Réamhrá: Filíocht Ghaeilge Uí Airtnéide
File bisiúil dátheangach agus aistritheoir ab ea Michael Hartnett/Mícheál Ó hAirtnéide (1941-1999). Mar aon lena chnuasaigh Bhéarla ó Anatomy of a Cliché (1968) chomh fada le A Book of Strays (2002), d’fhoilsigh Mícheál Ó hAirtnéide an dán dátheangach Cúlú Íde/The Retreat of Ita Cagney sa bhliain 1975, agus ceithre leabhar i nGaeilge: Adharca Broic (1978); An Phurgóid (1983); Do Nuala: Foidhne Chrainn (1984) agus An Lia Nocht (1985). Cé gur chleacht sé an liric ghearr in Adharca Broic agus Do Nuala: Foidhne Chrainn, dánta fada suntasacha iad Cúlú Íde, An Phurgóid agus An Lia Nocht.
I ndiaidh dó filleadh ar chumadóireacht i mBéarla sa bhliain 1985, níor thréig sé an Ghaeilge go hiomlán. Sa bhliain 1987, d’fhoilsigh The Gallery Press A Necklace of Wrens, cnuasach a chuimsigh rogha dánta i nGaeilge, taobh le haistriúcháin Bhéarla de chuid an fhile féin. I measc a chuid aistriúchán i ndiaidh 1985, tá An Damh-Mhac, aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar dhánta Ungáirise Ferenc Juhász (1987) agus Dánta Naomh Eoin na Croise, aistriúchán ón Spáinnis (1991). D’aistrigh sé filíocht na Gaeilge go Béarla freisin: Ó Bruadair (1985); Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Poems/Rogha Dánta (1986); Haicéad (1993) agus Ó Rathaille (1999).
Chuaigh neart scoláirí agus léirmheastóirí i ngleic lena shaothar Gaeilge thar na blianta (mar shampla Ó Floinn 1979; Ó hAnluain 1984; Mac Fhearghusa 1986; Ó Fiannachta 1986; Ní Dhomhnaill 2001/2; Wheatley 2001/2; de Paor 2006; Kiberd 2006; Ní Gháirbhí 2004; 2006; Gregory 2006; O’Brien 2006; de Brún 2019; Dorgan 2022). I gcaitheamh na critice sin, tá turas teanga Uí Airtnéide, ó Bhéarla go Gaeilge agus ar ais arís, pléite go mion cheana. Ag breathnú dó ar chaighdeáin na filíochta Gaeilge a scríobh Ó hAirtnéide, dúirt an file Theo Dorgan an méid seo a leanas:
Of all the work that was produced […], it is likely that only Adharca Broic will stand the test of time. Individual poems still have a luminous clarity […] but it is doubtful that Hartnett’s work in Irish can be compared in achievement to that of Nuala Ní Dhomhnaill, for instance, or Biddy Jenkinson, Liam Ó Muirthile, or Gabriel Rosenstock (Dorgan 2022: 27).
In alt faoi dhánta Gaeilge an Airtnéidigh, cháin Louis de Paor Collected Poems an fhile, a d’fhoilsigh The Gallery Press in 2001. Is éard a bhí sna Collected Poems, nach raibh dán Gaeilge ar bith san áireamh ann, ná ‘a deeply flawed publication and an unreliable guide to the trajectory of the poet’s development’ (2006: 66). Is díol suime é go dtugann nóta Peter Fallon (eagarthóir The Gallery Press) san athchló ar an Collected Poems in 2009, le fios nach raibh an file féin ag iarraidh a dhánta Gaeilge a chur san áireamh sa díolaim: ‘[Michael] never suggested that poems in Irish be included in this book or voiced any regret at their omission from previous selections. In its contents and composition [it] is faithful to its author’s wishes’ (2016: 255).
Glactar leis san alt anseo go bhfuil fiúntas suntasach i ndánta Gaeilge an Airtnéidigh, beag beann ar chaighdeán na ndánta Béarla. Chuige sin, breathnófar go speisialta ar chás An Lia Nocht, an dán deireanach a scríobh sé i nGaeilge. Foilsíodh An Lia Nocht ag pointe cinniúnach i saol an fhile: 1985, an bhliain chéanna ar iompaigh sé ar ais ar chumadóireacht fhoirmiúil i mBéarla le Inchicore Haiku (1985).
Thug Ó Fiannachta (1986), Ní Ghairbhí (2004), agus de Paor (2006) léargas ginearálta ar an dán seo cheana féin; ach san alt seo déanfar mionléamh ar an dán, idir struchtúr, théamaí, agus chiútaí liteartha, go bhfeicfear fiúntas agus tairbhe an tsaothair don scoláire agus don léitheoir araon. Ina theannta sin, pléifear leaganacha foilsithe éagsúla an dáin agus na hathruithe a chuir Ó hAirtnéide i bhfeidhm ar an leagan deireanach, atá i gcló in A Necklace of Wrens.
Struchtúr an Dáin
Dán fada é An Lia Nocht a mheall aird ón tús (Sealy 1985; Ó Ruairc 1988; Ó Fiannachta 1986; Nic Pháidín 1985). Is údár spéise é, sa mhéid is gur iompaigh sé ar ais ar an Bhéarla an bhliain chéanna, gur chreid Nic Pháidín gur éirigh le Ó hAirtnéide dul chun cinn a dhéanamh ina thogra filíochta le foilsiú An Lia Nocht:
[B]raithim go bhfuil sé tar éis an lámh is fearr a fháil ar deireadh ar an míshuaimhneas sin a bhain lena chuid filíochta tar éis dó cinneadh a dhéanamh cloí leis an nGaeilge feasta mar theanga. Tá muinín agus fuinneamh neamhchoitianta sa dán seo ‘An Lia Nocht’ (1985: 35)
Bhí Ó Fiannachta ar aon bhuille léi: ‘[tá] céim mhór tugtha ar aghaidh [aige] sa dán mór eile An Lia Nocht’ (1986: 51). Dán toirtiúil, fealsúnach é An Lia Nocht a fhorbraíonn cuid de na téamaí is na móitífeanna a bhí le sonrú sna lirící gearra in Adharca Broic agus Do Nuala: Foidhne Chrainn. Seachas An Phurgóid (1983) is é An Lia Nocht an dán is faide agus is dúshlánaí i nGaeilge ó pheann Uí Airtnéide. Cé go bhfuil Ní Ghairbhí ag trácht ar An Phurgóid sa sliocht seo a leanas, is féidir an méid a deir sí a shamhlú leis An Lia Nocht freisin: ‘is dán fada é, genre is annamh agus is iontach sa Ghaeilge […] is dán dioscúrsúil casta é a dhéanann plé intleachtúil ar an bhfealsúnacht a bhaineann le cleachtadh na filíochta’ (2004: 13).
D’fhoilsigh Ó hAirtnéide sliocht as an dán ar Comhar i mí Mheán Fómhair 1984, sliocht a chuimseodh cuid a haon agus cuid a cúig den dán iomlán ar ball. Nuair a d’fhoilsigh Coiscéim an dán fada ina iomláine sa bhliain 1985, chuimsigh an dán seacht gcuid éagsúil ar fad. Is ar an leagan seo den dán a dhíreofar go príomha san alt seo.
337 líne atá sa dán ó thús go deireadh. Tá codanna a haon go dtí a sé réasúnta cosúil lena chéile ó thaobh faide agus struchtúir de: tá 51 líne i gcuid a haon, a dó, a trí, agus a cúig: sé véarsa le seacht líne, agus véarsa le naoi líne ag an deireadh. Tá líne bhreise, mar a bheadh eipeagraf, ag cuid a dó, rud a fhágann go bhfuil 52 líne inti. Tá 49 líne i gcuid a ceathair: seacht véarsa a bhfuil seacht líne iontu. Tá 44 líne i gcuid a sé: sé véarsa a bhfuil seacht líne iontu, agus cúpla ag an deireadh. Fágann sé seo go bhfuil struchtúr réasúnta docht curtha i bhfeidhm ar an dán seo. Bíodh is go bhfuil An Phurgóid féin níos faide ná An Lia Nocht, níl struchtúr chomh fáiscthe sin aige.
Véarsaí seacht líne iad an chuid is mó de véarsaí an dáin, mar sin, agus tá scéim ríme scaoilte in úsáid iontu. Bíonn rím, nó amas, i gceist idir an dara, cúigiú, agus seachtú líne sa véarsa, agus rím nó amas éagsúil idir an ceathrú agus an séú líne. I gcéad véarsa An Lia Nocht tá an scéim seo le sonrú go soiléir. Tá amas le sonrú sna focail ‘measc’, ‘seasc’, agus ‘leat’, agus tagann an focal ‘neach’ leis an amas seo freisin. Tá rím nó uaim inmheánach le mothú: sa chéad líne, úsáidtear ‘anocht’ i lár na habairte, focal a bhaineann cling as ‘dhocht’ agus ‘nocht’ ar ball. Toisc gurb í Gaeilge na Mumhan a d’úsáid an file, tá rím le sonrú idir ‘ann’ agus ‘teann’ sa tríú agus sa cheathrú líne. Tá athshondú le mothú sna focail ‘spéir’, ‘réalta’, agus ré’ sa chéad dá líne freisin.
Is uaigneach anocht an spéir
na réalta ‘s an ré ina measc
ag lorg neach nach bhfuil ann
sa chiúnas teann, san easpa dhocht.
Gluaiseann dreige tríd an bhfolús seasc:
Tá neach as láthair, tá’n chruinne nocht –
éist, a dhia, táim ag labhairt leat. (línte 1-7)
Sa sliocht seo thíos, ó chuid a trí den dán, tá a leithéid chéanna de chomhfhreagrachtaí fuaime le sonrú. Úsáideann an file macalla de chineál faoi leith ríme sa sliocht seo, .i. rinn agus airdrinn, sa dara agus sa tríú líne, ach gur rím inmheánach atá ann seachas rím deireadh líne. Comhartha sóirt is ea rinn agus airdrinn de mheadaracht an deibhí san fhilíocht shiollach, rud a léiríonn eolas an fhile ar fhilíocht stairiúil na Gaeilge.
Le Gleann Darach thug mé cúl
im shiúl don tábhairne chun dí
a chuirfeadh ar neamhní mé
mo phian, mo scéin ‘s ceo mo bhróin.
Chualas gáire francach as gach claí,
bhí cnámha greanta ar an ród:
rith scréach feannóige leis an ngaoith. (110-116)
Tá snoiteacht shuntasach foirme den chineál seo i bhfeidhm ar chodanna a haon go dtí a sé.
Díol suime é go bhfuil cuid a seacht den dán – an chuid dheireanach – eagsúil ar fad ó na codanna eile. Is geall le ‘ceangal’ nó aguisín an tsaothair an chuid seo. Cuimsíonn an chuid seo trí véarsa (31 líne; 4 líne; 4 líne); agus saorvéarsaíocht atá anseo againn mar níl scéim shuntasach ríme i bhfeidhm. Is údar suime é freisin nach bhfuil an friotal chomh nósúil teibí le codanna eile an dáin. Luann Ní Ghairbhí na haidiachtaí teibí a úsáidtear le hainmfhocail choincréideacha sa dán: ‘sa chiúnas teann’, ‘san uaigneas dealbh’, srl. (2004: 46). Níl an teibíocht chéanna i gcuid a seacht:
is cé go bhfuil criosma
le fáil
níl gá le guí ‘g an té
a ghránn. (326-329)
Mionléamh ar an Dán
Dán é An Lia Nocht atá bunaithe san osréalachas. In ainneoin go bhfuil gnéithe de bheathaisnéis an fhile féin le léamh go soiléir sa téacs, tá friotal an dáin breac le fantaisíocht agus siombalachas, rud a chiallaíonn go bhféadtar bríonna éagsúla a bhaint as an téacs. Is féidir an téacs a léirmhíniú trí lionsa na hÉicichritice, trí lionsa Léann na hInscne, nó trí lionsa an Iarchoilíneachais, gan ach an beagán a lua. Mionléamh foirmiúil ar an téacs is ea an cur chuige a bheas in úsáid san alt seo, cé go dtráchtfar ar chúrsaí teoirice ag pointí éagsúla. Cé nach líonmhar na miontuairiscí criticiúla ar an téacs seo, úsáidfear foinsí ó chritic liteartha na Gaeilge chun fráma tagartha a chur leis an anailís (mar shampla Ó Fiannachta 1986; de Paor 2006; de Brún 2019).
‘Díphearsanú na síce is cuid den ábhar [sic] sa dán fada seo’, de réir an nóta ar chúl an leabhair An Lia Nocht (clúdach cúil, 1985). Ag breathnú siar ar an dán dó i gcolún in 2012, bhí an file Simon Ó Faoláin ar aon fhocal leis seo, ag cur béime ar ‘aincheist mhór ár linne’ a dtéann an dán i ngleic léi: ‘[a]r thaobh amháin tá ár n-iarrachtaí greim a choimeád ar nasc riachtanach leis an timpeallacht. Ar an taobh eile tá éilimh an tsaoil nua-aimseartha a chothaíonn chomhfhios [sic] agus a dhéanann díphearsanú orainn ag an am céanna’ (2012: 32).
Téann reacaire an dáin seo ar thuras osréalaíoch a chíorann an bheatha, scriosadh na timpeallachta, ról an nádúir, bás an athar, an fhilíocht agus ceird na scríbhneoireachta, an fhearúlacht, oilithreacht an tsaoil, agus an foréigean daonna. Tá géarchéim in intinn an reacaire; tá fórsaí éagsúla ag tarraingt ar a shícé, fórsaí a léirítear mar shiombail nó mar mhóitífeanna sa dán. Is faoin léitheoir féin atá sé brí nó ciall a bhaint as na híomhánna seo.
Codanna a hAon agus a Dó: Dóchas agus Achainí
I gcuid a haon den dán cruthaíonn Ó hAirtnéide domhan aduain. Tosaíonn an aduaine leis an chéad líne: ‘Is uaigneach anocht an spéir’, a chuirfeadh an dán ‘Anocht is uaigneach Éire’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird i gcuimhne don léitheoir (líne 1). Scríobh Mac an Bhaird a dhán siúd faoi imeacht na nIarlaí agus faoin fholús cumhachta a fágadh in Éirinn dá bharr. Tá folús le sonrú freisin sa chéad chuid den dán An Lia Nocht. Déantar pearsantú ar an spéir, ar na réalta agus ar an ghealach freisin, atá ‘ag lorg neach nach bhfuil ann / sa chiúnas teann, san easpa dhocht’ (3-4). Dealraíonn sé go bhfuil tubaiste éigin i ndiaidh titim amach, bíodh is nach bhfuil an léitheoir cinnte céard ba chúis leis. Is cosúil go bhfuil an cine daonna imithe ar ceal go hiomlán:
Méadaíonn gaineamh ar an mbith
‘gus coill chopóg sa chlós:fiacla briste ag ithe bróin
sa scioból atá gan féar.
Cnagann an tost ar dhoras na mbeo
is osclaíonn an tost céanna é:
ach ar imeall na cruinne cloistear ceol. (7-14)
Cruthaíonn na híomhánna seo atmaisféar uaigneach, osréalaíoch. Déantar rudaí coincréideacha den ‘bhrón’ agus den ‘tost’; tá ‘fiacla briste ag ithe bróin’ agus ‘[c]nagann an tost ar dhoras na mbeo’ (10, 12). Tá dóchás éigin le mothú, áfach: ‘ach ar imeall na cruinne cloistear ceol’ (14); baineann an focal ‘ceol’ cling as ‘beo’ sa véarsa thuas. San aduantas seo, cothaíonn an ceol dóchas sa reacaire, agus luann sé an ceol cúpla uair sa chuid seo den dán, mar a bheadh ortha ann. Úsáidtear ‘ach’ ag tús na línte seo; leanann an ceol ar aghaidh in ainneoin dhrochbhail an domhain: ‘ach ar imeall na cruinne cloistear ríl’ (21); ‘Ach tá an ceoltóir nua ag seinm fós / ar imeall na cruinne cloistear ceol’ (50-51). In ainneoin a dhóchais, áfach, aithníonn an reacaire nach n-éireoidh leis deireadh a chur le ‘scrios ná creach’ an domhain seo. Úsáidtear ‘ach’ arís anseo chun an chodarsnacht seo a chur ina luí ar an léitheoir:
ceoltóir éigin san uaigneas dealbh
ag seinm ríl an dóchais go pras –
ach ní chuirtear scrios ná creach ar ceal. (26-28)
Díol suntais é gur bhain Ó hAirtnéide leas as an cheol mar fhoinse dóchais sa dán ‘Iarmharáin’, a foilsíodh in Do Nuala: Foidhne Chrainn an bhliain roimhe, 1984:
Lá amháin chualamar ceol,
ceol ár ndóchais.
[…]
Dar linn gur chualamar ceol na mbeo –
ach ní raibh ceo sa cheo ach ceo. (8)
Sa chéad véarsa eile de An Lia Nocht, cuirtear síos ar chuid den ‘chreach’ a tharlaíonn in ainneoin an cheoil: creach na n-ainmhithe ach go háirithe. Léiríonn an reacaire na bealaí ina n-úsáideann an duine an t-ainmhí ar mhaithe lena riachtanais féin a sholáthar – cótaí, scuab, blonag, bia:
Blonag déanta as míol mór,
cótaí déanta as rónchlúmh:
scuab bearrtha – sin fionnadh broic,
sicíní dóite lón cearc.
Is álainn iad míolta dé, is buan,
cé inite an t-uan ‘s an breac –
tá gá le ceol an fheadaire thuas. (29-35)
As siocair go leanann an chreach seo ar aghaidh gan stad, ‘tá gá le ceol an fheadaire thuas’ (35). Tá an chuma ar an scéal gur fórsa in éadán an oilc is ea an ceol seo. Seans gur meafar atá in úsáid anseo agus gurb ionann an ceoltóir agus cumhacht an chruthaithe, nó Dia féin. Tá an ceoltóir, an cruthaitheoir, in íomaíocht le ‘búistéir an áir’ (42), an ghné sin den duine a shamhlaítear le brúidiúlacht, saint, agus coinbhliocht. Ní thagann sé i láthair ach mar ‘bholg’:
Chonaic mé nead ina bhladhm
‘s adhmad beo ina mhin sáibh
[…]
chonac bolg bhúistéir an áir. (36-37, 42)
Is í an ealaín seo – ‘ceol an fheadaire thuas’, cumas cruthaitheach an duine – a chothaíonn dóchas sa chéad chuid den dán, in ainneoin shaint agus fhoréigean an duine i leith an dúlra. Bhí luí ar leith ag an Airtnéideach le ceol na feadóige, mar a luaigh Pat O’Brien: ‘the tin whistle was closest to his own voice, its airs ‘the flights of birds’, its notes ‘wings of parchment’ (luaite in Walsh 2012: 220):
Tá ceol lag feadóg stáin
ar fán thar Oiríon geal
mar shnáithe síoda i bpluais
ag foluain sa dorchadas. (22-25)
Fiú ag clabhsúr na coda seo, nuair a chuirtear in iúl go bhfuil súile Dé dúnta, ní ghéilleann an reacaire fós don éadóchas:
[S]a bhfrith-shiansa dúnann Dia a shúil.
Ach tá an ceoltóir nua ag seinm fós:
ar imeall na cruinne cloistear ceol. (49-51)
In ainneoin dhrochbhail na cruinne, agus neamhaird Dé, leanann an ceoltóir ar aghaidh ag seinnt.
Sa dara cuid den dán, díríonn an file ar bhás a athar féin; impíonn sé air fanacht tamall eile i measc na mbeo. Is apastróf é an chuid seo den dán, ina labhraíonn an reacaire go díreach lena athair. De réir an reacaire, cé go bhfuil an domhan i ndrochstaid, tiocfaidh feabhas ar rudaí, le ‘malairt cheoil ón bhfeadaire thall’ (72). Más é ‘búistéir an áir’ a scrios an domhan sa chéad chuid den dán, sa dara cuid seo leagann Ó hAirtnéide béim ar athbheochan na beatha:
An cuimhin leatsa bainne na mban
mar bhainne choilm chothaíonn an t-ál?
Tálfar aríst é – a athair, fan.Do chonaic mé aréir é,
sa spéir ó thuaidh uaim
níos báine ná aon fhuil
ag sileadh ó chíoch na ré
‘s d’oscail fód spallta gach uaighe
‘s rinneadh as cré is bainne taos
as fuinneadh arán bheidh úr go buan. (56-65)
Is ait an íomhá é ‘bainne’ an choilm, ach soláthraíonn speicis áirithe éan bainne speisialta dá n-ál, an colm san áireamh, ar a dtugtar ‘bainne eagáin’ (Silver 1984: 617). Tá íomhánna an bhainne, na gile, agus na banúlachta flúirseach sa chuid seo den dán. Cruthaíonn an file íomhá de chorp baineann na gealaí: ‘cíoch na ré’ (62). Ní shileann bainne ón chíoch seo ach ‘fuil’, áfach, rud a chuireann isteach ar íomhá an bhainne a samhlaíodh leis an cholm ní ba luaithe.
Dealraíonn sé gurb ionann slánú an domhain agus cumhacht chruthaitheach na gealaí is na cré, a mheascann le chéile chun ‘taos’ na beatha a chruthú an athuair. Is minic a shamhlaítear ‘síol’ (fireann) ag dul isteach sa chré (baineann) mar mheafar do chruthú na beatha; díol suime anseo é go measctar dhá rud ‘baineann’ le chéile (bainne agus cré) chun ‘arán… úr go buan’ a chruthú (65). Cé go gceanglaítear ‘bainne’ leis an bhean, ní focal baininscneach é ‘bainne’, agus seans go bhfuil an file ar an airdeall faoi sin. Tá an tAirtnéideach ag plé le móitíf sheanbhunaithe anseo nuair a shamhlaíonn sé fórsa an oilc ina bhúistéir áir (fireann) i gcomhrac le cumhacht osnádúrtha na beatha féin (baineann): ‘[l]anguage which identifies all-conquering humankind as male and the ravaged earth as female is as old as Hesiod’ (Bate 2000, 29). Móitíf í seo atá coitianta i dtraidisiún liteartha na Gaeilge freisin, mar a d’aithin Ní Ghairbhí ina plé féin ar an dán (2004: 46).
Is féidir a áiteamh go ndíríonn an file ar chumas cruthaithe an fhir freisin. Sa sliocht seo a leanas, is ionann ‘réim an tsíl’ agus flúirse na beatha, mar aon leis an tuiscint nach bhfuil an duine leis féin sa domhan:
An cuimhin leat réim an tsíl,
ríocht na míolta, cumhacht an aeir,
(ina aonar ní raibh sé,
an duine daonna ‘s a thigheas) (80-83)
Samhlaítear ‘síol’ leis an fhear. Anseo tá ‘réim an tsíl’ ceangailte le cothromas, de chineál éigin, ar an domhan. Tá tábhacht nach beag leis an ráiteas ‘ina aonar ní raibh sé, an duine daonna ‘s a thigheas’ (82-83), ráiteas a d’fhéadfaí a nascadh le tuiscintí comhaimseartha i léann na hÉicichritice faoi ról an duine san éiceolaíocht: ‘the human body can be seen as enmeshed with, not separate from, innumerable Earth Others, from the microbiomes in our guts to the creatures we eat and live with’ (Garrard 2023: 16).
Go deimhin, tá luí ar leith ag an fhile seo leis an dúlra; mhaígh an file Pádraig Mac Fhearghusa i mionléirmheas ar an dán fada An Phurgóid gurb ‘as an dúlra, as dúlra na hÉireann is mó a ghineann an hAirtnéideach [sic] a chuid íomhánna; ainmhithe, éanlaith, radharcanna na tíre a sholáthraíonn anamdhreach dó’ (1986: 19). Is líonmhar iad na hainmhithe is na plandaí a luaitear in An Lia Nocht. I gcuid a haon amháin luaitear: coill chopóg (líne 9), crotal (15), rón, ciaróg (19), míol mór (29), broc (31), sicíní, cearc (32), uan, breac (24), éan (28), pilibín (41), agus snag breac (44). Luaitear 48 speiceas éagsúla sa dán ó thús go deiridh, gan focail ghinearálta, .i. ‘éan’ a chur san áireamh.
Ag pilleadh ar chuid a dó den dán, leanann an file ar aghaidh leis an mheafar inscneach seo don domhan. Agus é ag impí ar a athair fanacht leis, cuireann an reacaire béim ar áilleacht an domhain i dtéarmaí na banúlachta:
Is a athair, fan go fóill:
níl aon cheol tar éis an bháis
[…]
Bheidh an chruinne ina brídeach bhán,
muince réalta ar a gúna glé:le hais gach crosaire beidh ardán
is feadóg stáin ag spalpadh ceoil –
go réidh, a athair, is fan don spórt! (94-95; 98-102)
Samhlaíonn an reacaire domhan nua ina mbeidh an chruinne ‘ina brídeach bhán’ agus an ceoltóir ‘ag spalpadh ceoil’ i measc na ndaoine. Tá ceol lag na feadóige níos láidre anois, agus é ‘ag spalpadh’ ón ardán; bogann an ceol ó ‘imeall na cruinne’ go dtí an crosaire. Tá bealaí éagsúla chun na línte seo a léirmhíniú, ach is féidir a rá go samhlaíonn an reacaire, sa domhan idéalach, go léireofar meas don domhan / don dúlra baineann seo, agus go mbeidh ról lárnach ag an cheoltóir, nó ag an ealaíontóir, sa phobal. I bhfianaise an dóchais seo, impíonn an reacaire ar a athair fanacht, ach in ainneoin a achainí, tugann eipeagraf le fios gur éag an t-athair: ‘ach níor fhan, 3/10/84’ (103).
