Ceol an traonaigh sa ngort? Athléamh idirthéacsúil ar luathscéal de chuid Mháirtín Uí Chadhain

Chris McCann

Intertextuality is one of the defining features of Máirtín Ó Cadhain’s writing. It is most often discussed with reference to Cré na Cille (1949), and in his pioneering study Carnabhal na Marbh (2023), Radvan Markus employs Umberto Eco’s (2004) concept of ‘intertextual irony’ to explain the importance of intertextual references in the novel. Intertextual irony allows the curious reader to read the text in a new way by connecting threads of the various references.

Ó Cadhain’s use of intertextuality as a literary technique does not only arise with Cré na Cille, however, and is clearly present across his other works. This article critically reassesses ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ (translated by Eoghan Ó Tuairisc as ‘The Gnarled and Stony Clods of Townland’s Tip’ ), a story from his first collection Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939). Through the use of intertextual irony as a critical lens, this analysis demonstrates new interpretive possibilities for this story. This is timely considering the huge cultural changes that have taken place since the story was first published, different reading practices, and the context of an ongoing reappraisal of Ó Cadhain’s early fiction. In the words of Eco, ‘Intertextual irony calls together the happy few—except that the more there are of these happy few, the happier they will be’ (2004: 228). That is the goal of this article.

Focusing on references to traditional song practice, the analysis looks anew at the comparison between Ó Cadhain’s story and ‘Bríd na nAmhrán’ (‘Bríd of the Songs’) by P.H. Pearse. An intertextual reference in ‘Fóide’ that has hitherto escaped the attention of critics is then uncovered which breathes new life into the Ossianic metaphor central to the story’s characterisation. Connections with stories from Ó Cadhain’s second collection, An Braon Broghach (1948) are explored demonstrating that ‘Fóide’ functions as an important link in Ó Cadhain’s literary imagination. Finally, the analysis asserts that the story demonstrates the earliest representation in Ó Cadhain’s work of his thoughts concerning the displacement of traditional culture, which would develop into the concept of the ‘Delargean lament’ which was coined in the renowned lecture ‘Béaloideas’ in February 1950.

Dáta foilsithe:
09/12/2025

Stádas:
Piarmheasta

Eochairfhocail:
Máirtín Ó Cadhain, an idirthéacsúlacht, an ghearrscéalaíocht, an amhránaíocht, an díláithriú cultúir

DOI:

Conas a dhéantar tagairt don alt seo?

Saintréith de chuid scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain is ea an idirthéacsúlacht. Is i dtaca leis an úrscéal Cré na Cille (1949) is mó a luaitear í, agus ina staidéar ceannródaíoch Carnabhal na Marbh (2023), cuireann Radvan Markus ‘an íoróin idirthéacsúil’, coincheap de chuid Umberto Eco (2004), i bhfeidhm chun tábhacht na dtagairtí idirthéacsúla atá san úrscéal a mhíniú. Ligeann an íoróin idirthéacsúil don léitheoir atá fiosrach an téacs a léamh ar bhealach úr trí snáitheanna na dtagairtí difriúla a cheangal le chéile.

Ní d’aon iarraidh a tháinig an teicníc seo chun cinn i scríbhneoireacht Uí Chadhain. San alt seo, déantar athbhreithniú criticiúil ar ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ ón gcéad chnuasach leis an gCadhnach, Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939). Léirítear féidearthachtaí léirmhínithe nua don scéal trí leas a bhaint as lionsa criticiúil na híoróine idirthéacsúla. Déantar an anailís seo i bhfianaise na n-athruithe móra atá tagtha ar an gcultúr agus ar nósanna léitheoireachta ón am ar foilsíodh an scéal, agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar luathshaothar Uí Chadhain atá ar siúl le blianta anuas. Mar a deir Eco, ‘Intertextual irony calls together the happy few—except that the more there are of these happy few, the happier they will be’ (2004: 228). Sin é is aidhm don anailís seo.

Ag díriú ar thagairtí don amhránaíocht thraidisiúnta, féachtar as an nua ar an gcomparáid idir ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ agus ‘Bríd na nAmhrán’ le Pádraig Mac Piarais. Ansin, nochtar tagairt idirthéacsúil in ‘Fóide’ nár aithin criticeoir ar bith go dtí seo, rud a chuireann cor nua i seanmheafar Oisín atá lárnach sa gcarachtracht. Aithnítear ceangail eile leis na scéalta ‘Tnúthán an Dúchais’ agus ‘Críonadh na Slaite’ ón gcéad chnuasach eile leis, An Braon Broghach (1948), a léiríonn gur lúb thábhachtach é ‘Fóide Cnapánacha Carracha Uachtar an Bhaile’ i slabhra samhlaíoch an Chadhnaigh. Faoi dheireadh, áitítear gurb é ‘Fóide’ an léiriú is luaithe dá bhfuil ina shaothar ar smaointe i leith an díláithrithe chultúir a thiocfadh chun buaice san ‘ólagón Duileargúil’ sa léacht cháiliúil ‘Béaloideas’ a thug sé i mí Feabhra 1950.

Údar:
Chris McCann

Teagmháil:

christopher.mccann@ollscoilnagaillimhe.ie

Beathaisnéis:

Is Comhalta Iardhochtúireachta é Chris McCann i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Is de bhunadh Perth na hAstráile é. Ar na hábhair thaighde is spéis leis, tá an ceangal idir an ceol agus an litríocht, an béaloideas, an amhránaíocht thraidisiúnta, agus litríocht Ghaeilge an fichiú haois. Tá spéis ar leith aige i saothar Mháirtín Uí Chadhain, agus is é is teideal dá thionscadal taighde reatha ná ‘Ag seinm a rúnphort: an ceol, an damhsa agus an amhránaíocht i saothar Mháirtín Uí Chadhain’. Tá an taighde seo á mhaoiniú ag Taighde Éireann.

Scaip an t-alt seo: