Réamhrá

Má luaitear Gaeilge Mhanann ar chor ar bith i scoláireacht na dteangacha Gaelacha, déantar talamh slán de go hiondúil nach bhfuil i ngnáthchóras ortagrafaíochta na teanga sin, atá bunaithe cuid mhaith ar choinbhinsiúin litrithe an Nua-Bhéarla, ach dúshlán agus constaic le sárú ag cainteoirí, ag foghlaimeoirí agus ag scoláirí araon. Is é a mhaítear go minic gur timpiste nó botún stairiúil é — mura leatrom coilíneach amach is amach é — a scar Manannaigh ó phríomhshruth litríocht agus chultúr na nGael agus a chuireann tréithe foghraíochta agus sanasaíochta na teanga i bhfolach ar an taighdeoir. ‘Ní rómhaith a fhreagraíonn litriú caighdeánach na Manainnise d’fhuaimeanna na teanga mar a labhraítí í’ an bharúil atá ag Williams (1994: 706). Breithiúnas níos déine ná sin atá ag an Rathileach — ‘Manx spelling … is an abominable system, neither historic nor phonetic, and based mainly on English’ (O’Rahilly 1932: 20). Cloíonn Jackson (1955: 108) leis an réasúnaíocht chéanna agus é ag tabhairt le fios gur ‘English monstrosity’ atá i litriú Ghaeilge Mhanann ‘which obscures both pronunciation and etymology’.

Is cothroime an tuiscint atá ag scoláirí eile, áfach, a aithníonn gur iarracht shofaisticiúil chun córas foghraíochta na teanga a léiriú é litriú caighdeánach Ghaeilge Mhanann, agus é ag tógáil ar choinbhinsiúin litrithe an Bhéarla agus á gcur in oiriúint gan iad a leanúint go ródhocht. Glacann roinnt scoláirí leis freisin go dtaispeánann an litriú Manannach saintréithe teangeolaíochta atá folaithe sa ghnáthchóras Gaelach (Thomson 1984: 307Broderick 2009: 306–7Russell 1995: 229Lewin 2022aLewin agus Ó Muircheartaigh 2022). Má tá lochtanna ag scoláirí an fichiú haois agus an aonú haois is fiche ar an gcóras seo, tá an chuma ar an scéal mar sin féin gur fheil an córas do riachtanais bhunúsacha lucht a cheaptha sa seachtú agus san ochtú haois déag — sagairt de chuid Eaglais Shasana ar chainteoirí dúchais Gaeilge den chuid is mó iad (Sebba 2012Lewin 2022a).

Bíodh sin mar atá, ní mór a rá gur minice ná a mhalairt a chloistear an dearcadh diúltach ar chóras litrithe Ghaeilge Mhanann sa Léann Ceilteach. Is diúltach mar an gcéanna de ghnáth an tuairim a bhíonn ag gníomhaithe agus intleachtóirí ghluaiseacht athbheochana na teanga, a bhí agus atá go mór faoi thionchar idé-eolaíochtaí íonaíocha na ngluaiseachtaí teanga sna tíortha Ceilteacha eile agus go háirithe in Éirinn (Lewin 2015b; 2017). ‘Historical abomination’ atá sa chóras litrithe Manannach de réir an fhoclóirí Douglas Fargher (1979: vi), cuir i gcás. In ainneoin an chuir chuige seo, chloígh Fargher, agus cloíonn an pobal teanga i gcoitinne, leis an ortagrafaíocht sheanbhunaithe anuas go dtí an lá atá inniu ann. Aithnítear go ginearálta go mbeadh sé neamhphraiticiúil ortagrafaíocht nua a chur i bhfeidhm, fiú más go drogallach féin a ghlactar leis an gcóras Béarlabhunaithe, mar a fuair Ó hIfearnáin (2007) amach ó bhaill phobal comhaimseartha na hathbheochana teanga:

The majority are resigned to the fact that things are as they found them when they came to Manx, and they will try to do the best that they can with the system, while lamenting the fact that it is so. (Ó hIfearnáin 2007: 169)

Bíonn eolas éigin ag go leor cainteoirí agus gníomhaithe ar na coimhlintí maidir le nósmhaireachtaí litrithe a chráigh gluaiseachtaí teanga na Coirnise agus na Briotáinise, i measc samplaí eile. Ar an iomlán, glacann lucht na teanga leis go gcuirfeadh a leithéid de dheighilt oscailte sa chomhthéacs Manannach bac mór le dul chun cinn agus íomhá phoiblí na teanga (Gawne 2000: 141Ó hIfearnáin 2015: 116Lewin 2022b: 668). Cé go n‑áitítear go minic, go háirithe i measc tráchtairí fánacha seachas saineolaithe, nár chóir aon mhoill a bheith ar Mhanannaigh glacadh leis an gcóras ‘traidisiúnta’ Gaelach, aithníonn daoine a bhfuil machnamh níos doimhne déanta acu ar an scéal a dhúshlánaí agus a achrannaí a bheadh a leithéid de thionscadal, go hidé-eolaíoch agus go praiticiúil:

It is not possible simply to start writing Manx as if it was Scottish or Irish Gaelic. It would need its own conventions. It would not be impossible to define these, but such work would require a research team, professional training over several years, and would after that be time and resource consuming in itself. All of this would be without any certainty of agreement before such Manx Gaelic orthographic conventions could be published. Currently there are not enough experts in Manx to develop such a system, nor is there a clear majority who would be willing to subscribe to its implementation. (Ó hIfearnáin 2007: 169)

Scrúdófar roinnt de na deacrachtaí seo go hachomair sa phlé a leanas.

Is díol spéise gur tuairim neodrach nó dearfach i gcoitinne a léirigh na tráchtairí Manannacha sin a rinne comparáid idir an dá chóras ortagrafaíochta san ochtú agus sa naoú haois déag sular tháinig an athbheochan nua-aimseartha ar an bhfód. Aithníodh, b’fhéidir, go raibh sanasaíocht agus stair na teanga ní b’fhollasaí sa chóras Gaelach, ach go raibh an córas Manannach ní b’fhoghrúla agus ní ba chóngaraí do chaint na ndaoine (Kelly 1804: 6Cregeen 1835: xiGill 1870: xiii). ‘Our orthography’ (Kelly 1804: 6) ab ea é, seachas córas Gallda a d’eascair ón taobh amuigh. Ar ndóigh, ní foláir nó gur meonta nó cúinsí praiticiúla den chineál céanna a bhí taobh thiar den úsáid a bhaintí as ortagrafaíochtaí Béarlabhunaithe le haghaidh Gaeilge a scríobh in Éirinn agus in Albain i dtréimhsí éagsúla freisin (Stenson 2003MacCoinnich 2008Williams 2010), pé breithiúnas a bhíonn ag scoláirí an Léinn Cheiltigh ar an gceist de ghnáth.

In ainneoin ar dúradh thuas, ní fíor a rá nach ndearnadh iarracht riamh leagan den ortagrafaíocht Ghaelach a úsáid chun Gaeilge Mhanann a scríobh. San alt seo breathnófar ar thrí chomhthéacs áirithe inar tugadh faoin gcóras litrithe Gaelach a chur in oiriúint do Ghaeilge Mhanann:

  1. Obair de chuid ársaitheoirí an ochtú haois déag.
  2. Foilseacháin de chuid na hathbheochana teanga agus na gluaiseachta pan-Cheiltí san fhichiú haois.
  3. Traslitrithe i gcomhthéacsanna acadúla nó oideolaíocha.

An dá ortagrafaíocht

Níor mhiste ar an gcéad dul síos cúpla focal a rá faoin dá chóras ortagrafaíochta i gcomparáid lena chéile. Ní mór a aithint ar dtús go ndealraíonn sé nach raibh aon tionchar, a bheag ná a mhór, ag an litriú Gaelach ar ortagrafaíocht chaighdeánach Ghaeilge Mhanann, murab ionann agus roinnt de na samplaí de Ghaeilge na hÉireann a scríobhadh in ortagrafaíocht ‘fhoghrúil’, ina mbíonn meascán mearaí de thréithe Gaelacha agus tréithe bunaithe ar an mBéarla le feiceáil go minic (m.sh. Ó Fachtna 1968Ó Fiannachta 1967). Bíodh is go bhfuil tréithe áirithe sa chóras Manannach a mheabhródh nósmhaireachtaí na hortagrafaíochta Gaelaí dúinn, go háirithe úsáid na litreach <i> chun consan caol a léiriú, m.sh. oor ‘úr’, ooir ‘úir’, tá sé níos cosúla ná a mhalairt gur comhtharlú atá i gceist agus go n‑eascraíonn an cleachtas seo ó úsáid <i> (agus <y>) chun gutaí fada a thaispeáint (Lewin 2022a: 47), nó chun idirdhealú a dhéanamh idir allafóin an ghuta /ə/ roimh chonsain chaola is leathana (m.sh. cabbyl ‘capall’, iol. cabbil ‘capaill’). Is fíor go raibh eolas éigin ag roinnt de na daoine a chuir le forbairt chaighdeán scríofa Ghaeilge Mhanann ar ábhar foilsithe sa chóras litrithe Gaelach, cé nach eolas róchruinn ar chor ar bith a bhí ann de ghnáth. Ceadaíodh Bíobla Bhedell, a scríobhadh sa Nua-Ghaeilge Mhoch, uair nó dhó le linn don Bhíobla a bheith á aistriú go Gaeilge Mhanann, ach ba ar éigean a d’éirigh leis na sagairt Mhanannacha bun nó barr a dhéanamh de, is cosúil (Butler 1799: 477Thomson 1969: 193–194).

Ársaíocht an ochtú haois déag

Nuair a thosaigh ársaitheoirí, fileolaithe luatha agus bailitheoirí lámhscríbhinní agus béaloidis ag cur níos mó spéise sna teangacha agus sna litríochtaí Ceilteacha i rith an ochtú haois déag, níor éalaigh Gaeilge Mhanann ó aird na scoláirí go hiomlán, fiú má ba í ‘Cinderella’ na dteangacha Gaelacha riamh í de réir an Rathiligh (O’Rahilly 1932: ix). Cé gur i gcóras foghrúil ad hoc atá an t‑ábhar, agus ní i leagan den ghnáthchóras Gaelach, níor mhiste tagairt a dhéanamh don ábhar foclóra de chuid Ghaeilge Mhanann a bailíodh i dtaca le mórshaothar athair an Léinn Cheiltigh Edward Lhuyd, an Archæologia Britannica (Lhuyd 1707: 290–298Ifans agus Thomson 1979–1980Thomson 196819961999). Tá cúpla iarracht ar marthain chun téacsanna de chuid Ghaeilge Mhanann a léiriú san ortagrafaíocht Ghaelach ón ochtú haois déag.

Fionn agus Oisín

Traslitriú den bhailéad Fiannaíochta Fin as Oshin (Fionn agus Oisín) (Broderick 1990Ó Muircheartaigh 2016Broderick 2018) é an chéad téacs atá le fáil i lámhscríbhinn a chuir Charles Vallancey (1731–1812) chuig an staraí Cathal Ó Conchubhair (1710–1791) sa bhliain 1771. Innealtóir míleata agus ársaitheoir Sasanach a bhí in Vallancey a chuir faoi in Éirinn agus suim nár bheag aige sa Ghaeilge agus i stair na hÉireann (Ó Muircheartaigh 2016Nevin 1993). Tá téacs na lámhscríbhinne seo curtha in eagar ag Ó Muircheartaigh (2016), a tharraingíonn aird ar thréithe teangeolaíocha a cheanglaíonn an téacs le hidirghabhálaí Albanach, mar atá, an bailitheoir litríochta agus an ministir Preispitéireach Seumas MacLathagain (James McLagan, 1728–1805). Ón bhfianaise a chuireann Ó Muircheartaigh (2016: 115–119) faoinár mbráid, tá an chuma ar an scéal gur ó eagarthóir ginearálta an Bhíobla i nGaeilge Mhanann, an tUrramach Philip Moore (1705–1783), nó óna fhear cúnta John Kelly (1750–1809), a fuair MacLathagain an téacs ar an gcéad dul síos a fhad is a bhí sé lonnaithe i Manainn i samhradh na bliana 1771 agus é ina shéiplíneach de chuid an airm.

Ní thugaim ach sliocht gearr ón téacs thíos; féach Ó Muircheartaigh (2016), mar a bhfuil eagrán iomlán agus anailís chruinn le fáil. Sa sliocht seo, agus sna téacsanna a leanas thíos, aibhsítear botúin, míthuiscintí ar an mbuntéacs, agus litrithe leithleacha sa leagan Gaelaithe; agus, nuair is gá, soláthraítear ceartúchán nó míniú i litriú normalaithe na Nua-Ghaeilge Moiche nó i nGaeilge an lae inniu. In éineacht le gach téacs tugaim leagan i ngnáthlitriú Ghaeilge Mhanann, agus aistriúchán de mo chuid féin nó ón bhfoinse bhunúsach más ann dó.

Gaelú sa lámhscríbhinn de chuid Vallancey agus MhicLathagain:

An Gaoidhligh [GA an Gàidhlig (i nGaeilge)?]

Thigh [do-chuaidh (chuaigh)] Fin is Ossian amach do shealg
Cha roibh a daoinne [duine] ann, sluagh [is lugha (is lú)] na cead.
Ci do dfhag=ad ag a thigh [ag an tigh], ach Orree beg.
Dfhag ag a thigh, da cead cù, is da cead cuilleàn
Is tri chead ben-og, is tri cead sean chailleagh —
Dubhairt ingean Fin ris ingean Ossian
Creas na mad cradh [cnáid] ris an Ri gOrree.
Cengal mad an fholt aige do as [GMh dys, gys = go(s)] an cliathan
As curri mad an oile [aingeal ‘tine’] do as a chossan.

leagan san ortagrafaíocht Mhanannach ón lámhscríbhinn:

Fin & Ossian
A Manx Cronaght

Hie Fin as Ossian magh dy helg.
Cha rou ad dooiney ayn, sloo ny keayd
Qui da daag ad ec y thie, agh Orree beg
Daag ec y thie, da chead coo as da chead quellàn
As three chead ben aag, & three chead shen chellagh —
Doort inneen Fin rish inneen Ossian.
Cre’s nee mad craid rish yn Roiee gOrree.
Kienle mad yn olt eckey dys ny cleäyn
As kerree mad yn aile dys y chassyn [gluais: ‘oile: a fire’]
(i ndiaidh Uí Mhuircheartaigh 2016: 98–99)

aistriúchán de chuid údar an ailt seo:

Chuaigh Fionn agus Oisín amach ag seilg, / Ní raibh duine ann is lú ná céad / Cé a d’fhág siad ag an mbaile, ach Gofraidh beag? / D’fhág [siad] ag an mbaile dhá chéad cú agus dhá chéad coileán / Agus trí chéad bean óg, agus trí chéad seanchailleach — / Dúirt iníon Fhinn le hiníon Oisín, / “Conas a dhéanfaimid magadh [cnáid] faoin Rí Gofraidh? / Ceanglóimid a chuid foilt leis na cliatha / Agus cuirfimid a chosa trí thine.”

