‘Nár thé an phlá tharaibh’: Dioscúrsaí an SEIF agus caidrimh homaighnéasacha idir fir i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile

Dean Farrell

Nár thé an phlá tharaibh. Ná an smál. Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith oraibh. Tabharfar chuig an séipéal fós sibh, tabharfar sin, fiú más ardaithe suas ar ghuaillí fear a thiocfaidh sibh ann, is leanfaidh sibh bhur gcosa isteach an doras ann de bhur mbuíochas … (Ó Conghaile 2003:13).

As béal sagairt a thagann na briathra eascaine seo thuas, nuair a nochtann an reacaire in ‘Caillte i gConamara’ (2003) le Micheál Ó Conghaile don sagart go bhfuil beirt fhear, an reacaire féin agus a pháirtí, in aontíos. Mallacht thrípháirteach an mhallacht seo a dhamnaíonn an bheirt chun tinnis, smáil agus mí-áidh. Ag an am céanna, féachann an mhallacht leis an mbeirt a chur i dtreo na heaglaise in athuair, bíodh siad beo nó marbh. Mallacht tairngreachta í freisin, óir is amhlaidh a chailltear an páirtí de dheasca an SEIF an lá is faide anonn — is ag cuimhneamh siar ar bhriathra sin an tsagairt atá an reacaire. Is é an cuimhneamh seo, ar lorg an SEIF, príomhábhar an ghearrscéil. Ar an gcéad spléachadh, léiríonn an deilín mallacht seo an teannas fíochmhar idir ionadaí de chuid na hEaglaise Caitlicí, institiúid a leagann amach comhghnásanna áirithe caidrimh agus collaí, agus na daoine áirithe a sháraíonn na comhghnásanna sin — sa chás seo, fir aeracha. Lena chois sin, tugann focail scólacha an tsagairt solaoid ar an gceangal, más ceangal guagach é, idir ‘an phlá’ — é sin, an SEIF — an bás, agus na fir aeracha atá an sagart a dhamnú sa scéal. Is é an ceangal seo is pointe tosaigh don alt seo.

Is é is téis don alt seo go bhfuil gnéithe den eispéireas nua-aimseartha aerach faoi réir ag an tinneas — an SEIF — agus ag an mbás, sna gearrscéalta le Micheál Ó Conghaile ina bpléitear le caidrimh idir beirt fhear, is iad sin, ‘As Láimh a Chéile’, ‘Gabhal na gCloch’, agus ‘Athair’ in An Fear a Phléasc (1997), agus ‘An Mercyfucker’ agus ‘Caillte i gConamara’ in An Fear nach nDéanann Gáire (2003). Faoi mar a áiteoidh mé thíos, ní shin le rá gurb ionann toscaí an SEIF le fírinne an ghalair — na comharthaí sóirt a bhaineann leis, an chóir leighis a théann i ngleic leis, ná an chaoi a nglactar leis dáiríre — agus an léiriú a dhéantar go coitianta ar an ngalar sin sa litríocht, is é sin, mar phlá osnádúrtha a bhaineann don fhear aerach. Is éard atá i gceist ná go bhfuil a dhioscúrsa liteartha féin ag roinnt leis an ngalar, nó i bhfriotal Susan Sontag, go bhfuil a ‘mhiotaseolaíocht’ nó a bhéaloideas féin ag an SEIF. Leis an gcuid seo den phlé a riaradh, tabharfaidh mé léargas gairid ar chúinsí fírinneacha an ghalair SEIF agus spléachadh ar stair shóisialta an SEIF in Éirinn. Ansin, rachaidh mé i muinín dhioscúrsaí an SEIF a thagann chun solais i ndaonnachtaí an leighis mar aon le léann na haiteachta. Sa dá réimse staidéir seo, tagann miotais an ghalair agus na cúinsí sóisialta a eascraíonn as na miotais sin chun glinne. Áiteofar gurb iad na miotais seo a chothaíonn an mhíthuiscint i leith an SEIF, is é sin go mbaineann an galar don fhear aerach amháin. Tabharfaidh toisí seo an SEIF comhthéacs do na léamha ar na gearrscéalta. Spíonfar príomhthéis an ailt amach, mar sin, trí phlé ar na gearrscéalta agus mionanailís ar an gceann acu is mó a dhíríonn ar an SEIF, ‘Caillte i gConamara’, cé nach luaitear an téarma SEIF go sonrach ann.

An SEIF, an stair, agus an chritic

Is é is cirte a rá nach aon ghalar amháin atá sa SEIF ach cnuasach galar brúidiúil a eascraíonn as an víreas VEID. Is freagra tromchúiseach coirpiúil é an SEIF ar an víreas sin a bheith i láthair. Trí shreabháin choirp — seamhan, fuil, agus múcas na mball giniúna agus an reictim — a scaiptear an víreas. Agus an t-alt seo á scríobh agam, níl aon bhealach éifeachtach amháin leis an víreas a dhíbirt ná a ruaigeadh go hiomlán ón gcorp, ar tholgadh do dhuine é. Ach ó 1996 i leith, tá drugaí frith-aisvíreasacha ann a chuidíonn le bainistiú an SEIF, agus a fhágann nár bhreith chun báis é an SEIF, ná an víreas is cúis leis, a thuilleadh, ach na drugaí sin a bheith ar fáil (O’Brien 2013: 74). Chomh maith leis sin, tá anois córa leighis an-éifeachtach a chuireann bac ar thraschur agus tolgadh an víris féin. Tá córa leighis, freisin, a fhágann nach ndéanann an víreas aon dochar, sa chás go dtolgann duine é, fad is go dtugtar an chóireáil cheart dó (Foley et al., 2023). Is baolach, áfach, go mbíonn an SEIF ina chúis bháis ag scata daoine gach aon bhliain ar fud an domhain, de bharr neamhchothroime leighis agus airgid timpeall na cruinne. In 2024, mar shampla, d’éag 630,000 duine de dheasca fadhbanna a d’eascair as an VEID (World Health Organization 2025). De bharr an stiogma a bhaineann leis an ngalar, bíonn leisce ar dhaoine áirithe dul faoi thástáil, rud a chuireann le ráta báis an ghalair seo, ainneoin shofaisticiúlacht na cóireála sláinte sa lá atá inniu ann. As miotaseolaíocht an SEIF a eascraíonn an stiogma seo.

Sa chuntas a thugann Seán Mac Risteaird ar stair an phobail LADTA+ in Éirinn, tugann sé le fios go raibh ról tábhachtach ag an SEIF i mbunú agus i dtógáil an phobail LADTA+ in Éirinn (2024: 32). Áitíonn sé gur ‘dheis í an phaindéim … chun an pobal homaighnéasach a láidriú agus a chomhtháthú trí mheán an oideachais agus na sláinte’ (2024: 32). Cé gur fíor go raibh pobal aerach ní b’fheiceálaí ó aimsir na heipidéime SEIF i leith, ní hamhlaidh gur ‘dheis’ a bhí san eipidéim leis an bpobal sin a thógáil: freagra riachtanach ar an eipidéim ab ea tógáil an phobail aitigh, go háirithe i bhfianaise chur chuige spadánta Rialtas na hÉireann i leith na heipidéime. Cuir i gcás, tugann Patrick McDonagh le fios nár chuir Rialtas na hÉireann tús le feachtas feasachta ó thaobh an SEIF de go dtí 1987, cúig bliana ó aithníodh comharthaí sóirt an SEIF ar dtús in Éirinn (2021: 125). Go dtí sin, ba é an grúpa pobail Gay Health Action, a bunaíodh in 1985, a scaipeadh eolas maidir leis an víreas le leabhrán eolais. Lean an grúpa seo eiseamláir leabhrán cáiliúil den chineál céanna a cuireadh amach i Meiriceá, ‘How to Have Sex in an Epidemic’ le Richard Berkowitz agus Michael Callen (1983). Acmhainn luachmhar oideachais a bhí sa leabhrán ar chuir grúpaí éagsúla cúraim pobail agus fiú amháin ord mná rialta fáilte roimhe mar acmhainn a chuirfeadh srian ar scaipeadh an ghalair i measc phobal na hÉireann. Cuireann an dochtúir leighis Derek Freedman in iúl gurb é an grúpa pobail seo, agus an leabhrán a chuir sé amach, a choinnigh scaipeadh an víris faoi smacht sa tír, ó tharla nach raibh coiscíní ar fáil go forleathan i mblianta luatha na heipidéime in Éirinn (Freedman 1987; Foley et al., 2023). An pobal aerach féin, mar sin, ba chúis le líon réasúnta beag na gcásanna SEIF in Éirinn. Is cruthúnas é an méid seo ar fad ar fheiceálacht an phobail aeraigh in Éirinn à nouveau mar ‘phobal’ ó bhuail an eipidéim an tír.

Dar leis an scoláire ceannródaíoch Jack Halberstam, d’fhreagair go leor fear aerach don phaindéim agus iad ‘rethinking the conventional emphasis on longevity and futurity, and by making community in relation to risk, disease, infection, and death’ (2005: 14). Is é a áitíonn Halberstam gur toradh amháin ar an bpaindéim domhanda SEIF é meon ar leith a bheith ag an duine aerach i leith an ama i láthair agus na todhchaí: d’athraigh an phaindéim seo tuiscintí ar an toise ama ó bhonn don duine aerach. Ní hé an pobal aerach féin amháin a d’athraigh de bharr an SEIF, áfach; d’athraigh an meon coitianta i leith an phobail aeraigh. Tugann Mac Risteaird le fios: ‘[…] gur ghlac an pobal aiteach spás ciotach i stair agus i scéal Phoblacht na hÉireann roimh bhunú an Stáit agus ina dhiaidh sin. Bhí an aiteacht ina fadhb mhorálta agus ina dhiaidh sin ina ceist leighis’ (Mac Risteaird 2024: 32). Le casadh eile a bhaint as friotal Mhic Risteaird, d’iompaigh gnéithe den dioscúrsa ar an SEIF an ‘aiteacht’ ina ceist phaiteolaíoch, sa mhéid is gur samhlaíodh agus go samhlaítear an SEIF leis an homaighnéasacht fhireann. Cé gur mhó duine a tholg an SEIF de dheasca drugaí infhéitheacha ná de dheasca na teagmhála collaí idir beirt fhear le linn bhlianta na heipidéime in Éirinn (1982–1999), is mar ‘ghalar aerach’, ‘plá aerach’ agus ‘ailse aerach’ (‘gay disease’, ‘gay plague’, agus ‘gay cancer’) a cuireadh síos ar an SEIF sna meáin chumarsáide (McDonagh 2021: 114). Idir 1982 agus 1999 in Éirinn, cuir i gcás, trí dhrugaí infhéitheacha a tholg 40% d’othair SEIF an galar, le hais 34% a tholg an galar de thoradh an ghnéis aeraigh. Bhain 13% de chásanna SEIF do theagmháil chollaí heitrighnéasach (O’Donnell et al. 2001: 4–5). Ar ndóigh, ní bhréagnaíonn na staitisticí seo go bhfuil ráta ard VEID i measc fear a luíonn le fir i gcónaí, ná go raibh ráta ard SEIF i measc an ghrúpa sin le linn bhlianta na heipidéime ar chúiseanna éagsúla, ach tugann na staitisticí le fios, lena rá go simplí, nach fir aeracha amháin a tholgann an galar, faoi mar a thabharfadh cuntais ilghnéitheacha liteartha, scannánaíochta, teilifíse agus araile le fios go minic. Is míthuiscint í, mar sin, a leagann Mac Risteaird a mhéar uirthi, gur galar aerach é an SEIF — míthuiscint a chuireann an galar in iúl i dtéarmaí na féiniúlachta aeraí, agus ag an am céanna, a chuireann an fhéiniúlacht aerach in iúl i dtéarmaí an ghalair.

Míníonn Simon Watney an mhíthuiscint seo ar ghéarchéim an SEIF mar ‘a crisis of representation itself’ (1996: 9). Bhí an eipidéim faoi lán seoil nuair a cháin Watney an chaoi a ndeachaigh na húdaráis sláinte, i Sasana go hiondúil, i ngleic leis an ngalar ó chuir siad an spotsolas ar ghrúpaí áirithe ardriosca ó thaobh an ghalair de — agus nár chuir siad na bealaí réalaíocha a d’fhéadfaí an eipidéim a rialú in iúl. Dar le Watney ‘Aids has been made to inflect, condense, and rearticulate the ideological meanings of race, sexuality, gender, childhood, privacy, morality and nationalism and so on (1996: x). Is mar ainmfhocal ann féin (Aids) agus ní mar acrainm (AIDS) a chaitheann Watney leis an SEIF i gcaitheamh an tsaothair. Áitíonn Watney gur tuairisciú homafóbach agus ciníoch a dhéanadh na meáin chumarsáide ar an SEIF, agus go ndearna siad ‘galar aerach’ agus ‘galar an duine ghoirm’ den ghalar leis an ábhar claonta a chuir siad i gcló. Chuir an tuairisciú seo le miotas an SEIF agus chothaigh an tuairisciú stiogma maidir leis an ngalar féin agus na grúpaí daoine a deirtear a bheith freagrach as é a scaipeadh.

Is macalla ar sheasamh Watney é an t-alt rícháiliúil ón tréimhse chéanna, ‘Is the Rectum a Grave?’ leis an Meiriceánach Leo Bersani. San alt seo, baineann Bersani a ghaisneas as meafar, searbhasach, an reictim mar uaigh le béim a leagan ar an ngnéas aerach — an gnéas tóna — mar eipealár na heipidéime (1987: 197). Lena cheist ghríosaitheach a thugann teideal don alt, tugann Bersani ardán don tsodamacht mar dhrochfhuadar collaíochta sa tsamhlaíocht choitianta, cleachtas, de réir an bhéaloidis, arb é is cás leis, an scrios (1987: 211). Cuireann Bersani ceist phráinneach ar a chuid léitheoirí: an ionann an gnéas tóna agus beart chun báis? Lonnaíonn sé freagra na sochaí agus na meán ar an SEIF i gcomhthéacs piúratánach Victeoireach. Sa chomhthéacs seo, déanann Bersani comparáid idir ‘The Victorian representation of prostitutes’ mar mhná a ‘ghalraíonn’ fir shoineanta le sifilis agus tuairiscí na 1980idí i dtaobh fir aeracha a bhí ag roinnt an SEIF i measc an phobail. Leis an gcomparáid seo, cuireann Bersani an gnéas tóna i láthair mar ‘a sexual behavior being targeted … in representations of AIDS’ (1987: 211). Dar le Bersani, is iad an fhaighin (bhaineann) agus an reicteam (fireann) loci an ghalair sa tsamhlaíocht choitianta — bíodh sé sa naoú haois déag nó i ndeireadh na haoise seo caite — léargas ar choimhthiú an dá ghrúpa sin (striapacha ban agus fir homaighnéasacha) i ndioscúrsaí sláinte an dá linn faoi seach. Is é pointe teagmhála an tsaothair seo le leabhar Watney, go n-áitíonn siad araon go gcruthaíonn na meáin chumarsáide tuairiscí bréagacha i leith an SEIF, agus gurb é toradh na dtuairiscí seo, scaoll morálta agus stiogma. Sna tuairiscí seo, tá baint mhíchothrom agus mhíchruinn le sonrú idir an SEIF agus an duine aerach.

Is i dtéarmaí an mheafair a thugann an criticeoir Susan Sontag aghaidh ar an tinneas agus ar an SEIF ina dhá leabhar cháiliúla Illness as Metaphor agus AIDS and its Metaphors, a foilsíodh in aon eagrán amháin in 1989 (Sontag 1989). Tugann Sontag le fios go sáraíonn cúinsí sóisialta an ghalair comharthaí sóirt an ghalair, rud a thugann brí nua don ghalar féin:

Any important disease whose causality is murky, and for which treatment is ineffectual, tends to be awash in significance. First, the subjects of the deepest dread (corruption, decay, pollution, anomie, weakness) are identified with the disease. The disease itself becomes a metaphor. Then, in the name of that disease (that is, using it as a metaphor), that horror is imposed on other things. The disease becomes adjectival (Sontag 1989: 58).

Go deimhin, faoi mar a aithníonn Sontag i gcás an SEIF, cé go bhfuil míthuiscint agus mistéir ag baint leis an SEIF, samhlaítear go bhfuil aon chúis amháin leis — an gnéas tóna. Meafar ann féin atá sa mhéid sin, agus tagann sé leis na háitimh a dhéanann Bersani agus Watney. Le linn na heipidéime SEIF, léiríonn Sontag gur i roscaireacht Chríostaí áirithe ‘…[that] the disease begins to be identified almost exclusively with homosexuality, and specifically the practice of sodomy’ (1989: 153). Tátal follasach ar an áiteamh seo, i dtéarmaí Sontag, mar sin, gur díoghail ar an homaighnéasacht — nó ar an ngnéas tóna — is ea an SEIF, i samhlaíocht an phobail. Deis, mar sin, ab ea an SEIF a thapaigh tráchtairí áirithe le cur i gcoinne na homaighnéasachta ar bhonn morálta, agus le sochaí mhímhorálta a chur in iúl (Sontag 1989:153).

Scagann Stiofán Ó Cadhla an pointe seo ina anailís ar an scéal béaloidis ‘AIDS Mary’, bean a tholg an ‘SEIF’ i Sasana agus a thug an galar abhaile léi lena thabhairt d’fhir óga an pharóiste i nDún Garbháin (2011: 214). An sagart paróiste a d’fhógair an scéal sin ag aifreann an Domhnaigh, rud a chothaigh faitíos sa phobal sin agus ar fud na tíre nuair a chuir na meáin chumarsáide an-spéis sa scéal. Deir Ó Cadhla, áfach, go bhfuil seans ann nach bean ag leathadh aicíde atá san eachtra seo, ach sagart ag leathadh scéil mar chuid de sheanmóir ar mhoráltacht na linne (2011: 215). Dar le Ó Cadhla, nuair a d’fhiosraigh An Bord Sláinte scéal an tsagairt, nach raibh aon chruthúnas go raibh a leithéid de dhuine ann is ‘AIDS Mary’, gan trácht ar neamhfhéidearthacht scaipeadh an ‘SEIF’ féin (seachas an víreas VEID, dá mb’fhíor don scéal). Sa mhéid seo, tá macalla soiléir do scéal ‘Typhoid Mary’, an cócaire Éireannach a scaip an fiabhras tíofóideach i Meiriceá — amhail is dá mbeadh seanscéal béaloidis á athbheochan i bhfianaise galar nua. Is éard atá sa sampla seo ag Ó Cadhla, mar sin, fianaise ar an SEIF mar mhiotas agus mar mheafar in úsáid ag an sagart le faitíos a scaipeadh agus le creatlach mhorálta na sochaí a stiúradh. Sa leabhar céanna, tugann Ó Cadhla le fios go bhfuil leagan malartach ann den scéal céanna, AIDS Harry, arb é fear aerach atá ag scaipeadh an SEIF d’aon ghnó. Tuar é seo ar chumhacht dhioscúrsa an SEIF, nach ionann é agus an galar féin. Is i gcomhthéacs ruda a dtugann sé ‘an finscéal cathrach’ air a lonnaíonn sé an SEIF. Tagann an comhthéacs seo le háiteamh Sontag go bhfuil a mhiotaseolaíocht féin ag an SEIF, agus ag an ngalar trí chéile, agus gur minic a bhaintear úsáid as an ngalar i ndioscúrsaí áirithe morálta.

Mar sin féin, cáineann Watney cur chuige forleathan Sontag; áitíonn sé, i mbeagán focal, ‘[it] collude[s] with a wholesale depoliticisation of the narrative [.i. an SEIF] (Watney 1996: 157). Is éard is bunús leis an áiteamh sin an bhéim a leagann Sontag ar an aeistéitic, ach níor ghá go mbeadh cur chuige Sontag glandeighilte ón bpolaitíocht. Go deimhin, léiríonn Sontag, dar liom, na ‘powerful non-medical meanings,’ a bhaineann le SEIF, faoi mar a thugann Watney orthu (Watney 1996: 11). Agus an galar á mheas, i dtéarmaí na meafarachta, cuimsíonn plé Sontag toisí na haicme, na hinscne, agus na cine, agus toise na féiniúlachta homaighnéasaí, cur chuige, dar liom, a lonnaíonn an pholaitíocht i lár an phlé (1989: 162). Cuireann Sontag na toisí seo san áireamh nach mór ar an mbealach céanna le Bersani (1987: 201). Leagann Sontag béim ar an gcontúirt a bhaineann le meafarú an ghalair, agus luann sí an baol a chothaíonn an próiseas sin do lucht a fhulaingthe … ‘metaphors contribute to the stigmatizing of certain illnesses and by extension of those that are ill’ (1989: 99). Ráiteas ceannasach frith-stiogma é an ráiteas sin. Ag an am céanna, áfach, admhaíonn Sontag, ar an gcéad leathanach sa dara cuid den leabhar seo, ‘Of course one cannot think without metaphors’ (1989: 93). Dá cháinteach í Sontag i dtaobh na meafar, tugann Caoimhín Mac Giolla Léith le fios, in aiste ar an tinneas, an dúil, an (dí-)ionchollú, agus teorainn theangeolaíoch na péine i bhfilíocht Sheáin Uí Riordáin, go bhfuil sé ‘íorónta […] agus an trácht seo ar fad ar “riocht na mbreoiteachán” in altanna tosaigh na haiste aici [.i. ag Sontag], gur taobh le meafar atá sí go bunúsach, le stiúir reitrice a chur ar a cuid poileimice’ (Mac Giolla Léith 2012: 48). San admháil seo thuas, tugann Sontag suntas don mheafar mar mhodh bailí tuisceana, b’fhéidir, i leith an ghalair.

Cáineann an criticeoir Éireannach, Cormac O’Brien an cur chuige meafarach i leith an SEIF, ó chothaíonn an cur chuige sin stiogma ilghnéitheach maidir leis an SEIF, an VEID, agus an té a bhfuil an víreas sin air. Tá sciar aistí le O’Brien a fhéachann ar léiriú an SEIF i ndrámaí stáitse agus teilifíse, a bhfuil sé d’aidhm aige iontu an SEIF a dhístiogmatú agus cúinsí an SEIF a scaoileadh ó fhir aeracha agus ó lucht úsáide drugaí (O’Brien 2013; 2016). In alt eile, cáineann O’Brien an tróp ‘AIDS as punishment’ i ndrámaíocht na hÉireann (2020: 125), ábhar a phléann Sontag, agus ábhar a thagann aníos in ‘Caillte i gConamara’ freisin. Cé go bhféachann O’Brien le srian a chur le stiogma an ghalair seo (agus le hiarmhairtí an stiogma sin), is amhlaidh go bhfuil eispéireas an duine aeraigh fite fuaite i ndioscúrsa an SEIF i gcónaí, de dheasca thoise béaloideasúil an ghalair sin. Tá an toise seo lárnach i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile.

Na Gearrscéalta

In ‘An Mercyfucker’, tá príomhphearsa an ghearrscéil ag criúsáil — ag cuartú teagmháil chollaí in áit phoiblí — i gcearnóg chathrach, áit a gcasann sé ar an ‘Mercyfucker’ a thugann an teideal don scéal. An áiféis is bunús don scéal seo. Míníonn ‘Focar na Trócaire’ go dtugann sé faoiseamh collaí do sheanfhir nach mbíodh an tsaoirse acu luí le fir le linn a n-óige féin (Ó Conghaile 2003: 60). Níl aon tagairt don eipidéim SEIF sa ghearrscéal seo, ach lonnaíonn an scéal an gnéas aerach i gcomhthéacs imeallach agus imeallaithe. Níorbh fhéidir le cuid de na seanfhir caidreamh collaíochta a chothú le linn a n-óige agus ní féidir leo caidreamh mar sin a chothú agus iad sean, murach focair dhiamhair na trócaire. Sa chuntas ar sheanfhir an scéil seo, leagann Ó Conghaile béim ar na toisí neamhtharraingteacha a bhaineann leis an gcorp fireann i dtéarmaí na collaíochta aeraí:

Ar son na trócaire. Freastalaíonn muid ar sheanfhir is ar fhir mheánaosta amháin. Go leor acu siúd nach mbíonn slacht ar bith iontu. Gan iad dathúil ná tarraingteach ag breathnú. An dream nach mbeadh mórán seans acu caidreamh collaí a bheith acu le fir eile. (2003: 60)

I gcomhthéacs scéalta eile Uí Chonghaile, díol spéise é go ndíríonn an gearrscéal ar an gcorp atá ag dul in aois le hais chorp an fhir óig atá ‘dathúil’. Féadfar toise an ghnéis fhisiciúil a léamh anseo, i bhfianaise aois na bhfear a bhaineann a luach as an trócaire, mar shiombail chaolchúiseach don chaidreamh idir an gnéas aerach nach féidir a dhealú go hiomlán ó smaointe an bháis agus an tinnis.

Casadh ar mhóid reiligiúnda atá i stíl mhaireachtála don ‘mercyfucker.’ Nuair a mholann an ‘mercyfucker’ do reacaire an scéil luí leis an seanfhear le teann cineáltais, ní thuigeann reacaire an ghearrscéil seo cén chaoi a dtugann an ‘mercyfucker’ faoin gcineál seo gnímh mar gheall ar bhail fhisiciúil na seanfhear. Leagann an reacaire béim ar thuartha an tinnis agus na haoise ar chorp duine de na seanfhir, agus cuireann na tuartha seo déistin air.

É bacach, ag tarraingt a leathchoise ina dhiaidh. D’fheilfeadh maide dó. É seachtó bliain d’aois má bhí lá. An baol ann go dtitfeadh an t-anam as nóiméad ar bith. An chontúirt ann go gcaillfí ar an jab é. Céard a d’fhéadfainnse a dhéanamh leis an truán bocht? Gan mé ag iarraidh é a mhaslú. Dá bhfaigheadh sé bás i m’ucht. Ba chinnte nach bhféadfadh sé aon dochar a dhéanamh dom, ceart go leor, fiú dá dtoileoinn dul leis, ach chuir an smaoineamh múisc orm. Ní fhéadfainn é. Choíche ná go deo. Cén chaoi ar fhéad an mercyfucker a chuid gníomhartha trócaireacha a dhéanamh, a d’fhiafraigh mé díom féin. Luí lena leithéid seo. (65)

Leanann an reacaire an seanfhear i dtreo a árasáin ón ‘raon poiblí’, i dtéarmaí Sheáin Mhic Risteaird, go dtí an spás príobháideach (2024: 264). Ach tá an reacaire fós in amhras an luífidh sé leis an seanfhear nó an imeoidh sé gan focal a rá leis. Tá imní ar an reacaire go bhfaighidh an seanfhear bás le linn na comhriachtana, i bhfianaise aois agus bhail shláinte an tseanfhir, ar ndóigh. Is sampla é seo den bhás curtha i láthair i gcomhthéacs an ghnéis aeraigh. Ritheann sé leis an reacaire go bhféadfadh sé ‘trí choisméig na trócaire a thógáil ina dhiaidh’ (66), rud a thugann traidisiún na sochraide chun cuimhne. Seo tarlúint eile a chothaíonn ceangal, más caolchúiseach féin é, idir an gnéas aerach agus an bás. Cé go mbraitheann reacaire óg an scéil saoirse chollaí nár bhraith seanfhir an scéil, ní foláir don reacaire dul sa tóir ar ghnéas i gcearnóg phoiblí de cheal bealach sásúil eile teacht ar chomrádaí. Má tá saoirse ag baint leis an gcriúsáil don charachtar aerach seo, tá contúirt ag baint leis freisin, agus caithfidh an reacaire iarmhairtí an ghnímh seo a mheas. Tugann gníomh an chriúsála féin nod, mar sin, nach bhfuil stádas an duine aeraigh go hiomlán socair ná socraithe i ndomhan an ghearrscéil seo. Déanann Ó Conghaile athchúrsáil ar an scéal seo ina úrscéal Sna Fir (1999) (cuireadh leagan den scéal i gcló in Comhar (1998), sular foilsíodh an cnuasach An Fear nach nDéanann Gáire). In Sna Fir, leanann an tarlú leis an ‘mercyfucker’ eachtra criúsála ar chiumhais ‘neamhchoiscrithe’ i reilig ‘dúnta’ (Ó Conghaile 1999: 253, 254). Leagann suíomh seo na marbh béim níos treise, b’fhéidir, ar thoise an bháis, faoi mar atá sé greamaithe den eispéireas aerach i saothar Uí Chonghaile.

Is go cliathánach, freisin, a thagraíonn ‘As Láimh a Chéile’ don SEIF. Rianaíonn an gearrscéal seo éabhlóid na drúise i dtreo an cheana, nuair a chasann fear óg ar fhear éagsúil ach dathúil i gclub oíche. Sa scéal seo, staonann an bheirt ón ngnéas tóna ó ‘Ba cheart a bheith cúramach ar aon nós — go háirithe ar na saolta contúirteacha seo’, agus socraíonn an bheirt ar chleachtais chollaíochta nach mbíonn an riosca céanna ag baint leo (Ó Conghaile 2007: 46). Mionphointe é an pointe iniúchta seo le hais bhuaic an scéil — is é sin, go nochtar, ar deireadh, an fear éagsúil dathúil mar shagart. Tugann an reacaire an méid seo faoi deara nuair a ofrálann leannán na hoíche roimhe ‘Aifreann an mheáin lae’ an mhaidin dar gcionn ‘i séipéal chathrach’ (49). Ach, mar sin féin, meabhrú nach beag é an staonadh seo de bhagairt an SEIF a airíonn na carachtair agus imní inmheánach an ghalair a chuireann faitíos leanúnach ar na carachtair aeracha.

Ar bhealach níos oscailte, caitheann ‘Gabhal na gCloch’ solas ar an SEIF féin mar údar imní don duine aerach. Sa ghearrscéal seo, is é bithiúnach an scéil é Jimí Mór, fear ‘storrúil, géagach, láidir’ a bhfuil ‘an dá scór caite aige’ (Ó Conghaile 2007: 104). Ag tús an scéil, achainíonn Jimí go ciúin ar an reacaire, atá óg agus ‘éadrom’ (104), pléisiúr collaí a thabhairt dó: ‘An dtarraingeoidh tú mo bhod dhom? […] An dtarraingeoidh tú dhom é?’ (101). De réir mar a leanann an oíche ar aghaidh, téann Jimí mór i muinín teanga bhrúidiúil leis an reacaire a scoitheadh amach ó na daoine eile sa teach tábhairne. Cuireann Jimí in iúl don reacaire go bhfanfaidh sé leis ar an mbóthar, ainneoin go ndiúltaíonn an reacaire d’achainí Jimí. Tá faitíos ar an reacaire roimh Jimí, ó: ‘Dá mbuailfeadh spadhar é [Jimí] bheadh sé in ann mé [an reacaire] a ionsaí, mé a bhualadh: leathmharú a thabhairt dom: mé a lot, mé a éigniú’ (108). Ach, ainneoin iompar foréigneach bagrach Jimí, léiríonn an reacaire comhbhá leis. Samhlaíonn an reacaire Jimí a bheith uaigneach de cheal pobal ceart aerach ina thimpeall. Ag an am céanna, tá imní an reacaire faoi shláinte Jimí, an fear atá ar tí é a ionsaí, le sonrú i bhfianaise na heipidéime SEIF. Cuirim i gcás, tugann an reacaire le fios go mb’fhéidir go mbeadh Jimí i mbaol an SEIF a tholgadh i gcathair mhór, agus fiú amháin i nGabhal na gCloch, dá dtabharfadh turasóirí an galar isteach go dtí an ceantar:

Dá mba i mBleá Cliath a bheadh sé nó i gcathair eicínt. Bheadh time aige in áit mar sin. Saol an mhada bháin. Chuirfeadh sé aithne ar a chineál féin. Bheadh deiseanna aige meascadh leo. Cairdeas a dhéanamh leo. Caidreamh a bheith aige leo nó cibé rud a bhí uaidh. B’fhearr dá leithéid a bheith ann deich n-uaire ná a bheith sáinnithe i nGabhal iargúlta na gCloch, ag faire thar a chuid. Ach cá bhfios duit? B’fhéidir nárbh fhearr. Ní fhéadfá a bheith cinnte. Bhí chuile shórt ag athrú. Bhí AIDS ag scaipeadh anois. Daoine mar é i gcontúirt. I mBleá Cliath go háirid seans. Ach ní bheadh aon AIDS i nGabhal na gCloch … fós. Cheapfá nach mbeadh — áit chomh hiargúlta léi. Ach cé a bheadh in ann a rá go cinnte? Nach raibh chuile chineál duine ag fanacht san óstán agus sna tithe saoire samhradh: Meiriceánaigh, Sasanaigh, Francaigh, Gearmánaigh … Ach ní fhéadfadh sé go mbeadh AIDS ar Jimí Beag ainneoin sin … (107–108)

Ar ndóigh, bhainfeadh an imní a bhraitheann an reacaire lena shábháilteacht féin, mar dá n-éigneodh Jimí é, d’fhéadfadh sé iarmhairt fhadtéarmach, atá níos tromchúisí ná gníomh sceimhlitheach an éigniú féin, a fhágáil ar an reacaire — galar marfach. Is éard a eascraíonn as spéacláireacht an reacaire sa chás seo caidreamh casta idir an t-ionsaitheoir agus an t-íospartach, sula dtiteann an t-ionsaí féin amach. Ag an am céanna, nochtann an sliocht seo, dar liom, imní shóisialta i leith an SEIF i gcomhthéacs an ghnéis aeraigh. Samhlaíonn an reacaire an SEIF, sa chás seo, leis an gcathair agus leis an duine aerach araon, rud ar macalla é ar an anbhá sóisialta a bhí forleathan le linn na heipidéime SEIF maidir le scaipeadh an víris. I gcás Jimí, eisean an namhaid ‘aerach’ a d’fhéadfadh an víreas a thabhairt do reacaire an ghearrscéil. Sa mhéid is go bpléann an gearrscéal seo leis an SEIF mar sin, samhlaíonn an reacaire (an t-íospartach) an SEIF a bheith ina chonstaic do Jimí. Níl saol sásúil ag Jimí i nGabhal na gCloch, áit nach bhfuil a ‘leithéid féin thart’ (105), ach dá n-imeodh sé, samhlaíonn an reacaire baol an SEIF do Jimí. Cruthaíonn an imní seo dhá chineál saoil don charachtar aerach: saol neamhiomlán ach saor ó SEIF faoin tuath (áit a léiríonn sé mian don fhoréigean collaí — agus léiríonn an reacaire comhbhá dó, dá ainneoin sin) agus saol sásúil ach contúirteach sa chathair.

Tagann an cineál seo déscartha, idir saol uaigneach an duine aeraigh faoin tuath agus saol iomlán an duine aeraigh sa chathair, chun solais go minic i saothar Uí Chonghaile. Leagann Caitlín Nic Íomhair a méar ar an ngné seo dá shaothar:

Formative or otherwise profound romantic love is drawn sensitively and respectfully in “Caillte i gConamara” (Lost in Connemara) and Sna Fir, whose characters must cope with grief and heartbreak while simultaneously having to choose between suffering in silence or risking outright social rejection. (2024: 118)

Cíorann an gearrscéal ‘Athair’ an rogha seo a chuireann Nic Íomhair i láthair freisin. Sa ghearrscéal sin, nochtann an reacaire dá athair go bhfuil sé aerach. Rianaíonn Ó Conghaile na tostanna ciotacha agus an comhrá míchompordach idir an t-athair agus an mac agus gnéithe den eispéireas aerach á bplé acu. Tá rianta an teannais go mór le sonrú idir an bheirt seo, agus baineann Ó Conghaile leas as íomhánna bagracha i gcaitheamh an scéil ar fad. Cuir i gcás: ‘Tharraing sé chuige an pócar. D’oscail comhla uachtarach an range. Shac isteach ann é go sáiteach ag iarraidh an tine a ghríosú le lasrachaí a tharraingt aníos óna broinn dá mb’fhéidir’ (Ó Conghaile 2007: 150). Sa tarlóg seo, tá abairt ghearr amháin ina dtarraingíonn an t-athair an pócar ina threo — ar ndóigh, rud a d’fhéadfadh a bheith in úsáid mar ghléas troda nó buailte. Ní léir cad chuige go baileach a leagann an t-athair lámh ar an ngléas seo san abairt ghearr. Sa chéad abairt eile, ní chun a mhac a bhualadh a bheireann sé ar an ngléas, ach fós féin, baintear úsáid as téarmaíocht a shamhlaítear go minic leis an bhforéigean, ‘sac,’ ‘sáiteach’, agus ‘gríosú’, rud a chuireann go mór leis an míshocracht sa scéal. I measc na n-ábhar a thagann aníos, tá béadán na gcomharsan, iarchailín an mhic, agus sláinte an mhic i bhfianaise na gcleachtas collaí a bheadh ar siúl aige mar fhear óg aerach ‘thuas i mBleá Cliath’ (151). Faoi mar a tharlaíonn in ‘Gabhal na gCloch’, is leis an mbaile mór a shamhlaítear ‘an saol aerach’ agus ní le saol na tuaithe — is gné thábhachtach í cúrsaí spáis i léann na haiteachta, agus i saothar Uí Chonghaile trí chéile (Mac Risteaird 2020; 2023). In ‘Athair,’ deir an t-athair go bhfuil ‘Bleá Cliath aisteach agus contúirteach’ (152). Go gairid ina dhiaidh sin, tagann ceist na sláinte aníos — is cosúil go bhfuil an t-athair buartha go mb’fhéidir go bhfuil an SEIF tolgtha ag a mhac.

‘Agus do shláinte!?’ a d’fháisc sé aniar as a scornach go neirbhíseach. ‘Cén chaoi ’bhfuil do shláinte, nó an bhfuil tú ceart go leor.’
‘Ó tá mé togha, togha,’ a d’fhreagair mé chomh sciobtha agus a d’fhéad mé, mé thar a bheith buíoch as bheith in ann freagra chomh dearfa sábháilte sin a thabhairt agus a fhanacht a chniogadh láithreach. […]
‘Níl aon chall imní duit,’ a dúirt mé, ag iarraidh tonn eile dóchais a fhadú, ó ba chosúil go raibh an méid sin faighte liom agam. ‘Bímse cúramach. Bím an-chúramach i gcónaí.’
‘Más féidir a bheith sách cúramach?’ a chuir sé leis go ceisteach, a chaint níos nádúrtha.
‘Más fíor leath dá mbíonn ar na páipéir Dé Domhnaigh, nó ar an television i gcaitheamh na seachtaine’ (2007: 153).

Solaoid eile é seo ar an imní a bhaineann leis an ngalar seo don mhac aerach agus don athair araon. Thairis sin, freisin, caitheann an eachtra seo solas ar dhioscúrsaí coitianta an SEIF ar an teilifís, dá hiontaofa nó dá neamhiontaofa iad. Níl an t-athair cinnte go bhféadtar teacht slán as an ngnéas aerach, ainneoin go gcuireann an mac in iúl dó go mbíonn sé ‘cúramach’ (153). Sa cheithre scéal seo ar fad, cé nach bhfuil aon charachtar atá ag fulaingt leis an SEIF iontu, bíonn an SEIF ann mar bhagairt agus gnéithe den eispéireas aerach á nochtadh iontu, cé is moite de ‘An Mercyfucker’, scéal a bhfuil an tinneas le sonrú ar bhealach eile ann.

Is é ‘Caillte i gConamara’ an t-aon ghearrscéal amháin le Micheál Ó Conghaile ina gcuirtear an SEIF i láthair mar fhadhb réalaíoch seachas mar bhagairt thaibhsiúil, cé nach luaitear an téarma SEIF ann. Téann an scéal seo i muinín cóid éagsúla le himpleachtaí fisiciúla agus sóisialta an ghalair a chur in iúl. Ó líne tosaigh an scéil i leith, leagtar béim ar mhíchompord an reacaire i suíomh fisiciúil an scéil, is é sin ‘Fiántas fiáin Chonamara’ (Ó Conghaile 2003: 9). Sa líne tosaigh, socraítear an ton don dioscúrsa a spíonfar amach sa ghearrscéal ‘… Bhí mé caillte, i gConamara…’ (Ó Conghaile 2003: 8). Féadfar an rangabháil caite ‘caillte’ a léamh (1) i dtéarmaí an chaillteanais thíreolaíoch (dá éadóichí é, mar a fheicfidh muid); agus (2) i dtéarmaí an chaillteanais mar thimchaint le haghaidh an bháis, pointe tagartha suntasach agus an t-eispéireas aerach á nochtadh sa ghearrscéal seo. Is é páirtí an reacaire a fhaigheann bás sa scéal, agus ní an reacaire féin. Agus an reacaire ag caoineadh a pháirtí, áfach, braitheann sé an caillteanas go réidh, amhail is go bhfuil sé féin ‘caillte’, gan fágtha dá pháirtí ach ‘crúiscín beag’ luatha (11). Ar an gcéad spléachadh, lonnaíonn an chéad líne seo an scéal in áit dhúchais an reacaire. Is léir go bhfuil mionchur amach ag an reacaire ar an áit seo ón gcaoi a ndéanann sé tagairt do bhóithre agus do dhúlra na dúiche.

Shiúil mé agus shiúil mé agus shiúil. Gur chuir muid bóthar Ard an Bhaile dínn agus ansin an bóithrín clochach dóibeach portaigh, a d’fhás amach as ag gabhlóg theorainn an dá bhaile. Agus ansin an cosáinín casta fásta a shnigh as, amú cheapfá, ó thuaidh as sin. (9)

Ach más caillte atá sé, ní haon chailliúint thíreolaíoch atá i gceist ann. Tugann an líne tosaigh le fios go bhfuil aduantas éigin ar an reacaire, amhail is go bhfuil sé as baile ina bhaile féin. Cé go mbaineann sé leis an áit, briseann móitíf an mhíchompoird air i gcaitheamh an scéil. Tagann cúis amháin leis an míchompord seo chun glinne níos faide anonn sa scéal, nuair a chuimhníonn an reacaire siar ar an gcomhrá teasaí a d’éirigh idir é féin agus an sagart — an tarlóg a pléadh sa réamhrá. Cuireann an reacaire in iúl — le focal borb amháin, ‘muid’ — don sagart nach leis féin atá sé sa teach ach go bhfuil a ‘chéile’ ann freisin (12). Thabharfadh freagra an tsagairt le fios nach ann don homaighnéasacht i gConamara: ‘Is náire shaolta sibh, a bhéic sé. Náire shaolta don bhaile, do Chonamara, is don tír. Drochshampla don aos óg, do mhuintir an pharóiste, do theagasc Dé uilechumhachtaigh’ (12). I gcomhthéacs an chéad líne, más ea, tá an reacaire ‘caillte’ mar gheall ar a chlaonadh collaíochta, braistint a shníonn tríd an scéal ar fad ó thaobh ionad an duine aeraigh de. Tugann Pádraig Ó Siadhail le fios go raibh saoirse ag baint leis an gcaidreamh aerach sa scéal seo, go háirithe i gcontrárthacht le cuid de shaothair eile Uí Chonghaile. I bhfocail Uí Shiadhail:

There is no suggestion that anyone bothered them, apart from the local parish priest who about ten years earlier had visited and condemned them … In a story dealing with personal loss and tragedy and where the only deviant is the priest, we also get a sense that the Conamara that had been described in Sna Fir, where everyone knows everyone else and their business, is changing to the extent that a gay couple can find the space and the freedom to lose themselves there and be true to themselves. (Ó Siadhail 2010: 155)

Cé gur fíor nach bhfuil cruthúnas ann gur chuir daoine i gcoinne an chaidrimh, faoi mar a thugann Ó Siadhail le fios, is díol suntais é nach é an caidreamh féin atá á léiriú sa scéal ach an caillteanas a bhraitheann duine den bheirt ar bhású dá pháirtí. Do reacaire an scéil seo, níl ach iarsmaí den chaidreamh aige ina chuimhní, luatha an chorpáin, agus an fhulaingt in éagmais a pháirtí. Má bhí an tsaoirse, a ndéanann Ó Siadhail tagairt di, ag an mbeirt seo tráth, bac millteanach ar an tsaoirse chéanna is ea an SEIF. Seachas ‘saoirse’ mar sin, b’fhéidir gur mó an t-eiteachas sóisialta, faoi mar a luann Nic Íomhair thuas, a thagann chun solais sa scéal seo de dheasca an SEIF agus chlaonadh collaíochta na beirte seo — dhá fhórsa atá fáiscthe ar a chéile sa scéal (Nic Íomhair 2024: 118). Cuireann an reacaire in iúl, cuir i gcás, gur ‘Chuig dochtúir strainséartha a chuaigh’ an bheirt le haghaidh tástála nuair a bhí siad in amhras maidir le bail shláinte an pháirtí (10). Fianaise é seo, b’fhéidir, ar an náire agus an stiogma a bhaineann leis an ngalar féin, agus iarracht ar bhéadán an bhaile bhig a sheachaint. I dtráchtaireacht an reacaire, nuair a chuireann an dochtúir i láthair don bheirt cén riocht sláinte atá ar an bpáirtí, titeann an reacaire i dtuilleamaí an tosta, amhail nach féidir leis ainm an ghalair a rá os ard (ná a scríobh ar phár).

Tháinig an tuar faoinár dtairngreacht ansin. Is é atá ort, is baolach, a dúirt sé, é ag cur de a fhéachaint agus é ag labhairt leis. Agus ansin d’fhéach sé anall ormsa, mar éalú beag dó féin. D’fhéach muid beirt ar a chéile. Dúirt sé go raibh brón air, go raibh an-bhrón air. An tríú staid, a dúirt sé, nuair a chuir an bheirt againn an cheist air le chéile amhail líne as dráma a bheadh cleachtaithe againn roimh ré. (11)

Ar ndóigh, níor ghá go mbainfeadh tost an reacaire go hiomlán le bail stiogmataithe an ghalair seo, óir, agus an scéal seo á nochtadh ag an reacaire, tá a pháirtí caillte cheana féin de bharr an tinnis seo. An caillteanas freisin nach ligeann dó ainm an ruda a mharaigh a pháirtí a lua. Is léir, ag an am céanna, go bhfuil an comhrá seo deacair ar an dochtúir strainséartha, agus le linn dó an nuacht a bhriseadh, bíonn faoiseamh, dá laghad é, de dhíth air. Nuair a chuireann an bheirt an cheist ar an dochtúir faoi dhéine an ghalair, tugann sé le fios gurb é an tríú staid atá ar an bpáirtí. Míníonn Sontag, ‘what is called AIDS is generally understood as the last of three stages — the first of which is infection with human immunodeficiency virus’ (Sontag 1989: 109). Más tuar ar thairngreacht na beirte é diagnóis an dochtúra, is tuar ar thairngreacht, nó ar ghuíonna, an tsagairt freisin é, ar mhian leis an phlá ar an mbeirt. An phlá, dar le Sontag, ‘is the principal metaphor by which the AIDS epidemic is understood’ (132).

Ábhar suntais maidir le stádas coimhthithe na beirte é líon na ndaoine a bhailigh le chéile ag sochraid an fhir mhairbh, an ‘bhuíon bheag cairde a bhí ag an searmanas beag a bhí againn ina measc’ (19). Cé gur duine ón taobh amuigh é an fear a bhásaigh, is cruthúnas é líon beag na ndaoine a bhí i láthair ag an tsochraid nár ghlac muintir an phobail i ndáiríre leis, murar chuir aon duine go díreach ina choinne, faoi mar a áitíonn Ó Siadhail (2010: 155). Má ghlac an pobal leis, an amhlaidh nár thug an pobal ómós dó mar gheall ar an gcaoi ar bhásaigh sé, nó toisc é a bheith aerach, nó meascán den dá rud?

Aithníonn an reacaire féin an scata beag atá bailithe le chéile in ómós an fhir chaillte. Agus an reacaire ag cur fáilte roimh na fámairí as an nGearmáin a thagann isteach gan choinne go dtí an áit a bhfuil an tsochraid ar siúl, tarraingíonn an reacaire aird ar ‘Dá mhéad dá bhfuil againn ann’ (19). Déanann an reacaire tagairt do ‘bhuíon chomhluadrach chairdiúil’ atá ‘ar nós teaghlaigh’ (19), ach ní hiad muintir an teaghlaigh iad, rud a chuirfeadh i gcuimhne, b’fhéidir, nár tháinig muintir ceachtar den bheirt le hurraim a thabhairt don fhear marbh. Anuas air sin, ní léir gur i dteach pobail a bhí tionól na sochraide. Treascairt, b’fhéidir, é seo ar fhocail an tsagairt go dtabharfar na fir aeracha ‘chuig an séipéal fiú más ardaithe suas ar ghuaillí fear’ a thiocfaidh siad ann (13). Tógann an reacaire seasamh fritheaglasta arís eile, nuair a bhaineann sé a chasadh féin as Paidir an Tiarna (Ár nAthair) ar bhású dá pháirtí: ‘Bhreathnaigh mé ar ais ar a iomaire de chorp sa leaba theolaí. Tá seisean saor, a deirimse, os ard. Saor. Saor ó gach uile olc’ (18). Má ligeadh i gcathú na homaighnéasachta an páirtí, tá sé saor anois ó olc an ghalair agus an tinnis. Is paidir a chum an reacaire féin é an ceann seo. Ach, in amanta eile, braitheann an reacaire go bhfuil sé scoite amach ó phaidreacha, amhail is nach mbaineann siad leis. Ag tionól na sochraide, tugann an reacaire le fios go gcuireann briathra lucht na sochraide isteach air toisc gur cosúil le paidreacha iad a gcuid abairtí.

… Tá na paidreacha céanna á rá go páirteach anois. Isteach i mo chluasa. Na guthanna ceannann céanna á bhfreagairt … na rithimí … na glórtha … na macallaí ag filleadh. Ach ní fheicim aon chiall le cuid de na paidreacha seo ar chúis éicint. Meas tú nach do dhuine éicint eile an phaidir áirithe úd ansin? Nach mbeadh sí níos feiliúnaí d’ócáid éicint eile, meas tú? Tá paidir ghearr amháin ann nach bhfreagraíonn éinne. B’fhéidir nach bhfuil freagra ar bith ann di nó gur paidirfhreagra í. Céard is fiú domsa na paidreacha strae seo? (19)

Ceistíonn sé feiliúnacht na bpaidreacha i bhfianaise na hócáide, sochraid fir a bhásaigh de bharr an SEIF, agus sochraid fir ar dhamnaigh ionadaí de chuid na heaglaise é. Léargas eile é seo ar an gcarachtar aerach atá mionlaithe mar gheall ar a chlaonadh collaíochta agus an galar SEIF.

Tá roinnt samplaí sa ghearrscéal seo a léiríonn páirtí an reacaire mar choimhthíoch, sula raibh sé caillte. Cuir i gcás, luann an reacaire go raibh a chéile ‘leathghléasta go péacach in éadaí ban’ (12). Arís eile, agus an sagart ag tabhairt íde béil don bheirt seo, iompaíonn sé ar an mBéarla ar mhaithe leis ‘an stráinséara’, faoi mar a thugann an sagart air, agus tugann an sagart le fios nach gceapann sé go mbeadh Gaeilge ag an bpáirtí (12). Tugann na pointí seo le fios go raibh an t-imeallú sóisialta, stiogma an ghalair, agus stiogma an duine aeraigh le sárú ag leannáin aeracha an ghearrscéil.

Cé go n-aithníonn Sorcha de Brún (2017: 19) stádas coimhthithe an duine aeraigh sa ghearrscéal seo, tá a tátal i leith chaidreamh aerach an ghearrscéil neamhiomlán sa mhéid is go ndéanann sé faillí sna gnéithe uathúla agus eisceachtúla i leith an chaidrimh sin:

… Ó Conghaile’s story is important for its exploration of how gay love and desire intersect with such other issues as bereavement and the paternalistic nature of religion. Rather than categorizing Ó Conghaile as a gay writer, we consider him to be an author who writes about gay men, and whose desire for the freedom to express love and gay men’s sexual nature is but one of many facets of being a man. In his portrayal of the love of one man for another, he conveys how the pain of immediate grief is caused by the ordinary events of life as experienced by all lovers. (de Brún 2017: 30)

Ní bhaineann caillteanas an scéil le ‘ordinary events of life as experienced by all lovers’ ach baineann sé le cás aonair na beirte seo, a bhfuil duine díobh maraithe ag an SEIF agus duine eile cráite ag an gcaillteanas. Ní gnathchailliúnt atá i gceist ach an oiread, ach cailliúint ar lorg an SEIF, faoi mar a léimse é — rud a mbaineann a ualach stiogmach féin leis don té a cailleadh agus don té atá á chronú sin uaidh araon. Maíonn de Brún, freisin, nach mar scríbhneoir aerach a mheasann sí Ó Conghaile, ach mar scríbhneoir a thógann mar fhócas aige fir aeracha (i gcoitinne). Dar le de Brún, léiríonn Ó Conghaile a mhian leis an ngrá agus bunphrionsabal na collaíochta aeraí a chur in iúl ina chuid scríbhneoireachta agus nach bhfuil sa mhian sin ach gné amháin den eispéireas fireann. Déanann an t-áiteamh sin measúnú eisintiúlach ar an bhfearúlacht, agus déanann an t-eistintiúlachas sin ionannú ar an eispéireas heitrighnéasach agus ar an eispéireas homaighnéasach. Is macalla é áiteamh de Brún ar an méid a deir Brian Ó Conchubhair i dtaobh Uí Chonghaile, más go cliathánach a deir, in aiste ar an úrscéalaíocht: ‘Yet there is a risk … that such writing will be essentialized, and marginalized, as gay gaelic writing’ (Ó Conchubhair 2005: 228). Tacaíonn Ó Siadhail le seasamh Uí Chonchubhair, agus áitíonn sé ‘[…] Ó Conghaile is not primarily a queer writer’, toisc nach gcuimsíonn an aiteacht ach cuid bheag dá shaothar — saothar atá fairsing agus ilghnéitheach (Ó Siadhail 2010: 148). Go deimhin, is é bunáiteamh Uí Chonchubhair, Uí Shiadhail, agus de Brún, nár chóir Micheál Ó Conghaile a choimhthiú mar scríbhneoir aerach a scríobhann litríocht aerach agus, dá bharr sin, neamhaird a dhéanamh ar a bhuanna eile mar scríbhneoir agus ar na téamaí eile a dtugann sé aghaidh orthu. Ag an am céanna, ná leagadh muid béim thar cuimse ar Ó Conghaile mar scríbhneoir a sháraíonn laincisí na litríochta aeraí. In ionad na béime sin, nárbh fhiúntaí go deo an litríocht aerach a tharraingt ón imeall ar bhealach a chuimsíonn tréithe uathúla agus ilghnéitheacha na litríochta sin?

Thacódh an chaoi áirithe a bhfuil an reacaire ag fulaingt leis an bpointe thuas nach ‘gnáthfhulaingt’ atá ann. Riastradh eile ar an bhfocal ‘caillte’ ó theideal an ghearrscéil é an chaoi a mbraitheann an reacaire an caillteanas. Téann an caillteanas i gcion ar chorp an reacaire féin, faoi mar a bheadh greim ag an tinneas agus an galar air. Ag tús an ghearrscéil, tugtar le fios gur ‘easpa codlata’ a bhain an reacaire den leaba (8). Níor éirigh leis faoiseamh a fháil ar feadh ‘seal beag ón bpian’ (8). Déantar tagairt d’anatamaíocht a choirp agus don chorp míshocair sa leaba:

Théis casadh sa leaba dom dhá chéad uair. Céad uair ar chlé, céad uair eile ar ais ar dheis. Ar chnámh mo dhroma idir eatarthu. Mé ag rolladh liom timpeall ina leath seisean den leaba. Mo leath féin den leaba tréigthe agam. Bánaithe. (8)

Cé go mbaineann an focal ‘bánaithe’ le taobh an reacaire den leaba, leagann an úsáid seo béim ar nóisean an scriosta. Arís, agus an reacaire ag cur tús lena oilithreacht le luatha a chéile a scaoileadh saor, briseann deora allais amach air agus sileann ar a dhroim. Comhartha sóirt so-aitheanta an SEIF é an t-allas as cuimse: ‘Bhí stró na siúlóide agus teas na maidine ag briseadh deor allais amach trí mo chraiceann, á fhliuchadh. Corrchruinniú beag acu ag bailiú ina mbraonta móra a shilfeadh síos go tochasúil ar mo chnámh droma’ (10). Chuirfeadh an líne seo an cnuasach filíochta The Man with Night Sweats le Thom Gunn i gcuimhne, cnuasach ina gcaoineann an file na cairde a chaill sé de dheasca an SEIF. Is parailéal indíreach, caolchúiseach, é an t-allas seo leis an bhfulaingt a bhraith páirtí an reacaire agus é ag fáil bháis leis an SEIF. Ar ndóigh, parailéal freisin é an t-allas seo ar na deora caointe a shileann an reacaire ar chailliúint dá pháirtí. Féadtar corp an reacaire a thuiscint ar lorg chaillteanas a pháirtí taobh le corp a pháirtí sular cailleadh é.

Sa mbaile a cailleadh é ar a laghad ar bith, a smaoiním go sólásach. Díreach mar a theastaigh uainn. Mé i ngreim láimhe ann. Ag cur láimhe ar a bhaithis ó am go chéile. An chaint imithe uaidh le laethanta beaga. Maidhmeanna critheán ag teacht air. É ag bárcadh allais go minic. Ach bhí loinnir uisciúil ina shúile. É in ann iad a oscailt agus a dhúnadh go mall. Chuimlínn an t-allas de go rialta. D’fhliuchainn a bhéal le braon beag uisce fuar de réir mar a bhraith mé a bheadh ag teastáil uaidh. (16–17)
[… ] Mhúch mé na soilse nó go raibh muid sa dorchadas. Shleamhnaigh isteach sa leaba lena ais gur luigh siar lena thaobh, ag cur mo láimhe timpeall air agus á fháscadh chugam idir na braillíní taise allasacha. Bhrúigh mo leiceann lena leiceann bog tais. Chuimil mo lámha go lách síos suas ar a chorp te. Chuir mo leathchluas lena ucht ansin mar ar chuala mé buillí rialta a chroí go minic roimhe seo. Ach bhí an corp sin chomh ciúin, chomh síochánta, chomh te, chomh beo, beagnach. (17)

Cé nárbh fhéidir leis an reacaire ainm an ghalair a rá os ard, déanann sé cur síos beacht ar bhail a pháirtí díreach sula gcailltear é, agus leagann sé béim ar an méid allais a dhoirteann as a chorp, cosúil leis an allas a shileann an reacaire féin agus é i bpróiseas an chronaithe. Léiríonn an sliocht fada seo an aire a thug an reacaire dá pháirtí le linn a laethanta deireanacha. Treisíonn an nóiméad a dtéann an reacaire isteach sa leaba le corpán díreach básaithe a chéile na cineálacha éagsúla cailliúna a fhaightear sa scéal seo. Ar ndóigh, músclaíonn an íomhá mhothálach d’fhear beo, aerach sa leaba le fear caillte, aerach nasc follasach idir an grá fisiciúil aerach agus an galar (atá, sa chás seo, marfach) a chuireann bac ar an ngrá céanna. An SEIF, ar deireadh, a chuir deireadh leis an gcaidreamh aerach, agus an SEIF, de bharr riachtanais, a riarann agus a shainmhíníonn an caidreamh aerach áirithe seo. I ndeireadh an scéil, níl aon dídean le fáil ag an reacaire i suíomh príobháideach na leapan, óir, is inti atá a pháirtí marbh. I dtéarmaí an ghalair a chuirtear an t-eispéireas aerach i láthair in ‘Caillte i gConamara’.

Conclúid

Is léir ón bplé thuas go bhfuil sárchumhacht dioscúrsach ag an SEIF. Cé nach raibh impleachtaí na heipidéime chomh tromchúiseach in Éirinn agus a bhí i dtíortha eile, d’fhág an SEIF a lorg ar mheon an phobail aeraigh agus an phobail trí chéile in Éirinn. Níl sé gan tábhacht go bhfuil tagairt éigin don SEIF nó don bhás i ngach aon ghearrscéal le Micheál Ó Conghail ina bhfuil caidrimh aeracha faoi chaibidil aige agus san úrscéal leis freisin. Is é ‘An Mercyfucker’ an t-aon ghearrscéal amháin a sciorrann amach ón bpatrún seo, ach mar sin féin, lonnaíonn an scéal sin suíomh na collaíochta aeraí i suíomh an bháis agus an mhéala. Fágann an pointe suntais seo go bhfuil nasc litriúil sna scéalta seo idir léargais ar fhir aeracha agus léargais ar an SEIF. Sa rannóg ‘An SEIF, an stair, an chritic’, léiríodh gur chothaigh tuairiscí míchruinne agus gáifeacha míthuiscint agus cineál béaloidis i leith an SEIF. Is é toradh na míthuisceana seo imní i measc an phobail aeraigh agus stiogma don phobal céanna. Ar ndóigh, baineann stiogma leis an ngalar ann féin. Caitheann na gearrscéalta atá idir camáin san aiste seo solas ar an imní agus stiogma a d’eascair as béaloideas an SEIF ar bhealaí éagsúla. Is tagairt fhíorúil, agus eisceachtúil, é ‘An Mercyfucker’ don chollaíocht aerach i dtéarmaí mífhabhracha an tinnis. Tugann ‘As Láimh a Chéile’ aghaidh ar an imní phaiteolaíoch a bhaineann leis an ngnéas aerach (idir sagart agus duine tuata). Scéal casta é ‘Gabhal na gCloch’ ina léiríonn íospartach an scéil comhbhá dá ionsaitheoir, agus aithníonn sé go bhféadfadh an SEIF constaic a ghearradh ar shaol grá nó rómánsúil an ionsaitheora. Tugann ‘Athair’ aird ar imní an athar dá mhac aerach i bhfianaise scéalta an SEIF ar an teilifís. Scéal íogair, paiseanta, é ‘Caillte i gConamara’ a léiríonn caidreamh grámhar aerach i gcreatlach sóisialta nach gcuireann fáilte roimh a leithéid de chaidreamh. Sa scéal sin, rianaítear éifeacht dhúbailte an tinnis agus an stiogma d’fhear (caillte) aerach an ghearrscéil agus don fhear atá á chronú uaidh. Má bhíonn an SEIF ina bhagairt sna scéalta eile, is bac iomlán é in ‘Caillte i gConamara’ ar an gcaidreamh slán aerach, óir is é sin a chuireann deireadh leis an gcaidreamh. Sna scéalta seo ar fad, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, tá an fhéiniúlacht agus an t-eispéireas aerach faoi réir ag an ngalar agus stiogma an ghalair. Is féidir na scéalta seo a léamh, ní mar scéalta a chothaíonn stiogma an SEIF dá gcarachtair aeracha, ach mar scéalta a thugann léargas ar iarmhairtí bhéaloideas an SEIF.

 

Nóta buíochais
Le maoiniú ó Fonds de Recherche du Québec a scríobhadh an t-alt seo. Gach eolas ar fáil ag DOI: https://doi.org/10.69777/352438 .

Gabhaim buíochas le David Alejandro Caviedes Cómbita, MD, MSc sa tSláinte Phoiblí as ceisteanna eipidéimeolaíocha a phlé liom agus na pointí leighis ó thaobh an VEID agus an SEIF a dhearbhú dom. Mo mhíthuiscint féin is cúis le haon mhíchruinneas a d’fhéadfadh a bheith ann i leith na gceisteanna seo.

 

Saothair a ceadaíodh

Berkowitz, R. agus Callen, M. (1983) How to Have Sex in an Epidemic: One Approach. New York: News from the Front.

Bersani, L. (1987) ‘Is the Rectum a Grave?’. In: October 43: 197–222. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/3397574 [faighte 7 Bealtaine 2025].

De Brún, S. (2017) ‘History Repeating Itself: Men, Masculinities, and “His Story” in the Fiction of Micheál Ó Conghaile’. In: Éire-Ireland 52 (1&2): 17–48.
DOI: https://doi.org/10.1353/eir.2017.0002.

Foley, B., Nugent, E., Donnellan, N., Strong, T., O’Brien, C. agus Price, G. (2023) ‘How to Be Irish in an Epidemic: A Dossier Article on HIV and AIDS in Ireland, Then and Now’. In: Journal of Medical Humanities 44: 7–26.
DOI: https://doi.org///doi.org/10.1007/s10912-022-09768-9.

Freedman, D. (1987) AIDS: The Problem in Ireland. Dublin: Town House.

Gunn, T. (1992) The Man with Night Sweats. New York: Farrar Straus Giroux.

Halberstam, J. (2005) In a Queer Time and Place: Transgender Bodies, Subcultural Lives. New York: New York University Press.

Mac Giolla Léith, C. (2012) ‘Seán Ó Ríordáin agus Aisling na Feola’. In: Mac Amhlaigh, L. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 47–57.

Mac Risteaird, S. (2020) ‘Coming Out, Queer Sex, and Heteronormativity in two Irish-language Novels’. In: Studi Irlandesi 10: 63–75.
DOI: http://dx.doi.org/10.13128/SIJIS-2239-3978-11752.

Mac Risteaird, S. (2023) ‘Ó Dhaoirse go Saoirse?: Staidéar Téacsúil Aiteach ar Dhrámaí Mhichíl Uí Chonghaile’. In: Review of Irish Studies in Europe 6 (1): 25–40.
DOI: https://doi.org/10.32803/rise.v6i1.3163.

Mac Risteaird, S. (2024) Teanga don Tost: Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht. Baile Átha Cliath: Arlen House.

McDonagh, P. (2021) Gay and Lesbian Activism in the Republic of Ireland, 1973–93. London agus New York: Bloomsbury Academic.

Nic Íomhair, C. (2024) ‘Inside Out: The Short Stories of Micheál Ó Conghaile’. In: Éire-Ireland 59 (1&2):111–124.
DOI: https://doi.org/10.1353/eir.2024.a943330.

Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 18002000. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Conchubhair, B. (2005) ‘The Novel in Irish since 1950: From National Narrative to Counter-Narrative’. In: The Yearbook of English Studies 35: 212–231. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/3509335 [faighte 7 Bealtaine 2025].

Ó Conghaile, M. (1997) ‘As Láimh a Chéile’.’ In: An Fear a Phléasc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 37–49.

Ó Conghaile, M. (2007) ‘Athair.’ In: An Fear a Phléasc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht:145– 156.

Ó Conghaile, M. (2007) ‘Gabhal na gCloch.’ In: An Fear a Phléasc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 99–110.

Ó Conghaile, M. 1998. ‘An Mercyfucker.’ Comhar 57 (12): 12–15.
Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/25573695 [faighte 7 Bealtaine 2025].

Ó Conghaile, M, (1999) Sna Fir. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Conghaile, M. (2003) ‘An Mercyfucker.’ In: An Fear nach nDéanann Gáire. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 60–66.

Ó Conghaile, M. (2003) ‘Caillte i gConamara.’ In: An Fear nach nDéanann Gáire. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 8–24.

Ó Siadhail, P. (2010) ‘Odd Man Out: Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish Language Queer Prose’. In: The Canadian Journal of Irish Studies 36 (1): 143–161. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/41757554 [faighte 7 Bealtaine 2025].

O’Brien, C. (2013) ‘Performing POZ: Irish Theatre, HIV Stigma, and “Post-AIDS” Identities’. In: Irish University Review 43 (1): 74–85.

O’Brien, C. (2016) ‘Ireland in the Age of AIDS: The Cultural Politics of Stigma’. In: The Irish Review 53: 45–59. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/44473959 [faighte 7 Bealtaine 2025].

O’Brien, C. (2020) ‘HIV and AIDS in Irish Theatre: Queer Masculinities, Punishment, and “Post-AIDS” Culture’. In: Journal of Medical Humanities 41: 123–136.
DOI: https://doi.org/DOI 10.1007/s10912-017-9439-3.

O’Donnell, K., Cronin, M., agus Igoe, D. (2001) Review of the Epidemiology of AIDS in Ireland (1983-1999). Baile Átha Cliath: National Disease Surveillance Centre.
Ar fáil ag: http://hdl.handle.net/10147/266552 [faighte 7 Bealtaine 2025]

Sontag, S. (1989) Illness as Metaphor and AIDS and its Metaphors. New York: Picador USA.

Watney, S. (1996) Policing Desire: Pornography, AIDS and the Media. Eagrán 3. Minneapolis: University of Minnesota Press.

World Health Organization (2025) HIV. Ar fáil ag: https://www.who.int/data/gho/data/themes/hiv-aids [faighte 18 Lúnasa 2025].

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Féachann an t-alt seo le téama an SEIF a mheas sna gearrscéalta le Micheál Ó Conghaile a bhfuil téama aerach ag roinnt leo, is iad sin, ‘An Mercyfucker’, ‘As Láimh a Chéile’, ‘Gabhal na gCloch’, ‘Athair’, agus ‘Caillte i gConamara’. Léiríonn an t-alt seo go bhfuil an t-eispéireas aerach, de réir mar a thagann sé chun cinn i saothar Uí Chonghaile, faoi réir ag an tinneas agus ag an SEIF. Déantar an léamh is cuimsithí ar ‘Caillte i gConamara’, an scéal is mó a bhfuil téama an SEIF le sonrú ann, agus tugtar sracfhéachaint ar na scéalta eile.

Leis an bplé sin a riaradh, déantar idirdhealú idir toscaí an SEIF le fírinne an ghalair (fadhb bhitheolaíoch) agus miotais an ghalair (an léiriú a dhéantar go coitianta ar an ngalar sna meáin chumarsáide mar ‘ghalar aerach’). Baintear úsáid as tróp Susan Sontag leis an idirdhealú seo a dhéanamh, is é sin, an galar mar mheafar. Tugann an t-alt seo achoimre ar an teoiric a bhaineann don SEIF agus ar an gcritic liteartha i dtaobh na dtéacsanna a phléann an galar seo. Go minic, cáineann an cineál seo critice saothair a léiríonn an SEIF mar ghalar aerach. Tá cur chuige éagsúil ag an alt seo toisc, i gcás ghearrscéalta Uí Chonghaile go hiondúil, gurb é an faitíos i dtaobh an SEIF agus an ghalair a bhuaireann an duine aerach. I gcoitinne, baineann imeallú sóisialta leis an duine aerach i bhfianaise an ghalair SEIF. Tá scéalta Uí Chonghaile, más ea, ag fionnachtain thoscaí an SEIF don duine aerach.

Údar:
Dean Farrell

Teagmháil:

Beathaisnéis:

Is iarrthóir PhD é Dean Farrell in Ollscoil Concordia, Montréal, Ceanada. Tá sé ag scríobh tráchtais ar an údarthacht agus an aiteacht i nualitríocht na Gaeilge. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis (2017) agus MA sa Nua-Ghaeilge (2018) aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Scaip an t-alt seo: