Intleacht Shaorga agus Teagasc/Foghlaim na Gaeilge

Neasa Ní Chiaráin

1. Réamhrá: Intleacht Shaorga, go mór i mbéal an phobail

Tá súil an domhain mhóir ar Intleacht Shaorga (IS) agus tá an-fhuinneamh agus díograis bainteach leis an ábhar. Tá oideachasóirí cíocrach chun teacht i dtír ar na féidearthachtaí a ghabhann léi agus iad ag lorg deiseanna í a leabú i gcláir oideachasúla. Is minic, áfach, a bhaineann an tuiscint a bhíonn ag daoine ar IS níos mó le ficsean eolaíochta ná mar a bhaineann leis an saol réadúil (Hermann 2023). Samhlaítear teicneolaíochtaí mar réaltacht fhíorúil agus réaltacht bhreisithe; teicneolaíocht thumthach; róbait; spéaclaí cliste; daoine digiteacha (áit a dtrasnaíonn IS, ríomhghrafaic agus idirghníomhaíocht daoine le ríomhairí, a chéile). Maidir le sealbhú teangacha, samhlaíonn daoine todhchaí ina mbeidh bunábhair shaibhre tarraingteacha ar fáil, foghlaim atá pearsantaithe don fhoghlaimeoir aonair agus cleachtais teagaisc atá i bhfad chun tosaigh ar aon rud atá anois ann.

Is minic téarmaí cosúil le ‘réabhlóideach’ á n-úsáid go neafaiseach sa dioscúrsa coiteann (Khan 2023) agus tá go leor plé sa litríocht eolaíochtúil ar na bealaí inar féidir le hIS modhanna teagaisc teangacha a athrú ó bhonn (Harry 2023; Pence 2019; Collins agus Halverson 2010). Tá ardáin agus aipeanna tagtha chun cinn ina bhfuil IS leabaithe (Hill 2023) agus forbróirí ag maíomh go bhfuil algartaim chasta le hIS iontu atá in ann freastal ar fhoghlaim phearsantaithe agus é ar a gcumas acu leibhéil dheacrachta na gceachtanna a athrú láithreach bonn ag brath ar ionchur an fhoghlaimeora (Bicknell et al. 2023). Tá daoine an-tógtha le coincheapa mar thurais fhíorúla (Godwin-Jones 2023); idirphlé le botaí comhrá chun teangacha nua a chleachtadh (Bibauw et al. 2022) nó aiseolas láithreach a fháil ar obair scríofa (Ranalli agus Yamashita 2022).

In ainneoin an díograis dhomhanda atá ann agus an taighde ar fad atá ar bun faoi láthair chun cuidiú le teagasc agus foghlaim teangacha le hIS (Yang agus Kyun 2022), is é fírinne an scéil go bhfuil an íomhá d’IS atá i measc an phobail scartha i bhfad ón saol réadúil (Teach na dTiarnaí 2018: 22). Tá bearnaí móra sa chomhtháthú idir IS agus aipeanna teagaisc (Pikhart 2020) agus ní minic a úsáidtear iad sna gnáthsheomraí ranga go fóill (Bond et al. 2024). Sa litríocht acadúil, is ón taobh teicniúil a dhéantar cur síos ar IS formhór an ama, agus ní bhfuarthas ach dornán tagairtí d’IS in irisí piarmheasúnaithe atá dírithe go sonrach ar réimse an oideachais (Kurvinen et al. 2022). Féachann foghlaimeoirí ar aipeanna le hIS mar nuaigíní seachas mar áiseanna dlisteanacha foghlama (Gallacher et al. 2018). Glactar leis go forleathan, áfach, go leanfaidh an IS ag forbairt agus go n-úsáidfear í mar dhlúthchuid den fhoghlaim ríomhchuidithe teangacha-chliste (FRT-chliste) amach anseo. Tagraíonn an-chuid alt atá foilsithe le blianta beaga anuas don ‘phoitéinseal’ atá ag olltiomsú sonraí le próisis shofaisticiúla anailíse chun ré nua a thosú ina mbeidh foghlaim phearsantaithe (Bhutoria 2022), measúnú foirmitheach (Sembey 2024) agus córais ina mbeidh foghlaimeoirí ag obair i dteannta a chéile le hábhair atá ag freagairt dá riachtanais féin (Cope agus Kalantzis 2016; Schmidt agus Strasse 2022). Is ag leibhéal cruthúnais coincheapa atá formhór an taighde seo go fóill ach caithfidh sé bogadh  uaidh sin go fíor-sheomraí ranga sula mbeidh aon rath air. Is tearc iad na deiseanna atá ag an ngnáthfhoghlaimeoir a leithéid a úsáid sa saol réadúil go fóill.

Is amhlaidh atá an scéal i gcás na Gaeilge. Níl na fearais chinn ann le réaltacht fhíorúil chun scoláirí a iompar ar thuras Gaeltachta gan a seomraí leapa a fhágáil ná níl na cúntóirí digiteacha pearsantaithe le hIS ann a bhfuil Gaeilge chruinn líofa acu chun freastal ar riachtanais shonracha gach foghlaimeora ar leith.

Tá an iliomad cúiseanna ann nach bhfuil gléasanna le hIS in úsáid go forleathan le haghaidh teagasc teangacha, ná le haghaidh an teagaisc go ginearálta. I measc na gcúiseanna seo tá easpa infreastruchtúir, easpa oiliúna do mhúinteoirí, an costas, imní faoi chlaontacht, imní faoi phríobháideachas sonraí agus cúrsaí eitice (Nazaretsky et al. 2022). I gcás na dteangacha atá ar bheagán acmhainní digiteacha, an Ghaeilge ina measc, tá ceisteanna breise le cur san áireamh, mar shampla, tacair theoranta sonraí chun samhlacha iontaofacha teanga/acústaice a thraenáil, agus easpa taighdeoirí leis na scileanna cuí teangeolaíochta, teagaisc agus teicneolaíochta chun na córais a fhorbairt. Ciallaíonn an bhéim atá ar ollsonraíocht sna modhanna nua-aimseartha forbartha go bhfuil sé i bhfad níos deacra córais theagaisc a fhorbairt do theangacha neamhfhorleathana ná mar atá do na mórtheangacha.

Mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta i gcás na Gaeilge – féach, mar shampla, ar an bPlean Digiteach don Ghaeilge (Rialtas na hÉireann 2023) áit a bhfaightear an léargas is cuimsithí go dtí seo ar fhorbairt na teicneolaíochta urlabhra agus teanga don Ghaeilge, lena n-áirítear forbairtí suntasacha sa phróiseáil teanga nádúrtha leithéidí an chéad mhúnla claochladáin don Ghaeilge, gaBERT (Barry et al. 2022) agus taighde ar theicneolaíochtaí teanga ag grúpaí ceannródaíocha amhail Ionad Taighde INSIGHT, Ollscoil na Gaillimhe; ADAPT; Gaois in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Maidir le teicneolaíocht na hurlabhra, mar shampla, tá dúshraith láidir leagtha síos cheana tríd an obair atá ar siúl sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide (ABAIR 2024), agus IS in úsáid chun uirlisí teanga agus urlabhra ar ardchaighdeán a thógáil (córais shintéiseacha agus aitheanta cainte). Tá obair á déanamh ar IS i réimse an oideachais trí fhorbairt ar ardán oideachasúil nasctha, An Scéalaí (An Scéalaí 2024), agus déanfar tagairt don obair seo i Mír 5 thíos.

Léireoidh an t-alt seo go bhfuil dúshraith leagtha síos don obair i réimse teicneolaíocht na hurlabhra agus go bhfuiltear anois ag an bpointe nuair a chaithfear plean machnamhach straitéiseach a dhearadh chun IS a fhorbairt go sainiúil do chomhthéacs na Gaeilge agus í a chomhtháthú le hardáin oideachasúla d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Sa chuid eile den alt seo sainmhínítear IS i gcomhthéacs an oideachais (Mír 2). Déantar an argóint nach ionann forbairt IS ghinearálta agus IS don oideachas (Mír 3) agus nach ionann forbairt IS don oideachas i gcomhthéacs mórtheangacha agus i gcomhthéacs teangacha atá ar bheagán acmhainní digiteacha (Mír 4). Tugtar léargas i Mír 5 ar obair reatha atá ar bun ar chóras oideachasúil IS-bhunaithe don Ghaeilge, An Scéalaí. Leantar é sin le cás-staidéar ar ‘ChatGPT’ chun ábhar oideachasúil Gaeilge a ghiniúint d’fheidhmchlár laistigh de An Scéalaí (Mír 6). I Mír 7 luaitear na scileanna éagsúla a bhfuil gá leo le forbairt a dhéanamh ar IS i gcomhthéacs teagasc/foghlaim na Gaeilge agus tá conclúid i Mír 8.

2. IS san oideachas: cad atá i gceist?

Tá IS go mór i mbéal an phobail faoi láthair, ach go minic bíonn tuairimí míréadúla ag daoine faoi IS agus mar sin is fiú sainmhíniú a dhéanamh ar an méid atá i gceist i gcomhthéacs IS san Oideachas mar phointe tosaigh. Is coincheap casta é IS toisc go bhfuil sé idirdhisciplíneach go smior. Tá ionchur ag leithéidí eolaithe ríomhaireachta, teangeolaithe, oideachasóirí, innealtóirí, bitheolaithe, antraipeolaithe, fealsúna, síceolaithe agus néareolaithe ann agus tugann gach grúpa a dhearcadh féin chun an coincheap agus an téarmaíocht a ghabhann leis a fhorbairt (Luckin et al. 2016). Míníonn Baker agus Smith (2019) nach dtagraíonn ‘IS’ do ‘theicneolaíocht aonair’. Scáth-théarma atá i gceist a dhéanann cur síos ar theicneolaíochtaí agus ar mhodhanna forbartha, cosúil le meaisínfhoghlaim, próiseáil teanga nádúrtha, próiseáil urlabhra, mianadóireacht sonraí, líonraí néaracha, nó algartaim. Sainmhíníonn Healey é mar “a broad term used to describe a collection of technologies that can solve problems and perform tasks to achieve defined objectives without explicit human guidance” (2020: 3).

Sa chomhthéacs reatha, táimid ag tagairt d’IS fheidhmiúil (mar a fheidhmíonn sí le múineadh/foghlaim teangacha) agus mar sin táimid ag tagairt d’uirlisí atá deartha agus forbartha chun cuidiú le nó feidhmiú in ionad próiseas cinnteoireachta trí anailís a dhéanamh ar shonraí, agus réamh-mheasadh a dhéanamh ar an gcinneadh is éifeachtaí chun sprioc áirithe a bhaint amach, agus a chur in iúl trí chomhéadan an úsáideora. Glacaimidne leis, faoi mar atá nótáilte ag Alneyadi et al. (2023), go dtagraíonn IS san oideachas d’úsáid theicneolaíochtaí IS, cosúil le meaisínfhoghlaim, próiseáil teanga nádúrtha agus teicneolaíochtaí na hurlabhra chun cur leis an eispéireas foghlama.

Is fiú a lua nach rud nua é IS a bheith in úsáid i gcomhthéacs an oideachais (Hyangeun et al. 2023). Bunaíodh The International Society of AI in Education sa bhliain 1997 agus tá litríocht fhairsing ar fáil sa réimse ó na seachtóidí anonn. Cé go bhfuil an réimse seo ag fás as cuimse i láthair na huaire (Zhang agus Zho 2020) tá sé tábhachtach go dtógfaimis ar an ngaois a tiomsaíodh i gcaitheamh na haimsire sin seachas é a chaitheamh i dtraipisí.

3. IS i gcomhthéacs an Oideachais

Ní hionann na tosaíochtaí d’fhorbairt IS do chúrsaí oideachais agus forbairt ghinearálta ar IS. I gcomhthéacs an oideachais, caithfear tús áite a thabhairt don oideolaíocht agus caithfidh na huirlisí teicneolaíochta freagairt dó sin (Ní Chiaráin agus Ní Chasaide 2020). Go rímhinic samhlaítear úsáid na teicneolaíochta mar bhealach le híomhá nuálach a chruthú, gan an aird chuí a thabhairt ar a héifeacht i bpróiseas na foghlama.

3.1 IS san Oideachas: Feidhmeanna Coitianta

Ceann de na feidhmeanna is inmhianaithe don IS san oideachas ná timpeallachtaí oiriúnaitheacha foghlama (nó córais teagaisc chliste) a chur ar fáil. Cuireann na córais seo rompu freastal ar riachtanais an duine aonair trí ábhair theagaisc oiriúnacha a sholáthar, iad a chur ar fáil ar luas cuí agus aiseolas tráthúil a thabhairt. Má bhíonn deacracht ag foghlaimeoir le topaic ar leith is féidir leis an gcóras tacaíocht bhreise a thabhairt, ach má bhíonn sé ag dul ar aghaidh go maith is féidir ábhar breise a thabhairt dó nó dul ar luas níos tapúla.

I measc na gcéad chóras teagaisc cliste bhí leithéidí “Cognitive algebra tutors(Anderson et al. 1995) agus Carnegie Learning ó CMU tutor (Carnegie). Inniu, tá na céadta milliún duine cláraithe ar ardáin fhoghlama oiriúnaitheacha do theangacha, cosúil le Duolingo (Max) (Duolingo). Tá Khanmigo á fhógairt faoi láthair mar an t-ardán is nua-aimseartha sa réimse seo a bhfuil IS taobh thiar de (Khanmigo).

Tá fianaise mhaith ag teacht ó staidéir ar thionscnaimh aonaracha (Pane et al. 2014; Koedinger et al. 2010) agus ó mheiteastaidéir (du Boulay 2016) a thugann le fios gur féidir leis na timpeallachtaí foghlama oiriúnaitheacha seo a bheith éifeachtach. Is é sin go mbíonn torthaí na dtimpeallachtaí foghlama oiriúnaitheacha seo inchurtha le torthaí ó mhúinteoirí daonna maidir le hábhair áirithe cosúil le mata agus teangacha. Tá géarghá, áfach, le measúnachtaí a chlúdaíonn tréimhsí níos faide le samplaí níos mó ó thíortha éagsúla, le teangacha éagsúla agus grúpaí cóimheasa.

Tá borradh faoin IS fheidhmiúil le blianta beaga anuas. I léirmheas a scríobh Crompton agus Burke (2023) ar úsáid na hIS san ardoideachas luadh na cúig réimse is mó ina mbíonn sí in úsáid mar (i) measúnú, (ii) réamh-mheastóireacht, (iii) áisitheoirí cliste, (iv) córais theagaisc chliste agus (v) bainistíocht ar fhoghlaim na mac léinn. Rinne Gkoundtara agus Prasad (2022) léirmheas ar na forbairtí is déanaí i bhFoghlaim Ríomhchuidithe le hIS agus luann siad deich gcinn d’fheidhmeanna ó éisteacht go labhairt, scríobh agus léitheoireacht.

3.2 IS agus Teagasc Teangacha

Maidir le teagasc teangacha, tá ardchaighdeán teanga agus ábhar, chomh maith le cur i láthair na teanga sin, ag teastáil. Seo thíos cúpla sampla de na tosca atá riachtanach tosca nach gá an dua céanna a chaitheamh leo i ndearadh fheidhmchláir nach bhfuil dírithe ar an teagasc:

  • Cruinneas: ríthábhachtach, do thosaitheoirí ach go háirithe, mar bíonn siad ag brath ar ionchur cruinn chun teacht ar thuiscint ar ghnás na teanga.
  • Neamhréireacht: díspreagadh agus easpa muiníne as an teicneolaíocht nó astu féin a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí a thabharfadh neamhréir sa teanga faoi deara.
  • Teagasc bunaithe ar an oideolaíocht: ábhar teagaisc curtha i láthair ar bhealach struchtúrtha agus leanúnachas ag roinnt leis.
  • Aiseolas ceartaitheach: míniúchán le haiseolas ionas gur féidir leis an bhfoghlaimeoir féincheartú a dhéanamh.
  • Ábhar: sa bhreis ar stór focal agus gramadach, ní mór don ábhar a bheith oiriúnach don chultúr, don chomhthéacs agus do nuálaíochtaí sa chaint.
  • Athrá agus Comhsheasmhacht: bíonn ionchur leanúnach, athráiteach ag teastáil chun teanga nua a shealbhú.

 

3.3 Inghlacthacht IS sna Scoileanna

Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta le hIS, níl sí in úsáid go forleathan i scoileanna in aon áit ar fud an domhain. Tá iliomad cúiseanna leis seo, ina measc castachtaí na gcóras oideachais ar fud an domhain. Is deacair cultúr seanbhunaithe a athrú ó bhonn, go háirithe muna mbíonn an t-infreastruchtúr cuí ná an tacaíocht theicniúil ar fáil.

Fadhb eile is ea go mbíonn dearcadh diúltach ag daoine i leith theicneolaíochtaí ar leith, go háirithe iad siúd atá saindeartha don fhoghlaimeoir aonair. I gcás teagasc teangacha, samhlaítear daoine ag obair leo féin, iad scartha amach óna gcomrádaithe, ag iarraidh tascanna a chomhlíonadh. Faoi láthair tá cuid mhaith de na hardáin atá ar fáil dírithe ar ghnáth-thascanna teagaisc, seachas a bheith ag iarraidh cumas na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt trí eispéiris shaibhre a thabhairt dóibh chun ligean dóibh a bheith cruthaíoch, comhoibritheach, ábalta fadhbanna a réiteach, obair mar bhaill de mheitheal agus a bheith machnamhach.

Maidir le hIS i scoileanna, tá sé an-soiléir nach leor na teicneolaíochtaí a bheith ar fáil; caithfear dea-thoil na múinteoirí agus na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt freisin. Muna mbíonn múinteoirí spreagtha chun leas a bhaint as féidearthachtaí agus buntáistí na teicneolaíochta, ní thiocfaidh IS isteach mar ghnáthchuid de shaol an fhoghlaimeora (Pokrivčáková 2019).

Ní mór a lua chomh maith go bhfuil tosca eile ann nach dtugtar aird orthu go minic sa taighde – tosca mar an t-ualach oibre breise nó an t-athrú ar choinníollacha oibre a d’fhéadfaí a chur ar mhúinteoirí, an mhuinín atá ag múinteoirí as an teicneolaíocht, agus an tacaíocht atá ar fáil dóibh má bhíonn fadhbanna acu léi. Tá sé tábhachtach go mbeadh an tsolúbthacht ag múinteoirí a modhanna múinte féin a dhearadh agus an t-ábhar teagaisc is oiriúnaí a roghnú dá bhfoghlaimeoirí iad féin, seachas cláir ríomhaireachta a bheith ag stiúradh phróiseas na foghlama. Mar sin, tá i bhfad níos mó oibre le déanamh ag an leibhéal daonna sula nglacfar le hIS go forleathan sa chóras oideachais.

3.4 IS agus modhanna teagaisc

B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas orthu siúd a bhfuil cúlra acu i síceolaíocht na foghlama gur rímhinic a bhíonn an cur chuige a úsáideann na hardáin chliste ‘nuálacha’ seo an-traidisiúnta. Tá cúiseanna éagsúla ann gurb é an teagasc díreach atá leabaithe in go leor de na hardáin oideachasúla IS-bhunaithe, ina measc:

  • Bíonn cuma an-struchtúrtha ar cheachtanna an múinteoir i gceannas an ranga agus cuspóirí cinnte leagtha síos don rang
  • Tá an cur chuige seanbhunaithe, intuigthe agus inghlactha i gcórais oideachais agus go leor tacaíochta faighte aige sa taighde fianaisebhunaithe
  • Tá an-taithí ag oideachasóirí agus ag lucht deartha siollabas ar an modh díreach

Leis an modh teagaisc díreach mar sin tagann creatlach soiléir, cuspóirí teagaisc cinnte, agus torthaí atá intomhaiste. Tá sé i bhfad níos fusa feidhmchláir riailbhunaithe (agus feidhmchláir IS) a dhearadh nuair atá struchtúir chinnte mar seo i gceist.

Sa lá atá inniu ann, áfach, tá taighdeoirí agus oideachasóirí sa bhfoghlaim ríomhchuidithe teangacha, nó sa réimse sin ina dtagann teangeolaíocht fheidhmeach, oideachas agus teicneolaíocht le chéile, bogtha ar aghaidh ón modh díreach i dtreo cur chuige cosúil le ‘tógachas’ (Yamazaki agus Thomas 2023).

Tá tógachas bunaithe ar an tuiscint go bhfoghlaimíonn daoine níos fearr nuair atá siad gníomhach sa cheacht agus ag tógáil ar a gcuid scileanna trí thaithí saoil seachas a bheith ag fáil eolais go héighníomhach (Fosnot 2013). Go hidéalach chuirfí ábhair tharraingteacha ar fáil atá múnlaithe chun freastal ar riachtanais an duine aonair de réir a chuid taithí agus a chuid suimeanna. Luíonn prionsabail an tógachais go maith leis an treo a bhfuil IS san oideachas (FRT-chliste) ag dul (Guo 2018). Tá an dearadh teicniúil don chur chuige seo i bhfad níos casta ná mar atá sé don mhodh díreach, áfach, ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó tosca i gceist agus ní fios cad iad na hionchuir a bheidh ag an bhfoghlaimeoir.

4. IS agus Teagasc Teangacha neamhfhorleathana

Ba é an pointe ba mhó a bhí faoi chaibidil i Mír 3 thuas ná go bhfuil tosca faoi leith le cur san áireamh nuair a táthar ag caint ar fhorbairt IS don Oideachas i gcomparáid le hIS ghinearálta. Sa mhír seo, beifear ag maíomh go bhfuil forbairt na hIS do theagasc teangacha neamhfhorleathana éagsúil ar fad leis na féidearthachtaí forbartha sna mórtheangacha. I gcás IS i dteagasc teangacha neamhfhorleathana, tá dúshláin ar leith i gceist agus déantar cíoradh ar thrí shampla i 4.1–4.3 thíos.

4.1 Dúshláin a bhaineann leis an Teangeolaíocht

Is ar shonraí an Bhéarla is mó atá croíchórais IS bunaithe (Leblebici 2024), ach tá a struchtúir féin, a gcaithfear iad a chur san áireamh i dtógáil na teicneolaíochta, ag gach teanga. I gcás na Gaeilge, mar shampla, táthar ag déileáil le teanga Cheilteach, atá an-difriúil ó theangacha eile iarthar na hEorpa, m.sh. na fuaimeanna, ord na bhfocal, an chodarsnacht idir an consan caol agus an consan leathan, an t-infhilleadh sna focail, is eile. Ina theannta sin tá trí mhórchanúint ann agus gan tosaíocht ag aon cheann acu ar an gceann eile. Mar sin caithfidh tuiscint an-mhaith a bheith ag forbróirí sa réimse seo ar struchtúir na Gaeilge.

4.2 Dúshláin a bhaineann leis an tSochtheangeolaíocht

Bíonn braistintí ann go gcaithfear dul i muinín an Bhéarla chun na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht nua-aimseartha a bhaint amach agus nach bhfuil siad ar fáil i do theanga dhúchais féin (Leblebici 2024). Caithfidh córais IS a thógtar do ghrúpaí ar leith torthaí a bhaint amach a bheadh inghlactha don phobal úsáideoirí sin agus a rachadh chun tairbhe dóibh. Is den riachtanas é go mbeadh pobal labhartha na teanga lárnach san obair fhorbartha.

4.3 Dúshláin a bhaineann le hEaspa Sonraí

Is deacair fáil amach go díreach cé mhéad focal nó sonra is gá chun na múnlaí reatha IS a fhorbairt. Táthar ag tomhas gur úsáideadh 300 billiún focal chun an múnla GPT3.0 (ChatGPT) a thraenáil (Hughes 2023) agus suas le 2 thrilliún téacschomhartha ar Llama2, LLM (Large Language Model) a d’eisigh Meta AI le déanaí (Touvron et al. 2023). Is soiléir nach bhfuil agus nach mbeidh corpais teanga ar an scála seo ar fáil d’aon cheann de na teangacha neamhfhorleathana (féach eochairchaint a thug an tOll. Trond Trosterud ag comhdháil EuroCALL 2023 le plé cuimsitheach air seo le samplaí a léiríonn méid na gcorpas atá ar fáil do go leor teangacha Nordacha (Trosterud 2023). Féach chomh maith An Plean Digiteach (Rialtas na hÉireann 2023: 4041) le sonraí ar mhéid na gcorpas atá ar fáil don Ghaeilge.

Ní mór d’fhorbróirí agus d’innealtóirí atá ag obair ar theangacha neamhfhorleathana, mar sin, a bheith an-chruthaitheach agus teicnící nuálacha a chumadh chun teacht i dtír ar an líon teoranta acmhainní atá ar fáil.

 

5. Teicneolaíocht IS i dTeagasc na Gaeilge

Tá obair atá ar siúl faoi láthair ar theicneolaíocht IS-bhunaithe do theagasc na Gaeilge sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, Coláiste na Tríonóide, i gcomhpháirt le tionscadal ABAIR a dhíríonn ar fhorbairt croí-theicneolaíochtaí urlabhra agus teanga (an tsintéis agus an aithint chainte, go príomha). Tá ardán FRT-chliste, An Scéalaí, á fhorbairt agus á thástáil (féach cúlra in Ní Chiaráin 2020).

5.1 An Scéalaí: IS caint-lárnaithe do Theagasc/Foghlaim na Gaeilge

Is é atá san ardán cliste An Scéalaí ná timpeallacht oiriúnaitheach fhoghlama a chuireann ábhair ar ardchaighdeán ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, a thugann spás dóibh cleachtadh a dhéanamh agus aiseolas pearsantaithe a fháil. Baineann teicneolaíocht na hurlabhra go dlúth leis an ardán seo, rud a chuireann ar chumas an phobail bogadh ar aghaidh ó theagasc atá téacs-bhunaithe agus  teanga bheo a chur mar chroílár na hiarrachta, leis an bhfoghlaimeoir gníomhach ina chuid foghlama féin.

Bíonn a chuntas féin ag gach úsáideoir ar an ardán agus coimeádtar a chuid oibre ar fad san aon áit amháin. Tá corpas ollmhór d’ábhar atá ginte ag foghlaimeoirí á chruthú bunaithe ar an aschur ón gcóras (Ní Chiaráin 2022). Chomh maith leis an gcomhéadan do mhic léinn, tá comhéadan an mhúinteora ann ina n-úsáidtear IS le hanailís a dhéanamh ar shaothar na mac léinn. Cuirtear staitisticí ar fáil ar dheais mhúinteora ionas gur féidir le múinteoirí a gcuid straitéisí teagaisc féin a chur in oiriúint do riachtanais na mac léinn agus chun torthaí foghlama níos fearr a bhaint amach (Comtois agus Ní Chiaráin 2023).

5.2 Feidhmchláir laistigh de An Scéalaí:

Tá feidhmchláir éagsúla á gcur leis An Scéalaí chun ábhar teanga a sholáthar d’fhoghlaimeoirí. ‘Cén Scéal?’ atá ar chóras le gineadóirí spreagthaí atá deartha chun cuidiú le foghlaimeoirí tús a chur lena gceapadóireacht féin.

Tá ‘Gineadóir Ranna Cainte’ ar cheann de shé ghineadóir sa chóras. Tá cúpla sprioc leis – feasacht teanga ina chroílár. Caithfidh foghlaimeoirí abairt a chumadh ó na ranna cainte éagsúla atá loighciúil agus ceart ó thaobh na gramadaí de. Úsáideann foghlaimeoirí an tsintéis (abair.ie) chun proféisteacht a dhéanamh ar a n-abairt. Léiríonn an t-aiseolas starógach atá faighte ag na forbróirí ó mhúinteoirí dara leibhéil agus ó fhoghlaimeoirí i dtástálacha trialacha go gcabhraíonn an gineadóir seo le (i) samplaí de na ranna cainte a chur ar a súile d’fhoghlaimeoirí (ii) cur lena stór focal agus (iii) focail agus nathanna a eagrú in aonaid chéile chun tús scéil a chruthú.

Figiúr 1

Figiúr 1: Roghchlár leis na gineadóirí spreagthaí éagsúla atá ar fáil in ‘Cén Scéal?’ (ar clé) agus comhéadan ‘Gineadóir ranna cainte’ an fhoghlaimeora (ar deis)

 

Chun cur leis an méid ábhar atá taobh thiar den Ghineadóir Ranna Cainte, rinneadh iniúchadh le déanaí ar úsáid a bhaint as córas IS ‘ChatGPT’ le hábhar a ghiniúint. Cuirtear an cás-stáidéar sin i láthair i Mír 6.

6. Cás-staidéar: Gaeilge agus an tsamhail teanga mhór ‘ChatGPT’

Go hachomair, is é a léiríonn an cás-staidéar seo go gcaithfear díriú ar chás gach teanga bunaithe ar riachtanais na teanga sin. Ní féidir a bheith ag súil le torthaí fónta a fháil má úsáidtear teicneolaíochtaí (i) atá tógtha ar struchtúir a bhaineann le teanga éigin eile, agus (ii) nár dearadh agus nár tógadh don sainréimse atá faoi chaibidil (teagasc teangacha anseo).

6.1 ChatGPT agus teagasc/foghlaim teangacha

Le déanaí tá comhionannas á dhéanamh ag grúpaí áirithe idir ‘IS san oideachas’ agus ‘ChatGPT’. Is samhail teanga mhór (LLM [Large Language Model]) é ChatGPT a bhfuil sé d’aidhm aige a bheith in ann cinneadh a dhéanamh nó cabhrú le teacht ar chinneadh trí anailís a dhéanamh ar shonraí atá le fáil ón ngréasán domhanda. De réir staitisticí úsáideann 19% de dhéagóirí Mheiriceá é chun cabhrú lena gcuid obair scoile agus go n-úsáideann 40% de mhic léinn ollscoile é chun cabhrú le hobair chúrsa (Ver Meer 2024). Tá súil ag an bpobal acadúil ar ChatGPT agus tá carn mór taighde á fhoilsiú faoin ábhar faoi láthair (Neumann et al. 2023).

Tá go leor buntáistí ag baint le húsáid LLM ó thaobh teagasc/foghlaim teangacha. Má úsáidtear iad mar bhota comhrá – clár a dhéanann aithris ar chomhrá daonna trí phróiseáil teanga nádúrtha – is féidir comhrá a choimeád leis an ríomhaire sa sprioctheanga (Zhang agus Huang 2024). Níl aon deireadh leis an méid ábhar is féidir a chur ar fáil agus mar sin ní hé an comhrá díreach céanna a bheadh ar siúl aon dá huair as a chéile. D’fhágfadh sé sin go bhfaigheadh an foghlaimeoir an-chleachtadh ar an sprioctheanga, rud a bheadh go maith d’fhoghlaimeoirí a bhfuil caighdeán maith sa teanga bainte amach acu.

Tá míbhuntáistí ag baint leis seo chomh maith, áfach. Níl LLM ábalta aiseolas cuí a thabhairt ar shaothar na bhfoghlaimeoirí agus d’fhéadfadh nach mbeadh an t-ábhar a ghinfidís oiriúnach. Lena chois sin, tá ceist ann faoi iontaofacht an aschuir – cruthaítear ábhar go stocastach, randamach rud a chiallaíonn go bhfuil dúshláin ar leith ag baint lena n-úsáid i gcomhair chúrsaí oideachais. Cé go bhfuiltear ag obair ar réiteach a fháil ar an bhfadhb seo níl sí sáraithe go fóill.

Tá LLM ag forbairt ar luas lasrach faoi láthair agus is mó dul chun cinn atá déanta le bliain anuas ná mar a rinneadh le blianta fada roimhe sin. Traenáladh GPT3.5 ar 175 billiún paraiméadar ach bhí 1.7 trilliún paraiméadar i gceist faoin am ar traenáladh GPT4 (GPT-4, gan dáta). Is le sonraí Béarla is mó a traenáladh ChatGPT, áfach. Is ar Common Crawl (Common Crawl, gan dáta), a traenáladh an chéad leagan de, a bhí ag brath ar Bhéarla (93%), Fraincis (1.8%), Gearmáinis (1.5%), Spáinnis (0.7%), Iodáilis (0.6%), eile (1.8%). Tá an Ghaeilge luaite ag 0.001%.

6.2  ChatGPT agus Teagasc/Foghlaim na Gaeilge

Toisc a shoiléire is atá sé gur rud fadtréimhseach buan iad samhlacha teanga móra (LLM) agus toisc go mbeidh siad lárnach i bhfoghlaim teangacha sa todhchaí, cinneadh sraith turgnamh a reáchtáil le déanaí chun féachaint ar chumas reatha ChatGPT maidir le teagasc/foghlaim na Gaeilge. Bhí sé d’aidhm ag staidéar amháin (Ní Chiaráin et al. 2023) féachaint ar na féidearthachtaí atá ann mar ghineadóir spreagthaí don fheidhmchlár ‘Cén Scéal?’ (Mír 5.2) chun meastachán a dhéanamh ar chruinneas ChatGPT i dtasc réasúnta simplí – liostaí focal agus nathanna a ghineadh de réir ranna cainte. Is é múnla GPT 3.5 a úsáideadh toisc go bhfuil sé ar fáil go forleathan, gan síntiús. Bhíothas den tuairim go dtabharfadh an t-aschur nodanna faoin máistreacht atá ag an LLM seo ar an nGaeilge go ginearálta – díolaim focal agus rialacha moirfeolaíochta.

Iarradh ar ChatGPT liostaí focal a ghineadh agus marcáladh iad ceart nó mícheart de láimh. Cuireadh 5 roinn chainte san áireamh don turgnamh (ainmfhocail, briathra, réamhfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha). Rinneadh 3 chineál iarratas ar an gcóras:  (i) iarratais shaonta (díreach agus as Béarla), (ii) leagan Gaeilge den iarratas céanna, (iii) sain-iarratais (ag tosú lena leithéid ‘is saineolaí Gaeilge tú’, tabhair dom 50 briathar…). Lorgaíodh 50 focal le gach iarratas agus ritheadh an próiseas trí huaire go dtí go raibh 2250 focal ginte ag an gcóras. Léirigh príomhthorthaí an staidéir seo go leor botún sa mhéid a ghin ChatGPT (Tábla 1). Seo thíos na cinn is mó a fuarthas:

  1. Earráidí sa tasc (m.sh. na focail chéanna ag teacht faoi dhó ar an liosta de 50)
  2. Lipéadú míchruinn (m.sh. ‘súil’ lipéadaithe mar bhriathar)
  3. Cumadh bréagfhocal (an t-áitreach)
  4. Leaganacha míchearta den uimhir iolra leis an alt (an fiacla)
  5. Earráidí inscne (an gealach) agus
  6. Litriú mícheart

Tábla 1

Tábla 1: Torthaí: líon na bhfocal ó na ranna éagsúla cainte a bhí i gceart ag ChatGPT (tógtha ó Ní Chiaráin 2023)

Rinneadh comparáid idir múnlaí ChatGPT i dturgnaimh eile. Léirítear i bhFigiúr 2 thíos sampla de líon na n-earráidí (aibhsithe) tar éis ceartúchán de láimh a dhéanamh ar dhá shliocht Gaeilge a d’aschur múnlaí éagsúla ChatGPT mar fhreagra ar an iarratas “cum scéal a bheadh oiriúnach d’fhoghlaimeoir fásta Gaeilge ag leibhéal B1”. Níor cuireadh san áireamh sa sampla i bhFigiúr 2 ach earráidí litrithe agus gramadaí (níor marcáladh anseo na habairtí éigiallta, leibhéil mhíchuí deacrachta d’fhoghlaimeoirí, srl. a bhí i gceist chomh maith).

Figiúr 2

Figiúr 2: Comparáid fhíseach idir an t-aschur ó GPT 3.5 and GPT 4 tar éis ceartúchán de láimh a dhéanamh – earráidí litrithe agus gramadaí aibhsithe le dath dearg

Is léir ó na turgnaimh éagsúla a rinneadh nach bhfuil ChatGPT sách maith chun ábhar Gaeilge a ghineadh as féin a bheadh ar chaighdeán sách ard le húsáid i múineadh na teanga (don fheidhmchlár Cén Scéal? ná dá leithéid eile). Mar sin, níor mhór a bheith an-airdeallach faoina úsáid i gcomhthéacs mhúineadh na Gaeilge.

7. IS do Theagasc na Gaeilge: fiontar idirdhisciplíneach go smior

Táimid píosa fada ó bheith ábalta brath ar aon chóras IS chun aschur iontaofa Gaeilge a ghineadh chun ceacht teanga a chur le chéile as a stuaim féin. Chun forbairtí suntasacha a dhéanamh maidir le córais IS do theagasc/d’fhoghlaim na Gaeilge, tá gá le cur chuige idirdhisciplíneach le hionchur ó dhaoine oilte ag obair i go leor réimsí a chuimseodh teangeolaíocht agus teicneolaíocht. I measc na réimsí sin, tá: teangeolaithe; saineolaithe teagaisc; innealtóirí ríomhaireachta le speisialtóireacht i bhforbairt na teicneolaíochta urlabhra; innealtóirí fuaime; saineolaithe ar phróiseáil teanga nádúrtha; saineolaithe ar mheaisínfhoghlaim/IS; forbróirí bogearraí/feidhmchláir; dearthóirí UI/UX; saineolaithe ar chúrsaí rochtana; taighdeoirí for-rochtana pobail.

 

8. Conclúid

Déanann an t-alt seo cur síos ar an staid ag a bhfuil an teicneolaíocht le hIS maidir le teagasc/foghlaim teangacha agus na tosca éagsúla a chaithfear a chur san áireamh chun go mbeidh IS úsáideach agus tarraingteach do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí. Luadh na dúshláin a bhaineann leis an bpointe forbartha ag a bhfuil IS i láthair na huaire agus is mó i bhfad na dúshláin i gcás teangacha neamhfhorleathana cosúil leis an nGaeilge. Is ar an mBéarla den chuid is mó a traenáladh agus a tógadh na córais mhóra IS agus níl ar fáil do na teangacha neamhfhorleathana ach corpais an-bheag sonraí i gcomparáid leis an méid atá ar fáil dóibh i mBéarla. Fágann sé seo nach bhfuil an t-aschur a ghintear ar chaighdeán sách ard chun é a úsáid mar ábhar teagaisc i láthair na huaire gan go leor ceartúchán.

Cé go bhfuil sé soiléir go mbeidh buntáistí ollmhóra ag teacht as an mborradh reatha i réimse an IS amach anseo, ní neamh ar thalamh í an teicneolaíocht ná an IS do theagasc na Gaeilge. Áiseanna breise a bheidh i gceist chun cabhrú leis an ionchur daonna agus beidh tús áite ag timpeallachtaí sóisialta go brách. Is gné buan é IS nach bhfuil chun imeacht as an saol, áfach, agus is léir leis an tacaíocht chuí gur féidir leas a bhaint astu mar áiseanna luachmhara teagaisc. Ní mór na hardáin ina mbeidh na háiseanna teagaisc seo leabaithe a bheith tarraingteach agus a bheith ag teacht le riachtanais na bhfoghlaimeoirí agus na múinteoirí agus a bheith inghlactha i gcultúr na ndaoine a bhfuil siad dírithe orthu.

Tá dúshraith láidir leagtha síos d’fhorbairt IS (.i. croítheicneolaíochtaí urlabhra agus teanga) le Gaeilge. Tá sé tábhachtach anois leanúint le hIS a fhorbairt do chomhthéacs na Gaeilge go sainiúil ar bhonn níos leithne agus plean straitéiseach a dhearadh chun í a chomhtháthú le hardáin oideachasúla. Chuige sin tá gá le taighde cuimsitheach agus pleanáil chúramach ionas go mbeidh IS ar ardchaighdeán ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do lucht teagaisc na Gaeilge sna blianta atá romhainn amach.

 

SAOTHAIR A CEADAÍODH

ABAIR. (2024) ‘ABAIR: An Sintéiseoir Gaeilge – The Irish Language Synthesiser’. Ar fáil ag: abair.ie [Faighte 20 Márta 2024].

Anderson, J.R., Corbett, A.T., Koedinger, K.R. & Pelletier, R. (1995) ‘Cognitive Tutors: Lessons Learned’. In: The Journal of the Learning Sciences 4.2: 167–207. Lawrence Erlbaum Associates, Inc.

Alneyadi, S., Wardat, Y., Alshannag, Q., & Abu-Al-Aish, A. (2023) ‘The effect of using smart e-learning app on the academic achievement of eighth-grade students’. In: Eurasia Journal of Mathematics, Science and Technology Education 19.4: em2248. DOI: https://doi.org/10.29333/ejmste/13067.

An Scéalaí (2024) ‘IS caint-lárnaithe do Theagasc/Foghlaim na Gaeilge. Ar fáil ag: scealai.abair.ie [Faighte 20 Márta 2024].

Baker, T., & Smith, L. (2019) ‘Educ-AI-tion rebooted? Exploring the future of artificial intelligence in schools and colleges’. Ar fáil ag: https://media.nesta.org.uk/documents/Future_of_AI_and_education_v5_WEB.pdf [Faighte 20 Márta 2024].

Barry, J., Wagner, J., Cassidy, L., Cowap, A., Lynn, T., Walsh, A., Ó Meachair, M.J. & Foster, J. (2022). gaBERT – an Irish Language Model. In: Proceedings of the 13th Conference on Language Resources and Evaluation: 4774–4788.

Bhutoria, A. (2022) ‘Personalized education and Artificial Intelligence in the United States, China, and India: A systematic review using a Human-In-The-Loop model’. In: Computers and Education: Artificial Intelligence 3. DOI: https://doi.org/10.1016/j.caeai.2022.100068.

Bibauw, S., Van den Noortgate, W., François, F., & Desmet, P. (2022) ‘Dialogue systems for language learning: A meta-analysis’. In: Language Learning & Technology 26: 1–24. Ar fáil ag: https://hdl.handle.net/10125/73488 [Faighte 20 Márta 2024].

Bicknell, K., Brust, C. & Settles, B. (2023) ‘How Duolingo’s AI Learns what you Need to Learn: The language-learning app tries to emulate a great human tutor’. In: IEEE Spectrum 60.3: 28–33. DOI: 10.1109/MSPEC.2023.10061631.

Bond, M., Khosravi, H., De Laat, M., Bergdahl, N., Negrea, V., Oxley, E., Pham, P., Chong, S.W., & Siemens, G. (2024) ‘A meta systematic review of artificial intelligence in higher education: A call for increased ethics, collaboration, and rigour: Revista de universidad y sociedad del conocimiento’. In: International Journal of Educational Technology in Higher Education 21.1: 4. DOI: https://doi.org/10.1186/s41239-023-00436-z.

Collins, A. & Halverson, R. (2010) ‘The second educational revolution: Rethinking education in the age of technology’. In: Journal of Computer Assisted Learning 26.1: 18–27. DOI: https://doi.org/10.1111/j.1365-2729.2009.00339.x.

Common Crawl (gan dáta) ‘Statistics of Common Crawl Monthly Archives’. Ar fáil ag: https://commoncrawl.github.io/cc-crawl-statistics/plots/languages.html [Faighte 20 Márta 2024].

Comtois, M. & Ní Chiaráin, N. (2023) ‘The teacher-in-the-loop: collaboration with the teaching community in the development of an iCALL platform for Irish’. In: Bédi, B., Choubsaz, Y., Friðriksdóttir, K., Gimeno-Sanz, A., Björg Vilhjálmsdóttir, S., agus Zahova, S. (eag.), CALL for all Languages – EUROCALL 2023 Short Papers. DOI: https://doi.org/10.4995/EuroCALL2023.2023.16988.

Cope, B. & Kalantzis, M. (2016) ‘Big Data Comes to School: Implications for Learning, Assessment, and Research’. In: AERA Open, 2.2. DOI: https://doi.org/10.1177/2332858416641907.

Crompton, H. & Burke, D. (2023) ‘Artificial intelligence in higher education: the state of the field’. In: International Journal of Educational Technology in Higher Education 20.22. DOI: https://doi.org/10.1186/s41239-023-00392-8.

du Boulay, B. (2016) ‘Artificial Intelligence as an Effective Classroom Assistant’. In: IEEE Intelligent Systems 3.6: 76–81. DOI: 10.1109/MIS.2016.93.

Fosnot, C. T. (2013) Constructivism: Theory, perspectives, and practice. New York: Teachers College Press.

Gallacher, A., Thompson, A., & Howarth, M. (2018) ‘“My robot is an idiot!” – Students’ perceptions of AI in the L2 classroom’. In: P. Taalas, J. Jalkanen, L. Bradley & S. Thouësny (eag.), Future-proof CALL: language learning as exploration and encounters – short papers from EUROCALL 2018 (70–76). Research-publishing.net. DOI: https://doi.org/10.14705/rpnet.2018.26.815.

Gkountara, D. N. & Prasad, R. (2022) ‘A review of Artificial Intelligence in Foreign Language Learning’. In: Proceedings of the 25th International Symposium on Wireless Personal Multimedia Communications. Herning, Denmark, 134–139. DOI: 10.1109/WPMC55625.2022.10014767.

GPT-4. (gan dáta). In Wikipedia. https://en.wikipedia.org/wiki/GPT-4#cite_note-12 [Faighte 20 Márta 2024].

Godwin-Jones, R. (2023) ‘Presence and agency in real and virtual spaces: The promise of extended reality for language learning’. In: Language Learning & Technology 27.3: 6–26. Ar fáil ag: https://hdl.handle.net/10125/73529 [Faighte 20 Márta 2024].

Guo, H. (2018) ‘Application of a Computer-Assisted Instruction System Based on Constructivism’. In: International Journal of Emerging Technologies in Learning (iJET) 13.04: 33–44. DOI: https://doi.org/10.3991/ijet.v13i04.8468.

Harry, A. (2023) ‘Role of AI in Education’. In: Injurity: Interdisciplinary Journal and Humanity 2.3: 260–268. DOI: https://doi.org/10.58631/injurity.v2i3.52.

Healey, J. (2020) Artificial Intelligence (Volume 450). Thirroul: The Spinney Press.

Hermann, I. (2023) ‘Artificial intelligence in fiction: between narratives and metaphors’. In: AI & Society 38: 319–329. DOI: https://doi.org/10.1007/s00146-021-01299-6.

Hill, S. (2023) ‘Our Favorite Language Learning Apps’. In: Wired. Ar fáil ag: https://www.wired.com/gallery/best-language-learning-apps/ [Faighte 20 Márta 2024].

Hughes, A. (2023) ‘ChatGPT: Everything you need to know about OpenAI’s GPT-4 tool’. Ar fáil ag: https://www.sciencefocus.com/future-technology/gpt-3. [Faighte Márta 2024].

Hyangeun J., Insook H., & Yujung K. (2023) ‘A systematic review of conversational AI in language education: focusing on the collaboration with human teachers’. In: Journal of Research on Technology in Education 55:1 48–63. DOI: https://doi.org/10.1080/15391523.2022.2142873.

Khan, S. (2023) ‘TED talk: How AI could save (not destroy) education’ [físeán]. Ar fáil ag: https://www.ted.com/talks/sal_khan_how_ai_could_save_not_destroy_education?utm_campaign=tedspread&utm_medium=referral&utm_source=tedcomshare [Faighte 20 Márta 2024].

Koedinger, K. R., McLaughlin, E. A., & Heffernan, N. T. (2010) ‘A Quasi-Experimental Evaluation of An On-Line Formative Assessment and Tutoring System’. In: Journal of Educational Computing Research 43.4: 489–510. DOI: https://doi.org/10.2190/EC.43.4.d.

Kurvinen, E., Järvinen, J. P., & Kaila, E. (2022) ‘Artificial Intelligence in Education – Where are we now?’. In: Education and New Developments: 391–395. DOI: https://doi.org/10.36315/2022v2end087.

Leblebici, D. (2024) ‘“You are Apple, why are you speaking to me in Turkish?”: the role of English in voice assistant interactions’. In: Multilingua. DOI: https://doi.org/10.1515/multi-2023-0072.

Luckin, R., Holmes, W., Griffiths, M. & Forcier, L. B. (2016) Intelligence Unleashed: An argument for AI in Education. UCL Knowledge Lab: London, UK.

Nazaretsky, T., Ariely, M., Cukurova, M., & Alexandron, G. (2022) ‘Teachers’ trust in AI-powered educational technology and a professional development program to improve it’. In: British Journal of Educational Technology 53.4: 1–18. DOI: https://doi.org/10.1111/bjet.13232.

Neumann, M., Rauschenberger, M., & Schön, E. (2023) ‘“We Need To Talk About ChatGPT”: The Future of AI and Higher Education’. In: 5th International Workshop on Software Engineering Education for the Next Generation (SEENG): 29–32.

Ní Chiaráin, N. (2020) ‘Foghlaim ríomhchuidithe teanga-chliste agus teicneolaíocht na hurlabhra: Féidearthachtaí do theagasc/d’fhoghlaim na Gaeilge’. In: TEANGA, Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn 27: 79–97. DOI: https://doi.org/10.35903/teanga.v27i.219.

Ní Chiaráin, N. (2022) ‘An Corpas Cliste: creating a learner corpus for Irish from a new, purpose-built iCALL platform’. In: B. Arnbjörnsdóttir, B. Bédi, L. Bradley, K. Friðriksdóttir, H. Garðarsdóttir, S. Thouësny, S., M.J. Whelpton (eag.) Intelligent CALL, granular systems and learner data: short papers from EUROCALL 2022. Research-publishing.net: 297–301.

Ní Chiaráin, N. & Ní Chasaide, A. (2020) ‘The Potential of Text-to-Speech Synthesis in Computer-Assisted Language Learning: A Minority Language Perspective’. In: A. Andujar (eag.), Recent Tools for Computer- and Mobile-Assisted Foreign Language Learning. Hershey, PA: IGI Global: 149–169.

Ní Chiaráin, N., Nolan, O., Gunning, N. R. & Comtois, M. (2023) ‘Filling the SLaTE: examining the contribution LLMs can make in Irish story content generation’. In: Proc. 9th Workshop on Speech and Language Technology in Education (SLaTE): 176–181.

Pane, J. F., Griffin, B. A., McCaffrey, D. F., & Karam, R. (2014) ‘Effectiveness of Cognitive Tutor Algebra I at Scale’. In: Educational Evaluation and Policy Analysis 36.2: 127–144. DOI: 10.3102/0162373713507480.

Pence, H. E. (2019) ‘Artificial Intelligence in Higher Education: New Wine in Old Wineskins?’ In: Journal of Educational Technology Systems 48.1: 5–13. DOI: https://doi.org/10.1177/0047239519865577.

Pikhart, M. (2020) ‘Intelligent information processing for language education: The use of artificial intelligence in language learning apps’. In: Procedia Computer Science 176: 1412–1419. DOI: https://doi.org/10.1016/j.procs.2020.09.151.

Pokrivčáková, S. (2019) ‘Preparing teachers for the application of AI-powered technologies in foreign language education’. In: Journal of Language and Cultural Education. DOI: https://doi.org/10.2478/jolace-2019-0025.

Ranalli, J. & Yamashita, T. (2022) ‘Automated written corrective feedback: Error-correction performance and timing of delivery’. In: Language Learning & Technology 26.1: 1–25. Ar fáil ag: http://hdl.handle.net/10125/73465. [Faighte 20 Márta 2024].

Rialtas na hÉireann (2023) Plean Digiteach don Ghaeilge: Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga 20232027. Baile Átha Cliath: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Schmidt, T. & Strasser, T. (2022) ‘Artificial Intelligence in Foreign Language Learning and Teaching: A CALL for Intelligent Practice’. In: Anglistik 33.1: 165–184. DOI: https://doi.org/10.33675/ANGL/2022/1/14.

Sembey, R., Hoda, R., & Grundy, J. (2024) ‘Emerging technologies in higher education assessment and feedback practices: A systematic literature review’. In: Journal of Systems and Software 211: 111988. DOI: https://doi.org/10.1016/j.jss.2024.111988.

Teach na dTiarnaí | House of Lords Select Committee on Artificial Intelligence (2018) ‘AI in the UK: ready, willing and able’? HL Paper 100. Ar fáil ag: https://publications.parliament.uk/pa/ld201719/ldselect/ldai/100/100.pdf. [Faighte 20 Márta 2024].

Touvron, H., Martin, L., Stone, K., Albert, P., Almahairi, A., Babaei, Y., … & Scialom, T. (2023) ‘Llama 2: Open foundation and fine-tuned chat models’. In: arXiv preprint arXiv:2307.09288.

Trosterud, T. (2023) ‘CALL for all languages? Why languages differ and what consequences that has for CALL’ [físeán]. Eochairchaint ag comhdháil EuroCALL 2023. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=FAYWEmcQcRI. [Faighte 20 Márta 2024].

Ver Meer, D. (2024) ‘Number of ChatGPT Users and Key Stats’. Ar fáil ag: https://www.namepepper.com/chatgpt-users#country-stats. [Faighte 20 Márta 2024].

Yamazaki, K. & Thomas, M. (2023) Computer-Assisted Language Learning. obo in Education. DOI: https://doi.org/10.1093/obo/9780199756810-0305.

Yang, H. & Kyun, S. (2022) ‘The current research trend of artificial intelligence in language learning: A systematic empirical literature review from an activity theory perspective’. In: Australasian Journal of Educational Technology 38.5: 180–210. DOI: https://doi.org/10.14742/ajet.7492.

Zhang, Z. & Huang, X. (2024) ‘The impact of chatbots based on large language models on second language vocabulary acquisition’. In: Heliyon 10:3. DOI: https://doi.org/10.1016/j.heliyon.2024.e25370.

Zhang, R. & Zou, D. (2022) ‘Types, purposes, and effectiveness of state-of-the-art technologies for second and foreign language learning’. In: Computer Assisted Language Learning 35.4: 696–742. DOI: https://doi.org/10.1080/09588221.2020.1744666.

Dáta foilsithe:
28/11/2024

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
intleacht shaorga, teagasc teangacha, An Ghaeilge, ardáin oideachasúla

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Is iad an Intleacht Shaorga, teagasc/foghlaim teangacha, agus cás na dteangacha ar bheagán acmhainní digiteacha atá faoi chaibidil san alt seo. An aidhm atá leis an alt ná spléachadh a thabhairt ar (i) Intleacht Shaorga i dteagasc/foghlaim teangacha go ginearálta agus (ii) Intleacht Shaorga i dteagasc/foghlaim teangacha ar bheagán acmhainní digiteacha, an Ghaeilge sa chás seo, agus na tosca a chaithfear a chur san áireamh sna comhthéacsanna seo – atá go hiomlán difriúil ó chomhthéacs na mórtheangacha. Léirítear ardán foghlaim ríomhchuidithe teangacha-chliste, An Scéalaí, agus mínítear turgnaimh a rinneadh a léiríonn nach féidir brath ar shamhail teanga mhór (GPT), atá tógtha ar struchtúir an Bhéarla don chuid is mó, chun ábhar a ghiniúint do chomhthéacs teagasc/foghlaim na Gaeilge. Leagtar amach cuid de na tosca a chaithfear a chur san áireamh le go mbeidh IS ar ardchaighdeán ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge sna blianta atá romhainn amach.

This article is at the intersection of AI, language education, and minority/under-resourced languages. The aim of this article is (i) to offer insights into AI in language education currently and (ii) to mention some of the significant hurdles that need to be overcome, especially in the context of languages with fewer speakers and resources, in this case Irish. A brief overview is given of a speech-based, AI-enhanced platform for Irish-language teaching/learning, An Scéalaí. This is discussed in the context of experiments run to ascertain the usefulness of a large language model (GPT), trained mainly on English-language data, in generating Irish-language content. The article concludes with a call for thoughtful design for strategic integration of AI in educational settings, guided by comprehensive research and policy development so that AI-enhanced systems will benefit learners and teachers of Irish.

Údar:
Neasa Ní Chiaráin

Teagmháil:

nichian@tcd.ie

Beathaisnéis:

Tá an Dr Neasa Ní Chiaráin ina hOllamh Cúnta Ussher le Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ag obair sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, áit a bhfuil sí ar dhuine de na príomhthaighdeoirí ar an tionscadal teicneolaíochta ABAIR.ie. Chomh maith le bheith ag obair ar na bunteicneolaíochtaí urlabhra – guthanna sintéiseacha agus aithint cainte – tá spéis aici sa nasc idir an teicneolaíocht, an teangeolaíocht agus oideolaíocht. Tá togra reatha aici dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ar a dtugtar An Scéalaí. Tá sé mar aidhm ag an togra ‘Foghlaim Ríomhchuidithe Teangacha’ seo uirlisí éagsúla teicneolaíochta teanga don Ghaeilge a chur ar aon ardán amháin agus teicnící ‘cliste’ a úsáid chun iad a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí atá ag leibhéil éagsúla cumais.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.