Cuid a Trí: an Uirlis agus an Nádúr
Díreach i ndiaidh bhás an athar, tagann gruaim as an nua ar an reacaire a chothaíonn géarchéim ina shícé. Seo mar a chuirtear tús le cuid a trí den dán; admhaíonn an reacaire go ndearna sé iarracht a dhóchas a shlánú ach nár éirigh leis:
Lá dá raibh mo dhóchas tinn
thug mé leigheas dó nár shlán
is d’éag sé is d’fág mé bocht [sic],
im lia nocht is m’othar marbh. (104-107)
Achan seans gur mar a chéile iad an t-othar agus an t-athair. Mar mhalairt air sin, áfach, seans gurb ionann an t-othar seo agus dóchas an fhile maidir le cumas slánaithe na healaíne. Pé ciall a bhaintear as, tá duairceas an reacaire le sonrú go paiteanta sa chéad sliocht eile.
Le Gleann Darach thug mé cúl
im shiúl don tábhairne chun dí
a chuirfeadh ar neamhní mé –
mo phian, mo scéin ‘s ceo mo bhróin. (111-114)
Baile fearainn i gCaisleán Nua, Luimneach, é Gleann Darach, áit ina raibh an file ag cur faoi nuair a bhí sé i ngleic le filíocht a scríobh i nGaeilge. Tá sé réasúnta éasca sonraí beathaisnéise an fhile a cheangal le heachtraí An Lia Nocht. Ach tá rogha ag an léitheoir na sonraí sin a chur san áireamh, nó a fhágáil ar leataobh, mar a áitíonn de Brún i gcás an Airtnéidigh: ‘[tá] rogha ag an léitheoir agus an criticeoir léamh fáthchiallach nó léamh litriúil a dhéanamh ar a chuid dánta’ (2019: 18).
Is léir go gcuirtear tús le ‘turas’ ag an phointe seo sa dán. I gcuid a haon, téann an reacaire i ngleic le staid an domhain i dtéarmaí téibí; i gcuid a dó, labhraíonn sé lena athair féin in apastróf. I gcuid a trí den dán, tosaíonn an reacaire ag siúl. Is anseo, dar le Nic Pháidín, a thagann pearsa an lia chun tosaigh, agus é ‘i ngleic leis an mbás chun an t-othar, an dóchas, a thabhairt slán’ (1985: 35). Agus é i ndiaidh Gleann Darach a fhágáil, méadaíonn dóchas an reacaire. Anois, ní luaitear ceol na cruinne mar fhoinse dóchais, ach áilleacht na timpeallachta máguaird:
Ansin chonaic mé an tuar
a stiúir mo chroí ón gcian:
eorna ina tine ghlas,
brait eorna ‘na dtonnta beo
ag crith ag luascadh: na mílte dias
‘na lasracha ag longadán, chomh
ciúin, chomh corrach le leanbh ‘na luí. (118-124)
Tá tréithe áirithe na haislinge le sonrú ar an chuid seo den dán. I bhfocail MacKillop, mar shampla: ‘according to the formula, (I) the poet is out walking when he meets a beautiful lady, usually Ireland personified’ (2004). Tugann an reacaire suntas don eorna seo (ar focal baininscneach í sa Ghaeilge) mar fheinimeán álainn nádúrtha. Leagann na meafair agus na samhalacha a úsáideann an file béim ar bheocht agus áilleacht an phlanda: ‘tine ghlas’, ‘brait’, ‘tonnta beo’, ‘lasracha ag longdán’, ‘chomh ciúin… le leanbh ‘na luí’ (120-124).
Tá uaim i bhfeidhm freisin leis na consain ‘l’ agus ‘c’: ‘ag crith ag luascadh […] / ‘na lasracha ag longadán, chomh / ciúin, chomh corrach le leanbh ‘na luí’ (121-124). Murab ionann is an míol mór agus an rón a sholáthair ‘blonag’ agus ‘cótaí’ don duine daonna, ní chuirtear isteach ar áilleacht na heorna ar mhaithe leis an duine ag an staid seo den dán. Meallann an áilleacht seo an reacaire, agus cuirtear síos ar a aoibhneas i bhfriotal a chuireann paidir in iúl:
Cheapas díreach nach mbeadh bua
ag an tua iarainn ná ‘n sleá:
ár máthair atá sa mbith
coimeád sinn slán is glan is beo.
Cuireann anfa ‘s crith talún ar lár
gach dlí, gach múr, gach taisce óir:
bíonn ialus ar an tsreang ag fás. (125-131)
Díol suntais é go maíonn an reacaire nach mbeadh an bua ag an tua ná an sleá – uirlisí an duine. Sineicdicé iad na huirlisí a luann sé, seans, a thagraíonn do theicneolaíocht an duine. Móitíf choitianta i bhfilíocht Uí Airtnéide is ea an uirlis ghearrtha: an scian, an tua, an rásúr, an speal. Léiríonn dánta eile dá chuid an baol a shamhlaíonn an file leis an teicneolaíocht seo agus leis an bhearna a shamhlaigh sé idir uirlisí an chine dhaonna agus anam an duine féin, mar atá le sonrú ón dán ‘An Garrán’: ‘is eisean an fhuinseog, / is eisean an dair. / Ní thuigeann an t-inneall é’ (1978: 16).
Arís, samhlaíonn an reacaire go bhfuil cumhacht na beatha baineann: ‘ár máthair atá sa mbith’ (127). Tagairt is ea an líne seo do chéad líne na paidre ‘Ár n-Athair’, mar atá ‘Ár n-Athair atá ar neamh’. Ní hamháin go malartaíonn Ó hAirtnéide inscne an dé ó ‘athair’ go ‘máthair’, ach malartaíonn sé ‘neamh’ go ‘bith’. Scriosfaidh an fórsa buacach seo rianta na sibhialtachta agus na teicneolaíochta, rud a léiríonn sé sa líne seo: ‘bíonn ialus ar an tsreang ag fás’ (131), íomhá scáthánach ar líne sa dán ‘An tSochraid Mheidhreach’ in Adharca Broic: ‘crainn faoi sreanga báite’ (1978: 19). Ní ábhar imní é an scriosadh seo don reacaire in An Lia Nocht ach ábhar aoibhnis. San aisling seo, teipeann ar uirlisí an duine smacht a choinneáil ar an domhan nádúrtha.
In ainneoin an aoibhnis seo, áfach, teipeann ar an aisling a fheiceann an reacaire. Sna véarsaí a leanann bua seo an nádúir, tagann físeanna eile aniar aduaidh air:
Ach d’ainneoin an ghliondair, thráigh
mo ghrá, is rith an t-oighear
ó cheann go bonn: cuireadh fé ghlas
mo phíocháin! Casadh mo chroí
mar bhanbh ar bior, a fhuil ina ghlac,
é ag cneadach mar theanga ghadhair:
múineann an speal don eorna a fís.Mala beo brúite sa ród
an fháinleog ag alpadh cuil,
an ghlóthach mharbh sa linn thirim
dúil creabhar capaill sa bhfuil
boilg leanbh mar lamhnáin muc
scréach fir ‘s a bhod i mbís:
do mhúin an speal don fhile fís. (132-145)
Tá na híomhánna anseo coscrach agus foréigeanach. Casann croí an fhile, mar a bheadh banbh ar bior; atann bolg an linbh ina lamhnán muc; gabhtar bod an fhir i mbís. Is é tuairim Louis de Paor maidir leis an chuid seo den dán ná go n-aithníonn an file an nasc idir an bás agus athnuachan an nádúir agus go nglacann sé, i ndeireadh na dála, leis an nasc seo. Sa léamh sin, catairsis i ndiaidh bhás an athar atá i gceist leis an chuid seo den dán:
Confronted by a surreal vision of dead frogspawn in dried-up pools, children’s bellies like pig’s bladders, and the scream of a man whose penis is caught in a vice, he realizes that ‘do mhúin an speal don bhfile a fís’. The lesson of the natural world allows him to move beyond the destructive phase of his grief to accept the inevitable connection between living and dying (de Paor 2006: 77).
Cé go bhfuil fiúntas leis an léamh áirithe seo, go háirithe má léitear codanna an dáin mar aonaid iontu féin, is féidir a áiteamh freisin nach bhfuil clabhsúr ar bith ag an reacaire maidir lena ghéarchéim go fóill. Dhealraigh sé go mbeadh an bua ag an eorna, ag an nádúr, ag ‘ár máthair atá sa mbith’ (127) in éadan an tua agus an tsleá. B’ionann fís an bhua sin – aisling na heorna – agus buaicphointe an aoibhnis sa dán. Ach ‘múineann an speal don eorna a fís’ (138). Tagann uirlisí an duine aniar aduaidh ar an fhís nádúrtha; sa chás seo is í an speal, uirlis a úsáidtear chun barraí a ghearradh, a mhilleann fís an reacaire.
Is dócha gur chuir duine daonna an eorna seo mar chuid d’obair feirme, dar ndóigh, ach i gcosmeolaíocht an dáin, tá siombalachas na heorna níos tábhachtaí ná réalachas: ‘brait eorna ‘na dtonnta beo / ag crith ag luascadh’ is ea an eorna, sineicdicé d’áilleacht an nádúir (121-122). Nuair a mhúineann an speal a fís féin don eorna seo, is féidir ‘fís’ na speile a áireamh mar ‘eorna ghearrtha’, ‘gráinní’, ‘lochán’, ‘bia’, nó ‘fuinneamh’, gnéithe úsáideacha na heorna.
Beidh an bua ag uirlisí an duine – an tua, an sleá, an speal, an tsreang. D’aithin Nic Phaidín, agus í ag plé leis an dán seo, gur ‘minic na macallaí i saothar Uí Airtnéide nuair a bhaineann sé feidhm athuair as íomhanna agus as samhlaoidí a cruthaíodh ar dtús i ndánta eile’ (1985: 35). Is rímhinic a bhíonn uirlis mar bhac nó mar bhagairt ar cheangal an duine leis an timpeallacht thart air: feic, mar shampla ‘An Dobharchú Gonta’, ‘An Garrán’, ‘An tSochraid Mheidhre’ in Adharca Broic agus ‘Iarmharáin’ agus ‘Foighne Chrainn’ in Do Nuala: Foidhne Chrainn.
Deirtear freisin ‘do mhúin an speal don bhfile fís’(145). Ní hamháin go dtéann fís na speile i bhfeidhm ar an eorna, ach tá an speal i ndiaidh dul i bhfeidhm ar an reacaire féin. Sna línte roimhe sin, cruthaíonn an file íomhánna bruidiúla don léitheoir, a chuireann olcas an domhain in iúl. Mar chuid den fhís seo, déantar corp an fhir a cheansú leis an uirlis freisin: ‘scréach fir ‘s a bhod i mbís’ (144). Bealach amháin chun é seo a léamh ná go dtagann na huirlisí – an bhís, an speal – salach ar cheangal an duine (fireann, an reacaire) leis an nádúr (baineann, an eorna).
Is minic a phléitear an teicneolaíocht i Léann na hÉicichritice agus sa Léann Iardhaonna, mar ‘on a fundamental level, technologies always structure humans’ relationships with, and conceptualisations of, their environments’ (Solnick 2017: 19, feic freisin Heidegger 1992; Bate 2000; Wolfe 2010). Is minic a chuirtear an teicneolaíocht in éadán an nádúir; bíonn amhras faoin teicneolaíocht le sonrú go rímhinic san éicifhilíocht (sa Ghaeilge, feic mar shampla, ‘Marfield – Lá Sular Tháinig na hOllscartairí’ le Biddy Jenkinson (1986: 47) nó ‘Scrúdú Coinsiasa roimh dhul chun suain’ le Cathal Ó Searcaigh (1993: 132)).
In ainneoin an amhrais seo, is é tuairim an fhealsúnaí Martin Heidegger nach féidir leis an duine deireadh a chur le húsáid na n-uirlisí, óir ‘[t]he threat to man does not come in the first instance from the potentially lethal machines and apparartus of technology. The actual threat has already afflicted man in his essence’ (Heidegger 1992: 333). Díol suime é, toisc gurbh é Heidegger a d’athraigh tuiscintí faoin teicneolaíocht ó bhonn leis an léacht cháiliúil ‘Die Frage nach der Technik’ (An Cheist maidir le Teicneolaíocht) sa bhliain 1953, gur léigh Ó hAirtnéide ‘as much of Heidegger as he could find in English translation’ sna 1960í (Durcan 2008: 208).
Cuid d’eisint an duine is ea an teicneolaíocht; cuid den teicneolaíocht is ea an teanga freisin, teicneolaíocht chartlainne a chuidíonn leis an duine taifead a choinneáil ar an tsaol, mar a áitíonn an scoláire iardhaonnachta Wolfe: ‘the human is itself a prosthetic being, who from day one is constituted as human by its coevolution with and coconstitution by external archival technologies of various kinds— including language itself as the first archive and prosthesis’ (Wolfe 2010: 295). Nocht an file Eoghan Ó Tuairisc tuiscint ar ról seo na teanga nuair a mhaígh sé ‘gurb é an Focal a dhealaíonn an duine amach ón iasc agus ón ainmhí […] go bhfuil an Focal sacrálta – an Focal is lú dá gcaitheann sibh as bhur mbéal amach’ (Ó Tuairisc 1987: 20). Cinntíonn feidhm na scríbhneoireachta féin nach féidir le reacaire An Lia Nocht éalú ó fhís na n-uirlisí. Mar a mhíníonn de Brún i gcomhthéacs an dáin ‘An Garrán’:
[Tá] paradacs le brath i ngníomh na cumadóireachta, […] go scriosann an reacaire a thimpeallacht nádúrtha lena chuid cruthaitheachta […]. Mar sin, bíodh is go léiríonn an file go bhfuil an timpeallacht nádúrtha, idir chrainn agus ghoirt, i gcodarsnacht leis an inneall […] tugtar le fios go bhfuil dlúthbhaint ag an reacaire leis an slad a rinneadh ar an timpeallacht sin (2019: 18).
Dírímis ar An Lia Nocht arís. I ndiaidh an uafáis seo, fís na speile, úsáideann Ó hAirtnéide apastróf agus labhraíonn go díreach leis an eorna, arbh ionann í, mar a áitíodh cheana, agus spéirbhean na haislinge ar chas sé uirthi ag tús an turais. Bíodh is go n-aithníonn sé nach mbeidh an bua ag an nádúr, roghnaíonn sé bás leis an eorna, seachas saol angarach sa domhan teicneolaíoch seo. Sa chuid seo, tá an scéim ríme sách fuinte: ‘bhrat: leat’; ‘glas: ghas’, ‘domhan: ann’ srl.:
A eorna, bí domsa mar bhrat
lig dom luí sa gharraí leat.
Iarram ort bás ‘tá glas,
bás i lacht ciúin do ghas.
Cinnte, beidh an bua ‘g an domhan,
ach ní bheidh mise ná tusa ann.
Mo ghráin ort, a bháis, ní beidh mé in ann
gúna glan na cruinne a thástáil
ach mé im leasú ag bith gan smál. (146-154)
Tagraíonn an file arís dá dhóchas maidir le caithréim an nádúir: ‘[c]heapas díreach nach mbeadh bua / ag an tua iarainn ná ‘n sleá’ (125-126)’, agus admhaíonn sé go ‘mbeidh an bua ‘g an domhan’ (150). Mura mbeidh an reacaire agus an eorna ann ‘sa domhan’, mura mbeidh sé in ann ‘gúna glan na cruinne a thástáil’ (153), beidh sé ina leasú ag an bhith ‘gan smál’ (154). Nascann an file an ‘bith gan smál’ seo lenár ‘máthair atá sa mbith’ ar thrácht sé uirthi níos luaithe sa chuid seo den dán. Déanann sé, mar reacaire fireann, iarracht na huirlísí a dhíbirt agus aontú leis an nádúr baineann, fiú más ionann an rogha sin agus an bás.
Codanna 4-6: Ról an fhile agus tréigint na ceirde
Sa cheathrú cuid den dán, breathnaíonn an reacaire siar ar thréimhse dá shaol nuair a sheas sé go daingean mar a bheadh ‘gallán gan scoilt’ ann (155). Má chuirtear sonraí beathaisnéise an fhile san áireamh, féadtar seo a cheangal leis an ráiteas poiblí a rinne an tAirtnéideach sa bhliain 1975 go scríobhfadh sé i nGaeilge amháin feasta. Dealraíonn sé anseo gur thosaigh amhras ag teacht air go luath i ndiaidh dó an cinneadh a thógáil:
Mo chlú greanta im thaobh,
mo ráiteas gan tomhas gan rún –
mo shuaitheanas go soiléir:
ach do shéid gaoth na caidéise tríom
(le cad? Is conas? Is le cé’n fáth?)
a mhaol mo fhaobhar is loit mo stát. (156-161)
Creimeadh diongbháilteacht an reacaire de réir a chéile. D’ionsaigh ‘cúram’ an gallán, mar shampla. Díol suntais é go luann an file uirlisí gearrtha arís sa sliocht seo:
Saor cloiche an chúraim bhíodh
am ionsaí le casúr trom,
ag snoí deilbhe a rogha féin,
a shiséal ag guistiú m’ae. (169-172)
Cruthaítear léargas duairc ar shaol an reacaire agus é ina ghallán file. In ainneoin na rudaí a bhaineann sé amach, ‘ceansaím gealach agus grian’ (192), tá sé cráite ag an uaigneas. Teipeann ar a cheangal le daoine eile agus le Dia: ‘Ach ní fhásann aon chairdeas fém scáth / […] / is ní féidir liom paidir a rá’ (194, 196). Is féidir íomhá an ghalláin a cheangal le híomhá an bhoid, freisin, siombail na fearúlachta. Sa tríú cuid den dán, cuireadh bod an fhir i mbís; anseo ag deireadh na coda seo, níl fágtha den ghallán láidir ach ‘giota cloiche’, atá ‘briste i bpáirc na speal’ (197-198). Tá íomhá pháirc na heorna athraithe go hiomlán: fásann speala anois inti. Anois, tá an reacaire, gan chumas, lag, curtha i measc na n-uirlisí atá sé ag iarraidh a sheachaint. Ní ann don nádúr baineann níos mó; níl fágtha ach an fear cloíte i ndomhan na n-uirlisí.
I gcuid a cúig den dán, socraíonn an reacaire leanúint ar aghaidh lena thuras go dtí ‘Gleann an Chasúir’ le bheith ag comhrac le ‘garsún an áir’, an dorchadas ina shícé féin. Tá tábhacht leis an Ghleann Darach a luaigh an file níos luaithe sa dán, le hais ‘G[h]leann an Chasúir’ sa chuid seo. Tá oilithreacht ar siúl ag an reacaire ón dúlra (dair) i dtreo na huirlise (casúr). Toisc go raibh suim ag an fhile i bhfealsúnacht Heidegger, tá sé suntasach anseo go luaitear an casúr anseo mar chuid den logainm. Uirlis thábhachtach i bhfealsúnacht Heidegger is ea an casúr, a úsáideann an fealsúnaí chun coincheap an ‘Zuhandenheit’ (‘réidh ar láimh’) a mhíniú (Heidegger 1962: 98). Déantar cur síos ósréalaíoch ar Ghleann seo an Chasúir: ‘tá fuil / sa bhainne is goileann gé / ar theallach folamh’ (204-206). Míníonn an reacaire fáth an turais:
Seo áitreabh gharsún an áir
a dhaor chun báis fáth a shaoil:fís chasúir a nocht dó
conas éaló ón nglae glas.
Cuireadh glaoch orm, an lia gan scian
chaith mé diallait ar an dorchadas
is lean mé liom go táirseach a chinn. (211-217)
Achan seans gurb ionann ‘garsún an áir’ agus ‘búistéir an áir’ sa dán, ar pearsantú iad d’fhéith an fhoréigin i nádúr an duine. Dhaor an garsún fáth a shaoil chun báis – an dúlra, seans, ‘ár máthair atá sa mbith’. D’éalaigh sé ón nglae glas (ábhar greamannach a úsáidtear chun éin a ghabháil) mar gheall ar fhís a nocht an casúr dó. Úsáideann an garsún an fhís seo chun éalú ó stadás an ainmhí. Díol suntais iad na gléasanna teicneolaíochta a luaitear i rith an dáin: tua, speal, casúr, sleá, siséal, scian. Uirlisí feirme nó tógála iad, dar ndóigh – ach go bhfuil foshruth an fhoréigin, agus na fearúlachta, ag baint leo freisin.
Tá an lia, an reacaire, ‘gan scian’, .i. gan uirlis ghearrtha: ‘Shiúl mé isteach ina cheann / gan lansa ná luibh im láimh’ (232-233). Éisteann an lia nocht le faoistin gharsún an áir. De réir cosúlachta, mharaigh garsún an áir a athair féin (leis an chasúr, seans): ‘Bhuaileas, bhuaileas is bhuaileas é / is d’ól an ghé sú a chinn’ (239-240). Maireann cuimhne an athar mar a bheadh a “ghríobh fós im bhlaosc”, áfach, agus impíonn an garsún ar an lia cuidiú leis: “och, a lia, tabhair dom síth!” (246, 249). Cuid de shícé an reacaire is ea an garsún: an chuid theicenolaíoch, fhoréigeanach den duine nach féidir a chur ar ceal. Dealraíonn sé nach féidir leis an reacaire glacadh leis an fhírinne seo, áfach. Diúltaíonn sé don gharsún. Ní thugann sé cuidiú ar bith dó, don chuid dhorcha seo dá shícé féin:
Dhiúltaíos é is thréig mé an áit,
Chaitheas uaim mo cheird is mo stíl –
ní raibh im chroí ach smúr agus cáith,
bhí lár m’uchta ina ghrinneall garbh,
mé im lia nocht is mo othar marbh [sic]. (250-254)
I ndiaidh dó diúltú don gharsún, tréigeann an reacaire ‘mo cheird is mo stíl’ (251). Ag buaicphointe na géarchéime sa dán, tugann an reacaire (an lia nocht féin) droim láimhe dá chumas leighis, nó dá chumas cumadóireachta. Críochnaíonn an chuid seo den dán le rím iomlán idir ‘garbh’ agus ‘marbh’ freisin, rud a leagann béim ar chríochnaitheacht an ghnímh.
I gcuid a sé den dán, in ainneoin thréigint na ceirde, tráchtann an reacaire ar iarrachtaí ‘an mhanaigh’ oilithreacht a dhéanamh agus é ar seachrán óna pheann. Díol spéise anseo é go n-úsáideann Ó hAirtnéide an tríú pearsa sa chuid seo, ach go dtiontaíonn sé ar ais ar an chéad phearsa ag deireadh na coda. Ní thugann an manach seo aird ar bith ar a cheird agus fágtar na dánta gan chríochnú: ‘Ach tá an clog ina thost – / mar phéileacán marbh a phár, / é gan chríochnú gan snasa’ (269-271). Is duairc an cur síos a dhéanann an file ar an mhanach seo nach scríobhann: ‘caillte tá cumas guíodóireachta: / caillte aige tá a shuim sa domhan’ (281-282).
Tagann an chéad phearsa isteach; is ionann an manach agus an lia nocht. Maíonn an reacaire go gcuirfidh sé deireadh leis na rudaí a chuireann a cheird i gcuimhne dó, le go mbeidh sé in ann a bheith ‘ag súgradh mar shearrach’, ar ais i staid an nádúir (292):
Báfaidh mé mo phár go léir
i dtobar na meala thall,
bead ag súgradh mar shearrach
in áit na raithní is donn!
Raghad amú i bhfoinse na staire,
snámhfad i linn an dóchais gan aire,
siúlfad go hoíche sna cluana geala! (290-296)
Samhlaíonn an reacaire go mbeidh sé in ann pilleadh ar an nádúr má thugann sé cúl lena cheird mar fhile. In ainneoin na n-iarrachtaí seo, áfach – agus an sonas a shamhlaíonn an reacaire leis an dóchas ‘gan aire’ seo – críochnaíonn an chuid seo ar bhealach éiginnte nuair a admhaíonn sé nach mbeidh sé in ann droim láimhe a thabhairt dá cheird mar fhile: ‘[a]ch cloisfidh mé sa dorchadas án / clog ag gol is sciathánchrith pár’ (297-298).
Is é tuairim de Paor maidir leis an chuid seo den dán ná go n-aithníonn an reacaire nach bhfuil éalú ar fáil: ‘there is no escape from either the world or the need to write it out’ (de Paor 2006: 77). Áitíonn Ó Fiannachta go bhfuil clabhsúr na coda seo dearfach seachas diúltach: ‘[t]á a dhóchas slán. Anois is féidir dó a dhearbhú creidimh, nó ainchreidimh, a dhéanamh sa seachtú roinn’ (1986: 58). I léamh an scoláire seo, tá de Paor níos gaire do mheon an reacaire féin. Ní ábhar aoibhnis don reacaire é an ‘sciathánchrith pár’ ach meabhrú nach bhfuil éalú i ndán dó.
Cuid a Seacht: Dóchas agus Muinín
Feidhmíonn cuid a seacht mar ‘cheangal’ an dáin ina bhfaigheann an reacaire réiteach éigin ar ‘choimhlint dhosheachanta’ an tsaoil a chíor sé i gcodanna a haon go dtí a sé den dán (Ó Faoláin 2012: 32). In ainneoin na héiginnteachta cráite sa chuid roimhe seo, tá dóchas ag reacaire an dáin arís, agus fógraíonn sé a mhuinín as féin agus as slánú an nádúir:
Credo in unum meum
creidim go gcreidim féin é.
Creidim go mbeidh bua
ag an gcine daonna:
creidim go mbeidh teacht slán
ag ár n-údar an nádur (299-304)
Le hais an duaircis agus na héiginnteachta i gcuid a sé, cuirtear tús le cuid a seacht le féinmhuinín: ‘Creidim in aon mhise amháin’, a mhaítear sa chéad líne. Imeartas focal is ea an líne sin, bunaithe ar chéadlíne Chré Nícé: ‘credo in unum Deum’. Tá féinmhuinín agus cinnteacht sa chuid seo den dán nach raibh le sonrú roimhe seo in An Lia Nocht, bíodh is go n-aithníonn de Paor nach bhfuil an mhuinín fhileata ar aon chéim leis an mhuinín a nocht Ó hAirtnéide ina dhánta luatha (2006: 78).
Méadaítear ar dhóchas agus ar shonas an reacaire; eisean an ceoltóir anois, foinse a dhóchais féin:
Tá cornphíopa istigh ionam –
cé gur lia nocht mé
tá leigheas don ghruaim agam.[…]
is stractar díreach
an fhallaing dhorca [sic]
is fógraím do chách:
‘Filíocht? Gáire
i bhfoirm focal í!’
Is leis an nádúr mé
is leis an gcré (306-308; 317-323)
Tá na línte seo gonta, i ngnáthstíl Uí Airtnéide sa Ghaeilge, ‘an fhoirm ghairid shnasta’ a luann de Brún (2019: 18). Níl an friotal teibí ná foirmiúil a thuilleadh, rudaí a bhrostaíonn an léitheoir ar aghaidh chun sprice. Glacann an reacaire lena ról mar lia nocht agus mar fhile agus ní thagann an pár ná an peann salach ar a cheangal ‘leis an gcré’ (323) a thuilleadh. ‘Leigheas don ghruaim’ is ea an fhilíocht. Nuair a rinne an reacaire iarracht a cheird a scriosadh ní ba thúisce sa dán, ‘Chaitheas uaim mo cheird is mo stíl’ ( 251); ‘[b]áfaidh mé mo phár go léir / i dtobar na meala thall’ (290-291), scar sé é féin óna dhaonnacht féin is óna chumas guíodóireachta. Is léir go gcreideann sé fós, ámh, go bhfuil an nádúr baineann níos áille ná an rud a chruthaíonn an duine – luann sé ‘an choill’ anseo mar mheatonaime don dúlra (ainmfhocail bhaininscneacha iad araon):
Creidim go bhfuil an choill
níos áille ná ‘n ardeaglais
óir airgead níor cailleadh léi,
pian ná deor allais. (330-333)
Dá éis sin is uile, is ionann an fhilíocht, rud a chruthaíonn an duine, agus an ‘leigheas don ghruaim’, an ‘gáire’ i bhfoirm focal a thugann sólás dó mar dhuine a bhí i ngleic lena choimhthíos féin le linn An Lia Nocht. Críochnaíonn an dán ‘le gníomh creidimh sa daonnacht dá guagaí [sic] agus dá ainnise í, agus le muinín nua-aimsithe as a chumas féin’, dar le Nic Pháidín (1985: 36). Cé gur réiteach tobann é seo ar ghéarchéim an dáin – athraítear meon an reacaire go hiomlán ó chuid a sé go cuid a seacht – tá faoiseamh i ndán don reacaire anseo. Cuirtear clabhsúr dóchásach ar an tsaothar le slánú an dóchais.
Conclúid: An ráiteas deireanach?
Bíodh is go bhfuil sé soiléir nach ‘[g]cuirtear scrios ná creach ar ceal’ (28) ag deireadh an dáin, agus go bhfuil ‘pian’ agus ‘deor allais’ de dhíth chun rudaí a chruthú, aimsíonn an reacaire sólás ina dhaonnacht féin agus ina chumas filíochta i gcuid a seacht den dán. In An Lia Nocht, chuaigh Ó hAirtnéide i ngleic le ceann de na téamaí ba mhó a chíor sé ina chuid filíochta Gaeilge: ‘an deighilt idir an timpeallacht nádúrtha agus an timpeallacht thógtha’, mar a d’aithin de Brún (2019: 18). Chothaigh an deighilt sin, mar aon le bás an athar agus ceisteanna faoi ról na scríbhneoireachta, géarchéim lárnach an dáin.
Dealraíonn sé go bhfuil an reacaire in ann bealach maireachtála a aimsiú idir an timpeallacht nádúrtha agus an timpeallacht thógtha seo, idir an ‘nádúr’ agus an ‘uirlis’, idir an ‘eorna’ agus an ‘speal’. Aithníonn an reacaire eisint speisialta seo an duine ag deireadh an dáin. Ní féidir leis an duine droim láimhe a thabhairt dá cheird cumadóireachta ar mhaithe le pilleadh ar ais ar staid an nádúir. Caithfidh sé maireachtáil idir an uirlis agus an nádúr, mar dhuine: ‘Cuspóir duine? Bheith daonna. / Sin diagacht a dhóthain’ (336-337), mar a fhógraíonn sé go muiníneach ag clabhsúr an dáin.
Níl an chuid dheireanach seo den dán ar fáil sa leagan ata i gcló in A Necklace of Wrens. Athrú suntasach é seo. Is féidir a áiteamh gur ‘easnamh’ seachas ‘athrú’ é seo toisc gur líonmhar na heasnaimh a cuireadh i leith an leabhair, mar atá pléite ag Ní Ghairbhí (2006: 53-64). Faigheann sí locht chomh maith ar an chinneadh aistriúcháin Bhéarla a chur ar fáil taobh leis na bundánta Gaeilge, cinneadh a bhain aird ó chaighdeán na mbundánta:
Critical preoccupation with the usefulness of the English translations for those without Irish determined for many critics the context in which they would review the book. A Necklace of Wrens was reduced to an illuminating adjunct to Hartnett’s English-language work (2006: 54).
Is dealraitheach gur mhothaigh scoláirí agus léitheoirí Uí Airtnéide go ndearna The Gallery Press faillí ina shaothar Gaeilge. Ar a shon sin agus uile, dealraíonn sé gurbh é an file a rinne imeallú ar a shaothar féin.
Má bhreathnaítear ar an chnuasach A Necklace of Wrens mar bhailiúchán deifínídeach dá shaothar Gaeilge (agus is é tuairim Peter Fallon gurb ionann ‘the poems in Irish he really wanted to preserve’ agus na dánta atá ar fáil in A Necklace of Wrens), is é an leagan giorraithe den dán An Lia Nocht, gan cuid a seacht, a shamhlaigh an file féin mar leagan críochnúil den tsaothar. Ag scríobh dó faoi shaothar Uí Ríordáin, file eile a d’fhulaing géarchéim muiníne ó thaobh chaighdeán a chuid Gaeilge de, dúirt an scoláire Barry McCrea:
Ó Ríordáin was haunted by the sense that the language in which he wrote was fallen and faulty; his response to this doubt – using Irish to create a private poetic language that had no speakers or implied reader in the real world – has something in common […] with other modernist experimentations with poetic language, such as surrealism and hermeticism, driven by the impossible desire to find or forge an autonomous language of art. (2014)
Tá cosúlachtaí go leor idir Ó hAirtnéide agus Ó Ríordáin, ó thaobh muiníne agus ó thaobh líon na ndánta a d’fhoilsigh siad beirt de. Mar an gcéanna le Ó hAirtnéide, cáineadh filíocht Uí Ríordáin ‘by some for what they considered to be the inauthentic, artificial, even incorrect quality of his Irish’ (McCrea 2015: 74). Más fíor do Nic Pháidín, ámh, go raibh ‘muinín agus fuinneamh neamhchoitianta’ i bhfriotal An Lia Nocht, i ndiaidh streachailt fhada leis an teanga, is léir anois nár mhothaigh Ó hAirtnéide féin gur éirigh leis ‘private poetic language’ a chruthú chun a shástachta féin i nGaeilge. I ndiaidh dó an dán deireanach seo a scríobh agus a fhoilsiú, chlis ar a mhuinín féin ina chumas cumadóireachta sa teanga agus phill sé go príomha ar an Bhéarla.
Maireann dhá leagan den dán iomlán anois: an bunleagan (codanna 1-7) in An Lia Nocht (1985), agus an leagan (1-6) in A Necklace of Wrens (1987). Níl ach difríocht shuntasach amháin i gceist eatarthu: gur bhain Ó hAirtnéide cuid a seacht amach – an ceangal dearfach a bhí chomh héagsúil le codanna eile den dán – sa leagan deireanach. Deir Peter Fallon i leith an chinnidh seo:
I have a memory of him coming to the translation of part 7 of ‘An Lia Nocht’ and finding a unity of tone in the first six sections of the poem that wasn’t carried through in the seventh. And the English didn’t work. I believed – and believe – it holds together as we published it (2024).
Is fíor do Fallon go bhfuil guth agus meon an reacaire i gcodanna 1-6 in easnamh i gcuid a seacht, agus nach bhfuil an tsaorvéarsaíocht ar aon bhuille leis an chuid eile den dán, atá fáiscthe, foirmiúil, docht ina struchtúr. Mar bharr air sin, seans go bhfuil an t-athrú tobann stíle sa dán mar bhunús leis an ráiteas ‘the English didn’t work’. Ní féidir a rá an ndearna an t-eagarthóir ná an file – ná an bheirt acu – an cinneadh sin maidir leis an leagan Béarla de chuid a seacht. Seans freisin go mbaineann fágáil ar lár na coda seo le meon Uí Airtnéide féin. Mar a deir Fallon, ‘Michael’s sense of himself as a poet in Irish had changed by this time. He’d little confidence in himself and the [Irish-language] books he’d planned to write’ (2024).
Críochnaíonn leagan 1985 den dán ar bhealach muiníneach, dearfach. Críochnaíonn leagan 1987 den dán ar bhealach éiginnte – an file cloíte sa dorchadas ag éisteacht le macallaí a cheirde. Cé acu an ráiteas deireanach? In A Necklace of Wrens, cuirtear clabhsúr leis an leabhar leis ‘An Lia Nocht’. Má ghlactar leis gurb é seo an bailiúchán críochnúil de dhánta Gaeilge Uí Airtnéide, an ráiteas deireanach a rinne sé maidir le dánta Gaeilge óna pheann féin, is suntasach mar chlabhsúr iad na línte: ‘[a]ch cloisfidh mé sa dorchadas án / clog ag gol is sciathánchrith pár’ (297-298).
Nóta buíochais: Cuireadh leagan luath den alt seo i láthair ag an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, in 2022. Tá mé buíoch díobh siúd a thug aiseolas dom ansin. Táim buíoch den Ollamh Louis de Paor as dréacht den aiste seo a léamh, agus de Peter Fallon, eagarthóir The Gallery Press, as mo cheisteanna a fhreagairt.
Saothair a ceadaíodh
Bate, J. (2000) The Song of the Earth. London: Picador.
De Brún, S. (2019) ‘Cleasa uilíocha na filíochta…’ In: Comhar 79 (10): 18-19.
De Paor, L. (2006) ‘Micheál Ó hAirtnéide’s collected poems in Irish’. In: Mc Donagh, J. agus Newman, S. (eag.) Remembering Michael Hartnett. Dublin: Four Courts Press: 65-79.
Dorgan, T. (2022) ‘A Singular Life: The Poet Michael Hartnett’. In: New Hibernia Review 26 (3): 18-33.
Durcan, P. (2008) ‘Hartnett’s Farewell’. In: The poet’s chair : the first nine years of the Ireland Chair of Poetry. Dublin: Lilliput Press:197-227.
Fallon, P. (2023) Teagmháil phearsanta. 8 Iúil 2024.
Garrard, G. (2023) Ecocriticism. 3ú eag. London & New York: Routledge.
Gregory, A. (2006) ‘‘A Rebel Act: Hartnett in the grip of two languages’. In: Mc Donagh, J. agus Newman, S. (eag.) Remembering Michael Hartnett. Dublin: Four Courts Press: 135-148.
Hartnett, M. (1968) Anatomy of a Cliché. Dublin: Dolmen Press.
Hartnett, M. (1985) Inchicore Haiku. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (1985) Ó Bruadair. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (1986) Nuala Ní Dhomhnaill: Selected Poems. Dublin: Raven Arts Press.
Hartnett, M. (1987) A Necklace of Wrens. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (1993) Haicéad. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (1999) O Rathaille: The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (2002) A Book of Strays. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Hartnett, M. (2016) Collected Poems. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Heidegger, M. (1962) Being and Time. Macquarrie, D. & Robinson, E. (aist.) Oxford: Blackwell Publishers.
Heidegger, M. (1992) Basic Writings: from Being and Time (1927) and To the Task of Thinking (1964). Farrell Krell, D. (aist.) San Francisco: HarperSanFrancisco.
Jenkinson, B. (1986) Baisteadh Gintlí. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Kiberd, D. (2006) ‘The double vision of Michael Hartnett’. Mc Donagh, J. agus Newman, S. (eag.) Remembering Michael Hartnett. Dublin: Four Courts Press: 25-42.
Mac Fhearghusa, P. (1986) ‘An Phurgóid – Mionchritic’. In: Comhar 45 (5): 18-19.
Mac Giolla Léith, C. (1988) ‘Léirmheasanna: A Necklace of Wrens le Michael Hartnett: Selected Poems: Rogha Dánta 1968-1984 le Michael Davitt’. In: Comhar 47 (4): 31-33.
MacKillop, J. (2004) ‘Aisling’. In: A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press. Ar fáil ag: https://www.oxfordreference.com/display/10.1093/acref/9780198609674.001.0001/acref-9780198609674-e-140?rskey=wOjBiV&result=1 [faighte 10 Iúil 2024].
McCrea, B. (2014) ‘Style and Idiom’. Cleary, J. (eag.) The Cambridge Companion to Irish Modernism. Cambridge: Cambridge University Press: 63-73. Ar fáil ag: https://www.proquest.com/docview/2137995952/citation/5645FDDDE35D4752PQ/4?accountid=12899&sourcetype=Books [faighte 20 Meitheamh 2024].
McCrea, B. (2015) Languages of the Night: Minor Languages and the Literary Imagination in Twentieth-Century Ireland and Europe. New Haven & London: Yale University Press.
Nic Eoin, M. (2021) ‘An prós cruthaitheach agus an eicichritic’. In: Comhar 81 (9): 27-30.
Nic Pháidín, C. (1985) ‘An Lia Nocht’. In: Comhar 44 (8): 35-36.
Ní Dhomhnaill, N. (2001/2) ‘Foighne Chrainn: The Patience of a Tree: A Memoir of Michael Hartnett’. In: Metre Eleven: 148-154.
Ní Ghairbhí, R. (2004) An tsiobairne idir dhá theanga: saothar beirt scríbhneoirí dátheangacha, Michael Hartnett agus Eoghan Ó Tuairisc. Tráchtas PhD (neamhfhoilsithe), Ollscoil na Gaillimhe.
Ní Ghairbhí, R. (2006) ‘Emotion challenged me to make it sayable’: Michael Hartnett’s Adharca Broic. Mc Donagh, J. agus Newman, S. (eag.) Remembering Michael Hartnett. Dublin: Four Courts Press: 53-64.
O’Brien, E. (2006) ‘[B]oth more than a language and no more of a language’: Michael Hartnett and the politics of translation. Mc Donagh, J. agus Newman, S. (eag.) Remembering Michael Hartnett. Dublin: Four Courts Press: 149-159.
Ó Faoláin, S. (2012) ‘An Lia Nocht – Mícheál Ó hAirtnéide’. In: Comhar 72 (8): 32.
Ó Fiannachta, P. (1986) ‘Mícheál Ó hAirtnéide’. In: Léachtaí Cholm Cille 17: 39-60.
Ó Floinn, T. (1979) ‘Léirmheas ar Adharca Broic’. In: Comhar 38 (10): 20-21.
Ó Glaisne, R. (1980) ‘Mícheál Ó hAirtnéide – File’. In: Comhar 39 (11): 25-28.
Ó hAirtnéide, M. (1975) Cúlú Íde/The Retreat of Ita Cagney. Dublin: Goldsmiths Press.
Ó hAirtnéide, M. (1978) Adharca Broic. Oldcastle, Co. Meath: The Gallery Press.
Ó hAirtnéide, M. (1983) An Phurgóid. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó hAirtnéide, M. (1984) Do Nuala: Foighne Chrainn. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó hAirtnéide, M. (1984) ‘An Lia Nocht’. In: Comhar 43 (3): 47.
Ó hAirtnéide, M. (1985) An Lia Nocht. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó hAirtnéide, M. (1987) An Damh-Mhac. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó hAirtnéide, M. (1991) Dánta Naomh Eoin na Croise. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ó hAnluain, E. (1984) ‘Rudaí rúnda míne: léirmheas ar Do Nuala: Foighne Chrainn’. In: Comhar 43 (8): 53-55.
Ó Searcaigh, C. (1993) An Bealach ‘na Bhaile / Homecoming: Rogha Dánta / Selected Poems. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Ruairc, M. (1988) ‘Controlled Mastery of the Poetic Craft’. In: Fortnight 263: 24.
Ó Tuairisc, E. (1987) Religio Poetae agus Aistí Eile. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Sealy, D. (1985) ‘An tsimplíocht’. In: Books Ireland 97: 166-167.
Silver, R. (1984) ‘Prolactin and Parenting in the Pigeon Family’. In: The Journal of Experimental Zoology 232: 617-625.
Solnick, S. (2017) Poetry and the Anthropocene: ecology, biology and technology in contemporary British and Irish poetry. London: Routledge.
Walsh, P. (2012) A Rebel Act: Michael Hartnett’s Farewell to English. Cork: Mercier Press.
Wheatley, D. (2001/2) ‘Ceist na Teangan/The Language Issue’. In: Metre Eleven: 175-181.
Wolfe, C. (2010) What Is Posthumanism? Minneapolis: University of Minnesota Press.