‘Cluichí caointe’: An caoineadh agus an tórramh ar ardán na hamharclainne

Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

This article examines plays and performances that incorporated keening in the late nineteenth century and in the early years of the Gaelic Revival. It discusses the keening woman as a dramatic character and the reinterpretation of traditional practices within a theatrical context, using Honko’s theory of the ‘second life’ of folklore (Honko 2013).

‘Keeners’ were among the dramatis personae in the melodrama The Shaughraun (1874) by Dion Boucicault and the mock-wake scene was hugely popular. The article analyses the critical response to this scene in Ireland and, indeed, in other countries, as well as the broader cultural representation of the keening woman. Furthermore, the study explores both Irish- and English-language plays composed and staged during the Revival and the ways in which they utilised keening. It examines a range of plays and productions by prominent playwrights, such as Alice Milligan, Lady Gregory, Father Patrick Dinneen, Patrick Pearse and John Millington Synge and discusses how they incorporated the keening tradition into their works. The article analyses the representation of the keening woman as a noble, tragic figure in these dramas, reshaped through the ideological lens of the Revival. Additionally, it investigates the relationship between theatrical depictions of keening and the traditional practice itself, considering the playwrights’ firsthand experiences of or exposure to these living customs.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
caoineadh, drámaíocht, an Athbheochan, Boucicault, Pádraig Ua Duinnín, Synge

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Déantar iniúchadh san alt seo ar dhrámaí agus ar thaibhléirithe éagsúla a bhain leas as an gcaointeoireacht i ndeireadh an naoú haois déag agus i mblianta tosaigh na hAthbheochana. Is é cuspóir an ailt léargas a thabhairt ar an athshaothrú a rinneadh ar na cleachtais thraidisiúnta i suíomh amharclainne agus baintear leas as teoiric Honko (2013) ar ‘dhara beatha’ an traidisiúin sa phlé.

Pléitear an léargas a thugtar ar thórramh bréagach sa dráma móréilimh The Shaughraun le Dion Boucicault (1874) agus an glacadh a bhí leis an radharc ag an am. Déantar scagadh ar an léirmheastóireacht a rinneadh ar an méaldráma seo in Éirinn, agus go deimhin, i dtíortha eile agus tagraítear don lorg a d’fhág saothar Boucicault ar scannáin luatha.

Cíortar chomh maith drámaí Gaeilge agus Béarla a cumadh agus a léiríodh san Athbheochan agus an úsáid a baineadh as caointe iontu. Pléitear drámaí agus léirithe ilchineálacha le mór-dhrámadóirí, dála Alice Milligan, Lady Gregory, An tAthair Pádraig Ua Duinnín, Pádraig Mac Piarais agus John Millington Synge. Déantar anailís ar an íomhá den bhean chaointe mar phearsa uasal thragóideach sna drámaí seo, agus í múnlaithe anois de réir idé-eolaíocht na hAthbheochana. Fiosraítear an gaol a bhí idir an léiriú amharclainne a rinneadh ar an gcaoineadh agus an cleachtas traidisiúnta, agus déantar plé ar an taithí phearsanta a bhí ag drámadóirí áirithe ar na nósanna seo.

Údar:
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

Teagmháil:

Beathaisnéis:

Is léachtóir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá aici ná na healaíona béil, an nualitríocht agus an drámaíocht. Bhí sí ina comheagarthóir ar an gcnuasach aistí critice Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha, staire, teanga agus litríochta (2021) agus ar an gcnuasach Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021). Tá ailt foilsithe aici ar thaibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha (2018), ar an leas a baineadh as an traidisiún scéalaíochta i léirithe stáitse áirithe (2022) agus ar an Drochshaol i ndrámaí agus scannáin na hÉireann (2024).

Scaip an t-alt seo: