Feidhm na hamhránaíochta agus an damhsa i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain

Ní Chualáin, Aingeal

The function of song and dance in the early work of Máirtín Ó Cadhain

This article explores how courtship as a social practice is presented in the early work of Máirtín Ó Cadhain. The art of song and dance are of central importance in the expression of desire in the author’s work. This aspect of Ó Cadhain’s early short stories is examined in the the light of the anthropological insights discussed in Lillis Ó Laoire’s study An Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002) in relation to Tory Island. As a result of the huge social changes which occurred in Ireland in the first half of the twentieth century the practice of matchmaking began to decline and the growing importance of the ritual of courtship became evident. Song and dance became acceptable forms of expressing sexual desire in public and, as such, became an important part of the courtship ritual in a social setting. Song and dance were also an acceptable way of expressing desire in literature and this is something which Ó Cadhain’s early work illustrates in a remarkable way.

This article considers four of the author’s early short stories published between 1939 and 1953 in relation to the use of song and dance as a way of expressing desire in a public setting. The stories which are discussed include ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ from the short story collection Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939), ‘Críonadh na Slaite’ and ‘An Bhliain 1912’ from An Braon Broghach (1948) and ‘Ciumhais an Chriathraigh’ from Cois Caoláire (1953). Reference is also made to the short story ‘Beirt Eile’ from one of Ó Cadhain’s later collections An tSraith ar Lár (1967) which is of relevance with regard to the use of song as a means of expressing desire in the author’s work.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

 

Dáta foilsithe:
24/11/2015

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
amhránaíocht, damhsa, dúil chollaí, gearrscéalta, Máirtín Ó Cadhain, cur chuige antraipeolaíoch

DOI:
10.18669/ct.2015.02

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Cuireann an t-alt seo roimhe léargas a thabhairt ar léiriú na cúirtéireachta mar chleachtas sóisialta i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Feictear go bhfuil áit lárnach ag na hamhráin agus ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa sa saothar agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfianaise na dtuiscintí antraipeolaíochta faoi na hamhráin agus an damhsa atá pléite ag Lillis Ó Laoire ina shaothar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002). Baineadh úsáid as na hamhráin agus as an damhsa mar bhealaí inghlactha chun an dúil chollaí a chur in iúl sa phobal. Ba bhealaí inghlactha freisin iad an damhsa agus na hamhráin chun an t-áilíos a chur in iúl sa litríocht agus léirítear é seo go sonrach i saothar cruthaitheach Uí Chadhain.

San alt seo dírítear ar cheithre scéal a bhaineann le hábhar ó na cnuasaigh gearrscéalta leis an gCadhnach a foilsíodh idir 1939 agus 1953 agus déantar anailís ar úsáid na hamhránaíochta agus an damhsa le staid mhothálach na gcarachtar a chur in iúl i suíomh sóisialta ar leith. Is iad na scéalta sin ná ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ as Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939), ‘Críonadh na Slaite’ agus ‘An Bhliain 1912’ as An Braon Broghach (1948) agus ‘Ciumhais an Chriathraigh’ as Cois Caoláire (1953). Déantar tagairt freisin don scéal déanach ‘Beirt Eile’ as an gcnuasach An tSraith ar Lár (1967).

© Aingeal Ní Chualáin, 2015

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Ní Chualáin, Aingeal

Teagmháil:

aingeal5@eircom.net

Beathaisnéis:

Is as Carna i gConamara í Aingeal Ní Chualáin. Chuaigh sí le gairm na múinteoireachta tar éis di BA a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Bhéarla in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. D’fhill sí ar an ollscoil chéanna i 2006 chun tabhairt faoin MA. Dhírigh a cuid taighde ar shaol agus shaothar an scríbhneora Tomás Bairéad. Chuir sí cnuasach gearrscéalta leis an mBairéadach in eagar a chuir Cló Iar-Chonnacht i gcló i 2010 faoin teideal ‘Tomás Bairéad: Rogha Scéalta’. Bhain sí PhD amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa bhliain 2013. Is é teideal a tráchtais: ‘Siocracha Peaca: Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain’. Faoi láthair tá sí ag obair mar léachtóir páirtaimseartha sa Nua-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.