In 1921, d’fhoilsigh Máire Ní Chinnéide alt dar teideal ‘Leabhra don Aos Og: Ceist Mhor le Socru’ in Misneach, ina ndearna sí cur síos cuimsitheach ar na leabhair Ghaeilge a foilsíodh don aos óg ó chasadh an chéid (13 Lúnasa 1921: 3; 5). Ba mhúinteoir, drámadóir, aistritheoir, agus comhbhunaitheoir na camógaíochta í Ní Chinnéide, agus ba léir go raibh sí ar an saineolaí ba mhó ar litríocht Ghaeilge na n‑óg lena linn. Bhí domhainmhachnamh déanta aici ar an ábhar agus chreid sí gur ghá spéis sa litríocht a chothú i measc na naíonán ar an gcéad dul síos ‘chun an claonadh ceart do thabhairt dóibh ó thosach’ (13 Lúnasa 1921: 3). Thuig sí go raibh obair mhór roimh phobal na foilsitheoireachta — foilsitheoirí, scríbhneoirí, aistritheoirí agus maisitheoirí — chun litríocht Ghaeilge a chur chun cinn i measc na n‑óg. Luaigh sí neart bearnaí a bhí fós le líonadh: rainn do pháistí óga; filíocht d’aoisghrúpaí éagsúla; athinsintí ar sheanscéalta; agus leabhair ag díriú ar chailíní go sonrach. Phléigh sí na constaicí roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge mar gheall ar an gcostas a bhain le léaráidí a chur le leabhair, ach shíl sí go raibh gá le léaráidí tarraingteacha chun léitheoirí óga a mhealladh, in ainneoin an chostais. Bhí sí buartha nach raibh leibhéal na teanga ag teacht le castacht an téama sna leabhair a bhí i gcló go dtí sin: bhí ‘an Ghaedhilg ró-chruaidh dos na leanbhaíbh óga, agus an t‑adhbhar ró-shimplí dos na leanbhaíbh “fásta”’ (13 Lúnasa 1921: 3). Ar ndóigh, is ceist í sin a d’ardaigh neart scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge ó shin i leith. Chreid Ní Chinnéide go bhféadfaí na bearnaí a líonadh agus feabhas a chur ar líon agus ar chaighdeán na leabhar don aos óg dá dtosódh foilsitheoirí, scríbhneoirí agus oideachasóirí ag obair as lámha a chéile ach níor thug na dreamanna sin aon aird ar mholadh Ní Chinnéide. Nuair a glacadh leis an nGaeilge mar chroí-ábhar ar an gcuraclam nua sna scoileanna náisiúnta in 1922, thosaigh gach dream ag díriú ar a ngoirt féin: bhí foilsitheoirí agus scríbhneoirí gafa le téacsleabhair nua a chruthú, agus bhí na hoideachasóirí gafa le cruthú agus cur i bhfeidhm an churaclaim nua. Ba dhuine í Ní Chinnéide a bhí in ann an dá thrá a fhreastal: bhí baint aici le cruthú an churaclaim nua, agus rinne sí a cion féin chun an bhearna i litríocht na n‑óg a líonadh nuair a d’aistrigh sí dornán scéalta ó pheann Jacob agus Wilhelm Grimm, Scéalta ó Ghrimm, in 1923 (féach ar Ní Dhuibhne 2013: 49–68).

Bhí todhchaí na Gaeilge ag brath ar an gcéad ghlúin eile, agus chreid Ní Chinnéide go raibh áit lárnach ag litríocht Ghaeilge na n‑óg i gcothú na glúine sin. Bhain an meon sin le tréimhse na hathbheochana, seachas le tréimhse níos luaithe. Go luath sa naoú haois déag, nuair a foilsíodh leabhair dhátheangacha Gaeilge/Béarla den chéad uair, ba léir go raibh sé mar aidhm ag na leabhair dhátheangacha sin cainteoirí óga dúchais na Gaeilge a mhealladh i dtreo an Bhéarla. I measc na leabhar sin bhí an chéad leabhar dátheangach, An Irish English Primer (1815), le Tadhg Ó Coinnialláin, agus trí théacsleabhar dhátheangacha a d’fhoilsigh Cumann Phlás Chill Dara sna 1820idí. Ós rud é gur fágadh an Ghaeilge ar lár ó churaclam an Chórais Oideachais Náisiúnta sa bhliain 1831, ní raibh éileamh ar leabhair Ghaeilge don aos óg. Mar léiriú air sin, ní dhearnadh ach cúpla iarracht fhánach chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a fhoilsiú do pháistí sna 1830idí (Nic Congáil 2016: 53–56). Sa bhliain 1878 a glacadh leis an nGaeilge mar ábhar breise sa Chóras Oideachais Náisiúnta mar thoradh ar stocaireacht Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, agus foilsíodh roinnt téacsleabhar scoile ina dhiaidh sin. Ach is ag tús an fichiú haois a cuireadh síolta litríocht Ghaeilge na n‑óg mar a thuigtear dúinn anois í. Cuireadh Coiste na bhFoilseachán de chuid Chonradh na Gaeilge ar bun ag deireadh na bliana 1899, agus Muintir na Leabhar Gaeilge sa bhliain 1900, agus tháinig forbairt ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge mar thoradh orthu. Foilsíodh roinnt téacsleabhar agus aistriúchán don aos óg, le béim ar leith ar leithéidí fhabhalscéalta Aesóip, síscéalta Grimm agus síscéalta Hans Christian Andersen. Thaitin feidhm theagascach na bhfabhalscéalta, agus a ngontacht, le haistritheoirí agus le léitheoirí na hathbheochana, agus foilsíodh iad i nuachtáin agus i bhfoirm leabhar (Nic Congáil 2010: 49–57Ní Chuilleanáin 2014: 161). Is léir ó thaighde cuimsitheach Ní Chuilleanáin gur foilsíodh neart aistriúchán agus téacsleabhar scoile don aos óg i rith thréimhse na hathbheochana. Ní mór a lua, áfach, go ndíreoidh an t‑alt seo ar an litríocht úr Ghaeilge don aos óg go príomha, cé go dtagrófar d’aistriúcháin minic go leor.

Fad is a bhí athbheochan na Gaeilge faoi lánseol in Éirinn, bhí ‘Aois Órga’ litríocht Bhéarla na n‑óg i mbarr a réime, aois ar tháinig deireadh léi ag tús an Chogaidh Mhóir sa bhliain 1914 (Gubar 2008). Bhí teacht ag páistí Éireannacha ó chúlraí rachmasacha ar litríocht an Bhéarla a bhain leis an ‘Aois Órga’ — leithéidí Peter Pan in Kensington Gardens (1906) agus The Secret Garden (1911) — ach bhí litríocht Ghaeilge na n‑óg díreach ag eascairt sa tréimhse chéanna. D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge An tÁilleán, an chéad phictiúrleabhar daite sa Ghaeilge sa bhliain 1902, agus d’fhoilsigh an Conradh dhá leabhar shuntasacha eile do pháistí a raibh léaráidí ag gabháil leo: Sidheoga ag Obair, sgéalta le haghaidh an aosa óig (1904) le Liam P. Ó Riain, maisithe ag Seoirse Ó Fágáin; agus Íosagán agus Sgéalta Eile (1907) le Pádraic Mac Piarais, maisithe ag Beatrice Elvery. Cé gur cuireadh gearrscéalta Mhic Phiarais ar an gcuraclam don Scrúdú Idirmheánach, agus go léiríonn scoláirí liteartha suim ar leith iontu i gcónaí, tá an cnuasach gearrscéalta seo an-éagsúil le formhór na scéalta don aos óg a foilsíodh i rith ré na hathbheochana: tá caighdeán na teanga agus téamaí na scéalta i bhfad níos casta ná mar atá sna leabhair eile do pháistí ón tréimhse chéanna. De réir Mháire Ní Chinnéide: ‘ní scéalta i gcóir leanbhaí atá sa leabhar áluinn úd, ach scéalta i dtaobh leanbhaí i gcóir daoine fásta’ (Ní Chinnéide 1921: 3). Os a choinne sin, is cinnte gur scríobh Mac Piarais Poll an Phíobaire ‘i gcóir leanbhaí’. Scéal eachtrúil do bhuachaillí atá ann, an chéad scéal a d’fhoilsigh Mac Piarais don aos óg, a cuireadh ar fáil i bhfoirm leabhair in 1906. Tá comharthaí sóirt an scéil seo ag teacht le seánra Gaeilge ar leith a tháinig chun tosaigh i rith na hathbheochana: seánra a bhain le buachaillí ag teacht in inmhe. Tá sé suntasach gur údair Ghaeltachta a chum na scéalta seo (ach amháin i gcás Mhic Phiarais) agus go mbaineann na scéalta go léir le buachaillí ag fás aníos sa Ghaeltacht (Nic Congáil 2022: 67–93). Ní ag trácht ar laochra móra ar nós Chú Chulainn ná Fhinn Mhic Cumhaill a bhí na húdair seo, ach ar ghnáthbhuachaillí. I measc na leabhar faoi bhuachaillí ag teacht in inmhe tá Iasgaireacht Shéamuis Bhig (1904) le Séamus Ó Creag agus Faire Pháidí Mhóir (1914) le Séamus Ó Searcaigh. D’éirigh na scéalta do bhuachaillí ní ba shofaisticiúla de réir a chéile agus faoin mbliain 1920 bhí na samplaí ab fhearr ón seánra seo curtha i gcló: Maicín (1920) le ‘Fionn’ Mac Cumhaill, lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill; agus Jimín Mháire Thaidhg (1919–1920) le ‘An Seabhac’, lonnaithe i nGaeltacht Chiarraí. I gcás Jimín Mháire Thaidhg, rinne léirmheastóirí ceiliúradh ar an ngreann, ar shaibhreas na teanga agus ar an gcaoi ar chuir An Seabhac peirspictíocht an linbh in iúl (McK. 1922: 127). Bhí saothair liteartha eile ag feidhmiú mar amhábhar do Jimín Mháire Thaidhg, mar atá, cíona lae a d’fhoilsigh triúr cailíní scoile i gCiarraí — Máire Ní Shéaghdha, Brighid Ní Shíothcháin agus Brighid Stac — in An Lóchrann idir 1916 agus 1918. An Seabhac féin a bhí ina eagarthóir ar An Lóchrann (Nic Congáil 2022: 192–206). Foilsíodh na cíona lae i bhfoirm leabhar ina dhiaidh sin, agus is iad seo na chéad leabhair ó phinn na gcainteoirí óga dúchais iad féin (Stac 1918Ní Shéaghdha agus Ní Shíothcháin 1922). Mar a thug Ní Chinnéide faoi deara, ba ghann í an litríocht a dhírigh ar chailíní i rith thréimhse na hathbheochana. Ba dhrámadóirí, aistritheoirí, agus dialannaithe iad na mná, ach ba iad na scríbhneoirí fireanna a chum an nualitríocht don aos óg sa tréimhse sin. Níorbh amhlaidh an scéal i gcás litríocht Bhéarla na n‑óg in Éirinn, mar a thugann an scoláire Susan Cahill le fios: ‘there are a significant number of Irish women writing children’s books aimed at girls, particularly between 1870 and 1920’ (Cahill 2010: 2).

Má d’eascair corpas litríochta do pháistí as ceantair Ghaeltachta i dTír Chonaill agus i gCiarraí, ba thearc an t‑ábhar léitheoireachta do pháistí a d’eascair as an Iarthar i mblianta tosaigh an fichiú haois. I dtreo dheireadh na hathbheochana, tháinig cáil ar Phádraic Ó Conaire mar scríbhneoir do pháistí, ach ní raibh sé róthógtha le litríocht Ghaeilge na n‑óg ag an tús. In 1917 d’fhoilsigh sé alt dar teideal ‘Páisdí Sgoile: Bhfuil siad ag milleadh Nuadh-litridheacht na Gaedhilge?’ in An Claidheamh Soluis. Bhí freagra na ceiste aige féin: ‘Sílim féin gurab iad na páisdí sgoile is mó is cionntach le meathadh na nuadh-litridheacht. Gach uile áit a ghabhfas tú, deirfear leat: “Seadh, sin sgéal maith agus ba chóir duit a sgríobhadh — acht ár ndóigh, ní bheidh aon díol air nuair nach bhfeileann sé do lucht sgoile”’ (Ó Conaire 1917: 2). Ach is mar gheall ar an margadh scoile, go príomha, a tháinig cáil air féin go forleathan. In 1919 d’fhoilsigh Ó Conaire cnuasach ‘aistí agus mion-sgéalta’ dar teideal An Crann Géagach. Ba é ‘M’Asal Beag Dubh’ an chéad scéal sa chnuasach, scéal a léigh glúine de pháistí Éireannacha.

Nuair a cuireadh an Saorstát ar bun in 1922, agus áit lárnach ag an nGaeilge ar churaclam na scoileanna, bhí éileamh nua ar théacsleabhair do pháistí agus tháinig fás ar mhargadh na leabhar don aos óg dá bharr. Faoi lár na 1920idí, bhí beagnach leathmhilliún páiste ag freastal ar scoileanna náisiúnta, agus tuairim is 23,000 duine óg ag freastal ar mheánscoileanna na tíre (O’Donoghoe agus Harford 2016: 1; 11). Chuir comhlachtaí foilsitheoireachta oideachasúla — leithéidí Comhlucht Oideachais na hÉireann, Brún agus Ó Nualláin, agus M.H. Gill agus a Mhac — spéis sa mhargadh nua Gaeilge don aos scoile. D’fhoilsigh siad eagráin nua, eagráin ghiorraithe agus ‘eagráin scoile’ de leabhair a bhí ar fáil cheana féin (is sampla spéisiúil é Jimín Mháire Thaidhg a ndearnadh giorrú agus cinsireacht air don eagrán scoile (Mac Maghnuis 2014: 19–34)). Tháinig litríocht úr ar an margadh chomh maith, scríofa nó aistrithe ag fir den chuid is mó. Bhí Pádraic Ó Conaire, Micheál Mac Liammóir, Nioclás Tóibín, Pádraig Ó Cadhla agus Pádraig Mac Giolla Cheara i measc na n‑údar sin. Chuir cúpla bean aistriúcháin agus athinsintí ar fáil, leithéidí Mháire Ní Chinnéide a luadh cheana, agus Katherine O’Brien.

Nuair a cuireadh an tAcht Freastal Scoile, 1926, i bhfeidhm, bhí an scolaíocht éigeantach do gach páiste idir sé bliana d’aois agus ceithre bliana déag d’aois (‘School Attendance Act, 1926’). Sa bhliain chéanna a cuireadh ‘Coiste na Leabhar’ ar bun, nó ‘An Gúm’ mar a tugadh air le himeacht ama. I mblianta tosaigh an Ghúim, níor foilsíodh ach cúpla leabhar don aos óg. Mar shampla, in 1928, foilsíodh Aindeise Shiobhán, aistriúchán a rinne Cormac Ó Cadhlaigh ar an leabhar iomráiteach Les Malheurs de Sophie. Agus í ag trácht ar bhlianta tosaigh an Ghúim, scríobhann Órla Ní Chuilleanáin: ‘bhí na léitheoirí óga imeallaithe laistigh den mhórthionscnamh náisiúnta agus cultúrtha’ (Ní Chuilleanáin 2014: 43–4). Nuair a thosaigh an Gúm ag díriú ar an litríocht don aos óg sna 1930idí, ba léir nach raibh aon pholasaí soiléir aige maidir leis an gcló: bhíodh an cló Gaelach in úsáid i leabhair áirithe agus an cló Rómhánach i leabhair eile (Ó Murchú 2012: 28).

Thug an Gúm tús áite do dhrámaí gearra don aos óg — drámaí a bhí ag teastáil ó scoileanna a bhí páirteach i gCumann Drámaíochta na Scol (curtha ar bun in 1934) — agus d’aistriúcháin ar scéalta Enid Blyton, scéalta na nDeartháireacha Grimm agus Hans Christian Andersen (Adams 2013: 95–119). Aistríodh roinnt leabhar a bhain le canóin idirnáisiúnta litríocht na n‑óg chomh maith, leithéidí Eachtra Phinocchio (1933) agus Páistí na Nua-Fhoraoise (1933). Tá cuid mhaith anailíse déanta ag scoláirí na Gaeilge ar aistriúcháin do pháistí i gcomhthéacs an Ghúim, agus tá féinchinsireacht na n‑aistritheoirí tugtha faoi deara i gcásanna áirithe, agus buairt na n‑eagarthóirí mar gheall ar thionchar na hEaglaise Caitlicí le feiceáil i gcásanna eile (Nic an Bhaird 2014: 55–74Nic Lochlainn 2018: 144). Tá scoláirí eile i ndiaidh béim a leagan ar an nós a bhí ag aistritheoirí ‘leaganacha athchóirithe dúchasaithe’ a chur ar fáil as Gaeilge (Groszewski 2012: 113). Má chuir na foilsitheoirí oideachasúla téacsleabhair scoile ar fáil bunaithe ar ghníomhartha na Féinne agus Chú Chulainn, rinne an Gúm amhlaidh, ach d’aistrigh an Gúm leaganacha Béarla de na seanscéalta (Nic Lochlainn 2018: 145–8).

Is léir nach ndearna an Gúm iarracht mhór chun nualitríocht Ghaeilge na n‑óg a chothú ná a fhorbairt sna luathbhlianta. Tháinig athrú éigin ar an scéal sin nuair a thosaigh an t‑ealaíontóir agus scríbhneoir do pháistí, Marion King, ag foilsiú leis an nGúm in 1937. Ba iad Seán: Eachtraí Mhuinntir Choinín I agus Nodlaig: Eachtraí Mhuinntir Choinín II na chéad leabhair dá cuid a d’fhoilsigh an Gúm, agus d’aistrigh Sorcha Ní Ghuairim go Gaeilge iad. Díoladh gach cóip den dá leabhar taobh istigh de mhí (Adams 2013: 109). Thar thréimhse aon bhliain déag, d’fhoilsigh an Gúm aon leabhar déag ó pheann King, agus díoladh breis is 60,000 cóip de na leabhair sin, figiúr suntasach go leor (Adams 2013: 110). Tháinig mná eile sna sála ag King agus Ní Ghuairim, mar scríbhneoirí agus mar aistritheoirí. Mar shampla, d’aistrigh Máiréad Ní Ghráda Peter Pan faoin teideal Tír na Deó (1938), chomh maith le saothar nua dá cuid féin do dhéagóirí Manannán (1940); d’aistrigh Brighid Ní Loingsigh Fairy Legends and traditions of the south of Ireland (1825) le Thomas Crofton Croker go Síobhraí na mBeann agus na nGleann (1939); agus sna 1940idí luatha, d’aistrigh Maighréad Nic Mhaicín trí leabhar mhóréilimh ó pheann Patricia Lynch go Gaeilge (Nic Lochlainn 2013: 69–93Coilféir 2016: 14–19). Ag deireadh na 1940idí a tháinig Eilís Diolún ar an bhfód liteartha, nuair a scríobh sí trí leabhar do pháistí óga, a d’foilsigh an Gúm: An Choill Bheo (1948), Oscar agus an Cóiste Sé nEasóg (1952), agus Ceol na Coille (1955). Is scéalta tuaithe iad seo faoi shaol na n‑ainmhithe, a dhíríonn ar théamaí coitianta i litríocht na n‑óg: cairdeas, ainmhithe ag fás aníos, ag ardú a seolta agus ag dul i ngleic le dúshláin an tsaoil. Bhí an-tóir ar an seánra sin sa Bhéarla ó cuireadh tús leis sa ré Victeoiriach, le saothair ar nós Black Beauty (1877) le Anna Sewell agus The Tale of Peter Rabbit (1902) le Beatrix Potter. Bhí éileamh ar an seánra sa chéad leath den fhichiú haois chomh maith, mar is léir ó na scéalta Brer Rabbit a scríobh Enid Blyton ó na 1920idí ar aghaidh. Cé gur scéalta an-simplí iad na cinn a d’fhoilsigh Eilís Diolún, léiríonn siad go raibh bua na scéalaíochta aici.

