An ráiteas deireanach? An Lia Nocht le Mícheál Ó hAirtnéide

Laoighseach Ní Choistealbha

ABSTRACT

An Lia Nocht (1985) was the last Irish-language poem written and published by poet Michael Hartnett after he decided to forsake writing in English, undertaking a ten-year writing project in the Irish language. Despite the fact that An Lia Nocht was the second-longest (after An Phurgóid) and most ambitious poem that Hartnett wrote in Irish, he returned to writing in English shortly after its publication with Inchicore Haiku (1985) and did not publish any new original work in Irish thereafter.

This article proposes a close textual analysis of the long poem An Lia Nocht. Themes, literary techniques, imagery, and sound qualities of the poem will be discussed, and the different published versions of the poem explored. Issues around the perceived quality and reception of Hartnett’s Irish-language work will be addressed, and this poem in particular will be discussed as his ‘final statement’ on his poetic output in Irish. This article will make the case that Hartnett’s Irish-language output deserves further critical attention;  and that the exploration of the theme of technology in An Lia Nocht is particularly noteworthy in the present day.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
28/11/2024

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Nuafhilíocht, Cúrsaí Aistriúcháin, Canóin Liteartha, Fealsúnacht, An Dán Fada

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Achoimre

 

Ba é An Lia Nocht (1985) an dán deireanach Gaeilge a scríobh agus a d’fhoilsigh an file dátheangach Mícheál Ó hAirtnéide. Idir 1975 agus 1984/5 scríobh an file seo i nGaeilge go príomha, tar éis dó droim láimhe a thabhairt don scríbhneoireacht i mBéarla. In ainneoin gurbh é an dán seo an dara dán ba thoirtiúla óna pheann i nGaeilge (tar éis An Phurgóid), agus an dán ab uaillmhianaí a scríobh sé sa teanga, d’fhill sé ar scríobh an Bhéarla le Inchicore Haiku (1985) go luath i ndiaidh a fhoilsithe, agus níor fhoilsigh sé bunshaothar i nGaeilge ina dhiaidh.

Féachfaidh an t-alt seo le mionléamh téacsúil a dhéanamh ar an dán fada An Lia Nocht. Pléifear téamaí, teicnící fuaime, íomhánna, friotal, agus ciútaí liteartha an dáin, agus rachfar i ngleic leis na leaganacha éagsúla den dán a cuireadh i gcló. Mar bharr air seo, ardófar ceisteanna faoi chaighdeán agus oidhreacht fhilíocht Ghaeilge Uí Airtnéide agus faoin ról atá ag an dán áirithe seo – a ráiteas deireanach – i measúnú na hoidhreachta sin. Léireofar go bhfuil tuilleadh airde tuillte ag filíocht Ghaeilge Uí Airtnéide; agus gur díol suntais faoi leith é an cíoradh a dhéantar ar théama na teicneolaíochta in An Lia Nocht, go háirithe sa lá atá inniu ann.

Údar:
Laoighseach Ní Choistealbha

Teagmháil:

L.NICHOISTEALBHA1@universityofgalway.ie

Beathaisnéis:

Is taighdeoir PhD í Laoighseach Ní Choistealbha i Roinn na Gaeilge agus in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe. Díríonn a cuid taighde ar fhilíocht Bhiddy Jenkinson agus an Éicichritic. Tá suim aici freisin i bhfilíocht a phléann cearta an duine agus tubaistí núicléacha, ar nós Chernobyl agus Hiroshima. Roimhe seo, d’oibrigh sí mar chúntóir taighde de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn ar an togra Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Filíocht na hÉireann, ó 2018 go 2021.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.