Is saintréith de chuid scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain í an idirthéacsúlacht. I dtaca le Cré na Cille (1949) is mó a shamhlaítear í, b’fhéidir, ach ní d’aon iarraidh a tháinig an teicníc chun cinn i saothar an Chadhnaigh. Tá a chuid gearrscéalta agus scríbhinní neamhfhicsin lán le tagairtí idirthéacsúla freisin, idir amhráin, fhilíocht, scéalta ón mbéaloideas, imeachtaí stairiúla agus a leithéid.
Is éard a chuirim romham san alt seo ná athléamh idirthéacsúil a dhéanamh ar ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ ón gcéad chnuasach gearrscéalta leis, Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939 [2007], ISD feasta), chun teacht ar fhéidearthachtaí léirmhínithe nua don scéal agus do shaothar an Chadhnaigh trí chéile. Tá gá leis seo mar ní móide go dtuigfeadh léitheoirí an lae inniu roinnt de na tagairtí atá sa scéal de bharr na n-athruithe móra atá tagtha ar an gcultúr agus ar nósanna léitheoireachta, agus i bhfianaise an athbhreithnithe ar luathscéalta an Chadhnaigh atá ar siúl le blianta beaga anuas (Ó Cadhla 2008; Ó Broin 2012).
Ina leabhar Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain (2023) léiríonn Radvan Markus mar a bhain an Cadhnach leas as cuimse as tagairtí idirthéacsúla chun cruinne chiclipéideach an úrscéil a shaibhriú. Cuireann Markus ‘an íoróin idirthéacsúil’, coincheap de chuid Umberto Eco (2004), i bhfeidhm ina anailís chun ‘sainról na hidirthéacsúlachta’ (Markus 2023: 127) in Cré na Cille a mhíniú:
Déanann Eco idirdhealú idir léitheoirí ‘chéad leibhéil’ agus léitheoirí ‘dara leibhéil’. Is léitheoir ‘séimeantach’ an léitheoir chéad leibhéil, a dhíríonn ar an bplota, ar ‘cad a tharlaíonn’ (Markus 2023: 126).
Is éard atá i gceist leis an ‘íoróin idirthéacsúil’ ná tagairtí ‘nach gcuireann isteach, mórán, ar léamh an téacs ar an gcéad leibhéal, ach a mhéadaíonn pléisiúr an léitheora dara leibhéal’ (Markus 2023: 127; Eco 2004: 228). D’fhéadfadh léitheoirí chéad leibhéil sult a bhaint as an téacs, agus tuiscint bhunúsach a fháil, gan na tagairtí idirthéacsúla a bheith ar eolas acu. Tá an léitheoir dara leibhéil fiosrach, áfach, agus faigheann siad pléisiúr as an téacs a léamh ‘ar bhealach úr’ trí thagairtí difriúla a nascadh le chéile (Markus 2023: 133; Eco 2004: 234). Mar a phléann Markus, bhí tuiscint Uí Chadhain ar an idirthéacsúlacht an-chosúil le tuiscint Eco. D’fhéach Ó Cadhain ar phobal na Gaeilge ‘mar ghrúpa eolach díograiseach a bhfuil tuiscint acu ar dhea-litríocht’, agus d’áitigh sé go bhfuil an idirthéacsúlacht ‘mar chuid sheasmhach de thraidisiún liteartha na Gaeilge’ (Markus 2023: 22, 127). Is cinnte go raibh an Cadhnach ag súil leis go n-aithneodh roinnt mhaith dá chuid léitheoirí na tagairtí a rinne sé ina shaothar, agus go mbeadh a dtuiscint níos saibhre dá bharr.
Má ghlactar leis i measc criticeoirí gur saibhride saothar déanach an Chadhnaigh an fhlúirse idirthéacsúlachta, níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí maidir le Idir Shúgradh agus Dáiríre. D’áirítí an cnuasach mar shaothar simplí neamhaibí, atá faoi ró-anáil an bhéaloidis agus nach dtugann leid faoin bhforbairt a thiocfadh ar an gCadhnach mar scríbhneoir níos déanaí (Denvir 1987: 76–77; Costigan agus Ó Curraoin 1987: 69; de Paor 1991: 139; Ó Béarra 2007: 119–121). Tá an tuiscint sin á ceistiú le déanaí, áfach. Déanann Ó Cadhla (2008) staidéar ar mhodh reacaireachta an scéil ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’, á lonnú i ndioscúrsa béaloideasúil na linne, agus áitíonn ar son léamh níos caolchúisí ar thuairimí i leith an bhéaloidis a léirítear sa scéal. Tugann Ó Broin aghaidh ar theicníocht liteartha an chnuasaigh, ag maíomh go bhféadfaí na scéalta a léamh ‘ar roinnt leibhéal, agus is léir go raibh sé ar intinn ag Ó Cadhain leibhéil éagsúla a bheith iontu’ (2012: 127). Féachann sé le ‘measúnú de réir a luach’ (2012: 118) a dhéanamh ar na scéalta a ligtear i ndearmad go minic, ‘Fóide’ san áireamh.
Is éard atá in ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ ná scéal Shean-Pheaits, duine de sheanfhondúirí ‘Bhaile Eanaigh’ ar Achréidh na Gaillimhe. Bhíodh cáil air mar amhránaí, mar scéalaí, agus mar sheanchaí, go dtí go bhfuair cultúr an Bhéarla an lámh in uachtar ar shaol traidisiúnta na Gaeilge sa gceantar sa dara leath den naoú haois déag. Athrú saoil é seo nach raibh Sean-Pheaits in ann a bharraíocht, agus éiríonn sé ‘doscúch doicheallach [agus] dúnárasach le cách’ (ISD: 110). Roinntear an insint ina dá chuid. Cur síos ar an athrú saoil i lár an chéid sin atá sa chéad chuid; sa dara cuid atá suite in aimsir na hAthbheochana, aimsíonn Dubhghlas de hÍde, ‘An Craoibhín Aoibhinn’, Sean-Pheaits agus tógann go Baile Átha Cliath é, áit a mbuann sé comórtas amhránaíochta an Oireachtais. Críochnaíonn an scéal ansin le bás Shean-Pheaits ar fhilleadh abhaile dó. Ba é an gnáthléamh go bhfuil ‘teachtaireacht an scéil an-soiléir, mar atá, creidheall an tseansaoil trí shúile duine dá chuid seanridirí’ (Denvir 1987: 77). Tá an ceart ag Ó Cadhla agus ag Ó Broin go bhfuil níos mó i gceist; mar sin féin, tá tagairtí idirthéacsúla ann nach mór a iniúchadh fós chun leibhéil bhrí nua a nochtadh.
San alt seo, déanfar mionanailís ar shamplaí ar leith den idirthéacsúlacht in ‘Fóide’, ag baint leas as teoiric na híoróine idirthéacsúla agus ag cur spéis ar leith i dtagairtí don cheol agus don amhránaíocht. Ar dtús, déanfar athbhreithniú ar an gcomparáid idir ‘Fóide’ agus ‘Bríd na nAmhrán’ le Pádraig Mac Piarais (Denvir 1987: 76). Ach mionanailís chomparáideach a dhéanamh ar an gcaoi a dtagraíonn an bheirt údar don amhránaíocht thraidisiúnta, léireofar go bhfreagraíonn ‘Fóide’ do ‘Bhríd na nAmhrán’ ar bhealach níos caolchúisí ná mar a ceapadh. Lena chois sin, nochtfar tagairt idirthéacsúil nár aithníodh roimhe seo, a chuirfidh féidearthachtaí nua ar fáil don léitheoir fiosrach. Trí naisc a rianú idir scéalta eile agus léachtaí de chuid an Chadhnaigh, léireofar gur lúb thábhachtach sa slabhra é ‘Fóide’ a thugann léargas dúinn ar mheon an scríbhneora i leith staid na Gaeilge lena linn, agus ar a mhodhanna oibre idirthéacsúla. Mar a deir Eco, ‘[i]ntertextual irony calls together the happy few—except that the more there are of these happy few, the happier they will be’ (2004: 228). Sin é is aidhm don anailís seo.
‘Fóide’ agus ‘Bríd na nAmhrán’
Ina staidéar ceannródaíoch ar shaothar Uí Chadhain, lonnaíonn Denvir ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ i gcomhthéacs na coimhlinte idir an sean agus an nua, ach déanann sé beag is fiú de fhiúntas liteartha an scéil: ‘ní mór a admháil gur scéal thar a bheith simplí à la Pádraig Mac Piarais nó Máire atá ann’ (1987: 76). Go sonrach, deir Denvir go ndearna ‘an seanridire [Sean-Pheaits] an gaisce céanna le Bríd na nAmhrán agus thug leis an chraobh’ (1987: 76). Ar an gcéad spléachadh, is furasta na cosúlachtaí a aithint idir Sean-Pheaits agus Bríd na nAmhrán: go ndearnadh neamhaird orthu ina róil mar iompróirí cultúir, go ndeachadar chun an Oireachtais i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuaireadar bás go caithréimeach tar éis dóibh an bua a fháil sa gcomórtas. Tá difríochtaí tábhachtacha eatarthu, áfach, a léiríonn an cur chuige éagsúil a bhí ag na húdair.
Léiríonn na hamhráin a shamhlaítear leis na carachtair gur mór idir Sean-Pheaits agus Bríd mar amhránaithe. Aithnítear go roghnaíonn amhránaithe amhráin a mbaineann an chruinneshamhail a nochtar iontu lena bpeirspictíochtaí féin ar an saol (Ó Laoire 2011: 27). Cruinneshamhail dhearfach, mholtach atá le sonrú sna hamhráin a chuireann an Piarsach i mbéal Bhríd na nAmhrán. Deirtear ‘gurb ón Reachtúrach féin d’fhoghlaim Bríd “Contae Mhaigh Eo”’ agus gur ‘bhain sí na deora móra as súile Sheáin Mhic Éil’ leis an amhrán céanna (Mac Piarais agus Ó Háinle 1999: 116). Is dócha gurb é an t-amhrán de chuid Raiftearaí (1779–1835) a thosaíonn ‘Anois teacht an Earraigh’, agus a dtugtar ‘Cill Liadáin’ air uaireanta, atá i gceist le ‘Contae Mhaigh Eo’ (Ó Laoire 2022: 307). Gan ach sampla beag a thabhairt ón amhrán den chruinneshamhail dhearfach atá lán d’íomhánna den fhás agus den uaisleacht:
Cill Liadáin an baile a bhfásann gach ní ann,
tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
’s dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine,
d’imeodh an aois díom agus bheinn arís óg.
Bíonn cruithneacht is coirce, fás eorna agus lín ann,
seagal i gcraobh ann, arán plúir agus feoil,
lucht déanta poitín gan license á dhíol ann,
móruaisle na tíre ann ag imirt is ag ól
Is ionann an liosta fada áiteanna agus táirgí atá luaite san amhrán agus ‘liodán dóchais’ an fhile (Mac Dhonnagáin 1993; Ó Laoire 2003: 55). Is amhlaidh gurb é an dóchas an mothúchán is láidre a léirítear i scéal an Phiarsaigh.
Tá dearcadh i bhfad níos diúltaí le fáil i scéal an Chadhnaigh. Luaitear fathaigh na filíochta Gaeilge le Sean-Pheaits freisin – Raiftearaí san áireamh – ach tá díomá le brath sa gcaoi a smaoineann Peaits siar orthu:
Eisean a d’fhoghlaim “Iorras Fhlannáin” ó bhéal an tSuibhnigh féin, leathchéad bliain ó shin ag pátrún i gConamara! Eisean a bhí sa teach ósta úd in íochtar an Chontae, an lá a ndearna Raiftearaí “Máirín Stanton”, ar gheall cárta dó a chur le bean an leanna! É féin a bhí in ann lúibín a chumadh nó ceathrú amhráin a chur i dtoll a chéile nuair a bhuaileadh an spadhar é sa seansaol groí úd, tráth a raibh daoine fial carthanach, agus a bhfaigheadh duine óstachas lá go n-oíche as ucht scéal nó amhrán nua a thabhairt go ruta tíre … (ISD: 111)
Amhrán molta eile le Raiftearaí atá in ‘Máirín Stanton’, ach má tá cruinneshamhail Pheaits le sonrú i gceachtar den dá amhrán atá luaite sa sliocht thuas, is in ‘Iorras Fhlannáin’ le Micheál Mac Suibhne (c. 1780–c. 1820) atá sé. Cumadh an t-amhrán sin sa tréimhse arbh é an gnáthnós lóistín a sholáthar don fhile taistil, agus mura ndéanfaí é sin, go gcumfadh an file aoir faoin dream a dhiúltaigh dó. Cur síos atá in ‘Iorras Fhlannáin’ (nó ‘Eascaine Mhic Shuibhne’) ar na deacrachtaí a bhí ag an Suibhneach lóistín a fháil sa gceantar sin. Cuireann sé mallacht ar mhuintir na háite as an easpa fáilte a chuireadar roimhe:
Iorras Bheag agus Iorras Mhór,
Agus Iorras Chlann Domhnaill ó thuaidh—
In Iorras Fhlannáin nach raibh cóir,
Mo chreach agus mo ghráin, atá mé anocht.
Anocht féin agus arís go bráth,
Nár ba fearr a bhéas a sleacht,
Dream codaranta na mailí gruaim,
Is olc a snua agus ní maith a ndreach (Ó Máille et al. 1991: 59).
Is fiú cuimhneamh go ndeirtear gur chum Raiftearaí ‘Contae Mhaigh Eo’ mar chuid de chomórtas fileata le file eile (Ó Laoire 2003: 54). Téann comhthéacs an chomórtais fhileata, a bhfuil reitric an mholta agus an cháinte mar bhonn faoi, i bhfeidhm ar láithriú agus ar léirmhíniú an amhráin (Ó Laoire 2003: 44, 55). Is féidir breathnú ar ‘Contae Mhaigh Eo’ agus ‘Iorras Fhlannáin’ sna gearrscéalta atá faoi chaibidil mar léiriú ar an reitric seo, sa méid is go siombalaíonn siad cruinneshamhlacha contrártha na gcarachtar. Amhrán molta é ‘Contae Mhaigh Eo’ agus is é an moladh atá le sonrú go soiléir i gcarachtracht Bhríde; amhrán cáinte atá in ‘Iorras Fhlannáin’ agus is duine cantalach é Sean-Pheaits. Ag leibhéal eile idirthéacsúlachta, freagraíonn na scéalta féin dá chéile chomh maith: is geall le hamhrán molta é ‘Bríd na nAmhrán’, agus is geall le hamhrán cáinte é ‘Fóide’.
Léiriú eile ar mheoin chontrártha na beirte ná go gcuirtear síos ar thaibhléiriú na n-amhrán ar bhealaí difriúla sa dá scéal, a gcuireann comhthéacs an chomórtais go mór leis. Áitíonn Ó Laoire gur geall le ‘tuairisc ó mholtóir é’ an cur síos grinn ar thaibhléiriú Bhríde sa dá chomórtas a tharlaíonn sa scéal (2022: 314). Is díol suime é seo, mar go mbíonn ar mholtóirí comórtais critéir níos oibiachtúla a úsáid ina gcuid breithiúnas, agus dírítear ar scil theicniúil an amhránaí níos mó ná mar a dhéanfadh lucht éisteachta sa bpobal. Athraíonn cúinsí an chomórtais an ceangal idir an t-amhránaí agus an lucht éisteachta. Braitear communitas ar bhealach difriúil, agus ní chun a fheabhais i gcónaí (Larson Sky 1997: 164; Mac Diarmada 2011: 150; Ó Laoire 2022: 315).
Ach is ar mhaithe le bá an léitheora a chothú, seachas údar a thabhairt le duais a bhronnadh, a dhéanann an Piarsach an cur síos grinn ar Bhríd i mbun amhránaíochta. Luaitear idir a cuid laigí agus buanna mar amhránaí, rud a thaispeánann ‘an ceangal mothálach, beo sin aici don dúchas’ (Ó Laoire 2022: 314). Gné thábhachtach de seo is ea an bhéim a chuirtear ar rannpháirtíocht an lucht éisteachta. Tá ról lárnach ag an lucht éisteachta i dtaibhléiriú rathúil a chinntiú tríd an amhránaí a spreagadh agus a ghríosú chun feabhais (Ó Canainn 1978; Glassie 1982; Ó Laoire 2002). Sa gcéad chomórtas a nglacann Bríd páirt ann, tá ‘beagán cúthaileachta uirthi ar dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici’ nuair a thosaíonn sí ag canadh. Ach ‘[tagann] sí chuici féin i leaba a chéile’ go dtí go mbaineann sí ‘deora as súile an chomhluadair leis an gceathrú dheiridh’ (Mac Piarais agus Ó Hainle 1999: 118). Tarlaíonn an rud céanna sa dara comórtas ag an Oireachtas, nuair a impíonn an slua uirthi ‘ceann eile a rá’ tar éis di ‘Contae Mhaigh Eo’ a chasadh (Mac Piarais agus Ó Hainle 1999: 120). Is suntasach go dtugtar ‘comhluadar’ ar an lucht éisteachta: tá oibiachtúlacht an chomórtais caite i dtraipisí, agus an lucht éisteachta agus na moltóirí araon go hiomlán faoi dhraíocht ag ceangal mothálach Bhríde.
Ní hionann é seo agus taibhléiriú Shean-Pheaits. Cé go ngnóthaíonn sé ‘Craobh na hÉireann’ ag an Oireachtas, níl aon chur síos ann ar Pheaits i mbun amhránaíochta, ná ní luaitear cáilíocht mhothúchánach ar bith leis. Is i bhfad ó chomhluadar atá na téarmaí oibiachtúla trína ndéantar é a mheas: ‘Ba é ba chruinne scéal agus laoi, ba dheisbhéalaí rann, agus ab údarásaí i gceithre ranna na Fódla’ (ISD: 113). Coinnítear é i mBaile Átha Cliath tar éis an chomórtais ‘le “dias díolama” a chnuasach uaidh’ (ISD: 114). Rogha focal é seo a bhfuil nóta láidir íoróine ag baint leis (Ó Cadhla 2008: 45), agus a chuireann in iúl go ndearna an próiseas taifeadta a stór amhrán agus scéalta a chalcadh ina rudaí neamhbheo.
An lár agus an t-imeall
Is fiú tarraingt ar theoiricí ó léann an iarchoilíneachais chun na codarsnachtaí idir Bríd agus Sean-Pheaits a spíonadh amach a thuilleadh. Tuigtear do chriticeoirí go gcothaíonn an coilíneachas idé-eolaíochtaí atá dénártha agus díobhálach, agus go gcuireann léamha iarchoilíneacha ar an litríocht spéis sna deighiltí bréagacha sin a cheistiú (Ochoa 1996: 221; Ní Ghairbhí 2009: 168). Ar na hidé-eolaíochtaí is leanúnaí, agus is casta, tá an t-ordlathas idir an ‘lár’ agus an ‘t-imeall’, agus an stádas éagothrom a bhíonn eatarthu (Hauthal agus Toivanen 2021). Sa dioscúrsa iarchoilíneach in Éirinn, tuigtear de ghnáth gurb ionann an ardchathair agus lár na cumhachta; is ionann ceantair tuaithe an iarthair agus an t-imeall. Áiríonn Leerssen é seo ar cheann de na coincheapa is mó tionchair i litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus le linn na hAthbheochana (1996: 226). Baineann gné theangeolaíoch leis, agus féachann scríbhneoirí Gaeilge le hurlabhra a thabhairt dá gcultúr mionlaithe ina saothar cruthaitheach (Nic Eoin 2005: 44; Ní Ghairbhí 2009: 168).
Pléann Ní Ghairbhí mar a úsáideann an Piarsach modhanna reacaireachta, ar nós an réalachais dhraíochtúil, nach mbraitheann ar ‘mhúnlaí réadúla insintí an láir […] chun malairt gutha a chur ar fáil do dhaoine nó do thuairimí imeallaithe’ (2009: 177). In ‘Bríd na nAmhrán’, baineann an Piarsach leas as an modh méaldrámata. Ós rud é go bhfuil an méaldráma bunaithe ar choimhlintí dénártha, nó Mainicéasaíocha [Manichaean], is modh insinte éifeachtach é chun próisis an imeallaithe, an tsrathaithe shóisialta, agus an choilínithe a chíoradh (Kelleter agus Mayer 2007: 9; Majithia 2015: 5; Herr 1991; Phelan 2018).
Is íochtarán í Bríd atá imeallaithe ag an gcóras coilíneach: seanbhean bhocht de chuid na Gaeltachta, ar iompróir í de chuid an chultúir a ndearna na coilínigh iarracht leanúnach a scriosadh. Braitheann an insint mhéaldrámata ar an íospartach ‘gaining recognition and attaining a voice through suffering made visible and public […] through the spectacle of righteousness wronged’ (Elsaesser 2016: 35–36). Más rud é go bhfuil srianta ag baint le ról an íospartaigh, tá cumhacht ag baint leis freisin, ‘namely that of filling the slot of “authenticity,” righteousness and subjective truth – but only on condition of consenting to being a victim’ (Elsaesser 2016: 36). Glacann Bríd leis an ról sin, agus is ar stáitse an Oireachtais a thugtar urlabhra di go poiblí.
Ag an gcéad chomórtas amhránaíochta, ní thugtar an phríomhdhuais do Bhríd, cé gur éirigh go maith léi; tugtar le tuiscint go bhfuil éagóir déanta uirthi (agus ar an gcultúr dúchais i ‘Ros na gCaorach’ dá réir sin). Cuirtear an éagóir ina ceart tríd an turas fada, thar a bheith neamhdhóchúil, de shiúl na gcos a dhéanann sí ó Ghaeltacht Chonamara go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Oireachtas. Ag tús a haistir, ‘Ní raibh a fhios aici cá raibh Baile Átha Cliath nó cá fhad uaithi é’ (Mac Piarais agus Ó Háinle 1999: 119). Nuair a shroicheann sí ‘[an] halla mór i mBaile Átha Cliath’ i lár an chomórtais féin, feictear ‘bean tuaithe […] a cosa gearrtha gortaithe ag clocha crua an bhealaigh, a cuid éadaigh breactha le deannach agus le smúr an bhóthair, agus í tugtha traochta sáraithe’ (Mac Piarais agus Ó Háinle 1999: 120). Casann sí agus titeann ‘i lagar ar an ardán’ i lár an amhráin ‘Sail Óg Rua’, agus sular dtugtar faoi deara go bhfuil sí caillte is mian leis na moltóirí an chéad duais a bhronnadh uirthi. Tugann sagart an aspalóid agus deir: ‘Tá luach saothair níos fearr ná an chéad duais gnóthaithe aici’ (Mac Piarais agus Ó Hainle 1999: 120). Déanann an chríoch mhéaldrámata seo í a chanónú mar ‘Naomh Bríd, Máthair na nGael’ i gcóras creidimh na hAthbheochana (Maguire 2002: 105). Cuirtear le tromchúis a féiníobartha mar ‘[nár] theastaigh duais uaithi’ (Mac Piarais agus Ó Hainle 1999: 116). Tagann sé seo le léamh Uí Laoire, ‘go raibh an oiread measa aici ar an traidisiún agus oiread diongbháilteachta ina croí dá ról féin mar iompróir, mar ghabhálaí agus mar sheachadóir de chuid an traidisiúin gur cuma léi a beatha féin a chur sa mheá’ (Ó Laoire 2022: 310). Cinntíonn a bás caithréimeach i lár an amhráin ‘aitheantas idirshuibiachtúil (intersubjective)’ dá ceantar le go seasfaidh a clú ‘go meatanoimeach’ (Ó Laoire 2022: 308) ar son chlú a muintire agus an chultúir trí chéile. Tiontaíonn a bua sa mórchathair an t-ordlathas cumhachta idir ‘imeall’ agus ‘lár’ droim ar ais.
Cur chuige eile ar fad atá ag an gCadhnach in ‘Fóide’. San áit a siúlann Bríd go Baile Átha Cliath ar nós oilithrigh, tugtar Peaits chuig an ardchathair i gcóiste galánta. Murab ionann is Bríd, is aitheantas de ghrá aitheantais is cás le Sean-Pheaits. Cé go bhfuil sé ‘ag cur ceoil agus canráin de arís’ (ISD: 113) ar a bhealach abhaile, tá sé sotalach agus doicheallach fós agus sciollann sé muintir Bhaile Eanaigh as an neamhaird a rinneadar air. Má cháin sé ‘gálantas gallda’ (ISD 111) an aosa óig níos luaithe sa scéal, is díol íoróine an méid a deir sé fúthu:
“Cá fhad go bhfaighidh siad an urraim a caitheadh liomsa? Cá fhad go dtige duine uasal agus cóiste dhá chapall ag doras aon tí eile san Eanach agus a n-iarrfaidh sé ar aon ghinealach acu a ghabháil go Baile Átha Cliath? […] ” (ISD: 114).
Aithníonn an reacaire, áfach, go raibh ‘Peaits bocht ag déanamh éagóra ar mhuintir an Eanaigh’ (ISD: 114). Tuigeann siad mar a thuill éacht an tseanfhir ag an Oireachtas aitheantas idirshuibiachtúil don cheantar, agus rinne siad iarracht in aisce fáilte abhaile a chur roimhe.
Is é íoróin an scéil go dtagann tuiscint nua Shean-Pheaits salach ar an tuiscint a bhí aige ag an tús. Deir sé ‘go bhfuair mise meas san áit nach mbeadh breathnú siar ar an té is deisiúla ná is gallda galánta acu’ (ISD: 114). Caomhnaíonn deireadh an scéil an t-ordlathas coilíneach idir imeall agus lár inarb ionann an lár agus an dul chun cinn (Hauthal agus Toivanen 2021: 292–93). Ar an lámh eile, dar le duine amháin i mBaile Eanaigh, Sean-Neile Ní Fhathartaigh (agus tuigtear go labhraíonn sí thar cheann an bhaile sa méid seo), ba é ‘Baile Átha Cliath a rinne a chreach agus nár fheil dó a ghabháil ann beag ná mór’ (ISD: 115). Léiriú is ea é seo ar leagan amháin eile den pharaidím a bhí coitianta go leor i smaointeoireacht na hAthbheochana: más é an ceantar tuaithe an áit a bhfuil saibhreas cultúrtha agus morálta le fáil, is ionann an chathair mhór agus truailliú.
Meabhraíonn an léann iarchoilíneach dúinn gur idirdhealú bréige í an scoilt a chuireann an nua-aoiseachas idir coincheapa an ‘traidisiúin’ agus na ‘nuálaíochta’, agus nach mór a bheith ar an airdeall faoi dhioscúrsaí ‘atá faoi róchuing […] ag nóisean an nua-aoisithe’ (Ní Ghairbhí 2009: 170). Léiríonn an dá scéal dearcadh contrártha ina thaobh seo. Níl Sean-Pheaits in ann glacadh leis an athrú cultúir, agus ciallaíonn a bhás in ‘Fóide’ go dtiocfaidh deireadh leis an traidisiún i mBaile Eanaigh. Leagann an Piarsach an bhéim ar an todhchaí agus ar an dóchas faoi sheachadadh an traidisiúin. Is duine d’aos óg an cheantair é an reacaire, agus tugtar craobh an chéad chomórtais do chailín óg darb ainm Nóra Ní Chasaide:
Seasann Nóra Ní Chasaide don todhchaí, agus don rud atá i ndán don Ghaeilge amach anseo. Is leis an óige agus leis an éadroime an saol feasta sa scéal. Ní hé nach bhfuil meas ar an tseanoidhreacht ach ní hí atá faoi réim i gcultúr nua na bhfeiseanna. Tá baint idir an dá rud, ach níl aon cheist ann ach gur ag dul chun tosaigh atá an cultúr, isteach i ré nua. Murar féidir gach gné den seansaol agus den sean-nós amhránaíochta a bhain leis a thabhairt slán féin, níl neart air. Gluaiseann an saol ar aghaidh agus sin léargas amháin a thugann an scéal dúinn (Ó Laoire 2022: 311–312).
Bhí ardmheas ag an gCadhnach ar an bPiarsach mar ghearrscéalaí (Ó Laighin 1990: 85), agus ní féidir na bunchosúlachtaí idir ‘Fóide’ agus ‘Bríd na nAmhrán’ a shéanadh. Is léir ó na tagairtí idirthéacsúla atá sna scéalta, áfach, go raibh cur chuige éagsúil ag an mbeirt údar. Measaim féin gur chóir ‘Fóide’ a léamh ní mar aithris ar scéal an Phiarsaigh ach mar fhreagairt air, ina mbaineann Ó Cadhain leas as foinsí ón amhránaíocht thraidisiúnta a fheileann níos fearr dá mheon féin.
Meafair agus siombalachas
Léamh amháin ar ‘Fóide’, mar sin, ná gur bocht an éadáil a bheith ag cloí go ródhocht le tuiscintí dénártha ar an rud is traidisiún ann. Tá an scéal níos casta, mar sin, ná ‘cuntas an-bháúil – rómánsúil fiú – ar dhíothú thraidisiún na scéalaíocht’ (Denvir 1987: 197). Sna focail loma ag deireadh an scéil, is féidir blaiseadh a fháil dá raibh le teacht i gcuid mhaith de shaothar an Chadhnaigh, is é sin, ‘a refusal of all nostalgia’ (Nic Dhiarmada 2008: 55). Tugann Louis de Paor an ghné aorach sin faoi deara i scéalta deiridh an Chadhnaigh:
[which] mitigates the reader’s empathy with characters whose physical and emotional incapacitation seems as much a result of their own personal deficiencies, their feeble capitulation to circumstances, as to the dehumanising environment in which they live and work (2008: 15).
Feictear dom go léiríonn carachtracht Shean-Pheaits na tréithe seo. Cé go ndeir an reacaire ‘[nach] drochfháisc ar bith a bhí istigh ba chiontaí le dúnáras agus le doicheall Pheaits’ (ISD: 110), is mór idir an leithscéal seo agus iompar doicheallach Pheaits i rith na hinsinte. Más ‘fréamhshamhail an tseanchaí gona olagón Duileargúil’ é Sean-Pheaits (Denvir 1987: 77), ní dóigh liom gur mar íomhá rómánsúil a dearadh é. Sonraíonn Ó Cadhla (2008: 45–6) nóta íoróine i gcarachtracht Shean-Pheaits, agus rachainn féin níos faide fós – gurb é ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ an léiriú is luaithe i saothar Uí Chadhain ar bhaois an olagóin Duileargúil, an claonadh a bhí ag lucht béaloidis a linne neamhaird a dhéanamh den chultúr beo a bhí os a gcomhair amach (Ó Laighin 1990: 129–169).
Ceann de na meafair a úsáideann Ó Cadhain leis an téama seo a chíoradh, agus a nascann ‘Fóide’ le scéalta agus scríbhinní eile dá chuid, ná meafar an óil. In ‘Fóide’, de bharr nach bhfuil sé in ann an t-athrú cultúir a bharraíocht, druideann Sean-Pheaits isteach ann féin, ‘a intinn craptha uirthi féin’ (ISD: 110). Géilleann sé ró-éasca don chinniúint ‘nach gcasfadh sé stéibh foinn i láthair comhluadair, lena mharthain arís’ (ISD: 111). Is fíor go mba rídheacair do dhuine aonair taoide an athraithe a chasadh é féin, ach ní shin le rá nach raibh deiseanna labhartha agus eile i gceantar an Achréidh a bheadh ina n-íocshláinte d’fhear de leithéid Shean-Pheaits, fiú chomh déanach le lár an fichiú haois. Ag bailiú béaloidis dó ar an Achréidh idir 1951–52, thug Ciarán Bairéad suntas ‘[don mhéid] Gaeilge a chloisfeá […] amuich don séipéal paráiste ag fanacht leis an dara hAifreann Domhnach […] agus is í is mó atá le cloisteáil sna tithe ósta i mBaile Chláir’ (1964: 99). Insíonn Seán Ó Ceallaigh, duine d’fhaisnéiseoirí an Bhairéadaigh, faoi chleachtas an cheoil sa gceantar agus é ina óige: ‘Bhíodh damhsaí agus amhráin amuich sa scioból […] Bhí ól an Domhnaigh ann an t-am sin, fir agus mná ag ól le chéilí sna tithí óstaí ar théis an Aifrinn, agus bhíodh go leor amhráin acu’ (Bairéad 1964: 131). Déanann an fhianaise seo ceangal idir láithreacha poiblí ina mbíodh an t-ól, agus cleachtadh an cheoil agus na n-amhrán sa tréimhse ina bhfuil ‘Fóide’ suite. Seachnaíonn Sean-Pheaits na láithreacha, áfach. Ag deireadh an scéil, nuair a ólann sé den chéad uair le tamall fada ar a bhealach abhaile ón Oireachtas, déanann ‘bean an leanna le cur faoi deara do Pheaits a theacht le hallúntas an óil, ó tharla é a bheith as cleachtadh leis na blianta ar fhan sé as láthair comhluadair’ (ISD: 114, liomsa an bhéim). An mhaidin dar gcionn, faightear marbh é, agus deir an reacaire go ndúirt ‘sean-Neile Ní Fhathaigh liom […] gur chuir ainchleachtadh an óil fuadach faoina chroí’ (ISD: 115).
Is díol suntais, ó thaobh plota, carachtrachta, agus siombalachais de, na cosúlachtaí láidre idir ‘Fóide’ agus an scéal ‘Tnúthán an Dúchais’ ón dara chnuasach An Braon Broghach (1948 [2007], BB feasta). Ríomhann ‘Tnúthán an Dúchais’ scéal Choilm Cháit Anna, imirceach drogallach ó ‘Sheana Choille’ Chonamara. Duine é Colm a raibh ‘sine an dúchais á tháthú don tinteán’ (BB: 2) ag tús an scéil, agus ní théann sé i dtaithí ar shaol meicniúil Mheiriceá riamh. Má lagaíonn riachtanais nua an tsaoil Mheiriceánaigh slabhra an dúchais do Cholm, is é an buille marfach ná go seachnaíonn sé comhluadar:
Spraoi ná siamsa ní thaobhaíodh sé, agus ainneoin nach raibh aon chur suas de ghailleog fuisce aige sa mbaile, chinn sé dubh agus dubh riamh ar a chomhimircigh ó aon phobal leis a thaithíodh an teach lóistín é a mhealladh amach sna tithe ósta (BB: 4).
Ionann is Sean-Pheaits, déanann Colm neamhaird den chultúr beo atá os a chomhair. Is fiú a mheabhrú go raibh cultúr bríomhar sna hallaí damhsa Éireannacha i mBoston chomh luath leis na 1850idí, a lig d’imirceoirí teagmháil a choinneáil leis an gcultúr dúchais agus ‘filleadh’ ar Éirinn go spioradálta (Gedutis 2005; Miller 1985: 520–522).
Fágann an easpa teagmhála leis an gcultúr go bhfuil Colm ina ‘Phoncán críochnaithe’ (BB: 19) faoi dheireadh an scéil. Tar éis na mblianta fada i mBoston, agus an ‘dearg-Phoncán de bhean a phós sé’ (BB: 11) a bheith caillte, faigheann Colm a phaisinéireacht abhaile go hÉirinn faoi dheireadh. Ag an gcóisir a eagraítear dó, cuireann sé ‘a aghaidh fidil Mheiriceánach de’ (Nic Eoin 2022: 146), labhraíonn sé Gaeilge agus ólann sé den chéad uair le dhá scór bliain. Iarrtar air amhrán a rá, ach diúltaíonn sé ar dtús, ag maíomh ‘“[nár] dhúirt mé aon amhrán le daichead bliain.”’ Spreagann fear eile chun gnímh é: ‘“Cén dochar! Is fearr deireanach ná go brách!”’ (BB: 25). Casann sé an t-amhrán ‘Muirisc’, ach ar shroicheadh an rann deiridh dó, buaileann taom croí é. Fearacht Shean-Pheaits, faigheann sé bás díreach tar éis dó filleadh ar an dúchas go spioradálta. Ní thugann lucht na cóisire faoi deara go bhfuil sé caillte ar dtús, agus deir Aloysius go fonóideach, ‘“Uireasa cleachta. Tá an t-ól ag teacht ina aghaidh”’ (BB: 26).
Ar aon dul le Sean-Pheaits, feicim féin nach carachtar gan locht é Colm Cháit Anna. Uaireanta, bíonn sé chomh gafa ag a rún luach a phaisinéireachta a shaothrú go ndéanann sé dearmad ar a mhuintir in Éirinn agus ar a oidhreacht. Bíonn leisce air airgead a chur abhaile mar ba chóir dó mar an chéad imirceach den teaghlach; tugann sé cluas bhodhar do litreacha a mháthar atá ag iarraidh airgid air, ‘ainneoin gur fhágadar síoraí ag déanamh leanna ar uaigneas é’ (BB: 6). Cuirtear náire air nuair a chloiseann sé go bhfuil ‘teaghlach Cháit Anna in ainriocht’ (BB: 6), ach fós féin, ní fhaigheann sé ina chroí istigh aige aon bheart a dhéanamh go dtí go gcloiseann sé go bhfuil an teaghlach le cur as seilbh an tí ‘faoi bheith ina ndrochdhíolaithe cíosa le dhó nó trí de bhlianta anuas’ (BB: 7). Níos déanaí sa scéal, cuirtear in iúl:
[gurb] é an rún a bhí anois aige a dheartháireacha agus a dheirfiúracha ar fad a thabhairt amach [go Meiriceá], i riocht is go mbeadh an tinteán sa mbaile aige faoina mhullóg féin. Chuirfeadh sé athnuachan ar an teach […] b’fhéidir go n’éireodh leis gabháltas éicint eile ina aice láithreach a fháil le ceannach. Bhí talamh ar shladmhargadh sa ruta sin, faoi rá is go raibh na daoine ag bánú as éadan agus ag tabhairt Mheiriceá orthu féin (BB: 11–12).
Dá gcomhlíonfadh Colm an rún seo, áfach, ag loiceadh ar a phobal agus ar a chultúr féin a bheadh sé. Tráchtann Ó Cadhain ar fhreagracht an duine an cultúr a iompú agus a sheachadadh ar aghaidh.
Chuige seo, tá an cheardaíocht chéanna in úsáid ag an gCadhnach in ‘Fóide’ agus ‘Tnúthán an Dúchais’, trí athrá a dhéanamh ar theideal an scéil mar fhocal scoir:
Agus ó thit seanbhothán Pheaits cúpla bliain ó shin, níl teach ná áras ar fhóide cnapánacha carracha uachtar an bhaile (ISD: 115).
‘Angina Pectoris’ breith an choiste. Ní mé cén leagan léannta a chuirfeadh aos leighis ar ‘Thnúthán an Dúchais’? (BB: 27)
An rud atá an Cadhnach ag iarraidh a chur ina luí ar an léitheoir anseo ná gur gá na healaíona béil agus an teanga a chleachtadh lena gcoinneáil beo: blaiseadh a fháil den ‘ól’ ó am go chéile, ‘athnuachan a dhéanamh’ ar theach an chultúir ionas nach dtifidh sé. Sin éirim na léachta ‘Béaloideas’, a thug an Cadhnach dhá bhliain i ndiaidh foilsiú An Braon Broghach, inar dhearbhaigh sé: ‘Ní bhíonn bocht dháiríre ach an té atá gan aisling. Ní bhíonn beo ach an duine a fhéachas lena aisling a chur i gcrích’ (Ó Laighin 1990: 159–160).
An t-agallamh beirte
Níl an léamh seo, nach bhfuil Sean-Pheaits ná Colm Cháit Anna gan locht as a n-imeallú féin, ag teacht leis an ngnáthléamh (Denvir 1987: 77; Ó Cadhla 2008: 44; Ó Broin 2012: 127; Nic Eoin 2022: 145). Má léiríonn an t-amhrán ‘Iorras Fhlannáin’ meon diúltach Shean-Pheaits i leith mhuintir an bhaile, baineann Ó Cadhain leas as tagairt idirthéacsúil eile chun éifeacht shíceolaíoch an imeallaithe a chur in iúl, agus chun staid chultúr na Gaeilge a mheas. Agus Sean-Pheaits craptha ina bhothán,
[…] in uaignisín leis féin i bhfianaise na tine móna agus giumhaisí, i sméarsholas an bhotháinín uaignigh iargúlaigh in uachtar an bhaile, is annamh a ligeadh an croí do Shean-Pheaits faic tharas an cheathrú seo a rá:
“Ní thuigid mise an aos óg
Lánmhar iad le bród na nGall
Ní mó a thuigid iad féin
Ní fhuilim gan chéill im rann.” (ISD: 111)
I léamha a rinneadh roimhe seo, ceapadh gur amhrán é seo a chum Sean-Pheaits (agus dá bhrí sin, Ó Cadhain) chun a ról siombalach a threisiú (Ó Cadhla 2008: 44; Ó Broin 2012: 126). Ní hea, áfach – tá Ó Cadhain ag tarraingt ar fhoinse idirthéacsúil, rud atá ina ábhar spéise don léitheoir dara leibhéil. Tagann an rann seo ón agallamh beirte, ‘Conspóid Dhonnchaidh Mhóir Uí Labhraidh agus Ghiollamhuire Chaoich Mhic Cartáin’, a cumadh sa tuaisceart sa seachtú haois déag déanach nó go luath san ochtú haois déag (Ó Muirgheasa 1926: 23–29, 64–65; O’Rahilly 1927: 8–14, 67–68).
Is éard atá san agallamh ná sáraíocht idir an file agus an cláirseoir Giollamhuire Caoch Mac Cartáin agus an feirmeoir Donnchadh Mór Ó Labhraidh. Seasann Donnchadh do mheon Gallda na tionsclaíochta a bhí ag teacht chun cinn, agus déanann sé ceap magaidh den fhile agus dá chuid traidisiún: ‘A Ghiolla Mhuire, […] A lán bainne ’s a lán méidhg / ní thiúbhrainn ar do cheap [chláirseach]’ (Ó Muirgheasa 1926: 27). In ainneoin go bhfuil a chuid pátrún caillte aige, molann Giollamhuire buanna na seantraidisiún Gaelach agus cosnaíonn fiúntas a cheirde in aghaidh fhonóid Dhonnchaidh. Is le Giollamhuire na línte a ndéantar athfhriotal orthu in ‘Fóide’, rud a threisíonn carachtracht Shean-Pheaits agus téama na codarsnachta cultúrtha sa scéal don léitheoir chéad leibhéil.
Tá an tuiscint sin sách soiléir, ach don léitheoir dara leibhéil, tá caolchúis le fáil sna línte ón agallamh a fhágann an Cadhnach ar lár. Cuireann an reacaire síos ar Shean-Pheaits mar Oisín: ‘Thuig sé in íochtar a sheanchroí sholasmhair go mba Oisín i ndiaidh na Féinne é féin’ (ISD: 110). Tosaíonn an t-agallamh ‘Cónspóid’ le sampla den iomaíocht véarsaíochta ar a dtugtar ‘verse-capping’, ‘leathrann ó phearsa amháin agus freagra i leathrann ó phearsa eile’ (Ní Mhuircheartaigh 2018: 4):
[Donnchadh] Caidé an traona so san ngort,
A s[h]einneas dhúinn port ar shliabh?
[Giollamhuire] Mise Giolla ina mbíodh spéis,
Oisín mé tar éis na bhFiann. (Ó Muirgheasa 1926: 23)
Tá roinnt féidearthachtaí léirmhínithe anseo. Baineann léirmhíniú amháin le glao an traonaigh, ‘[which] is singularly harsh and repetitive, leading to the proverbial expression “ceol an traonaigh sa ghort” glossed as “the tune the old cow died of” in Foclóir Gaeilge Béarla – a monotonous and insistent sound that continues ad nauseam et infinitum’ (Ó Laoire 2017: 131). Sin léamh amháin is féidir a dhéanamh ar ról Dhonnchaidh san agallamh, agus é ag magadh faoi cheol Ghiollamhuire mar thorann gránna. Ach tá ciall eile leis an nath Béarla, bunaithe ar amhrán (nó lúibín) faoi fheirmeoir a sheinn port píbe do bhó dá chuid in áit bia a thabhairt di, leis an toradh gur bhásaigh sí (McFarland 1973: 60). Léiríonn an chiall seo peirspictíocht Dhonnchaidh san agallamh freisin, is é sin gur cur amú ama é ceol a sheinm ar chor ar bith: ‘[Donnchadh] urges ruthlessly; music will not fill an empty stomach, and crops and cattle are the only things that matter’ (O’Rahilly 1927: 67). Ach lón anama is cás le Giollamhuire, agus dar leis an bhfile, is fiú an ceol a sheinm ar mhaithe leis féin. Tá focal rabhaidh ag Giollamhuire: ‘Duine marbh nach seinneann ceol / Tuirseach é ’sa dheor le n-a ghruaidh’ (Ó Muirgheasa 1926: 23). D’aithneodh an léitheoir dara leibhéil go mba chóir go mbeadh an rabhadh seo ar eolas ag Sean-Pheaits, ach nach dtugann sé aird air.
Trí lionsa na héicichritice agus i gcomhthéacs na géarchéime aeráide, d’fhéadfadh léitheoir an lae inniu brí ar leith a aimsiú i siombail an traonaigh. Ba é an meicniú feirme a chuir dlús le titim líon na dtraonach go seasta, rud a thuigfí go rímhaith inniu agus stádas caomhnaithe na dtraonach ina chúis mhór imní. D’fhéadfadh an léitheoir dara leibhéil breathnú ar an timpeallacht agus ar an bhfile á n-ionannú in ‘Conspóid’, agus an traonach agus an fhilíocht thraidisiúnta araon i ngreim an dá bhruach. Tá an analach seo le fáil sách minic sa bhfilíocht chomhaimseartha: éiceachóras leochaileach is ea an Ghaeltacht, idir nádúr agus teanga, agus is meafar cuí é an traonach dó sin (Ó Laoire 2017; Ní Ghearbhuigh 2021). Tarraingíonn sé seo ar mhóitífeanna ársa i litríocht na Gaeilge, ‘whereby disorder in the natural world is a sign of turmoil or impending doom for the community’ (Ní Ghearbhuigh 2021: 167; féach freisin Ní Annracháin 2021).
Luíonn sé seo le léamh Uí Bhroin ar ‘Fóide’ freisin, gurb ionann an Ghaeilge agus Sean-Pheaits atá á imeallú ag an gcultúr Gallda, agus an timpeallacht nádúrtha atá á scriosadh ag an meicniú feirme (2012: 126). Déantar ionannú sa scéal idir ‘an chreig á ceansú, agus seisreach capall ag treabhadh san áit a mbíodh brocach na sionnach’ agus ‘scológa an Achréidh thíos ag éirí as an nGaeilge agus ag loscadh Béarla briste’ (ISD: 109). Faoin am a raibh Ó Cadhain i mbun pinn ar an scéal ‘Úr agus Críon’ (An tSraith ar Lár [1967]), bhí cúrsaí tar éis dul in olcas; sa scéal sin is é an tarracóir meicniúil ón nGearmáin atá ‘ag brúsca an bhóthairín suas’ (Ó Cadhain 1967: 52) a sheasann don tionchar a bhí ag an mBéarla ar an nGaeilge faoi lár an fichiú haois. Is díol suime gur geall le bheith i mbun agallaimh atá an t-éan dubh a thuirlingíonn ar an gcurach, agus an tarracóir: ligeann an t-éan ‘agaill bhrónach i leith an tarracóir […] dá agaill nach raibh iontu ach an dá aithris: […] Gaeilge bhriste! Gaeilge bhriste! […] ‘Drochghraiméar! Drochghraiméar!’ (Ó Cadhain 1967: 51–52). Freagra ní fhaigheann sé, ar ndóigh.
Maíonn Foley (2002: 61) agus Ní Mhuircheartaigh (2018) gur cuid riachtanach den agallamh é an cur i láthair os comhair lucht éisteachta. Dar le Ní Mhuircheartaigh gurb ionann an lucht éisteachta agus ‘an tríú rannpháirtí sa chomhrac’ (2018: 3–4). Dar le Pagliai gurb é atá i gceist le láithriú an agallaimh, ná ‘the search for a public witnessing’ (2009: 63). Is cinnte gurb é seo atá ar siúl ag Giollamhuire in ‘Conspóid’, agus é ag tabhairt dúshlán Dhonnchaidh. ‘Ní hagallamh go léiriú’ (Ní Mhuircheartaigh 2018: 4); gan lucht éisteachta gan chéile comhraic véarsaíochta, áfach, ní haon íocshláinte anama do Shean-Pheaits é an t-agallamh in ‘Fóide’. Fós féin, má thugann Giollamhuire le tuiscint gur fearr an troid ná an t-uaigneas, géilleann Sean-Pheaits ró-éasca don dara rogha acu.
Bhíodh an choimhlint seo idir an troid agus an t-uaigneas ag dó na geirbe ag an gCadhnach féin mar scríbhneoir. Ghéill sé don uaigneas i lár na 1950idí, nuair a d’éirigh sé as an scríbhneoireacht chruthaitheach i ngeall ar an éadóchas a bhraith sé maidir le cúrsaí teanga ag an am (Ó Cathasaigh 1995: 161). Ach i dtreo dheireadh a shaoil, agus tar éis dó filleadh go rathúil ar an scríbhneoireacht sna 1960idí, ba léir go raibh réiteach de shaghas éicint faighte aige, mar a thugann críoch na léachta Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969) le fios:
Is meán – medium – nua más cúng féin í an Ghaeilge agus is dúshlán fúm í. Is liom féin í, rud nach féidir liom a rá faoi mheán ar bith eile. In uaigneas mo chroí chuala mé – cloisim i gcónaí:
scaltarnach loin Leitreach Laoigh
agus an ceol a bhí ag an Dord Fiann (Ó Cadhain 2003 [1969]: 41).
Is féidir rud úrnua a chruthú as na seantraidisiúin, fiú más uaigneach an rud é a bheith ag scríobh, i bhfocail an Chadhnaigh, ‘i dteanga arb é a cosúlacht go mbeidh sí básaithe roimhe féin […] is fearr an snámh in aghaidh sruth, an charaíocht leis an saol, ná an bogás, ná chuile shórt a fháil ar sheol na braiche’ (Ó Cadhain 2003 [1969]: 40). Is díol suime go dtagann an dá líne deiridh thuas ó rann as ‘Agallamh Oisín agus Phádraig’. Trína shamhlú féin mar Oisín i mbun agallaimh le Naomh Pádraig faoi bhuanna cheol na Féinne i gcodarsnacht le salmaireacht a sheasann don nua-aois Chríostaí, dearbhaíonn an Cadhnach idir leanúnachas agus leochaileacht an traidisiúin agus na teanga ón litríocht mheánaoiseach anuas go dtí a linn féin (Markus 2023: 124). Is dócha gur tharraing Ó Cadhain ar thraidisiún na n-agallamh agus na n-amhrán sa gcaoi seo toisc gur tháinig reitric na díospóireachta lena mheon féin, agus gur fheidhmigh siad mar ghairm ar an léitheoir fianaise a dhéanamh lena choraíocht aigne.
Má lochtaigh Denvir an tagairt d’Oisín in ‘Fóide’ as a bheith ‘ag tarraingt ar sheanmheafar spíonta na linne’ (1987: 76), tabharfaidh lionsa na híoróine idirthéacsúla léargas nua ar an meafar. Is léir nach raibh aon drogall ar an gCadhnach athúsáid a bhaint as íomhánna ón mbéaloideas ar nós Oisín, agus leagan nua a chur orthu gach uair. D’áiteoinn go dtagann tuiscint an Chadhnaigh air seo gar do mhíniú Paul Riceour faoi cad is meafar maith ann:
[…] the similarity is itself the fruit of metaphor […] beyond the lexicon there is what Aristotle called the topoi, the cultural treasure of meanings. The art of metaphor is to apply a part of this treasure to new subjects […] which brings forth new aspects in the principal subject. In this way, even trivial metaphors have an informative value (Riceour 1991: 78–79).
Baineann an tuiscint leis an íoróin idirthéacsúil chomh maith, agus is suntasach go bhfuil tagairt don ‘Chonspóid’ le tabhairt faoi deara i ngearrscéal eile de chuid an Chadhnaigh, ‘Críonadh na Slaite’ ó An Braon Broghach. Tá an bhearna idirghlúine, agus an chodarsnacht idir an sean agus an nua, ar na príomhthéamaí ann. Téama lárnach eile sa scéal is ea tóir na gcarachtar ar fhinné poiblí trína sainiúlacht féin a chur in iúl ar urlár an damhsa, rud a bhaineann go dlúth le cúrsaí inscne agus cúirtéireachta (Ní Chualáin 2015; Ó Briain 2023). Ag an gcéad damhsa in Áiléar Stiofáin, is daoine den aos óg iad Peadar agus Nóra Mhór; ag an dara damhsa cúig bliana déag níos déanaí, tá an saol athraithe ó bhonn. Ní bhraitheann Peadar ar a chompord i measc an aosa óig: ‘ba gheall mé i ndiaidh na míosa sin le hOisín tar éis filleadh abhaile dó ó Thír na hÓige, agus gan roimhe i leaba na Féinne ach daoine coimhthíocha cuideáin’ (BB: 60).
Fiú murab é deireadh an tsaoil é do Pheadar, tá an scéal níos casta do Nóra, atá ag druidim leis an dá scór agus í ‘fágtha ar an trá thirim’ (BB: 61). Seo mar a thugann sí dúshlán na gcailíní óga ar urlár an damhsa le linn an dara hoíche:
‘Bhuel, a mhná óga, cé air a bhfuil sibh ag breathnú? Bhuel, a Neainín Thaidhg, agus a Saeirín Johnny, cén chiall an scéin? Is mé an sméar mhullaigh fós, tar éis cúig bliana déag a bheith agam oraibh . . . “Giolla mé ina gcuirtí suim: Oisín mé tar éis na bhFiann”’ (BB: 63–64, liomsa an bhéim).
An léitheoir a bhfuil eolas acu ar an agallamh agus ar an tsochaí, thuigfidís láithreach go bhfuil sé ag trácht ar an ísliú stádais a bhíodh i ndán do mhná nár éirigh leo pósadh, agus atá gan chlann dá bharr, de réir an chórais shóisialta a bhí i réim sa tréimhse ina lonnaítear an scéal. Déanann Ó Cadhain ionannú idir an t-athrú cultúir, agus an t-athrú saoil do mhná neamhphósta. Díol spéise go gcuirtear mianta Nóra in iúl trí fhocail an fhile, ar fear é. Meabhraíonn sé don léitheoir saintréith den amhránaíocht thraidisiúnta, is é sin an malartú inscne a tharlaíonn nuair a chasann an t-amhránaí amhrán atá bunaithe ar pheirspictíocht duine den inscne eile. Cruthaíonn malartú na bpearsan seo bríonna nua don amhrán agus cuireann leis an staid aigne atá á léiriú ann (Ó Laoire 2002: 244–45). Tá meitireacaireacht ar siúl ag an gCadhnach anseo leis an tagairt nuálach seo don ‘Chonspóid’, a chuireann leibhéal eile brí leis an scéal: ní deir Nóra na focail sin os ard ar chor ar bith, ach cuirtear ina béal iad trí shamhlaíocht Pheadair.
Ag deireadh an scéil, ansin, ceistíonn Peadar fiúntas an chaithimh i ndiaidh an tseansaoil: ‘Rá is go dtabharfaidh duine “an mhaith atá” ar “an mhaith a bhí”, pósadh sé, téadh sé ag déanamh a anama, nó scríobhadh sé scéal …’ (BB: 66). In áit na hainnise a mhothaíonn Sean-Pheaits in ‘Fóide’ faoina ré órga féin a bheith thart, aithníonn Peadar gur údar faoisimh é glacadh leis an saol mar atá, agus mar a bheas.
Conclúid
Thiocfadh téada na smaointeoireachta seo le chéile sa léacht cháiliúil ‘Béaloideas’ a thug an Cadhnach do Chumann na Scríbhneoirí i mí Feabhra 1950, inar cheap sé an téarma ‘an t-ólagón Duileargúil’. Is suntasach an cumasc d’íomhánna a roghnaíonn sé chun deireadh a chur leis an léacht sin:
Don inneall bhuailte agus don tsábh leictreachais atá ag filí a bheith ag cumadh amhráin saothair, feasta, ní don tsúiste ná don bhró. Ach canaimis iad ar an modh sinseartha, le cuidiú an aon rúin atá fanta fós de rúin na Caillí Béara: aon chuimhne Oisín ar Thír na hóige: aon íoc d’íocshláintí caillte na MeánAoiseanna: aon díleachta an bhéaloideasa: an poitín (Ó Laighin 1990: 169).
Tá gach snáth dár pléadh san anailís seo fite le chéile anseo. Is suimiúil freisin go bhfuil rian den ‘Chonspóid’ le sonrú ann. Aithris ar ghuth Dhonnchaidh atá sa gcéad abairt (‘Don inneall bhuailte …’), ina bhfuil macalla le cloisteáil ón leagan den ‘Chonspóid’ a chuir O’Rahilly in eagar. Sa leagan sin, déanann Donnchadh beag is fiú de ghinealach filí i rann amháin, á rá ‘[nach] fiú a n-eagna ná a ndán bró’ (O’Rahilly 1927: 13). Tá an ról mar Ghiollamhuire glactha go híorónta (agus idir shúgradh agus dáiríre, b’fhéidir) ag an gCadhnach chun an t-olagón Duileargúil a bhréagnú. Leis an ngairm ‘canaimis iad’, cuirtear clabhsúr dóchasach leis an léacht mar a bheadh Giollamhuire ag impí ar an lucht éisteachta blaiseadh d’íocshláinte an chultúir Ghaelaigh – an ‘poitín’.
Thug an anailís seo cuireadh don léitheoir fiosrach a bheith ‘páirteach i gcluiche na hidirthéacsúlachta’ (Markus 2023: 127) agus an gearrscéal ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ le Máirtín Ó Cadhain a léamh ar bhealach úr. Má ‘d’athbheoigh [Ó Cadhain] seanghnéithe den bhéaloideas trína gceangal le feidhm mhioscaiseach na cumadóireachta’ (Markus 2023: 148) in Cré na Cille, thosaigh an athbheochan sin thart ar dheich mbliana roimhe sin in Idir Shúgradh agus Dáiríre. Lean an próiseas driogtha uaidh sin, trí ‘bhraonta broghacha’ an dara cnuasach, go dtí gur tháinig na comhábhair le chéile in aon bhraon ‘poitín’ sna scríbhinní déanacha. Bhain an Cadhnach earraíocht as tagairtí agus teicnící ó ‘Fóide’ sna téacsanna seo, ar bhealach nuálach a bhain lena mheon féin i leith an chultúir agus na teanga. Is léir, mar sin, nach guth traonaigh sa ngort é ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’.
SAOTHAIR A CEADAÍODH
Bairéad, C. (1964). ‘Scéalta agus Seanchas ón Achréidh’. In: Béaloideas 32: 99–147. DOI: https://doi.org/10.2307/20521298
Costigan, an tSr. B., agus Ó Curraoin, S. (1987) De Ghlaschloich an Oileáin: Beatha agus Saothar Mháirtín Uí Chadhain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
De hÍde, D. agus Ó Muraíle, N. (2018) Amhráin agus Dánta Raiftearaí. Leagan athchóirithe le Nollaig Ó Muraíle. An Spidéal: Futa Fata.
De Paor, L. (1991) Faoin mBlaoisc Bheag Sin: An Aigneolaíocht i Scéalta Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
De Paor, L. (2008) ‘Introducing Máirtín Ó Cadhain’. In: Canadian Journal of Irish Studies 34 (1): 10–17.
Denvir. G. (1987) Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Eco, U. (2004) On Literature. McLaughlin, M. (aist.). Orlando: Harcourt.
Elsaesser, T. (2015) ‘Melodrama and Victimhood: Modern, Political and Militant’. In: Loren, S. agus Metelmann, J. (eag.) Melodrama After the Tears: New Perspectives on the Politics of Victimhood. Amsterdam: Amsterdam University Press: 35–52.
Foley, J.M. (2002) How to Read an Oral Poem. Urbana: University of Illinois Press.
Gedutis, S. (2005) See You at the Hall: Boston’s Golden Era of Irish Music and Dance. Boston: Northeastern University Press.
Glassie, H. (1982) Passing the Time in Ballymenone: Folklore and History of an Ulster Community. Dublin: O’Brien Press.
Hauthal, J. agus Toivanen, A. (2021) ‘European peripheries in the postcolonial literary imagination’. In: Journal of Postcolonial Writing 57 (3): 291–301.
Herr, C. (1991) For the Land They Loved: Irish Political Melodramas, 1890–1925. Syracuse: Syracuse University Press.
Kelleter, F. agus Mayer, R. (2007) ‘The Melodramatic Mode Revisited: An Introduction’. In: Kelleter, F. agus Mayer, R. (eag.) Melodrama! The Mode of Excess from Early America to Hollywood. Heidelberg: Universitätsverlag Winter: 7–17.
Larson Sky, C. (1997) ‘A Lot of Notes but Little Music: Competition and the Changing Character of Performance’. In: New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua 1 (1): 156–167.
Mac Diarmada, O. (2011) ‘Competition’. In: Vallely, F. (eag.) Companion to Irish Traditional Music. Cork: Cork University Press: 150–151.
Mac Dhonnagáin, T. (1993) Raiftearaí san Underground. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Mac Piarais, P. agus Ó Háinle, C. (1999) Gearrscéalta an Phiarsaigh. Baile Átha Cliath: Cló Thalbóid.
Maguire, P. (2002) ‘Language and Landscape in the Connemara Gaeltacht.’ In: Journal of Modern Literature 26 (1): 99–107.
Majithia, S. (2015) ‘Rethinking Postcolonial Melodrama and Affect’. In: Modern Drama 58 (1): 1–23.
Markus, R. (2023) Carnabhal na Marbh: Cré na Cille agus Litríocht an Domhain. Indreabhán: Leabhar Breac.
McFarland, R.E. (1973) ‘“The tune the old cow died of”: an allusion in Housman’. In: Victorian Poetry 11 (1): 60–61.
Miller, K. (1985) Emigrants and Exiles: Ireland and the Irish Exodus to North America. Oxford: Oxford University Press.
Ní Annracháin, M. (2021) ‘Seeing the natural world: Comhbhá an Dúlra’. In: Kelly, J. agus Ó Carragáin, T. (eag.) Climate and Society in Ireland: from prehistory to the present. Dublin: Royal Irish Academy: 349–364.
Ní Chualáin, A. (2015) ‘Feidhm na hAmhránaíochta agus an Damhsa i Luath-Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’. In: COMHARTaighde 1 [idirlíon]. DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2015.02
Ní Ghairbhí, R. (2009) ‘An Cath atá romhainn anois is geall le Briatharchath é: Pádraig Mac Piarais agus Léann an Iarchoilíneachais’. In: Higgins, R. agus Uí Chollatáin, R. (eag.) The Life and After-life of P.H. Pearse / Pádraig Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht. Dublin: Irish Academic Press: 168–178.
Ní Ghearbhuigh, A. (2021) ‘The Corncrake, the Climate Crisis, and Irish-Language Poetry’. In: Auge, A.J., agus O’Brien, E. (eag.) Contemporary Irish Poetry and the Climate Crisis. New York: Routledge: 162–177.
Ní Mhuircheartaigh, É. (2018) ‘Allagar an ardáin: taibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha’. In: COMHARTaighde 4 [idirlíon]. DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2018.04
Nic Dhiarmada, B. (2008) ‘Utopia, Anti-Utopia, Nostalgia and Ó Cadhain’. In: The Canadian Journal of Irish Studies 34 (1): 40–46.
Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Nic Eoin, M. (2022) ‘Athbheatha na n-amhrán: an amhránaíocht thraidisiúnta i nuaphrós na Gaeltachta’. In: Fogarty, P., Falzett, T., agus Ó Laoire, L. (eag.) Dhá Leagan Déag: Léargais nua ar an sean-nós. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 133–163.
Ó Béarra, F. (2007) ‘Gaeilge Uí Chadhain’. In: Léachtaí Cholm Cille 37: Saothar Mháirtín Uí Chadhain. Maigh Nuad: An Sagart: 103–130.
Ó Briain, S. (2023) ‘“Arae bhí mé ar bhruach a bheith i m’fhear…”: Taibhiú agus Tógáil na Fireannachta in “Críonadh na Slaite” le Máirtín Ó Cadhain’. In: Ní Shíocháin, T. agus Ní Annracháin, M. (eag.) Léachtaí Cholm Cille 53: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge. Maigh Nuad: An Sagart: 203–216.
Ó Broin, B. (2012) ‘Siombalachas, Teicníocht Liteartha, agus Teoiric in Idir Shúgradh agus Dáiríre le Máirtín Ó Cadhain’. In: New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua 16 (3): 115–132.
Ó Cadhain, M. (2003 [1969]) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
Ó Cadhain, M. (2007 [1939]) Idir Shúgradh agus Dáiríre. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ó Cadhain, M. (2007 [1948]) An Braon Broghach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ó Cadhain, M. (1967) An tSraith ar Lár. Baile Átha Cliath: Sairséal agus Dill.
Ó Cadhla, S. (2008) ‘The Gnarled and Stony Clods of Townland’s Tip: Máirtín Ó Cadhain and the “Gaelic” Storyteller’. In: The Canadian Journal of Irish Studies 34 (1): 40–46.
Ó Canainn, T. (1978) Traditional Music in Ireland. London, Boston: Routledge & Kegan Paul.
Ó Cathasaigh, A. (1995) Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain 1905–1970. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Ochoa, P. ‘The Historical Moments of Postcolonial Writing: Beyond Colonialism’s Binary’. In: Tulsa Studies in Women’s Literature 15 (2): 221–229.
Ó Laighin, S. (eag.) (1990) Ó Cadhain i bhFeasta. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta.
Ó Laoire, L. (2002) Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Laoire, L. (2003) ‘“…d’imeodh an aois díom”: Tír na nÓg agus Talamh na hÉireann’. In: McLeod, W. agus Ní Annracháin, M. (eag.) Cruth na Tíre. Baile Átha Cliath: Coiscéim: 39–68.
Ó Laoire, L. (2011) ‘Críocha an Chirt: Téacsúlacht, Taibhléiriú agus Tuiscint san Amhránaíocht’. In: Ó Giolláin, D. agus Ó Cadhla, S. (eag.) Léann an Dúchais: Aistí in Ómós do Ghearóid Ó Crualaoich. Corcaigh: Cló Ollscoil Chorcaí: 19–35.
Ó Laoire, L. (2017) ‘Murder in a Meadow: Environmental and Cultural Extinction in Cathal Ó Searcaigh’s “Scrúdú Coinsiasa Roimh Dhul Chun Suain”’. In: Lenore Miller, S. agus Pusse, T. (eag.). From Ego to Eco: Mapping Shifts from Anthropocentrism to Ecocentrism. Leiden: Brill: 112–134
Ó Laoire, L. (2022) ‘Cá bhfuil an sean-nós? An miotas, an réaltacht agus an spás idir eatarthu’. In: Fogarty, P., Falzett, T., agus Ó Laoire, L. (eag.) Dhá Leagan Déag: Léargais nua ar an sean-nós. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht: 295–321.
Ó Máille, M., Ó Máille, T. agus Mahon, W. (1991 [1905]). Amhráin Chlainne Gael. Eagrán nua. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Muirgheasa, É. (eag.) (1926) Amhráin Airt Mhic Chubhthaigh agus amhráin eile: cuid a dó. Dún Dealgan: Preas Dhún Dealgan.
O’Rahilly, T.F. (eag.) (1927) Measgra Danta: Miscellaneous Irish Poems. Cork: Cork University Press.
Pagliai, V. (2009) ‘The Art of Dueling with Words: Toward a New Understanding of Verbal Duels across the World’. In: Oral Tradition 24 (1): 61–88.
Phelan, M. (2018). ‘“Irish Nights”: Paratheatrical Performances of Melodrama on and off the Belfast Stage’. In Theatre Survey 59 (2): 143–168.
Riceour, P. (1991) A Ricoeur Reader: Reflection and Imagination. Toronto: University of Toronto Press.