An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil

Mac Craith, Mícheál

The Letter in Vain, the Letter Supreme: Liam Mac Cóil’s trilogy

Abstract

Liam Mac Cóil’s trilogy, An Litir (2011), I dTír Strainséartha (2014) and Bealach na Spáinneach (2019), is awash with the distinguishing features of a historical thriller: adventure, danger, suspense, excitement. The story begins in the city of Galway in early February 1612 when young Luke O’Brien is commissioned to bring a secret letter to Hugh O’Neill, in exile in Rome since 1608. Harried and hassled by English agents at every step of the way, Luke finds himself in mortal danger in Galway itself, Bristol, the Spanish Netherlands and Italy. He barely succeeds in arriving in Rome safe and sound and delivering the letter into O’Neill’s hands. Despite the dangers and travails he survived during his travels, they are nothing compared with his shock at hearing the contents of the missive. In spite of all his efforts, Luke is left with no option in the end but to burn it, as if it had never existed.

This essay focuses on three significant features of the trilogy, the description of Galway in the early modern period, the emphasis on the craft and art of fencing, and the narrative style. While the evocation of early-modern Galway pertains solely to the first volume, the other two elements are central to all three. The reader is only gradually made aware of the fact that the trilogy has not one, but three narrators, Luke himself, the famous genealogist, An Dubhaltach Mac Fhirbhsigh, and another notable seventeenth-century historian, Father John Lynch, in exile in Saint-Malo since the Cromwellian invasion. It must be stressed that these two are no mere passive recipients of the material supplied by Luke more than fifty years after the event, but have conducted their own investigations into his exploits. This essay makes use of the theories of Hayden White, Paul Ricoeur and Jacques Derrida to assess the contribution of the three narrators to the development of Mac Cóil’s trilogy.

Please note

COMHARTaighde is an open access, peer-reviewed scholarly journal in the field of Irish language and literature studies. The full text of the article described on this page is available in the Irish language only. English-language translations of article titles, abstracts and certain metadata are provided in order to enable international scholars to discover research published in COMHARTaighde and to facilitate the indexing of articles in certain academic databases.

Dáta foilsithe:
30/11/2020

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Liam Mac Cóil, stíl reacaireachta, ealaín na pionsóireachta, Gaillimh sa luathré nua, an t-úrscéal staire

DOI:
10.18669/ct.2020.03

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Tá na tréithe ar fad a bhaineann le seánra an scéinséara staire le sonrú ar thríológ Liam Mhic Cóil, An Litir (2011), I dTír Strainséartha (2014) agus Bealach na Spáinneach (2019): eachtraíocht, contúirt, fionraí, scleondar. Is i gcathair na Gaillimhe in Earrach na bliana 1612 a thosnaíonn an scéal nuair a leagtar cúram ar an ógánach Lúcás Ó Briain litir rúnda a iompar chuig Aodh Ó Néill sa Róimh. Ní fios cé na gábha agus na guaiseanna atá le sárú ag an mBrianach ar an mbealach, gníomhairí Gallda sa tóir air i nGaillimh féin, i mBriostó Shasana, san Ísiltír Spáinneach agus san Iodáil. Ar inn ar éigean a éiríonn leis an Róimh a bhaint amach go slán sábháilte agus an litir a thabhairt ar lámh d’Aodh Ó Néill. Dá mhéid iad na bacanna baolacha atá sáraithe aige le linn an turais, ní dada iad le hais an tsuaite a bhaintear as nuair a chloiseann sé ábhar na litreach, gan de rogha aige ar deireadh ach í a dhó amhail is nárbh ann di riamh.

Díríonn an aiste seo ar thrí ghné suaitheanseacha den tríológ, an tuairisc ar chathair na Gaillimh sa luathré nua, an bhéim ar cheard agus ealaín na pionsóireachta, agus an stíl reacaireachta. Siúd is gur leis an gcéad leabhar amháin a bhaineann an tuairisc ar chathair na Gaillimhe, tá an dá ghné eile le fáil ina n-orlaí tríd an saothar ar fad. Is de réir a chéile a fhoghlaimíonn an léitheoir nach aon reacaire amháin atá ag an scéal ach triúr, Lúcás agus é ag soláthar cuntais leathchéad bliain ina dhiaidh sin, an ginealeolaí cáiliúil An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, agus staraí notáilte eile ón seachtú haois déag, an tAthair Seán Luínseach agus é ar deoraíocht i Saint Malo na Fraince. Ní mór a mheabhrú freisin nach comhoibritheoirí fulangacha amháin iad an Firbhiseach agus Luínseach ach go bhfuil taighde dá gcuid féin ar bun acu ar an mbuneachtra. Baintear leas as teoiricí Hayden White, Paul Ricoeur agus Jacques Derrida chun léargas ar thabhairt ar fheidhm na reacaireachta iolraí seo i bhforbairt na tríolóige.

© Mícheál Mac Craith, 2020

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International (CC BY-NC 4.0).

Údar:
Mac Craith, Mícheál

Teagmháil:

micheal.maccraith@oegaillimh.ie

Beathaisnéis:

Is sagart Proinsiasach é Mícheál Mac Craith agus Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is spéis leis litríocht an tseachtú haois déag, stair na gcoláistí Éireannacha ar an Mór-Roinn agus an litríocht chomhaimseartha.

Scaip an t-alt seo:

This site is registered on wpml.org as a development site. Switch to a production site key to remove this banner.