Tá sé lámhscríbhinn ó láimh an scríobhaí Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh (1820–99), ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, ar marthain go bhfios don scríbhneoir seo. Tá trí cinn acu i mBailiúchán Lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iadsan LSS 27, 32 agus 36 sa bhailiúchán. Is é is dóichí ná gur thug Pádraig Feiritéar (1856–1924), fear aondúiche agus gaol gairid leis an Muircheartach, an trí lámhscríbhinn sin leis go Meiriceá sa bhliain 1895; is i measc an 39 lámhscríbhinn a bhronn sé le huacht ar an gColáiste atá siad inniu.
Tá lámhscríbhinn ón mbliain 1846 le Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh i gCnuasach Thorna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (de Brún 1967: 178–179). Cóipleabhar beag A6 gan línte is ea UCC Torna LS 68 atá lomchaite ón dá thaobh, ach ar ámharaí an domhain tá sé glan agus soiléir laistigh. Cóip de Chath Fionntrágha atá ann ó thosach deireadh a chuimsíonn 106 leathanach. Tá go leor sa cholafan doiléir ar an leathanach deiridh a thugann le fios gurb é Tomás Mhicil an scríobhaí agus gurb iad Na Gorta Dubha, Paróiste Dhún Urlann, Co. Chiarraí log a scríofa:
[ . . . ] sgriobhtha le Tom[. . . ] / na Gortaduba an Tocht [. . .] DFeilbrighde an sa (bhliain daois) / [an] Tighearna Eighteen [ . . .] / This (?) . . . Manuscript is / [ . . .] by Thomas Mor[i]a[r]ty / of Blackfields . . .] / [. . .] forty six (UCC Torna 68: 106; de Brún 1967: 179).
Is díol suime go bhfuil ornáidíocht agus maisiú ar an bpeannaireacht i dtosach na lámhscríbhinne seo, tréith nach mbuaileann linn de ghnáth i scríbhneoireacht Thomáis Mhicil. Tá a láimh le haithint go soiléir sa dara leath di, áfach. Bhíodh sé de nós ag scríobhaithe stíleanna peannaireachta éagsúla a chleachtadh ó am go ham, agus tá an dealramh air gur mar sin a bhí ag Tomás Mhicil sa chás seo. Féach mar shampla den nós céanna lámhscríbhinn ón mbliain 1750 leis an scríobhaí ó Chorcaigh Uilliog a Búrc (Ó Murchú 2019). Tá ‘John Murphy, Ballyluskey, July 26th 1855’ sínithe ar lch 106 chomh maith. Is í seo an lámhscríbhinn is luaithe dá bhfuil againn go dtí seo ó láimh Thomáis Mhicil Mac Muircheartaigh.
Ní miste a lua go bhfuil an lámhscríbhinn seo i gclúdach litreach leis an seoladh ‘Manager Bookstore, Connradh na Gaedhilge, 24. O’Connell street, Dublin’ agus 31 Eanáir 1907 ar an stampa poist. Istigh leis an lámhscríbhinn tá nóta ar bhúire páipéir a deir: ‘I send you one of these manuscripts. Hard to unravel. Return if unused to W[illiam] Long Dingle Ballyferriter’. Tábhairneoir ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí (Tigh an tSaorsaigh inniu) ab ea Liam Ó Lúing, fear a raibh teist an léinn agus na leabhar air ina lá.
Tá lámhscríbhinn mhór 354 leathanach scríofa ar pháipéar cléirigh atá ábhairín níos mó ná A4 i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ AB0032/01; de Brún 1988: 4). De réir roinnt colafan thall is abhus is i mí na Nollag 1860 a scríobhadh formhór an leabhair seo. Scéalta móra mar ‘Trí Thruadh na Scéalaíochta’, Oidheadh Chlainne Tuireann, Oidheadh Chlainne hUisneach agus Clann Lir is mó atá inti. Tá leagan breá de Agallamh Oisín is Phádraig (lgh 157–244) inti, dánta polaitiúla mar Tuireamh na hÉireann le Seán Ó Conaill agus A Bhanba is feasach dom do scéala le hAodh Buí Mac Cruitín, ábhar beag barántas agus mar sin de. Go deimhin, is as an leabhar seo a thóg An Seabhac an laoi shuaithinseach sin Laoi na Con Duibhe agus is é a deir sé ina thaobh go raibh sé:
. . . den ádh go bhfuaireas ar iasacht lámhscríbhinn a dhein fear darbh ainm Tomás Ó Muircheartaigh i bParóiste an Fhirtéaraigh, tuairim na bliadhna 1860 nó 1861, agus sa scríbhinn sin fuaireas Laoi na Con Duibhe slán mar atá sé anso síos agam. Ní heol domsa an laoi seo a bheith le faghail slán i n-aon áit eile . . . (Ó Siochfhradha 1939: 13).
Dála an scéil, tá nóta beag gleoite taobh istigh de chlúdach tosaigh CBÉ AB0032/01 a deir linn gurb é An Seabhac a chuir an clúdach air: “An Seabhac’ a chuir an clúdach so orm ar a thruaighe leis me bheith nochtuighthe mar bhíos 12/12/1934’.
Is deacair a bheith láidir air, ach tharlódh gur chuir Tomás Mhicil roimhe rogha den abhar a bhí bailithe aige i gcaitheamh na mblian, agus a bhí scríofa i gcóipleabhair bheaga dhearóile mar UCC Torna LS 68, a chóipeáil isteach sa leabhar breá seo chun ‘bolg-scríbhinn’ a chur le chéile. Tá cóip neamhchríochnaithe de Chath Fionntrágha i ndeireadh na lámhscríbhinne seo atá, ón méid a scrúdaíodh di ach go háirithe, focal ar fhocal mar an gcéanna leis an leagan den gCath atá in UCC Torna LS 68. Ba dhóigh le duine, leis, i bhfianaise nóta William Long a luadh thuas, ‘I send one of these manuscripts’, go raibh níos mó de na leabhráin seo ann tráth den saol. Níor chás a rá chomh maith, go bhfuil dul maith ann go bhfuil a thuilleadh de na leabhráin bheaga seo ar marthain, mar táid chomh beag agus chomh caol sin gurbh fhuirist iad a shleamhnú isteach i seanleabhar nó taisceadán. Le cúnamh Dé tiocfar ar chuid acu fós i gcúil éigin faoi mar thángthas ar lámhscríbhinn an Mhúsaeim a phléifimid anois.
Ní raibh eolas ar an séú lámhscríbhinn, is í sin lámhscríbhinn an Mhúsaeim, go dtí gur oscail duine de mhuintir Chinnéide ó Bhaile Móir, Paróiste Fionntrá, sliocht an scríobhaí, seantrunca ina raibh cóip chlóite d’aistriúchán Béarla de Annála Ríoghachta Éireann (Mac an tSíthigh 2019). Sáite isteach sa leabhar is ea a bhí an lámhscríbhinn bheag 32 leathanach. Dhá théacs atá sa lámhscríbhinn, Eachtra an Amadáin Mhóir, 159 rann, agus dán dar céad líne A fhortail fhir don bhorbfhuil na bhféinniodh mear, 6 véarsa (Ó Murchú 2023). Thug muintir Chinnéide an leabhar agus an lámhscríbhinn seo ar iasacht do Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus tá siad ar taispeáint ann inniu.

Pictiúr 1: Músaem Chorca Dhuibhne LS 1, leathanach tosaigh. Tá tairne cruaiche á ceangal.
Is léir go raibh lámhscríbhinní eile ag an Muircheartach tráth dá raibh ach tá an dealramh air gurb é an leabhar toirtiúil atá i gCnuasach Béaloideas Éireann an ceann ba mhó agus ba thábhachtaí a bhí aige ós rud é gur bhaist Pádraig Feiritéar ‘bolg-sgríbhann Tomáis Mhicil Thomáis Uí Mhuircertaig ó Bhaile an Fherritéraig’ uirthi nuair a chóipeáil sé roinnt barántas aisti isteach ina leabhar féin ar Fheorainn Bhaile an Chalaidh, Paróiste Dhún Urlann, mar a raibh múchán tí ag a mhuinitir tar éis a ndíshealbhaithe ón mBaile Uachtarach sa bhliain 1887 (Ó Sé 1970: 120–1), idir 30 Eanáir agus 4 Feabhra 1895, laethanta beaga sular chuaigh sé ar bord loinge go Meiriceá (UCD Feiritéar LS 1: 464–470). Tá dearbhú againn ó Phádraig Feiritéar gur as leathanaigh 244 (Pictiúr 2), 245, agus 246 a thóg sé an t-abhar agus go deimhin is ar na leathanaigh sin atá na barántais chéanna sa lámhscríbhinn atá i gCnuasach Béaloideas Éireann.

Pictiúr 2: CBÉ AB0032/01, lch 244. ‘Bolg-scríbhinn’ le Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh. Deireadh ‘Agallamh Oisín is Phádraig’ agus tosach Barántas an Hata le hEoghan Rua Ó Súilleabháin.
Insíonn colafan atá scríofa as Béarla in UCD Feiritéar LS 27 (lch 18) dúinn go raibh Tomás Mac Muircheartaigh ag scríobh i dteannta dhá scríobhaí eile, beirt dearthár ní foláir, darbh ainm Tomás Uilliam agus Séamas Uilliam Mac Gearailt ó na Gorta Dubha, Paróiste Dhún Urlann i mí Feabhra 1849 (Ní Úrdail 2019a: 156). Is é Tomás Uilliam a scríobh an nóta agus deir sé linn go raibh sé ar tí aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá; tá seans maith ann mar sin gurb í seo an lámhscríbhinn dheireanach a scríobh an triúr i bpáirt le chéile. Deir colafan an Ghearaltaigh, chomh maith le ceann eile ar leathanach 34 i láimh an Mhuircheartaigh, gur ‘ón mBaile Uachtarac[h]’ ab ea ár scríobhaí-na Tomás Mac Muircheartaigh an uair sin (Ní Úrdail 2019b: 197, n. 55, 204). Tugtar faoi ndeara, leis, gur le ‘Mac’ a scríobhadh ár scríobhaí a ainm i gcónaí ach gur le ‘Ó’ a théann a shliocht inniu. Is díol suime gur ‘Tomás Ó Muirchertaig’ a thugann Pádraig Feiritéar air ina lámhscríbhinn féin (UCD Feiritéar LS 1: 293).
Léiríonn teastas baiste gurbh é Michael Moriarty nó Micil Thomáis Mhicil Ó Muircheartaigh a bhí ar na Gorta Dubha ach a d’aistrigh go dtí An Baile Uachtarach ina dhiaidh sin, athair Thomáis Mhicil scríobhaí a href=”#ref40″>(Teastas 1). Duine de mhuintir Mhainnín na nGort nDubh ab ea a mháthair, Caitríona Ní Mhainnín. Ba é Captaen Bhád na nGort nDubh (de Mórdha 2018) Mícheál Mór Ó Mainnín a hathair sin agus ba í a deirfiúr, Neil Ní Mhainnín, máthair Phádraig Feiritéar scríobhaí. Fágann sé sin go raibh Pádraig Feiritéar agus Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh a dó is a dó le chéile, cé ó thaobh aoise de gur le glúinte difriúla a bhaineadar. Is é is dóichí mar sin gur bhronn Tomás Mhicil an trí lámhscríbhinn atá i mBaile Átha Cliath inniu ar Phádraig Feiritéar uair éigin sular ardaigh Pádraig a sheolta leis go Meiriceá. Tugann an t-eolas seo éachtaint bheag dúinn ar chonair oiliúna an Fheiritéaraigh, óir ba dhóigh le duine go mbeadh tionchar nach beag ag a chol ceathrar léannta ar an bhfear óg a chuir oiread suime i léann dúchais a thíre féin.
Phós Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh Máire Éamoinn Ní Mhuircheartaigh (1825–1900), iníon le hÉamonn Dhonncha Ó Muircheartaigh ó Ard na Caithne ar an 15 Feabhra 1846 a href=”#ref41″>(Teastas 2). De réir an tseanchais, agus is dealraithí é a bheith fíor, bhí mac ag Éamonn Dhonncha a maraíodh nuair chuaigh sé le haill le beart feamnaí. Agus a chroí briste, bheartaigh Éamonn ar dhul go Meiriceá agus scaoil lena chuid talún in Ard na Caithne. Ghlac sé áfach, seilbh cíosa ar thalamh i mBaile an Fheirtéaraigh agus bhronn sé ar a iníon Máire é. Socraíodh cleamhnas agus deineadh cliamhain isteach de Thomás Mhicil (Mac an tSíthigh 2024). Is dealraitheach, áfach, nár aistrigh an lánú phósta go dtí Baile an Fheirtéaraigh ach a bpósadar ós rud é go bhfuil an bhliain 1849 agus An Baile Uachtarach luaite le Tomás Mhicil in UCD Feiritéar LS 27.
Is in UCD Feiritéar LS 32 atá an chéad tuairisc eile againn ó Thomás Mhicil Mac Muircheartaigh. Breacadh í idir 15 Eanáir agus Lá ’le Bríde 1856 (Ní Úrdail 2019b: 205). Tugann sé le fios gur ‘ó Bhaile N’firtéirig’ dó an uair seo (UCD Feiritéar LS 32: 246); is é sin an áit a dtugtar Baile an Fheirtéaraigh Thiar air inniu. Luann sé an dáta 24 Eanáir 1857 i Músaem Chorca Dhuibhne LS 1 (lch 24 agus Pictiúr 3 anseo), agus an dáta 17 Meitheamh 1857 i Feiritéar LS 36 (lch 24). Tá an dáta 29 Nollaig 1860 ar lch 107 den ‘bholg-scríbhinn’ (CBÉ AB0032/01); níl aon tuairisc chruinn againn ar aon saothar eile ó láimh Thomáis Mhicil ina dhiaidh seo.

Pictiúr 3: Colafan le Tomás Mhicil i Músaem Chorca Dhuibhne LS 1, lch 24.
Tá an scéal ann fós inniu in iarthar Chorca Dhuibhne gur dhíol Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh bó ar aonach an Daingin chun cóip de Annála Ríoghachta Éireann a cheannach.
Tá gach cosúlacht air gur fíor é an scéal agus an t-aistriúchán a rinne Owen Connellan de na hAnnála, The Annals of Ireland (Connellan 1846) i Músaem Chorca Dhuibhne inniu fairis an lámhscríbhinn. Cé go ndeir Seán Ó Lúing gur tuairim na bliana 1851 a thit sé seo amach is é is dóichí de gur sa bhliain 1857 a ceannaíodh an leabhar óir tá ainm Thomáis sínithe laistigh; shamhlódh duine nach ndéanfadh scríobhaí mar é aon mhoill a mharc a chur ar leabhar chomh luachmhar leis: ‘Tomas Mac Muircheartadh ó Bhaile N’firtearaig / Sgriobhtha an cúgamhadh la deag do mídh na bealtuinne / an sa mbliadhain Daois an Tighearna / fuasgaltóir na Cinne Daona 1857’ (Pictiúr 4). Ní miste dúinn a lua go raibh angar an Drochshaoil go láidir fós i gCorca Dhuibhne sna 1850idí agus go gcuirfeadh scéal díol na bó chun leabhar a cheannach ionadh agus fiú uafás ar na daoine. Cheap Seán Ó Lúing dán ar an eachtra. Ní heol dúinn an cruinn na mionsonraí ach fear ab ea Mac Uí Lúing nach mbíodh riamh róscartha ón gceart. ‘Seacht nginí’ luach na bó agus is ar an gcé thiar mar a bhfuil Sráid na Trá sa Daingean inniu a ceannaíodh an leabhar, más fíor:
Ar an mbaile muar bhí an deoch á thuar agus buíonta aduaidh ag glaoch air,
ní raibh call le gruaim le dán a lua ó thús go deireadh lae thiar,
ach ní tábhairne an óil a chleacht Tomás na Bó ná glagar phóit-lucht tréigthe,
a chás ba mhó ná triall gan stró ar an margadh leabhar cois Cé thiar. (Ó Lúing 1975: 9).
Leabhar neamhghnách ab ea aistriúchán Owen Connellan de na hAnnála an uair sin féin agus bhí cóipeanna de ag díol ar airgead mór ó 13 go 25 scilling sna 1850idí (Sharpe agus Hoyne 2022: 850). D’fhéadfaí a rá mar sin gur duine ann féin ab ea Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh. Fear a raibh léamh agus scríobh na Gaeilge aige, fear léannta agus fear diongbháilte.

Pictiúr 4: A chóip féin sínithe ag Tomás Mac Muircheartaigh ar lch iii de The Annals of Ireland a d’aistrigh Owen Connellan agus a foilsíodh sa bhliain 1846. Tá sé ar coimeád i Músaem Chorca Dhuibhne inniu.
Deir an bailitheoir seanchais ó Bhaile Eaglaise i bParóiste Dhún Urlann Tomás Mac Síthigh (1908–1983) go mbíodh máistrí gearra ag gabháil timpeall a pharóiste dúchais sna 1830idí. D’fhanaidís i dtithe áirithe ina bhfaighidís bia agus iostas in aisce agus chuiridís scoil scairte ar bun d’abhar scoláirí. Fodhuine, sin uile, a chaitheadh aon tamall fiúntach iontu. Ar dhuine de na máistrí gearra seo bhí Ríordánach áirithe agus is ar na Gorta Dubha a d’fhanadh sé. Scoláire bocht de shórt ab ea é agus ardeolas aige ar an nGaeilge agus ar an ‘sean-Ghaeilge’, is é sin ní foláir, sainréim na lámhscríbhinní déanacha. Deir Tomás Mac Síthigh linn gurbh é an Ríordánach seo a mhúin léann na lámhscríbhinní Gaeilge do Thomás Mhicil Mac Muircheartaigh (Mac Síthigh 1984: 140–141). Más fíor é sin tá seans maith ann gurbh é a mhúin an dá Ghearaltach thuasluaite chomh maith. Ní heol dúinn go díreach cad as a tháinig an Ríordánach seo, sloinne neamhchoitianta i gCorca Dhuibhne, murab é ‘Mícheál Ó Ríoghbhardáin ó uachtar Chois Leamhna’ é a luann Pádraig Feiritéar in alt leis a thagraíonn do ghaiscí na Mainníneach, muintir a mháthar, siar amach (Feiritéar 1920: 72). Ní hionadh dúinn ceangal a bheith ag an mbrainse seo Mainníneach le fear ó uachtar cois Leamhna ós rud é gur ó Chill Orglan díobh an chéad uair (Ó Mainín gan dáta: mír uimhir 8). Mar bhreis air sin deir Séamas Goodman i litir a scríobh sé go dtí Seán Ó Dálaigh (1800–1878) sa bhliain 1851 gur thóg sé síos dán ‘álainn’ 28 v. Chonairc sa’n bhean ag teacht an tárd anall a cheap Cearbhall Ó Dálaigh (fl.1630) ‘ó bhéal Michéil Uí Riardain a gcontae Chiaruidhe’ (Ó Donnchadha 1944: 27). Ní bheimis ag dul thar fóir, dar liom, dá dtuairimeoimis gurbh ionann an máistir gearra Ó Ríordáin, Mícheál Ó Ríordáin na Leamhna agus an Mícheál Ó Ríordáin léannta a thug an dán suaithinseach do Shéamas Goodman. Ba dhóigh le duine áfach, go mbeadh greim éigin ar an léamh agus ar an scríobh ag Tomás Mhicil sular bhuail sé leis an Ríordánach seo riamh, pé acu an sa Bhéarla nó sa Ghaeilge é, nó sa dá theanga acu.

Pictiúr 5: Músaem Chorca Dhuibhne LS 1. Ranna as Laoi an Amadáin Mhóir a bhreac Tomás Mhicil i Lámhscríbhinn an Mhúsaeim.
Scríobh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne
Is beag trácht atá déanta ar stair scríobh lámhscríbhinní na Gaeilge i gCorca Dhuibhne sa tréimhse roimh agus tar éis an Ghorta Mhóir go dtí ré Phádraig Feiritéar, fear nach raibh ach tuairim is bliain d’aois nuair a cheannaigh Tomás Mhicil na hAnnála. Tá, áfach, trácht ar fhear eile a bhí comhaimseartha leis an Muircheartach, is é sin Séamas Goodman (1828–1896), a d’fhás suas ar an taobh theas de Chruach Mhárthain i bParóiste Fionntrá; faightear, mar shampla, léargas maith ar oidhreacht Goodman sa chnuasach aistí sin An Canónach Séamas Goodman (Ó Fiannachta: 1990). Tugann colafan le Pádraig Feiritéar le fios go raibh aithne an léinn ag Tomás Mhicil agus Goodman ar a chéile óir bhí leabhar leis an ministir i seilbh Thomáis Mhicil sa bhliain 1894: ‘Críochnaighthe as lámh sgríbhan Shéamais Goodman, Mhinistir Sgibirín, a fuairas ó Thomás Ó Muirchertaig ó Bhaile an Fherrtéaraig, dia domhanaig 4.3.1894. P. Ferrtéar’ (UCD Feiritéar LS 1: 293).
Bhí an ‘Irish Society’ gníomhach laistiar de Dhaingean Uí Chúis ón mbliain 1836 agus cigire darbh ainm Tomás Ó Dúnlaing fostaithe acu chun bonn dúchasach a chur faoin gcumann ag súil is go n-iompódh gnáthmhuintir na háite go dtí an Protastúnachas. Tá tuairimithe gur fhile agus scríobhaí ab ea Ó Dúnlaing a thug camchuairt ar Chiarraí ar fad agus a mheáigh go raibh tuairim is 200 duine a raibh léamh lámhscríbhinní Gaeilge acu scaipthe ar fuaid an chontae an uair sin (de Brún 2009: 217–218). Bhí an ‘Irish Society’ ann chun léamh an Bhíobla agus an creideamh Protastúnach a mhúineadh do na daoine agus bhainidís úsáid as múinteoirí Gaeilge chun a n-aidhmeanna a chur i gcrích. Níor ghá go mbeadh na múinteoirí a bhí acu ina bProtastúnaigh agus bhí fáilte roimh Chaitlicigh ina scoileanna; chuirtí oiliúint trí mheán na Gaeilge ar fáil in aisce. Faoin mbliain 1836 bhí fiche múinteoir Gaeilge ag obair don ‘Irish Society’ sa dúiche agus bhí tuairim is 120 duine de bhunadh na háite ag léamh an Bhíobla Phrotastúnaigh as Gaeilge. ‘Cat Bracks’ a thugtaí go seanbhlastúil orthu siúd a ghlacadh páirt sa léitheoireacht seo (Ó Mainín 1973: 45–46; de Brún 2009: 113). Tháinig fear eile isteach sa dúiche sa bhliain 1838, cainteoir dúchais Gaeilge ón Daingean darbh ainm Tomás Ó Muircheartaigh nó an Reverend Thomas Moriarty; Tomás an Éithigh a thugadh muintir na háite go drochmhaitheasach air. Céimí de Choláiste na Tríonóide ab ea é agus bhunaigh sé coláiste ullmhúcháin d’abhar ministrí i gCeann Trá sa bhliain 1839 (MacMahon 2021: 103–123). Tharlódh go raibh a bheag nó a mhór de thionchar ag na feachtais seo ar an bhfoghlaim a cuireadh ar Thomás Mhicil Mac Muircheartaigh as a óige.
Scríobhaithe agus lámhscríbhinní i gCorca Dhuibhne
Bhíodh Seán de Nógla (†1889) ina chónaí i nDaingean Uí Chúis ag scríobh agus bhí teacht ag Pádraig Feiritéar ar chuid dá lámhscríbhinní (UCD Feiritéar LS 1: 98). D’fhaigheadh an Nóglach dánta ó lámhscríbhinní a bhíodh ag tincéir darbh ainm Seosamh Ó Loinsigh. Bhíodh an Loinseach siúlach ar na dúichí lasmuigh agus soláthar foinsí aige. Bhí, cuir i gcás, ‘Caoineadh Phiarais Feiritéar’ nó Do chonnac aisling ar maidin an lae ghil, a leagtar ar Shéafraidh Ó Donnchú an Ghleanna sa lámhscríbhinn, ar cheann de na dánta a tháinig ó leabhar an Loinsigh seo (UCD Feiritéar LS 1: 27; Ó Sé 1970: 127). Bhíodh Seán Ó hAodha ó Fhear Manach (†1863), a dtugtaí An Scoláire Bán air, sa dúiche. Scríobhaí ab ea é a bhfuil naoi gcinn de lámhscríbhinní leis ar marthain inniu. Tuigtear dúinn gur chaith sé formhór a shaoil ag taisteal na Mumhan, i dTiobraid Árann agus sna Déise go háirithe; is i gCorca Dhuibhne a cailleadh é (de Brún 1972: 77–80). Scríobh sé amhrán síos do Thomás Mac Ceannaigh ó Bhaile Uí Shé, gar don Daingean sa bhliain 1834 (UCD Feiritéar LS 1: 20; de Brún 1972: 80). Bhíodh lámhscríbhinní ag Míleadh Ó Dálaigh i gCaisleán Ghriaire (UCD Feiritéar LS 1: 53). Soir ó Dhaingean Uí Chúis bhí ar a laghad dhá lámhscríbhinn i seilbh Shéamais Uí Ghrífín ó Thobar na Múdán i gCinn Aird. Cóip de Eochair-sgiath an aifrinn le Séathrún Céitinn ab ea ceann acu (UCD Feiritéar LS 1: 412, 831). Cá bhfios dúinn ná go raibh gaol aige seo leis an scríobhaí Tomás Ó Grifín (1829–1896) a bhí ar an Rinn Bhuí, an baile fearainn taobh thuaidh de Thobar na Múdán, agus a chuaigh go Meiriceá sa bhliain 1850. Tuairimíonn William J. Mahon gurbh é Tomás Ó Cruimhin (Grifín) a bhí i mBaile an Ístínigh, baile fearainn díreach in aice leis an Rinn Bhuí, a chuir oiliúint ar Ghrífíneach Mheiriceá (Mahon 2007: 20). Tá trí lámhscríbhinn le Ó Cruimhin ar marthain inniu (de Brún 1986: 124). Tagraíonn Mahon do scríobhaí eile, Pádraig de Londra, a bhí i gCeann Trá agus aithne mhaith aige ar Goodman Mahon 2007: 20; de Brún 2009: 91). Tá an chuma air gur pháirtí don Scoláire Bán ab ea an Londrach seo chomh maith (de Brún 1972: 83).
File a bhí thiar i nDún Chaoin agus léamh na Gaeilge aige in aimsir Thomáis Mhicil ab ea Séamas Bán Ó Conchúir; is é a cheap an t-amhrán An Cnoicín Gearra Fraoigh, de mhaoil a mheáig amach i dtábhairne i Luimneach, más fíor (Ó Dubhdha 1933: 146). D’fhág Séamas Goodman nóta i gceann dá chuid lámhscríbhinní, is dealraitheach, gur ‘a good Irish scholar’ ab ea an Conchúrach agus deirtear go mbíodh an Bíobla Gaeilge á léamh aige do mhuintir Dhún Chaoin (Ó Mainín 1973: 64), dá bhrí go raibh idir fhilíocht agus léamh na Gaeilge aige. Deir Muiris ‘Kruger’ Caomhánach (1894–1971) go raibh lámhscríbhinn Ghaeilge i seilbh a athar, Seán Dónaill Ó Cíobháin, go raibh léamh na Gaeilge ar a thoil aige agus go raibh ardmheas ag muintir Dhún Chaoin ar an léann riamh (Caomhánach 1970). Ní miste a lua go ndeir Charles Smith go raibh scoil Laidine i nDún Chaoin timpeall na bliana 1756, tráth a raibh sé féin ag scríobh (Smith 1969: 191). Comhaimseartha leo seo bhí Seán Ó Duinnshléibhe (1812–1889), file ón mBlascaod Mór. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag Seán mar is léir ón gcuntas a thug Tomás Ó Criomhthain ar scríobh síos na ndánta dó in An tOileánach, ach féach mar sin féin gur thuig an file go raibh slánú na ndánta in iad a bhreacadh (Ó Coileáin 2002: 103).
Oidhreacht na filíochta i gCorca Dhuibhne
Bhí ar chumas Sheáin Uí Dhuinnshléibhe réimse leathan meadarachtaí aiceanta a tharraingt chuige féin agus iad a láimhseáil leis an líofacht chéanna is bhí ag na filí a bhí suas sa Mhumhain céad bliain roimhe. Níor ghá do dhuine foghlamtha ach an dán grinn úd Asal an Chlúimh a léamh nó a chlos mar shampla amháin de shlacht na cumadóireachta agus d’ionramháil cheolmhar na gcomhfhuaimeanna ó leathrann go chéile; tá teacht air seo agus ar dhánta eile Sheáin Uí Dhuinnshléibhe sa Duanaire Duibhneach (Ó Dubhda 1933: 73–74). Is fíor gur chaith An File Ó Duinnshléibhe tréimhsí dá shaol sna dúichí lasmuigh ag spailpínteacht, chomh fada ó bhaile le Cill Chainnigh de réir dealraimh (ainm.ie: Ó Duinnshléibhe). Is é is dóichí áfach, ná gur ar lic an tinteáin a cuireadh bonn faoin bhfoghlaim a fuair Seán Ó Duinnshléibhe ar a shiúlta mar gurbh fhile ‘maith’ ab ea a mháthair Eibhlís Ní Shé ó Pharóiste Fionntrá. Deir Bríde Ní Chíobháin ó Ghleann Loic i nDún Chaoin linn chomh maith, go raibh ‘amhráin’ na máthar ‘caillte’ ina haimsir féin (Tyres 1974).
Nuair a mhol Seán Ó Duinnshléibhe saoirseacht bád hAirtní Chaisleán Ghriaire ina amhrán Beauty deas an Oileáin (1880) sheas bean chéile an tsaoir deochanna dó sa Daingean chun a buíochas a chur in iúil, is le dán eile ag moladh a flaithiúlachta a chúitigh Ó Duinnshléibhe a gníomh fial leis an mnaoi (Ó Beoláin 1973: 132–133). Nuair a chum bean chéile Mhichíl Uí Súilleabháin, file eile a bhí san Oileán le linn Sheáin, ceathrú ag déanamh leibhéil ar bhean Sheáin d’fhreagair sé í le véarsaí géara dá chuid féin (Ua Maoileoin 1960: 93; Mac Cárthaigh 1991: 126). Ní raibh in iarracht na mná ach ‘bínsín’ dar leis, ach mar sin féin bhí gearradh agus cóngar cainte ina ceathrú, léiriú ar a shaibhre is a bhí ceard na filíochta san Oileán an uair sin. Véarsa, dála an scéil, a mbeadh díspeagadh ag baint leis go minic agus a thagann, b’fhéidir, ón bhfocal Béarla ‘verse’, is ea ‘bínsín’. Tharlódh áfach, gur ón bhfocal ‘bench’ a thagann sé, ‘binse an bhreithimh / an rí’, agus gur as cleachtas na gcúirteanna éigse teidil agus téarmaíocht an dlí a úsáid ach a mbídís ina suí a d’eascair sé an chéad uair.
Amuigh i nDún Chaoin sa tréimhse chéanna bhí Gobnait Ní Chinnéide agus Neil de Mórdha in achrann a chéile agus iad ag seoladh véarsaí siar is aniar os comhair an phobail. Gobnait ag cur i leith Neil agus a hiníon Céití gur thugadar braon diabhlaí ón Sáspan Dubh dá mac chun é a mhealladh uaithi go dtí a dtigh féin (Ó Murchú 2018; 2025). Téimis ó thuaidh agus siar glúin eile go dtí Máire Ní Chonaill (circa †1847) ó Bhaile Reo, i bParóiste Chill Chuáin. Is léir ar an marbhna breá a cheap sí don Athair Muiris Ó Cuill, A Athair Muiris Uí Cuill mo mhíle léan tu, blianta éigin roimh 1839, go raibh an fhilíocht go smior inti. Aon véarsa déag i meadaracht chruinn aiceanta an chaointe atá ann, an déantús céanna a bhí ag Piaras Feiritéar ina chaoineadh do Mhuiris mhac an Ridire Mac Gearailt tuairim is 200 bliain roimhe sin (Ua Duinnín 1934 agus Ó Murchú 2019). Deir Pádraig Feiritéar gur dall ab ea Máire Ní Chonaill agus gur cheap sí amhrán ar an Athair Brasby a d’iompaigh ar an gcreideamh Protastúnach sa bhliain 1844 (UCD Feiritéar LS 1: 821–822; de Brún 1969: 38, nóta 1). Comhaimseartha le Máire Ní Chonaill, bhí file eile tamaillín soir ón Daingean i Lios Póil darbh ainm Pádraig Ó Briain. Saor cloiche ab ea é agus tuigtear gur dánta diaga is mó a cheap sé; níl ach fíorbheagán dá shaothar ar marthain inniu (Mahon 2007: 12). Is féidir linn dul siar tamall eile mar is cosúil gur ó na blianta déanacha den 17ú haois, nó luath san 18ú haois, a thagann déantús 18 v. ar a dtugtar ‘Gleann Stuinge’, Gleann Stuinge gan amhras thar ghleanntaibh na hÉireann. Dán molta is ea é seo ar thigh uasal a bhí i nGleann Stainge sa Bhaile Uachtarach Thiar in aimsir chlann mhac Phiarais Feiritéar taoiseach (UCD Feiritéar LS 1: 359–360). Is léir mar sin ón méid sin romhainn gur mhair seanghnás na filíochta sa cheantar roimh agus i ndiaidh an Drochshaoil, ní áirím véarsaíocht éadrom nó déanamh ‘bínsíní’ a bhí ina rith agus ina rian sa dúiche ar fad suas go dtí ár n-aimsir féin (Ó Murchú 2025).
Tar éis dúinn an méid sin a mheá is féidir linn a rá go raibh gnásanna ársa an chultúir Ghaelaigh, idir chumadóireacht agus scríobh, á gcleachtadh in iarthar Chorca Dhuibhne sa naoú haois déag. Tá, áfach, bearna mhór fholamh ó ré Phiarais Feiritéar (circa 1600–1652), fear a raibh duanaire filíochta aige is dealraitheach, go dtí aimsir Thomáis Mhicil. B’fhuirste a shamhlú más ea go raibh filí stuama sa dúiche ar shála Phiarais faoi mar bhí Ó Duinnshléibhe ina ré féin. Tá a rian sin go soiléir, cuir i gcás, ar shlacht an chaointe a cheap Máire Ní Chonaill Bhaile Reo. Ní móide áfach, go raibh leithéidí Aogáin Uí Rathaille nó Eoghain Rua Uí Shúilleabháin i ndiaidh Phiarais óir ba dhóigh le duine go mbeadh trácht éigin ar an té sin fós inniu. Dar ndóigh, filí ardléannta a bhí oilte i scríobh agus i seanchas ab ea iadsan a fuair oiliúint áirithe foirmiúil as a n-óige. Fairis sin ní heol dúinn má bhí scoil éigse d’aon saghas i gCorca Dhuibhne riamh. Go deimhin, níl eolas cinnte againn ar aon fhile sa cheantar a raibh léamh agus scríobh na Gaeilge aige ó aimsir Phiarais go dtí deireadh an 19ú haois. Ní mór ná go bhféadfaí a rá gurbh é Mícheál Ó Gaoithín (1904–1974), an chéad duine sa dúiche a chleacht an dá cheird le dúthracht; ní áirítear ‘An Spailpín’, Séamas Ó Muircheartaigh (1877–1927), de chionn gur i Meiriceá a bhí sé sin. D’fhéadfaí a rá mar sin gur le cumadóireacht bhéil a bhain an fhilíocht i gCorca Dhuibhne riamh agus gur eisceacht ab ea Piaras Feiritéar.
Tionchar Chiarraí Thuaidh
Ní fheadar i ndáiríre an cruinn tuairim Phádraig Uí Fhiannachta, gur le Corca Dhuibhne a bhain Séamas Ó Fiachtain, an té a chum ‘Barántas an Phocáin’ sa bhliain 1775, agus más rud é gurbh ea, ní móide gur d’iarthar Chorca Dhuibhne dó (Ó Fiannachta 1991: 29–30; 1978: 95–97). Ach is díol spéise é gur i Lios Tuathail a bhí Séamas Ó Fiachtain nuair a fuair sé a bheith aige ón bpocán gabhair bradach. Tá eolas maith againn ar dhream filí agus scríobhaithe a bhí ag feidhmiú sa dúiche sin, is é sin i mbarúntacht Oireacht Uí Chonchubhair i gCiarraí Thuaidh. Is i ‘gCúirt na Sua’ a thagaidís le chéile sna blianta c. 1760–1825; is ar Uilliam Ó Leannáin is fearr a bheadh aithne inniu (de Brún 1963: 17). Ach nuair a thosaigh an Béarla ag brú isteach ar Chiarraí Thuaidh ó lár an 19ú haois i leith is ea a tháinig cúngú ar an gcultúr Gaelach agus dá bhrí sin teip ar an gCúirt. Is timpeall an ama chéanna, is dealraitheach, a tháinig an borradh beag ar scríobh lámhscríbhinní i gCorca Duibhne. Is díol spéise é gur i lámhscríbhinn le Mártan Ó Gríofa (ARÉ 24 L 22: 108), scríobhaí ó Chill Rois i gCo. an Chláir, ach a raibh baint aige le scríobhaithe Oireacht Uí Chonchubhair, a d’aimsigh Pádraig de Brún ceann de dhánta Uilliam Uí Leannáin. Go deimhin, tá sé áirithe ag an Ollamh de Brún go raibh baint mhór ag filí Oireacht Uí Chonchubhair le lucht filíochta an Chláir an uair sin (de Brún 1963: 13–18). Tugtar faoi ndeara gurbh ó bholg-scríbhinn Thomáis Mhicil a tháinig ‘Barántas na Casóige’ a cheap Séamas Ó Catháin ón mBrosnaigh sa bhliain 1775 (CBÉ AB0032/01: 260–261; UCD Feiritéar LS 1: 464; Ó Fiannachta 1978: 60–62). Is díol suime é, leis, gur i lámhscríbhinn le Mártan Ó Gríofa atá an t-aon chóip eile den dán aiceanta atá i lámhscríbhinn an Mhúsaeim agus go bhfuil gaol téacsúil soiléir idir leagan Uí Ghríofa agus an leagan a scríobh Tomás Mhicil ina leabhairín beag féin tuairim is dhá bhliain déag ina dhiaidh (Ó Murchú 2023: 246). Ní hamháin sin ach is beag atá idir chóip Uí Ghríofa agus cóip Thomáis Mhicil de Eachtra an Amadáin Mhóir atá sa dá lámhscríbhinn chéanna leis an dán aiceanta.
Tá an chuma air gurbh ó thimpeallacht liteartha Oireacht Uí Chonchubhair a d’eascair cuid de na foinsí a bhí ag Tomás Mhicil Mac Muircheartaigh agus a chomhscríbhneoirí Duibhneacha i lár an 19ú haois. Ní hionadh dúinn é seo, dar ndóigh, agus an triall a bhíodh ar bhaile an Daingin agus a fhios againn go raibh dream beag léannta ar an mbaile sin agus suim acu i lámhscríbhinní. Is deacair a mheá go cruinn ón tuairisc ghearr seo a mhinicí agus a dhúthrachtaí is a bhíodh an bhuíon bheag scríobhaithe seo ar an bpeann, uair umá seach is dóichí de, seachas go coitianta.
Tá ráite ag an Ollamh Meidhbhín Ní Úrdail ina haiste ar Phádraig Feiritéar go bhfuil gá le scrúdú ceart a dhéanamh ar stair scríobh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne (Ní Úrdail 2019a: 180). Lena ais ní mór staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar stair na filíochta féin sa tréimhse idir Piaras Feiritéar, nó roimhe, agus Seán Ó Duinnshléibhe. Chun tús a chur leis an obair seo ní mór mionscrúdú críochnúil a dhéanamh ar lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh, go háirithe UCD Feiritéar LS 1 a bhfuil nach mór míle leathanach ann agus é dírithe cuid mhaith ar a dhúiche féin. Ba chóir le ceart go mbeadh an lámhscríbhinn shuaithinseach sin cláraithe agus ar fáil go digiteach chun go mbeadh teacht go forleathan agus go saoráideach ar an saibhreas atá inti do scoláirí agus do léitheoirí neafaiseacha araon.
19ú haois. Páipéar cléirigh le línte gorma meaisín-chlóite. Leathanach tosaigh pas beag caite ach tá an chuid eile réasúnta glan. 15.5 x 10 cm. Gan uimhriú. 32 leathanach cuimsithe as dhá stua, 16 leathanach ins gach stua. Gan chlúdach, stuanna ceangailte le tairne cruaiche caol 3.5 cm. Scríobhaí Tomás mac Muirceartaig (lch 24), 1857. Leathanaigh bhána is ea lgh 26–31, le duilleog amháin gan oscailt. Scríofa go garbh i ndúch trom gorm ar lch 32 tá ‘Seamus ach Muirceartaig James Moriarty Ballyferriter Dingle Kerry’. Mac mic leis an scríobhaí é seo.
1. ‘Eachtra an Amadain Mh[óir] mar leanus –’ Do chuala sgeul uaigneach gan bhreug. 159 rr. ‘Crioch mar fuaireach / lé Tomás mac Muirceartaig / jan 24th 57’. Leagan cosúil leis i gcló in Laoithe na Féinne (Ó Siochfhradha 1941: 288).
24.8 ‘Muircheartach ó Griobtha cct do dochtuir Dubhagain’ A fortuil fhir don bhorb fhuil na bhfeiniodh mear. 6 vv. In eagar in Ó Murchú (2023).
Buíochas
Tá an t-údar buíoch de Mhúsaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí agus go háirithe de stiúrthóir an Mhúsaeim Caitríona Ní Dhubháin a chuir gach cóir air agus é ag scrúdú na lámhscríbhinne. Is le caoinchead Mhuintir Chinnéide agus Mhúsaem Chorca Dhuibhne a foilsíodh na pictiúir. Is le caoinchead Chnuasach Béaloideas Éireann a foilsíodh Pictiúr 2. Tá buíochas an údair ar an Oll. Meidhbhín Ní Úrdail, ar an Dr Liam P. Ó Murchú, agus ar Ailbe van der Heide. Tá a bhuíochas ar léitheoirí COMHARTaighde agus ar na heagarthóirí a chuir comhairle luachmhar air. Tá a bhuíochas go háirithe ar Sheán Mac an tSíthigh as a chuid eolais ar Mhuintir Mhuircheartaigh agus uile a roinnt go fial leis.
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Lámhscríbhinní
Acadamh Ríoga na hÉireann, LS 24 L 22
Cambridge, LS Add. 6559
Cnuasach Bhéaloideas Éireann, LS AB/0032/01
Má Nuad, LS M 102
Músaem Chorca Dhuibhne, LS 1
UCC Torna, LS 68
UCD Feiritéar, LSS 1, 27, 32, 36
Foinsí Foilsithe
Connellan, O. (1846) The Annals of Ireland, translated from the original Irish of the Four Masters by Owen Connellan, Irish Historiographer to their late majesties George IV and William IV, Author of a Grammar of the Irish Language etc. with annotations by Philip Dermot Esq. MD and the translator. Dublin. Bryan Geraghty 8 Anglesea Street.
de Brún, P. (1963) Filí agus filíocht Chiarraí Thuaidh: 1750–1850. Tráchtas MA, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
de Brún, P. (1967) Clár Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste na hOllscoile Chorcaí: Cnuasach Thorna. Imleabhar I. Baile Átha Cliath: Cló Bhréanainn.
de Brún, P. (1969) ‘An tAthair Brasbie’. In: Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 2: 38–58.
de Brún, P. (1972) ‘An Scoláire Bán’. In: Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 5: 77–85.
de Brún, P. (1986) ‘The Irish Society’s bible teachers, 1818–27’. In: Éigse 21: 72–149.
de Brún, P. (1988) Lámhscríbhinní Gaeilge: Treoirliosta. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
de Brún, P. (2009) Scriptural instruction in the vernacular: the Irish Society and its teachers, 1818–27. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
Feiritéar, P. alias An Síogaidhe Infhiúchtach (1920) ‘Tá mo Chosa Dóidhte’. In: An Smaointeoir 1 (3), Bealtaine 1920.
Mac Cárthaigh, C. (1991) ‘Beatha agus Saothar Sheáin Uí Dhuinnshléibhe, File’. In: Ó Fiannachta, P. (eag.) Iris na hOidhreachta 3: Ár bhFilí. Baile an Fheirtéaraigh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne: 118–136.
Mac Síthigh, T. (1984) Paróiste an Fheirtéaraigh: stairsheanchas an cheantair i dtréimhse an Ghorta Mhóir. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Mac an tSíthigh, S. (2019) ‘Rare 19th century manuscript found in trunk in west Kerry’ Ar fáil ag: https://www.rte.ie/news/munster/2019/0329/1039365-manuscript/ [faighte 3 Márta 2024].
MacMahon, B. (2021) Faith and Fury; The Evangelical Campaign in Dingle and West Kerry 1825–45. Dublin: Eastwood Books.
Mahon, W. J. (2007) Thomas Griffin (1829–96) of Corca Dhuibhne and the Irish Community of Lawrence, Massachusetts. Aberystwyth: Department of Welsh, Aberystwyth University.
Ní Úrdail, M. (2019a) ‘Patrick Ferriter (1856–1924): An Irish Scholar at Home and Abroad’. In: American Journal of Irish Studies 15: 164–194.
Ní Úrdail, M. (2019b) ‘Athfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh’. In: Éigse 40: 186–205.
Ó Beoláin, A. (1973) ‘Filí agus Filíocht Chorca Dhuibhne’. In: Ó Ciosáin, M. (eag.) Céad Bliain 1871–1971. Baile an Fheirtéaraigh: Muintir Phiarais: 129–146.
Ó Coileáin, S. (eag.) (2002) An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain. Baile Átha Cliath: Cló Talbóid.
Ó Donnchadha, T. alias Torna (1940) ‘Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh ar leanamhaint’. In: Éigse 4 (1): 24–32.
Ó Dubhda, S. (1993) Duanaire Duibhneach. i. Bailiú d’amhránaibh agus de phíosaibh eile filidheachta a ceapadh le tuairim céad bliain i gCorca Dhuibhne, agus atá fós i gcuimhne agus i mbéaloideas na ndaoine ann. Baile Átha Cliath: Clóchuallacht Chathail.
Ó Fiannachta, P. (1978) An Barántas 1. Réamhrá Téacs Malairtí. An Daingean: An Sagart.
Ó Fiannachta, P. (eag.) (1990) Iris na hOidhreachta 2. An Canónach Séamas Goodman. Baile an Fheirtéaraigh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Ó Fiannachta, P. (1991) ‘Filíocht Chorca Dhuibhne’. In: Ó Fiannachta, P. (eag.) Iris na hOidhreachta 3: Ár bhFilí. Baile an Fheirtéaraigh: Oidhreacht Chorca Dhuibhne: 22–42.
Ó Lúing, Seán (1975) Bánta Dhún Urlann. Baile Átha Cliath: Clódhanna.
Ó Mainín, M. (1973) ‘Achrann Creidimh in Iarthar Dhuibhneach’. In: Ó Ciosáin, M. (eag.) Céad Bliain 1871–1971. Baile an Fheirtéaraigh: Muintir Phiarais: 40–61.
Ó Murchú, L. P. (2019) ‘Caoineadh ar Mhuiris mhac an Ridire Mac Gearailt le Piaras Feiritéar’. In: Ó Murchú, T. L. (eag.), Ceiliúradh an Bhlascaoid 23: Piaras Feiritéar (c. 1600–52): Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 14–38.
Ó Murchú, T. L. (2018) ‘An Sáspan Dubh agus Deocha Seirce Eile’. In: Ó Murchú, T. L. (eag.) Ceiliúradh an Bhlascaoid 22: Leigheas na Muintire agus Sláinte an Phobail. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 71–96.
Ó Murchú, T. L. (2019) ‘M102: Lámhscríbhinn Chorcaíoch ón 18ú hAois’. Ar fáil ag: https://mulibrarytreasures.wordpress.com/2019/03/08/m102-lamhscribhinn-chorcaioch-on-18u-haois/ [faighte 30 Iúil 2025].
Ó Murchú, T. L. (2023) ‘Dán aiceanta ón ochtú haois déag luath tiomnaithe do dhochtúir leighis: ‘A fhortail fhir don bhorbfhuil na bhféinniodh mear’ (Muircheartach Ua Gríofa)’. In: Celtica 35: 246–255.
Ó Murchú, T. L. (2025) ‘Love, Marriage and Love Charms’. In: Taylor-Griffiths, A. R. agus S. Mac Cárthaigh (eag.) Storytelling in Gaelic from 700 AD to the Present: Truth, Tradition and Translation. Suffolk UK: Boydell and Brewer: 131–152.
Ó Sé, S. (1970) ‘Pádraig Feirtear (1856–1924): A Shaol agus a Shaothar’. In: Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 3: 116–130.
Ó Siochfhradha, P., alias An Seabhach (1939) ‘Laoi na Con Duibhe’. In Béaloideas 9 (1): 13–20.
Ó Siochfhradha, P. (1941) Laoithe na Féinne: .i. ceithre laoithe agus trí fichid den bhfiannaigheacht, ar n-a gur go huile i nua-eagar do An Seabhac (Baile Átha Cliath: Clólucht an Talbóidigh).
Sharpe, R., agus M. Hoyne (2020) Clóliosta: Printing in the Irish language, 1571–1871, an attempt at narrative bibliography. Dublin. Dublin Institute for Advanced Studies.
Smith, C. (1969) The Ancient and Present State of the County of Kerry: Containing a natural, civil, ecclesiastical, historical and topographical description thereof (1756). Cork.
Ua Duinnín, P. (eag.) (1934) Dánta Phiarais Feiritéir maille le réamh-rádh agus nótaí. Baile Átha Cliath. Oifig Díolta Foilseachán Rialtais.
Ua Maoileoin, P. (1960) Na hAird Ó Thuaidh. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.
Foinsí Eile
Mac an tSíthigh, S. (2024). Eolas bailithe go príobháideach ag Seán Mac an tSíthigh, Baile Eaglaise, Co. Chiarraí. Muiris Ó Scanláin, Gleann Loic, Dún Chaoin, Co. Chiarraí 1975, an faisnéiseoir. An tAthair Mícheál Ó Mainín a bhreac síos an cuntas ón Scanlánach an chéad lá.
Ó Mainín, M. (gan dáta) ‘8 Parthanán Mór O Mainín’. Nótaí clóbhuailte neamhfhoilsithe ar ghinealach na mBúlaerach in iarthar Duibhneach. Tá cóip de na nótaí ag Seán Mac an tSíthigh.
Teastas 1: https://www.irishgenealogy.ie/view/?record_id=6c70ccf1b6-296
Teastas 2: https://www.irishgenealogy.ie/view/?record_id=68f3c8a8f2-11015
www.ainm.ie Ó Duinnshléibhe, Seán (1812–1889): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=509
Taifid Fuaime
Caomhánach, M. (1970) Agallamh, féach www.canúint.ie ‘Muiris Kavanagh’, Baile na Rátha, Dún Chaoin: https://www.canuint.ie/ga/91
de Mórdha, D. (léiritheoir) (2018) ‘Bád na nGort nDubh 31ú Eanair 1818’ An Saol Ó Dheas, Raidió na Gaeltachta. Ar fáil ag: https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/21310956/ [faighte 3 Márta 2024].
Tyres, P. (1974) Agallamh a rinne Pádraig Tyres le Bríde Ní Chíobháin (aois 76), Gleann Loic, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, Lúnasa 1974 in ‘Cartlann Fuaime Phádraig Tyers’, Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC, B87.