‘We don’t in general take to foreigners, here, Mr. Lockwood’ (Wuthering Heights 1847: 37): sin míniú Nelly Dean ar leisce mhuintir na háite glacadh le Mr. Lockwood, fear saibhir díomhaoin atá tagtha chun cónaithe in iargúltacht Yorkshire. San aistriúchán a rinne Seán Ó Ciosáin ar Wuthering Heights in 1933, d’aistrigh sé an abairt seo mar ‘Ní ghlacaimíd-ne go héascaidh le heachtrannaigh annso, a Mhr. Lockwood’ (Árda Wuthering 1933: 56). Cuid suntais trácht Nelly ar ‘foreigners’ i gcomhthéacs aistriúcháin mar tugann sé an stráitéis ar a dtugtar ‘foreignisation’ chun cuimhne. Téann an straitéis aistriúcháin seo siar chuig léacht a thug Fredrich Schleiermacher in 1813 inar áitigh sé nach mbíonn ach dhá rogha ag aistritheoir i ndáiríre:
Either the translator leaves the writer alone as much as possible and moves the reader toward the writer, or he leaves the reader alone as much as possible and moves the writer toward the reader (Schleiermacher 1992: 42).
Sa lá atá inniu ann tugtar ‘foreignisation’, nó ‘eachtrannú’ sa Ghaeilge, ar straitéis aistriúcháin a bhogann an léitheoir i dtreo an bhunúdair. Chun ‘[a] feeling of foreignness’ a chruthú, mhol Schleiermacher lomaistriúchán a dhéanamh ar nósmhaireachtaí teanga an bhunúdair, fiú má chuireann sé comhréir agus stór focal na sprioctheanga as a riocht (Schleiermacher 1992: 46). Os a choinne sin, tugtar ‘domestication’, nó ‘dúchasú’ sa Ghaeilge, ar straitéis aistriúcháin a bhogann an bunúdar i dtreo an léitheora. Sa dúchasú bítear ag iarraidh aistriú de réir dhul na sprioctheanga le go mbeidh an t-aistriúchán taitneamhach soléite do na spriocléitheoirí (Munday et al. 2022: 189). Sa mhéid is gur ‘beo-chaint na ndaoine ag borradh [ina] aigne’ (Ó Ciosáin 1973: 76) a chuir flosc chun aistrithe ar Ó Ciosáin an chéad lá riamh, d’fhéadfaí a rá go raibh sé tugtha don dúchasú san aistriú.
Más Schleiermacher a chéadsmaoinigh ar eachtrannú, ba é Lawrence Venuti a d’fhorbair straitéis aistriúcháin as agus a bhaist ‘foreignisation’ air. Cuid suntais é go raibh ‘resistancy’ mar ainm eile ag Venuti ar ‘foreignisation’ (Venuti 2018: xiv) mar tugann sé chun cuimhne an nós sin ag pobal Yorkshire (dar le Nelly Dean) coimhthíos a dhéanamh le strainséirí. Agus Wuthering Heights á aistriú aige, bhí righneas de chineál eile, righneas i gcoinne dhul na sprioctheanga le sárú ag Ó Ciosáin. D’fhéadfaí a rá, díreach mar atá an pobal áitiúil in Wuthering Heights righin chun glacadh le daoine as baile isteach, go bhfuil righneas éigin in úrscéal Béarla Brontë ag leibhéal na teanga a thagann salach ar aistriúchán dílis ach dúchasach a dhéanamh air go Gaeilge.
Áiteofar san alt seo gur eascair an righneas seo as noirm theanga a bhí i réim sa Ghaeilge nuair a bhí Ó Ciosáin i mbun aistrithe. Ba noirm iad a bhí ualaithe chomh mór sin in aghaidh tionchair ón iasacht go raibh roinnt aistritheoirí Gaeilge de chuid na linne sin sásta glacadh lena lán caillteanais eolais san aistriú. Ar na noirm sin bhí an norm seo a leag an tAthair Peadar síos in 1898 nuair a mhol sé don aistritheoir ‘[c]uir a-bhaile an iasacht’ (O’Rahilly 1922: 94). Nuair a chuimhnítear gur mar rogha idir ‘bringing the author back home’ agus ‘sending the reader abroad’ a chuir Schleiermacher dúchasú agus eachtrannú in iúl (Venuti 2018: 15), is léir gur tháinig an tuiscint ar dhea-aistriúchán i ré Uí Chiosáin salach ar eachtrannú mar a shamhlaigh Schleiermacher é.
Cúinse eile a chuir ina luí ar aistritheoirí Gaeilge na linne sin glacadh lena lán caillteanais san aistriú ná go raibh an Ghaeilge an uair sin sách aonchineálach ó thaobh sainréimeanna teanga de. Nó ba chirte a rá go raibh sainréim theanga amháin go mór i dtreis: gnáthréim theanga neamhfhoirmeálta a bhí bunaithe ar urlabhra na bpobal Gaeltachta. Ó ba chaint na cosmhuintire í sin, níor oir sí rómhaith do dhaoine a rangú ina n-aicmí sóisialta de réir an chineáil Gaeilge a labhair siad. Chuir sé sin Ó Ciosáin faoi laincis mhór agus é ag iarraidh úrscéal a aistriú a bhain an-leas as urlabhra aicme. I gcás na réime teanga ba dhual do charachtair uasaicmeacha sa bhuntéacs Béarla, b’amhlaidh nár bhac sé lena haistriú den chuid ba mhó. Ach cad é faoi noirm na Gaeilge sna 1930idí a chuir ina luí ar Ó Ciosáin nach raibh an stíl mhórfhoclach a bhí i réim in aimsir Brontë inaistrithe go Gaeilge? Sin ceist a chíorfar san alt seo.
‘provincial’ versus ‘canúnach’
Más fíor do Lawrence Venuti, tá de nós ag dúchasóirí téacsanna iasachta a roghnú le haistriú a bhfuil luí acu leis an sprioctheanga cheana féin, dar leo (Venuti 1998a: 241). B’fhéidir go raibh a leithéid de chritéar ar intinn ag Ó Ciosáin nuair a dúirt sé gur roghnaigh sé Wuthering Heights le haistriú toisc gur mheas sé go ‘[n-]oireann atmasféar [sic] leabhar Emily don Ghaeilge’ (Ó Ciosáin 1973: 77). Maidir leis an mianach a bhí in atmaisféar Wuthering Heights a chuir in oiriúint don Ghaeilge é i súile Uí Chiosáin, seans go bhfuil fuascailt na ceiste sin ag Janet Gezari nuair a deir sí ‘[that] dialect speech puts us on notice that we are, like Lockwood, foreigners in the world of Wuthering Heights’ (2014: 19). Focal é ‘dialect’ a shamhlaítear go mór leis an nGaeilge agus é de nós ag Gaeilgeoirí glacadh le blas canúnach ar Ghaeilge duine mar chomhartha líofachta. Ó tharla nár foilsíodh an chéad leagan den Chaighdeán Oifigiúil go dtí 1958, d’fhéadfaí a rá gur i dtaobh leis an nGaeilge chanúnach amháin a bhíothas in aimsir Uí Chiosáin. Fiú tar éis teacht an Chaighdeáin Oifgiúil, mhair an nós i measc lucht na Gaeilge a bheith ag doicheall roimh chaighdeán ar feadh i bhfad. Nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta sna 1970idí, cuir i gcás, bhí plé mór ar an ngá a bhí le caighdeánú Ghaeilge an stáisiúin le go dtuigfeadh éisteoirí raidió ó cheantair Ghaeltachta éagsúla a chéile. Tugann Ó Murchú le fios gur ‘glacadh col láidir leis an bhfocal caighdeán’ sa phlé sin agus daoine den tuairim gur ‘mhíréasúnach ar fad a bheith ag súil go bhféadfadh aon duine acu rud ar bith a labhairt ach a chanúint nádúrtha féin’ (Ó Murchú 1984: 18).
Thuigfí do Ó Ciosáin mar sin má cheap sé go raibh gealladh faoi Wuthering Heights mar bhuntéacs le haistriú go Gaeilge, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an chaoi a luaitear an t-eocharfhocal ‘wuthering’ san úrscéal den chéad uair:
Árda Wuthering an ainm atá ar áitreabh Mhr. Heathcliff. Aidiacht chanúnach iseadh “Wuthering” a chuireann i n-iúl go bríoghmhar an saghas aimsire anródhaighe a bhíonn san áird neamh-fhothanúil seo nuair a bhíonn an doineann ann (ÁW 1933: 8).
Wuthering Heights is the name of Mr. Heathcliff’s dwelling, ‘Wuthering’ being a significant provincial adjective, descriptive of the atmospheric tumult to which its station is exposed in stormy weather (WH 1847: 2).
Is díol spéise é gur aistrigh Ó Ciosáin ‘provincial’ mar ‘canúnach’ nuair is ‘provincialism, esp[ecially] in language’ a luaitear le ‘cúigeachas’ i bhfoclóir Uí Dhuinnín (Ó Duinnín 1927, s.v. cúigeachas), an príomhfhoclóir Gaeilge-Béarla a bhí ann lena linn. Is í an fhadhb le ‘provincial’ a aistriú mar ‘canúnach’, áfách, ná go raibh brí dhíspeagúil ag ‘provincial’ sa Bhéarla – is é sin, ‘parochial or narrow-minded; lacking in education, culture, or sophistication’ (OED, s.v. provincial) – nach raibh ag teacht leis an meas mór a bhí (agus atá fós) ar bhlas canúnach sa Ghaeilge.
Aistritheoir idir dhá theann
Casaimis chuig eachtra i ndírbheathaisnéis Uí Chiosáin a léiríonn gur aistritheoir idir dhá theann a bhí ann go pointe:
Is cuimhin liom an lá ar chaith mé leathuair an chloig taobh amuigh de shiopa leabhar i Sráid Phádraig. Chonaic mé leabhar le Shaw, Heart Break House, agus bhí mé ar feadh i bhfad agus mé ag cur is ag cúiteamh, ag iarraidh m’aigne a dhéanamh suas i dtaobh é a cheannach … Bhí mé ar tí bualadh isteach sa siopa chun é a cheannach ach go tobann chuimhnigh mé ar an rún a bhí glactha agam gan leabhar Béarla a léamh go dtí go mbeadh a raibh ar fáil de na leabhair Ghaeilge a foilsíodh ó cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun léite agam. D’imigh mé liom faoi dhéin siopa eile ina mbíodh leabhair Ghaeilge á ndíol agus cheannaigh mé leabhar éigin a scríobh an tAthair Peadar! (Ó Ciosáin 1970: 127).
Is cuí gurbh iad George Bernard Shaw agus an tAthair Peadar Ó Laoghaire an dá theann a raibh Ó Ciosáin gafa eatarthu óir ba ghlanmhalairt ar a chéile an bheirt úd sa chaoi inar chaith siad lena ndúchas Éireannach. I gcás Shaw, bhraith sé chomh mór sin faoi chuing ‘his parochial life in Ireland’ (O’Flaherty 2004: 131) gur thug sé an bád bán air féin in 1876, gan filleadh i ndán dó (Shaw 1934: 641). Bhí Shaw suite de nach mbainfeadh sé barr a chumais amach mar scríbhneoir gan ‘metropolitan domicile and an international culture’ a bheith aige (Shaw 1934: 642). Bhí údar aige nuair ba chóras sóisialta ‘metrocentric’ – is é sin, sochaí inar bhraith ballraíocht den tsochaí shibhialta ar ‘assimilation of a form of speech based on a metrocentric elite’ (Mugglestone 2017: 156) – a bhí i réim i Sasana lena linn. ‘Received Pronunciation’ (nó ‘RP’) a thugtar ar an bhfoirm ardghradaim teanga seo atá bunaithe ar urlabhra lucht cinsil dheisceart Shasana (Mugglestone 2017: 159). Uaidh sin a thug an Coiste Téarmaíochta ‘uaschanúint Bhéarla Shasana’ ar ‘received pronunciation’, is dócha.
Dá mba thír ‘metrocentric’ é Sasana in aimsir Brontë, ba ‘periphery-dominated centre’ í Éire in aimsir de Valera (de Brún 2002: 144). Ní haon ionadh é mar sin go raibh an tAthair Peadar Ó Laoghaire (an fear sin a tharraing Ó Ciosáin chuige féin mar sciath chosanta i gcoinne géilleadh don chathú leabhar Béarla a cheannach an lá úd ar Shráid Phádraig) go láidir ar son lucht an imill. Is léir an luí a bhí ag Ó Laoghaire leis an gcúigeachas sa mhéid seo a scríobh sé sa bhliain 1903:
Our Dublin friends thought they could invent a sort of Irish which would suit all provinces! I think that was the silliest idea that ever came into the head of a human being. Imagine Mr. Pearse in Dublin “deprovincializing” my Irish!! (luaite in Ní Mhaonaigh 2017: 73).
Gaeilge chaighdeánach a bhí i gceist ag an Athair Peadar le ‘a sort of Irish which would suit all provinces’ agus is léir ón tagairt sin aige don Phiarsach san ardchathair ag iarraidh an cúigeachas a bhaint de Ghaeilge daoine gur mar choimhlint idir lucht an láir agus lucht an imill a shamhlaigh sé an díospóireacht faoi chaighdeánú na Gaeilge.
Seifteanna cúitimh aistriúcháin nár oir
Ní raibh leisce ar Ó Ciosáin a admháil gur tháinig sé faoi anáil an Athar Peadar agus é ag teacht in inmhe mar scríbhneoir Gaeilge:
Ní mór dom an méid seo a rá i dtaobh an Athar Peadar … thuig mé féin go han-mhaith an beart mór a rinne sé don Nua-Ghaeilge nuair a thaispeáin sé trína scríbhinní féin gur cheart glacadh le caint na ndaoine mar chaighdeán litríochta. Agus dar liom nach raibh aon duine ann lena linn ná ó shin i leith is fearr a thuig comhréir na Gaeilge ná é (Ó Ciosáin 1970: 125–126).
I gcás Uí Chiosáin, áfach, b’ionann ‘glacadh le caint na ndaoine mar chaighdeán litríochta’ agus seifteanna cúitimh aistriúcháin áirithe a chrosadh air féin. Is seifteanna aistriúcháin iad seo ar bhain aistritheoirí i dteangacha eile leas astu chun sainréimeanna teanga Wuthering Heights a thabhairt slán san aistriú. Tá léargas ar chuid de na seifteanna aistriúcháin sin i staidéar a rinne Myrte Wouterse agus Samantha Genegel ar sé aistriúchán Ollainnise a rinneadh ar Wuthering Heights san fhichiú haois (2018: 116–117). Roinn siad na haistriúcháin sin ina ndá ghrúpa ar an mbonn seo:
The first group of translations compensate for the loss of the Yorkshire dialect by emphasising the register-difference between Joseph and the other speakers, while the second group of translators try to mark this difference by means of a regional (Dutch) accent (Wouterse agus Genegel 2018: 122).
Ós oibrí feirme é Joseph a labhraíonn ‘the purest form of Yorkshire dialect’ (Wiltshire 2005: 19), tá ciall le hísealréim chainte a chur ina bhéal agus ardréim chainte a chur i mbéal na gcarachtar uasaicmeach chun a n-urlabhra a dhealú óna chéile. Faraor, ní raibh an rogha sin ag Ó Ciosáin. Bhí an locht ar an mbail a bhí ar an nGaeilge faoi dheireadh an naoú haois déag, tráth a raibh sí ‘almost totally bereft of social class distinctions’, mar ba dhual do theanga arbh iad na daoine ‘on the lowest social rungs and in the remotest areas’ ab fhearr a labhair í (Mac Mathúna 2008: 76).
Maidir le canúint de chuid na sprioctheanga a chur i mbéal Joesph chun a mhodh labhartha a dhealú ón gcuid eile, is baolach nach ndéanfadh sé sin cúis do Ó Ciosáin ach oiread. Níorbh fhéidir leisean déanamh mar a rinne Elisabeth de Roos san aistriúchán Ollainnise a rinne sise ar Wuthering Heights in 1941. Chuir de Roos canúint ó oirthuaisceart na hÍsiltíre i mbéal Joseph ar an tuiscint gur samhlaíodh áit a labhartha sa sprioc-chultúr mar ‘a typically rural countryside where poorly-educated peasants such as Joseph might live’ (Wouterse agus Genegel 2018: 126).
Ní bheadh sé ciallmhar do Ó Ciosáin a leithéid a thriail i gcomhthéacs na Gaeilge, áfach. Is minic, dar le André Lefevere, a sceitheann aistritheoir air/uirthi féin maidir lena ‘ideological stance toward certain groups thought of as “inferior” or “ridiculous”’ (Lefevere 1992: 44) nuair a roghnaíonn sé/sí canúint ón sprioctheanga chun ionadaíocht a dhéanamh do chanúint sa bhunteanga. Ba éard a chuir seift Elisabeth de Roos ó mhaith ar Ó Ciosáin ná go raibh an Ghaeilge ina comhghuaillíocht achrannach de chanúintí difriúla lena linn. Mar a mhíníonn Phillip O’Leary an scéal:
In the early years of the Revival a touchy pride characterized the writers of each dialect and even subdialect, so that contributions to the various journals were often specifically labeled according to province, county, or even townland of origin (O’Leary 1994: 12).
Mhair an chigilteacht seo faoi thús áite a thabhairt do chanúint amháin de rogha ar na canúintí eile anuas go dtí aimsir Uí Chiosáin. Má b’fhíor do Shéamus Ó Grianna in 1925, bhí sé sa dúchas ag na Gaeil a bheith ag troid faoi cé acu canúint is fearr:
Caithfidh cogadh na gcanamhaint a bheith ann. Agus i n-ainm Dé, troidimís an cogadh sin mar ba dhúthchas de Ghaedhil a dhéanamh. Ní hionann canamhaint Leath-Chuinn agus canamhaint na Mumhan. Tá siad éagcosamhail le chéile ar achan dhóigh (Fáinne an Lae, 31/10/1925, luaite in O’Leary 2004: 534, fn. 23).
Ní dócha go mbeadh cainteoirí canúnacha na linne sin róshásta mar sin dá gcuirfí canúint Gaeilge éigin i mbéal Sheosaimh ar an dtuiscint gur samhlaíodh tuin chábógach léi.
Ní hé Ó Ciosáin amháin a streachail le sainréimeanna teanga an bhuntéacs a thabhairt slán sa Ghaeilge. Is léir ó léirmheas a rinne an Seabhac in 1930 (ina cháil mar eagarthóir leis an nGúm) go raibh an t-easnamh céanna le sonrú i stíl aistriúcháin Mháirtín Uí Chadhain. Seo a ndúirt an Seabhac faoi dhréacht d’aistriúchán a rinne an Cadhnach ar an úrscéal Sally Cavanagh:
Mar le haistriúchán, tá an iarracht go hait agus le fírinne, ní haistriúchán é …
Tá Gaedhilg shaidhbhir bhrioghmhar ag an aistritheoir ach go bhfuil cruth na canúna ar an uile fhocal de, beagnach. Canúint a labhrann an uile dhuine san leabhar idir íseal agus uasal, idir leigheanta agus neamhleigheanta; agus an chanúint chéadhna atá i gcuid an úghdair de chainnt an leabhair. Ní thug an t-aistritheoir aon iarracht ar mhalairt nóis a bheith i gcainnt mná uaisle seachas cainnt fhir ghraftha gort (luaite in Uí Laighléis 2017: 68).
Ba í an chosaint a rinne Ó Cadhain air sin ná nach raibh aige féin ‘ach teanga lucht graftha na ngort’ (Uí Laighléis 2017: 69). Agus, pé scéal é, ar seisean, ‘sílim go n-amhdhóchaidh sibh féin, gur fearr an Ghaedhilge a labhruigheanns ‘lucht graftha gort’ ná ‘mná-uaisle’ ar ala na h-uaire ar chaoi ar bith’ (luaite in Uí Laighléis 2017: 69).
Má b’fhíor don Chadhnach, ní raibh an dara rogha ag aistritheoir Gaeilge na linne sin ach ilchineálacht shainréimeanna teanga an Bhéarla a laghdú go hurlabhra aonchineálach ‘lucht graftha gort’. B’fhéidir gur a leithéid de mheon a bhí taobh thiar den leisce a léirigh Ó Ciosáin in Árda Wuthering maidir le teidil amhail ‘sir’ a aistriú. Mar shampla:
“ Mr. Heathcliff atá agam, nach eadh ? ” adubhart-sa.
Níor dhein sé ach sméideadh.
“ Mise Mr. Lockwood—do thineontaidhe nua, Sir. (ÁW: 7)
‘Mr. Heathcliff?’ I said.
A nod was the answer.
‘Mr. Lockwood your new tenant, sir. (WH: 1)
Má mheastar gur coincheap coimhthíoch ag na Gaeil é ‘sir’, bheadh ciall le gan é a aistriú.
Sainréimeanna Teanga in Aimhréidh
Ba nós le Emily Brontë ‘a distinctive form of speaking’ a thabhairt do gach carachtar ‘to denote his or her social standing’ (Wiltshire 2005: 19). Ní haon eisceacht é Mr. Lockwood sa mhéid sin. Dar le Irene Wiltshire:
As an outsider in the Yorkshire scene, Lockwood’s speech stands out as received English, based on the speech of southern England, and characterised by the predominance of Latinate abstract words (2005: 19).
Tarraingíonn Nelly aird ar uaschanúint Bhéarla Shasana a bheith go paiteanta ag Lockwood nuair a chuireann sí a thuin chainte i gcosúlacht le tuin chainte Edgar Linton. Is duine de mhóruaisle na dúiche é Edgar Linton agus, dar le Nelly, is mór idir an tuin chainte mhín atá aige féin agus ag Lockwood agus an tuin chainte ghiorraisc is dual do mhuintir na háite:
He had a sweet, low manner of speaking, and pronounced his words as you do: that’s less gruff than we talk here, and softer (WH: 59).
Molann Lockwood tuin chainte Nelly ar a sheal, á rá gur ábhar iontais dó gan canúint na háite a bheith ar a cuid cainte agus í den ísealaicme:
‘Excuse me,’ I responded; ‘you, my good friend, are a striking evidence against that assertion. Excepting a few provincialisms of slight consequence, you have no marks of the manners which I am habituated to consider peculiar to your class.’ (WH: 52).
“Ní ag teacht romhat é,” d’fhreagruigheas-sa, “ach ní beag de dheimhniú tú féin i gcoinnibh na tuairime úd atá nochtaithe agat. Taobh amuigh de rainnt cúigeachais gur beag le rádh é, ní bhraithim agat na béasa is gnáth do bheith ag daoine ded chineál.’ (ÁW: 77).
Is é míniú Nelly ar a cuid cainte a bheith saor ó chanúint na háite: ‘I have read more than you would fancy, Mr. Lockwood’ (WH: 52). Ós ar ‘[the] educated speech of Southern England’ atá uaschanúint Bhéarla Shasana bunaithe (OED, s.v. Received Pronunciation), tá dealramh leis sin mar mhíniú.
Más cuid suntais iad Lockwood agus Nelly sa bhuntéacs as Béarla caighdeánach a labhairt, ní fhéadfaí an rud céanna a rá fúthu sa leagan aistrithe. Mar shampla, is Béarla caighdeánach atá á labhairt ag Nelly sa sliocht seo:
Oh, certainly, sir! I’ll just fetch a little sewing, and then I’ll sit as long as you please. But you’ve caught cold: I saw you shivering, and you must have some gruel to drive it out (WH: 29).
Ach tá blas láidir canúnach ar an méid céanna in Árda Wuthering:
Go deimhin féin, déanfad, a dhuine uasail, ach fan go bhfaighead píosa fuaghála agus annsan suidhfead annso chomh fada agus is maith leat. Ach tá slaghdán fachta agat. Taoi ag crith agus caithfir rainnt leitean do thógaint chun é chomáint asat (ÁW: 44).
Tá gach aon bhriathar (déanfad, suidhfead, caithfir, taoi) aici san fhoirm tháite, foirm is dual do Ghaeilge na Mumhan (Ua Súilleabháin 1994: 515). Treisíonn nósanna litrithe ‘annso’ agus ‘annsan’ an blas Muimhneach ar a cuid Gaeilge (Ó Sé 1995: 67).
Tá Gaeilge Lockwood in Árda Wuthering gach pioc chomh canúnach le Gaeilge Nelly féin. Is léir sin ó chéad abairt an úrscéil fiú:
1801.—Táim díreach tar éis filleadh ó chuaird do thabhairt ar mo thighearna talmhan—an t-aon chomhursa amháin is dócha, a dhéanfaidh aon chur isteach orm an fhaid a bhead annso (ÁW: 7).
1801—I have just returned from a visit to my landlord—the solitary neighbour that I shall be troubled with (WH: 1)
I measc na dtréithe canúnacha sa sliocht gairid seo, tá ‘fad’ caolaithe go ‘faid’ (Ó Sé 1995: 73); briathar san fhoirm tháite, ‘bead’, agus ‘anseo’ á fhoghrú mar ‘annso’ mar a dhéanfadh Muimhneach. Le héisteacht dó sa leagan Gaeilge, ní fear cathrach tláithíneach é Mr. Lockwood ach fear tuaithe scafánta a tháinig aniar ó Iarthar Duibhneach.
B’fhearr fear tuaithe scafánta mar chur síos ar Joseph an Bhéarla. Is cinnte go bhfuil blas Bhéarla na tuaithe chomh láidir sin ar a chuid cainte sa sliocht thíos gur geall le teanga iasachta é do ghnáthBhéarlóirí:
‘Whet are ye for?’ he shouted. ‘T’ maister’s dahn i’ t’ fowld. Goa rahnd by th’ end ut’ laith, if yah went tuh spake tull him.’
‘Is there nobody inside to open the door?’ I hallooed, responsively.
‘They’s nobbut t’ missis; and shoo’ll nut oppen ’t an ye mak yer flaysome dins till neeght.’
‘Why? cannot you tell her who I am, eh, Joseph?’
‘Nor-ne me! Aw’ll hae noa hend wi’t,’ muttered the head vanishing (WH: 7).
“Cad tá uait-se ? ” do scairt sé amach. “Tá an máighistir thíos sa chró. Téirigh timcheall chuige má theastuigheann uait labhairt leis.”
“Ná fuil duine ar bith istigh chun an dorais d’oscailt dom ?” arsa mise de bhéic fhreagartha.
“Níl éinne ach bean an tighe, agus dá mbeitheá ag gleo leat go hoidhche ní osclóchadh sise dhuit é.”
“Cad ’na thaobh? Ná “nneosfá-sa dhi, a Sheosaimh, cé tá ann?”
“Ná an diabhal é! Ní bheidh lámh ar bith agam-sa ann,” adubhairt sé go dúr agus d’imthigh as mo radharc (ÁW: 15).
Is deas mar a éiríonn le Ó Ciosáin an blas canúnach ar chaint Joseph a thabhairt slán trí leithéidí ‘Nor-ne me!’ a aistriú mar ‘Ná an diabhal é!’ agus ‘mak yer flaysome dins till neeght’ a aistriú mar ‘ag gleo leat go hoidhche’. Ach is obair amú í sin nuair a chuirtear an chanúint agus an tsainréim theanga cheannann chéanna i mbéal an duine eile sa chomhrá. Fear nach ndéanann aon nath de ‘I hallooed, responsively’ a bheith mar chuid dá ghnáthurlabhra sa bhunscéal. Sa leagan aistrithe, áfach, ó tharla gur nós i nGaeilge na Mumhan an túschonsan a fhágáil lom tar éis na míre diúltaí ‘ná’ san aimsir láithreach (Ua Súilleabháin 1994: 527), ba dhóigh le duine ón ‘ná fuil’ sin ag Lockwood gur Gaeilge na Mumhan atá á labhairt aige. An dua a chaith Brontë le carachtair a thréithriú trí urlabhra aicme ar leith a thabhairt dóibh, is ar éigean atá sé le sonrú in aistriúchán Uí Chiosáin.
Eachtrannú in Wuthering Heights?
Tar éis d’Emily Brontë bás a fháil go hóg, fágadh eagarthóireacht an dara heagrán de Wuthering Heights faoina deirfiúr Charlotte. Bhí Charlotte chomh buartha sin go gcuirfeadh an leagan íon de chanúint Yorkshire a chuir Emily i mbéal Joseph léitheoirí deisceartacha ó dhoras go ndearna sí é a chaighdeánú. Ba é seo a leanas an réasúnaíocht a thug sí:
It seems to me advisable … to modify the orthography of the old servant Joseph’s speeches—for though—as it stands—it exactly renders the Yorkshire accent to a Yorkshire ear—yet I am sure Southerns [Londoners] must find it unintelligible—and thus one of the most graphic characters in the book is lost on them (luaite in Gezari 2014: 19).
Díol suntais léamh Charlotte ar chaint Joseph ‘[that] it exactly renders the Yorkshire accent to a Yorkshire ear’ sa chaoi a dtugann sé treoir de chuid Schleiermacher chun cuimhne: ‘the more closely the translation follows the phrases of the original, the more foreign it will strike the reader’ (Schleiermacher 1992: 46).
Ach an ag iarraidh cur leis an mblas eachtrannach ar chanúint Yorkshire in intinn a léitheoirí a bhí Emily Brontë? Má ba ea, d’fhágfadh sé sin go raibh Ó Ciosáin ag dul in aghaidh an tsnáithe nuair a rinne sé iarracht an timpeallacht theanga in Wuthering Heights a aistriú go suíomh Gaeilge ar bhealach a réiteodh le cruinneshamhail Ghaeilgeoirí a linne. Seans go bhfuil léargas air sin sa chodarsnacht a fheiceann Margaret Markwick idir an bheirt deirfiúracha:
It was she [Charlotte] who saw most clearly that the sisters’ route out of future penury lay in their ability to write novels that would sell … She considered who her audience was, and what their expectations might be, and this colored her preface to her sister’s work. In contrast, Emily Brontë’s fury at her sister’s invasion of her privacy when she found and read her poetry indicates that Emily wrote for herself, not with an eye to income (Markwick 2018: 126).
Duine a scríobh di féin amháin agus a bhí beag beann ar airgead a shaothrú as, sin meon a shamhlófá le duine a mbeadh lé aici le heachtrannú. Ar an lámh eile, d’fhéadfaí a rá gur cineál dúchasaithe a bhí ar siúl ag Charlotte sa chaoi a raibh a haird ar Wuthering Heights a dhéanamh níos sothuigthe do lucht léite dheisceart Shasana. Tacaíonn tuairim Irene Wiltshire leis sin, agus í ag maíomh gurb iad na cuairteanna a thug Charlotte ar Londain roimh fhoilsiú an dara heagrán de Wuthering Heights faoi deara dá ‘concern about the unintelligibility of Joseph’s speech to “Southerns”’ (Wiltshire 2005: 26).
Os a choinne sin, ‘Emily lived more at home than either of her sisters, and both home and the neighboring moors were more essential to her being than to theirs’ (Gezari 2014: 8). Ar an lámh eile arís, ba nós le Emily ina cuid ceapadóireachta béim a leagan ar a aite agus a bhí caint chanúnach (Ferguson 1998: 10). Dá chomhartha sin, is é Joseph, ‘the surly, bigoted manservant at the Heights’ (Gezari 2014: 18), an carachtar is míghnaíúla san úrscéal.
Rud eile le cur sa mheá maidir leis seo ná an chríoch shona a chuirtear ar scéal Hareton. Is carachtar é Hareton atá thíos go mór leis an leithcheal ar bhonn canúna a bhí go rábach i Sasana in aimsir Brontë. Cuirtear an leithcheal sin in iúl go lom sa radharc seo in Wuthering Heights ina bhfuil Hareton Earnshaw ina cheap magaidh ag an mbuachaill uasaicmeach Linton Heathcliff:
“Is í an leisce is bun leis go léir, nach í, a Earnshaw?” ar seisean. “Ceapann mo cholceathar gur simpleoir tú. Sin é a thagann as an ndroch-mheas atá agat ar ‘léigheann na leabhar’ mar a deireann tú féin—An dtugais fé ndeara, a Chatherine—a uathbhásaighe atá canúint Yorkshire ar a chainnt’ (ÁW: 263).
‘There’s nothing the matter, but laziness, is there, Earnshaw?’ he said. ‘My cousin fancies you are an idiot. There you experience the consequence of scorning “book-larning,” as you would say. Have you noticed, Catherine, his frightful Yorkshire pronunciation?’ (WH: 189–90).
Is é íoróin an scéil sa leagan aistrithe go gcuirtear foirmeacha canúnacha – briathar san fhoirm tháite, ‘An dtugais’; ‘faoi’ a litriú mar ‘fé’ (Ó Sé 1995: 24) – i mbéal Linton Heathcliff díreach agus é ag caitheamh anuas go tréan ar Hareton as Béarla canúnach a labhairt. Á fhágáil sin i leataobh, áfach, is iontach a chosúla is atá cás Hareton anseo agus cás cainteoirí mionteanga i gcoitinne. Bíonn siad thíos, dar le James McCloskey, le meon i leith labhairt mionteanga atá coitianta i dtíortha ina bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga an phobail. Is meon é a chaitheann le labhairt mionteanga amhail is ‘gur ualach agus gur míbhuntáiste don chainteoir é – constaic i mbealach an oideachais agus bac ar an dul chun cinn sóisialta’ (McCloskey 2001: 23). Ba dhóigh le duine gur leor don chainteoir mionteanga cumas a bhaint amach i dteanga an mhórphobail, ach ní leor:
Iarrtar íobairt bhreise. Ní leor teanga an mhórphobail a fhoghlaim; iarrtar fosta mar luach siombalach iontrála go dtabharfaí cúl do theanga an phobail lag, go ndéanfaí dearmad di (McCloskey 2001: 24).
Tá tábhacht freisin leis an achasán – ‘There you experience the consequence of scorning “book-larning,” as you would say’ (WH: 189) – a chaitheann Linton Heathcliff le Hareton. Fearacht Nelly Dean roimhe, is le léann na leabhar a éiríonn le Hareton an blas canúnach a ruaigeadh as a chuid cainte. Nó mar a mhíníonn Janet Gezari an scéal:
[Hareton’s] dialect speech for most of the novel signifies his fall from the gentry class into which he was born. When Hareton sets about recovering his birthright, he has to learn not just to read but to speak differently (Gezari 2014: 19).
Tá an blas canúnach ar a chuid cainte maolaithe chomh mór sin faoi dheireadh an úrscéil gur Béarla caighdeánach atá á labhairt aige, cineál urlabhra a chuireann in oiriúint é do ‘marriage to Cathy, and a life of gentility at the Grange’ (Wiltshire 2005: 23). Is maith sin ach amháin gur léir go bhfuil Hareton tar éis géilleadh don bhrú ‘an íobairt bhreise’ a dhéanamh agus cúl tugtha aige ‘do theanga an phobail lag’, mar a rinne a lán cainteoirí mionteanga roimhe.
Ó Ciosáin faoi thionchar noirm theanga
Cé nach é an téarma a d’úsáidfeadh sé féin, is léir gur ‘norm teanga’ a bhí á leagan síos ag an Athair Peadar in 1902 nuair a mhol sé d’aistritheoirí:
We must not translate the English language. We must bring with us all that is good and wholesome in the thoughts, taking care to leave the words behind. When we have made the thoughts our own we must go to our model, the native Irish speaker, and express those thoughts in Irish, exactly as that Irish speaker would express them if they were his own thoughts. The result of that operation, if it is well performed, will have a fair claim to be called Irish literature (luaite in Ó Torna 2009: 469).
Is léir, áfach, gur éirigh Ó Ciosáin breán den tsíorchomhairle Gaeilge a scríobh mar a labhródh cainteoir dúchais í:
Más beo-theanga í an Gaedhilg … caithfimid a thuiscint go gcaithfidh fás do theacht innte agus nach ealaidhe dhúinn i gcomhnuidhe bheith dár gciapadh féin idtaobh cionnus chuirfeadh Seana-Pheats Teaimí in Iarthar Chorcha-Dhuibhne Gaedhilg ar smaoineamh áirighthe. Ní hamhlaidh atáim ag rádh nách ceart ana-shuim do chuir sa tseanduine cheadhna ach ní ceart dul thar cailc leis an sgéal (The Star, 1/3/1930).
Is léir go bhfacthas do Ó Ciosáin go raibh Gaeilge a linne craptha go pointe ag ró-urramacht d’urlabhra sheanóirí Gaeltachta leithéid ‘Sheana-Pheats Teaimí’, seanchainteoir dúchais aircitíopúil. Ach ní hin mar a chonacthas don Athair Peadar é. Thug seisean le fios in alt leis in 1898 gur maith ann í fonóid na gcainteoirí dúchais chun slacht a choinneáil ar Ghaeilge daoine:
Nuair a chífír-se Béarla den tsórd so, féach : He was answered by a clear, silvery voice from the boat, ná h-abair-se as Gaeulaing “ Do freagradh é le guth glan airgeadaí ón mbád ” ; nú má abrair a leithéid sin, geallaim-se dhuit go mbeig “ guth árd gáirí” umut ó chúig cúigibh na h-Éireann (luaite in O’Rahilly 1922: 94).
Is ionann an ‘guth ard gáirí’ úd ‘ó chúig cúigibh na hÉireann’, agus an pobal teanga ag cur noirm theanga i bhfeidhm agus an tAthair Peadar ag teacht i dtír ar an eagla a bhíonn ar dhaoine go ndéanfaí ceap magaidh díobh i súile a bpobail teanga chun brú a chur orthu cloí le gnás. Is follas, áfach, gur bhraith Ó Ciosáin faoi chuing ag an mbéim a leagtaí ar íonacht teanga ó thréimhse na hAthbheochana ar aghaidh. Is léir sin ónar tharla nuair a thug Ó Ciosáin An Chéad Chloch agus Scéalta Eile le Pádraic Ó Conaire ar iasacht dá chara, Tadhg Ó Murchadha, a dtugtaí ‘Seandún’ air. Bhain Ó Ciosáin ‘an-taitneamh’ as saothar Uí Chonaire toisc ‘nós scéalaíochta na nua-aimsire [a bheith] ag baint’ leis (Ó Ciosáin 1973: 40). Ach ba dhúchasóir é ‘Seandún’ agus a shliocht sin air san aiseolas a thug sé faoi An Chéad Chloch agus Scéalta Eile:
“Conas a thaitin leat an leabhar úd le Pádraic Ó Conaire a thug mé dhuit?” Ní dhearna sé ach an leabhar a tharraingt chuige agus é a oscailt ag an gcéad leathanach. D’fhéach mé air—agus bhí líne dhubh geall leis faoi gach líne sa chéad leathanach. Ansin, thosaigh sé á léamh amach ina líne is ina líne agus tar éis gach líne deireadh sé, “ Cad é mar shaghas Gaelainne é sin?” Ba ghnách an t-am úd ag a lán de na cainteoirí dúchais a rá leis an lucht foghlama, “Ní mar sin a d’airínnse na seandaoine á rá sin!” (Ó Ciosáin 1973: 41).
Cuid den Dúchasú an Caillteanas
‘Caint chraicneach an tseandreama’ a thug Liam Mac Cóil (2000: 84–85) ar an urlabhra ba dhual do sheanóirí Gaeltachta. D’fhoghlaimeoirí i ré Uí Chiosáin a bhí ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chur in oiriúint do chaint na seanóirí, ba gheall le dul trí chró na snáthaide é. Pé smaointe nach rachadh trí chró na snáthaide (is é sin, nach raibh inráite sa Ghaeilge de réir noirm theanga na linne), ní raibh aon dul as ach fáil réidh leo. Arís eile, níor ghabh an tAthair Peadar leithscéal ar bith faoi sin. Dar leis siúd go mba chuid den dúchasú an caillteanas. Mar shampla, ag leanúint ar aghaidh lena chur síos ar an gcaoi cheart le ‘He was answered by a clear, silvery voice from the boat’ a aistriú, deir an tAthair Peadar:
“Agus cionnus a déarfad é?” arsa tusa.
Abair é díreach fé mar a thuit sé amach,– “Do labhair an duine amuich sa bhád.”
Ná bac an clear ná an silvery. Níl unta acht gothí. Níl unta acht coirt (O’Rahilly 1922: 94).
Maidir le ‘gothaí’ agus ‘coirt’, tá an chuma orthu gur roghnaíodh iad le tabhairt le fios gur beag an chaill iad na gnéithe seo den bhunteanga má scaoiltear leo san aistriú. Níos faide síos san alt céanna leis an Athair Peadar tá léargas, seans, ar an mbunús a d’fhéadfadh a bheith le leisce Uí Chiosáin aon iarracht fhónta a dhéanamh caint uasaicmeach an bhuntéacs a thabhairt slán sa spriocthéacs:
ag túirt an bhrí leat go cruinn agus go hiumlán agus ag fágáilt na mbéas cainte id dhiaig. Ní foláir an smaoineamh Béarla, cuir i gcás, do sgur ar fad as a chéile agus ath-déanamh do chur air, agus mórán de, ná fuil ann acht coirt agus forchroiceann, do chathamh uait. (O’Rahilly 1922: 93–94)
Ráiteas é sin ó dhuine a bhí ina údar ar Ghaeilge na linne sin: tá béas cainte (nó gothaíocht chainte/‘verbal mannerism’ más maith leat) do-aistrithe. Bhí an tAthair Peadar teann air nach féidir gnásanna stíle teanga amháin a thabhairt isteach i dteanga eile:
Táid béasa fé leith ag buint le gach teangain, agus gothí fé leith, agus córú fé leith. Agus ní féidir na béasa, ná na gothí, ná an córú … a bhuinean le teangain díobh do thúirt isteach sa teangain eile, gan an obair do lot.
Dá bhrí sin, más maith leat aiste nú ealaí Ghaeulainge do dhéanamh mar is ceart—seachain gach béas iasachta … Is fíor-lot ar Ghaeulaing gach órnáid Bhéarla. Níl i n-órnáid chainte acht béas. Béas iasachta is eadh gach órnáid iasachta.
“ Cuir a-bhaile an iasacht”
‘Cuir A-bhaile an Iasacht’
Is léir ón treoir sin de chuid an Athar Peadar, ‘Cuir a-bhaile an iasacht’, cé chomh mór agus a bhí an tuiscint ar dhea-aistriúchán in aimsir Uí Chiosáin ag teacht salach ar eachtrannú mar a shamhlaigh Schleiermacher (agus Venuti, leis) é. Ba mar bhealach chun cur i gcoinne ‘the narrow kinds of fluency that have long dominated English-language translation’ (Venuti 2018: 18) a shamhlaigh Venuti an ‘non-fluent, estranging or heterogeneous translation style’ is eachtrannú ann (Munday 2022: 190). Ba chúng le Venuti modh aistriúcháin dúchasaithe na linne seo:
Fluency is assimilationist, presenting to domestic readers a realistic representation inflected with their own codes and ideologies as if it were an immediate encounter with a foreign text and culture (Venuti 1998b: 12).
‘The illusion of transparency’ a thug sé air seo: an chaoi a gcuirtear brú ar aistritheoirí na linne seo fáil réidh le haon ‘linguistic or stylistic peculiarities’ a mheabhródh do na spriocléitheoirí gur aistriúchán seachas buntéacs atá á léamh acu (Venuti 2018: 1). Tá an claonadh i ndúchasóirí dá réir ‘[to] remain within the confines of the standard dialect, the most familiar form of the translating language’ (Venuti 2018: xv). Sa chaoi a gcuireann sé i gcoinne an ‘assimilationist ethic’ is dual do dhúchasú (Venuti 1998b: 12), is beart ceannairceach é mar sin ligean do struchtúr na bunteanga gobadh aníos as dul na sprioctheanga san aistriúchán. Ba í an ghné ‘anti-assimilationist’ seo d’eachtrannú a spreag Venuti chun ‘resistancy’ a thabhairt mar ainm eile air (Venuti 2018: xv).
Maidir lena bhfuil i gceist go praiticiúil le cur i gcoinne an ‘assimilationist ethic’ is dual don dúchasú, tá léargas air sin le fáil in alt Flavie Épié (2020) ar aistriúchán Fraincise a rinneadh ar Ulysses in 2004. Ba chur chuige eachtrannaithe a ghlac an fhoireann aistritheoirí seo chucu féin agus iad ag iarraidh a thabhairt slán san aistriú nós Joyce coimhthíos a chothú i mBéarlóirí i leith a dteanga dhúchais féin. Chuige sin, chuir siad rompu tuiscint a fháil ar ‘how Joyce had undone English, and how we might in turn undo French’ (Épié 2020: 40). Lena chois sin, gheall an fhoireann aistritheoirí go léireoidís ‘a stricter respect for Joyce’s syntax to the point of sometimes pushing the boundaries of French grammar’ (Épié 2020: 44). B’ionann ‘un-doing French’ dóibh agus ‘steering away from a form of linguistic standardization that would iron out Joyce’s style’ (Épié 2020: 45).
Is fiú aird a thabhairt ar an bhfrása sin ‘iron out’ i gcomhthéacs an ailt seo mar, má b’fhíor don léirmheas a scríobh ‘Fear Faire’ ar Árda Wuthering in 1935, ba í a ghlanmhalairt a bhain Ó Ciosáin amach lena aistriúchán ar Wuthering Heights:
[is] dóich liom nár éirigh le haon scríbhneoir Gaedhilge fós stíl an-árd, ana-mhín, an fhíneálta do fuair sé i leabhar Béarla do chur ina có-mhaith de stíl Ghaedhilge …
Leabhar é [Árda Wuthering] fhéadfá a léigheamh go tapaidh toisc réidhe is míne na Gaedhilge atá ann. Go deimhin is dóich liom gur fearr é sa tslí sin ná na scéalta bhí ag an aistritheoir sa “ Star ” roinnt blian o shin agus pé locht a bhí ionta san bhíodar ana-sho-léite ar fad … Gaedhilg ana-Ghaelach ana-nádúrtha atá aige agus is annamh riamh a nochtann nádúir an Bhéarla tríthe (United Ireland, 11/05/1935).
I súile an léirmheastóra ‘Fear Faire’ mar sin, bhí Ó Ciosáin le moladh as maolú a dhéanamh ar ghné ar bith den bhunteanga a ghob aníos as dul na sprioctheanga san aistriú dó. Sampla in Árda Wuthering den chaillteanas a tharlaíonn nuair a mhaolaítear gnéithe gobacha na bunteanga is é Mr. Lockwood. Ba é riail sin an Athar Peadar – ‘[i]s fíor-lot ar Ghaeulaing gach órnáid Bhéarla’ (O’Rahilly 1922: 94) – a chuir bac ar aistriúchán dílis a dhéanamh ar stíl chainte Mhr. Lockwood. Tá an chaint ornáideach go smior i Mr. Lockwood. Mar is léir ón tuin mhórchúiseach a tharraingíonn sé chuige féin chun a mhíshástacht le líon tí Árda Wuthering a chur in iúl:
‘Wretched inmates!’ I ejaculated, mentally, ‘you deserve perpetual isolation from your species for your churlish inhospitality’ (WH: 6).
San aistriúchán a rinne Ó Ciosáin air seo agus ar chodanna eile d’Árda Wuthering trí chéile, shimpligh sé an chaint chrochta agus chuir sé casadh dúchasach uirthi san aistriú:
“A dhream dhearóil úd istigh,” adubhart im aigne féin. “Tá fuath an phobuil tuillte agaibh de dheascaibh bhúr ndoichill (ÁW: 14).
Sampla eile d’fhoclachas Mhr. Lockwood is ea an chomhréir lúbach sa chur síos seo ar Heathcliff:
He—probably swayed by prudential considerations of the folly of offending a good tenant … introduced what he supposed would be a subject of interest to me (WH: 5–6).
Le hais na bunabairte, tá aistriúchán Uí Chiosáin níos slachtmhaire mar simplíonn sé an chomhréir chasta:
mar mhaithe leis féin agus toisc nár theastuigh uaidh a thuille masladh do thabhairt do thineontaidhe mhaith … tharraing sé chuige adhbhar comhráidh a cheap sé go gcuirfinn-se suim ann (ÁW: 13).
Dá ndéanfadh Ó Ciosáin aistriúchán dílis ar stíl fhoclach Mhr. Lockwood, bheadh sé ag teacht salach ar norm eile fós de chuid an Athar Peadar. Norm é sin a bhain leis an gcineál Gaeilge a chloiseadh an tAthair Peadar ag fás aníos sa Ghaeltacht dó:
It reminds me forcibly of the style of language I used to hear in my youth from the lips of people who knew no English. Their speech had certain characteristics … Their sentences were short; their statements were terse and decisive. They spoke slowly, and never used a word more than was necessary (Fáinne an Lae, 05/02/1898; luaite in Ó Conchubhair 2009: 131).
‘Mion-chaint’ a bhaist an tAthair Peadar ar an saghas seo Gaeilge agus é chomh tógtha leis go ndearna sé riail de: ‘An chaint is miona is í is treise. An chaint is mó taisbeánas saothar, is í is laige’ (Fáinne an Lae, 05/02/1898; luaite in Ó Conchubhair 2009: 131). A luaithe a ghlactar leis gur de dhúchas na Gaeilge an ghontacht, áfach, athraíonn Mr. Lockwood ó bhonn, fear é sa bhuntéacs Béarla nach ndearna cur síos ar aon rud riamh gan dul i bhfad scéil leis.
Conclúid: Caighdeán a linne an chanúint
D’fhéadfaí a rá go raibh an caillteanas a bhaineann le heachtarthacht na bunteanga a mhaolú le sonrú sa chaighdeánú a rinne Charlotte Brontë ar chanúint Joseph. Nó sin tátal a d’fhéadfaí a bhaint ón méid seo a deir Janet Gezari faoin toradh a bhí ar an gcaighdeánú sin:
Translating these sentences into standard English preserves the sense of Joseph’s speech but loses the sounds, inflections, and rhythms that create him for us in all his unaccommodating strangeness (Gezari 2014: 19).
Tá an caillteanas céanna le sonrú in Árda Wuthering ach amháin gurb é an Béarla bladhmannach sin a bhí ina chaighdeán ag muintir Shasana in aimsir Brontë atá slogtha ag canúint Joseph. Mar is léir ón gcaoi gur beag idir ardréim agus ísealréim theanga sa sliocht aistrithe seo ina ndéanann Seosamh magadh faoi Isabella Linton:
“Mum! mum! mum! Ar airigh Críostaidhe ar bith riamh aon ní mar é? A leithéid de bhrille-bhreaille cainnte! Cá bhfios domh-sa, cad tá dá rádh agat?”
“Táim ag rádh gur mhian liom tusa do dhul isteach sa tigh liom!” do bhéiceas-sa amach mar cheapas gurb amhlaidh a bhí sé bodhar ach mar sin féin, do chuir a chuid droch-mhúineadh déistin orm (ÁW: 168).
‘Mim! mim! mim! Did iver Christian body hear owt like it? Minching un’ munching! Hah can Aw tell whet ye say?”
‘I say, I wish you to come with me into the house!’ I cried, thinking him deaf, yet highly disgusted at his rudeness (WH: 118).
Ar an drochuair do Ó Ciosáin, ba í an chanúint an caighdeán lena linn. Nuair a chuimhnítear air sin, is léir gur beag scóip a bhí aige chun an chodarsnacht idir ardréim agus ísealréim theanga atá mar dhlúthchuid den insint in Wuthering Heights a thabhairt slán sa Ghaeilge.
Dar le ‘Fear Faire’ sa léirmheas a rinne sé ar Árda Wuthering in 1935, bhí an t-aistriúchán le moladh as ‘réidhe is míne na Gaedhilge’ ann. Ba chuma le ‘Fear Faire’ nár éirigh le Ó Ciosáin an ‘stíl an-árd, ana-mhín, an fhíneálta do fuair sé’ roimhe in úrscéal Brontë a chur ‘ina có-mhaith de stíl Ghaedhilge’ (United Ireland, 11/05/1935). Seans nár léir dó, áfach, gur as an straidhn a bhaineann le bheith ag iarraidh a aistriú ar bhealach dúchasach ach fós dílis do stíl an bhunúdair a fhairsingítear cruinneshamhail teanga. Is léir gur thuig Piaras Béaslaí an méid sin. In 1920 scríobh sé:
Má’s mian linn beo-theanga a dheuneamh den Ghaedhilg … caithfam bheith ag síor-aistriúchán. Ní féidir dúinn bheith ar dtaobh leis an ‘aigne Ghaedhealach. ‘Tá a lán smaointe nár rith riamh chun an aigne Gaedhealaigh’ (Irish Weekly Independent, 16/10/1920).
Is fíor gur iomaí smaoineamh nár rith riamh le duine a bhfuil dearcadh paróisteach aige agus ba léir le himeacht aimsire na laigí a bhain leis an gcruinneshamhail pharóisteach a chuir an tAthair Peadar chun cinn. Cuir i gcás, dar le Máirín Nic Eoin, bhí ‘leimhe’ le brath ar ‘fhormhór na n-iarrachtaí liteartha a rinneadh i nGaeilge sna daichidí’, leimhe ‘a d’eascair as fealsúnacht a bhí calcaithe san aimsir chaite’ (Nic Eoin 1982: 19).
Maidir le dúchasú agus eachtrannú, bhí Schleiermacher féin den tuairim nár cheart iad a mheascadh:
Both paths are so completely different from one another that one of them must definitely be adhered to as strictly as possible, since a highly unreliable result would emerge from mixing them, and it is likely that author and reader would not come together at all (Schleiermacher 1992: 42).
Níor aontaigh Lawrence Venuti go hiomlán leis sin; bhí seisean den tuairim go bhfuil gá le roinnt dúchasaithe san aistriú. Ba é a bhreithiúnas siúd ‘[that to] produce this effect [i.e. foreignisation] compellingly … the translation must also be legible enough to be pleasurable, qualities preempted by translationese’ (Venuti 2018: xv). Aistritheoir ar bith atá ag iarraidh a cheart a thabhairt don bhunúdar agus do dhúchas na sprioctheanga araon mar sin, is cosúil nach bhfuil an dara rogha aige ach a bheith ag dul anonn is anall idir an dúchasú agus an t-eachtrannú san aistriú.
Liosta Giorrúchán:
ÁW: Árda Wuthering
OED: Oxford English Dictionary
WH: Wuthering Heights
Saothair a ceadaíodh
Béaslaí, P. (1920) ‘Glaine na Teangan’. In: Irish Weekly Independent, 16 Deireadh Fómhair 1920.
Brontë, E. (1847) Wuthering Heights. New York: Nelson Doubleday.
Brontë, E. (1933) Árda Wuthering. Ó Ciosáin, S. (aist.). Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.
De Brún, F. (2002) Seosamh Mac Grianna: An Mhéin Rúin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo.
Epié, F. (2020) ‘Ulysses “in his French dress”: 1929/2004’. In: Wawrzycka, J. agus Mihálycsa, E. (eag.) Retranslating Joyce for the 21st century. Leiden: Brill: 33–47.
‘Fear Faire’ (1935) ‘“ ARDA WUTHERING ”: Aistriu O Shean O Ciosain’. In: United Ireland, 11 Bealtaine 1935: 6.
Ferguson, S. L. (1998) ‘Drawing Fictional Lines: Dialect and Narrative in the Victorian Novel’. In: Style 32 (1): 1–17.
Gezari, J. (eag.) (2014) The Annotated Wuthering Heights. Cambridge, Massachusetts: Havard University Press.
Lefevere, A. (1992) Translation, Rewriting and the Manipulation of Literary Fame. London: Routledge.
Mac Cóil, L. (2000) ‘Teanga gan teorainn’. In: Mac Mathúna, L., et al. (eag.) Teanga, Pobal agus Réigiún. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 83–93.
Mac Mathúna, L. (2008) ‘Linguistic change and standardization’. In: Nic Pháidín, C. agus Ó Cearnaigh, S. (eag.), A New View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Cois Life: 76–92.
McCloskey, J. (2001) Guthanna in Éag: An Mairfidh an Ghaeilge Beo? Baile Átha Cliath: Cois Life.
Markwick, M. (2018) ‘“Gold put to use of paving stones”: Internal Colonialism in Wuthering Heights’. In: Victorians: A Journal of Culture and Literature 134: 125–138.
Munday, J., Ramos Pinto S. agus Blakesley, J. (2022) Introducing Translation Studies: Theories and Applications, 5ú eagrán. London: Routledge.
Mugglestone, L. (2017) ‘Received Pronunciation’. In: Bergs, A., agus Brinton, L. (eag.) Varieties of English, 5ú eagrán. Berlin: De Gruyter: 151–168.
Nic Eoin, M. (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
Ní Mhaonaigh, T. (eag.) (2017) Tháinig Do Litir: Litreacha ó Pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire chuig Séamus Ó Dubhghaill. An Daingean: An Sagart An Díseart.
Ó Ciosáin, S. (1930) ‘LEABHAIR GHAEDHILGE: A Cheataige Ata an Gleas Oibre Ata ag an nGum fe Lathair’. In: The Star, 1 Márta 1930: 5.
Ó Ciosáin, S. (1970) Cois Laoi na Sreabh. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Tta.
Ó Ciosáin, S. (1973) Is Ait an Mac an Saol. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Tta.
Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
Ó Duinnín, P. (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Baile Átha Cliath: Irish Texts Society.
O’Flaherty, G. (2004) ‘George Bernard Shaw and Ireland’. In: Richards, S. (eag.) The Cambridge Companion to Twentieth-Century Irish Drama. Cambridge: Cambridge University Press: 122–135.
Ó Laoghaire, P (1898) ‘Litir ó Pheadar Ó Laoghaire’. In: Fáinne an Lae, 5 Feabhra 1898: 4.
O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Penn State University Press.
O’Leary, P. (2004) Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922–1939. Dublin: University College Dublin Press.
Ó Murchú, M. (1984) ‘Smaointe faoi Chaighdeánú na Nua-Ghaeilge’. In: Teangeolas 18: 14–19.
O’Rahilly, T. F. (eag.) (1922) Papers on Irish Idiom Together with a Translation into Irish of Part of the First Book of Euclid by the Late Canon Peter O’Leary, P.P. 2ú heagrán. Baile Átha Cliath: Browne and Nolan.
Ó Sé, D. (1995), An Teanga Bheo: Corca Dhuibhne. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann.
Ó Torna, C. (2009) ‘An tAthair Peadar: An Aigne Ghaelach agus Caint na nDaoine’. In: Mac Craith, M. agus Ó Héalaí, P. (eag.) Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta: 459–471.
Oxford English Dictionary (2023) 3ú heagrán. Oxford: Oxford University Press.
Schleiermacher, F. (1992) ‘On the Different Methods of Translation’. Bartscht, W. (aist.). In: Schulte, R. agus Biguenet, J. (eag.) Theories of Translation: An Anthology of Essays from Dryden to Derrida. Chicago: University of Chicago Press: 36–53.
Shaw, G. B. (1934) Prefaces. Oxford: Oxford University Press.
Ua Súilleabháin, S. (1994) ‘Gaeilge na Mumhan’. In: McCone, K., McManus, D., Ó Háinle, C., Williams, N., agus Breathnach, L. Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig: 479–538.
Uí Laighléis, G. (2017) Gallán an Ghúim – Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna, agus Seán Tóibín. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Venuti, L. (1998a) ‘Strategies of translation’. In: Baker, M., agus Malmkjaer. K. (eag.) Routledge Encyclopedia of Translation Studies. 1ú eagrán: 240–242.
Venuti, L. (1998b) The Scandals of Translation: Towards an Ethics of Difference. London: Routledge.
Venuti, L. (2018) The Translator’s Invisibility: A History of Translation. 2ú heagrán. London: Routledge.
Wiltshire, I. (2005) ‘Speech in Wuthering Heights: Joseph’s Dialect and Charlotte’s Emendations’. In: Bronte Studies (30): 19–29.
Wouterse, M. agus Genegel, S. (2018) ‘Woest of wild: Translating Yorkshire culture in Emily Brontë’s Wuthering Heights’. In: Malmkjaer, K., agus Erban, A. (eag.) Key Cultural Texts in Translation. Amsterdam: John Benjamins: 115–130.