Nuair a d’éag Randall McDonnell, méara bhardasacht St. Malachie, tar éis tinneas fada ina ghráigbhaile dúchais, Mayo, Québec, ar an 31 Iúil 1908, thug an seachtanán logánta, The Buckingham Post and Labelle County Echo, tús áite don scéala (1908b: 1). ‘A Good Man Gone’ ba theideal do cheann de na hailt, teideal a léirigh gur aithníodh gur cailleadh fear fónta a raibh ról ceannasach imeartha aige i saol agus i riar a phobail (1908a: 1).
An tseachtain dár gcionn, d’fhoilsigh The Buckingham Post agus The True Witness and Catholic Chronicle, nuachtán Caitliceach Béarla Montréal, an t-alt ómóis céanna faoi McDonnell. Dírímis ar an sliocht seo a leanas as:
Although the deceased was born in Mayo, P.Q., he was as much at home in the old Mayo across the sea as if he had been born there. He belonged to what is known as the true Gael or Irish Ireland stock from the Old Land, and the language of the Gael was the first tongue that he learned to lisp […] His good old mother, who died only four or five years ago, was of near kinship to the late Archbishop McHale [sic], of Tuam, and the tongue of the Gael was the only language in which she ever pretended to converse. (Gualterius Eugenius 1908: 1; The True Witness 1908: 4)
Ba í an Ghaeilge an chéad teanga a bhí ag an mhéara, de réir údar an ailt, agus ba í ba mhó is ba mhinice a labhraíodh a mháthair go lá a báis. Bhí an dréacht ómóis in The True Witness gan síniú ach chruthaigh an t-ainm cleite in The Buckingham Post, ‘Gualterius Eugenius’, gurbh é an t-iarshagart paróiste ag séipéal St. Malachy in Mayo, Walter Eugene Cavanagh, fear a scríofa, agus shílfeá go mbeadh eolas cruinn aige ar an scéal. Tá tábhacht leis sin mar nuair a amharctar ar an iontráil do theaghlach an mhéara i ndaonáireamh Cheanada 1901, an chéad daonáireamh sa tír ina raibh ceist ar leith faoi mháthairtheangacha, tuairiscítear go raibh máthair an mhéara, July McDonnell, bean 84 bliain d’aois a saolaíodh in Éirinn in 1816 agus a raibh cónaí uirthi i gCeanada ó 1849, in aontíos leis an teaghlach. Ba é an Béarla máthairtheanga July is a mic (Daonáireamh Cheanada 1901: Randle McDonell [sic]).
Is díol suime é blúirín eile as an alt ómóis:
In 1902 and 1903 Mr. McDonnell took a leading part in the Celtic Revival in these parts. As mayor of the municipality, he presided at a welcome reception extended to the Gaelic League from the Capital [Ottawa] in 1903, and on that occasion delivered a forcible and eloquent address in the Irish language. (Gualterius Eugenius 1908: 1; The True Witness 1908: 4)
An tátal atá le baint as sin ná go raibh labhairt na Gaeilge ag Randall McDonnell i gcónaí agus é ina fhear déanta. Sa chás áirithe sin, ba chinnte go raibh fios a ghnó ag an Athair Cavanagh mar, faoi mar a fheicfear, bhí lámh mhór aigesean i bpáirt leis an mhéara san iarracht chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Mayo ag tús an fichiú haois.
In ainneoin fhianaise dhaonáireamh Cheanada 1901, fianaise a thugann le fios gurbh é an Béarla máthairtheanga McDonnell is a mháthar, tá fianaise agus faisnéis eile ann go raibh daoine in Mayo, Québec — seanóirí a dtromlach — a raibh Gaeilge ón chliabhán acu is a labhraíodh í le chéile go fóill. Lena chois sin, féachadh ag ceann an chéid sin le deis a thabhairt don aos óg nár shealbhaigh an teanga í a fhoghlaim. Níor mhair an iarracht sin i bhfad agus is dealraitheach go bhfuair an Ghaeilge bás in Mayo timpeall céad bliain ó shin de réir mar a cailleadh an tseanghlúin dheireanach a raibh an teanga ón dúchas acu. Ach cuid suntais is ea na himeachtaí sin uilig. Mar atá pléite ag Sarah McMonagle, b’fhada staraithe ag déanamh neamhiontais den Ghaeilge is de chainteoirí Gaeilge i scéal Éireannaigh Cheanada amhail is nárbh ann don teanga bheo is do lucht a labhartha sa tír sin riamh (2012: 134–149). Is le blianta beaga anuas amháin atá athrú mall ag teacht ar an tuairim sin (Nilsen 2013: 262–279; Doyle 2015; Doyle 2019: 1–12).
Is uirlis thairbheach iad na tuairisceáin ó dhaonáireamh Cheanada 1901 le cainteoirí Gaeilge i gCeanada a aimsiú. Tháinig cuid de na daoine sin ó Éirinn go dtí an tOileán Úr roimh an Ghorta Mór, lena linn agus ina dhiaidh. Saolaíodh a thuilleadh acu i Meiriceá Thuaidh. Is uirlis iad na tuairisceáin a chuideoidh linn stair na Gaeilge i gCeanada a insint. Cheana, tarraingíodh ar an fhaisnéis sa daonáireamh le staidéar a dhéanamh ar dhá cheantar ina raibh daoine a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu. I dtráchtais ollscoile leis a dhíríonn ar Gagetown in Queens County, New Brunswick, tá Bradford Gaunce i ndiaidh céad duine ar a laghad a ainmniú a raibh an Ghaeilge luaite leo mar mháthairtheanga go cinnte (2012: 31). Protastúnaigh a bhformhór glan (2012: 35), ar bhaill de phobal ó chontae Fhear Manach iad a thosaigh ag aistriú go Gagetown sna 1820idí (Gaunce 2014: 70).
I dtráchtas eile, rinne Miriam Dunne scagadh ar na tuairisceáin ó St. Gabriel’s Ward in Montréal, toghbharda ina raibh pobal mór Éireannach. D’aimsigh sí na céadta duine arbh í an Ghaeilge a máthairtheanga. Saolaíodh a bhformhór i gCeanada, rud a thaispeánann gur seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin. Deir Dunne:
The total amount of mother tongue Irish was found to be 455 people. 17% of the sample in the district of St. Gabriel are listed as having Irish as their mother tongue […] 75 of those were Irish born with the majority 349, been Canadian born. (2023: 72)
Protastúnaigh ba ea 20% de na freagróirí sin a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu (Dunne 2023: 74).
Tá lón machnaimh sna mionstaidéir sin a chlaochlaíonn ó bhonn ár n-eolas is ár dtuiscint ar stair na Gaeilge i gCeanada is a thugann orainn scéal na Gaeilge, idir shealbhú na teanga is a seachadadh, in Éirinn agus i gCeanada araon, a athmheas. Aibhsíonn July agus Randall McDonnell is pobal Mayo taobh eile den scéal, áfach. Is féidir le daonáireamh Cheanada 1901 a bheith ina bhac ar an iniúchadh sin fosta as siocair go gceileann na tuairisceáin ó Mayo an fhírinne faoin Ghaeilge sa phobal sin. Mar a phléifear san alt seo, bhí cainteoirí Gaeilge in Mayo go fóill in 1901. Agus, ar feadh tamall beag ag tús an fichiú haois, bhí Mayo ceangailte le gluaiseacht idirnáisiúnta Athbheochan na Gaeilge.
Mayo, Québec
Bhí trí áit darbh ainm ‘St. Malachie’ in Québec faoin bhliain 1901 (Fourth Census of Canada 1901 1902: 502). Paróiste Saint-Malachie laisteas de chathair Québec atá i gceist ag Pádraig Ó Macháin ina alt faoi Patrick Ryan (nó Pádr[ai]g Ó Mreinn) ó Dhrom Cliabh, gar do bhaile Thiobraid Árann, a thug lámhscríbhinn leis ina bhfuil ábhar i nGaeilge agus i mBéarla, nuair a d’fhág sé an baile le cur faoi i dtosach i gcathair Québec in 1826 agus i bparóiste Saint-Malachie ina dhiaidh sin (Ó Macháin 2013: 96–108). Chuimsigh St. Malachie d’Ormstown ar an taobh theas de Montréal seanpharóiste Caitliceach den ainm sin. Is cuid d’Ormstown anois é. Bardasacht St. Malachie (St. Malachy i bhfoinsí Béarla) i mbailecheantar Lochaber in Labelle County in iarthar Québec, soir ó thuaidh ó Ottawa, príomhchathair Cheanada, atá faoi chaibidil againn.
Ba é gráigbhaile Mayo an lonnaíocht ba mhó i mbardasacht St. Malachie. ‘Even though it [an bhardasacht] was officially known as St. Malachy, the locals referred to it as Mayo’, a deir Marsha Bougard ina leabhar féinfhoilsithe, From Mayo, Ireland to Mayo, Quebec: The History of the Settlement of Mayo, Quebec (2014: Loc 3748). Tá Mayo san ‘Ottawa Valley’, dúiche a bhfuil cáil uirthi as an cheol agus as an scéalaíocht. ‘For some the Ottawa Valley is simply a place; for others it is also a state of mind or an affair of the heart’, arsa Johanne Devlin Trew ina monagraf, Place, Culture and Community: The Irish Heritage of the Ottawa Valley (2009: 1). Téarma coiteann é an ‘Ottawa Valley’ a chuimsíonn an ceantar cois Abhann Ottawa ó iarthar phroibhinse Québec go hoirthear Ontario. Ach admhaíonn Devlin Trew go bhfuil teorainneacha na dúiche neamhchinnte,‘due to local perceptions regarding which areas belong to the Valley and which remain outside’ (2009: 1). Ní hansa, tá a n-ainm féin ag Ceanadaigh Fhrancacha ar an ghleann ar an bhruach thuaidh den Abhainn Ottawa — is é sin le rá, in Québec — mar atá, l’Outaouais. Mar sin, má tá Mayo ar imeall an Ottawa Valley, tá sé i lár an Outaouais. Agus gan í ach leathchéad ciliméadar ó Ottawa, tá Mayo neadaithe ag an chasadh feiceálach géar sa bhóthar idir Buckingham, an baile mór ba ghaire dó ag an am (agus ar cuid de limistéar Gatineau anois é) agus lonnaíocht Mulgrave et Derry. Ba ag an chasadh sin a tógadh séipéal Caitliceach St. Malachy, as ar ainmníodh an bhardasacht, scoil, agus gnólachtaí ar nós siopa is óstáin.
Bhí na bundúchasaigh ann i dtosach agus ba leosan an talamh ina bhfuil Mayo sular ghlac Eorpaigh seilbh air. Chuir teifigh ó Mhuirthéacht Mheiriceá fúthu ann ag deireadh an ochtó haois déag sular lonnaigh Albanaigh is scata Gearmánach ann. Ach ag croí scéal Mayo, bhí na hÉireannaigh a tháinig isteach trí chathair Québec chomh luath leis na 1820idí is a thuilleadh acu a tháinig slán ón Ghorta Mór is ón phasáiste contúirteach trasna an aigéin go cathair Québec is Montréal sna 1840idí déanacha. Chrom na hÉireannaigh sin ar ghabháltais i mbailecheantar Lochaber a bhí faighte acu trí scéimeanna rialtais a réiteach is ar thithe a thógáil is ghabh siad leis an fheirmeoireacht. Tharla gurbh as Maigh Eo do riar maith de na hÉireannaigh sin, tugadh ‘Mayo’ ar an ghráig a d’fhás sa taobh thiarthuaidh den bhailecheantar. Sloinnte comónta in Mayo faoi na 1840idí luatha is sna blianta ina dhiaidh sin ná Burke, Lavell, McCoy, Doherty, Dunnigan, McAndrew, agus McDonnell. Ceantar tuaithe ba ea é, ina raibh an churadóireacht is an déiríocht. Ag amanna difriúla, bhí monarcha cháise, muileann sábha, agus an mhianadóireacht ghraifíte ann. Ní daonra mór a bhí in Mayo riamh: 514 duine in 1871 agus 413 duine faoi 1891. Thit líon na ndaoine a thuilleadh ina dhiaidh sin: ó 389 in 1901 go 353 in 1911 (Bougard 2014: Loc 6845–6849). Gné chomónta de shaol an phobail ó na 1860idí ba ea an eisimirce, de réir mar a théadh an t-aos óg ag obair in Ontario nó sna Stáit Aontaithe (Bougard 2014: Loc 6668–6674, Loc 6739).
Cuid de dheoise Bytown (Ard-deoise Ottawa ó shin) ba ea Mayo, in ainneoin é a bheith in Québec. Sagart ar cuairt a d’fhriotháladh ar Chaitlicigh Mayo i dtosach. Ba in Buckingham, timpeall 10 gciliméadar ó Mayo, a bhí teach an phobail (Bougard 2014: Loc 2765) ach tógadh séipéal misin St. Malachy in Mayo sna 1840idí. Sheol pobal Mayo achainí chuig an easpag, Joseph-Bruno Guigues, in Bytown (Ottawa anois) in 1855 ar lorg cuairteanna ní ba mhinice ó shagart is séipéal nua: ‘Nous sommes cent familles [—] dont la moitié ne parlent que l’irlandais (le gaélique)’ [Tá céad teaghlach againn ann — agus gan ach Gaeilge ag leathchuid againn] (luaite ag De Barbezieux 1897: 468). Cuireadh séipéal úr ar shuíomh an tséipéil mhisin in 1857 ach níor ceapadh sagart paróiste go 1887. Deich mbliana ina dhiaidh sin, tógadh séipéal nua ar an láthair chéanna, agus is é sin an ceann atá ann go fóill. Sagairt Cheanadach-Fhrancacha go príomha a d’fhóin do Mayo ó na 1820idí go deireadh an chéid sin (Bougard 2014: Loc 2825). I gcomhthéacs scéal Mayo ag tús an fichiú haois, bhain tábhacht le ceapachán an Athar Walter E. Cavanagh mar shagart paróiste ag St. Malachy in 1900.

Séipéal St. Malachy, Mayo
Níorbh as Maigh Eo do na hÉireannaigh uilig i ngráigbhaile Mayo. Nuair a fuair Daniel O’Callaghan bás in 1904, cuireadh síos air mar ‘the oldest resident of St. Malachy’ (M.C.B. 1904: 1). Saolaíodh é in 1809 i dTuaim Gréine in oirthear chontae an Chláir gur thug sé féin is gaolta leis aghaidh ar an Oileán Úr gur tháinig siad i dtír i gcathair Québec in 1839. Ba in Buckingham a bhain O’Callaghan faoi i dtosach gur phós sé Mary McDonnell, imirceach ó chontae Mhaigh Eo. Aimsir dhaonáireamh 1901, bhí O’Callaghan in aontíos lena mhac is leis an teaghlach seo aigesean in St. Malachie (Daonáireamh Cheanada 1901: Calighan. T Calighan, D. [sic]). Ní heol dúinn an í an Ghaeilge an chéad teanga a bhí ag Daniel O’Callaghan: Béarla a mháthairtheanga, de réir an daonáirimh ach, faoi mar a áitíodh cheana, ní féidir linn a bheith cinnte faoi cé chomh cruinn is atá an t-eolas sin.
Ní thráchtar ar an Ghaeilge in History of the Outaouais (Gaffield: 1997) nó i leabhar Devlin Trew faoin Ottawa Valley. Luíonn sé le ciall gur chainteoirí Gaeilge roinnt mhaith de na hÉireannaigh, na Connachtaigh is na Muimhnigh de shonra, a chuir fúthu sa ghleann roimh aimsir an Drochshaoil is sna blianta ina dhiaidh. Tá blúiríní eolais ann faoin Ghaeilge sa limistéar sin. Mar shampla, in Le Diocese d’Ottawa 1847–1948, thagair na húdair do phobal Éireannach in Chelsea, Québec, san Outaouais in 1838:
[…] l’abbé John Brady, le grand missionaire de la région et de l’époque, écrivait à Mgr Bourget avoir trouvé dans le canton de Chelsea, une centaine de familles catholiques, irlandaises pour la plupart et ne parlant guère que leur langue, le gaélique probablement. (Legros et Souer Paul-Emile 1949: 173)
([…] scríobh an tAthair John Brady, misinéir mór na dúiche is na linne, chuig an Mhoinsíneoir Bourget [an tEaspag Ignace Bourget], á rá go raibh sé i ndiaidh teacht ar chéad teaghlach Caitliceach i gceantar Chelsea, Éireannaigh a bhformhór agus gan ach a dteanga, an Ghaeilge chomh dócha lena hathrach, acu.)
Agus é ag caint ar ‘The Gaelic Department’, colún san Irish-American, nuachtán i Nua-Eabhrac, in 1857, deir Ken Nilsen: ‘The first five original poems of the Gaelic column were sent in by two Irishmen living in Canada …’ (2002: 202). An chéad duine acu ná an tAthair Thomas O’Boyle ó Mhaigh Eo a d’oibrigh i bparóistí éagsúla in Québec agus Ontario (Nilsen 2013: 276–278). An dara fear ná William Russell ó chontae an Chláir a bhí ina chónaí in Buckingham (2013: 278).
Sna 1990idí, bhailigh Michael McBane scéalta teaghlaigh san Ottawa Valley. Ar na daoine ar labhair sé leo, bhí Ruth Dunnigan (née Burke) in Mayo a bhí breis is nócha bliain d’aois ag an am. De réir an chuntais, bhí a seanathair, Thomas Burke, ceithre bliana d’aois nuair a tháinig sé féin is a mhuintir i dtír i gcathair Québec in 1847 gur lonnaigh siad in Mayo. ‘Gaelic was spoken in Mayo, Québec into the 1920’s’, arsa McBane (1996–1997: 23) is tacaíonn cuimhní Dunnigan leis sin:
My mother’s family and my father’s family, they lived close together. And the two old ladies used to come and spend the afternoon at our place. And they would always talk in Gaelic. And we got that we could understand every word they said.
All the young ones, they couldn’t talk it. But we understood everything they said. And they talked Gaelic to my mother when they wanted to say something the younger ones wouldn’t know. They’d tell it to her in Gaelic. They spoke very little English, them old ladies. (Luaite ag McBane 1996–1997: 23)
Bhí Thomas Burke agus a bhean, Cathrine [sic], beo go fóill in 1901. De réir an daonáirimh, tháinig siad dís ó Éirinn go Ceanada sna 1840idí, agus ba é an Béarla a máthairtheanga (Daonáireamh Cheanada 1901: Thomas Burke). Ar ndóigh, ag léamh an chuntais sin le Ruth Dunnigan faoina muintir dúinn, is doiligh gan smaoineamh ar July McDonnell, máthair an mhéara, bean a raibh an Ghaeilge mar theanga dhúchais aici in ainneoin a raibh breactha ar thuairisceán an daonáirimh.
Ceannairí an phobail: an Méara Randall McDonnell agus an tAthair Walter E. Cavanagh
Ba iad an méara is an sagart paróiste an bheirt ab údarásaí i saol poiblí Mayo in 1901. B’as Maigh Eo do thuismitheoirí an mhéara Randall McDonnell, July McDonnell (Judith McHale roimh phósadh di) agus James R. McDonnell (Bougard 2014: Loc 3798, Loc 5256). Luadh cheana gur thug daonáireamh 1901 le fios gur saolaíodh July in 1816 agus gur bhain sí Ceanada amach in 1849. Rugadh James R. timpeall 1811 agus tháinig sé go Ceanada thart ar 1847, de réir tuairisce aimsir a bháis (luaite ag Bougard 2014: Loc 5256). Cuireann dáta a bhreithe — 1843 — ar leac uaighe Randall McDonnell leis an doiléire ama sin (Find a Grave: McDonnell & Lavell). Tacaíonn tuairisceáin i ndaonáirimh dhifriúla le ráiteas Bougard gur saolaíodh é timpeall 1849 (2014: Loc 3798; Daonáireamh Cheanada 1881: James McDonald; Daonáireamh Cheanada 1891: Randaell McDonell [sic]; Daonáireamh Cheanada 1901: Randle McDonell). Ar aon fhocal atá na foinsí gur rugadh Randall in Québec.
Sa bhliain 1873 a phós McDonnell Mary Lavell, iníon le Margaret McNamara is le Michael Lavell, arbh as Maigh Eo dó ó dhúchas, agus fear a bhí ina mhéara ar St. Malachie sna 1870idí is sna 1880idí (Bougard 2014: Loc 1796–1806). Bhí clann mhór ag Mary is ag Randall McDonnell. Ar nós a athar is athair a mhná céile, chuaigh Randall leis an fheirmeoireacht (Daonáireamh Cheanada 1881: James McDonald). Feirmeoir teann a bhí ann agus gabháltas 275 acra aige (Bougard 2014: Loc 5244). I ndaonáireamh 1891, áfach, cuireadh síos air mar ‘Merchant & farmer’ (Daonáireamh Cheanada 1891: Randaell McDonell). Liosta le háireamh is ea na fiontair ghnó a raibh lámh aige iontu. Ba é an máistir poist é, bhí gnáthshiopa ginearálta aige agus thairg sé a sheirbhísí mar ghabha is mar shiúinéir (Lovell’s 1890: 218). Ba i bhfoirgneamh trasna ó shéipéal St. Malachy a bhí na fiontair sin lonnaithe (Bougard 2014: Loc 5251). Bhí McDonnell gníomhach i riar na bardasachta fosta. Ba ghiúistís síochána é. Ba chomhairleoir bardasachta é sular toghadh ina mhéara ar an bhardasacht in 1899 é, gradam a bhí aige go lá a bháis (Bougard 2014: Loc 5251). Faoin am ar thosaigh a chéad téarma mar mhéara, bhí McDonnell i ndiaidh fáil réidh leis na fiontair ghnó, rud a mhíníonn an cur síos air mar fheirmeoir amháin i ndaonáireamh 1901 (Daonáireamh Cheanada 1901: Randle McDonell).
Maidir leis an sagart, saolaíodh Walter E. Cavanagh in Richmond, Ontario, in 1868. B’as Co. Luimnigh dá mháthair Catherine Kelsey; Gael-Cheanadach ba ea a athair, William Cavanagh (The True Witness 1905a: 8). Céimí de chuid Ollscoil Ottawa a bhí in Walter E. agus oirníodh ina shagart d’Ard-deoise Ottawa in 1897 é. Ba ina shagart paróiste a cuireadh chuig séipéal St. Malachy ag deireadh 1900 é (The Catholic Register 1900: 1; The Catholic Register 1930: 1). B’aoire é an tAthair Cavanagh a raibh leas spioradálta agus leas teamparálta a thréada ag déanamh buartha dó (The True Witness 1904b: 3). Bhí sé go tréan in aghaidh an alcóil, a deir Bougard, agus is ar éigean a bhí sé socair sa pharóiste gur luigh a rosc ar ‘Tony’s Saloon’ trasna an bhóthair ón séipéal: ‘In no time, Fr. Cavanagh had put Tony [Burke] out of business and had stopped any public drinking among his parishioners’ (Bougard 2014: Loc 5166). Bhí lé ag an sagart le himeachtaí a cheangail an Caitliceachas is an tÉireannachas le chéile. In 1903, bhí sé ar na sagairt a bhunaigh roinn d’Ord Ársa na nÉireannach in Buckingham (The Buckingham Post 1903d: 1).
Daonáireamh Cheanada 1901
Caoga bliain tar éis do réimeas na Breataine in Éirinn ceisteanna faoi labhairt na Gaeilge is faoin dátheangachas a chur i ndaonáireamh na hÉireann, bhí ceisteanna teanga ar dhaonáireamh Cheanada den chéad uair. Ainneoin achar fada a bheith idir an dá dhaonáireamh i dtíortha ar thaobhanna difriúla den Aigéan Atlantach, is fiú iad a chur i gcomparáid le chéile, rud atá déanta ag Margaret Kelleher (2016: 97–112). ‘The cases of 1851 Ireland and 1901 Canada both represent important early episodes in the still-contested field of demolinguistic enumeration’, ar sise (2016: 98).
Difríocht fhollasach amháin eatarthu ná na cuspóirí a bhí taobh thiar den chinneadh ceisteanna teanga a chur is freagraí a lorg. Bhí tráchtairí a bhí báúil leis an Ghaeilge, ar nós John Windele i gCorcaigh agus Robert MacAdam i mBéal Feirste, i mbun stocaireachta le hoifigigh shinsearacha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh ceisteanna faoin Ghaeilge, agus imní orthu go raibh an teanga i mbéala báis (Kelleher 2016: 100–103). Níor fhéach státchóras Cheanada le haidhmeanna polaitiúla i gcruthú an náisiúin Cheanadaigh a cheilt ag am nuair a bhí imirceoirí ag teacht isteach sa tír as éadan. Ba náisiún é ina mbeadh tosaíocht ag an Bhéarla mar theanga idirnáisiúnta na tráchtála — is, go hindíreach, mar theanga na nua-aimsearthachta — in ainneoin an Fhraincis a bheith ina teanga oifigiúil sa chóras feidearálach:
English and French being official languages of the country, a special record has been taken to show if the person speaks one or both of these, and also his mother tongue if spoken. In a country peopled with so many foreign elements as Canada, it is desirable to know if they are being absorbed and unified, as may appear by their acquirement of one or other of the official languages. And as English is now in a very large degree the language of commerce throughout the world, it is also desirable to ascertain to what extent citizens of French origin are able to speak it in addition to their own. (Fourth Census of Canada 1901 1902: viii)
Léirigh sé sin difríochtaí móra eile idir an dá dhaonáireamh. Ag am nuair nach raibh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge in Éirinn, foirm Bhéarla amháin a bhí le líonadh i ndaonáireamh 1851 agus bhain na ceisteanna teanga le dhá theanga, Béarla agus Gaeilge. Faoi mar atá áitithe ag Nicholas M. Wolf faoi dhaonáirimh na hÉireann 1851–1871, ‘the format of the census questionnaire relegated the language question to a footnote’ (2014: 244). Mar fhiontar de chuid an rialtais fheidearálaigh, foirm dhátheangach a bhí le comhlánú i gCeanada agus ba mhír lárnach den chéad sceideal ceisteanna 31–33: ‘Can Speak English./Sachant parler Anglais’; ‘Can Speak French./Sachant parler Français’; ‘Mother tongue. (If spoken.)/ Langue maternelle. (Si elle est parlée.)’ (feic mar shampla Daonáireamh Cheanada 1901: Randle McDonell).
De bhreis ar an dá theanga oifigiúla i gCeanada, d’fhéadfadh aon mháthairtheanga faoi dhroim an domhain a bheith i gceist. Is díol suime an treoir a tugadh d’áiritheoirí, a raibh orthu freagraí a lorg do gach duine 5 bliana d’aois is ní ba shine:
Mother tongue is one’s native language, the language of his race; but not necessarily the language in which he thinks, or which he speaks most fluently, or uses chiefly in conversation. Whatever it may be, whether English, French, Gaelic, Irish, German, Swedish, Russian or any other, it should be entered by name in column 33 if the person speaks the language, but not otherwise. (Fourth Census of Canada 1901 1902: xx)
Ardaíonn an tagairt do chine ceist shuimiúil faoi Éireannaigh nach raibh ach Béarla acu le sinsearacht. Mar an gcéanna, is sonraíoch an ní é gur luadh an Ghaeilge mar shampla is go ndearnadh idirdhealú idir í is Gàidhlig. Ach ní miste dúinn díriú ar chuid de na deacrachtaí atá aibhsithe ag Chad Gaffield, deacrachtaí ar léiriú iad ar thuiscintí agus ar thuairimí réamhcheaptha lucht deartha an daonáirimh faoin chine daonna, is cúrsaí teanga san áireamh. Croí na faidhbe ná ‘the contradiction between the simplicity of the census thinking and the complexity of family patterns’, arsa Gaffield (2000: 257). D’éiligh is lorg taifead oifigiúil an daonáirimh ‘linearity’, áit ar sainmharc ar bheatha an duine ‘nonlinearity’ (2000: 255–260).
Faoi mar a bhain sé le freagraí ar cheisteanna sa daonáireamh Ceanadach, a deir Gaffield, is éard a bhí ceadaithe ‘one and only one answer for each question’ (2000: 255). Maidir le cúrsaí teanga, tharla gurbh é an dearcadh oifigiúil é nárbh fhéidir ach máthairtheanga amháin a bheith ag duine, ba chóir an teanga sin is an teanga sin amháin a ainmniú sa bhosca. D’fhág sin gur creideadh nárbh fhéidir dhá mháthairtheanga a bheith ag duine — cuir i gcás, páistí i dteaghlach inar labhair an mháthair a máthairtheanga leo agus inar labhair an t-athair nó seantuismitheoirí a bhí in aontíos leo máthairtheanga eile leo. Sa chás gur labhraíodh dhá mháthairtheanga sa teach, ba é ceann an athar a luadh leis an chlann (Gaffield 2007: 424).
De bhreis ar na fadhbanna a d’eascair as tuiscintí is as cur chuige a bhí fabhtach, bhí dúshláin eile ann a tholl faoi chruinneas na bhfreagraí. Arís, is é Chad Gaffield a chaith solas ar an imní a bhí ar Cheanadaigh Fhrancacha faoin daonáireamh. Mhaígh Sydney Fisher, Aire Talmhaíochta Cheanada a bhí freagrach as riar an daonáirimh: ‘It is well known that among the French population of the country there was more or less fear with regard to the answers to the census enumerators’ (luaite ag Gaffield 2007: 429) is mhínigh Gaffield: ‘This fear was blamed on concern about possible uses of the information for taxation or some other covert purpose’ (2007: 429). Bhí Ceanadach Francach a bhí ina choimisinéir cúnta daonáirimh taobh thiar d’fheachtas go n-áireofaí Ceanadaigh Fhrancacha a bhí as baile is iad ag dul don obair shéasúrach sna Stáit Aontaithe. An faitíos a bhí air go gcaillfeadh Québec suíocháin pharlaiminte de dheasca laghdú ar a dhaonra ba chionsiocair leis an fheachtas (Gaffield 2007: 430–431).
Tar éis do na háiritheoirí logánta na tuairisceáin a chríochnú, seoladh na bileoga go hOttawa, mar ar cuireadh de chúram ar mheitheal iad a sheiceáil — is a cheartú, dá mba ghá. ‘… [M]any of the resulting “corrections” involved the language question’, a deir Gaffield (2000: 257). Tá na tuairisceáin ó Gagetown ina n-eiseamláir mhaith den phróiseas seo, próiseas a ardaíonn ceist eile faoi chruinneas an daonáirimh. Dúradh cheana go raibh céad duine ar a laghad a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu aimsithe ag Gaunce (2012). Ach ‘ceartaíodh’ iontrálacha eile trí ‘Irish’ mar fhreagra ar cheist na máthairtheanga ag freagróirí áirithe a athrú go ‘English’. ‘Over-writes’ a thugann Gaunce air seo agus deir sé: ‘Combining the Mother Tongue Irish, Irish over-writes, and siblings and parents of the previous, there were a total of 201 probable Irish speakers in the Parish of Gagetown in 1901. This is out of a total population of 925’ (2012: 31). Ba bhaill den Ord Oráisteach sé cloigne déag as 22 duine ar a ndearnadh ‘over-writes’ ó Ghaeilge go Béarla (2012: 31).
Go nuige seo, ní hann d’anailís chuimsitheach ar na freagraí uilig ar cheist na máthairtheangacha i ndaonáireamh Cheanada 1901. Ach bunaithe ar scagadh samplach ar 5% de na tuairisceáin mar chuid den Canadian Families Project, scagadh a chlúdaíonn breis is 230,000 duine, bhí 556 duine ann a d’fhreagair go raibh ‘Irish’ mar mháthairtheanga acu: i gcomparáid leis sin, na huimhreacha a bhí ann do ‘Gaelic’ is do ‘Scots Gaelic’ ná 2825 agus 1053 faoi seach (Gaffield 2000: Tábla 1, 258; feic freisin Dembling 2006: 203–214). Agus ar an deichniúr sna samplaí go léir a d’fhreagair go raibh dhá mháthairtheanga acu — cé nár cheadaigh an daonáireamh a leithéid go hoifigiúil — bhí Patrick Kelly in Carrick, Bruce East, Ontario, a raibh Gaeilge agus Béarla aige (Gaffield 2000: 259; Daonáireamh Cheanada 1901: Patrick Kelly).
Is de dhlúth is d’inneach an daonáirimh an tsuibiachtúlacht agus an earráid, ó bhraitear ar dhaoine le ceisteanna a leagan amach, a chur, is a fhreagairt. Agus muide ag amharc ar na fabhtanna a bhain le ceisteanna teanga i ndaonáireamh Cheanada 1901, ní féidir linn gan cuimhneamh ar dhaonáireamh na hÉireann 1851 a cuireadh ar siúl faoi scáil thubaiste is thráma an Ghorta Mhóir. Thosaigh an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla roimh aimsir an Drochshaoil. Bíodh sin mar atá, smaoinímis ar Robert MacAdam a d’áitigh sna 1850idí gur mheas daonáireamh na hÉireann líon na gcainteoirí Gaeilge faoina luach (Ó Cuív 1986: 384). Bunaithe ar chás Mayo, Québec, ba é a dhála céanna ag daonáireamh Cheanada 1901 é.
Daonáireamh Cheanada 1901 agus Mayo
Aimsir an daonáirimh, chónaigh 61 teaghlach ina raibh 389 duine in St. Malachie — .i. Mayo (Fourth Census of Canada 1901 1902: Tábla VII, 108); ba Chaitlicigh 376 duine acu (1902: Tábla X, 244). Éireannaigh, ó dhúchas nó de bhunadh na tíre sin, ba ea 330 duine (1902: Tábla XI, 370): tugann na tuairisceáin féin le fios gurbh as Éirinn 21 acu siúd agus gur rugadh tromlach na nGael-Cheanadach in Québec. Bhí riar maith Éireannach i mbardasachtaí eile in Labelle County, cuir i gcás in Buckingham agus in Mulgrave et Derry, ach bhí cuma bheag orthu le taobh na gCeanadach Francach iontu (1902: Tábla XI, 368–370). Agus Éireannaigh in 85% de dhaonra St. Malachie nach mór, ba í an bhardasacht ab Éireannaí in Labelle County í. Dá mbeadh teacht ar dhaoine sa chontae a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu, chuirfeá geall air gur sna tuairisceáin ó St. Malachie a bheidís.
Duine aonair amháin a bhfuil ‘Irish’ luaite leis go cinnte mar mháthairtheanga aige a fhaightear sna tuairisceáin. Ba é sin James Crosgrove [recte Cosgrove], feirmeoir a rugadh in Éirinn sna 1840idí is a bhog go Ceanada agus é ina ghasúr. Tugann comhartha ditto (”) le fios, áfach, gurb í an Ghaeilge an mháthairtheanga a bhí ag a bhean, Mary, arbh as Québec di, is ag a n-iníon uchtaithe, Lillie M., a saolaíodh in Ontario, fosta (Daonáireamh Cheanada 1901: James Crosgrove). Leantar de na comharthaí ditto sa chéad iontráil eile sa leathanach tuairisceáin céanna, iontráil do David Baning, dá bhean Mary J., is dá mac, triúr a saolaíodh in Québec. Béarla an mháthairtheanga a bhí ag an chéad teaghlach eile, rud a mbeimis ag súil leis ó b’as Sasana ó dhúchas d’fhear an tí, ach cloítear leis na comharthaí ditto — is é sin le rá gurbh é an Béarla an mháthairtheanga — sa chuid eile den leathanach cé gurbh Éireannaigh ó dhúchas nó gur de bhunadh na hÉireann tromlach mór na bhfreagróirí. Má chiallaíonn comhartha ditto gurb ionann an freagra ar cheist is an freagra scríofa deireanach a tháinig roimhe — gur léiriú dílis cruinn ar bhlúirín eolais é comhartha ditto i dtólamh, murab ionann is meancóg a rinne an t-áiritheoir trí thimpiste, b’fhéidir — is comhtharlú spéisiúil é go raibh an dá líon tí ina raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga, muintir Cosgrove agus muintir Baning, taobh le taobh ar an leathanach céanna. Ar scor ar bith, fág an dá theaghlach sin ag barr an leathanaigh sin as an áireamh, maille le teaghlach amháin a raibh an Fhraincis mar mháthairtheanga acu agus cainteoir aonair Gearmáinise sna tuairisceáin eile, ba é an Béarla an mháthairtheanga a bhí ag gach duine eile cúig bliana d’aois is ní ba shine in St. Malachie, de réir an daonáirimh. Níor cheartaigh foireann an daonáirimh in Ottawa aon fhreagra ar cheist na máthairtheanga i dtuairisceáin Mayo.
Amharcaimis ar an iontráil do theaghlach Randall McDonnell (nó ‘Randle McDonell’ mar a litríodh a ainm). Bhí líon tí mór ann: an lánúin phósta, Randall agus Mary, seisear iníonacha, mac, agus an tseanmháthair, July. Rugadh gach duine acu in Québec, ach amháin July. De réir an daonáirimh, ba é Béarla an mháthairtheanga a bhí ag cách sa teach (Daonáireamh Cheanada 1901: Randle McDonell). Bunaithe ar an eolas iomlán atá againn ar an scéal, áfach, is féidir a shamhlú gur mar seo a bhí cúrsaí teanga sa teaghlach sin. An Ghaeilge an mháthairtheanga is an phríomhtheanga a bhí ag July McDonnell. Bhí Gaeilge ag Randall ach, mar fhear gnó is mar ionadaí de chuid an phobail, bhí sé compordach i saol an Bhéarla. Gach seans go raibh Gaeilge ag Mary McDonnell a rugadh in Mayo timpeall 1850. Maidir lena gclann, ní miste blúiríní breise faisnéise a chur san áireamh. De réir dhaonáireamh 1881, bhí Randall is Mary is ceathrar clainne in aontíos lena thuismitheoirí (Daonáireamh Cheanada 1881: James McDonald) agus, dá réir, cheapfá go mbeadh na páistí sin cleachta leis an Ghaeilge, fiú murar labhair siad lena chéile nó lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí í. Faoi 1891, bhí Randall agus Mary is seachtar dá gclann le chéile in aon teach amháin (Daonáireamh Cheanada 1891: Randaell McDonell). Chónaigh tuismitheoirí Randall os cionn an tsiopa trasna an bhóthair ón séipéal (Bougard 2014: Loc 5257). Ach tar éis dá athair bás a fháil in 1896, bhog Randall, Mary is a gclann isteach lena mháthair (Bougard 2014: Loc 5263). Sin mar a bhí an scéal aimsir an daonáirimh. Má dhírítear ar an aos óg, de réir thuairisceán 1901, bhí seachtar sa teach a saolaíodh idir 1876 agus 1890. Cuimhnímis ar Ruth Dunnigan a rugadh timpeall 1900. Dá réir, b’óige í ná clann an mhéara. Dhearbhaigh Dunnigan nár labhair sí féin is a comhaoisigh in Mayo an Ghaeilge ach gur thuig siad an seandream. Tigh an mhéara, mheasfá go labhraíodh Randall is, b’fhéidir, Mary Gaeilge lena mháthair, go labhraídís Béarla lena gclann agus go mbíodh an t-aos óg ag spalpadh Béarla, ainneoin gur thuig siad Gaeilge.
Ar nós July McDonnell, chónaigh Daniel O’Callaghan lena mhac is lena chlann siúd. Imeacht coitianta i bpatrún shaol na tuaithe ba ea é na trí ghlúin a bheith in aontíos le chéile. Agus aird againn ar chúrsaí teanga agus ar an dóigh gurbh fhéidir níos mó ná teanga amháin a bheith á labhairt is á gcloisteáil i dteach, is fiú féachaint ar na 21 Éireannach ó dhúchas in Mayo in 1901. Seandaoine a dtromlach mór, ní nach ionadh. De bhreis ar July McDonnell is ar O’Callaghan, tagtar ar ochtar seantuismitheoirí eile i seacht dteaghlach dhifriúla a rugadh in Éirinn roimh aimsir an Drochshaoil agus a bhí in aontíos lena gclanna is le clanna a gclainne:
- John Doherty (r. 1830) (Daonáireamh Cheanada 1901: John Doherty);
- Johana Nugent (r. 1821) (Daonáireamh Cheanada 1901: Toberty, Johana Angent [sic]);
- Margaret Lavell (r. 1826) (Daonáireamh Cheanada 1901: Lavell, Margret Lavell [sic]);
- Catherine Lavell (r. 1827) (Daonáireamh Cheanada 1901: Cathrine [sic] Lavell);
- Bridget Casey (r. 1844) (Daonáireamh Cheanada 1901: Bridget Casey);
- Owen McCoy (r. 1825) agus a bhean Catherine (r. 1831) (Daonáireamh Cheanada 1901: Owen McCoy; Cathrine [sic] McCoy);
- Philip Connors (r. 1817) (Daonáireamh Cheanada 1901: Philips Conore [sic]).
Ní chuireann an liosta sin san áireamh tuismitheoir arbh as Éirinn dó/di ó dhúchas — Thomas Burke, James Cosgrove agus seisear eile — a bhí ina c(h)eann teaghlaigh go fóill in 1901. Ní thig linn a chruthú go labhraíodh gach duine acu siúd Gaeilge riamh nó in 1901 féin. Ach bunaithe ar a raibh le rá ag Ruth Dunnigan faoi na seanmhná sa ghráigbhaile le linn a hóige agus ar fhianaise eile a luafar ar ball, tá sé chomh dócha lena athrach go mbíodh níos mó ná teanga amháin le cluinstin cois teallaigh i roinnt de na tithe in Mayo ag tús an fichiú haois agus gur chuid d’urlabhra an phobail an dátheangachas agus an códmheascadh. Níor cumadh na ceisteanna teanga sa daonáireamh le castacht bheatha an duine a ghabháil nó le héagsúlacht teangacha i dteaghlaigh aonair Cheanada a rianú. Dá réir, níor éirigh leis an ‘messiness of actual usage’ — téarma atá ag Monica Heller — a nochtadh ina steillbheatha (luaite ag Kelleher 2016: 99).
Agus muide ag iarraidh ciall a bhaint as tuairisceáin Mayo, caithimis súil ar an té a bhailigh an t-eolas. Ba é sin Edward Lavell, duine de bhunadh na háite is comhairleoir bardasachta faoi aimsir an daonáirimh (Bougard 2014: Loc 3805). Rugadh Lavell, arbh fheirmeoir é, in Mayo in 1850 — mar sin, bhain sé leis an ghlúin chéanna is a bhain Randall McDonnell agus arís is deacair glacadh leis nach raibh Gaeilge aige nó, ar a laghad, nár thuig sé go raibh seandream ann a raibh Gaeilge ón chliabhán acu. Cibé ar bith, scríobh sé féin in iontráil a theaghlaigh gurbh é an Béarla a mháthairtheanga is — na comharthaí ditto arís — máthairtheanga a mhná céile, Cecilia Lavell (née Cosgrove), is a gclainne (Daonáireamh 1901: Edward Lavell; Bougard 2014: Loc 1259). Ar ndóigh, ba é Lavell a bhreac síos freagra dearfach James Cosgrove faoin Ghaeilge: níor chall dó an t-eolas a lorg barraíocht mar ba gharghaol le Cecilia é James (a deartháir, de réir dealraimh) (Daonáireamh Cheanada 1881: Scelia [sic] Cosgrove). Is furasta Lavell a mhilleánú, is a rá nár thaifead sé na freagraí cruinne a thug daoine dála Randall McDonnell dó faoin Ghaeilge nó nár mhínigh sé an cheist i gceart. Ach feictear dom go raibh an scéal ní ba chasta ná sin.