In ainneoin go raibh dornán scríbhneoirí mná agus aistritheoirí mná ag teacht chun cinn, bhain litríocht Ghaeilge na n‑óg le fearann na bhfear, bíodh scríbhneoirí, carachtair, nó seánraí i gceist. Tugann saothar Chathail Uí Shándair léargas ar an bhfireannacht sin, ón mbliain 1943 ar aghaidh, nuair a d’fhoilsigh sé a chéad leabhar. Ba é Cathal Ó Sándair an scríbhneoir ba bhisiúla sa Ghaeilge lena linn, agus scríobh sé lear mór sraithscéalta, bunaithe ar bhuachaillí bó agus Indiaigh Mheiriceá, ar eachtraí scoile, agus ar eachtraí sa chianspás. Tháinig an-rath ar shraithscéalta go hidirnáisiúnta sa tréimhse chéanna: i Meiriceá, cuireadh tús leis na Hardy Boys sna 1920idí, agus chuir an foilsitheoir céanna tús le sraith Nancy Drew do chailíní sa bhliain 1930 (Kismaric agus Heiferman 2007). I Sasana, d’fhoilsigh Enid Blyton an chéad leabhar sa tsraith The Famous Five sa bhliain 1942 agus mar thoradh ar an éileamh ar an tsraith, lean Blyton uirthi ag scríobh agus ag foilsiú leabhar sa tsraith go dtí 1963 (Gillett 2020: 2). Cé gur mhór an difríocht idir cúinsí polaitiúla agus eacnamaíochta Mheiriceá, Shasana agus Éireann, thaitin sraithscéalta bleachtaireachta agus eachtraíochta le léitheoirí óga sna tíortha sin go léir. Cuireadh tús le saol liteartha Uí Shándair i rith Aimsir na hÉigeandála in Éirinn, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda faoi lánseol, agus an dífhostaíocht, imirce, boilsciú agus ciondáil bia mar chuid lárnach de. Ach d’úsáid Ó Sándair scéalta Réics Carló chun féiniúlacht idéalach iarchoilíneach de chineál ar leith a chur chun cinn i measc a chuid léitheoirí óga: rinneadh ceiliúradh ar shaol na cathrach ina chuid scéalta agus tapaíodh gach deis chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Bhí Réics Carló — an Gael cáiliúil a raibh ainm coimhthíoch air agus a bhí ina shiombail d’Éirinn neamhspleách — féinmhuiníneach go leor chun spéis a léiriú i gcultúir eile agus chun lámh chúnta a thabhairt do thíortha eile nuair a bhí siad i bponc (Nic Congáil 2015: 147–171). Bhí ráchairt agus stádas ar leith ag baint le saothar Uí Shándair sna 1950idí agus 1960idí, agus bhí sé fós ag foilsiú leabhar sna 1980idí. Faoin am sin, bhí tuairim is 120 leabhar foilsithe aige leis an nGúm amháin, chomh maith le cartúin, colúin do pháistí i nuachtáin, stiallghreannáin, agus drámaí a craoladh ar Raidió Éireann. Mar a scríobh Róisín Adams: ‘is cosúil gur fhág an ráchairt a bhí ar a shaothar nach raibh mórán spéise ag muintir an Ghúim údair eile do dhaoine óga a spreagadh le saothar a fhoilsiú leo’ (Adams 2016). Ní raibh tóir ar shaothar Uí Shándair sna 1970idí ná sna 1980idí: cúis amháin a bhain leis sin ná go raibh formhór a chuid leabhar sa chló Gaelach, agus ní raibh an cló Gaelach á chleachtadh ag páistí scoile a thuilleadh; cúis eile ná go raibh laghdú suntasach ag teacht ar líon na scoileanna náisiúnta a chuir oideachas ar fáil trí Ghaeilge sa tréimhse sin, sular thosaigh gluaiseacht na gaelscolaíochta ag bailiú nirt (Ó Riagáin 1988: 31).

In 1956, chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ‘Club Leabhar na Sóisear’ ar bun, agus é mar sprioc ag an gClub cúig leabhar sa bhliain a sheoladh chuig na léitheoirí sna meánscoileanna (Adams 2016). Faoin am sin, bhí beagnach 60,000 dalta ag freastal ar mheánscoileanna na tíre, agus ‘approximately two girls entered the first year of secondary school for every three boys’ (O’Donoghue agus Harford 2016: 11; 14). Bhí baint dhíreach ag Club Leabhar na Sóisear le daltaí sna meánscoileanna, agus cruthaíodh margadh léitheoireachta d’fhoilsitheoirí nua. Mar shampla, tháinig Sáirséal agus Dill ar an bhfód in 1945, ach is i lár na 1950idí a léirigh sé spéis mhór i litríocht na n‑óg, nuair a d’fhoilsigh sé sraith ‘Leabhar Pictiúirí’, comhfhoilsithe le Sampson Low & Marsden (Ó hÉigeartaigh agus Nic Gearailt 2014: 477). Ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh sé roinnt leabhar mar chuid de Chlub Leabhar na Sóisear, mar a rinne Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. D’earcaigh na foilsitheoirí úra scríbhneoirí úra, Eoghan Ó Grádaigh agus Tarlach Ó hUid ina measc. De réir Róisín Adams, a bhfuil taighde déanta aici ar an ábhar seo, is féidir leabhair Chlub Leabhar na Sóisear a rangú ar an mbealach seo a leanas: ‘scéalta staire’; ‘scéalta idirnáisiúnta’, ‘scéalta Éireannacha’; ‘scéalta coireacha’; agus ‘neamhfhicsean’ (Adams 2015: 248).

Tá dhá rud shuntasacha ag baint le saothar Uí Shándair agus le Club Leabhar na Sóisear. An chéad rud ná go raibh siad dírithe ar bhuachaillí. Is é an sraithscéal Cluain Éanna, lonnaithe i suíomh scoile, an t‑aon sraithscéal ó pheann Uí Shándair a chuireann ábhar ar leith ar fáil do chailíní. Foilsíodh an sraithscéal idir 1952 agus 1960 agus tá ocht leabhar ann a bhain le Buachaillí Chluain Éanna agus trí leabhar a bhain le Cailíní Chluain Éanna (Ní Mhulláin 2014: 122). Arís eile, bhain Club Leabhar na Sóisear le buachaillí go príomha. Fir a scríobh formhór na leabhar — seachas correisceachtaí ar nós Róisín Ní Dhochartaigh, Siobhán Ní Shúilleabháin, Bláithín Ní Chnáimhín agus Caitlín Bean Uí Thallamhain — agus dhírigh na seánraí agus na téamaí ar bhuachaillí seachas ar chailíní. Tá liosta leabhar curtha i dtoll a chéile ag Róisín Adams, agus as 61 leabhar a foilsíodh idir 1956 agus 1968, ní raibh ach 9 leabhar ann a scríobh mná. An dara rud atá suntasach ná go raibh Ó Sándair agus Club Leabhar na Sóisear ag díriú ar bhuachaillí sna déagbhlianta go príomha. Sa tréimhse sin, bhí méadú tagtha ar líon na ndéagóirí i bPoblacht na hÉireann a thug le fios go raibh Gaeilge acu (Ó Riagáin 1988: 32). Tá taighde déanta ag staraithe Éireannacha ar na 1950idí agus 1960idí mar thréimhse inar tháinig forbairt mhór ar chultúr na ndéagóirí, rud a bhain le litríocht na Gaeilge chomh maith, is léir (O’Leary 2018Holohan 2018). Bhí tionchar ag an gcomhthéacs idirnáisiúnta ar dhéagóirí Éireannacha: bhí scannáin Hollywood faoin ‘High School’, agus scannáin rómánsúla faoi dhéagóirí le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann; agus bhí irisí Béarla dírithe ar dhéagóirí ar fáil go forleathan freisin (O’Leary 2018:143–170; 176–183). Ach ní raibh trácht ar chaidrimh rómánsúla sa déaglitríocht a chum Ó Sándair ná na scríbhneoirí a raibh baint acu le Club Leabhar na Sóisear. Sna 1960idí, bhí an lámh in uachtar ag an nGúm agus ag Club Leabhar na Sóisear, ach chuir foilsitheoirí eile ábhar úr i gcló chomh maith, mar shampla: an tsraith Éireannach An Leaba a d’Imigh HÚIS! (1965) aistrithe ag Eoghan Ó Tuairisc agus foilsithe ag Allen Figgis (Ní Choileáin 2022); agus an leabhar cáiliúil do pháistí óga, An Tíogar a Tháinig Chun Tae (1969) le Judith Kerr, a d’fhoilsigh Cló Mercier.

Ré nua a bhí sna 1970idí i dtaobh litríocht Ghaeilge na n‑óg de óir bhí éileamh ar an litríocht ag gach leibhéal aoise agus scoile. Bhí éileamh ar phictiúrleabhair do pháistí óga toisc go raibh gluaiseacht na naíonraí ag bailiú nirt (Mhic Mhathúna agus Mac Con Iomaire 2013: 173–196). Bhí gluaiseacht na ngaelscoileanna ag teacht chun cinn (Ó Luain 2022: 64–77), agus éileamh breise ar an litríocht i measc páistí bunscoile dá bharr. Agus ós rud é gur cuireadh tús leis an meánscolaíocht ‘saor in aisce’ ó mhí Mheán Fómhair 1967 ar aghaidh, tháinig méadú mór ar líon na ndéagóirí a rinne staidéar ar an nGaeilge don Ardteist den chéad uair. Chruthaigh na gluaiseachtaí oideachais sin margadh úr do litríocht Ghaeilge na n‑óg. Mar shampla, d’aistrigh Máiréad Ní Ghráda roinnt leabhar sa tsraith cháiliúil Ladybird, le tacaíocht ó Brún agus Ó Nualláin, leithéidí Dic agus a Chat (1971) agus Seán agus an Gas Pónaire (1971). Bhain Éire ballraíocht amach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973, agus is ag an tráth sin a thosaigh foilsitheoirí na Gaeilge ag freastal ar an aonach leabhar is mó ar domhan, mar atá, an Frankfurt Book Fair. Thapaigh an Gúm an deis chun leabhair do pháistí i dteangacha Eorpacha eile a aistriú go Gaeilge, leabhair ag díriú ar mhargadh na réamhscoile agus na scoileanna náisiúnta ach go háirithe. Ag an am céanna, cuireadh leabhair Ghaeilge chun cinn ag Aonach Frankfurt le haistriú go teangacha eile (Ní Chuilleanáin 2014: 349). Ba iad Máire Áine Nic Dhonnchadha, Eoghan Ó Colla, Treasa Ní Ailpín, agus Eibhlín Ní Mhuircheartaigh a chuir formhór na n‑aistriúchán go Gaeilge ar fáil. Bhí tionchar agus cultúir na hEorpa le feiceáil sna haistriúcháin ar shraithscéalta ón bhFraincis, Gearmáinis agus Spáinnis. I measc na n‑aistriúchán sin bhí an sraithscéal Liam agus Brídín (Jean-Lou et Sophie le Marcel Marlier) a bhain le heachtraíocht agus scléip, ó mhuir go sliabh, ón mBriotáin go Srí Lanca. Aistríodh sraith Spáinneach faoi thíortha agus nósanna le Daniel Bas chomh maith: leithéidí Inuk, An Buachaill Eiscimeach (1975) agus Yukiko, an Cailín Seapánach (1978) (féach ar Mag Shamhráin agus Ó Farachtáin 2003). Luadh an dá shraithscéal thuasluaite leis an aoisghrúpa ó 7–9 mbliana d’aois. Faoi dheireadh na 1970idí, bhí tóir ar aistriúcháin ón tSualainnis: foilsíodh dhá leabhar ó pheann Astrid Lingdren (údar Pippi Långstrump), chomh maith leis an tsraith Tomás agus Eithne do pháistí réamhscoile ó pheann Gunilla Wolde. In ainneoin na léaráidí agus na teanga simplí i saothar Wolde, chuaigh a cuid leabhar i ngleic leis na steiréitíopaí inscne a bhí go smior i litríocht na n‑óg ag an tráth sin. Sna 1980idí, lean an Gúm leis an gcur chuige céanna i dtaobh aistriúchán don aos óg. In 1983, foilsíodh an chéad leabhar sa sraithscéal Bran (Spot the Dog ó pheann Eric Hill a raibh an-ráchairt air i measc leanaí óga sa Bhéarla). Tá éileamh ar Bran i gcónaí agus tá leaganacha agus eagráin ó shraith Bran fós á bhfoilsiú ó am go chéile (féach ar Hill 2020). Ghlac Sáirséal agus Dill le polasaí an aistriúcháin don aos óg chomh maith, agus d’aistrigh Seán Ó Coisdealbha roinnt leabhar don fhoilsitheoir sin (Ó hÉigeartaigh agus Nic Gearailt 2014: 481–82).

Tháinig méadú éigin ar líon na gcnuasach nua filíochta don aos óg i rith na 1980idí. Fíorbheagán leabhar filíochta a bhí ann go dtí sin, leithéidí Cosa Buidhe Árda do’n Aos Óg (1914) agus Duanaireacht do leanbhaíbh: soláthruighthe i nGleanntaibh Chiarraighe (1914), le Fínghín na Leamhna; Dánta do Leanbhaí (1940; 1961) le Sinéad De Valera; Dánta do Pháistí (1949) le Séamus Ó Néill; agus Trupall Trapall (1972) le Cliodna Cussen. Sna 1980idí, chruthaigh an file Gabriel Rosenstock ardán nua don fhilíocht don aos óg nuair a thug sé dúshlán don tuairim i measc scoláirí agus an lucht liteartha nach raibh an fhilíocht don aos óg ar comhchéim le seánraí liteartha eile. ‘Is genre ar leith é filíocht do pháistí’ a scríobh Rosenstock. ‘Nach bhfuil sé chomh tábhachtach céanna mar genre leis an mbeathaisnéis, leis an taighde scolártha nó an anailís pholaitiúil?’ (Rosenstock 1988: 24). Chuir Rosenstock go mór leis an bhfilíocht don aos óg agus le stádas na filíochta céanna nuair a d’fhoilsigh sé dánta snasta, samhlaíocha agus greannmhara do pháistí: An tOchtapas agus Rainn eile (1977); An Béar Bán (1978); Frog is Fiche (1986); agus Dánta Duitse! (1988) ina measc. In 1988, d’fhoilsigh An Clóchomhar Cniogaide Cnagaide: Rainn Traidisiúnta do Pháistí, curtha in eagar ag Nicholas Williams. Tháinig Seilide: Rainn Bheaga do Pháistí (1991) ó pheann Éamoinn Uí Ríordáin sna sála ag saothar Williams. Tháinig forbairt mhall ar an bhfilíocht don aos óg ó shin i leith, le cnuasaigh ar nós An Píobaire Breac agus Dánta Eile do Pháistí (2004) le Seán Ó Dúrois agus Brionglóidí agus Aistir Eile (2008), leabhar ó pheann Áine Ní Ghlinn a fuair ardmholadh i measc an lucht liteartha. Agus an oiread sin filí Gaeilge ann sa lá atá inniu ann, tá sé suntasach nach bhfuil formhór na bhfilí sin ag cumadh filíochta don aos óg (Heussaff agus Ní Anluain 2016).

Sna 1980idí bunaíodh dhá chomhlacht foilsitheoireachta eile: Coiscéim i mBaile Átha Cliath (1980) agus Cló Iar-Chonnacht i gConamara (1985). Níor dhírigh ceachtar de na foilsitheoirí sin ar aon aos óg ag an tús, ach ag deireadh na 1980idí d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht dhá leabhar thábhachtacha do dhéagóirí: An Punk agus Scéalta Eile (1988) le Ré Ó Laighléis; agus Dúnmharú ar an Dart (1989) le Ruaidhrí Ó Báille, leabhar ar tugadh ‘a novel for adult learners’ air nuair a foilsíodh é. Lean Ó Laighléis agus Ó Báille orthu ag foilsiú saothar nua do dhéagóirí sna 1990idí, saothair a chuaigh i ngleic le téamaí uirbeacha: drugaí agus coiriúlacht agus na deacrachtaí a bhí le sárú ag déagóirí a bhí ag maireachtáil i sochaí mhífheidhmiúil. De réir Uí Laighléis ‘the most difficult reader to cater to in Irish is the teenager’ ar an gcúis seo a leanas: ‘now the gap between intellectual and linguistic levels is roaring at us’ (Ó Laighléis 1997: 431). Ina shaothar féin, rinne Ó Laighléis iarracht téamaí a phósadh le leibhéal teanga a bheadh oiriúnach do dhéagóirí. De réir Nóra Máire Uí Bhaoill: ‘Bhí leibhéal na teanga ní b’ísle, ní ba shimplí ná mar a bhí sna leabhair a bhíodh ann do dhaoine óga roimhe sin. Níor shásaigh sé seo gach duine mar ar ndóigh ní fhéadfaí a rá go raibh saibhreas Gaeilge le fáil iontu, rud a bhí mar aidhm múinteoireachta i gcónaí go dtí sin’ (Uí Bhaoill 2002: 20). Mar a tharla i gcás Chathail Uí Shándair roimhe sin, tugadh tús áite do shaothair Uí Laighléis agus Uí Bháille i réimse an ‘déagfhicsin’, agus cuireadh ar churaclam na meánscoileanna iad. Ach foilsíodh ‘déagfhicsean’ do chailíní sa tréimhse chéanna, cé nach raibh an stádas céanna ag baint leis ná an díol céanna air. Mar shampla, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht saothar le Siobhán Ní Shúilleabháin agus Muireann Ní Bhrolcháin sna 1990idí luatha.

I rith ré an Tíogair Cheiltigh, rinneadh an-dul chun cinn maidir le caighdeán litríocht Ghaeilge na n‑óg. Tháinig foilsitheoirí úra ar an bhfód: Leabhar Breac (1994), Cois Life (1995), Cló Mhaigh Eo (1995–2014), Móinín (1998), Futa Fata (2005), agus An tSnáthaid Mhór (2005), agus cuid mhór de na foilsitheoirí sin ag díriú ar an aos óg go príomha. Chuir na foilsitheoirí nua go mór le réimsí agus éagsúlacht litríocht Ghaeilge na n‑óg, chuir siad feabhas ar chaighdeán na léaráidí agus chuir siad acmhainní breise ar fáil do pháistí ó dhlúthdhioscaí go físeáin DVD. Tá forbairt tagtha ar an bhfilíocht, rainn agus amhráin don aos óg, mar gheall ar chúrsaí teicneolaíochta, mar is léir ó shaothar Futa Fata: Gugalaí Gug (2005), Peigín Leitir Móir (2008), agus Bliain na nAmhrán (2016). Is fiú aird a thabhairt ar obair Roibeaird Uí Chathasaigh sa ghort sin freisin agus rainn thraidisiúnta curtha ar fáil aige: Rabhlaí Rabhlaí (1998) agus Scéilín ó Bhéilín (2003). Léirigh an sraithscéal grinn, Ruairí (Cló Mhaigh Eo 1996–2009), ó pheann Cholmáin Uí Raghallaigh, gurbh fhéidir agus gurbh fhiú leabhair a nascadh leis an teicneolaíocht agus páistí a chur ar an eolas faoi na canúintí éagsúla trí chlosleabhar a chur ar fáil.

Sa tréimhse chéanna, cuireadh leaganacha éagsúla de scéalta Fhinn Mhic Cumhaill agus Chú Chulainn i gcló, mar a tharla go rialta ó thús go deireadh an fichiú haois (Nic Lochlainn 2018: 145–6Ó Laighléis 1997: 430–31). Ach chuir Cló Mhaigh Eo beocht úr leis na seanscéalta nuair a bheartaigh sé iad a chur ar fáil i bhfoirm an úrscéil ghrafaigh, seánra a bhain go sonrach le lár an fichiú haois ar aghaidh. Foilsíodh leithéidí An Tóraíocht (2002) An Táin (2006) agus Deirdre agus Mic Uisnigh (2008) agus mealladh léitheoirí óga i dtreo scéalta na Fiannaíochta agus na Rúraíochta arís. Thosaigh An tSnáthaid Mhór i mBéal Feirste amach le leaganacha úra de sheanscéalta freisin, Gaiscíoch na Beilte Uaine (2006) agus Balor (2008) ina measc. Tá saothair nua foilsithe ag An tSnáthaid Mhór ó shin, mar shampla, an tsraith Rita, a chum Máire Zepf agus a mhaisigh Andrew Whitson. Le blianta beaga anuas, tá foilsitheoirí Gaeilge ar nós An tSnáthaid Mhór ag freastal ar an aonach bliantúil idirnáisiúnta do litríocht na n‑óg, mar atá, an Bologna Children’s Book Fair (curtha ar bun in 1963). Díolann siad cearta agus ceannaíonn siad cearta aistriúcháin ag Aonach Bologna, mar atá déanta ag Tadhg Mac Dhonnagáin, bunaitheoir Futa Fata, ón mbliain 2006 ar aghaidh (Mac Dhonnagáin 2013: 131). Tá Futa Fata ag dul ó neart go neart ó shin i leith, ag foilsiú leabhar don aos óg ar aistriúcháin go Gaeilge iad, agus ag díol ceart aistriúcháin do leabhair Ghaeilge, atá ar fáil i dteangacha éagsúla anois (Dunne 2015: 279–97). In ainneoin an rath atá ar Futa Fata, tugann Mac Dhonnagáin agus foilsitheoirí eile le fios go bhfuil siad ag brath ar an maoiniú a fhaigheann siad ó Chlár na Leabhar Gaeilge, ón gComhairle Ealaíon, agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (Ó Cearnaigh 2012: 46Mac Dhonnagáin 2013: 122).

Tháinig fás agus forbairt ar líon na n‑aistriúchán ón mBéarla i luathbhlianta an aonú haois is fiche. Chuir an Gúm roinnt pictiúrleabhar ó pheann Julia Donaldson i gcló: An Garbhán (2000), Scuabtha chun Siúil (2002), agus An Seilide agus an Míol Mór (2004), aistrithe ag Gabriel Rosenstock. D’fhoilsigh Bloomsbury Harry Potter agus an Órchloch (2004), agus d’fhoilsigh Puffin Books Artemis Fowl (2006), an dá cheann aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin. Thart ar an am céanna, d’fhoilsigh Evertype Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (2003) agus An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís (2012), aistrithe ag Nicholas Williams. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Órla Ní Chuilleanáin faoi cheist na n‑aistriúchán:

Tá srian faoi láthair, in 2014, ar na heagraíochtaí príobháideacha foilsitheoireachta atá ag iarraidh leabhair Bhéarla a aistriú mar ní bhfaighidh siad aon mhaoiniú ó Chlár na Leabhar Gaeilge, clár faoi scáth Fhoras na Gaeilge a eagraíonn scéimeanna maoinithe d’fhoilsitheoirí neamhspleácha Gaeilge ‘chun a chinntiú go mbeidh réimse leathan saothair ar ard-chaighdeán Gaeilge ar fáil do léitheoirí’. Ach tá saoirse ag an gcomhlacht Stáit, an Gúm, leabhair Bhéarla a aistriú, ós rud é go bhfaigheann an Gúm maoiniú iomlán ón Stát agus nach bhfuil sé ag brath ar Chlár na Leabhar Gaeilge (Ní Chuilleanáin 2014: 125).

Bhí athrú ar pholasaí Chlár na Leabhar Gaeilge faoin mbliain 2015, agus chuir sé maoiniú ar fáil d’aistriúcháin ón mBéarla ón bpointe sin ar aghaidh. Ní mór a lua, áfach, go raibh rialacha dochta ag baint leis an maoiniú d’aistriúcháin ón mBéarla (féach ar Foras na Gaeilge 2018: 2). Mar a scríobh Sorcha Ní Chéilleachair: ‘D’fhéadfaí a rá gur bhliain mhór na n‑aistriúchán a bhí in 2016 ó thaobh leabhair Ghaeilge na n‑óg de’ (Ní Chéilleachair 2016), óir chuir roinnt mhaith foilsitheoirí aistriúcháin ón mBéarla i gcló. Ón mbliain 2016 ar aghaidh, d’fhoilsigh Futa Fata leabhair ón sraithscéal Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid); d’aistrigh Leabhar Breac leabhair de chuid Roald Dahl; chuir Cló Iar-Chonnacht leabhair ón sraithscéal Dónall Dána (Horrid Henry) agus Bertie Brocach (Dirty Bertie), i gcló, agus leabhair ó shraithscéal Enid Blyton An Seachtar Stuama (Secret Seven). Thosaigh Cló Iar-Chonnacht ag foilsiú leabhar ón sraithscéal An Cúigear Cróga (The Famous Five) cúpla bliain roimhe sin. Le cúig bliana anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na n‑aistriúchán ón mBéarla, agus tá leabhair mhóréilimh David Walliams aistrithe go Gaeilge ag Futa Fata mar chuid de sin. Má fhágtar an Gúm as an áireamh, is cosúil gur aistriúcháin ón mBéarla iad tuairim is leath de na leabhair a foilsíodh don aos óg idir 2016 agus 2021. (Tá an t‑eolas seo bunaithe ar leabharliostaí a sheol foilsitheoirí na Gaeilge chuig údar an ailt seo). I gcomhthéacs na n‑aistriúchán ó theangacha Eorpacha, is gá aitheantas a thabhairt do Dalen Éireann, a dhíríonn ar sheánra na bandes dessinées go príomha. Cuireann Dalen Éireann leabhair ó shraith Tintin (Hergé 2014) agus Asterix (Goscinny 2014) ar fáil sa Ghaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile.

Deich mbliana ó shin, thug roinnt foilsitheoirí agus scríbhneoirí le fios go raibh níos mó leabhar Gaeilge do pháistí á bhfoilsiú in Éirinn ná leabhair Bhéarla den chineál céanna (Ó Raghallaigh 2012: 45; luaite ag Parkinson in Nic Congáil 2012: 11–12). Ní féidir an tuairim sin a dheimhniú toisc nach bhfuil aon eagraíocht ann a choinníonn liosta iomlán de na saothair Ghaeilge a fhoilsítear ach is cinnte go bhfuil forbairt as cuimse tagtha ar litríocht Ghaeilge na n‑óg ó shin i leith, le foilsitheoirí nua (leithéidí LeabhairCOMHAR agus Éabhlóid), agus údair, aistritheoirí agus maisitheoirí nua ag díriú ar sheánraí, ar théamaí agus ar theicnící úra. Mar shampla, nuair a bhí an-rath ar an Twilight Saga le Stephenie Meyer, bheartaigh Orna Ní Choileáin tús a chur le sraithscéal nua sa Ghaeilge, ag tosú le Ailfí agus an Vaimpír (2012). Bhí Laoise Ní Chléirigh ag tógáil ar an seánra sin nuair a chum sí An Uaigh (2013) a bhain leis an mBean Sí. Tá méadú mór tagtha ar líon na mban atá ag scríobh do pháistí le fiche bliain anuas: Áine Ní Ghlinn, Anna Heussaff, Éilís Ní Dhuibhne, Siobhán Parkinson, Áine Uí Fhoghlú, Celia de Fréine, Patricia Forde, Meadhbh Ní Eadhra agus Máire Zepf ina measc. I suirbhé a rinneadh ar scríbhneoirí na Gaeilge sa bhliain 2016, tugadh an méid seo a leanas le fios: ‘Sa litríocht don aos óg amháin atá tromlach ag na mná’ (Heussaff agus Ní Anluain 2016). Níorbh ionann an scéal tríd an bhfichiú haois, mar atá feicthe againn san alt seo. Scríobh cuid de na mná scéalta faoi chailíní ag teacht in inmhe — mar shampla, Maitríóisce (2011) le Siobhán Parkinson agus Faye (2017) le Meadhbh Ní Eadhra — agus fíonn scríbhneoirí eile cúrsaí teicneolaíochta isteach ina bplotaí don aos óg — Hóng (2012) le hAnna Heussaff agus Nóinín (2019) le Máire Zepf, a dtugann an t‑údar ‘a YA [Young Adult] verse novel’ air. Má tá scríbhneoirí mná ar thús cadhnaíochta anois, tá na fir ann i gcónaí, agus saothair á bhfoilsiú ag Seán Mac Mathúna, Mícheál Ó Ruairc, Gabriel Rosenstock, Alan Titley agus, le tamall anuas, Óige Ó Céilleachair agus Richie Conroy. Tá an neamhchothroime inscne le feiceáil go soiléir i ngradaim fhoilsitheoireachta na Gaeilge: ó cuireadh tús le gradaim ‘Leabhair na Bliana’ sa bhliain 2006 go dtí 2022, bronnadh Gradam Réics Carló don litríocht do pháistí ar aon bhean déag agus ar thriúr fear (agus uair amháin bean agus fear le chéile); agus bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin don litríocht do dhaoine fásta ar thrí fhear dhéag agus ar thriúr ban (eolas faighte ó Oireachtas na Gaeilge 2022).

Tá litríocht Ghaeilge na n‑óg fós faoi bhláth ar chúiseanna éagsúla: fás na gaelscolaíochta; foilsitheoirí díograiseacha; toisc go bhfuil teicneolaíocht níos fearr ar fáil; agus mar thoradh ar chomórtais liteartha ar nós Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann (Children’s Books Ireland) agus Gradam Réics Carló, a ghríosaíonn foilsitheoirí chun litríocht ar ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí. Cuireadh ‘Laureate na nÓg’ ar bun in 2010 — ba í an scríbhneoir dátheangach Siobhán Parkinson an chéad Laureate (2010–12) — agus den chéad uair tá scríbhneoir Gaeilge don aos óg, Áine Ní Ghlinn, ceaptha sa ról sin (2020–23), rud a chuireann go mór le stádas litríocht Ghaeilge na n‑óg. Is amhlaidh an scéal i dtaobh an ‘Children’s Writing Fellow for Northern Ireland’, agus ba í Máire Zepf an chéad scríbhneoir sa ról sin (2017–19). Cé go raibh easpa léirmheasanna ar na leabhair do pháistí ag dó na geirbe ag foilsitheoirí agus scríbhneoirí ar feadh i bhfad, tháinig feabhas éigin air sin nuair a bheartaigh Leabhair Pháistí Éireann eagarthóir Gaeilge a earcú dá irisleabhar, Inis (Dunne 2013:149–71). Sa bhliain 2022 d’fhógair Leabhair Pháistí Éireann post buan (páirtaimseartha) d’Oifigeach Gaeilge den chéad uair. Ba cheannródaithe iad na scoláirí Alan Titley agus Máire Uí Mhaicín i dtaobh chur chun cinn litríocht na n‑óg mar ábhar léinn (Uí Mhaicín 1996Titley 2000). Tuairim is deich mbliana ó shin a tháinig borradh faoi litríocht Ghaeilge na n‑óg ag leibhéal na hollscoile: mar thoradh air sin tá monagraf amháin (Ní Chuilleanáin 2014), trí chnuasach aistí, agus thart ar scór aiste acadúil eile foilsithe ar théama litríocht Ghaeilge na n‑óg, chomh maith le tráchtais PhD (Adams 2015Nic Lochlainn 2016Ní Mhulláin 2020), agus modúil ar leith i gcuid de na hollscoileanna.

Le céad bliain anuas, foilsíodh cúpla míle leabhar Gaeilge don aos óg agus, cé nach féidir na saothair uile a lua san alt seo, is féidir teacht ar chuid mhaith de na teidil in innéacsanna agus i saothair acadúla (mar shampla, de hAe agus Ní Dhonnchadha 1938Mag Shamhráin agus Ó Farachtáin 2003Ní Chuilleanáin 2014Adams 2015). Sa tréimhse chéanna, líonadh cuid mhaith de na bearnaí a bhain le litríocht Ghaeilge na n‑óg sa bhliain 1921 — mar shampla, tá ardchaighdeán ag baint leis na léaráidí sna leabhair sa lá atá inniu ann — ach tá bearnaí eile agus bearnaí nua le sonrú i litríocht Ghaeilge na n‑óg. Tá gá le forbairt ar an déagfhicsean agus ar an litríocht d’aosaigh óga (‘young adult literature’), seánra ar leith a tháinig chun solais tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus a bhaineann leis an ‘adolescent’s quest for identity in coming of age’ (Hilton agus Nikolajeva 2016: 9). Tá tuilleadh filíochta don aos óg ag teastáil. Is léir, freisin, go bhfuil easpa éagsúlachta sa litríocht don aos óg atá ar fáil go dtí seo: is annamh a thugann an litríocht sin léiriú ar cheisteanna LADTA+, ar charachtair atá faoi mhíchumas, ar mhionlaigh eitneacha, ar pheirspictíocht na dteifeach agus na n‑imirceach, srl. (Tuairisc.ie 30 Meitheamh 2022; 11 Iúil 2022). Agus ní minic a théann an litríocht chéanna i ngleic le ceisteanna móra ár linne, an t‑athrú aeráide, cuir i gcás. Ar ndóigh, an cheist is bunúsaí ná an bhfuil an leibhéal litearthachta ag daoine óga a ligfidh dóibh an litríocht Ghaeilge a léamh agus a thuiscint. Luadh an cheist seo ag Coiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean le déanaí, agus Tadhg Mac Dhonnagáin den tuairim go bhfuil gá le leabhair ar leith ag díriú ar dhaoine óga a bhfuil Gaeilge mhaith acu (cainteoirí dúchais agus lucht na ngaelscoileanna) agus leabhair eile do pháistí nach bhfuil tumtha sa Ghaeilge: ‘leibhéal sofaisticiúil ó thaobh na síceolaíochta de ar fáil iontu, ach leibhéal na teanga a bheith dírithe ar dhaoine atá ag plé le Gaeilge i scoileanna a mhúineann trí Bhéarla’ (Tuairisc.ie 30 Meitheamh 2022). Is léir go bhfuil éileamh ar shaothair Ghaeilge don aos óg i gcónaí: i mí an Mhárta 2022, bhain Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach an chéad áit amach ar liosta na leabhar sárdhíola do pháistí in Éirinn. Bhí éileamh ar an leabhar mar gheall ar ábhar agus ar mhodh inste an tseanscéil faoi Labhraí Loingseach, agus mar gheall ar chaighdeán na healaíne sa leabhar. Ach bhain an t‑éileamh le feiceálacht agus le margaíocht an leabhair freisin óir rinneadh eagrán speisialta de le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar (Ó Coimín 2022). Is léir, mar sin, gur gá leabhair ar ardchaighdeán a fhoilsiú don aos óg, go bhfuil scileanna litearthachta ag teastáil chun na leabhair sin a léamh, agus go bhfuil tábhacht mhór ag baint le feiceálacht agus le margaíocht na leabhar, le go dtuigfidh daoine óga go bhfuil leabhair Ghaeilge ar fáil dóibh.

Admháil

Tá an t‑alt seo mar chuid de thionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) faoin gclár taighde agus nuálaíochta ‘Horizon 2020’ de chuid an Aontais Eorpaigh (conradh deontais uimhir 802695).

Figiúr