I measc shaintréithe an leagain Ghaelaithe den téacs seo tá míthuiscintí suntasacha (Ó Muircheartaigh 2016: 115), mar thigh ‘teach’ in áit chuaidh, GA chaidh (mura foirm de téigh atá i gceist?); agus sluagh ‘slua’, focal a litrítear i nGaeilge Mhanann mar sleih /sləːi/, in áit is lugha ‘is lú’. Cuirtear crādh, focal atá oiriúnach go leor ó thaobh céille de ach nach ann dó i nGaeilge Mhanann, in áit cnáid, focal nach bhfuil chomh coitianta i nGaeilge na hÉireann, b’fhéidir (féach foclóir Uí Dhónaill s.v. cnádán, cnáid). Ní thuigtear gur guta gearr a léiríonn an ghraiféim dhébhríoch ooi> in dooin[n]ey, .i. duine seachas an t‑iolra daoine (GMh deiney). Is dócha gur a bhuí le MacLathagain a tuigeadh agus a coinníodh na foirmeacha cha, ris agus deathach de chuid Ghaeilge na hAlban agus Mhanann (agus Uladh); tugann Ó Muircheartaigh (2016: 115) le fios gur ‘ceartúcháin’ de chuid Vallancey ar shaothar bunúsach MhicLathagain atá i gceist le roinnt de na botúin thuisceana is suntasaí. Mar a phléann Ó Muircheartaigh (2016: 116–117), ní cúnamh ar bith don léitheoir Éireannach nó Albanach é an litriú oile ar an bhfocal Manannach aile /ãil/ ‘tine’, arb ionann é agus an t‑ainmfhocal sách gann aingeal i gcanúintí eile de chuid na hÉireann agus na hAlban (Wagner 1953). Fágtar corrthréith de chuid na hortagrafaíochta Manannaí gan athrú, mar an t‑ainm (g)Orree (meascán den charachtar Fiannaíochta Garadh agus d’ainm an rí Ghall-Ghaelaigh Gofraidh Méaránach) agus úsáid an déghraif <gh> in áit <ch> /x/ in chellagh ‘cailleach’.

In ainneoin na n‑earráidí agus na neamhréireanna seo, d’fhéadfadh léitheoir Gaelach nach bhfuil Gaeilge Mhanann agus a córas litrithe ar a thoil aige ábhar agus brí ghinearálta a bhaint as an téacs gan aon mhórdheacracht. Bhí ciall an téacs sách soiléir le gur éirigh le garmhac Uí Chonchúir breithiúnas géar go maith a thabhairt ar ábhar an dáin, cuir i gcás (O’Conor 1818: 171Ó Muircheartaigh 2016: 113). Sa mhéid sin ní teip ghlan í an iarracht a rinne Vallancey agus MacLathagain. Léirítear go leor de na dúshláin agus na baic a bhaineann i gcoitinne le Gaeilge Mhanann a aistriú go dtí an litriú Gaelach sa sliocht seo agus i mBailéad Mhanannáin (thíos), áfach. Chun míthuiscint agus mearbhall a sheachaint, agus córas réasúnta seasmhach, soiléir a chur ar fáil mar chaighdeán ortagrafaíochta, níorbh fholáir eolas i bhfad ní b’fhearr a bheith ag an duine a chumfadh é ar Ghaeilge Mhanann agus ar Ghaeilge na hÉireann agus/nó na hAlban araon — agus ar a gcuid forbairtí stairiúla ó thaobh foghraíochta, sanasaíochta agus séimeantaice de — ná mar a bhí ag Vallancey nó ag MacLathagain. Is ar éigean a bhí duine ar bith ann riamh ag a raibh an réimse sin eolais, fiú i measc na scoláirí agus na bhfileolaithe a phléann le teangeolaíocht stairiúil na Gaeilge (cf. Ó hIfearnáin 2007: 169).

Fiú dá gcuirfí traslitriú sásúil ar fáil de réir na gcritéar seo, ní léir gurbh fhearrde an gnáthléitheoir Gaelach aingeal a fheiceáil ar an leathanach seachas aile, mura mbeadh an focal agus a bhrí shainiúil ar eolas aige. Ní féidir le traslitriú ar bith an chonstaic a shárú gur teanga ar leith inti féin í Gaeilge Mhanann, agus ina leithéid de chásanna is dócha go rachadh scríbhneoir a mbeadh lucht léitheoireachta pan-Ghaelach ar intinn aige i muinín na seifte céanna a mbaintear úsáid aisti i lámhscríbhinn Vallancey, .i. gluais mhínithe a chur ar imeall nó ag bun an leathanaigh (Ó Muircheartaigh 2016: 116).

Bailéad Mhanannáin

Chomh maith leis an téacs lámhscríofa a pléadh thuas, d’fhoilsigh Vallancey dhá shliocht de chuid Ghaeilge Mhanann ina chuid leabhar agus traslitriú Gaelach sách neamhchruinn lena gcois, mar atá Paidir an Tiarna (Vallancey 1782: 53), agus sliocht gearr as bailéad eile le traslitriú Gaelach de rann amháin (Vallancey 1786: 510–511). De cheal spáis ní scrúdófar ach an dara ceann go mion anseo. Manx Traditionary Ballad, Manannan Ballad nó Coontey jeh Ellan Vannin ayns Arrane (‘Cuntas ar Oileán Mhanann in amhrán’) is teideal don téacs i bhfoinsí agus in eagráin éagsúla. Luaitear na rainn is sine le lár an cúigiú haois déag nó le tús an séú haois déag (Thomson 1960–62Kewley Draskau 2006), cé gur i lámhscríbhinní ón ochtú haois déag a chaomhnaítear é. Ó leagan den dán a cuireadh i gcló sa bhliain 1778 ach atá imithe ó thuairisc ó shin a chóipeáil Vallancey na rainn seo de réir cosúlachta (Thomson 1960–61: 521). Meon dearfach atá ag Vallancey i leith na teanga agus an téacs féin — díreach mar a mhol sé an Bíobla Manannach thar aistriúchán Bhedell i litir dá chuid chuig Philip Moore (thíos) (Butler 1799: 670) — ach déanann sé talamh slán de mar sin féin gurb é an córas litrithe Gaelach is Gaeilge scríofa ‘cheart’ (proper) ann.

This is one example of the Manks being perfect Irish; it is written as pronounced, and every Irishman can understand it [.i. an teanga féin seachas an ortagrafaíocht]. The orthography is lost. See two lines [.i. dhá leathrann] in the proper Irish; the sound and the grammar are alike in both. (Vallancey 1786: 511)

Cé gur aistriú go dtí ‘the proper Irish’ an cur síos atá ag Vallancey ar an leagan Gaelaithe a sholáthraíonn sé, níor mhóide don léitheoir Gaelach mórán brí a bhaint as, go háirithe i gcás an dara agus an tríú líne.

Manannan beg [beag] bha Mac a Leirr [Lir],
’Sfhein an chead ar ag robh riogh è [sin an chéad fhear ag a raibh riamh í]
Acht mor saor Dadaim cur mian air [mar is fearr a fhéadaim tabhairt faoi ndeara],
Go robh [cha raibh] è fhein acht An-chriostigh.

Mananan beg va Mac y Leirr,
Shen yn chied er ec row rieau ee,
Agh myr share oddym’s cur-my-ner,
Cha row eh hene a[g]h An-chreestee, &c. &c. (Vallancey 1786: 510–511)

aistriúchán de chuid údar an ailt seo:

Manannán beag [a bhí [i]] mac Lir, / Sin an chéad fhear ag a raibh sí [=Manainn] riamh, / Ach mar is fearr a fhéadaimse a thabhairt faoi deara, / Ní raibh ann féin ach ainchríostaí.

Is léir anseo gur tuiscint theoranta a bhí ag Vallancey ar Ghaeilge na hÉireann agus ar Ghaeilge Mhanann araon (Thomson 1969: 206–207Ó Muircheartaigh 2016: 112Ó Muraíle 2015: 208), agus nach raibh MacLathagain ar fáil le lámh chúnta a thabhairt dó an babhta seo: ní thuigtear an mhír dhiúltach cha de chuid Ghaeilge Uladh, na hAlban agus Mhanann, cuir i gcás, murab ionann is an téacs Fiannaíochta thuas. Ní mó ná sin a aithníonn sé focail is abairtí bunúsacha mar yn chied er ‘an chéad fhear’, cur-my-ner ‘tabhairt faoi (n)deara’, rieau ‘riamh’, share ‘is fearr’ agus shen ‘sin’. Tá seiftiúlacht theangeolaíoch éigin le feiceáil mar sin féin i litriú an fhocail dheireanaigh mar ’sfhein, cé nach fíor dó, agus Vallancey ag tabhairt buille faoi thuairim, is cosúil, gur giorrúchán de sé féin nó is é féin atá i gceist. Ar an gcaoi chéanna, ní míthuiscint amháin atá i gceist le cur mian air le haghaidh GMh cur-my-ner ‘tabhairt faoi ndeara’ (gnáthaistriú ar an mBéarla behold sa Bhíobla), ach iarracht chun brí shanasaíochta a bhaint as abairt ar thuig sé a ciall ghinearálta shioncrónach i nGaeilge Mhanann, ach nach raibh a comhfhreagras leis an abairt ghaolmhar ar eolas aige. Tabhair faoi deara go bhfuil an léirmhíniú céanna ar an abairt seo le fáil sa litir thuasluaite chuig Philip Moore, rud a thugann le fios go raibh Vallancey tugtha go maith don phíosa bleachtaireachta seo aige:

In my career, I have perused the Manks Bible and Testament, with great pleasure, and much instruction. I admire the simplicity and force of the language, and the beauty of the version, where many vulgarisms have crept into the Irish translation: such as, your cur mian air, for our feuch, “behold;” and many others. (Charles Vallancey chuig Philip Moore, 26 Nollaig 1780, in Butler 1799: 670)

Arís eile fágann Vallancey focal nó dhó sa litriú Manannach, beg in áit beag, agus an t‑ainm Leirr in áit na gnáthfhoirme Gaeilge Lir. Sampla is ea Leirr /lʲerʲ/ de thréith choimeádach de chuid fhóineolaíocht stairiúil Ghaeilge Mhanann ei /e/ na Sean-Ghaeilge a choinneáil gan ardú go /i/ i roinnt focal, m.sh. mennick ‘minic’, mec ‘mic’, meinn ‘min’, gientyn ‘giniúint’ (Lewin 2020: 124).

Tá traslitriú Vallancey (1782: 53) den Phaidir, agus na hearráidí a dhéantar ann, ar aon dul lena bhfuil le feiceáil sa bhailéad. Aithníonn sé an chuid is mó de na focail arb ionann iad sa dá theanga, ach tá míthuiscintí go leor aige ina dhiaidh sin, m.sh. Ar Athairne ‘ár nAthairne’ atá aige ar Ayr Ain, ach ‘A Athair againn’ atá ann le fírinne.

Comhthéacs na hathbheochana agus an phan-Cheilteachais

Faoi dheireadh an naoú haois déag, ba é an Béarla gnáth-theanga fhormhór na Manannach. Mar a thugann Broderick (1999: 173) le fios, ‘it was only when the decline was more or less complete that it was felt that something ought to be done about it’. Mar ab fhíor in Éirinn cuid mhaith, gluaiseacht d’fhoghlaimeoirí agus de dhíograiseoirí meánaicmeacha uirbeacha den chuid ba mhó a bhí i ngluaiseacht athbheochana na Gaeilge in Oileán Mhanann ó thús, daoine nach raibh ach baint theoranta acu leis na cainteoirí dúchais a bhí fágtha ag an am. Bunaíodh an Cheshaght Ghailckagh (Cumann Ghaeilge Mhanann) in 1899 agus é go mór faoi thionchar an phan-Cheilteachais agus go háirithe gluaiseacht na teanga in Éirinn (Broderick 1999: 173–174). Ní údar iontais é sa chomhthéacs seo go ndearna scríbhneoirí de chuid athbheochan Ghaeilge Mhanann corriarracht an córas litrithe Gaelach a chur in oiriúint don teanga. Dírítear anseo ar dhá shampla ón dara leath den fhichiú haois de bhunús Manannach, ach déantar trácht fánach thíos sa tríú roinn den alt ar iarracht nó dhó a rinne gníomhaithe agus scoláirí de chuid na hathbheochana Gaelaí in Éirinn ag tús an chéid téacsanna Manannacha a léiriú i riocht a bheadh ní b’intuigthe dá gcuid léitheoirí.

Frank Bell Kelly

Foilsíodh an scéal a leanas de chuid Frank Bell Kelly san iris Coraa Ghailckagh [‘Guth Gaelach’] sa bhliain 1956. Foilseachán de chuid an Cheshaght Ghailckagh ab ea an iris seo a cuireadh amach idir 1951 agus 1957 (Carswell 2010: 166). De réir Carswell bhí staidéar déanta ag Kelly ar Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban chomh maith le teanga oileán a dhúchais (2010: 172). Bhí sé ag cur faoi in Wolverhampton Shasana ag am scríofa an scéil, ar aistriúchán é ó Ghaeilge na hÉireann. Tá tuairim Kelly i leith na hortagrafaíochta le feiceáil go ríléir sa sliocht seo a cuireadh i gcló in éineacht leis an scéal, mar a bhfuil an ortagrafaíocht Ghaelach curtha i gcodarsnacht le córas Baarlagh (‘Béarlach’) an Bhíobla i nGaeilge Mhanann:

An bhfuil Gaeilge Mhanann scríofa sa bhealach ceart?

Síleann an t‑Uasal Frank Kelly … go mbeadh sé ní b’fhearr dóibh an teanga dhúchais a scríobh sa bhealach Albanach [.i. an córas litrithe Gaelach], agus dá ndéanfaí amhlaidh, go mbeadh ár gcuid Gaeilge ní b’fhusa a aithint d’Albanaigh agus d’Éireannaigh, agus b’fhéidir le Manannaigh na teangacha Gaelacha eile a léamh go furasta.

Gan dabht, tá a lán daoine ann a aontaíonn leis an Uasal Kelly sa chúis seo, agus mar sin tugaimid anseo páirt de scéal an Uasail Kelly agus é scríofa aige sa bhealach Albanach, ag leanúint do rialacha theanga na hAlban. Anois, a léitheoirí, cén tuairim atá agaibh ar Ghaeilge Mhanann ina héadaí nua? (Coraa Ghailckagh 1952, aistriúchán le húdar an ailt seo)

Is díol spéise gur ar nósmhaireachtaí Ghaeilge na hAlban go háirithe a dhíríonn Kelly de réir cosúlachta, seachas Gaeilge na hÉireann, cé gur meascán de choinbhinsiúin an dá theanga le cois a chuid saintréithe féin atá le feiceáil sa sliocht a leanas. An síneadh fada Éireannach is mó atá aige, cuir i gcás:

An Breac t’anns an Abhainn Mor

Fhoduins [d’fhéadfainnse] cur aithne air an bhreac sen bhöi [uaidh] dach uile bhreac bha riúmh [riamh] gamhaite [gabh + -te ‘gafa’] anns poil [poll] de srúan [sruthán]; tä tumaid airscionn morän a chinneadh aige, a’s äis [aois] nach bheil aig län deubh.

Ach, an chíal [chiall] ta ’sa chión [cheann] aige! Ta íastäran de na seacht scíreachan cräduit [cnáid + -te], sprochtuit air a shon fud na blíantan fada; dagh uile lethid [leithéid] a báit [GMh bite, Béarla bait] bha curuit air dhúbhan riúmh sireach [s(h)irfeadh] ’ad – chan ’eadh [chan é] ach cur air an mitiúr de bhreac ach gob biorach do shaith ’mach har ris [tharais] an chlach t’e ’na chumal [GMh cummal ‘coinneáil; cónaí’ (GA cumail), cf. ina chónaí?] fo, an faman [GA feaman ‘eireaball’] aige glaiseach [gluaiseacht] craideolach [cnáid + -amhail + -ach], a’s airsubhal leis do ciún [ciúin].

Yn Brack T’Ayns Yn Awin Mooar [sic]

(Skeeal Yernagh, chyndaait ’sy Ghailck Vanninagh liorish Frank B. Kelly, Wolverhampton.)

Oddins cur enn er yn vrack shen veih dagh ooilley vrack va rieau goit ayns poyll jeh strooan; ta tummid erskyn mooarane e chynney echey, as eash nagh vel ec lane jeu.

Agh, yn cheeayl ta ’sy chione echey! Ta eeasteyryn jeh ny shiaght skeeraghyn craidit, sproghtit er e hon fud ny bleeantyn foddey; dagh ooilley lheid y bite va currit er dooan rieau, shirragh [sic] ad, cha nee agh cur er yn mitchoor dy vrack agh gob birragh dy haih magh har rish yn clagh t’eh ny chummal fo, yn famman echey gleashagh dy craidoilagh as ersooyl lesh dy kiune.

I could recognise that trout from every other trout that was ever caught in a pool of a stream; he has a bulk above most of his kind, and an age that most of them don’t have.

But the sense that’s in his head! Fishermen of the seven parishes are ridiculed, made frantic for him throughout the long years; every sort of bait that was ever put on a hook, they would seek it, it only makes the rogue of a trout adopt a sharp-pointed mouth [a pout] to push out across the stone he is living under, his tail moving mockingly as [sic] away with him calmly.
(Kelly 1952; aistriúchán le Carswell 2010: 173–174)

Mar ab fhíor i gcás Vallancey, tá sampla nó dhó d’eilimintí de chuid an chórais litrithe Bhéarlabhunaithe fágtha gan athrú i dtéacs Kelly — trí thimpiste, b’fhéidir — mar atá dagh in áit gach (>*dach), agus har ris in áit thairis (harrish sa chaighdeán). In áit nó dhó cuireann easpa eolais ar fhóineolaíocht stairiúil na dteangacha Gaelacha (nó an fuaimniú sioncrónach) amú é. Mar shampla ní aithníonn Kelly, de réir dealraimh, gur cheart consan caol a léiriú in ciún (ciúin) agus cräduit (*cnáidit), cé go léirítear seo i gcás craid sa ghnáthlitriú Manannach, agus consan caol atá ag Kelly san aidiacht craideolach. Ar an láimh eile tá poil aige agus l caol léirithe, mar a mbeadh súil le poll (GMh poyll). Ní mó ná sin a aithníonn sé sainluach na ngutaí in aois agus gluaiseach(t) (äis agus glaiseach i litriú Kelly): is dócha go nglacann sé leis gurb ionann iad agus an guta á(i) /ɛː/, ach fóinéim ar leith /əː/ a bhí in aoiuai i nGaeilge Mhanann de réir cosúlachta, cé go raibh claonadh air teacht le chéile le é /eː/ ceart go leor (Lewin 2020: 185–186). Scéal casta é forbairt na ngutaí stairiúla ao(i) agus ua(i) i nGaeilge Mhanann, áfach, a chuir scoláirí trína chéile go minic (Lewin 2020: 194–209). Ina dhiaidh sin is uile, fiú gan an réalú fóineolaíochta a chur san áireamh, is féidir a áitiú gurbh fhearrde an léitheoir Gaelach litriú níos cóngaraí do ghnáthlitriú na bhfocal seo i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban.

Is fíor sin i gcás chión (cheann) chomh maith, mar a bhfuil sainlitriú aige le luach an ghuta fhada /oː/ san fhocal seo a léiriú (cé gur ceónceon ab fhearr a thiocfadh le gnáthchoinbhinsiúin an litrithe Ghaelaigh). Bheadh an litriú seanbhunaithe ceann ní ba sho-aitheanta don léitheoir Gaelach, agus bheadh an litriú sin in ann an dá fhuaimniú canúna le /oː/ agus le défhoghar /au/ de chuid dheisceart agus thuaisceart Oileán Mhanann faoi seach a chuimsiú (Broderick 1984: 161), mar a dhéanann sé i gcás chanúintí Ghaeilge na hÉireann. Sampla eile de litriú atá oiriúnach go leor ó thaobh an fhuaimnithe de ach a thagann salach ar nósmhaireachtaí seanbhunaithe na hortagrafaíochta Gaelaí is ea an fhoirm choinníollach bhriathartha sireach ‘shirfeadh’ (GMh hirragh). Bíodh is gur /x/ a chloistear san fhoirceann seo i nGaeilge Mhanann (agus i roinnt canúintí de chuid na hÉireann), baineann éagsúlacht mhór le réalú an fhoircinn seo sna teangacha Gaelacha i gcoitinne (go háirithe in Éirinn). Is dócha dá bhrí sin go mb’fhearr cloí leis an litriú seanbhunaithe le dh ar mhaithe leis an intuigtheacht idirGhaelach. Ó thaobh an litrithe riúmh ‘riamh’ de, fuaimniú de chuid Ghaeilge Dhéanach Mhanann le /uː/ atá ar intinn ag Kelly, ach tugann an litriú Manannach rieau le fios gur dócha go raibh défhoghar (nó trífhoghar fiú) san fhocal seo uair dá raibh, agus bheifí in ann an dá réalú a dhíorthú ón ngnáthlitriú Gaelach riamh.

Foirm aisteach is ea gamhaite ‘gafa’ (GMh goit): gabh- a mbeadh súil leis mar litriú ar an bhfréamh, agus i dtaobh an fhoircinn -aite, ní foláir nó gur tionchar na foirme –te de chuid Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban atá i gceist, cé gur -it le consan deiridh an ghnáthfhorbairt i nGaeilge Mhanann, mar atá ag Kelly in craduit, curuit. Tá eolas Kelly ar na teangacha eile, agus an baol a bhaineann leis, le feiceáil freisin san fhoirm chan ’eadh ‘chan ea, ní hea’, ach níl aon tásc ar an bhforainm neodrach stairiúil ea(dh) i nGaeilge Mhanann; é (nó í) atá le fáil in cha nee de réir cosúlachta (Lewin 2015a: 77).

Is díol spéise an úsáid a bhaineann Kelly as diaicriticí nuálacha le saintréithe Manannacha a léiriú, mar atá úsáid na déiréise (faoi anáil na Gearmáinise?) le cáilíocht an défhoghair in bhöi ‘ó, uaidh’ (GMh veih) a chur in iúl, agus an guta /ɛː/ arb é gnáthfhorbairt á (agus uaireanta ó) na Gaeilge Coitinne é in cräduit ‘cnáid-’, län ‘lán’, äis ‘aois’ (féach thuas), cé go ndéanfadh á le síneadh fada an chúis mar is rialta an fhorbairt /aː/ > /ɛː/. Is ábhar iontais  a bheith aige mar go mbíonn an guta sa bhriathar substainteach ta gearr de ghnáth i nGaeilge Mhanann (agus i nGaeilge na hAlban) ach amháin nuair a sheasann sé leis féin i bhfreagraí. Iarracht chun fadú tánaisteach (Broderick 1986: 122Lewin 2020: 397–398) a chur in iúl atá i gceist leis an ngraif ar fàda ‘fada’ (GMh foddey /ˈfodə/, /ˈf[oː]də/) de réir cosúlachta, ach mar gur próiseas roghnach athraitheach é seo nach léirítear sa ghnáthortagrafaíocht Mhanannach, is dócha nach bhfuil gá lena léiriú i ndáiríre. Níl gá ach an oiread leis an síneadh fada ar an défhoghar ía mar nach scríobhtar é i gcaighdeáin litrithe Nua-Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban agus níl aon chodarsnacht fhaid i gceist.

Brian Stowell

Rud beag níos déanaí, sna 1970idí, d’fhoilsigh an gníomhaí teanga Manannach mór le rá Brian Stowell (1936–2019) píosaí gearra faoi chúrsaí an lae sna tíortha Ceilteacha in Carn, iris ilteangach an Chonartha Cheiltigh. Sainchomhthéacs é seo ina mbeadh súil réalaíoch le lucht léitheoireachta díograiseach fiosrach pan-Cheilteach a ndéanfadh roinnt acu, ar a laghad, iarracht brí a bhaint as an ábhar a soláthraítí i nGaeilge Mhanann.

AN TEINE [teanga] BHREATNACH
Ta Cymdeithas yr Iaith (An tSeiseacht Bhreatnais) air ndeanu [iar ndéanamh] rudan iondasach [iongantach, iontach] son an teine dhughasach [dhúthchasach] sa Talu [Talamh] Bhreatnach. Teobh [taobh] muigh de’n Talu Bhreatnach fhin, ’s ioma duine ta fost smuineacht do bhel slaigh [s(h)luagh] na Seiseacht seo slan an [sic: as] na gciall. Er a’ fa nach bhel an chuid ’s mu do ’laigh [s(h)luagh] claistinn bheg [bheag] mo cheann an Cymdeithas ach truid an teilibhis is as na pabaran [páipéir] Sostnach [Sasanach], t’ad siltinn do menic nach bhel ach omaideas ra ghaodainn [GA ri fhaotainn (=le fáil)] bhaigh [uaidh, GA (bh)uaithe] ’n tSeiseacht seo.

An teanga Bhreatnach
Tá rudaí iontacha déanta ag Cymdeithas yr Iaith (Cumann na Breatnaise) don teanga dhúchais sa Bhreatain Bheag. Lasmuigh den Bhreatain Bheag féin, is iomaí duine fós a cheapann go bhfuil muintir an chumainn seo as a gciall. Toisc nach gcloiseann an chuid is mó de dhaoine tada faoin gCymdeithas ach tríd an teilifís agus ó na nuachtáin Shasanacha, is minic iad ag glacadh leis nach bhfuil le fáil ón gcumann seo ach amaideas.
(Mac Stoyll [Stowell] 1972, aistriúchán de chuid an údair seo)

Cúrsaí clódóireachta is cúis leis an easpa síntí fada sa téacs, is dócha, agus easpa diaicriticí i ngach ceann de na teangacha san eagrán seo. Seachas sin tá roinnt de na deacrachtaí nó na haincheisteanna céanna le feiceáil anseo is a bhí le sonrú i dtéacs Kelly. Ar an gcéad dul síos tá foirmeacha a thagann le fuaimniú Ghaeilge Mhanann ach a bheadh doiléir go leor, nó míthreorach amach is amach, don léitheoir Gaelach. Léiríonn teine an bealach is coitianta ina bhfuaimnítí an t‑ainmfhocal teanga (chengey) i nGaeilge Mhanann (*teinge > *teinne an fhorbairt de réir cosúlachta) (Rhŷs 1894: 136–137), ach thuigfeadh léitheoir Éireannach nó Albanach gur ‘tine’ (teine go stairiúil agus i nGaeilge na hAlban) atá i gceist, go háirithe agus gníomhaithe radacacha de chuid ghluaiseacht na Breatnaise á bplé! Níl talu agus deanu chomh deacair sin a thuiscint, ach is dócha nach bhfuil gá leis an sainlitriú, mar go bhfuil fuaimniú an fhoircinn -amh mar /u(ː)/ forleathan go leor in Éirinn agus in Albain.

Fágann Stowell an <a> sa litriú seanbhunaithe ar lár in bheg = (a) bheag ‘tada’ (GMh veg), agus is inchosanta an t‑athrú é seo ó thaobh an fhuaimnithe de, mar go bhfuil <ea> débhríoch, go háirithe i nGaeilge na hAlban (agus Mhanann), mar a bhfuil scoilt fhóinéimeach idir /e/ (an luach stairiúil) agus /a/ (luach nua a fhorbraíonn i roinnt mhaith focal). Ní bheadh luach an <g> míshoiléir, mar go bhféadfaí <ei> a scríobh i gcónaí roimh chonsan caol mar ba nós i ré na Luath-Ghaeilge. Arís, áfach, b’fhéidir gur athrú róradacach a bheadh ansin agus é ag teacht salach ar ghnáthchoinbhinsiúin litrithe na Nua-Ghaeilge i gcoitinne. Chomh maith leis sin, ní mar a chéile na canúintí (agus idioileictí) ó thaobh dháileadh na bhfocal idir an dá aicme de. Baineann buntáistí, chomh maith le míbhuntáistí, le débhríocht ortagrafaíochta má ligeann sí don chóras réimse níos leithne de leaganacha teanga a léiriú gan ortagrafaíocht shonrach a bheith ann do gach mionchanúint. Is é seo a mhíníonn, go pointe áirithe, roinnt den débhríocht san ortagrafaíocht Mhanannach féin, b’fhéidir (Lewin 2020: 70, 223–224).

Mar ab fhíor i gcás Kelly, easpa mioneolais ar an gcóras fóineolaíochta agus ar na forbairtí stairiúla atá taobh thiar de roinnt de na foirmeacha eile i dtraslitriú Stowell, rud atá sothuigthe go leor nuair a chuirtear castacht an ábhair agus laige na gcuntas scolártha san áireamh. Défhoghar [ə(ː)i] nó [e(ː)i] a bhí in sleih ‘daoine’ a bhfuil gaol aige le slua(gh), ach défhoghar eile [ai] a léireodh <aigh> Stowell (cf. lhie /lai/ = laigh(e) ‘luígh, luí’, side /said/ ‘saighead’). Is dócha gur léiriú é seo ar mheascadh na ndéfhoghar i nGaeilge Mhanann na hathbheochana; ba cheart ó dhearcadh na teanga dúchasaí go mbeadh sleih ní ba ghaire d’fhuaimniú an bhriathair Béarla slay, ach is minic a bhíonn sé ar aonfhuaim leis an aidiacht sly i gcaint na hathbheochana. Chun fuaimniú agus gaol teangeolaíoch an ainmfhocail seo a léiriú, b’fhéidir gurbh fhearr an litriú stairiúil sluagh a choinneáil, agus rialacha fuaim-litrithe ag sonrú go bhfuil réalú chun tosaigh ag baint leis an <ua> (mar is minice ná a mhalairt i nGaeilge Mhanann), agus gur mar /j/ a réalaítear an <gh>. Níl ceachtar de na réaluithe seo ar na fóinéimí stairiúla seo go hiomlán seasta i nGaeilge Mhanann, áfach, agus ní bheadh an fuaimniú follasach ar chor ar bith do Ghaeil eile gan cur amach speisialta a bheith acu ar an teanga. D’fhéadfaí rud éigin mar *slaoigh a roghnú mar litriú a thiocfadh ní b’fhearr leis an bhfuaimniú, ach ansin chaillfí an ceangal sanasaíochta agus an tsothuigtheacht. Is iomaí aincheist den chineál seo a bhaineann le hiarracht cheart ar bith chun Gaeilge Mhanann a scríobh i leagan den ortagrafaíocht Ghaelach.

Is teirce rianta an chórais litrithe Bhéarlabhunaithe sa sliocht seo ná mar atá sna samplaí eile a pléadh go dtí seo; b’fhéidir go mbaineann úsáid an <gh> in dhughasach (dú(th)chasach) leis an gcatagóir seo, murab ea gurb é claonadh Ghaeilge Mhanann pléascaigh agus cuimiltigh idir gutaí a ghlórú a léirítear anseo (Lewin 2020: 91, 96). In ainneoin gur nós le cainteoirí na hathbheochana (Lewin 2016: 51), de réir cosúlachta, agus le roinnt scoláirí araon (Thomson 1984: 314–315), stádas fóinéimeach a shamhlú leis na hathruithe consain seo, is dócha gur próiseas allafónach roghnach ab ea an feiniméan seo ag cainteoirí dúchais agus gurbh éard ab oiriúnaí a dhéanamh ó thaobh na fóineolaíochta de ná an glórú a fhágáil gan léiriú sa litriú. Thuigfí mar riail de chuid na fóineolaíochta gur mar [x] nó [ɣ] a d’fhéadfaí an cuimilteach san fhocal seo a réalú ach <ch> (<gh> san ortagrafaíocht Mhanannach) a bheith scríofa.

Comhthéacsanna acadúla agus oideolaíocha

I gcomhthéacs acadúil an Léinn Cheiltigh is gnách le scoláirí focail is abairtí i nGaeilge Mhanann a chur i láthair san ortagrafaíocht Mhanannach chaighdeánach, in éineacht le gluais a thugann na focail ghaolmhara i riocht na Nua-Ghaeilge Moiche, nó uaireanta sa tSean-Ghaeilge nó i dteangacha an lae inniu de réir mar is cuí. Fágtar eagráin de théacsanna iomlána in ortagrafaíocht chaighdeánach Ghaeilge Mhanann nó i litriú na lámhscríbhinne, le haistriúchán ach gan traslitriú, de ghnáth. Bhí iarracht nó dhó ann, áfach, chun Gaeilge Mhanann a léiriú sa chóras litrithe Gaelach i gcomhthéacs na scoláireachta len í a dhéanamh sothuigthe do lucht léitheoireachta nach mbeadh cur amach ar an ortagrafaíocht Mhanannach acu.

Tá iarrachtaí luatha déanta ag an scoláire agus an gníomhaí teanga Seosamh Laoide (1865–1939) sa treo seo, cé go bhfuil na leaganacha Gaelaithe atá aige de bhailéad Fhinn agus Oisín (Lloyd 1910) agus d’amhrán amháin eile (Laoide 1906) níos cosúla le haistriúcháin ródhlútha agus míniú tugtha ar fhocail agus ar nathanna áirithe a bheadh doiléir do léitheoir Éireannach. I ndiaidh críoch a bheith curtha cuid mhaith ar an alt seo, tarraingíodh aird an údair ar shraith shuntasach de thraslitrithe Gaelacha de théacsanna i nGaeilge Mhanann a foilsíodh san irisleabhar pan-Cheilteach Celtia, a bhí ag teacht amach faoi eagarthóireacht E. E. Fournier d’Albe (1868–1933) idir 1901 agus 1906. Ina measc tá scéalta béaloidis agus leagan de Phaidir an Tiarna bunaithe ar thaifeadtaí fuaime de chainteoirí dúchais (Fournier d’Albe 1901). Níl spás anseo na píosaí seo ná saothar an Laoidigh a phlé, ach tá súil ag an údar pilleadh orthu amach anseo.

R.A. Breatnach (1993)

Tá bailiúchán cuimsitheach de sheanfhocail agus d’abairtí as foclóir Cregeen (1835) (Wheeler 2015; 2019) curtha in eagar ag Breatnach (1993) le bunlitriú Cregeen agus traslitriú Gaelach le hais a chéile, ach gan aon aistriúchán, cé go bhfuil an t‑alt i mBéarla. Míníonn nótaí deiridh focail agus bríonna nach bhfuil follasach agus roinnt tréithe teangeolaíocha. De réir an Bhreatnaigh (1993: 2) is éard atá i gceist aige ná ‘a transliteration of the wording in Early Modern Irish spelling’ a chur ar fáil, ach go ndéantar iarracht ‘as far as practicable, to leave intact, all special Manx features, phonetic, morphological … and syntactical’. An sprioc atá aige ná Gaeilge Mhanann a léiriú ‘in its proper orthographic perspective’ seachas sa chóras Béarlabhunaithe atá ‘wholly inappropriate’, dar leis an mBreatnach. Tá rogha de na seanfhocail i dtraslitriú an Bhreatnaigh curtha i láthair thíos chun blas ar an ábhar a thabhairt don léitheoir:

  • (1) Caghlaa obbyr aash.
    Claochládh [GA caochladh] obair áis.
  • (2) Boayl nagh vel aggle cha vel grayse.
    Ball nach bhel eagla [GA eagal] cha bhel grás.
  • (3) Ta’n aghaue veg shuyr da’n aghaue vooar.
    Ta’n achabha bheg siúr don achabha mhór [GMh mooar = muar].
  • (4) Airh wuigh as palchey j’ee.
    Ár [ó(i)r] bhuidhe is pailte de [di].
  • (5) Cha row rieau cooid arrit mie.
    Cha rabha riamh cuid atharrait [GMh arrit = foráil + -te] maith.
  • (11) Cha vel eh laccal gerjagh ta goaill soylley jeh aigney booiagh (al. bwooiagh).
    Cha bhel e lacáil [GMh laccal /ˈlakal/] geirdeach [gairdeach] ’ta ’gabhail solaidh [soladh] de aigne buidheach.
  • (17) Ta aile meeley jannoo bry millish.
    Ta ail [aingeal ‘tine’] míolla ’deanamh braich milis.
  • (55) Ta airh er cushagyn ayns shen.
    Ta ár [ór] er [air] cuiseágan [GA cuiseagan] annsin.
    (Breatnach 1993)

aistriúcháin i ndiaidh Wheeler 2019:

1. Change of work is rest. 2. Where there’s no fear, there’s no grace. 3. The little hemlock is a sister to the big hemlock, ‘as much as to say, “A small evil or sin is sister to a great one.”’ (Cregeen 1835 s.v. aghaue). 4. Yellow gold and plenty of it. 5. Offered goods were never good. 11. He lacks not comfort who enjoys a contented mind. 17. A slow fire makes sweet malt. 55. There is gold on cushags [ragwort] there.

Tá teannas éigin le feiceáil sna sleachta seo idir traslitriú agus aistriú: tá na foirmeacha de chuid Ghaeilge na hÉireann claochládh agus eagla ag an mBreatnach, cuir i gcás, ach caochládh agus eagal is fearr a léireodh na foirmeacha caghlaa /kaˈxlɛː/ agus aggle /ˈagəl/ i nGaeilge Mhanann (cf. GA caochladh, eagal). Seans gur dearmad neamhbheartaithe atá i gceist sna samplaí seo, mar is léir óna chuid nótaí (Breatnach 1993: 23) gur thuig sé cé na foirmeacha foghrúla a bhí i gceist i nGaeilge Mhanann. Ar nós Frank Kelly agus Brian Stowell, bíonn <e> ag an mBreatnach in áit <ea> nuair is /e/ seachas /a/ a léirítear (bheg = bheag); féach an plé thuas faoi bhuntáistí agus míbhuntáistí an chleachtais seo. Baineann sé úsáid as <e(i)> in áit <a(i)> freisin nuair is a gearr stairiúil atá i gceist, rogha níos trioblóidí sa mhéid is go dtagann sé salach ar an riail litrithe caol is leathan maidir le cáilíocht an chonsain roimhe, m.sh. in cec ‘cac’, glen ‘glan’, geirdeach ‘compord’ (=gairdeach). Tá er chomh maith le eir ag an mBreatnach mar litriú ar an réamhfhocal er ‘ar, air’, athrú gan ghá ar an ngnáthlitriú Gaelach, b’fhéidir, ós rud é go bhfuil fuaimniú ar nós /erʲ/ coitianta ar fud chanúintí na Nua-Ghaeilge.

Léiríonn an Breatnach an t‑athrú guta /oː/ > /ɛː/ in ár ‘ór’ — litriú a d’fhéadfadh a bheith débhríoch ar ndóigh mar gheall ar an ainmfhocal ár ‘coscairt’, cé nach ann don fhocal seo i nGaeilge Mhanann. Ní aithníonn sé, áfach, go bhfuil an chuma ar an scéal gur r caol a bhí ann (Rhŷs 1894: 150Lewin 2020: 266), agus mar sin gur *áir ab oiriúnaí mar litriú. Is dócha go bhfuil luach seo an chonsain le ceangal le baininscne an ainmfhocail i nGaeilge Mhanann má caitheadh leis mar fhoirm thabharthach chaol. Pléann an Breatnach inscne an ainmfhocail sna nótaí agus tá an aidiacht bhuidhe séimhithe aige mar atá sa leagan bunúsach, ach ní thugann sé faoi deara gurb é an forainm réamhfhoclach j’ee ‘di’ seachas jeh ‘de’ a thagraíonn siar dó. Is dócha gur léamh earráideach atá ag an mBreatnach ar arrit ‘offered’, agus gur earáilforáil agus ní athrú an focal gaolmhar anseo. De réir na nótaí, tuigeann sé an chiall agus an bunús a bhaineann le aile ‘tine’ ach is míshásúil an traslitriú ail atá aige air, mar ní thagann sé le fuaimniú an fhocail (.i. défhoghar srónach /ãi/ seachas /a/ nó /e/ gearr), agus ní cúnamh ar bith é don léitheoir Gaelach ar mian leis an focal a aithint agus a thuiscint (féach an plé ar an gceist seo i dtaobh Vallancey thuas).

Déanann an Breatnach (1993: 2–3) cinneadh follasach an síneadh fada a choinneáil ar fhoircinn neamhaiceanta ina bhfuil guta gearr sioncrónach i nGaeilge Mhanann, mar atá cuiseáganlacáil. B’fhéidir nach rogha inmholta é sin ós rud é go bhfuil leaganacha aiceanta le guta fada de na foircinn seo le fáil freisin i roinnt focal (m.sh. faasaag ‘féasóg’, sauail ‘sábháil’). Struchtúr prosóideach an chéad siolla, den chuid is mó, a chinneann cé acu an foirceann aiceanta nó a mhacasamhail neamhaiceanta atá le fáil i bhfocail áirithe, cé nach bhfuil seo iomlán seasta (Lewin 2020: 362–363). Ní fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir an dá leagan i gcóras an Bhreatnaigh: is dócha gurbh fhearr mar sin an síneadh fada a fhágáil ar lár i gcás an leagain neamhaiceanta, m.sh. cuiseag. Sin é an réiteach atá ar an scéal i nGaeilge na hAlban, cé go bhfágann sé débhríocht éigin le péirí atá ar aon litriú, ach ní ar aon fhuaimniú lena chéile, mar casan /ˈkasən/ ‘cosa’, casan /ˈkasan/ ‘cosán’, cuir i gcás. Déantar idirdhealú idir an dá fhocal sa chóras Manannach toisc sainlitriú le haghaidh schwa <y> a bheith sa chóras sin: cassyn ‘cosa’, cassan ‘cosán’.

Clabhsúr

Chonaiceamar sna samplaí a pléadh tríd an alt seo roinnt de na deacrachtaí dosheachanta a bhí agus a bheadh i gceist le haon iarracht an córas litrithe Gaelach a chur in oiriúint do Ghaeilge Mhanann. Is minic a chonacthas teannas idir litriú a bheadh ag teacht níos dlúithe le fuaimniú agus foirm na bhfocal Manannach, agus brú a bheith ann cloí le nósmhaireachtaí so-aitheanta na gcaighdeán ortagrafaíochta atá in úsáid in Éirinn agus in Albain. Níl réiteach simplí le fáil ar roinnt de na haincheisteanna seo, agus bhraithfeadh an cinneadh a dhéanfaí i gcásanna áirithe ar an tábhacht a bhainfeadh, dar le lucht cumtha an chórais, le cumarsáid, nó ar a laghad tuiscint fhulangach, a bheith indéanta idir na teangacha Gaelacha, nó le dílseacht d’fhuaimniú agus do shainfhorbairtí Ghaeilge Mhanann.

I gcomhthéacs phobal na hathbheochana sa lá inniu, níl an chuma ar an scéal go nglacfadh cainteoirí ná institiúidí Ghaeilge Mhanann le córas litrithe nua go deo chun úsáide ginearálta, cé go ndúirt mionlach nach beag (10 amach as 34) de na cainteoirí líofa lenar labhair Ó hIfearnáin (2015: 116) gur mhaith leo sin a dhéanamh i bprionsabal. Is géarchúiseach an trácht a bhí ag duine de na rannpháirtithe i dtaighde seo an Ifearnánaigh agus buntáistí agus míbhuntáistí na ceiste á gcur sa mheá acu:

It [Manx orthography] has many drawbacks, but switching to a Gaelic orthography would be extremely problematic and ahistorical (believe me I’ve tried and ended up concocting a system where two thirds of the letters were silent). Manx orthography also has some advantages and is not as hard as people think. It should be kept, maybe reformed slightly. (cainteoir líofa i gceistneoir 2013/4, in Ó hIfearnáin 2015: 116)

Aithnítear den chuid is mó, de réir dealraimh, go mbeadh na costais ró-ard ó thaobh na praiticiúlachta de. Tá imní ann chomh maith faoi na hargóintí agus na deighiltí a thiocfadh chun cinn sa phobal, gan trácht ar na castachtaí teangeolaíochta a bhainfeadh le próiseas cruthaithe na hortagrafaíochta féin. Ó thaobh an phan-Ghaelachais theanga i gcoitinne de, ‘madra nár éirigh leis a bheith ag seilg’ ab ea é de réir McLeod (2008) agus Gaeilge na hÉireann agus na hAlban á bplé aige. Má theip ar Ghaeil sna tíortha sin céimeanna substainteacha a bhaint amach ó thaobh a dteangacha a thabhairt faoi chaighdeán coiteann, cé go bhfuil an córas céanna litrithe a bheag nó a mhór in úsáid acu, agus caighdeán liteartha coiteann acu anuas go dtí an seachtú haois déag, níor chóir dúinn a bheith ag súil lena mhalairt ó Mhanannaigh, agus na háiseanna sin in easnamh orthu. Cé go bhfuil fianaise againn go bhfuil meon pan-Ghaelach forleathan i measc lucht athbheochana Ghaeilge Mhanann má chuirtear ceist fhollasach orthu faoi (Ó hIfearnáin 2007; 2015), is dócha nach n‑imríonn sé ról chomh mór sin go praiticiúil agus iad ag úsáid na teanga ar bhonn laethúil.

Ina dhiaidh sin is uile, tá chuile sheans ann go bhfeicfear úsáid theoranta á baint as leaganacha den chóras litrithe Gaelach le Gaeilge Mhanann a léiriú amach anseo i sainchomhthéacsanna den chineál a cíoradh thuas, go háirithe i bhfoilseacháin nó in ócáidí pan-Ghaelacha nó pan-Cheilteacha, agus sa léann nuair is gá téacs i nGaeilge Mhanann a chur faoi bhráid lucht léitheoireachta Gaelach. Rinneadh iarracht le déanaí traslitriú san ortagrafaíocht Ghaelach a chur ar fáil do rannpháirtithe i sraith seimineár de chuid Roinn na Breatnaise agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Aberystwyth, faoi sheanmóirí lámhscríofa i nGaeilge Mhanann ón ochtú haois déag (Lewin agus Ó Muircheartaigh 2021) — áis a bhí rathúil go leor ón aiseolas a tugadh don lucht eagraithe. B’fhiú go mór é leabhar léitheoireachta a bheith ar fáil a bheadh dírithe ar mhic léinn agus ar scoláirí ollscoile ina mbeadh rogha de shleachta as príomhthéacsanna Ghaeilge Mhanann agus iad curtha i láthair sa ghnáthlitriú Manannach, i dtraslitriú Gaelach agus le haistriúcháin Béarla nó Gaeilge.

Maidir le háiseanna foghlama taobh amuigh den réimse acadúil, níor mhiste ó dhearcadh phobal na hathbheochana, b’fhéidir, dá mbeadh slí ní b’fhusa isteach i saol na teanga do Ghaeil eile trí mheán téacsleabhar a bhainfeadh úsáid as traslitriú Gaelach. Cé gur dócha nach mbeidh sé mar thosaíocht ag lucht pleanála teanga Mhanann Gaeil eile a mhealladh chun an oileáin agus chun na teanga agus acmhainní saincheaptha a chur ar fáil dóibh, is fíor a rá i bpobal beag go bhféadfadh duine nó beirt, fiú, ó chúlra Gaelach difear suntasach a dhéanamh ó thaobh earcú múinteoirí don bhunscoil tumoideachais in Oileán Mhanann (Clague 2009), mar shampla. Is dócha go mbeadh sé níos éasca dá leithéidí líofacht a bhaint amach go tapa ná mar atá do dhaoine ó chúlra aonteangach Béarla. Tá iarracht den chineál seo déanta i mblag de chuid an iriseora Ciarán Dúnbarrach (2020), agus roinnt de cheachtanna Conversational Manx le John Gell (1989) aistrithe aige go Gaeilge na hÉireann mar aon le traslitriú agus nótaí mínithe. B’fhéidir gur ar mhaithe le siamsaíocht nó fiosracht phearsanta is mó a dhéanfar iarrachtaí neamhfhoirmiúla, príobháideacha le Gaeilge Mhanann a scríobh i litriú Gaelach, áfach: bhain tábhacht nár bheag le turgnaimh den chineál sin agus údar an ailt seo i mbun staidéir ar na teangacha Gaelacha, cuir i gcás.

Giorrúcháin

GA: Gaeilge na hAlban
GMh: Gaeilge Mhanann
iol.: iolra

Nóta buíochais

Tá mé buíoch de gach duine a léigh dréachtaí den pháipéar seo agus a thug aiseolas úsáideach dom ó thaobh ábhair nó stíle de. Tá mé go háirithe faoi chomaoin ag na daoine a tharraing m’aird ar roinnt de na téacsanna ar a ndéantar plé thuas: an Dr Peadar Ó Muircheartaigh, an tOllamh Max W. Wheeler, Ciarán Dúnbarrach, Robert Corteen Carswell, agus piarmheastóir anaithnid.