Ina ráiteas iomráiteach faoi na cúiseanna gur dhiúltaigh freagróirí go leor, i gceantair ina raibh an Ghaeilge beo go fóill ach ina raibh lámh in uachtar ag an Bhéarla, a admháil i ndaonáireamh na hÉireann 1851 go raibh Gaeilge acu, d’áitigh Robert MacAdam:
[…] numbers of individuals returned themselves as ignorant of the Irish language, either from a sort of false shame, or from a secret dread that the government, in making this inquiry (for the first time) had some concealed motive, which could not be for their good. (Luaite ag Ó Cuív 1986: 384)
Eisceacht ba ea James Cosgrove, ach d’fhéadfadh go raibh náire ar dhaoine in Mayo faoi Ghaeilge a bheith acu sa bhliain 1901. An é gur shamhlaigh siad an teanga leis an bhochtanas — gur chuid den bhagáiste síceolaíoch a thug na seanóirí leo ó Éirinn sa chéad leath den naoú haois déag braistint mar sin? Bhí scéalta faoin Ghorta Mór le cluinstin san Ottawa Valley go fóill sna 1990idí luatha (McBane 1996–1997: 9). Más amhlaidh nár tháinig tuismitheoirí Randall McDonnell go Ceanada go deireadh na 1840idí, bheadh cuimhní glé acusan ar an Drochshaol. D’fhágfadh sin go raibh daoine sa phobal a raibh tuiscintí ar na mórathruithe sóisialta is teanga a tharla in Éirinn lena linn acu.
Ina theannta sin, meabhraíonn ráiteas MacAdam dúinn an drogall a bhí ar Cheanadaigh Fhrancacha áirithe na ceisteanna daonáirimh i gCeanada in 1901 a fhreagairt in ainneoin stádas oifigiúil a bheith ag an Fhraincis go feidearálach. D’fhéadfá a chreidbheáil go raibh imní den sórt céanna ar Éireannaigh Mayo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh nach raibh aitheantas ag an Ghaeilge i gCeanada. Mar phobal Éireannach Caitliceach in Québec, bhí siad teann as a gcúlra is a bhféiniúlacht. Bhí Gaeilge ag an seandream — arís, cuimhnímis ar a ndúirt Ruth Dunnigan faoi na seanmhná á húsáid mar theanga rúnda nach dtuigfeadh an t-aos óg. Ach ba é an Béarla a bhí in uachtar sa phobal faoi 1901. Ba é an phríomhtheanga scolaíochta é (Bougard 2014: Loc 3163–3169). Bhí aghaidh mhuintir Mayo ar an saol a bhí rompu i Meiriceá Thuaidh. Ba chall Béarla nó Fraincis — Béarla go háirithe — a bheith ag an aos óg i bpobal ina raibh nós na heisimirce bunaithe ó na 1860idí. Mar sin, ar eagla a n-imeallaithe, níor chóir iúl oifigiúil a tharraingt ar an Ghaeilge is ar lucht a labhartha i ndaonáireamh nuair nárbh é gnó an rialtais é. De réir na hinsinte sin, roghnaigh tromlach na ndaoine a raibh Gaeilge acu gan sin a admháil. Murar fhreagair siad an cheist faoi mháthairtheanga go macánta, ba go hionraic a bhreac Edward Lavell na freagraí a thugadar dó.
Athuair, breathnaímis ar an cheannaire pobail sin in Mayo, an Méara Randall McDonnell. Ba ar cheann an teaghlaigh — an t-athair, má bhí sé ar fáil — a chuireadh na háiritheoirí na ceisteanna (Fourth Census of Canada 1902: xvi). Tá sé chomh dócha lena athrach gurbh é McDonnell féin a sholáthair an fhaisnéis uilig d’Edward Lavell. In ainneoin fhianaise an daonáirimh, bhí Gaeilge ag McDonnell, de bhreis ar an Bhéarla. Is díol suime é gur thug an tuairisceán le fios nach raibh Fraincis aige ach is doiligh a chreidbheáil nach raibh sí aige a bheag ná a mhór. Mar mhéara bhardasacht St. Malachie, ba eisean a hionadaí ar Conseil Municipal du Comté de Labelle. Ina alt ómóis dó, mhaígh an tAthair Cavanagh nár dhuine faiteach é McDonnell. ‘He was certainly a man of strong convictions, and always believed in carrying out his views as far as practicable. This, of necessity, meant a difference at times with others sharing contrary opinions …’ Agus bhí sé cleachta ar a bheith ag obair le ‘Teuton, Saxon and French-Canadian’ chun gnóthaí an chontae a chur chun cinn (Gualterius Eugenius 1908: 1; The True Witness 1908: 4). Ceanadaigh Fhrancacha ba ea formhór phobal an chontae. Dála McDonnell is tromlach a phobail i mbardasacht St. Malachie, ba Chaitlicigh na Ceanadaigh Fhrancacha. Ba den mhóramh ó thaobh creidimh de McDonnell ach ba den mhionlach — Béarlóirí — ó thaobh teanga de ní hé amháin in Labelle County ach i bproibhinse Québec é. Ceanadaigh Fhrancacha ba ea riar maith de na méaraí ar chomhairle Labelle. Shílfeá go n-úsáidtí Fraincis agus Béarla ag na cruinnithe: d’fhoilsítí cuntais orthu sa dá theanga (The Buckingham Post 1903a: 4; L’Ami du Colon 1907: 4). De réir dealraimh, ba i mBéarla amháin a labhraíodh McDonnell ag na cruinnithe sin. Fear é a bhí mórtasach as a phobal, as a mhuintir agus as a chultúr, a dhearbhaigh an tAthair Cavanagh (Gualterius Eugenius 1908: 1; The True Witness 1908: 4). Ach níor bhain sin leis an obair phoiblí sheachtrach sa chomhairle contae, áit a raibh de chúram air leas a phobail a dhéanamh, áit a raibh seasamh ag an Fhraincis agus ag an Bhéarla amháin. Sa saol poiblí lasmuigh de ghráigbhaile Mayo, bíodh sé ar thuairisceán daonáirimh a bhí le cur go hOttawa nó ar chomhairle Labelle County, ba Bhéarlóir amháin é Randall McDonnell.
Thriomaigh an dúch ar thuairisceáin St. Malachie agus, faoi mar a ordaíodh dó, sheol Edward Lavell go hOttawa iad. Tuairisceáin ba ea iad a d’inis is a bhuanaigh scéal oifigiúil gur ar éigean a bhí aon duine in Mayo a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu is a labhair an teanga go fóill in 1901. Dhá bhliain ní ba dhéanaí, bhí cor sa scéal, cor a bhréagnaíonn an taifead oifigiúil.

‘In outside Catholic districts’. In: The True Witness and Catholic Chronicle (Montréal), 13 Feabhra 1904: 3.
https://www.canadiana.ca/view/oocihm.8_06526_2793 [faighte 2 Meitheamh 2025].
‘Gaelic League’ Mayo, 1903–05
Ba í Marsha Bougard ba thúisce a d’fhoilsigh ábhar faoin ‘Gaelic League’ in Mayo (Bougard 2014: Loc 5493–5542). Agus bhí an ceart aici nuair a d’aithin sí gurbh é an tAthair Walter E. Cavanagh an té a bhain an ceann den obair sin (Bougard 2014: Loc 2903–2910).
Ní raibh ach traidhfil míonna caite ag Cavanagh in Mayo nuair a bailíodh faisnéis an daonáirimh ar an 31 Márta 1901. Bhí ar an sagart eolas a chur ar a pharóiste úr is aithne a chur ar a phobal. Ba go gasta a bhain sé sprioc amháin amach, sprioc a léirigh a údarás is réimse spéise dá chuid: ráinig leis an salún a dhúnadh. De réir mar a chuir sé aithne ar an phobal, déanaim amach gur fhoghlaim Cavanagh go raibh Gaeilge ag cuid de na seandaoine, ar nós July McDonnell. Bunaithe ar a raibh le rá aige ina dhiaidh sin, chreid an sagart go raibh an teanga ina hábhar maíte ag an phobal agus go raibh deis ann le himeachtaí cultúrtha, oideachasúla is reiligiúnda a reáchtáil faoi scáth na heaglaise is faoina shúil aireach féin. Spreagfadh a leithéid an mórtas cine, d’fhoghlaimeodh an t-aos óg ó na seandaoine, is chuirfí le misean na hEaglaise.
Bhí sé ina fhadhb nach raibh mórán Gaeilge ag Cavanagh féin. Béarla ba ea a mháthairtheanga de réir thuairisceáin Mayo (Daonáireamh Cheanada 1901: Walter E. Cavanagh). Dhearbhaigh Bougard go dtugadh an sagart seanmóirí sa séipéal i nGaeilge agus i mBéarla (2014: Loc 2903), ach níor thángthas ar fhaisnéis de chuid na linne le tacú lena ráiteas. Tá leid sna tuairiscí nuachtáin ar ar tharla in Mayo idir 1903 agus 1905 nach raibh ach Gaeilge an ghlanfhoghlaimeora aige ar a mhéad. Ní deirtear gur thug an tAthair Cavanagh óráid i nGaeilge nó gur labhair sé i nGaeilge go poiblí. Ach mura raibh an teanga ar a thoil ag an sagart, bhí fear eile ann a raibh Gaeilge aige agus a raibh seasamh ard sa phobal aige. B’in Randall McDonnell agus ba é an méara a thagadh chun tosaigh i dtólamh nuair a bhí Gaeilge le labhairt ag ócáid fhoirmiúil.
Caithfear an iarracht leis an Ghaeilge a chur chun cinn in Mayo a fhréamhú sa ghníomhaíocht ar son na Gaeilge i gCeanada fin de siècle. Bunaíodh an Montreal Gaelic Society ag deireadh 1898, an University of Ottawa Gaelic Society i Márta 1901, agus an Quebec Gaelic Society an bhliain chéanna (Ó Siadhail 2025: 220–224). Ba é cumann Ottawa an ceann a bhain le hábhar sa chás seo. Ba choláiste Caitliceach le haghaidh na bhfear í Ollscoil Ottawa ag an am. Mar chéimí de chuid na hollscoile, caithfidh go raibh Cavanagh ar an eolas faoin chumann Gaeilge inti agus faoin achrann idir Éireannaigh is Ceanadaigh Fhrancacha faoi smacht a bheith ag pobal amháin nó ag pobal eile taobh istigh d’Ard-deoise Ottawa ar institiúidí ar nós na hollscoile (Choquette 1975: 9–43). Má sheas fothú an ‘Gaelic Society’ don dúil a bhí ag mic léinn is ag baill den fhoireann teagaisc i ngluaiseacht Athbheochan na Gaeilge, ba chuma nó ráiteas poiblí é fosta a bhí dírithe ar Cheanadaigh Fhrancacha go raibh a dteanga is a gcultúr féin ag Éireannaigh.
Agus an cumann i bhfách le deis a thabhairt dá bhaill an Ghaeilge a fhoghlaim, ní deacair a shamhlú cad chuige a mbeadh spéis acu sa lonnaíocht sin in Québec, ach ar pharóiste d’Ard-deoise Ottawa é, ina raibh seandaoine a raibh an teanga acu fós. Maidir le pobal Mayo, bhí an tAthair Cavanagh in ann a thaispeáint dóibhsean go raibh gluaiseacht mhór idirnáisiúnta ar siúl, ó Éirinn go tíortha sa diaspóra, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh ardmheas as an nua ar lucht a labhartha. Leoga, bhí fir óga san ollscoil féin in Ottawa gafa leis an Ghaeilge is le cúis na teanga (Ó Siadhail 2025: 222-223).
Táimid i dtaobh leis na seachtanáin, The Buckingham Post agus The True Witness, le haghaidh eolais faoinar tharla in Mayo idir 1903 agus 1905. Dá réir sin, tá an cuntas bearnach go leor. I Márta 1903, ceiliúradh Lá ’le Pádraig in Mayo le ceolchoirm sa teach scoile in aice leis an séipéal an tráthnóna roimh ré agus le hArd-Aifreann ar an lá mór féin. Ní thuairiscítear go raibh caint ar an Ghaeilge (Art. MacMurrogh 1903: 1), ach fógraíodh go luath ina dhiaidh sin go mbeadh ‘Gaelic Picnic’ ar siúl in Mayo ar Lá Victoria, saoire phoiblí, an 25 Bealtaine. Ar na daoine a bheadh i láthair, de réir ailt in The Buckingham Post, bheadh:
[…] a delegation from the Ottawa Branch of the Gaelic League [sic]. An address of welcome in Gaelic will be given the delegation by Mr. Randall McDonnell, mayor of St. Malachy, which will be replied to by the professor of Gaelic in Ottawa University. (1903b: 1)
Níor chraobh de Chonradh na Gaeilge é an cumann in Ottawa. Ní raibh ollamh le Gaeilge san ollscoil ag an am. Ach b’fhollas go raibh muintir an chumainn agus sagart paróiste St. Malachy i dteagmháil le chéile. Thug ‘Bailtheir Owen Caomanaig’ — Cavanagh — a thuilleadh poiblíochta don tionól is don aitheasc fáilte a thabharfadh an méara do na toscairí ón ‘Ottawa branch of the Gaelic League’ in alt in The Buckingham Post an tseachtain dár gcionn, alt inar chuir sé síos ar chuspóirí Chonradh na Gaeilge mar ‘the restoration and preservation of the old Gaelic language, music, songs and pastimes’. Bhí obair na heagraíochta tar éis tionchar mór a imirt ar Éirinn agus ar Ghaeil na hAlban, ‘as well as through the United States and all the British colonies wherever remnants of the Celtic race are to be found’ (Bailtheir Owen Caomanaig 1903: 4).
Ar lá na picnice, tar éis don Mhéara McDonnell aitheasc Gaeilge a thabhairt ag fearadh fáilte roimh na cuairteoirí, d’fhreagair ‘his reverence from Lindsay [Ontario]’ — an Dr. W.P. O’Boyle, ollamh le stair is le fisic in Ollscoil Ottawa is uachtarán an Gaelic Society ann — i nGaeilge fosta (The Buckingham Post 1903c: 1). Ba iad na himeachtaí sin ag an phicnic a chuir dlús leis an iarracht chun ‘Gaelic League’ a eagrú in Mayo is rang teanga a bhunú. Is éard a chiallaigh ‘Gaelic League’ sa chás sin cumann logánta, ar nós an University of Ottawa Gaelic Society féin, nach raibh nasctha le Conradh na Gaeilge in Éirinn, ach a tháinig faoina anáil. Tá neamhchinnteacht faoin dáta beacht — ‘For somewhat over a year, this Gaelic class has been in existence’, a thuairiscigh The True Witness in Feabhra 1904 (1904b: 3) — ach cuireadh tús le rang Gaeilge sa chéad leath de 1903. I bhFeabhra 1904, d’fhoilsigh The True Witness alt faoi imeachtaí Éireannacha in Mayo, mar aon le grianghraif de na pearsana (fir) a bhí bainteach leis an obair ansin, agus an tAthair Cavanagh is Randall McDonnell orthu. Tuairiscíodh:
The story of the founding and the maintaining of Mayo’s Gaelic class is one that we may regard as a beautiful example set for other districts. Distant from the great centres, and remote from the main highways of commerce, perched up in the Laurentians this little town, or village, with its scattered inhabitants, has found a means of keeping alive the traditions of the Old Country, and even of preserving and perpetuating the language of the sea-divided Gael. (The True Witness 1904b: 3)
Má tosaíodh ar an rang roimh shamhradh 1903, seoladh an obair go foirmiúil roimh thús an gheimhridh ina dhiaidh sin. Ag tús mhí na Nollag 1903, thuairiscigh The Buckingham Post:
On Monday evening, Nov. 16th, the Mayo branch of the Grianan Fra Ngaedeal [recte Grianán na nGaedheal] was called together for reorganization and active work during the winter season. A large number of new members were enrolled and very encouraging enthusiasm was manifested throughout. (The Buckingham Post 1903e: 5)
Dúradh paidir i nGaeilge ag tús an tseisiúin gur mhínigh an tAthair Cavanagh a bhí sa chathaoir go comair ‘the aims and purposes of the League and the reasons for promoting its welfare’. Toghadh oifigigh don bhliain: ba é an Méara McDonnell an tUachtarán Oinigh; an Leas-uachtarán Oinigh ná Michael O’Connor. Bhí an tAthair Cavanagh ina Uachtarán; agus d’fheidhmigh Sarah Garvey agus Mary Spooner, ar mhúinteoir í, mar Leasuachtarán is mar Rúnaí-Cisteoir faoi seach. Socraíodh go mbeadh cruinniú ar siúl gach Máirt ar a seacht tráthnóna. Labhair an méara:
[…] concerning the O’Growney method to be followed in the study of the language and extolled it as being the best yet in vogue. He volunteered his services towards the promotion of work on hand and encouraged the more youthful members of the society by showing how easily difficulties might be overcome by the assistance of so many in our midst with whom the language of the Gael was still a living tongue. (The Buckingham Post 1903e: 5)
Ansin chan Michael O’Connor ‘a Gaelic song’ go ndúradh paidir eile i nGaeilge le clabhsúr a chur ar an chruinniú (The Buckingham Post 1903e: 5).
Níl Michael O’Connor áirithe i dtuairisceáin Mayo in 1901. Is dealraitheach gurbh eisean Micheal Conors, fear a raibh a athair, ‘Philips’ (recte Philip), ina chónaí leis is lena chlann. Rugadh Micheal Conors in Québec in 1849 is bhí sé ar comhaois le Randall McDonnell (Daonáireamh Cheanada 1901: Micheal Monore [sic]). Ní doiligh a chreidbheáil go raibh Gaeilge ag O’Connor/Conors agus gur fhoghlaim sé an t-amhrán sin cois teallaigh.
D’fhoilsigh The True Witness in Montréal cuntas ar an chruinniú sin fosta, cuntas ina raibh go leor athrá ón phíosa in The Buckingham Post (The True Witness 1903: 3). Sa dá thuairisc, níor luadh ‘the Gaelic League’ as a ainm ach b’intuigthe go rabhthas i ndiaidh a ‘Gaelic League’ féin a bhunú. Ní nach ionadh, b’iomaí tagairt a bhí sa tuairisc sa seachtanán Caitliceach don nasc idir an Ghaeilge is an Caitliceachas. ‘Characteristic of the true sons of Catholic Ireland the meeting opened with prayers in Gaelic’, a dúradh (The True Witness 1903: 3). Nuair a chuir an tAthair Cavanagh síos ar chuspóirí ‘the League’:
He touchingly illustrated the sacrifices which their countrymen were making for the cause in the Old Land, of their enthusiasm to promote the great and timely work of the revival of the language of the glorious days of St. Patrick. (The True Witness 1903: 3)
Áit ar dhírigh an sagart ar an cheangal a bhí ag teanga le creideamh, leag an Méara McDonnell béim ar an chultúr is ar chúrsaí sóisialta don aos óg, idir fhir is mhná:
He expressed the sincere pleasure it would afford him to encourage the young men and women of his district to cultivate a taste for the study of the old tongue and of the history of Ireland as well as to take advantage of the opportunity which the society afforded for social intercourse. (The True Witness 1903: 3)
Tá go leor sna tuairiscí faoin chruinniú sin i Samhain 1903 atá doiléir. An é ‘Grianán na nGaedheal’ an teideal Gaeilge a bhí ar ‘Gaelic League’ Mayo (d’fhéadfadh sé tagairt don suíomh, an teach scoile gar don séipéal, ina dtagadh na baill le chéile)? Níor ainmníodh an t-oide, má bhí a leithéid acu. Ach níl dul thar na príomhphointí. Tríd an teagmháil leis an chumann in Ollscoil Ottawa, bhí McDonnell ar an eolas faoi Simple Lessons in Irish le hEoghan Ó Gramhnaigh (agus fáil aige is ag Cavanagh ar chóipeanna den chéad leabhar, a bhuíochas don chumann, b’fhéidir), agus bhí deis á tairiscint ag an bheirt cheannairí pobail dá gcomharsana, an dream óg go háirithe, staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge. Thar aon rud eile, faoi mar a nocht McDonnell, dá mbeadh deacrachtaí ag foghlaimeoirí leis an teanga, bhí cainteoirí Gaeilge sa phobal a bheadh in ann lámh chuidithe a thabhairt dóibh. Tá tábhacht leis an ráiteas sin ar chúis eile. D’éag July McDonnell in 1902 (Bougard 2024: Loc 5263). Tharla gurbh é Randall McDonnell an t-aon duine a labhraíodh Gaeilge ag na himeachtaí poiblí, de réir chuntais na nuachtán, d’fhéadfaí a áitiú gurbh eisean an té deireanach sa phobal a raibh labhairt na Gaeilge aige sa bhliain 1901. Tollann an tuairisc ar chaint an mhéara faoi sin.
Ar an drochuair, tá tagairtí do chumann Mayo fánach go leor ina dhiaidh sin. Aimsir na Nollag 1903, bhí an rang stoptha don tsaoire. ‘Very satisfactory progress has been made since it was organized,’ arsa The Buckingham Post (1904a: 5). San athbhliain, i dtuairisc ó Mayo, maíodh ‘The Gaelic League here have resumed their meetings, and the members are making good progress’ (The True Witness 1904a: 1). B’ócáid chuí ceolchoirm Lá ’le Pádraig chun an dul chun cinn i múineadh na Gaeilge a phoibliú ach ní raibh trácht ar imeachtaí Gaeilge ann (The True Witness 1904c: 4). Le tús an tsamhraidh, áfach, tosaíodh ar na hullmhúcháin don dara picnic bhliantúil, ‘The Gaelic Gala-Day at Mayo’, i Meitheamh 1904:
This year the purpose is to surpass the celebration of last year in every respect, if possible […] First of all, the Gaelic societies are better organized and better prepared to do their part. The pupils of the old Gaelic tongue have not been idle. Mayor McDonnell will be on hand to extend a welcome to everybody, but above all to give his harangue of friendly greeting to our visiting brother Gaels in the sweet language of Inisfail. Visitors representing the Gaelic movement from Ottawa will reply in the same old tongue. (The Buckingham Post 1904b: 4)
D’fhoilsigh Garret O’Shaughnessy cuntais ar imeachtaí an lae ag Mayo in The Buckingham Post agus in The True Witness (1904a: 4; 1904b: 3). Tuairiscíodh gur labhair McDonnell i nGaeilge ag tús na hócáide agus gur fhreagair ‘Mr. O’Tobin, of the Gaelic League of Ottawa’— Thomas Tobin, ball de choiste an University of Ottawa Gaelic Society, a bhí ann. Tar éis an dinnéir, bhí ceolchoirm ann ag a raibh óráidí i nGaeilge agus i mBéarla le McDonnell is ‘O’Tobin’. Labhair J.L. O’Neill ó Ord Ársa na nÉireannach, ‘on the aims and intentions of the order, drawing a parallel between its work and that of the Gaelic league [sic], one striving for the keeping and inculcation of patriotism; the other for the preservation of a language’. Ag bun na tuairisce in The Buckingham Post, b’ann do nóta gan síniú dar teideal ‘Notes of the Picnic’ faoi ghradaim, idir shúgradh is dáiríre, a bhí tuillte ag daoine ar leith. ‘Mayor McDonnell was the best Irish speaker’, a fógraíodh (O’Shaughnessy 1904a: 4).
Nuair a thrácht O’Shaughnessy ar na ‘two divisions of the Gaelic League in St. Malachy’ (1904a: 4; 1904b: 3), thabharfadh sin le fios go raibh rang Gaeilge ar siúl go fóill. De réir Bougard, ‘in 1905, Gaelic was still taught in the schools’ (2014: Loc 5489), cé nach léir cén bunús atá lena ráiteas. Má lean na ranganna Gaeilge ar aghaidh, níorbh ábhar oifigiúil scoile an Ghaeilge riamh in Mayo. Ní raibh ann ach, faoi mar a tharla in 1903, go n-úsáidtí teach na scoile in aice an tséipéil sa tráthnóna. Cheal fianaise eile, tá an chuma ar an scéal go raibh deireadh le ‘Gaelic League’ Mayo faoi 1905 ar a dhéanaí. Ba chuid leanúnach de shaol an phobail an eisimirce agus seans gur dhoiligh go leor daoine a mhealladh le páirt a ghlacadh sa chumann gur scoireadh den obair. Ach seans gur sa tagairt a bhí ag O’Shaughnessy do na ‘two divisions of the Gaelic League’ atá an freagra. Má bhí na fir dealaithe ó na mná, ar ordú an tsagairt, an é gur éirigh an t-aos óg as a bheith ag freastal ar na himeachtaí?
Ó thaobh na Gaeilge de, bhain tábhacht le dhá eachtra i bparóiste St. Malachy in 1905. Sa chéad dul síos, leathchéad bliain tar éis don phobal cur in iúl d’easpag Bytown gur chainteoirí Gaeilge iad ar theastaigh séipéal nua is cuairteanna sagairt ar bhonn rialta uathu, tháinig Ardeaspag Ottawa, an Dochtúir J-T. Duhamel a bhí ina Cheanadach Francach, chuig an pharóiste i mí Iúil go ndeachaigh an t-aos óg faoina lámh. Ócáid mhór a bhí ann agus chaith an pobal dua le séipéal St. Malachy a mhaisiú. Cuireadh suas bratacha agus crochadh stiallbhratacha. ‘Gaelic mottoes [sic] expressed the heartfelt sentiments of welcome to the eminent dignitary …’, a thuairiscigh The True Witness (1905b: 5). Léigh an Méara McDonnell aitheasc ag fearadh fáilte roimh an Ardeaspag. Ba i nGaeilge a bhí an t-aitheasc — rud a thug le fios go raibh léamh is scríobh na teanga ag McDonnell a bheag ná a mhór — sular reiceadh leagan Béarla ‘for the benefit of those who might not understand the Gaelic’. An leagan sin amháin a d’fhoilsigh The True Witness, faraor. Seo an chéad alt: ‘With the greatest pleasure we welcome you in our midst to-day, and we feel that our sentiments can be more properly expressed to you in the ancient language of our fathers than otherwise’. Bhí an t-aitheasc sínithe ag an triúr bardach eaglaise, McDonnell, James Murphy agus James Cosgrove agus iad ag úsáid na leaganacha Gaeilge dá n-ainmneacha, ‘Randall McDoinnaill, Seamus Na Murcada, Seamus Na Cosgraide’ [sic]. Lean an tuairisc: ‘The archbishop caused not a little surprise by opening his reply with a few Gaelic words and proceeded to express his pleasure and gratitude on this occasion in English’ (The True Witness 1905b: 5).
Bhí Gaeilge ag McDonnell is ag Cosgrove. De réir dhaonáireamh 1901, ní raibh ach James Murphy amháin i mbardasacht St. Malachie. Feirmeoir ba ea é a saolaíodh in Québec in 1867, rud a d’fhág go raibh sé 34 bliain d’aois in 1901 (Daonáireamh Cheanada 1901: James, Menfloy [sic]). Má bhí Gaeilge ag Murphy, ba den ghlúin dheireanach a shealbhaigh an teanga cois teallaigh in Mayo é.
Sheas an tosaíocht a tugadh don Ghaeilge do mhórtas cine is do mhórtas teanga phobal Mayo. Go siombalach, áfach, ba é buille scoir, is focal scoir, na Gaeilge mar theanga phoiblí in Mayo é. Roimh dheireadh 1905, tharla an dara heachtra nuair a d’aistrigh an tArdeaspag an tAthair Cavanagh ón pharóiste chuig eaglais St. Michael ag Corkery, seanphobal Éireannach i mbailecheantar Huntley lastiar d’Ottawa (The Catholic Register 1930: 1). ‘Mayo loses her Soggarth Aroon’ an teideal ar an scéal in The True Witness i mí na Nollag 1905 (1905c: 8). Ba é an Ceanadach Francach, an tAthair Arthur Barrette, a tháinig i gcomharbas ar Cavanagh (Allaire 1908: 32). Ní raibh aon chúis ann go gcuirfeadh seisean suim sa Ghaeilge. Ar scor ar bith, agus gan mórán den tseanghlúin a raibh an teanga acu beo go fóill, bhí sé rómhall chun an teanga a shábháil in Mayo, Québec.

Seanscioból in Mayo anois agus ainm na háite péinteáilte air.
An Ceangal
An té a fhágann Autoroute 50 idir Gatineau agus Montréal is a thugann Route QC-315 air féin, ní fada go dtiocfaidh sé chuig an chasadh géar feiceálach sin ag a mbíodh ‘Downtown Mayo’ tráth dá raibh (Bougard 2014: Loc 5145). Aithnítear óna chruth gur sheanteach scoile lá den saol teach cónaithe ar an taobh deas den bhóthar go díreach roimh an chasadh. I bpáirc thart leis an chúinne, ar dheis, tá seanscioból a bhfuil an focal ‘Mayo’ péinteáilte air. Trasna uaidh sin atá séipéal St. Malachy, mar a bhfuil fógra (i mBéarla amháin) á rá go léitear Aifreann an Domhnaigh ar a seacht a chlog tráthnóna ar an Satharn. Sagart ar cuairt a fhriothálann ar na Caitlicigh áitiúla athuair. An claochlú is mó ar an suíomh féin ón bhliain 1901 ná ‘Our Lady of Knock Shrine’ ar an taobh clé d’fhearann an tséipéil a tógadh in 1955 leis an dáimh atá ag Mayo Cheanada le Maigh Eo na hÉireann a cheiliúradh (Bougard 2014: Loc 3018–3036). Ba in 1879 a tharla na heachtraí míorúilteacha sin, más fíor, a thabhaigh clú don Chnoc, glúin ar a laghad tar éis do mhuintir Mhaigh Eo baint fúthu in Mayo.
Siúil ar ais chuig an chasadh is imigh suas Chemin McAlendin, taobh-bhóthar ar chlé, chomh fada le reilig St. Malachy. Sloinnte Fraincise is coitianta atá sa chuid is íochtaraí agus is nua den reilig. Ach ní call dul siar rófhada go dtagtar ar na Búrcaigh, muintir Uí Mhaolábhail, clann Mhic Aodha, muintir Uí Dhochartaigh, clann Mhic Dhonnagáin, clann Mhic Aindriú, clann Mhic Dhónaill is a thuilleadh Éireannach nach iad. Tá uaigh Randall McDonnell is Mary Lavell thuas ar do dheis agus leac shimplí os a cionn. Thabharfá an leabhar gurb í sin leac uaighe July agus James R. McDonnell láimh léi ar chlé cé go bhfuil an scríbhinn creimthe ag an tsíon. Tá pobal Gaeilge Mayo, Québec, ina dtost i gcré na cille.

Leac uaighe Randall McDonnell & Mary Lavell
Má tá, is iomaí ceist a d’fhág siad ina ndiaidh. Baineann dúcheist féin leis an ghrúpdhinimic in Mayo ag tús an fichiú haois. Nuair nár admhaigh an méara agus daoine eile gurbh í an Ghaeilge a máthairtheanga agus go labhraídís an teanga go fóill, tá sé intuigthe as sin gur phléigh siad an cheist lena chéile roimh ré agus go raibh a gcúiseanna maithe féin acu gan aird oifigiúil sheachtrach a tharraingt ar an Ghaeilge. Uirlis fhónta is ea daonáireamh Cheanada 1901 le cuid de na cainteoirí Gaeilge i gCeanada a aimsiú ach áis é atá teoranta fosta. Cíoradh cuid de na fabhtanna sin, idir choincheap is chur chuige, cheana. Caitheann Mayo solas ar lúb ar lár eile: cás inar shocraigh daoine eatarthu féin, de réir dealraimh, gan ceist a fhreagairt go fírinneach. Dhá bhliain tar éis an daonáirimh, áfach, ba go mórálach poiblí a chuidigh an méara leis an sagart paróiste, fear a bhí ar bheagán Gaeilge ach a raibh spéis aige i ngluaiseacht Athbheochan na Gaeilge, chun ‘Gaelic League’ Mayo a bhunú.
Níl macasamhail Mayo ann — is é sin, an dara ceantar tuaithe i gCeanada ina raibh pobal Gaeilge agus a ‘Gaelic League’ féin, dá dhuthaine é, acu. Ach an gceileann daonáireamh 1901 Éireannaigh eile nár fhreagair an cheist faoi mháthairtheanga go hionraic? Ní foláir go raibh daoine aonair agus teaghlaigh anseo is ansiúd a roghnaigh gan an Ghaeilge a bhí acu a admháil. Tá obair mhór le déanamh go fóill ar na tuairisceáin ó chathracha, na toghbhardaí eile in Montréal agus Toronto, cuir i gcás. Ach i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoi Mayo, caithfear díriú ar na tuairisceáin ó lonnaíochtaí tuaithe ina raibh seanphobail Éireannacha ón chéad leath den naoú haois déag de shonra. Is san Ottawa Valley atá cuid acu siúd. Ní leor glacadh leis na freagraí faoi mháthairtheangacha gan cheist, faoi mar a ghlacfadh bíoblóir leis an Sean-Tiomna. Ina ionad sin, is gá na freagraí a mhionscrúdú agus a dhiancheistiú agus, ansin más féidir, fianaise thánaisteach a lorg faoi na pobail féin. I ndeireadh na dála, ba iad na hailt nuachtáin faoi Randall McDonnell is faoi ‘Gaelic League’ Mayo a tholl faoi fhianaise oifigiúil Dhaonáireamh Cheanada 1901.
SAOTHAIR A CEADAÍODH
FOINSÍ AR LÍNE
Daonáireamh Cheanada 1881
St. Malachie, Ottawa County, Québec
Scelia [recte Cecilia] Cosgrove
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=22377687&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
James McDonald [recte McDonnell]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=22377878&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Daonáireamh Cheanada 1891
St. Malachie, Ottawa County, Québec
Randaell McDonell [recte Randall McDonnell]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=28172183&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Daonáireamh Cheanada 1901
St. Malachie, Labelle County, Québec
Thomas Burke
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37420133&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Calighan. T Calighan, D. [recte O’Callaghan, D.)
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37428959&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Bridget Casey
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37436783&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Walter E. Cavanagh
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37459767&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Philips Conore [recte Philip Connors/O’Connor?]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37522343&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
James Crosgrove [recte Cosgrove]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37560455&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
John Doherty
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37649052&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
James, Menfloy [recte James Murphy]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=37968130&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Cathrine [sic] Lavell
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38113721&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Edward Lavell
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38113729&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Lavell, Margret Lavell [recte Margaret Lavell]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38113745&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Cathrine [sic] McCoy
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38277383&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Owen McCoy
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38277507&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Randle McDonell [recte Randall McDonnell]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38281010&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Micheal Monore [recte Michael Connors/O’Connor?]
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38329418&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Toberty, Johana Angent (recte Johana Nugent)
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=38714478&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Carrick, Bruce East, Ontario
Patrick Kelly
http://central.bac-lac.gc.ca/.redirect?app=census&id=35994961&lang=eng [faighte 21 Bealtaine 2025].
Find a Grave
Leac uaighe Randall McDonnell agus Mary Lavell, St. Malachy Cemetery, Mayo, Québec
https://www.findagrave.com/memorial/210885494/randall-mcdonnell [faighte 21 Bealtaine 2025].
FOINSÍ NUACHTÁIN
Art. MacMurrogh (1903) ‘St. Patrick’s Day at Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 27 Márta 1903: 1.
Bailtheir Owen Caomanaig [sic] (1903), ‘The Gaelic Picnic at Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 15 Bealtaine 1903: 4.
Gualterius Eugenius (1908) ‘A Tribute to Randell McDonnell’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 14 Lúnasa 1908: 1.
L’Ami du Colon [Nominingue, Québec] (1907) ‘Province de Québec. Municipalite du Comte de Labelle. Minutes et Deliberations’. In: L’Ami du Colon, 12 Aibreán 1907: 4.
M.C.B. (1904) ‘An Irish Exile Gone to Rest’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 11 Meitheamh 1904: 1.
O’Shaughnessy, G. (1904a) ‘Gaelic Picnic a Success’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 24 Meitheamh 1904: 4.
O’Shaughnessy, G. (1904b) ‘Gaelic Picnic at Mayo’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 9 Iúil 1904: 3.
The Buckingham Post and Labelle County Echo [Buckingham, Québec] (1903a) ‘County Council’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 13 Feabhra 1903: 4.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1903b) ‘Gaelic Picnic on Victoria Day’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 8 Bealtaine 1903: 1.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1903c) ‘The Gaelic Picnic at Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 29 Bealtaine 1903: 1.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1903d) ‘The Ancient Order of Hibernians’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 12 Meitheamh 1903: 1.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1903e) ‘Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 4 Nollaig 1903: 5.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1904a) ‘Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 1 Eanáir 1904: 5.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1904b) ‘The Gaelic Gala-Day at Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 10 Meitheamh 1904: 4.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1908a) ‘A Good Man Gone’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 7 Lúnasa 1908: 1.
The Buckingham Post and Labelle County Echo (1908b) ‘Mayo’. In: The Buckingham Post and Labelle County Echo, 7 Lúnasa 1908: 1.
The Catholic Register [Toronto] (1900) ‘Ottawa changes’. In: The Catholic Register, 1 Samhain 1900: 1.
The Catholic Register (1930) ‘Monsignor Cavanagh honoured by the Pope’. In: The Catholic Register, 23 Deireadh Fómhair 1930: 1.
The True Witness and Catholic Chronicle [Montréal] (1903) ‘Irishmen in other parts of Province’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 5 Nollaig 1903: 3.
The True Witness and Catholic Chronicle (1904a) ‘In other districts’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 30 Eanáir 1904: 1.
The True Witness and Catholic Chronicle (1904b) ‘In outside Catholic districts’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 13 Feabhra 1904: 3.
The True Witness and Catholic Chronicle (1904c) ‘St. Patrick’s Day in Mayo’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 2 Aibreán 1904: 4.
The True Witness and Catholic Chronicle (1905a) ‘Death of Mr. W. Cavanagh’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 26 Eanáir 1905, 8.
The True Witness and Catholic Chronicle (1905b) ‘The Episcopal Visitation at St. Malachy’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 13 Iúil 1905: 5.
The True Witness and Catholic Chronicle (1905c) ‘Mayo loses her Soggarth Aroon’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 28 Nollaig 1905: 8.
The True Witness and Catholic Chronicle (1908) ‘Mr. Randell [sic] McDonnell, Mayor of St. Malachy, P.Q., dead’. In: The True Witness and Catholic Chronicle, 13 Lúnasa 1908: 4.
FOINSÍ CLÓITE EILE
Allaire, L’Abbé J.-B.-A. (1908) Dictionnaire Biographique du Clergé Canadien-Français. Les Contemporains. Saint-Hyacinthe: Imprimerie de La Tribune.
Bougard, M. (2014 [2023]) From Mayo, Ireland to Mayo, Quebec. The History of the Settlement of Mayo, Quebec. Gan foilsitheoir, gan áit a fhoilsithe. Ríomhleabhar: Kindle Edition.
Choquette, R. (1975) Language and Religion. A History of English-French Conflict in Ontario. Ottawa: University of Ottawa Press.
De Barbezieux, Rev. P.A., Capucin (1897) Histoire de la Province Ecclesiastique d’Ottawa et de la Colonisation dans la Vallée de l’Ottawa. Livre I. Ottawa: La Cie d’Imprimerie d’Ottawa.
Dembling, J. (2006) ‘Gaelic in Canada: new evidence from an old census’. In: McLeod, W., Fraser, J., Gunderloch, A. (eag.) Cànan & Cultur/Language & Culture. Rannsachadh na Gàidhlig 3. Edinburgh: Dunedin Academic Press: 203–214.
Devlin Trew, J. (2009) Place, Culture and Community: The Irish Heritage of the Ottawa Valley. Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Publishing.
Doyle, D. (2015) Míle Míle i gCéin. The Irish Language in Canada. Ottawa: Borealis Press.
Doyle, D. (2019) ‘Gaels of the Gatineau Valley’. In: Up the Gatineau! (45) 1–12.
Dunne, M. (2023) ‘Parlez-Vous Irlandais? Tracing the Irish Language in Montreal Using the 1901 Canadian Census’. Tráchtas MA neamhfhoilsithe, Ollscoil na Gaillimhe.
Fourth Census of Canada 1901 (1902). Volume 1. Population. Ottawa: Printed by S.E. Dawson, Printer to the King’s Most Excellent Majesty. https://publications.gc.ca/collections/collection_2016/statcan/CS98-1901-1.pdf [faighte 21 Bealtaine 2025].
Gaffield, C. (1997) History of the Outaouais. Directed by C. Gaffield. Sainte-Foy, Quebec: Les Presses de l’Université Laval.
Gaffield, C. (2000) ‘Linearity, Nonlinearity, and the Competing Constructions of Social Hierarchy in Early Twentieth-Century Canada: The Question of Language in 1901’. In: Historical Methods: A Journal of Quantitative and Interdisciplinary History 33 (4): 255–260.
Gaffield, C. (2007) ‘Language, Ancestry, and the Competing Constructions of Identity in Turn-of-the-Century Canada’. In: Sager, E.W. and Baskerville, P. (eag.) Household Counts: Canadian Households and Families in 1901. Toronto: University of Toronto Press: 423–440.
Gaunce, B. (2012) ‘A Case Study on Irish Language Survival in Gagetown, New Brunswick’. Tráchtas BA neamhfhoilsithe, University of New Brunswick, Saint John.
Gaunce, B. (2014) ‘Challenging the Standard Interpretation of Irish Language Survival in the Diaspora: The New Brunswick Case Study’. Tráchtas MA neamhfhoilsithe, University of New Brunswick.
Kelleher, M. (2016) ‘Census, history and language in Ireland and Canada: the origins of the language question’. In: Kelleher, M., agus Kenneally, M. (eag.) Ireland and Quebec. Multidisciplinary Perspectives on History, Culture and Society. Dublin: Four Courts Press: 97–112.
Legros, H. agus Soeur Paul-Emile (1949) Le Diocese d’Ottawa 1847–1948. Ottawa: Imprimerie Le Droit.
Lovell’s Business and Professional Directory of the Province of Quebec, for 1890–91 (1890). Montreal: John Lovell & Son.
McBane, M. (1996-1997) ‘Irish Famine Stories in the Ottawa Valley’. In: Oral History Forum 16–17: 7–25.
McMonagle, S. (2012) ‘Finding the Irish Language in Canada’. In: New Hibernia Review 16 (1): 134–149.
Nilsen, K. (2002) ‘Irish Gaelic Literature in the United States’. In: Shell, M. (eag.) American Babel. Literatures of the United States from Abnaki to Zuni. Cambridge, Massachusetts and London, England: Harvard University Press: 188–218.
Nilsen, K. (2013) ‘An Ghaeilge in Oirthear Cheanada, 1750–1900’. In: Ó Coileáin, S., Ó Murchú, L.P., Riggs, P. (eag.) Séimhfhear Suairc. Aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Conchúir. An Díseart, An Daingean: An Sagart: 262–279.
Ó Cuív, B. (1986) ‘Irish language and literature, 1691–1845’. In: Moody, T.W. agus Vaughan. W.E. (eag.) A New History of Ireland. IV. Eighteenth-Century Ireland 1691–1800. Oxford: Clarendon Press: 374-423.
Ó Macháin, P. (2013) ‘A Tipperary Emigrant’s Manuscript’. In: Tipperary Historical Journal 2013: 96–108.
Ó Siadhail, P. (2025) ‘An Craoibhín Aoibhinn in Toronto, Bealtaine 1906: Cás-staidéar ar stad ar chamchuairt Dhúbhglais de h-Íde ar Mheiriceá Thuaidh agus spléachadh ar chúis na Gaeilge i gCeanada ag tús an fichiú haois’. In: Éigse 42: 216–249.
Wolf, N.M. (2014) An Irish-Speaking Island. State, Religion, Community, and the Linguistic Landscape in Ireland, 1770–1870. Madison: The University of Wisconsin Press.