Mayo, an Ghaeilge, agus Daonáireamh Cheanada 1901

Pádraig Ó Siadhail

The 1901 Census was the first Canadian census to ask questions about language, including mother tongues if still spoken. Thus, the census returns are a valuable tool to locate Irish speakers and to help tell the story of Irish in Canada. To date, there are studies of such respondents in Gagetown, New Brunswick, and St. Gabriel’s Ward in Montréal. As this article demonstrates, however, the answers to the mother tongue question can obscure the true picture of Irish and Irish speakers in Canada. Officially, the returns from Mayo, a village in the western Québec municipality of St. Malachie (St. Malachy, in English-language sources), suggest that there were few Irish speakers there in 1901. Yet, other information and evidence show the presence of Irish speakers, some Irish-born and others born in Québec. Indeed, Mayo had its own ‘Gaelic League’ between 1903 and 1905, whereby this small rural community was linked to the global movement for the revival of Irish.

This article explores aspects of the story of Mayo’s Irish speakers. It outlines the origins of the settlement and evidence about the historical presence of the Irish language in the area and identifies Mayo’s community leaders in 1901. After discussing the language questions in the 1901 census, including challenges that arose from the census framers’ preconceived views about people and language, the article examines the responses in Mayo to the question on mother tongues. Drawing on evidence regarding contemporary French-Canadian fears about the rationale for census questions, as well as established concern about under-reporting of Irish speakers in the 1851 Census of Ireland, the article suggests that individuals in Mayo chose to conceal their knowledge of Irish rather than provide information to government, information that the community feared might be used to disadvantage them. In contrast, the decision to establish the Mayo Gaelic League two years after the 1901 census highlights a community that was proud of the Irish language and of its Irish speakers. Based on this case-study of Mayo, Québec, this article concludes that the 1901 Census of Canada underreported the number of Irish speakers in the country and that, henceforth, evidence from the relevant census returns needs be closely scrutinized.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Ceanada, Daonáireamh Cheanada 1901, Máthairtheangacha, An Ghaeilge, Mayo, Québec

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Ba é daonáireamh 1901 an chéad cheann i gCeanada ina raibh ceisteanna teanga, is ceist faoi mháthairtheangacha a bhí á labhairt ag freagróirí go fóill orthu. Mar sin, is uirlis bhreá tuairisceáin an daonáirimh sin le cainteoirí Gaeilge a aimsiú is le gnéithe de scéal na Gaeilge i gCeanada a insint. Cheana, tá staidéir ann ar na freagróirí sin in Gagetown, New Brunswick, agus i dtoghbharda St. Gabriel in Montréal. Mar a phléitear san alt seo, áfach, is féidir leis na freagraí ar an cheist faoi mháthairtheangacha a bheith ina mbac ar an iniúchadh ar an Ghaeilge i gCeanada fosta. Go hoifigiúil, tugann na tuairisceáin ó Mayo, gráigbhaile i mbardasacht St. Malachie (St. Malachy sna foinsí Béarla) in iarthar Québec ina raibh pobal Éireannach, le fios gur ar éigean a bhí aon chainteoir Gaeilge ann sa bhliain 1901. Ach tá fianaise agus faisnéis eile ann go rabhadar ann, idir Éireannaigh ó dhúchas is Ghael-Cheanadaigh. Leoga, bhí a ‘Gaelic League’ féin ag Mayo ó 1903 go 1905, rud a cheanglaíonn an lonnaíocht bheag tuaithe sin le gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge na linne.

Iniúchann an t-alt seo taobhanna de scéal na Gaeilge in Mayo. Tugtar gearrchuntas ar stair an ghráigbhaile agus ar a bhfuil ar eolas againn faoin Ghaeilge sa cheantar agus aithnítear ceannairí pobail Mayo sa bhliain 1901. Cíortar na ceisteanna teanga i ndaonáireamh 1901 agus na deacrachtaí a d’eascair as tuairimí réamhcheaptha lucht deartha an daonáirimh faoi dhaoine is faoi chúrsaí teanga. Déantar na freagraí ar an cheist faoi mháthairtheangacha i dtuairisceáin Mayo a chardáil. Ar fhianaise na himní a bhí ar Cheanadaigh Fhrancacha sa bhliain 1901 faoin mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an fhaisnéis sa daonáireamh agus ar fhianaise na seancheiste faoi chruinneas na bhfreagraí faoin Ghaeilge i ndaonáireamh na hÉireann 1851, féachtar leis na cúiseanna gur roghnaigh cainteoirí Gaeilge i bpobal Mayo gan nochtadh don rialtas go raibh an teanga acu a mhíniú. Bhí an drogall sin i gcodarsnacht ghlan leis an mhórtas cine a léirigh an pobal dhá bhliain tar éis an daonáirimh nuair a d’fhothaigh siad a ‘Gaelic League’ féin. Bunaithe ar an chás-staidéar seo ar Mayo, Québec, áitítear go measann daonáireamh Cheanada 1901 líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír faoina luach agus go gcaithfear fianaise na dtuairisceán daonáirimh faoin Ghaeilge a dhiancheistiú feasta.

Údar:
Pádraig Ó Siadhail

Teagmháil:

Beathaisnéis:

Scaip an t-alt seo: