‘An saol i scáthán an scéil’: léamh soch-chultúrtha ar scéal iontais a d’inis Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe

Nic Giolla Chomhaill, Ailbhe

‘Folktale as reflection of life’: a sociocultural analysis of a variant of ATU 301 narrated by Mícheál Breathnach of Maum, Co. Galway

Abstract

Many variants of the folktale catalogued as ATU 301 in the international index of tale types were collected by Irish folklorists in the 20th century. ‘Seán a’ Droma’ (SD) is the title given to the version of ATU 301 which was narrated by Mícheál Breathnach of Maum, Co. Galway, to Connemara-based folklorist and district justice Seán Mac Giollarnáth in 1934. SD follows the typical pattern of a fairy tale, or märchen, as the narrative centres on the arduous journey embarked upon by the young protagonist to the supernatural, sub terrain realm of An Domhan Thíos (The Lower World). This pursuit, once successfully completed, signifies the young man’s coming of age and his ability to fulfil his obligations as a valuable member of his community. In this article, the author draws on biographical information collected from Mícheál Breathnach by Seán Mac Giollarnáth and other folklorists in order to analyse key themes and characterization in SD. Breathnach’s experience as an Irish emigrant in Sunderland in the early 20th century is regarded as a valuable lens in this regard. Whilst in Sunderland, Breathnach expanded his repertoire of folktales by learning stories from literary sources and retelling them in English and in Irish, his native language, in the unique style he had perfected over many years. Unsurprisingly, Breathnach’s reputation as a narrator was well established by the time folklore scholars began visiting him in the Maum valley in the 1930s.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
05/11/2019

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
imirce, eolas beathaisnéiseach, Seán Mac Giollarnáth, Mícheál Breathnach, léamh soch-chultúrtha, scéalta iontais, traidisiún béil

DOI:
10.18669/ct.2019.02

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

San alt seo, déantar iniúchadh ar scéal iontais dar teideal ‘Seán a’ Droma’ (SD), a d’inis an scéalaí Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe, do Sheán Mac Giollarnáth, breitheamh chúirt dúiche Chonamara, sa bhliain 1934. Rangaítear SD faoin uimhir ATU 301 — The Three Stolen Princesses — in innéacs na scéalta béaloidis idirnáisiúnta (Uther 2004: 176–179). Ba scéal é a bhí an-choitianta i dtraidisiún béil agus liteartha na hÉireann agus tá turas an fhir óig go dtí an Domhan Thíos mar bhunús leis. Mar is dual don scéal iontais, déantar cur síos in SD ar theacht in inmhe an ógánaigh agus ar na dúshláin chasta a bhíonn le sárú aige i ndomhan draíochtach na hosnádúrthachta. Faoin am a fhilleann Seán a’ Droma ar an bhaile ag deireadh an scéil, cuirtear in iúl don éisteoir go bhfuil na scileanna aige a chuirfidh ar a chumas a ról a chomhlíonadh mar bhall inniúil dá phobal. San iniúchadh a dhéantar ar SD san alt seo, tarraingítear ar an eolas beathaisnéiseach a bhailigh Seán Mac Giollarnáth agus bailitheoirí béaloidis eile faoi Mhícheál Breathnach sna 1930idí. Dírítear aird ar leith ar an taithí a bhí ag an scéalaí ar an imirce in Sunderland, Sasana, agus ar an fhonn chun foghlama a léirigh Breathnach le linn na tréimhse sin. Is díol suntais é gur chuir sé lena stór scéalta trí scéalta ó fhoinsí liteartha a fhoghlaim, mar shampla, rud a mhéadaigh a ghradam mar ealaíontóir béil i measc na scoláirí béaloidis a tháinig a fhad le ceantar an Mháma roimh agus tar éis bhunú Choimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1935.

© Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, 2019

Is féidir téacs an ailt seo a shábháil agus a scaipeadh go leictreonach nó i bhformáid chlóite, ar an gcoinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí don údar agus don ríomhiris araon agus ar an gcoinníoll nach ngearrtar táille ar rochtain a thabhairt don phobal ar an ábhar.

Údar:
Nic Giolla Chomhaill, Ailbhe

Teagmháil:

ailbhe.nicgiollachomhaill@ul.ie

Beathaisnéis:

Is léachtóir le Gaeilge í Ailbhe Nic Giolla Chomhaill i Scoil na Gaeilge, an Bhéarla agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh. Bhain sí dochtúireacht amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa bhliain 2017, faoi stiúir an Dr Lillis Uí Laoire. Dhírigh a taighde dochtúireachta ar na scéalta iontais a bailíodh i nDúiche Sheoigheach, contaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, faoi choimirce Choimisiún Béaloideasa Éireann. Fuair an tionscadal taighde seo maoiniú ón Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna. D’fhoilsigh Leabhar Breac an cnuasach An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin, atá bunaithe ar thráchtas MA Ailbhe, sa bhliain 2016. Tá suim mhór ag Ailbhe i ngnéithe éagsúla de bhéaloideas agus de litríocht na Gaeilge agus tá tionscadal taighde á bheartú aici faoi láthair a dhíreoidh ar thraidisiún scéalaíochta na mban.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.