Réamhrá
Ba phearsa dhiamhair thairseachúil í an bhean chaointe, a raibh cumhacht ar leith ag baint lena glór agus í ag caoineadh na marbh. Bhí ról lárnach ag mná caointe i ndeasghnátha aistrithe an tórraimh agus iad ag scaoileadh racht bróin thar cheann an phobail, ag feidhmniú mar idirghabhálaí idir an saol seo agus an saol eile (Ó Crualaoich 1998: 192). Tá plé cuimsitheach déanta ag staraithe agus béaloideasóirí ar ghnéithe den chaointeoireacht agus ar na nósanna a chleachtaítí ar thórramh. Tugtar cuntas in Caitheamh Aimsire ar Thórraimh (Ó Súilleabháin 1980 [1961]) ar na cluichí ilghnéitheacha a bhí mar chuid den ócáid agus ar iarrachtaí na n-údarás na nósanna seo a chur faoi chois. Tá anailís chríochnúil déanta ag Ó Crualaoich ar na cleachtais agus na tuiscintí a bhain leis an tórramh meidhreach agus ar thábhacht shiombalach agus chultúrtha an deasghnátha (1998). Tá scagadh déanta ag Lysaght ar fhoinsí liteartha agus béil agus suirbhé cuimsitheach déanta aici ar an gcaointeoireacht agus ar ghnásanna a bhain le dáileadh bia, dí agus tobac ar na hócáidí sóisialta seo (1997; 2003). Dírítear ar cheol an chaointe in ailt eile agus tugtar samplaí de na foinn a bhí in úsáid agus pléitear an caoineadh mar ealaín bhéil (Ó Madagáin 1978; Ó Madagáin 2005; Henigan 2012; Nic an Airchinnigh agus Ó Laoire 2014; Williams agus Ó Laoire 2024; Ó Laoire agus Nic Dhonncha 2025). Tá mionphlé déanta ag scoláirí ar ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ agus tugtar éachtaint dúinn sa taighde sin ar chúlra stairiúil agus ar bhuanna ealaíne an téacs (Bromwich 1948; Ó Tuama 1961; Ó Coileáin 1988; Ó Buachalla 1998). Déantar iniúchadh ar an amhrán traidisiúnta ‘Caoineadh na dTrí Muire’ i saothar Bourke agus fiosraítear ceisteanna a bhaineann le ceapadh agus le cur i láthair na gcaointe, mar aon le teachtaireachtaí códaithe agus glór na mban san fhilíocht bhéil tré chéile (Partridge 1983; Bourke 1993; 1997; 2002). Tharraing Bourke aird ar leith ar theacht i láthair na gcaointeoirí, agus ar an leas a baineadh as an nglór agus as gothaí le taibhiú drámata a dhéanamh ar an gcumha: ‘Caoineadh was a performance, and entailed taking possession of space and demanding attention, as much as arranging words in order’ (Bourke 2002: 1366). B’aisteoir de shórt í an bhean chaointe, a ghlac pearsa chuici féin sa chur i láthair:
…the bean chaointe, or lament-poet, was a woman crazed with grief, whose appearance and behaviour expressed disorder and loss of control. In fact, however, her performance, like that of a tragic actor, required considerable intellectual stamina, as well as great reserves of emotion (Bourke 2002: 1365).
Ní raibh lucht drámaíochta na tíre dall ar mhianach drámata na caointeoireachta agus díol spéise an leas a baineadh as na cleachtais thraidisiúnta seo i ndrámaí stáitse Gaeilge agus Béarla i dtréimhsí éagsúla. Díreofar san alt seo ar an taibhléiriú a rinneadh ar an gcaoineadh i léirithe drámaíochta agus ar an ‘dara beatha’ a bronnadh ar thraidisiún na caointeoireachta ar ardán na hamharclainne. Sa phlé a rinne Honko ar shaolré an bhéaloidis, leag sé amach próiseas nó sraith céimeanna agus rinne sé deighilt idir chéad bheatha an traidisiúin ina phobal agus ina chomhthéacs ceart féin agus an ‘dara beatha’ a thagann chun cinn nuair a dhéantar é a athshaolú ó chartlanna agus a chur i láthair i riochtaí agus i dtimpeallachtaí eile. Sa chéim is luaithe sa phróiseas, maireann an traidisiún gan aon chur isteach ón dtaobh amuigh: ‘This stage is characterised by the natural, almost imperceptible existence of folklore in the folklore community. It is not noticed, recognised or emphasised because it is an organic part of everything that happens … Traditional elements fulfill functions of their own in the cultural system’ (Honko 2013: 39). Aithnítear saineolaithe nó cleachtóirí cumasacha ar leith sa phobal féin ar dtús. Le himeacht ama, imríonn cuairteoirí agus taighdeoirí ón dtaobh amuigh tionchar ar thuiscint an phobail ar luach an traidisiúin agus déantar iarracht é a bhailiú agus a chaomhnú agus anailís eolaíochtúil a dhéanamh ar an ábhar. Is ionann ‘dara beatha an bhéaloidis’ agus ábhar traidisiúnta a bheith in úsáid i gcruth nó i gcomhthéacs nua, ‘recycling of material in an environment that differs from its original cultural context’ (Honko 2013: 48; Ó Giolláin 2000: 174; Ó Giolláin 2005: 121). Cuimsíonn an téarma úsáid an bhéaloidis san ealaín, i réimse an oideachais, i gcúrsaí tráchtála agus turasóireachta, gan ach beagán a lua. Mar a shonraigh Ó Giolláin:
The ‘second life’ of folklore is everywhere around us. It is in vernacular references in architecture or interior design, in personal adornment, in marketing strategies for goods (a folkloric reference suggesting tradition, authenticity and naturalness), in staged performances of song and dance, in the display of museums, in the plots of cartoons, novels and films (Ó Giolláin 2000: 174).
Is é cuspóir an ailt seo léargas a thabhairt ar an athshaothrú a rinneadh ar an gcaoineadh agus ar an tórramh i suíomh amharclainne ag deireadh an naoú haois déag agus i mblianta tosaigh na hAthbheochana. Pléifear an léiriú a rinneadh ar mhná caointe ar an ardán agus tagrófar don léirmheastóireacht a rinneadh ar na taibhléirithe seo in Éirinn, agus go deimhin, i dtíortha eile. Pléifear an tuiscint a bhí ag drámadóirí éagsúla ar nósanna caointeoireachta agus an teagmháil a bhí acu leis na cleachtais mar thraidisiún beo. Caithfear solas freisin ar ábhair aighnis a tháinig chun cinn agus ar na híogaireachtaí a bhain leis an gcaointeoireacht a chur i láthair i gcomhthéacsanna poiblí éagsúla.
Méaldráma Boucicault: An caoineadh ar an gcoigríoch
Bhí an méaldráma The Shaughraun ar cheann de na drámaí ba luaithe a bhain leas as an gcaointeoireacht ar stáitse. Ba dhrámadóir, aisteoir agus léiritheoir ceannródaíoch é Dion Boucicault (1820–1890) a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhain cáil dhomhanda amach lena chuid méaldrámaí agus fronsaí mór-éilimh. Cuireadh The Shaughraun ar an ardán den chéad uair i Nua-Eabhrac i mí na Samhna 1874 agus bhí an-ráchairt go deo air:
… The Shaughraun became the hit of the season. When it finished its run four months later at the end of March, it had grossed nearly a quarter of a million dollars, and the receipts for the Thanksgiving Day matinée were $2,250, the highest ever recorded in New York (Fawkes 1979: 194).
Léiríodh in Amharclann Drury Lane i Londain é an bhliain dar gcionn agus thuill sé an moladh céanna ansin. Ba é Dion Boucicault féin a ghlac páirt an phríomhcharachtair sna léirithe tosaigh, ‘Conn the Shaughraun, the soul of every fair, the life of every funeral, the first fiddle at all weddings and patterns’. Tá comharthaí sóirt an mhéaldráma le haithint ar an saothar: tá scéal grá ann, tá na póilíní sa tóir ar an laoch, tá éalú ar éigean, tá míthuiscintí, uisce faoi thalamh, beagán scéiméireachta agus neart grinn. I measc na dramatis personae luaitear ‘Bridget Madigan, a Keener, Nancy Malone, a Keener’, mná caointe atá lárnach i dtórramh bréagach sa dráma. Ba é an radharc seo ba mhó a tharraing caint agus aird an phobail ag an am. Ag buaicphointe an mhéaldráma, gortaítear an príomhcharachtar, Conn, agus ligeann sé air go bhfuil sé marbh. Cuirtear os cionn cláir é agus déantar é a thórramh. Fad is atá na mná caointe á mholadh agus á chomóradh, ólann Conn cúpla deoch i ngan fhios dóibh agus anois is arís déanann sé caint leathaoibh leis an lucht féachana le ráitis na mban caointe a bhréagnú.
Díol spéise an mionchur síos sna treoracha stáitse ar shuíomh an tórraimh, ar an bhfearas stáitse a bhí de dhíth don ‘tableau of an Irish Wake’ agus ar gheáitsí na mban caointe:
Scene Two – Mrs. O’Kelly’s Cabin (interior); Door; fireplace. Conn is lying on a shutter, supported by an old table, a three-legged stool, and a keg. Table covered with food and drinking cups, plates of snuff, jugs of punch, lighted candles in bottles, &c.- Tableau of an Irish Wake. A group of women around Conn. Mrs. O’Kelly seated; Mrs. Malone and Reilly near her. Sullivan, Doyle and peasantry (male and female) at table. The women are rocking to and fro during the wail (Boucicault 1964: 226–227).
Foilsíodh léaráid ón gcéad léiriú i Londain (1875) sa London Illustrated News a thugann tuiscint mhaith dúinn ar an leagan amach a bhí ar an tórramh sa dráma. Díol suntais iompar na mban caointe sa léaráid agus na sonraí breise a nochtann sé faoin léiriú. Feictear na mná agus a lámha sínte go hard os a gcionn, a gcuid gruaige in aimhréidh agus an t-olagón faoi lán seoil. Glacann an chliar iomlán páirt sa churfá i dtús an radhairc:
Female voices –
Why did ye die? – oh, why did ye die?
And lave us all alone to cry?
Together –
Why did ye die? Why did ye die?
Laving us to sigh, och hone!
Why did ye die? – why did ye die?
Oolaghaun! – oh, Oolaghaun! (Boucicault 1964: 227)
Tá an íomhá agus an téacs ag teacht cuid mhaith leis an gcur síos agus le léaráidí a foilsíodh i dtuairisc fhada ar an tórramh in Ireland: Its Scenery, Character &c. le Samuel Carter and Anna Maria Hall (1841: 222–236) agus cé go bhféadfadh go raibh Boucicault ag tarraingt ar thaithí phearsanta, creidim go bhfuil lorg Hall le haithint ar an radharc.
The women of the household range themselves at either side, and the keen (caoine) at once commences. They rise with one accord, and moving their bodies with a slow motion to and fro, their arms apart, they continue to keep up a heart-rending cry (Hall 1841: 222–223).
The keen usually consists in an address to the corpse, asking him ‘Why did he die &c., or a description of his person, qualifications, riches, &c.,’ it is altogether extemporaneous; and it is sometimes astonishing to observe with what facility the keener will put the verses together, and shape her poetic images to the case of the person before her (Hall 1841: 226).

Léaráid 1: Morgan, Matthew Somerville, (1875) ‘Wake Scene from Act III, Scene 2 of The Shaughraun’. In: The Shaughraun Photographs. Íomhá 7. Ar fáil ag: https://digitalcommons.usf.edu/shaughraun_photographs/7

Léaráid 2: Timbrell, J.C. ‘The Wake’. In: Hall, S.C. (1841) Ireland: Its Scenery, Character &c. London: How and Parsons: 223.
I dtéarmaí Honko, rinne Boucicault cleachtais thraidisiúnta ó thuairiscí scríofa na Halls a athbheochan agus bhronn sé beatha nua orthu i bhfoirm drámaíochta. Ar ndóigh, ba thaispeántas cultúrtha nó píosa siamsaíochta é seo a bhí an-éagsúil leis an mbunábhar traidisiúnta, agus bhain sprioc eile ar fad leis sa chomhthéacs seo (Honko 2013: 48). Pobal an-éagsúil a bhí i gceist freisin agus chuaigh an léiriú de thórramh bréagach i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus ar léirmheastóirí idirnáisiúnta. Thagair New York Daily Herald go sonrach don radharc nuálach seo i léirmheas ar an gcéad léiriú: ‘Shaughraun imparts for the first time to the Irish wake a dramatic existence …’ (An Old Manager 1874: 6). Mhol léirmheas eile an dráma agus luaigh inchreidteacht an radhairc: ‘The Irish wake scene was weirdly realistic, and the entire performance was most commendable’ (Newbury Weekly News and General Advertiser 1878: 5). Tagraíodh go minic don ghreann a bhain leis: ‘The representation of an Irish wake is unique, and the house literally roared with laughter’ (The Lancaster Gazette 1877: 3). ‘The wake scene will be remembered as being one of the most excruciatingly funny scenes ever put upon the stage’ (The Pittsburg Press 1895: 12). ‘… [A]n outstanding piece of comic invention’ a bhí ann dar le Krause (1964: 38). Má bhí an greann chun tosaigh sa léiriú a rinneadh ar an tórramh sa saothar, ní cúis gháire a bhí ann dar le tráchtairí eile agus, go deimhin, d’fhás míshástacht i measc na nÉireannach i Meiriceá ina thaobh. B’éigean do chompántas drámaíochta a bhí ar chamchuairt in 1878 an radharc sin a fhágáil ar lár ar fad i gcathracha áirithe nuair a chuir lucht agóide isteach air:
Boucicault’s Shaughraun was being presented by the company now passing from Philadelphia to New Orleans, and all went smoothly until the ‘wake scene’ in the last act. Suddenly, while the mourners were wailing, there came a whirling sound, and something struck the curtain … Then two or three eggs in rapid succession hit the floor, scattering the shells and contents and one struck a performer (Harrisburg Telegraph 1878: 3).
Díol suntais chomh maith an cáineadh a rinneadh ar an radharc in The Irishman (1877) agus an imní a nochtadh go dtarraingeodh an léiriú droch-cháil ar na Gaeil. Déantar idirdhealú idir an léiriú scigmhagúil de mhná caointe mar a bhí ar an stáitse agus an cleachtas traidisiúnta in Éirinn. Níor cheart an bhean chaointe a chur i láthair mar chailleach bharbartha mheisciúil dar leis an iriseoir – ach mar bhean uasal mhaorga:
We object, then, to the “wake scene” in the Shaughraun, because it is not consistent with his work. It is a false note in a fine melody. It is a patch upon the purple of his merit as an author. … We speak of the wake scene as it is put upon the stage rather than the substance of it. If Mr. Boucicault had ever listened to the caoine in the country, with its mournful modulations and impressive wail, he would not have made the Mourner a ragged old hag, with dress in tatters, hair and red kerchief pulled over her face, pipe in mouth, and jug in hand. Such a presence would be considered a dishonour to the corpse in the poorest hut. It is no credit to our country anywhere, and must give strange ideas of the Irish to the ignorant English and Scotch. It would have been as easy to make the scene picturesque, as repulsive. Let the Mourner be robed in a deep blue Munster mantle, or in the scarlet Connaught cloak, with the hood, in either case, drawn over her dishevelled locks. Then you will have a weird and wild presence, but a picturesque one. This would be a real representation, not discreditable to the country and we trust that Mr. Boucicault will at once approve of the change, and the Dublin manager at once adopt it (The Irishman 1877: 681).
Is léir go raibh míréir idir tuiscint na nGael ar an gcleachtas dúchasach agus an íomhá phoiblí a bhí tagtha ar an bhfód. Cé go bhfuil creatlach Honko leagtha amach i gcéimeanna, luaigh sé nár ghá go mbeadh líne dhíreach i gceist agus go bhféadfadh céimeanna éagsúla sa phróiseas a bheith ag feidhmiú agus ‘beo’ ag an am céanna (Honko 2013: 38). Bhí a leithéid i gceist leis an gcaointeoireacht sa tréimhse seo chomh maith agus cóiriú drámata á dhéanamh ar nósanna a bhí fós beo sa phobal. Léiríonn na haighnis seo an íogaireacht a bhain le nósanna tórraimh a chur ar an ardán agus an teannas a chothaigh sé idir dhá ‘bheatha’ na caointeoireachta.
Más léiriú maslach áibhéileach ar an tórramh a bhí sa radharc de réir an nuachtáin Éireannaigh, a mhalairt ar fad a tugadh le fios i nuachtán Sasanach an bhliain cheannann chéanna. Thrácht The Birmingham Daily Mail ar an ngreann áiféiseach a bhain leis an tórramh mar a léiríodh é sa mhéaldráma, ach thapaigh sé an deis le haird a tharraingt ar an mbaol sláinte agus morálta a bhain leis na nósanna seo sa bhfíorshaol, nósanna a bhí á gcleachtadh go forleathan ag na hinimircigh Éireannacha a bhí ag cur fúthu i mBirmingham.
Mr Boucicault, who has a genius for exaggeration of national customs, has depicted, with all the heightened effects of his wonderful stage skill, the grotesque admixture of howling sorrow and tributary “potheen” with which the lower class of Irish contrive to associate mourning with the wantonness of a debauch. In such a play as The Shaughraun, the features of a wake are presented only on their ludicrous side, and in smiling at the farcical outbreaks of crooning stage-hags, paid a shilling a night to howl a dirge in the dismallest of minor keys, we are apt to ignore, if not altogether to forget, the moral and sanitary evils which troop, spectre-like, at the heels of this wretched custom.
The stage wake is an amusing travestie of the wake of real life, with all the horrors conveniently left out. We are introduced to no swinish orgies, and the atmosphere of the theatre is not tainted with the poisonous stench of putrefying flesh. The judicious colourist puts plenty of light into his picture of national customs, but he leaves the shadows out. There are no Rembrantesque depths of intense black such as there are in the wake as it actually occurs. The orgie is a stage orgie, good tempered and rollicking, with the shillaleghs discreetly kept in the background. The dialogue is witty and mirth-moving, and even the lamentations are as musical as orchestral effects can make hired dolefulness. But the real wake is a very different thing …
The people themselves are ignorant and prejudiced. They have not been educated in sanitary science, and they have been educated in a reverential regard for national customs. They cling to the habits of their fathers in the “strange land” of the Saxon, and would regard themselves deficient in respect for the dead if they omitted the accustomed rites of sorrow. Still, imported customs cannot be allowed to override public necessities. If the Irishman will cling to his wake he must at least perform it without risk to the health of his neighbours (The Birmingham Daily Mail 1877: 2).
An tórramh agus an caoineadh i dtús ré na scannánaíochta
Is léir gur radharc ceannródaíoch a bhí sa tórramh i saothar Boucicault, a tharraing idir mholadh agus cháineadh, agus a d’imir tionchar suntasach ar dhrámadóirí agus ar fhuirseoirí a linne agus ar an gcultúr coiteann tré chéile. Mar a shonraigh Kevin Rockett ‘It is the wake scene in act 3 that has had the most lasting impact as a social and cultural phenomenon. Although Boucicault was not the first to invoke this trope, he universalized it’ (Rockett 2007: 46). Díol spéise gur fhág an mhír seo sa dráma a lorg, ní hamháin ar ardán na hamharclainne, ach ar an tionscal nua scannánaíochta a bhí ag teacht chun cinn, mar atá léirithe go paiteanta ag Rockett san alt céanna. Faightear léargas ar thórramh bréagach i scannáin thostacha ar nós A Wake in Hell’s Kitchen (1900), Murphy’s Wake (1903) agus Murphy’s Wake (1906). Leanann na sceitsí seo go léir an fhoirmle chéanna agus tá anáil Boucicault le haithint go láidir orthu. Tosaíonn an mhír thíos ó Murphy’s Wake (1903) le grúpa ag damhsa i ngairdín. Téann beirt i mbun troda, leagtar Murphy amach agus fágtar gan aithne gan urlabhra é. Tugtar isteach sa teach agus cuirtear os cionn cláir é, cé go bhfuil sé fós beo i ndáiríre (Féach achoimre ar an scannán Rockett 1996: 125). Tabharfar faoi deara go háirithe an phaidreoireacht dheas shollúnta a tharlaíonn i láthair an tsagairt, agus an t-athrú tobann a thagann ar iompar na n-aisteoirí nuair a imíonn an sagart as an seomra. Is léir go dtosaítear á chaoineadh agus cé nach bhfuil aon fhuaim ag gabháil leis an scannán, cuireann geáitsíocht na bpearsan – an luascadh rithimeach, agus na lámha sínte os a gcionn – an chaointeoireacht in iúl go físiúil. Ní hé go bhfuilim ag áiteamh gur léiriú ‘dílis’ ná barántúil atá anseo ar nósanna caointeoireachta mar a chleachtaítí iad go traidisiúnta, ach léiríonn sé an íomhá idirnáisiúnta a bhí ag nósanna caointeoireachta na nGael agus gur carachtar so-aitheanta a bhí sa bhean chaointe i gcultúr coiteann na tréimhse.
Físeán 1: A Wake in Hell’s Kitchen (1900) American Mutoscope and Biograph Company. Le caoinchead Library of Congress, Washington.
Físeán 2: Murphy’s Wake (1903) Gaumont Company. Le caoinchead Library of Congress, Washington.
Tá greann agus áibhéil chun tosaigh sa sceitse áirithe sin, ach tugann radharc as an scannán tostach A Lad from Old Ireland (1910) léiriú ríspéisiúil eile dúinn ar an mbás in Éirinn. Cuirtear an ola dhéanach ar sheanbhean agus í ar leaba an bháis sa radharc seo. Nuair a imíonn an dé aisti, cuirtear paidir lena hanam agus ansin tosaíonn beirt bhan aosta ag luascadh, ag gol, ag achairt chun Dé agus ag greadadh bos. Dealraíonn sé go gciúnaíonn an sagart iad agus go ndíbríonn sé as an teach ina dhiaidh sin iad.
Físeán 3: A Lad from Old Ireland (1910), Kalem Film Company. Le caoinchead Institiúid Scannán na hÉireann.
An caoineadh ar ardáin na hAthbheochana
Cuireadh tús le ré nua i ndrámaíocht na hÉireann san Athbheochan. Tháinig borradh faoi chúrsaí drámaíochta faoi scáth Chonradh na Gaeilge, an Irish Literary Theatre, an tOireachtas, Inghinidhe na hÉireann agus grúpaí cultúrtha eile agus cuireadh drámaí, tableaux vivants, píosaí aithriseoireachta agus amhráin thraidisiúnta ar an ardán. Feictear tórraimh agus caointe i ndrámaí agus i dtaibhléirithe Gaeilge agus Béarla sa tréimhse seo, agus tá idé-eolaíocht agus anáil na hAthbheochana le haithint ar an láimhseáil a rinneadh orthu. Áiríonn Honko an leas a bhaintear as an mbéaloideas mar chuid de ghluaiseachtaí polaitiúla nó cultúrtha mar eiseamláir eile de dhara beatha an bhéaloidis. Níl scigmhagadh ná áiféis ag baint leis na léirithe seo agus leagtar béim ar thréithe ársa, tragóideacha an chaointe den chuid is mó. Cuirtear an bhean chaointe inár láthair mar eiseamláir uasal agus mar shiombail den chultúr dúchasach.
D’oir na caointe mar thionlacan ceoil d’insintí drámata stairiúla agus do ghlóir-réimeanna bunaithe ar scéalta laochais agus cé nach maireann scripteanna na dtaibhléirithe sin, tá eolas luachmhar le fáil i léirmheasanna comhaimseartha orthu. Chuir daltaí scoile i gColáiste Chaisleán Cnucha radharc ó thraidisiún na Fiannaíochta i láthair i nglóir-réim faoin aer agus tugadh ard-mholadh don taispeántas. Bás Chumhaill, athair Fhinn, b’ábhar don ghlóir-réim agus bhain tábhacht agus siombalachas breise leis an rogha sa mhéid is gur ar an láthair chéanna sin a tharla ‘Cath Cnucha’ i dtraidisiún na Féinne. Bhí idir cheol, aisteoireacht agus reacaireacht sa taispeántas agus cuireadh clabhsúr leis an ócáid le caoineadh corraitheach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana:
Coohal [.i. Cumhaill] falls by the hand of Goll, but his wife and children escape. A touching incident follows the burial of Coohal. The “Caoiners” accompany the funeral cortege, singing a lament in Irish specially composed for the occasion. The singing here went to the very soul of the listeners (The Leader 1908: 264).
Chuir daltaí scoile leagan d’Oidhe Chlann Uisnigh, bunaithe ar théacs Samuel Ferguson, i láthair mar ghlóir-réim i gCorcaigh in 1911 agus chuir an caoineadh go mór le héifeacht an radhairc:
After their death the three are brought into the hall under palls, and here Deirdre utters her laments, takes poison and dies. Here the story proper ends, but the organiser of the pageant introduces the funeral cortege of Deirdre and the sons of Usnach, and one hears the funeral dirge, or rather the voices of the caoiners over the youthful dead (The Cork Examiner 1911: 6).
Bhí tableaux vivants a stáitsigh Alice Milligan le hInghinidhe na hÉireann i mí Aibreáin 1901 ar cheann de na hiarrachtaí ba luaithe den chaoineadh ar ardán na hAthbheochana. Tugadh insint dhrámata ar mharú Brian Bóramha sa taibhléiriú agus baineadh leas an-éifeachtach as an gceol agus as an gcaoineadh le béim a leagan ar bhás tragóideach an laoich: ‘The mournful strains of the Irish caoine, which followed the death of Brian, was weirdly impressive’ (Morris: 2012: 255). Bhí baint ag Alice Milligan le taibhléiriú stairiúil eile in 1902, an dráma Aodh Ó Néill nó Bás Aodha Óig Uí Néill le hÉamonn Ó Néill agus tugadh an t-amhránaí aitheanta Harriet Rose-Byrne ar an ardán le caoineadh cóirithe a chanadh (The United Irishman 1902).
Drámaí stairiúla an Duinnínigh
Is i gcéad iarrachtaí drámaíochta an Duinnínigh a fhaightear caoineadh i ndráma stáitse Gaeilge den chéad uair. D’fhoilsigh an tAthair Pádraig Ua Dinneen Creideamh agus Gorta: Faith and Famine in 1901, dráma ina ndírítear orthu siúd a dháil an ‘súp’ ar bhochtáin na tíre le linn an Drochshaoil. Thug an Duinníneach le fios i réamhrá an dráma go raibh sé bunaithe ar eachtra stairiúil a thit amach i gCiarraí thuaidh nuair a dhiúltaigh triúr páistí an súp a thógáil, ag fógairt gurbh fhearr leo bás den ocras ná géilleadh don chreideamh gallda (Ua Duinnín 1901; Ní Mhuircheartaigh agus Mac Congáil 2008: 360; Ní Mhuircheartaigh 2024). D’éirigh conspóid faoin léiriú claonta a thugtar ar Phrotastúnaigh sa dráma roinnt blianta i ndiaidh a fhoilsithe (Mac Congáil 2007).
Déanann an mháthair a triúr leanaí a chaoineadh ag deireadh an dráma agus thrácht An Claidheamh Soluis ar áilleacht thruacánta thragóideach an chaointe nuair a léirigh Craobh an Chéitinnigh é in Amharclann na Mainistreach in 1905: ‘The rendition of the play called forth several racy and effective pieces of acting, and – in Sighle Ní Ailgheasa’s interpretation of the mother – one piece of sweet and singular beauty. The Caoine at the end was exquisite in its piercing and tender mournfulness’ (An Claidheamh Soluis 1905: 8). Foilsíodh tuairisc chuimsitheach ar an dráma in The Leader agus áitíodh go ndeachaigh an caoineadh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana:
Nuair do cuireadh os comhair na ndaoine i gCorcaigh é deirtear gur ar éigean a bhí duine láithreach ná raibh na deora teo leis na súilibh aige. Istoíche Dé Sathairn leis ba mhór é an tsuim do cuireadh ann. Do léiríodh go breá é ó thúis go deireadh. Ní raibh aon teora le Síle Ní Ailgheasa ag gol is ag greadadh a bos is ag caoineadh a triúr leanbh is iad ligthe amach chun báis le gorta os a comhair.
Ní dóigh liom go raibh duine ag éisteacht léi ná beidh an uaill sin ina chuimhne go lá a bháis. Uaill ghoirt dhubhach bhrónach do b’ea í; uaill uaigneach ochlánach; uaill bhinn mhilis cheolmhar; uaill atuirseach thruamhéalach. Níor airíos féin riamh aon uaill do chuaigh trém’ chroí mar í agus is minic d’airíos bean bhinnghuthach chráite ag caoineadh a linbh nó a fir (The Leader 1905: 165; Ní Mhuircheartaigh agus Mac Congáil 2008: 364).
Níor foilsíodh nodaireacht cheoil i script an dráma, ná níl treoir faoin gcur i láthair féin, ach tugtar véarsaí truamhéalacha na máthar agus na páistí ar an dé deiridh:
Mo thrí colúir sibh,
Mo thrí rúin sibh,
Ag dul san úir uaim
I dtosach bhur gcúrsa.
Is breá na seoid sin
Ag dul faoin bhfód libh,
Teisteas comharsan,
Is bláth na hóige.
Mo thrua mé im aonar,
Mo linbh glégheal,
Sínte tréithlag,
Le heaspa béile.
Gan fear im choimhdeacht,
Ná bean chun caoi liom,
Is trua le Críost mé
I gcomhair na hoíche. (Ua Duinnín 1901; Ní Mhuircheartaigh agus Mac Congáil 2008: 355–356)
Tá meadaracht an chaointe in úsáid sna véarsaí, agus is léir go raibh an Duinníneach ag cumadh sa mhúnla traidisiúnta agus á chur in oiriúint don stáitse. Tagraíodh do chur i láthair na véarsaí i léirmheasanna éagsúla agus tugadh suntas do chaint rithimiúil agus do stíl chantaireachta na n-aisteoirí:
In the third scene Kate’s impassioned speech passes naturally into the chant (P.C. 1905: 112).
The pathetic part of Cáit Ní Shúilleabháin was feelingly rendered by Miss Lyne, who should, however, moderate her rapidity of utterance in the touching invocation that occurs in the third act (Boland 1902: 805).
Tá íoróin nach beag ag baint le ball den chléir a bheith ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn nósanna caointeoireachta ar an ardán, nuair a chuimhnítear ar na hiarrachtaí leanúnacha a bhí déanta ag an Eaglais an gnás úd a chur faoi chois sa phobal, ach bhí tuiscint mhaith ó dhúchas ag an Duinníneach ar an gcaoineadh. Bhí an-chur amach aige ar ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ agus luaigh sé in alt sa bhliain 1908 go mbíodh sé á aithris ag a mháthair agus ag mná eile sa dúthaigh go rímhinic, rud a thugann éachtaint an-suimiúil dúinn ar a láidre is a bhí ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ sa traidisiún béil.
Tá seanaithne agam ar ‘Chaoineadh Airt Uí Laoghaire’. Is minic do léigheas é, is minic d’airigheas dá aithris é agus mé im leanbh. Ní’l seanduine ná seanbhean suas ar fuaid leathanchríoch Iarmhumhan go bhfuil Gaedhealg aca ná fuil an Caoineadh sin nó cuid mhaith dhe de ghlanmheabhair aca. Ní dóigh liom go ngabhadh lá tarainn is mé im pháiste ná hairighinn cuid den Chaoineadh sin dá aithris ag mo mháthair agus ag mnáibh nach í. Agus is beag an iongnadh soin mar is breágh beacht bríoghmhar an chainnt atá san Chaoineadh so (Ua Duinnín 1908: 9).
Thug sé cuntas sa leabhar Muinntear Chiarraidhe Roimh an Droch-Shaoghal (1905) ar ‘T[h]órramh is tionnlacain na marbh’ agus rinne sé cur síos cuimsitheach ar nósanna caointeoireachta. Is léir ón gcur síos báúil seo a leanas nach bhfaca sé aon mhíréir idir caoineadh na marbh agus teagasc na hEaglaise maidir le haiséirí na marbh agus slánú an anama.
Uaigneas an tórraimh agus dubhrón an ghuil sin! Ní’l a leithéid le fagháil ar fuaid an domhain i ndiu, gol buaidheartha, brónach, ochlánach; gol muinnteardha, báidhmhear ceanamhail; gol dícheallach dúthrachtach deagh-chroidheach; gol uaigneach, uamhnach, truaigh-mhéileach. Níor ghol mío-dhóchais an gol sain, ámhthach. Bhí an t-anam scartha leis an gcorp sain fá chlár, bhí an corp féin gan lúth ’n-a bhallaibh acht bhí an t-anam go beo-abhaidh ar an saoghal eile i bporgadóireacht nó ’sna flaithis ag feitheamh le hais-éirghe an chuirp.
Nuair a ghoileadh buachaill nó cailín i ndiaidh athar nó máthar ní hé bhrathaidís ná feicfidís go deo arís iad, acht is amhlaidh a chuireadh an scaramhaint sain uaigneas is dubhrón ortha go díreach fá mar chuirfeadh scaramhaint leo uaigneas ortha dá mbeidís ag imtheacht uatha go hAmerica nó go hAstralia i dtreo ná feicfidís go bráth arís ’n-a mbeathaidh iad. An scol uaigneach ologón úd! Nuair a castaidhe é cheapfá gurbh é ceol doilbh truaighmhéileach na nGaedheal atá le cloisint i nÉirinn ós na ciantaibh é, ceol binn blasta na naomh is na n-ollamh, ceol an uaignis do chuireadh na sluaighte chum suain is do mhúchadh lasair na feirge i gcroidhthibh daonna (Ua Duinnín 1905: 63).
Luaigh sé caointe a cumadh ar ócáid eile, nuair a tháinig dúchan ar na prátaí aimsir an Ghorta: ‘Ritheadh na mná amach ar fuaid na ngarrdhaidhthe ar leath-bhuile ag bualadh a mbas, ag lógóireacht, is ag caoineadh a gcuid phrátaidhe mar a gcaoinfidís na mairbh’ (Ua Duinnín 1905: 77; luaite in Ó Madagáin 2005: 16). Tá bean chaointe i measc na gcarachtar i ndráma eile a scríobh sé faoin Drochshaol, Teachtaire ó Dhia: Dráma bhaineas leis an nDroch-shaoghal (1922). Buaileann Caitlín ‘bean chaointe’ isteach chuig teach Eibhlín, bean chráifeach atá pósta le ‘feirmeoir acfuinneach’ agus roinneann sí drochscéalta an cheantair léi. De réir a chéile, iompaíonn a cuid cainte ina caoineadh, agus leanann trí véarsa ina ndéantar cur síos ar uafás agus léirscrios an Ghorta.
Caitlín: Sin é mo scéal, a Eibhlín, agus ní beag a bhrónaighe. Fuair Siobhán Dháith bás arbhú aréir an uair sin ní raibh Críostuidhe beo san mbaile acht Diarmaid óg mac Dhiarmada, agus do mhair seisean go dtí n-a seacht ’e chlog ar maidin i ndiu.
Eibhlín: Ó, nach é an scrios é; an bhuidhean shultmhar shúgach go léir imthighthe.
Caitlín: Tá an bhuidhean go léir imthighthe; tá siad san chill, agus sin é d’fhág mise go cráidhte; och, och, ochón, ochón, mo scíos, an bhuidhean imthighthe.
Ochón, mo scíos, an bhuidhean imthighthe
Ruagtha glan!
An líon tighe tréitheach glé gan teimheal
Fuar ’na spreas!
Caoin-bhean, sár-fhear páistidhe gonta
I gcré le seal!
Do mhill an t-ocras docht a gcroidhthe
Is réab an tart. (Ua Duinnín 1922: 14)
Luaitear sa téacs gur ceart fonn ‘An Clár Bog Déil’ a úsáid don chaoineadh sa dráma áirithe seo.
Murab ionann agus Boucicault, bhí an Duinníneach ag tarraingt ar a thaithí phearsanta agus ar a shaineolas mar scoláire nuair a bhain sé leas cruthaitheach as an gcaoineadh sna drámaí seo. Is sampla é seo de dhara beatha an bhéaloidis a thagann ó bhaill áirithe den phobal féin (Honko 2013: 49). Má bhí bonn níos údarásaí faoin gcumadóireacht seo, ní mór a aithint, áfach, gur mhúnlaigh an Duinníneach na mná caointe ina chuid drámaí de réir idé-eolaíocht a linne agus de réir mar a d’oir dá aidhmeanna seachliteartha féin.
Caoineadh na dTrí Muire ar an ardán: An Piarsach agus Lady Gregory
Bhí an t-amhrán ‘Caoineadh na dTrí Muire’ lárnach sa léiriú drámata a rinne daltaí Scoil Éanna ar dhráma na Páise, in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1911 (Denvir 2017: 155; Ní Ghairbhí agus McNulty 2013: 283). Baineadh leas as foclaíocht an amhráin sa script, mar a thuairiscigh Desmond Ryan: ‘In the last act certain speeches taken from an old Irish hymn Caoineadh Mhuire, were spoken by Jesus, Mary and Peter’ (luaite in Ní Ghairbhí agus Nulty 2013: 287). Moladh dílseacht an dráma do na soiscéil i léirmheas in An Claidheamh Soluis agus an leas a baineadh as an mbéaloideas agus as an gcaoineadh sa léiriú:
Ní dhearna an Piarsach aon athrú ar an sgéal mar atá sé ins na Soisgéil. Ní raibh acht beagán focal san dráma ar fad, acht bhí caint Mhuire de réir bhéaloidis na nGaedheal, agus an caoine do bhí dhá ghabhail ag na mnáibh bhí fonn Gaedhealach do cheap Tomás Mac Domhnaill ag gabhail leis (An Claidheamh Soluis 1911: 1).
Ar ndóigh, bhí cur amach ag an bPiarsach ar ‘Chaoineadh Mhuire’ sa traidisiún béil agus bhailigh sé leagan de ó Mháire Ní Fhlannchadha ag Feis Chonnacht 1904 (Partridge 1983: 24–25; 158–159). Bhain cumhacht agus diamhracht ar leith le críoch an dráma agus leis an úsáid a baineadh as an gcaointeoireacht agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana: ‘Darkness spreads across the hill, and the loud, poignant, agonized keening of the women rises’ (Ryan in Ní Ghairbhí agus Nulty 2013: 289).
Chum Lady Gregory an dráma páise The Story brought by Brigit: A passion play in three acts (1924) roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin agus bhain sí earraíocht as ‘Caoineadh na dTrí Muire’ chomh maith. Tá an dráma bunaithe ar an tuiscint sa traidisiún béil go raibh Naomh Bríd, Muire na nGael, i láthair nuair a saolaíodh Íosa. I ndráma Gregory, tugtar i láthair í agus Íosa ar chrann na Páise freisin. Déanann carachtar mná cur síos ar an gcuma bhrúite chroíbhriste atá ar an Maighdean Mhuire agus deir sí: ‘It’s no wonder a broken heart to be with her. Let her keen him and cry her fill’ (Gregory 1924: 83). Tosaítear ar leagan Béarla den amhrán a chanadh ansin, ‘She chants, the others joining in the caoine’:
O what is this woman crying,
Coming down from the hillside,
Och, och, agus Och-uch-an!
Go call the three Maries,
Till they keen my white darling,
Och, Och agus Ochone O! (Gregory 1924: 84)
Tugtar ceithre véarsa agus luaigh Gregory go raibh na véarsaí bunaithe ar aistriúchán de hÍde in Abhráin Diadha Chúige Connacht / The Religious Songs of Connacht (1906). An t-aisteoir Sara Allgood a sholáthraigh an nodaireacht cheoil atá ag dul leis, ‘the notes to which it is spoken’ (Gregory 1924: 97). Leagtar béim sna treoracha stáitse ar an gcur i láthair simplí, gan tionlacan, a d’oirfeadh don amhrán.
Note – As to the verses given to the women, I wish them to be lilted rather than sung. For they have dramatic value, are a part of the play, and any musical setting, however beautiful, that is more complicated than that of the street ballad singer must delay the swift comprehension needed (Gregory 1924: 84).
Lady Gregory: The Gaol Gate
Bhí caoineadh i ndráma eile le Lady Gregory i mblianta tosaigh na hAthbheochana, The Gaol Gate a léiríodh den chéad uair in 1906, agus foilsíodh nodaireacht cheoil leis an script sa chás seo chomh maith. Feictear beirt bhan taobh amuigh de phríosún na Gaillimhe sa ghearrdhráma seo, ag fanacht ar scéal faoi fhear a gabhadh tamall roimhe sin. Tá ráflaí ag dul thart gur sceith sé ar chuid de na comharsana agus shiúil na mná chuig an bpríosún faoi choim na hoíche lena chás a fhiosrú (Conrad 2008: 52–53). Deir fear an gheata leo go bhfuil sé marbh agus tosaíonn Mary Cahel, a mháthair, agus Mary Cushin, a bhean chéile, á chaoineadh.
Mary Cushin (who has sunk on the step before the door, rocking herself and keening). Oh, Denis, my heart is broken you to have died with the hard word upon you! My grief you to be alone now that spent so many nights in company! What way will I be going back through Gort and through Kilbecanty? The people will not be coming out keening you, they will say no prayer for the rest of your soul! (Gregory 1970: 8)
Athraíonn an caoineadh a dhéantar ar an bhfear de réir mar a athraíonn a dtuiscint ar a bhás. Nuair a shíleann siad ar dtús gur buaileadh tinn é agus gur cailleadh é, caoineann siad a dhea-cháil agus goilleann sé orthu ach go háirithe go bhfuil smál an bhrathadóra ar a chlú. Nuair a fhoghlaimíonn siad gur cuireadh chun báis é, agus nár thug sé aon eolas uaidh sa phríosún, athraíonn an caoineadh ina gháir mholta, agus fógraíonn siad go ndéanfaidh siad a dhea-cháil a chraobhscaoileadh ar an mbealach abhaile. Bhain Gregory úsáid níos caolchúisí as an gcaoineadh sa saothar seo ná mar a bhí déanta ag drámadóirí eile san Athbheochan, agus léirigh sí an-tuiscint ar fheidhmiúlacht an traidisiúin bhéil, mar a shonraigh Kathryn Conrad:
… women’s tale-telling, so often culturally construed as malicious and superficial gossip, is here shown also to be powerful and redemptive. The man himself dies in silence; it is the women who tell the tale, sing his praises, and redeem his reputation … The Gaol Gate demonstrates the importance of oral history in a community where literacy was rare (Conrad 2008: 53).
Bhain cumhacht neamhchoitianta leis an gcaoineadh sa léiriú féin – cé nach raibh an léirmheastóir áirithe seo an-tógtha leis mar phíosa amharclannaíochta:
First we had Lady Gregory’s one-act tragedy ‘The Jail Gate’ in which both mother and wife come to the prison at midnight only to learn that the man is already dead – hanged. The forebodings and lamentations of the two women constitute the piece. It is not drama, it is rhetoric, made weird by the introduction of ‘the Irish cry.’ As the old woman, Miss Sara Allgood was duly declamatory; and as her daughter-in-law, Miss M. O’Neill sang the blood-freezing ‘caoine’ to perfection (Irish Independent 1908: 4).
Chuaigh an caoineadh i bhfeidhm ar an léirmheastóir drámaíochta agus an dialannaí Joseph Holloway chomh maith agus thrácht sé go speisialta ar fheabhas na haisteoireachta ina chuntas dialainne:
Miss Sara Allgood as “Mary Cahel” the mother and Miss Maire O’Neill as “Mary Cushin” the wife entered the spirit of the terrible situation, and made the intense grief of the women appear almost real to us. The caoine sung by “Mary Cushin” composed by Arthur Darley was effectively rendered (Holloway luaite in Hogan agus O’Neill 2009: 73).
John Millington Synge: ‘…a profound ecstasy of grief…’
Ba chloch mhíle shuntasach i léirithe stáitse den chaoineadh a bhí i ngearrdhráma Synge Riders to the Sea agus bhí lucht critice ar an iomlán an-tógtha leis nuair a léiríodh é den chéad uair in 1904. Bhí taithí phearsanta ag Synge ar nósanna caointeoireachta ón seal a chaith sé in Inis Meáin agus thug sé cuntas cuimsitheach ina chuid scríbhinní ar dhá thórramh a chonaic sé agus é ann. Rinne sé cur síos ar shochraid seanmhná agus ar an gcantaireacht dheasghnáthaíoch rithimiúil a bhí ag gabháil leis an adhlacadh:
While the grave was being opened the women sat down among the flat tombstones, bordered with a pale fringe of early bracken, and began the wild keen, or crying for the dead. Each old woman, as she took her turn in the leading recitative, seemed possessed for the moment with a profound ecstasy of grief, swaying to and fro, and bending her forehead to the stone before her, while she called out to the dead with a perpetually recurring chant of sobs. All round the graveyard other wrinkled women, looking out from under the deep red petticoats that cloaked them, rocked themselves with the same rhythm, and intoned the inarticulate chant that is sustained by all as an accompaniment (Synge 1980 [1907]: 265).
Bhain uafás agus éadóchas breise leis an gcaoineadh a deineadh ar fhear óg a bádh go tragóideach tamall ina dhiaidh sin, agus bhí dobrón a mhuintire le braistint san uaill chaointe:
… and the grief of the people was of a different kind, as they had come to bury a young man who had died in his first manhood, instead of an old woman of eighty. For this reason the keen lost a part of its formal nature, and was recited as the expression of intense personal grief by the young men and women of the man’s own family (Synge 1980: 300).
Is léir go ndeachaigh na heachtraí seo i bhfeidhm go mór air agus gur spreagadh é le hinsint dhrámata a dhéanamh ar bhás an fhir in Riders to the Sea (Bourke 2000: 67; Bourke 2002: 1365–1366; Collins 2016: 141; Lecossois 2021: 97). Go deimhin, áitíonn Bourke go raibh tionchar mór ag na nósanna traidisiúnta seo ar thuiscintí Synge ar an amharclannaíocht tré chéile:
… in the ritual of death in the Aran Islands, both the wake and the practice of caoineadh, Synge found a theatre: a whole technique of setting a period of time aside from time, and of articulating space, gesture, words, voice, and even costume, in a way that would cause people to view the world differently (Bourke 2000: 68).
Rinneadh iarracht léiriú dílis a thabhairt ar an gcaoineadh nuair a cuireadh ar an ardán den chéad uair é agus go deimhin, d’fhoghlaim an chliar an caoineadh ó Árannach mná mar chuid den chleachtadh a rinneadh don dráma. Thug an t-aisteoir Máire Nic Shiubhlaigh tuairisc ríspéisiúil ar an eachtra agus ar an léiriú a thug an tseanbhean dóibh ar chaoineadh na marbh:
We never learned her name, but she shared a home with her married daughter in a decaying tenement off Gardiner Street. The room, in which an entire family lived, formed a most unusual background for a woman of her upbringing … The old woman had no English. We spoke to her in Gaelic for a time. Then she sang the caoin, standing, looking across the bed towards the window, her eyes closed, her arms outstretched, her head thrown back, swaying backwards and forwards with the rise and fall of the music. We had come expecting a chant or some kind of conventional lamentation, nothing like this. It was strangely moving to see this old figure standing at the window of a crumbling tenement, looking over a city street, singing:
Tá sé imighthe uaim! Go deo! Go deo! Go deo!
They were thin, piping notes. The sounds from the street outside contrasted strangely, the noise of passing vehicles. But listening, one forgot the unusual circumstances. The caoin seemed to possess her (Nic Shiubhlaigh agus Kenny 2016: 128–129).
Díol suntais go dtugann George Roberts le fios go raibh an-drogall ar an tseanbhean an caoineadh a dhéanamh mar ‘thaispeántas’, taobh amuigh den chomhthéacs ceart a bhain leis an gcaoineadh agus gurbh éigean dó é féin a shíneadh ar an urlár, mar a bheadh sé os cionn cláir, sula bhféadfadh sí tabhairt faoin gcaoineadh a aithris.
She was very nervous about it, though somewhat proud that one of what she looked on as country customs should be so eagerly sought after in the city. At the same time, she was very interested in the whole affair, wanting to know what the play was about, and saying the caoine was so terrible a thing she could hardly believe people would want to put it in a play.
At first, she tried to begin in her little parlour, but she confessed after a few moments she could not do it properly there, so she brought the two girls up to a bedroom. At first it seemed no better, until she conceived the idea that I should act the corpse. She lighted the wake candles, and then she got that note full of the terror of the dead … She was a native Irish speaker, and the Irish cadences and rhythm of the words, in conjunction with the clapping of the hands and swaying of her body, made a scene very terrible and yet beautiful to look on (Roberts 1955: 5; Collins 2016: 143).
Tá an imní agus an drogall a bhain leis an gcaoineadh a chur i láthair sa chomhthéacs seo ag teacht go hiomlán leis an taithí a bhí ag bailitheoirí béaloidis a rinne iarracht samplaí den chaoineadh a taifeadadh sna 1940idí. Mar a shonraigh Lysaght ‘there was the reluctance of tradition-bearers to perform the lament except in the context of death’ (1997: 70). Go deimhin, shín Séamus Ennis é féin ar an urlár ‘with his hat on his chest in an attitude of death’ le caoineadh a bhailiú ó Sheán Ó Conaola (Lysaght 1997: 70). Tá míshuaimhneas áirithe le brath ar thaifeadadh a rinne BBC agus Radio Éireann ar Inis Mór in 1949 chomh maith, áit a bhfiafraíonn Bríd Iarnáin den bhailitheoir ‘an bhfuil do dhóthain anois agat?’ agus í ag tabhairt léiriú ar an gcaoineadh do na cuairteoirí (RTÉ 2025).
Cé gur i mBéarla a bhí Riders to the Sea, is léir go raibh sé fréamhaithe i gcultúr na Gaeltachta agus díol spéise mar sin an glacadh a bhí leis an aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an dráma. Foilsíodh na haistriúcháin An Mhuir le Seán Tóibín (1920), Chun na Fairrge Síos le Tomás Ó Muircheartaigh agus Séamus Ó Séaghdha (1945) agus Chun na Farraige Síos le Tom Sailí Ó Flaithearta(1972) i dtréimhsí éagsúla (Murphy 2024). Léiríodh go minic i nGaeilge é agus maíodh uaireanta go raibh barántúlacht bhreise ag baint leis an leagan Gaeilge. Ag trácht ar mhianach dúchasach an dráma sna 1930idí, thagair Seán Ó Ciarghusa go sonrach don chaoineadh san aistriúchán:
Níl i ‘Riders to the Sea’ le Synge ach tórramh Gaedhil, agus ní raibh ach leath, – seadh agus leamh, – dheallramh air gur cuireadh Gaedhilg air agus gur chaoin an bhean-chaointe an marbh i nGaedhilg mar ba dhual (Ó Ciarghusa 1933: 108).
Chuir grúpa ón gCeathrú Rua An Mhuir ar an ardán i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ag féile drámaíochta de chuid ‘Cumann Drámaidheachta na Sgol’ sna 1930idí freisin agus tugadh suntas don chur i láthair a rinne siad ar an gcaoineadh ach go háirithe:
Ar ndóigh bhí an dráma féin an-fheileamhnach dóibh, tá eolas agus cleachtadh aca ar an saoghal chois fairrge agus ar gach cruadhtan is contabhairt, agus ar gach brón agus briseadh atá a’ gabhail leis … Bhí an caoineadh ar fheabhas ag na mná freisin; bhaineadar preab as an lucht éisteachta mar níor chuala a bhfurmhór a leithéid ariamh cheana. Dubhairt daoine a raibh eolas aca ar an gcaoineadh nach bhféadfaí na mná sin a shárú (Ar Aghaidh 1938: 3).
Mhol léirmheastóir eile an léiriú a rinne aisteoirí óga Charna air sna 1950idí ach shíl sé go raibh sé de cheart acu leas a bhaint as stíl chaointeoireachta Charna sa léiriú, le bonn níos dílse agus níos dúchasaí a chur faoin dráma:
Ba léar gur dream iad na h-aisteoirí óga seo a thuigeans uaigneas agus uafás na farraige. Bhí beirt bhan a silt na ndeor ar an ardán! Bhí roinnt mhaith de’n lucht éisteachta a silt frasa diana déar – céard eile a bheadh uait? Bhí an caoine go binn go h-ealaíonta agus go h-áluinn. Ach cé’n fáth nár chas siad an sean-chaoine atá fós le cloisteál i gCárna? Chuirfeadh sé buaic ar an léiriú foirfe seo (Amárach 1959: 4).
Tá cáil dhomhanda ar Riders to the Sea agus tábhacht ar leith ag baint leis i gcanóin liteartha na hÉireann. Is saothar suntasach é ó thaobh an bhéaloidis chomh maith, i ngeall ar an athshaothrú a rinne Synge ar dheasghnáth na caointeoireachta ann. Tá an cleachtas beo agus dara beatha an traidisiúin fite fuaite ina chéile i stair léirithe an dráma seo agus an dá ‘bheatha’ i ndialóg leanúnach lena chéile. Bhí Synge féin taobh amuigh den phobal inar mhair na béascnaí seo mar thraidisiún beo agus é ar cuairt in Inis Meáin, ach thug sé cuntas thar a bheith géarchúiseach ar an tórramh, ar dheasghnátha adhlactha agus ar an uaill chaointe mar a chuala sé í ina comhthéacs ceart cultúrtha féin. Cuireadh an chéad fhoireann aisteoirí a léirigh an dráma i dteagmháil leis an gcleachtas beo freisin, nuair a rinne Árannach mná i mBaile Átha Cliath taibhiú ar an gcaoineadh, bíodh is gur i dtimpeallacht aduain agus i gcomhthéacs saorga a rinneadh é. Mhaígh Lady Gregory gur éirigh go seoigh leis an gceacht, agus go deimhin go ndeachaigh an dráma i bhfeidhm chomh mór orthu siúd a bhí i láthair go raibh ceol an chaointe ina gcluasa i ndiaidh an léirithe: ‘The lessons were very successful, and at the first performance in London of Riders to the Sea, the pit went away keening down the street’ (Gregory 1913: 35). Faightear léargas eile ar an teagmháil idir an saothar amharclainne agus an cleachtas beo san athghabháil a rinne compántais Ghaeltachta ar an dráma.
Conclúid
Baineadh leas as an mbean chaointe mar charachtar i ndrámaí agus i dtaibhléirithe éagsúla i ndeireadh an naoú haois déag agus i mblianta tosaigh na hAthbheochana. Ábhar grinn agus fonóide a bhí sna mná caointe i mbréag-thórramh Boucicault agus chuaigh greann an radhairc áirithe sin i bhfeidhm go mór ar léirmheastóirí agus ar phobal drámaíochta a linne, go háirithe i Londain agus i Nua Eabhrac. Baineadh macalla as an radharc sin i scannáin thostacha áirithe, mar a phléigh Rockett (2007), agus faightear léargas áibhéileach áiféiseach eile ar mhná caointe i gcultúr coiteann na tréimhse sna scannáin luatha sin. Is mar phearsa uasal thragóideach a chuirtear an bhean chaointe inár láthair i ndrámaí agus i dtaibhléirithe na hAthbheochana, ar an iomlán. Bhain mór-dhrámadóirí Gaeilge agus Béarla, dála Alice Milligan, Lady Gregory, An tAthair Pádraig Ua Duinnín, Pádraig Mac Piarais agus John Millington Synge, leas as gnéithe den chaoineadh ina saothair, agus tá líon na samplaí suntasach ann féin.
Tá íoróin nach beag ag baint leis an mbeatha nua a bronnadh ar an mbean chaointe i léirithe drámaíochta sa tréimhse atá faoi chaibidil san alt seo. Bhí an chaointeoireacht agus cluichí tórraimh ag dul i léig ag deireadh an naoú haois déag agus i dtús an fichiú haois agus bhí iarrachtaí leanúnacha déanta ag na húdaráis iad a chur faoi chois. Díol spéise mar sin go raibh an chaointeoireacht ag teacht chun cinn mar thaibhléiriú i ‘gcluichí’ de chineál eile sna blianta seo – ar ardán eile, i gcomhthéacs eile, os comhair lucht féachana eile agus feidhm eile ar fad léi – agus an bhean chaointe ag teacht i láthair ar ardán na hamharclainne.
Saothair a ceadaíodh:
Amárach (1959) ‘Dúnadh Féile Drámaíochta Chonnacht’. In: Amárach, 9 Aibreán 1959: 4.
An Claidheamh Soluis (1905) ‘Cuirm Cheoil na Samhna’. In: An Claidheamh Soluis, 4 Samhain 1905: 8.
An Claidheamh Soluis (1911) ‘Dráma na Páise’. In: An Claidheamh Soluis, 15 Aibreán 1911: 1.
An Old Manager (1874) ‘The Shaughraun and the Sellers’. In: New York Daily Herald, 23 Samhain 1874: 6.
Ar Aghaidh (1938) ‘An Fhéile Drámaidheachta i mBaile Átha Cliath’. In: Ar Aghaidh, Aibreán 1938: 3.
Boland, J.P. ‘Creideamh agus Gorta at Glenbeigh’. In: An Claidheamh Soluis, 8 Feabhra 1902: 805.
Boucicault, D. (1964) The Dolmen Boucicault. Dublin: The Dolmen Press.
Bourke, A. (1993) ‘More in Anger than in Sorrow: Irish Women’s Lament Poetry’. In: Radner, J. N. (eag.) Feminist Messages: Coding in Women’s Folk Culture. Chicago: University of Illinois Press: 160–182.
Bourke, A. (1997) ‘Performing, Not Writing: The Reception of an Irish Woman’s Lament’. In: Prins, Y. agus Shreiber, M. (eag.) Dwelling in possibility. Ithaca: Cornell University Press: 132–146.
Bourke, A. (2000) ‘Keening as Theatre: J.M. Synge and the Irish Lament Tradition’. In: Grene, N. (eag.) Interpreting Synge: Essays from the Synge Summer School 1991–2000. Dublin: Lilliput Press: 67–79.
Bourke, A. (2002) ‘Lamenting the Dead’. In: Bourke, A., Kilfeather, S., Luddy, M., Mac Curtain, M., Meaney, G., Ní Dhonnchadha, M., O’Dowd, M. agus Willis, C. (eag.) The Field Day Anthology of Irish Writing: Volume IV. Cork: Cork University Press: 1365–1398.
Bromwich, R. (1948) ‘The Keen for Art O’Leary, Its Background and Its Place in the Tradition of Gaelic Keening’. In: Éigse 5: 236–252.
Collins, C. (2016) Theatre and Residual Culture: J.M. Synge and Pre-Christian Ireland. Nottingham: Palgrave Macmillan.
Conrad, K. (2008) ‘Keening the Nation: The Bean Chaointe, the Sean Bhean Bhocht, and Women’s Lament in Irish Nationalist Literature’. In: Coughlan, P. agus O’Toole, T. (eag.) Irish Literature: Feminist Perspectives. Dublin: Carysfort Press: 39–57.
Denvir, S. (2016) Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Drámaí an Phiarsaigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. [CD]
Denvir, S. (2017) ‘Caithréim: Ceol agus amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh’. In: McNulty, E. agus Ní Ghairbhí, R. (eag.) Patrick Pearse and the theatre: Mac Piarais agus an téatar. Dublin: Four Courts Press: 140–160.
Fawkes, R. (1979) Dion Boucicault: A Biography. London: Quartet Books Ltd.
Gregory, A. (1924) The Story Brought by Brigit: A Passion Play in Three Acts. London & New York: G.P. Putnam’s Sons.
Gregory, A. (1913) Our Irish Theatre. New York and London: G.P. Putnam’s Sons.
Gregory, A. (1970) The Tragedies & Tragic Comedies. Gerrards Cross: Colin Smythe.
Hall, S.C. (1841) Ireland: Its Scenery, Character, &c. Vol. I. London: How and Parsons.
Harrisburg Telegraph (1878) ‘The Shaughraun ‘egged’ again’. In: Harrisburg Telegraph, 18 Feabhra 1878: 3.
Henigan J. (2012) ‘“Éirigh i do Sheasamh”: Oral and Literary Aspects of the Irish Lament Tradition’. In: Literacy and Orality in Eighteenth-Century Irish Song. London: Pickering & Chatto: 65–110.
Hogan, R.G. agus O’Neill, M.J. (2009) Joseph Holloway’s Abbey Theatre: A Selection from his Unpublished Journal : Impressions of a Dublin Playgoer. Carbondale: Southern Illinois University Press.
Honko, L. (2013) Theoretical Milestones, Selected Writings of Lauri Honko. Hakamies, P. agus Honko, A. (eag.) Helsinki: Folklore Fellows’ Communications 304.
Hyde, D. (1906) Abhráin Diadha Chúige Connacht: The Religious Songs of Connacht. Dublin: M.H. Gill & Son.
Irish Independent (1908) ‘Abbey theatre plays’. In: Irish Independent, 9 Márta 1908: 4.
Krause, D. (1964) ‘The theatre of Dion Boucicault’. In: The Dolmen Boucicault. Dublin: The Dolmen Press: 9–47.
Lecossois, H. (2021) Performance, Modernity and the Plays of J.M. Synge. Cambridge: Cambridge University Press.
Lysaght, P. (1997) ‘“Caoineadh os Cionn Coirp”: The Lament for the Dead in Ireland’. In: Folklore 108: 65–82.
Lysaght, P. (2003) ‘Hospitality at Wakes and Funerals in Ireland from the Seventeenth to the Nineteenth Century: Some Evidence from the Written Record’. In: Folklore 114 (3): 403–426.
Mac Congáil, N. (2007) ‘Conspóid Creideamh agus Gorta le Pádraig Ó Duinnín’. In: Feasta, Deireadh Fómhair: 21–24.
Morgan, M. S. (1875) ‘Wake Scene from Act III, Scene 2 of The Shaughraun’. In: The Shaughraun Photographs.
Íomhá 7. Ar fáil ag: https://digitalcommons.usf.edu/shaughraun_photographs/7 [Faighte 10 Eanáir 2025].
Morris, C. (2012) Alice Milligan and the Irish Cultural Revival. Dublin: Four Courts Press.
Murphy, J. (2024) ‘Aistritheoirí agus aistriúcháin bhundrámaí J.M. Synge’. In: Studia Hibernica 50: 103–114.
Newbury Weekly News and General Advertiser (1878) ‘Re-opening of the theatre’. In: Newbury Weekly News and General Advertiser, 28 Márta 1878: 5.
Nic an Airchinnigh M. agus Ó Laoire L. (2014) ‘Caointe agus amhráin chrúite: “Is le gach bó a lao agus is le gach caoineadh a cheol”’. In: Aiste 4: 155–176.
Nic Shiubhlaigh, M. agus Kenny E. (2016) The Splendid Years: The Memoirs of an Abbey Actress and 1916 Rebel. Dublin: New Island Books.
Ní Ghairbhí, R. agus McNulty, E. (2013) Patrick Pearse: Collected Plays: Drámaí an Phiarsaigh. Sallins: Irish Academic Press.
Ní Mhuircheartaigh, É. agus Mac Congáil, N. (2008) Drámaí Thús na hAthbheochana. Gaillimh: Arlen House.
Ní Mhuircheartaigh, É. (2024) ‘Marbhchiúnas Arracht: An Drochshaol i ndrámaí agus i scannáin na Gaeilge’. In: Léachtaí Cholm Cille 54. Má Nuad: An Sagart: 60–79.
Ó Buachalla, B. (1998) An Caoine agus an Chaointeoireacht. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.
Ó Ciarghusa, S. (1933) Ar mo Mharanadh Dam. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.
Ó Coileáin, S. (1988) ‘The Irish Lament: An Oral Genre’. In: Studia Hibernica 24: 99–117.
Ó Crualaoich, G. (1998) ‘The “Merry Wake”’. In: Donnelly, J.S. agus Miller, K. (eag.) Irish Popular Culture 1650–1850. Dublin/Portland: Irish Academic Press:173–200.
Ó Flaithearta, T. (1972) Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.
Ó Giolláin, D. (2000) Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity. Cork: Cork University Press.
Ó Giolláin, D. (2005) An Dúchas agus an Domhan. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí.
Ó Madagáin, B. (1978) ‘Ceol an Chaointe.’ In: Ó Madagáin, B. (eag.) Gnéithe den Chaointeoireacht. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar: 30–52.
Ó Madagáin, B. (2005) Caointe agus Seancheolta eile: Keening and Other Old Irish Musics. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
Ó Muircheartaigh, T. agus Ó Séaghdha, S. (1945) Chun na Fairrge Síos. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ó Súilleabháin, S. (1980 [1961]) Caitheamh Aimsire ar Thórraimh. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Ó Tuama, S. (eag.) (1961) Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Partridge, A. (1983) Caoineadh na dTrí Muire: Téama na Páise i bhFilíocht Bhéil na Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
P.C. ‘An Irish Play’. In: The Nationist, 2 November 1905: 112.
Roberts, G. (1955) ‘Memoirs of George Roberts, 5: Plays of Synge’. In: The Irish Times, 2 Lúnasa 1955: 5.
Rockett, K. (1996) The Irish Filmography: Fiction Films 1896–1996. Dublin: Red Mountain Press.
Rockett, K. (2007) ‘Dion Boucicault, Staging, and Early Cinema’. In: The Princeton University Library Chronicle 68 (1–2): 33–59.
Synge, J.M. (1980) J.M. Synge: Plays, Poems and Prose. Dutton/ New York: Everyman’s Library.
The Birmingham Daily Mail (1877) ‘The sanitary aspect of “wakes”’. In: The Birmingham Daily Mail, 8 Meitheamh 1877: 2.
The Cork Examiner (1911) ‘Christian Brothers’ Schools: Centenary Celebration’. In: The Cork Examiner, 6 Meán Fómhair 1911: 6.
The Irishman (1877) ‘An Irish Wake’. In: The Irishman, 21 Aibreán 1877: 681.
The Lancaster Gazette (1877) ‘Mr John Hudspeth’s Dramatic Company’. In: The Lancaster Gazette, 17 Deireadh Fómhair 1877: 3.
The Leader (1905) ‘Creideamh agus Gorta’. In: The Leader, 4 Samhain 1905: 165.
The Leader (1908) ‘The Castleknock Pageant’. In: The Leader, 13 Meitheamh 1908: 263–264.
The Pittsburg Press (1895) ‘At the Theaters’. In: The Pittsburg Press, 28 Aibreán 1895: 12.
The United Irishman (1902) ‘All Ireland’. In: The United Irishman, 25 Eanáir 1902: 1.
Tóibín, S. (1920) ‘An Mhuir’. In: Cluichíní ón iasacht. Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge: 5–27.
Ua Duinnín, P. (1901) Creideamh agus Gorta: Faith and Famine, a tragic drama relating to the Famine period 1847. Baile Átha Cliath: M.H. Gill & Son.
Ua Duinnín, P. (1905) Muinntear Chiarraidhe roimh an droch–shaoghal. Baile Átha Cliath: M.H. Gill agus a Mhac.
Ua Duinnín, P. (1908) ‘Art Ua Laoghaire agus Flós an Earraigh’. In: The Leader, 22 Lúnasa 1908: 9.
Ua Duinnín, P. (1922) Teachtaire ó Dhia: dráma bhaineas leis an ndroch-shaoghal. Baile Átha Cliath: M.H. Gill agus a Mhac.
Williams, S. agus Ó Laoire, L. (2024). ‘Vernacular Catholicism in Ireland: The Keening Woman’. In: Religions 15 (7): 879. DOI: https://doi.org/10.3390/rel15070879
Ábhar físe agus fuaime:
Collins, A. (1903) Murphy’s Wake. Gaumont Company, An Ríocht Aontaithe.
Marvin, A. (1900) A Wake in Hell’s Kitchen. American Mutoscope and Biograph Company. Ar fáil ag: https://www.loc.gov/item/96521884/ [Faighte 10 Eanáir 2025].
Olcott, S. (1910) The Lad from Old Ireland. USA: The Kalem Film Company of America. Ar fáil ag: https://ifiarchiveplayer.ie/the-lad-from-old-ireland/ [Faighte 1 Nollaig 2024]
Ó Laoire, L. agus Nic Dhonncha, R. (2025) ‘Seosamh Ó hEanaí agus seánra na caointeoireachta’. In: Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí. Ar fáil ag: https://www.joeheaney.org/ga/part-of-a-caoineadh-in-the-conamara-tradition/ [Faighte 8 Eanáir 2025]
RTÉ (2025) ‘Keening – Caoineadh na Marbh 1949’. Cartlann Raidió Teilifís Éireann. Ar fáil ag: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/1981-proinsias-o-conluain/615507-rainn/ [Faighte 6 Eanáir 2025]