla Ré na Meánaoise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ach ní dheachaigh a dhúil sa Ghaeilge riamh i léig agus tharla gur fhill sé ar ghort na Gaeilge cúpla bliain ó shin chun obair aistriúcháin a dhéanamh. Tá sé ag gabháil don aistriúchán go lánaimseartha anois agus a dhintiúirí mar aistritheoir aige ó bhain sé Máistreacht i Léann an Aistriúcháin amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2024. https://orcid.org/0009-0006-0609-9111

Scaip an t-alt seo: